Brollach & Glossary
Paul Reid, An Príomhfheidhmeannach
Brollach
Príomhdhoiciméad beartais chorparáidigh is ea Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall ina leagtar síos an straitéis fhoriomlán i dtaobh phleanáil chuí agus fhorbairt inbhuanaithe ár gcontae don tréimhse 2017 – 2023 agus ina dhiaidh sin.
Le bliain anuas, bhí an Rannóg Pleanála, ag obair di i gcomhpháirt le Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Fhine Gall, i mbun oibre ag ullmhú Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 - 2023 d'fhonn straitéis a sholáthar lena n-áiritheofar go mbeidh Fine Gall chun tosaigh i dtréimhse ina ndealraíonn sé go bhfuil téarnamh geilleagrach as an nua ar bun, tar éis na géarchéime airgeadais domhanda a chuaigh i gcion orainn go léir le 8 mbliana anuas. Tá cuid mhór de na tréithe ag Fine Gall trínar féidir giaráil a dhéanamh ar na táscairí eacnamaíocha atá dearfach ar bhonn comhsheasmhach. Is anseo atá ceann de na pobail is óige, is mó a bhfuil borradh faoi, is fearr ó thaobh leibhéal oideachais agus is éagsúla ar fud na hÉireann. Tacaíonn an straitéis atá againn le cruthú post, fiontraíocht, turasóireacht, tithíocht, bonneagar fisiciúil agus sóisialta, comhshaol folláin agus pobail inbhuanaithe. I mbeagán focal, is mian linn go mba Fhine Gall an áit in Éirinn ar mhaith le daoine maireachtáil agus a bheith ag obair ann, cuairt a thabhairt air agus a bheith i mbun gnó ann. Agus an chéad Phlean Forbartha Contae eile á chur i dtoll a chéile, tá an-deis againn ár n-uaillmhian ina leith sin a chur i láthair.
Is maith an staid ina bhfuil Fine Gall i dtaobh tithíocht a sholáthar, ós rud é go bhfuil tailte leordhóthanacha ann atá criosaithe mar limistéar cónaithe. Tá sé ina chuspóir ag Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall líon leordhóthanach aonad tithíochta ardchaighdeáin a sholáthar, ar scála cuí agus ina mbeidh meascán cuí cineálacha teaghaisí, a bheidh suite sna háiteanna is fearr a oireann dóibh agus a bheidh ag teacht le bonneagar, seirbhísí agus taitneamhachtaí cuí thar ré an Phlean agus níos faide anonn. Beidh Sord agus Baile Bhlainséir, na lárionaid uirbeacha is mó i bhFine Gall, fós ar phríomhlimistéir forbartha an Chontae i rith ré an Phlean seo, agus tá Dún Sinche agus Halla an Leasáin sainaitheanta mar limistéir forbartha straitéisí ina bhféadfaí ceantair uirbeacha nua úsáide measctha a chothú, a bheidh inbhuanaithe, beoga agus tarraingteach agus a mbeidh naisc mhaithe idir iad agus áiteanna eile.
Tá saintréithe éagsúla ag an gContae a chuimsíonn idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe, an cósta, gleannta abhann agus limistéir ardtalún. Aithnítear sa Dréachtphlean an tábhacht a bhaineann le hoidhreacht nádúrtha an Chontae agus oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta Fhine Gall a shainaithint, meas a léiriú orthu agus iad a choimeád slán do ghlúine a thiocfaidh inár ndiaidh, trí bhainistiú cuí agus feabhsú íogair a dhéanamh ar na tréithe uathúla sin.
Leagtar amach i nDréachtphlean Forbartha Fhine Gall an fhís straitéiseach i dtaobh spáis agus an treo don todhchaí i leith an chontae thar thréimhse sé bliana ó 2017 go dtí 2023. Agus an méid sin á fhorbairt againn, beimid ag tógáil ar an méid atá bainte amach againn cheana féin agus ar na buntáistí straitéiseacha atá ag an gcontae seo. Bainfimid lántairbhe as na láidreachtaí atá ag ár gcuid saoránach, ár bpobail, ár n-oidhreacht thógtha agus ár n-oidhreacht nádúrtha, ár mbonneagar agus as an turasóireacht.
Tá Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 ullamh anois i gcomhair comhairliúchán poiblí agus spreagaimid gach saoránach, gach pobal, gach gnólacht agus gach páirtí leasmhar chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas agus todhchaí bhur gContae á cinneadh.
Táimid ag tnúth lena chloisteáil uaibh agus is mór againn an pháirt a ghlacfaidh sibh sa chéim seo do dhéanamh an Dréachtphlean Forbartha Contae nua dár gcuid.
Paul Reid
An Príomhfheidhmeannach
Buíochas
Is iad na baill foirne seo a leanas a d'ullmhaigh Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 - 2023, faoi stiúir AnnMarie Farrelly, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh:
Foireann an Phlean Forbartha
Matthew McAleese, Pleanálaí Sinsearach; Harry McLauchlan, Róisín Burke, Pleanálaithe Feidhmiúcháin Sinsearacha; Sarah Ryan, Phillippa Joyce, Carol Hurley, Imelda Hickey, Pleanálaithe Feidhmiúcháin; Kevin Mooney, Yolande McMahon, Pleanálaithe Cúnta.
An Fhoireann Oidhreachta / Chomhshaoil
An Dr Gerry Clabby, Oifigeach Oidhreachta; Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlaíochta; Helena Bergin, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta; Christine Baker, Seandálaí Comhairleach.
Foireann na hOifige Líníochta
Stephen Gaughran, Príomhtheicneoir; Patrick Murphy, Teicneoir Feidhmiúcháin Sinsearach; Ciaran Corrigan, Noel Mullen, Susanne McMahon, Teicneoirí Feidhmiúcháin; Carl Jordan, Aoibhann Byrne, Aidan Kelly, Teicneoirí (Grád 1).
An Fhoireann Riaracháin
Philip Long, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach; Caroline Kelly, Oifigeach Riaracháin; Christine Bedford, Oifigeach Foirne; Sandra Hanratty, Niall McCoitir, Oifigigh Chúnta Foirne; Linda Fanning, Eileen McCullough, Collette McNally, Oifigigh Chléireachais.
Foireann na Straitéise Tithíochta
Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail; Mary Egan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach.
Ionchur Breise
Gilbert Power, Stiúrthóir Seirbhísí Uisce agus Seirbhísí Comhshaoil; Ed Hearne, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar agus Turasóireachta; Fionnuala May, An tAiltire Contae; Foireann Pleanála Limistéar Bhaile Bhlainséir, Foireann Pleanála Limistéar Bhinn Éadair / Mhullach Idé, Foireann Pleanála Limistéar Thuaisceart an Chontae, Dominic Byrne, Ceann Cúnta TF; Hazel Farley, Anailísí Córas; Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirceanna; Jim Cleary, Brendan Colgan, Gary O’Brien, Innealtóirí Sinsearacha; Sean McGrath, Fergus Finch, Innealtóirí Feidhmiúcháin Sinsearacha; Brendan Fleming, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach.
Dearadh de chuid Resonate Design. Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Measúnacht Chuí agus Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte curtha i gcrích ag RPS.
Gluais
A | |
---|---|
ABU |
Aonad Bainistíochta Uisce |
ACPIF |
Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt |
ADR |
Anaclann Dúlra Reachtúil |
AE |
An tAontas Eorpach |
AÉFS |
Anailís ar an Éileamh ar Fhuinneamh Spásúil |
AILG |
Association of Irish Local Government |
An POS |
An Phríomh-Oifig Staidrimh |
B |
|
BFO |
Bord Fiontraíochta agus Oiliúna |
BG |
Bus Gasta |
BG |
Bonneagar Glas |
BIM |
Bord Iascaigh Mhara |
BNE |
Beartas Náisiúnta Eitlíochta d'Éirinn |
BRE |
Building Research Establishment (An Ríocht Aontaithe) |
BTC |
Bogach Tógtha Comhtháite |
C |
|
CÁ |
Cuspóir Áitiúil |
CAO |
Ceantar Abhantraí an Oirthir |
CB |
Caighdeáin na Breataine |
CBCC |
Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach |
CBS |
Coiste um Beartais Straitéiseacha |
CCBÁC |
Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath |
CCSGP |
An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail |
CCTULS |
Clár na Creat-Treorach Uisce de Limistéir Chosanta |
CD |
Coibhéis Daonra |
CDIb |
Córais Draenála Inbhuanaithe |
CEDRA |
Coimisiún um Fhorbairt Eacnamaíoch na gCeantar Tuaithe |
CER |
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh |
CFPÁ |
Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil |
CFRO |
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí an Oirthir |
CFS |
Crios Forbartha Straitéisí |
CFU |
Cóireáil Fuíolluisce |
CIC |
Clár Infheistíochta Caipitil |
CLA |
Poist Choibhéiseacha Lánaimseartha |
ClFPÁ |
Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil |
CNP |
An Creat Náisiúnta Pleanála |
CSP |
Crios Sábháilteachta Poiblí |
CTÉ |
Cumhacht is Teas in Éineacht |
Cuspóirí SICRU |
Cuspóirí atá Sonrach, Intomhaiste, Insannta, Réalaíoch, Uainithe |
D |
|
DAA |
Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath |
DAHG |
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta |
DART |
Mearlíne Bhaile Átha Cliath/Dublin Area Rapid Transport |
DCENR |
An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha |
DJEI |
An Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta |
DJEI |
An Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta |
DLR |
Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin |
DMCBÁC |
Draenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath |
DoECLG |
An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil |
DoEHLG |
An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil |
DRAQMP |
Plean Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i mBaile Átha Cliath |
DSP |
An Roinn Coimirce Sóisialaí |
DTLL |
Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach |
DTTAS |
An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt |
E |
|
ECFE |
An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta |
ECFRAMS |
Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí an Oirthir |
EI |
Fiontraíocht Éireann |
EMRA |
Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre |
ENR |
Eagraíocht Neamhrialtasach |
ESRI |
An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta |
F |
|
FBM |
Fiontar Beag agus Meanmhéide |
FBS |
Forbairt Bonneagair Straitéisigh |
FCC |
Comhairle Contae Fhine Gall |
FCN |
Líonra Pobail Fhine Gall (LRP) |
FCVF |
Fóram Pobail agus Deonach Fhine Gall |
FEMFRAMS |
Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí |
FLanna |
Feithiclí Leictreacha |
FSS |
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte |
FV |
Fótavoltachas |
G |
|
GCC |
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil |
GCT |
Gáis Cheaptha Teasa |
GDSDS |
Staidéar Straitéiseach ar Dhraenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath |
GNBS |
An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní |
H |
|
HDA |
Measúnacht faoin Treoir maidir le Gnáthóga (féach freisin MO agus RTN) |
HGV |
Feithicil Earraí Troma |
HSA |
An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta |
I |
|
I.R. |
Ionstraim Reachtúil |
ICFU |
Ionad Cóireála Fuíolluisce |
ICPSS |
Staidéar Straitéise um Chosaint Cósta na hÉireann |
ICU |
Ionad Cóireála Uisce |
IDE |
Infheistíocht Dhíreach Eachtrach |
IPCC |
An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide |
ITB |
Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir |
L |
|
LCA |
Limistéar Caomhantais Ailtireachta |
LCaSanna |
Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta |
LCoS |
Limistéar faoi Chosaint Speisialta |
LDBSU |
Lámhleabhar Deartha do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha |
LGE |
Limistéar Gníomhaíochta Eacnamaíche |
LON |
Limistéar Oidhreachta Nádúrtha |
LONb |
Limistéir Oidhreachta Nádúrtha Bheartaithe |
LRP |
Líonra Rannpháirtíochta Poiblí |
M |
|
MAN |
Líonraí Achar Cathrach |
MC |
Measúnacht Chuí (féach freisin HDA agus MTN) |
MCBÁC |
Mórcheantar Bhaile Átha Cliath |
ML |
Meigilítear |
MLB |
Mórlána Bus |
MSBT |
Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte |
MST |
Measúnacht ar Shainghné an Tírdhreacha |
MST |
Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta |
MTT |
Measúnacht Tionchair Timpeallachta |
NPWS |
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra |
N |
|
NTA |
An tÚdarás Náisiúnta Iompair |
O |
|
OAU |
Ollachar Urláir |
OBL |
Oll-Bhreisluach |
OFA |
Oifig Fiontair Áitiúil |
OLSÁ |
Ordú um Limistéar Saináise |
OOP |
Oifig na nOibreacha Poiblí |
OTI |
Olltáirgeacht Intíre |
OTN |
Olltáirgeacht Náisiúnta |
P |
|
PÁEP |
Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail |
PGNEF |
An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh |
PGP |
Plean Gníomhaíochta do Phoist |
PLA |
Plean Limistéir Áitiúil |
PNB |
An Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta |
PNÉFI |
An Plean Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh In-athnuaite |
PSSU |
Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Uisce |
R |
|
REPS |
An Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe |
RFF |
Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh |
RTN |
Ráiteas Tionchair Natura (féach freisin MO agus HDA) |
RTT |
Ráiteas Tionchair Timpeallachta |
S |
|
SCC |
An Scéim Cóiríochta Cíosa |
SDCC |
Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas |
SFU |
Scaoileadh Fuíolluisce |
SGÉ |
Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann |
SIU |
An tAonad um Chuimsiú Sóisialta |
SMS |
Bealach Rothaíochta Chill Fhiontainn-Mhullach Íde-Shoird |
SNS |
An Straitéis Náisiúnta Spásúil |
SQ M |
Méadair Chearnacha |
SRSE |
Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch |
SWRR |
Cuarbhóthar Thiar Shoird |
T |
|
T&F |
Taighde agus Forbairt |
TDC |
Taifead ar Dhéanmhais Chosanta |
TF |
Tearmann Fána |
TFC |
Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide |
TII |
Bonneagar Iompair Éireann |
Tithíocht S&I |
Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne |
TPR |
Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí |
TSÁ |
Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna |
TTS |
Tréithriú Tírdhreacha Stairiúil |
TUD |
Technological University of Dublin |
Ú |
|
ÚFT |
An tÚdarás Forbartha Tionscail |
U |
|
UNISDR |
Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí |
W |
|
WFD |
An Chreat-Treoir Uisce |