Caibidil 4: Fine Gall Uirbeach

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

4.1 Cúlra

Tá Fine Gall deighilte i gCeantar Cathrach agus Cúltír de réir Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010-2022 (TPRanna). Míníonn an deighilt seo, a bhfuil mionchur síos uirthi sa Phríomhstraitéis agus sa Straitéis Lonnaíochta (Caibidil 2), ar bhonn straitéiseach, conas a fhorbrófar ár mbailte agus sráidbhailte le linn shaolré an Phlean. Soláthraíonn an chaibidil seo cur síos níos cuimsithí ar na lonnaíochtaí ar leith a chuimsíonn Fine Gall Uirbeach, lena n-áirítear ár mbailte is mó, ceantair uirbeacha agus roinnt mhaith dár sráidbhailtí. Mar chuid de chur síos gearr ar na lonnaíochtaí, soláthraíonn an chaibidil straitéis forbartha do gach ceann, chomh maith le Cuspóirí Sonracha gaolmhara, más bainteach. Forbrófar na lonnaíochtaí agus na pobail ar leith de réír a straitéisí agus a gcuspóirí forbartha féin faoi réir na bprionsabal Chomhfhorbairt Áite a leagadh síos i gCaibidil 3 den Dréachtphlean.

 

Trí thagairt do na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí (TPRanna) agus an Straitéis Lonnaíochta, tá na bailte agus na sráidbhailte sonraithe thíos de réir a n-ainmniú agus a bhfeidhm TPR go ginearálta, ag tosú le Limistéir Chathrach (Sord, Baile Bhlainséir, Mullach Íde, Port Mearnóg, Binn Éadair, Cill Fhionntain, Baile Dúill, Baile Ghrífín & Belcamp, Seantrabh, Baile an tSiarlaigh & Baile Maidheac, Domhnach Bat agus Port Reachrann). Ina dhiaidh sin ainmneofar na bailte agus na sráidbhailte atá suite sa Limistéar Cúltíre (Baile Brigín, an Ros, Lusca, na Sceirí, Baile an Ridire agus Loch Sionnaigh). Beidh trácht i gCaibidil 5 ar shráidbhailte tuaithe eile atá criosaithe d'úsáid talún ST: An Tuath i bhFine Gall, mar chuid d'ordlathas lonnaíocht tuaithe foriomlán.

 

Tá cuspóirí curtha ar fáil ina n-ainmnítear suíomhanna a dteastaíonn Pleananna Limistéir Áitiúla (PLÁ) agus Máistirphleananna uathu i roinnt mhaith ceantar uirbeach. Ag seo thíos sonraí cuimsitheacha ar na PLÁ agus na Máistirphleananna seo. De réir chuspóirí CA07 and CA08 (Caibidil 3, Comhfhorbairt Áite déanfaidh an tÚdarás Pleanála na PLÁ agus na Máistirphleananna do na tailte seo a réiteach agus a fhaomhadh sula gcuirfear iarratas pleanála isteach. Beidh soláthar sna PLÁ agus sna Máistirphleananna d'fhorbairt chéimnithe na dtailte ábhair mar is cuí.

4.2 Ceantar na CathrachArea

SORD

Aithnítear Sord, príomhcheantar riaracháin an chontae, mar Bhaile Comhdhlúthaithe den Chathair sna TPRanna agus mar ‘Lár Bhaile Mhóir/Baile Contae’ Leibhéal 2 sa Straitéis Mhiondíola do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá naisc dhíreacha ag an mbaile leis an líonra bóithre náisiúnta [M1 agus M50] agus tá sé suite ar chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath/Béal Feirste atá ina príomhchonair iompair náisiúnta de chuid na Straitéise Náisiúnta Spásúla. Tá Sord suite in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath, atá mar phríomhthairseach ar an Tír. Tá sé suite ag cumar aibhneacha an Bharda agus an Ghabhla ag ceann Inbhear Mhullach Íde nó an Mhóinéir Leathain, atá ina Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS) agus ina Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LChaS). Nascfar Sord le Cathair Bhaile Átha Cliath via Aerfort Bhaile Átha Cliath tríd an Meitreo Thuaidh nua atá molta. San fhadtréimhse, tá sé i gceist go bhfásfaidh Sord as cuimse, agus tá daonra suas le 100,000 á thuar ann. D'fhoilsigh an Chomhairle straitéis forbartha fadtéarmach do Shord sa bhliain 2008 dar teideal Sord Seo Agaibhse Cathair Á Nochtadh Fís Straitéiseach 2035 inar sonraíodh an fhís mar seo a leanas:

‘Chun forbairt inbhuanaithe Bhaile Shoird a chur chun cinn agus a éascú ionas go mbeidh sé ina mhórbhaile beoga comhdhlúthaithe le geilleagar rathúil; líonra comhtháite iompair phoiblí; timpeallacht thógtha tharraingteach inrochtana a bhfuil caighdeáin rí-ard tithíochta, fostaíochta, seirbhísí agus áiseanna fóillíochta is pobail le sonrú uirthi.’

Cuirfidh an Plean tailte i Halla an Leasáin chun cinn freisin trí réiteach Plean Limistéir Áitiúil chun freastal ar fhorbairt straitéiseach níos fadtéarmaí don limistéar agus do Shord mar is gá. Tá sé i gceist, faoi réir feabhsuithe bonneagair, go bhféadfaí san fhadtréimhse an limistéar seo a chuir in oiriúint d'fhorbairt dúiche uirbí pleanáilte, inbhuanaithe le húsáidí measctha a fhreastalódh ar leibhéal suntasach d'fhostaíocht agus d'fhorbraíocht chónaithe.

County Hall, Swords

Straitéis Forbartha

Is í aidhm na Straitéise Forbartha ná forbairt phleanáilte agus inbhuanaithe Shoird a chur chun cinn mar so a leanas:

  • Comhdhlúthaigh forbairt an lae inniu agus na todhchaí laistigh de theorainneacha baile soiléire atá deighilte ón gcúltír thalmhaíochta trí cheantair chreasa ghlais ainmnithe./span>
  • Déan soláthar do bhunáit i bhfad níos leithne fostaíochta, miondíola, tráchtála, oideachais, cathartha agus cultúrtha.

     

  • Forbair naisc iompar poiblí d'ardchaighdeán le Cathair Bhaile Átha Cliath, Aerfort Bhaile Átha Cliath agus mórcheantar Bhaile Átha Cliath, le béim ar leith ar an Meitreo Thuaidh nua atá molta.

  • Dírigh ar agus éascaigh úsáidí a n-eascróidh déantúsaíocht ardteicneolaíochta, sofaisticiúil, chomh maith le fostaíocht ard-dhéine eile uathu, agus ar úsáidí a n-eascróidh soláthar seirbhísí uathu.

  • Cuir soláthar timpeallachtaí maireachtála agus fostaíochta d'ardchaighdeán chun cinn.

  • Forbair Sord, san fhadtréimhse, de réir Sord Seo Agaibhse Cathair Á Nochtadh Fís Straitéiseach 2035. Braitheann an Fhís Straitéiseach seo ar an Meitreo Thuaidh nua atá molta do Shord.

  • Cuir tailte i Halla an Leasáin chun cinn mar limistéar straitéiseach níos fadtéarmaí, is é sin, mar dhúiche uirbeach d'úsáid mheasctha a sholáthróidh leibhéal suntasach fostaíochta agus forbraíochta cónaithe.

Cuspóirí Phlean Forbartha Shoird


Cuspóir SHOIRD 1

Spreag réimse seirbhísí d'ardchaighdeán i dtaca le cúrsaí miondíola, tráchtála, cathartha, cultúrtha, fóillíochta agus pobail atá ar aon dul le ról lárbhaile Shoird mar Bhaile Comhdhlúthaithe den Chathair.


Cuspóir SHOIRD 2

Coimeád an Phríomhshráid mar chroílár an bhaile, cosain agus feabhsaigh a sainghnéithe agus cinntigh i gcás aon fhorbraíochta nua tráchtála nó miondíola amach anseo, go neartaíonn siad ról na príomhshráide mar chroílár an bhaile trí fhorbairt úsáidí gníomhacha urláir thalún agus trí theorainn a chur le méadú éadanas sráide neamh-mhiondíola agus díomhaoin, a chuimsíonn institiúidí airgeadais, siopaí geallghlacadóirí, tithe tábhairne agus bialanna beir leat/ionaid mhearbhia.


Cuspóir SHOIRD 3

Cuir sainiúlacht lár an bhaile chun cinn agus feabhsaigh é trí sholáthar Mháistirphlean Ailtireachta Cheathrú Chultúrtha Chaisleán Shoird, lena n-áirítear forbairt Ionad Chathartha agus Chultúrtha Shoird agus soláthar an phlean chaomhnaithe do Chaisleán Shoird, a chinnteoidh cosaint, caomhnú agus feabhsú chroílár stairiúil Shoird


Cuspóir SHOIRD 4

Déan forbairt tailte laistigh de lár bhaile Shoird a chur chun cinn de réir na bprionsabal agus na dtreoracha atá leagtha síos i Máistirphlean Shoird (Eanáir 2009).


Cuspóir SHOIRD 5

Tacaigh go gníomhach le forbairt luath an Mheitreo Thuaidh nua atá molta, a nascfaidh Sord le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus lár Chathair Bhaile Átha Cliath, agus cuir chun cinn é.


Cuspóir SHOIRD 6

Tabhair tús áite do thógáil luath an bhonneagair ríthábhachtaigh seo a leanas:

  • Bóthar Dáileacháin an Iarthair;

  • Nascbhóthar Fosterstown;

  • An 'nasc Glas' thar Ghleann Abhainn an Bharda;

  • Nascbhóthar an Ghoirt Aird;

  • An dá bhóthar nua (lena n-áirítear na hAscaillí Iarthar agus Oirthear de réir an Phlean Limistéir Áitiúil a nglacadh leis do Pháirc an Bharraigh) a théann tríd MC Pháirc an Bharraigh agus na tailte in aici léi atá criosaithe d'ardteicneolaíocht (nascann na bóithre seo an R132 agus Nascbhóthar Thaobh an Aerfoirt - Draighneán leis an deisceart); agus

  • Forbair Páirc Réigiúnach (de thart ar 65 heicteár) díreach laistiar den Seanbhaile agus taobh le Páirc Líneach Ghleann Abhainn an Ghabhla, a shíneoidh chomh fada léi ar deireadh, chun freastal ar Shord agus a chúltír, agus a mbeidh imeachtaí gníomhacha fóillíochta agus imeachtaí éighníomhacha ar fáil inti, ar aon dul le fís na Comhairle do chathair Shoird atá á nochtadh, agus déanfar Scagthástáil um Mheasúnacht Chuí ar an moladh, go háirithe maidir le tionchair charnacha na rochtana méadaithe ar Shuíomhanna Eorpacha.


Cuspóir SHOIRD 7

Déan forbairt Shoird mar mhol iompair ilmhodhúil a chur chun cinn.


Cuspóir SHOIRD 8

Réitigh Straitéis Bainistíocht Tráchta Comhtháite ar aon uain le forbairt straitéis réimse phoiblí do lár bhaile Shoird, agus cuir i bhfeidhm í.


Cuspóir SHOIRD 9

Cothabháil acmhainn feidhme Sheachród Shoird, an R132.


Cuspóir SHOIRD 10

Déan forbairt luath seirbhís bhus a chur chun cinn ar fud lárbhaile Shoird a nascfaidh ceantair chónaithe lena chéile, le stadanna Meitreo, le lár an bhaile agus le ceantair thionscail/fostaíochta.


Cuspóir SHOIRD 11

Déan soláthar do líonra cuimsitheach bealaí siúil agus rothaíochta a nascfaidh tithíocht le ceantair thráchtála, le lár an bhaile agus le stadanna Meitreo, agus a nascfaidh an trí limistéar uisce (Gleann Abhainn an Bharda, Gleann Abhainn an Ghabhla agus an tInbhear) lena chéile faoi réir Scagthástála um Mheasúnacht Chuí más gá.


Cuspóir SHOIRD 12

Forbair ‘muince ghlas’ de spásanna oscailte a bheidh nasctha lena chéile, le lárbhaile Shoird agus le ceantair forbartha nua, agus a fheabhsóidh ar an mbealach seo naisc fisiciúla agus físiúla le Gleann Abhainn an Bharda agus le Gleann Abhainn an Ghabhla ón taobh abhus de theorainn forbartha Shoird.


Cuspóir SHOIRD 13

Éascaigh forbairt Chuarbhóthar an Iarthar Shoird (SWRR) a nascann an R132 (lastoir den M1 agus lastuaidh d'acomhal Dhroichead Halla an Leasáin) leis an N2 trí líonra bóithre 'Bhosca Aerfort Bhaile Átha Cliath’


Cuspóir SHOIRD 14

Réitigh Straitéis Tírdhreacha agus Fóillíochta do Pháirc Ghleann Abhainn an Ghabhla. Éascóidh an Straitéis méadú pleanáilte na Páirce chomh fada leis an bPáirc Réigiúnach atá molta agus déanfaidh sí soláthar do nascacht bhainistithe le hInbhear an Mhóinéir Leathain. Beidh ar an Straitéis fadhbanna a réiteach chun maoirseacht éighníomhach, inrochtaine agus tréscoilteacht na páirce a fheabhsú, agus chun níos mó áiseanna agus saoráidí fóillíochta a fhorbairt i bPáirc Abhainn an Ghabhla, a mbeidh an chuid is mó acu gníomhach agus méid áirithe éighníomhach


Cuspóir SHOIRD 15

Forbair bealach isteach cuí chuig Gleann Abhainn an Bharda ó bhaile Shoird ionas gur féidir le muintir Shoird rochtain shaor, éasca a fháil ar áiseanna an ghleanna.


Cuspóir SHOIRD 16

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach do thailte a ainmníodh mar Limistéar Staidéir Straitéisigh Thaobh an Aerfoirt a chuimseoidh breithiúnas geilleagrach chun críche lánacmhainneacht Thaobh an Aerfoirt a bhaint amach.


Cuspóir SHOIRD 17

Cosain agus caomhnaigh croílár stairiúil Shoird lena n-áirítear an Crios Acmhainneacht Seandálaíochta i lár an bhaile, agus déan Máistirphlean Ailtireachta Cheathrú Chultúrtha Chaisleán Shoird a chur i bhfeidhm.


Cuspóir SHOIRD 18

Réitigh Straitéis Tírdhreacha agus Fóillíochta do Ghleann Abhainn an Bharda chun a mhéadú pleanáilte i dtreo an iarthair a éascú, chun maoirseacht éighníomhach, inrochtaine agus tréscaoilteacht na páirce a fheabhsú, agus chun níos mó áiseanna agus saoráidí fóillíochta éighníomhacha agus gníomhacha a fhorbairt, a chuimseoidh staidéar féidearthachta maidir le forbraíocht Lochán an tSeanmhuilinn le haghaidh slatiascaireachta, lena n-áireofar soláthar dugaí slatiascaireachta chun an caitheamh aimsire sin a chur chun cinn.


Cuspóir SHOIRD 19

Cuir nasc coisithe ar fáil idir an siúlbhealach cois abhann laistiar den Phríomhshráid agus Sráid an Droichid; agus cuir athfhorbairt na gcúltíortha chun cinn atá suite feadh thaobh thiar na Príomhshráide in aice leis an siúlbhealach cois abhann chun éadanas tarraingteach a sholáthar, mar aon le leibhéal ard maoirseachta neamhfhoirmiúla ar an tsiúlóid.


Cuspóir SHOIRD 20

In ainneoin go bhfuil tógáil bóthar faoisimh molta i Sráidbhaile Shoird os cionn Abhainn an Bharda, ba chóir nach gcuirfí san áireamh, i gcás trasnaithe ar bith atá molta os cionn Ghleann Abhainn an Bharda in aice leis na heastáit, Gleann na hAbhann, Gleanntán an tSrutháin agus an Gort Ard, ach modhanna iompair phoiblí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, mar aon le bealaí rothaíochta agus siúil.


Cuspóir SHOIRD 21

Caomhnaigh na radharcanna breátha atá anois le feiceáil ó Shord ar an gCaisleán, an Eaglais agus an Cloigtheach; agus éascaigh radharcanna nua eile más féidir.


Cuspóir SHOIRD 22

Éascaigh forbairt áis Páirceála agus Taistil gearrthéarmaí ar thailte i gcóngaracht don stad Meitreo atá molta do Fosterstown.


Cuspóir SHOIRD 23

Déan forbairt lárionad pobail i mBaile Breacáin, Sord, a chur chun cinn agus a éascú de réir riachtanas an lae inniu.


Cuspóir SHOIRD 24

Mar chuid de Phleananna Limistéir Áitiúla Halla an Leasáin, éascaigh agus déan cur chun cinn gníomhach ar sholáthar Stad Mheitreo Thuaidh do Halla an Leasáin, lena n-áireofar acmhainn láidir Páirceála agus Taistil, mar aon le háiseanna seirbhísí bus


Cuspóir SHOIRD 25

Éascaigh soláthar raon pumpála BMX i gceantar Shoird mar áis bhreise don phobal de réir dearadh spáis oscailte agus áiseanna fóillíochta a shásóidh riachtanais saindaonra, agus de réir na Straitéise Bonneagair Ghlais don Chontae atá ag teacht chun cinn.

Pleananna Limistéir Áitiúla agus Máistirphleananna


Cuspóir SHOIRD 26

Réitigh Plean Limistéir Áitiúil do thailte i Halla an Leasáin (féach Bileog Léarscáile Uimh. 8 PLÁ 8.A) chun freastal ar fhorbairt straitéiseach níos fadtéarmaí an limistéir mar dhúiche uirbeach phleanáilte, inbhuanaithe le húsáidí measctha, a bheidh comhtháite le Sord go fisiciúil agus go feidhmiúil.

  • Déanfaidh an Plean Limistéir Áitiúil measúnú agus socrú maidir le seicheamhú agus céimniú forbartha faoi réir sholáthar an bhonneagair riachtanaigh, an Mheitreo Thuaidh nua agus a mhéadú amach anseo.

  • Déanfaidh an Plean Limistéir Áitiúil measúnú agus socrú maidir le scála agus meascán cuí d'úsáide i dtaca le háiseanna fostaíochta, pobail chónaithe agus tacaíochta, agus miondíol.

  • Ní mór measúnú baol tuilte a dhéanamh ar an bPlean Limistéir Áitiúil chun déileáil le baol tuilte, beartais mhaolaithe a mholadh agus feidhmeanna talún cuí a shonrú.

  • Cuirfidh an Plean Limistéir Áitiúil truailliú a d'fhéadfadh eascairt as torann ón mbóthar, ó thraenacha nó ó thrácht mótarbhealaigh san áireamh agus cuirfidh sé beartais i bhfeidhm chun déileáil le cúiseanna míshásaimh do chónaitheoirí.


Cuspóir SHOIRD 27

Réitigh na Pleananna Limistéir Áitiúla agus na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

  • Plean Limistéir Áitiúil an tSeanbhaile / Baile na Móna (féach Bileog Léarscáile 8, PLÁ 8.C)

  • Plean Limistéir Áitiúil Halla an Leasáin Thoir (féach Bileog Léarscáile 8, PLÁ 8.B)

  • Máistirphlean an Inbhir Thiar / an Bhruaigh Naofa (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.A)

  • Máistirphlean an Inbhir Thoir (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.B)

  • Máistirphlean Bhaile na Trá (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.D)

  • Máistirphlean Pháirc an Bharraigh (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.E)

  • Máistirphlean Chaisleán na bPréachán (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.F)

  • Máistirphlean Fosterstown (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.G)

  • Máistirphlean Lána an Uisce (féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.C)

  • Máistirphlean Bhaile Breacáin (féach Bileog Léarscáile, MP 8.H)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i gcuid mhaith de na Príomhmháistirphleananna. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Máistirphlean an Inbhir Thiar / an Bhruaigh Naofa 

  • Cuirfear Ceantar Seirbhísí Áitiúla measctha ar fáil i lár na talún PG gar do Theach an Bhaile Nua agus don chnuasach crann aibí.
  • Déanfar measúnú baol tuilte ar na tailte chun déileáil le baol tuilte agus chun beartais mhaolaithe a mholadh.
  • Déan soláthar do mhéadú ar Pháirc Abhainn an Ghabhla idir Lána Jugback agus Bóthar Bhaile Anraí i dtaca leis an gcéad chéim d'fhorbairt na dtailte Máistirphlean.
  • Déan soláthar do bhealaí siúil agus rothaíochta sna tailte Máistirphlean (go háirithe ar shlí rochtana thiar - thoir a nascann na tailte ábhair le Stad Meitreo an Inbhir,  agus an Ceantar Seirbhíse Áitiúil atá molta sna tailte Máistirphlean le Coill na nÚll i dtreo an iarthair); feadh pháirc méadaithe Chois Abhann; agus feadh Lána Jugback.
  • Déan soláthar do choimeád agus do chosaint na gcnuasach crann aibí timpeall Theach an Bhaile Nua mar chuid den fhorbraíocht.
  • Léireoidh forbraíochtaí na todhchaí faobhar láidir uirbeach le hingearchlónna tarraingteacha a mbeidh aghaidh acu ar na suíomhanna seo a leanas, a mbeidh radharc uathu ar na bóithre sin agus a sholáthróidh leibhéal ard maoirseachta neamhfhoirmiúla dóibh: Bhóthar Bhaile Anraí (an chuid theas, laisteas den acomhal le Bóthar Glen Ellen); an nascbhóthar idir Ghráinseach an Chaisleáin agus Timpeallán an Inbhir; páirc leathnaithe Pháirc Abhainn an Ghabhla ó thuaidh agus Abhainn an Bharda a théann trí na tailte ábhair.
  • Ní cheadófar aon fhorbraíocht i bPáirc Bhaile Anraí go dtí go gcuirfear áiseanna fóillíochta den chineál céanna in áit na dtailte spáis oscailte laistigh den Pháirc Réigiúnach atá molta, ar an taobh thiar den bhaile.
  • Déan socrú chun foirgnimh a shuiteáil i suíomh tírdhreacha siar ó imeall Lána Jugback.
  • Forbair conair Abhainn an Bharda mar ‘dhromlach glas’ trí Pháirc Abhainn an Ghabhla.
  • Coimeád an balla cloiche feadh an R132.

Máistirphlean an Inbhir Thoir

  • Éascaigh bealach trí na tailte seo i gcomhair an Mheitreo Thuaidh nua atá molta, mar aon le caidreamh cuí sa suíomh seo leis an Meitreo Thuaidh nua atá molta.

  • Déan soláthar do bhealaí siúil agus rothaíochta sna tailte Máistirphlean (go háirithe, feadh aise thoir – thiar a nascann na tailte ábhair leis an stad Meitreo taobh leis an R132 agus le tailte Máistirphlean an Inbhir Thiar/Bruach na hAbhann in aice láimhe; agus freisin feadh pháirc abhainn mhéadaithe an Ghabhla agus feadh Ghleann Abhainn an Bharda).

  • Déanfar Measúnú Baol Tuilte cuimsitheach ar na tailte Máistirphlean.

Máistirphlean Bhaile na Trá

 
  • Léireoidh forbraíochtaí na todhchaí faobhar láidir uirbeach le hingearchlónna tarraingteacha a mbeidh aghaidh acu ar an R132 agus ar an mbóthar dáileacháin thoir-thiar a ritheann trí Pháirc Gnó Shoird, a mbeidh radharc uathu ar na bóithre sin agus a sholáthróidh leibhéal ard maoirseachta dóibh. neamhfhoirmiúla dóibh.

  • Déan soláthar do chaidreamh agus comhtháthú forbartha cuí leis an R132 agus leis an Meitreo Thuaidh nua sa suíomh seo.

  • Déan soláthar do nasc feithicle idir na tailte ábhair agus Bóthar Mhullach Íde.

  • Soláthróidh forbairt níos airde/dlúithe faobhar uirbeach ar leith taobh leis an R132 agus an bóthar dáileacháin thoir-thiar.

  • D'fhéadfadh go ndéanfar machnamh ar thithíocht teaghlaigh ísealdlúis feadh stráicí de na tailte seo ó thuaidh agus ó dheas taobh le forbraíochtaí cónaithe réamhbhunaithe.

  • Déan soláthar do chosaint áiseanna cónaithe na tithíochta réamhbhunaithe atá suite taobh leis na tailte ábhair, trí chur isteach físiúil, radharc anuas agus caitheamh scála, mar aon le trácht bhreise a laghdú.

  • Coimeád agus comhdhlúthaigh, oiread agus is féidir, na crainn agus na fálta sceach atá laistigh den Mháistirphlean agus ar a theorainneacha faoi láthair.

  • Forbair bealaí coisithe agus rothaíochta tarraingteacha, díreacha a bhfuil radharc anuas orthu, laistigh de na tailte ábhair, a nascfaidh na tailte seo leis an Meitreo Thuaidh nua; le lár bhaile Shoird, le Bóthar Bhaile na Trá agus le hInbhear Mhullach Íde.

  • Déan soláthar d'úsáidí agus do leagan amach cuí ar thailte taobh leis an M1.

Máistirphlean Pháirc an Bharraigh 

  • Déan soláthar d'fhorbairt ard-dlúis measctha d'ardchaighdeán, a fhreastalóidh ar nascacht idir thailte Lár an Bhaile Mhóir lastoir agus laistiar den R132, agus a éascóidh acomhal ilmhódhúil ag Stad Meitreo Shoird a cheadóidh soláthar bealaí siúil agus rothaíochta.

  • Cruthaigh naisc láidre idir Pháirc an Bharraigh agus Bruach na hAbhann.

  • Tógfar bóthar nua tríd an chuid thiar de na tailte ábhair, a nascfaidh an R123 amach anseo leis an Nascbhóthar Thaobh an Aerfoirt - Draighneán ó dheas atá molta.

  • Tógfar bóthar nua tríd an chuid thoir de na tailte ábhair, a cheanglóidh an R132 amach anseo le Nascbhóthar Thaobh an Aerfoirt – Draighneán via Bóthar Dhraighneáin.

Máistirphlean Chaisleán na bPréachán 

  • Forbair miondearadh bóithre do nascbhóthar Thaobh an Aerfoirt - Bóthar Fhaoldroma laistigh den chonair, agus cinntigh soláthar an bhóthair seo ar aon uain le/roimh fhorbairt na dtailte cónaithe agus ardteicneolaíochta atá taobh leis.

  • Cothaigh naisc láidre idir Pháirc an Bharraigh agus an Tobar Naofa.

  • Déan soláthar do pháirc líneach, lena n-áireofar Conair Straitéiseach Córas Draenála Inbhuanaithe agus Bainistiú Baol Tuilte thar na tailte seo a bheidh nasctha leis an spás oscailte atá sa Tobar Naofa faoi láthair.

Máistirphlean Fosterstown 

  • Soláthar do na feabhsuithe bóithre cuí, a chuimseoidh: tógáil Nascbhóthar Fosterstown; athrú cúrsa agus feabhsuithe ar Bhóthar na Foraoise agus feabhsuithe ar an R132 (Cnoc Pheannóg san áireamh) mar chuid d'fhorbairt chéimnithe na dtailte Máistirphlean.

  • Soláthar do nasc feithicle do na tailte tadhlacha ó thuaidh atá criosaithe mar thalamh LBM.

  • D'fhonn áiseanna cónaithe réamhbhunaithe a chosaint, má tá forbraíochtaí le bheith in aice le forbraíocht chónaithe réamhbhunaithe, cuirfear teorainn 2-3 stór le hairde a leithéid d'fhorbraíochtaí.

  • Léireoidh forbraíochtaí na todhchaí faobhar láidir uirbeach le hingearchlónna tarraingteacha a mbeidh aghaidh acu ar an R132, Bóthar na Foraoise agus Nascbhóthar Fosterstown, a mbeidh radharc uathu ar na bóithre sin agus a sholáthróidh leibhéal ard maoirseachta neamhfhoirmiúla dóibh.

  • Éascaigh bealach an Mheitreo Thuaidh nua atá molta, trí na tailte seo agus cothaigh caidreamh cuí leis an Meitreo Thuaidh sa suíomh seo.

  • Déanfar an sruthán a thrasnaíonn na tailte a chothabháil laistigh de chonair bhruachánach. Cuirfear an chuid is mó den spás oscailte poiblí ar fáil feadh an tsrutháin agus nascfar é leis an spás oscailte poiblí ata i mBoróimhe faoi láthair.

Máistirphlean Lána an Uisce 

  • Téigh i gcomhairle leis an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta maidir leis na hIonaid Seveso laisteas de na tailte ábhair mar chuid den phróiseas Máistirphlean.

Máistirphlean Bhaile Breacáin

  • Cosain sláine agus suíomh Theach Bhaile Breacáin atá ina dhéanmhas cosanta tábhachtach sa réigiún agus atá suite i dtailte a bhfuil criosú Go Leor Áiseanna orthu.

  • Cosain sainthírdhreach stairiúil na Diméine, go háirithe na sainghnéithe oibreacha uisce stairiúla, lena n-áirítear an Chanáil, an lochán mór, sruth-mhuilinn, damba agus loc-chomhlaí Mhuilinn Úctha feadh Abhainn an Bharda, an teach sistéil, agus ballaí coinneála an ghairdín shraithe.

  • Bí ag cuimhneamh ar a bhfuil de chrainn ar na tailte, iad siúd atá faoi chosaint Orduithe Caomhnaithe Crann san áireamh.

  • Sonraigh tailte fóillíochta/áiseanna sa cheantar, a chuimsíonn naisc idir na tailte agus an ceantar leathan, lena n-áirítear Gleann Abhainn an Bharda.

  • Déan an rogha bealaí atá molta maidir le Bóthar Dáileacháin an Iarthair a mheas.

  • Déan soláthar do thithíocht ísealdlúis amháin.

BAILE BHLAINSÉIR

Is é Baile Bhlainséir an t-ionad tráchtála agus cónaithe is mó i gCeantar Cathrach Fhine Gall, agus leanfar á chur chun cinn mar phríomhlonnaíocht uirbeach sa Chontae a sholáthraíonn seirbhísí miondíola, sóisialta, cultúrtha, fóillíochta agus riaracháin. Tá sé lonnaithe i suíomh áisiúil thart ar 7 gciliméadar ó lár Bhaile Átha Cliath; tá sé inrochtana ó Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an Tollán Calafoirt. Chomh maith le naisc láidre leis an líonra iarnróid náisiúnta, tá naisc láidre ag Baile Bhlainséir leis an líonra bóithre náisiúnta, is é sin, an M2, M3 agus an M50. Tá líonra maith bus agus rothaíochta sa cheantar. Chomh maith le bheith suite i ngiorracht d'OLSÁ Ghleann na Life, Páirc an Fhionnuisce agus an Chanáil Ríoga, mar aon leis an tuath máguaird, is timpeallacht fhabhrach é Baile Bhlainséir ó thaobh oibre agus cónaithe.

 

Laistigh dá theorainn forbartha tá lear mór ceantar suntasach a chuireann lena éagsúlacht agus beogacht. Is é atá i gcroílár an ionaid ná an sráidbhaile bunaidh atá suite taobh leis an ionad nuabhunaithe, a sholáthraíonn réimse leathan áiseanna miondíola, tráchtála, cultúrtha agus cónaithe. Lasmuigh den lár tá líon mór ceantar cónaithe lena n-áirítear na sráidbhailte ar leith Cluain Saileach, Caisleán Cnucha, Mullach Eadrad, Ongar agus Baile an Tirialaigh; mar aon le hionaid áitiúla ar scála níos lú a chuimsíonn Corr Dhubh, Baile an Hartaigh agus Radharc an Chnocáin. Tá Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath, ar mhéid thart ar 1500 heicteár, suite díreach lastuaidh den N2, agus tá sé ar cheann de na criosanna is mó dá leithéid sa tír. Cuireann sé fostaíocht ar fáil do thart ar 20,000 duine i dtimpeallacht gnó d'ardchaighdeán. Anuas air sin, tá campas tríú leibhéal suite laistigh de cheantar Bhaile
Bhlainséir a bhfuil nasc aige le hInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir (ITB), leis an gCampas Náisiúnta Spóirt agus leis an Ionad Náisiúnta Uisce, atá ar fad suite laistigh de cheantar Bhaile Bhlainséir. Laistoir de Bhaile Bhlainséir, tá na tailte ag Dún Sinche ainmnithe mar limistéar straitéiseach atá oiriúnach d'fhorbairt mheasctha níos faide anonn.

 

Blanchardstown Business

Straitéis Forbartha

Cuir forbairt phleanáilte agus inbhuanaithe Bhaile Bhlainséir ar aghaidh chun é a chur chun cinn mar ionad tábhachtach cónaithe, seirbhíse, fostaíochta, miondíola agus fóillíochta, trí na beartais thíos go sonrach:

 

  • Soláthar gníomhaíochta cathartha, cultúrtha, miondíola, tráchtála, cónaithe agus fostaíochta i mBaile Bhlainséir ag leibhéal atá oiriúnach do Bhaile Cathrach Comhdhlúthaithe.

  • Déan tailte i nDún Sinche a chur chun cinn mar limistéar straitéiseach atá oiriúnach d'fhorbairt mheasctha níos faide anonn.

Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir

 

Tá Baile Bhlainséir ainmnithe mar Bhaile Cathrach Comhdhlúthaithe faoi na TPRanna, agus mar 'Lár Baile Mhóir' Leibhéal 2 sa Straitéis Mhiondíola do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá an tIonad Siopadóireachta anois ar na príomhshuíomhanna miondíola i bhFine Gall agus Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, le níos mó ná 170,000 méadar cearnach de spás urláir mhiondíola. Freastalaítear ar réimse leathan úsáidí laistigh den Ionad Siopadóireachta agus timpeall air. Tá Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir ina ionad tráchtála tarraingteach a chuireann le lár an bhaile i dtreo an iarthair.

 

Straitéis Forbartha 

Déan forbairt phleanáilte agus inbhuanaithe Bhaile Bhlainséir a chur ar aghaidh chun é a chur chun cinn mar ionad tábhachtach cónaithe, seirbhíse, fostaíochta, miondíola agus fóillíochta, trí na beartais thíos go sonrach:

 
  • Comhdhlúthú Bhaile Bhlainséir mar phríomhionad i bhFine Gall trí chur chun cinn forbartha cónaithe, mar aon leis na húsáidí atá leagtha síos i dtaca le criosú Lár Baile Mhóir.

  • Feabhsú Shráidbhaile Bhaile Bhlainséir trí réiteach Plean do Chreat Uirbeach.

  • Cur chun cinn inmharthanacht an Ionaid Siopadóireachta san fhadthréimhse trí fhorbairt meascán úsáidí a spreagadh laistigh den Ionad Siopadóireachta.

  • Comhtháthú coisithe, rothaíochta agus feithicle Shráidbhaile Bhaile Bhlainséir leis an Ionad Siopadóireachta.

  • Suiteáil mol iompair phoiblí taobh leis an Ionad Siopadóireachta a mbeidh d'aidhm aige spleáchas daoine ar a gcarranna príobháideacha a laghdú.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile Bhlainséir

 

 


Cuspóir  BHAILE BHLAINSÉIR 1

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach do Bhaile Bhlainséir a threoróidh agus a thréithreoidh forbairt na todhchaí agus a chuimseoidh feabhsuithe ar shráíd-dreach agus timpeallacht an tsráidbhaile trí fhorbairt inlíonta cuí d'ardchaighdeán a chur i bhfeidhm nach ngabhfaidh thar thrí stór ar airde; coimeád an sráid-dreach stairiúil trí chinntiú go gcaomhnófar foirgnimh thraidisiúnta; feabhsaigh na leibhéil soilsithe phoiblí agus maoirseachta, agus soláthair spás poiblí lárnach.

 

Civic offices, Blanchardstown


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 2

 

Cuir Ionad Siopadóireachta agus Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir ar aghaidh mar chuid lárnach de chur chun cinn agus forbairt Chrios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 3

 

Déan comhdhlúthú agus dlús phríomhcheantar mhiondíola Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir a chur ar aghaidh mar ionad lárnach i bhFine Gall trí chur chun cinn forbartha cónaithe, chomh maith leis na húsáidí atá leagtha síos mar chuid de chriosú LBM.


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 4

Réitigh múnla bainistíocht tráchta do cheantar Bhaile Bhlainséir agus cuir chun cinn é.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 5

Spreag soláthar áiseanna síondíonacha, slána do pháirceáil rothar chun taisteal rothaíochta idir an Sráidbhaile agus an Ionad Siopadóireachta a ghríosú.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 6

Cuir  córas comhtháite bainistíocht páirceála don Ionad Siopadóireachta chun cinn a chuimseoidh páirceáil deighilte do chustaiméirí agus fostóirí.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 7

Tacaigh le soláthar an Mheitreo Thiar a nascfaidh Baile Bhlainséir le Tamhlacht i nDeisceart Bhaile Átha Cliath, agus leis an líne Meitreo Thuaidh nua i mBaile an Dairdis atá molta.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 8

Cuir comhtháthú coisithe, rothaíochta agus feithicle Shráidbhaile Bhaile Bhlainséir leis an Ionad Siopadóireachta chun cinn.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 9

Spreag agus tacaigh le soláthar áis tiomnaithe traenála i mBaile Bhlainséir.


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 10

Forbair agus cuir i bhfeidhm Spás Oscailte Cathartha Poiblí ar thaobh na pictiúrlainne/na leabharlainne in Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir.


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 11

Éascaigh soláthar luath scoil comhtháite agus áiseanna pobail/fóillíochta roimh ghlacadh le Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Uí Cheallaigh.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 12

Réitigh staidéar cuimsitheach ar an gcúlsoláthar talún straitéiseach i nDún Sinche. Cuimseofar sa staidéar mionanailís ar an mbonneagar fisiciúil a theastaíonn chun gur féidir lántairbhe a bhaint as na tailte. Déanfar iniúchadh sa staidéar ar na beartais mhaolaithe a d'fhéadfadh a bheith riachtanach chun déileáil le tionchar an iar-láithreáin líonadh talún ar an suíomh atá in aice leis.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 13

Déan forbairt mheasctha a chur ar fáil sna hionaid áitiúla, an Chorr Dhubh, Baile an Hartaigh agus Radharc an Chnocáin a bheidh ar aon dul le scála an ionaid aonair, lena n-áireofar aonaid chónaithe agus aonaid mhiondíola a fheabhsóidh seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail, agus a mbeidh sainghné chónaithe le sonrú orthu.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 14

Spreag agus éascaigh forbairt Ospidéal Uí Chonghaile agus a champas d'fhonn cúram sláinte agus taighde leighis a chur chun cinn, mar aon le háiseanna bainteacha a chuimsíonn an t-ionad satailíte d'Ospidéal na Leanaí atá molta, agus athlonnú Ospidéal Máithreachais an Rotunda.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 15

Éascaigh soláthar áiseanna spóirt agus an bhonneagair ábhartha a bhaineann leis an gCampas Náisiúnta Spóirt, lena n-áireofar forbairt chuí oifige, riaracháin, traenála agus cóiríochta, mar aon le forbairt bhainteach agus chúnta eile.

 

Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 16

Éascaigh forbairt leanúnach Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir agus méadú campais amach anseo.

 

Pleananna Limistéir Áitiúla agus Máistirphleananna


Cuspóir BHAILE BHLAINSÉIR 17

Réitigh na Pleananna Limistéir Áitiúla agus na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

 
  • Plean Limistéir Áitiúil Cherryhound (féach Bileog Léarscáile 12, PLÁ 12.A)

  • Plean Limistéir Áitiúil Chill Mhártain (féach Bileog Léarscáile 12, PLÁ 12.B)

  • Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Uí Cheallaigh (féach Bileog Léarscáile 13, PLÁ 13.C)

  • Plean Limistéir Áitiúil Chnoc an Sciobóil (féach Bileog Léarscáile 13, PLÁ 13.A)

  • Plean Limistéir Áitiúil Bhealach na Páirce Bhóthar na hUaimhe (féach Bileog Léarscáile 13, PLÁ 13.B)

  • Máistirphlean Chill Sheáin (féach Bileog Léarscáile 12, MP 12.A)
  • Máistirphlean Bhaile an Tirialaigh (féach Bileog Léarscáile 12, MP 12.B)

  • Máistirphlean Pháirc an Fhionnuisce (féach Bileog Léarscáile 13: MP 13.A)

  • Máistirphlean Sheanteach na Scoile (Baile an Phóirtéaraigh) (féach Bileog Léarscáile 13, MP 13.B)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i gcuid mhaith de na Pleananna Limistéir Áitiúla agus na Máistirphleananna. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Uí Cheallaigh

  • Soláthar do chlár a chuirfidh céimniú tógála i bhfeidhm maidir le forbairt chónaithe agus tráchtála ar aon uain le soláthar bonneagar iompair, fóillíochta, pobail agus oideachais.

  • Éascaigh forbairt stáisiún traenach nua ar an líne reatha Baile Átha Cliath-Má Nuad i mBaile an Phóirtéaraigh más gá.

  • Éascaigh athlonnú Chlub Peile Naomh Mochta go suíomh nua lastuaidh de Bhóthar Bhaile Lotrail. Cuirfear an suíomh nua seo ar fáil i dteannta le páirc phoiblí 8 heicteár atá molta.

  • Soláthair bealaí rochtana do choisithe agus rothaithe chuig na tailte ábhair ó cheantar Choill na hAbhann agus Bhaile an Chairpintéaraigh.

  • Cruthaigh páirc phoiblí chomharsanachta nua de 8 heicteár ar a laghad. Beidh an pháirc seo nasctha le Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh, Bóthar Bhaile an Lotrail agus Páirc na Feá trí áiseanna a bheidh tiomnaithe do choisithe agus rothaithe.

  • Cosain sainghnéithe agus suíomh Bhóthar Bhaile an Lotrail agus cuir in oiriúint é do choisithe agus rothaithe.

  • Cuir staidéar ar fáil ar na crainn, ar fhálta sceiche agus ar shaintréithe eile de luach bithéagsúlachta ar fiú iad a choimeád, agus soláthair clár i gcomhpháirtíocht le hOifigeach Bithéagsúlachta na Comhairle maidir le conas is féidir na saintréithe seo a chaomhnú nó a fheabhsú, agus conas is féidir luach bithéagsúlachta na Canála a choimeád nó a fheabhsú.

Plean Limistéir Áitiúil Chnoc an Sciobóil 

  • Beidh tógáil tithe ar na tailte seo ag brath ar sholáthar an bhóthair agus an droichid nua atá molta, thar an iarnród.

  • Cinntigh soláthar bealach rochtana do choisithe idir Bhaile an Bhearbóraigh/Cnoc an Sciobóil agus Limistéar Forbairt Straitéisí (LFS) Pháirc Hans trí uasbhealach nua coisithe a bheidh comhtháite leis an bhforbraíocht taobh leis, lena n-áireofar an stáisiún traenach nua atá molta i bPáirc Hans.

  • Beidh cur i bhfeidhm an Phlean Limistéir Áitiúil ag brath ar stáisiún traenach Pháirc Hans a bheith ar oscailt agus inrochtana, agus seirbhísithe ó thaobh traenacha de.

Bealach na Páirce Bhóthar na hUaimhe Plean Limistéir Áitiúil

  • Cosain an Bonneagar Draenála Réigiúnach a thrasnaíonn na tailte lastuaidh den N3, i gcás aon fhorbartha atá pleanáilte don todhchaí.

  • Déan soláthar do scéim chuimsitheach laghdú uisce dhromchla agus CDIb i gcomhair na dtailte Máistirphlean ina n-iomláine. Beidh seo comhtháite go hiomlán le socruithe draenála fhorbraíocht iar-ráschúrsa Pháirc an Fhionnuisce atá os comhair na dtailte.

  • Déan soláthar do locháin laghdú uisce dhromchla ar an láthair a fhorbrófar mar shaintréithe tídhreachtaithe d'ardchaighdeán sa suíomh.

  • Cinntigh go bhfuil ardchaighdeán deartha ag baint leis an bhforbraíocht nua a léireoidh an stádas sainchomhartha agus íogaireacht físiúil an tsuímh seo. Cuirfear radharcanna ar fáil ó thuaidh ar cheantar Dhún Sinche trí bhristeacha físiúla agus deighilt dhóthanach na bhfoirgneamh nua.

  • Déan soláthar do chéimniú cuimsitheach tógála maidir le forbraíocht sa Mháistirphlean ar aon uain le soláthar bonneagar iompair agus draenála.

  • Soláthair droichead coisithe trasna an N3 i suíomh cuí idir acomhal Ascaill Achadh na Gréine leis an N3, agus acomhal Bhealach na Páirce Bhóthar na hUaimhe.

  • Éascaigh bealach rochtana do choisithe ó fhearann Chlub Rugbaí Chúil Mhín trasna na Canála in aice le Stáisiún Traenach Bhealach na Páirce Bhóthar na hUaimhe.

Máistirphlean Sheanteach na Scoile  

  • Is é an aidhm a bheidh leis an bhforbairt a ndéantar soláthar di sna tailte Máistirphlean ná cosaint, caomhnú agus athfhorbairt Sheanteach na Scoile, atá ina dhéanmhas cosanta. Ba chóir go léireodh aon fhorbraíocht nua aird ar an déanmhas cosanta atá le coimeád.

  • Ní dhíolfar ná ní áiteofar aonad cónaithe nó tráchtála ar bith roimh athshlánú iomlán an Déanmhais Chosanta chun sástacht an Údaráis Phleanála.

  • Caomhnaigh an Seanteach Scoile, atá ina Dhéanmhas Cosanta, agus éascaigh a athshlánú chun críche feidhme fadtéarmaí cuí a dhéanfar é a chomhtháthú leis na tailte cúil taobh leis an gCanáil Ríoga agus a chuirfidh rochtain phoiblí ar fáil, mar aon le naisc leis an gCanáil Ríoga mar ghné dheartha lárnach.

  • Éascaigh athfhorbairt chuimsitheach sa limistéar talamh chúil seo a chuirfidh bealaí nua coisithe agus rothaíochta ar fáil a bheidh nasctha le suíomhanna in aice láimhe.

  • Déan soláthar do chomhtháthú leis an gCanáil Ríoga agus leis na tailte spáis oscailte in aice láimhe.

 

Máistirphlean Chill Sheáin

  • Déanfar na tailte seo a chomhtháthú ina n-iomláine ó na tailte Fostaíochta Ginearálta in aice láimhe.

Máistirphlean Pháirc an Fhionnuisce

  • Éascaigh soláthar céimnithe áiseanna cónaithe, tráchtála agus pobail, mar aon le spás oscailte.

Old School House Masterplan

  • Development provided for within the Masterplan lands shall be to secure the preservation, conservation and redevelopment of the Old School House, a Protected Structure. Any new development will respect the integrity of the Protected Structure to be retained.
  • No residential or commercial unit shall be sold or occupied pending the full reinstatement of the Protected Structure to the satisfaction of the Planning Authority.
  • Preserve the Old School House, a Protected Structure, and facilitate its rehabilitation into a suitable long-term use that is integrated with the back lands adjacent to the Royal Canal and which provides public access, and links to the Royal Canal as a central design feature.
  • Facilitate a comprehensive re-development of this backland area which provides new pedestrian and cycle route connections to adjoining sites.
  • Provide for integration with the Royal Canal and with adjoining Open Space lands.

SRÁIDBHAILE CHAISLEÁN CNUCHA

Is ionad dlúth, uirbeach é Caisleán Cnucha a bhfuil oidhreacht agus sainghnéithe ar leith aige, lena n-áirítear Limistéar Caomhantais Ailtireachta ainmnithe. Tá féidearthachtaí ann maidir le háiseanna feabhsaithe tráchtála, cónaithe, miondíola agus pobail i bhfoirm deiseanna inlíonta agus athfhorbartha íogaire a léireoidh meas ar an timpeallacht sráidbhaile.

Straitéis Forbartha

Aithin sainghné thábhachtach oidhreacht an tsráidbhaile agus cuir chun cinn é mar thairseach tharraingteach ar Fhine Gall. Cuirfear inlíonadh íogair agus forbairt talamh cúil chun cinn mar phríomhlimistéir forbartha, go háirithe taobh thiar do na hionaid shiopadóireachta Ashleigh agus Caisleán Cnucha.

Cuspóirí Phlean Forbartha Chaisleán Cnucha


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 1

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach i gcomhair Chaisleán Cnucha a threoróidh agus a thréithreoidh forbairt na todhchaí, lena n-áireofar beartais a chuirfidh réimse poiblí an tSráidbhaile chun cinn agus a fheabhsóidh é, ach a léireoidh meas ar shainghné stairiúil an tSráidbhaile i gcónaí.


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 2

Feabhsaigh sainghné fhisiciúil agus chomhshaoil Chaisleán Cnucha trí inlíonadh íogair a fheabhsaíonn áiseanna agus saoráidí an tSráidbhaile. Beidh an fhorbairt i Sráidbhaile Chaisleán Cnucha oiriúnach do shuíomh sráidbhaile ó thaobh airde agus dlúis de, agus beidh sí ar aon dul le tithíocht réamhbhunaithe i gcroílár Shráidbhaile Chaisleán Cnucha, le hairde trí stór ar a mhéad.


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 3

Feabhsaigh na háiseanna coisithe agus rothaíochta sa Sráidbhaile, a chuimseoidh cur chun cinn agus éascú gluaiseacht coisithe idir na suíomhanna talamh cúil taobh thiar de na hionaid siopadóireachta Ashleigh agus Caisleán Cnucha, agus san am céanna, coimeád sláine agus príomháideachas na bhforbraíochtaí cónaithe atá ann cheana féin.


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 4

Spreag athfhorbairt íogair suíomhanna tábhachtacha laistigh de Shráidbhaile Caisleán Cnucha chun críche úsáide measctha, lena n-áireofar gné chónaithe chuí chun inmharthanacht agus beocht an tSráidbhaile a fheabhsú.


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 5

Cuir an LCA laistigh de Shráidbhaile Chaisleán Cnucha chun cinn agus feabhsaigh é.


Cuspóir CHAISLEÁN CNUCHA 6

Cuir cosc le rochtain feithicle/coisithe idir an éadanas miondíola ar Bhóthar Chaisleán Cnucha, Sráidbhaile Chaisleán Cnucha agus Páirc Chaisleán Cnucha is an ceantar mórthimpeall uirthi.

SRÁIDBHAILE CHLUAIN SAILEACH

Is ionad áitiúil é Cluain Saileach a bhfuil méid teoranta gníomhaíochtaí miondíola agus gníomhaíochtaí tráchtála eile ar fáil ann. Tá píosaí tábhachtacha talún neamhfhorbartha laistigh den sráidbhaile a chuirfidh deiseanna ar fáil i dtaca le comhdhlúthú shainghné scaipthe, líní an tSráidbhaile faoi láthair, agus a nochtfaidh poitéinseal na Canála Ríoga mar áis luachmhar.

Straitéis Forbartha

Feabhsaigh sainghnéithe an tsráidbhaile agus spreag soláthar úsáidí cuí miondíola, tráchtála agus cónaithe.

Cuspóirí Phlean Forbartha Chluain Saileach


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  1

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach a threoróidh agus a thréithreoidh forbairt na todhchaí; agus lena n-áireofar beartais a chuirfidh réimse poiblí an tSráidbhaile chun cinn agus a fheabhsóidh é, mar aon le beartais cheansú tráchta feadh na príomhsráide ó Eaglais Naomh Mhuire de chuid Eaglais na hÉireann chomh fada le Bunscoil Naomh Mochta.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  2

Forbair suíomhanna tábhachtacha sa Sráidbhaile chun críche úsáide measctha lena n-áireofar gné chónaithe a fheabhsóidh inmharthanacht agus beocht an tSráidbhaile, agus a chinnteoidh nach ngabhfaidh forbraíochtaí nua thar thrí stór ar airde.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  3

Déan cinnte go mbainfidh forbraíocht nua sa sráidbhaile oiread tairbhe agus is féidir as an gCanáil Ríoga, más cuí agus más féidir, mar acmhainn oidhreachta agus áis phoiblí áitiúil, agus san am céanna, cosain a sainghnéithe agus a bithéagsúlacht mar uiscebhealach.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  4

Cosain sainghné stairiúil Shráidbhaile Chluain Saileach trí sheantithe agus iostáin a chaomhnú agus trí ligean d'fhorbairt íogair amháin.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  5

Faigh tailte in aice leis an gCanáil Ríoga chun críche rochtana poiblí agus spáis oscailte inbhuanaithe atá neamhdhíobhálach don chomhshaol.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  6

Cruthaigh líonra bealaí coisithe agus rothaíochta idir Chluain Saileach, an Chanáil Ríoga agus na stáisiúin traenach in aice leo; mar aon le nasc ón bhforbraíocht chónaithe ‘an Muileann’ chuig Droichead Dr. Troy agus stad an Mheitreo Thiar atá molta.


Cuspóir CHLUAIN SAILEACH  7

Forbair nasc líneach coisithe / rothaíochta idir Stáisiúin Chluain Saileach agus Bhaile an Phóirtéaraigh trí thailte spáis oscailte.

EASTÁT TIONSCAIL CHÚIL MHÍN

Tá Eastát Tionscail Chúil Mhín suite laisteas d'Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, idir an R843 ó thuaidh, Bóthar Chluain Saileach ó dheas, an R121 siar agus Bóthar Snugborough soir. Tá athrú agus fás suntasach tarlaithe i gCúil Mhín le tuairim is deich mbliana anuas. Tá leibhéil as cuimse athraithe agus fáis tite amach sa cheantar. Ó thús na nóchaidí agus ag dul i dtreise le deich mbliana anuas, tá na suíomhanna tionscail ísealdlúis a bhíodh sa cheantar tar éis athrú agus tá seirbhísí measctha ina n-áit inniu atá bunaithe ar ionaid chomharsanachta. Tá claochlú an cheantair tarlaithe suíomh ar shuíomh go príomha, agus níor tagraíodh do phlean uileghabhálach chun an fhorbairt a threorú agus a chomhordú.

 

I bhfianaise mhéid na forbartha breisíche, ceaptargo bhfuil sé oiriúnach an tEastát a athchriosú, is é sin, an limistéar thuaidh agus thiar a chriosú mar Ionad Áitiúil agus criosú Fostaíocht Ginearálta a choimeád ar an limistéar theas agus thoir (féach Dréachtbhileog Léarscáile 13). Anuas air sin, forbrófar clár um fheabhsuithe comhshaoil don limistéar freisin. Tá sé ríthábhachtach a chinntiú go mbeidh leibhéal forbartha Ionaid Áitiúil ar bith oiriúnach don suíomh seo; dá bharr sin tá uasteorainn 150 méadar cearnach d'achar urláir glan i bhfeidhm do gach aonad.

Straitéis Forbartha

Deimhnigh inmharthanacht agus beocht Eastát Tionscail Chúil Mhín amach anseo.

Cuspóirí Phlean Forbartha Chúil Mhín


Cuspóir CHÚIL MHÍN 1

Cuir forbairt na todhchaí chun cinn de réir na gcriosuithe atá molta i dtaca le húsáid talún, is é sin, IÁ agus FG.


Cuspóir CHÚIL MHÍN 2

Déan cinnte nach bhfuil méid níos mó ná 150 méadar cearnach d'achar urláir glan ag baint le haon cheann de na haonaid laistigh den chriosú IÁ.


Cuspóir CHÚIL MHÍN 3

Feabhsaigh cuma fhísiúil an cheantair agus cuir chun cinn é trí chlár feabhsaithe comhshaoil ina gcuirfear béim ar leith ar an teorainn feadh Bhóthair Chluain Saileach.

SRÁIDBHAILE MHULLACH EADRAD

Tá tábhacht ag baint le Sráidbhaile Mhullach Eadrad mar lárionad tráchtála, miondíola agus seirbhísí áitiúla don phobal máguaird. Le blianta beaga anuas tá athnuachan agus feabhsú rathúil curtha i bhfeidhm ann agus tá neart deiseanna fós ann chun tuilleadh athfhorbartha agus feabhsaithe a dhéanamh.

Straitéis Forbartha

Feabhsaigh agus leasaigh sainghnéithe an tsráidbhaile trí úsáidí oiriúnacha miondíola, tráchtála agus cónaithe a spreagadh.

Cuspóirí Phlean Forbartha Mhullach Eadrad


Cuspóir MHULLACH EADRAD 1

Déan soláthar d'fhorbairt oiriúnach úsáide measctha ar scála sráidbhaile a fheabhsóidh seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail agus a mbeidh gné chónaithe le sonrú uirthi


Cuspóir MHULLACH EADRAD 2

Feabhsaigh na háiseanna coisithe agus rothaíochta i Sráidbhaile Mhullach Eadrad agus cruthaigh líonra bealaí coisithe agus rothaíochta idir Mhullach Eadrad, feadh Sheanbhóthair na hUaimhe i dtreo an N3, agus Baile Dama, Baile an Tirialaigh, Cill Mhártain agus Baile an Alabhóidigh.


Cuspóir MHULLACH EADRAD 3

Feabhsaigh na naisc idir Pháirc Ghleann na Tulchan, Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir agus Sráidbhaile Mhullach Eadrad, agus cuir chun cinn iad.


Cuspóir MHULLACH EADRAD 4

Déan iniúchadh ar na féidearthachtaí maidir le forbairt na sporbhóithre neamhúsáidte atá nasctha le Droichead Sheanmhullach Eadrad sa chaoi gur féidir soláthar dá chomhtháthú le réimse poiblí agus le taitneamhacht an tsráidbhaile.

ONGAR

Is sráidbhaile tarraingteach é Ongar a bhfuil suíomh straitéiseach aige agus a fhreastalaíonn ar riachtanais na gceantar, an Bealach Beag, Teach Chainnigh agus Páirc Hans i mBaile Bhlainséir thiar atá ag méadú go sciobtha. Is ceantar uirbeach nua é seo a bhfuil mórchuid dá fhorbairt tarlaithe le cúig bliana déag anuas.

Straitéis Forbartha

Feabhsaigh agus comhdhlúthaigh sainghné an tsráidbhaile mar a bhfuil faoi láthair trí úsáidí oiriúnacha miondíola, tráchtála agus cónaithe a spreagadh.

Cuspóirí Phlean Forbartha Ongar


Cuspóir ONGAR 1

Déan soláthar d'fhorbairt oiriúnach úsáide measctha ar scála sráidbhaile a fheabhsóidh seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail agus a mbeidh gné chónaithe le sonrú uirthi.


Cuspóir ONGAR 2

Cuir fuinneamh agus beocht na Príomhshráide chun cinn trí chinntiú go mbeidh príomhbhealaí isteach na bhforbraíochtaí miondíola/tráchtála ag tabhairt aghaidhe ar an bpríomhshráid seo.

Baile an Tirialaigh

Is ceantar tábhachtach tráchtála agus cónaithe é Baile an Tirialaigh atá suite 3.5 ciliméadar lastuaidh de lár Bhaile Bhlainséir ach a luíonn fós laistigh dá theorainn forbartha. Tá ionad saintógtha ann a forbraíodh chun freastal ar an daonra cónaithe atá ag teacht chun cinn, agus ar an gceantar máguaird lena n-áirítear forbraíocht nua i gCill Mhártain.

Straitéis Forbartha

Feabhsaigh agus leasaigh an t-ionad seo trí úsáidí oiriúnacha miondíola, tráchtála agus cónaithe a spreagadh, i dteannta le scoil nua agus forbraíochtaí áineasa bainteacha. I gcás fhorbairt an cheantair seo sa todhchaí, cibé an mbaineann sin le húsáid talún i gcomhair ionaid áitiúil, spáis oscailte nó cónaitheoirí, ba chóir go léireofaí meas ar a bhfuil ann d'fhorbraíocht sa cheantar cheana agus go gcuirfí forbairt i bhfeidhm ar bhonn inbhuanaithe chun timpeallacht maireachtála d'ardchaighdeán a sholáthar do dhaonra an lae inniu agus na todhchaí.

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile an Tirialaigh


Cuspóir BHAILE AN TIRIALAIGH 1

Déan soláthar d'fhorbairt oiriúnach úsáide measctha a fheabhsóidh seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail agus a mbeidh gné chónaithe le sonrú uirthi.


Cuspóir BHAILE AN TIRIALAIGH 2

Cruthaigh líonra bealaigh coisithe agus rothaíochta idir Bhaile an Tirialaigh, Cill Mhártain, an Tobar Naofa agus Mullach Eadrad;


Cuspóir BHAILE AN TIRIALAIGH 3

Cinntigh comhtháthú fisiciúil agus físiúil an ionaid leis na ceantair cónaithe atá á bhforbairt ó thuaidh.


Cuspóir BHAILE AN TIRIALAIGH 4

Déan cinnte go gcuirfear córas bóithre, coisithe agus rothaíochta slán, áisiúil i bhfeidhm, mar aon le líonra sráide, chun freastal ar fhás Bhaile an Tirialaigh.

BAILE AN ALABHÓIDIGH

Is ceantar cónaithe é Baile an Alabhóidigh atá suite thart ar 4 ciliméadar lastuaidh de lár Bhaile Bhlainséir, taobh ó thuaidh de Ghalfchúrsa Bhaile an Alabhóidigh. D'eascair sé as lonnaíocht bheag tuaithe timpeall ar Eaglais Naomh Thomáis de chuid Eaglais na hÉireann agus Teach Bhaile an Alabhóidaigh, atá ina Dhéanmhas Cosanta. Tá limistéar criosú IÁ sonraithe i lár an tSráidbhaile ina gcuirfear áiseanna breise ar fáil chun freastal ar an daonra cónaithe atá ag teacht chun cinn, a chuimsíonn daonra Chill Mhártain. Cuireann cóngaracht tailte tuaithe agus cnuasaigh crann aibí le suíomh tarraingteach an cheantair seo.

Straitéis Forbartha

Cinntigh i gcás fhorbairt an cheantair seo sa todhchaí go léireofar meas ar a bhfuil ann d'fhorbraíocht cheana agus go gcuirfear i bhfeidhm í ar bhonn inbhuanaithe chun timpeallacht maireachtála d'ardchaighdeán a sholáthar do dhaonra an lae inniu agus na todhchaí.

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile an Alabhóidigh


Cuspóir BHAILE AN ABHÓIDIGH 1

Déan soláthar do leibhéal cuí forbartha a chuirfidh le seirbhísí áitiúla réamhbhunaithe agus a dhéanfaidh soláthar áiseanna pobail a chur chun cinn atá ar aon dul le forbraíocht chónaithe an lae inniu agus na todhchaí.


Cuspóir BHAILE AN ABHÓIDIGH 2

Cinntigh comhtháthú fisiciúil agus físiúil an ionaid leis na ceantair cónaithe nua agus an suíomh tírdhreacha atá á bhforbairt.


Cuspóir BHAILE AN ABHÓIDIGH 3

Cruthaigh líonra bealaigh coisithe agus rothaíochta idir Bhaile an Tirialaigh, Cill Mhártain, Mullach Eadrad agus an Tobar Naofa.

DOMHNACH BAT

Ainmnítear Domhnach Bat sna TPRanna mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe laistigh de Cheantar na Cathrach. Tá an-chuid ceantar nádúrtha timpeall ar Inbhear Dhomhnach Bat, a chuimsíonn na hInbhir Bhaile Roiséir agus Mhullach Íde, atá ina Suíomhanna Eorpacha de chuid líonra Natura 2000. Tá Diméin an Droichid Nua agus LCA na Cearnóige sa cheantar freisin. Cé go bhfuil forbraíocht shuntasach tithíochta curtha i gcrích i nDomhnach Bat le blianta beaga anuas, tá neart limistéar talún neamhfhorbartha fós ann atá criosaithe mar thalamh chónaithe.

Straitéis Forbartha

Cosain agus feabhsaigh áiseanna agus oidhreacht nádúrtha an Inbhir trí fhorbairt na todhchaí a chomhdhlúthú laistigh de theorainneacha baile atá sonraithe go soiléir. Déan forbairt croílár baile beoga a chur chun cinn trí thimpeallacht maireachtála d'ardchaighdeán a sholáthar do dhaonra an lae inniu agus na todhchaí, agus trí sholáthar a dhéanamh d'fhorbairt na n-áiseanna oiriúnacha pobail, tráchtála, cultúrtha agus sóisialta ar aon uain le forbraíocht chónaithe nua.

Cuspóirí Phlean Forbartha Dhomhnach Bat 


Cuspóir DHOMHNACH BAT 1

Tabhair tús áite do thógáil luath bóthar dáileacháin do Dhomhnach Bat, do sholáthar trasnú chomhréidh, agus do chur i bhfeidhm malairt slí isteach chuig Domhnach Bat agus Port Reachrann.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 2

Dírigh ar fhorbairt chomhchruinnithe áiseanna breise tráchtála, sóisialta, pobail agus cathartha laistigh de lár an bhaile agus cuir dearadh uirbeach d'ardchaighdeán chun cinn san fhorbraíocht seo.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 3

Déan soláthar d'fhorbairt bhreise áiseanna fóillíochta, pobail agus oideachais (bunscoil agus dara leibhéal).


Cuspóir DHOMHNACH BAT 4

Forbair líonra leanúnach bealaí coisithe agus rothaíochta le cuaillí eolais de réir mar is cuí timpeall ar Inbhear Dhomhnach Bat, a nascfaidh Port Reachrann agus Domhnach Bat le Mullach Íde agus an Ros trí na hInbhir Bhaile Roiséir agus Mhullach Íde, agus san am céanna, cuir cosaint suíomhanna ainmnithe san áireamh agus seachain bealaí feadh theorainn thuaidh Inbhear Mhullach Íde Laistigh de bharr a íogaireacht éiceolaíoch.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 5

Déan soláthar do líonra cuimsitheach bealaí coisithe agus rothaíochta a cheanglóidh ceantair chónaithe lena chéile, le lár an bhaile, le scoileanna, le campas fóillíochta Bhaile Mastúin agus leis an stáisiún traenach.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 6

Cuir chun cinn agus éascaigh forbairt seirbhís bus tointeála a nascfaidh Domhnach Bat agus Port Reachrann le Stáisiún Traenach Dhomhnach Bat, le seirbhísí bus comaitéireachta i Sord agus leis an Meitreo Thuaidh nua atá molta.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 7

Coimeád deighilt láidir físiúil agus fisiciúil idir Phort Reachrann agus Domhnach Bat.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 8

Cosain suíomh Eaglais Naomh Phádraig de chuid Eaglais na hÉireann.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 9

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach do Dhomhnach Bat (a chuimseoidh Straitéis Réimse Phoiblí agus Bainistíocht Tráchta Comhtháite) a threoróidh agus a thréithreoidh forbairt amach anseo, lena n-áirítear beartais a fheabhsóidh agus a chuirfidh réimse poiblí an tSráidbhaile chun cinn.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 10

Réitigh agus/nó cuir Plean Limistéir Áitiúil i bhfeidhm do Dhomhnach Bat a fhreastalóidh ar fhorbairt struchtúrtha na gceantar cónaithe nua a ainmníodh i nDomhnach Bat, sa chaoi go mbeidh siad comhtháite sa sráidbhaile seanbhunaithe agus go dtacóidh siad le fás leanúnach baile beoga, tharraingtigh do chónaitheoirí an lae inniu agus na todhchaí.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 11

Réitigh Máistirphlean do thailte i dTuirbhe agus cuir i bhfeidhm iad (féach Bileog Léarscáile 7, MP 7.A). Cuirfear measúnú baol tuilte cuimsitheach i bhfeidhm i dtaca leis na tailte seo chun déileáil le baol tuilte sa todhchaí agus chun beartais mhaolaithe a mholadh.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 12

Cuir stáisiún traenach agus seirbhísí iarnróid feabhsaithe i bhfeidhm i nDomhnach Bat.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 13

Cuir soláthar páirc scátála i gceantar Dhomhnach Bat/Port Reachrann i bhfeidhm agus éascaigh é.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 14

Tabhair tús áite do leathnú luath stráice ghearr chontúirtigh an R126 i dtreo Dhomhnach Bat ó Iostán Shleas an Chnoic chomh fada le droichead an iarnróid ar bhonn práinneach sláinte agus sábháilteachta.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 15

Spreag scéim cur crann uirbí in áiteanna oiriúnacha i lár bhaile Dhomhnach Bat agus feadh Bhóthair Bhaile an Bhéibhéaraigh


Cuspóir DHOMHNACH BAT 16

Déan soláthar do shiúlbhealach agus rotharbhealach de réir mar is cuí, ar Bhóthar Hearse chun slí rochtana slán chuig Sráidbhaile Dhomhnach Bat a chur ar fáil.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 17

Cothaigh agus feabhsaigh eispéireas cuairteoirí agus áiseanna Theach agus Dhiméin an Droichid Nua i gcomhthéacs thábhacht agus luacha oidhreacht na Diméine.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 18

Déan athchóiriú an Bhataire ar Thrá Dhomhnach Bat a chur chun cinn.


Cuspóir DHOMHNACH BAT 19

Éascaigh bealach isteach ar leith d'fheithiclí/coisithe chuig Stáisiún Traenach Dhomhnach Bat ó Lár Bhaile Dhomhnach Bat.

MULLACH ÍDE

Tá baile cósta Mhullach Íde sonraithe sna TPRanna mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe a bhfuil timpeallacht thógtha agus nádúrtha d'ardchaighdéan ag baint leis. Gné lárnach dá shainiúlacht agus de na háiseanna iontacha atá ar fáil ann ná Caisleán is Diméin Mhullach Íde agus a chomhshaol cósta, mar aon le rochtain den scoth ar iompar poiblí, gnéithe a mheallann an-chuid turasóirí chuige. Tá sé i gceist go bhforbrófar Mullach Íde mar ionad féinchothabhálach trí sholáthar réimse áiseanna a thacóidh le daonraí an lae inniu agus na todhchaí. Chun an méid seo a chur i gcrích, tá sé ríthábhachtach go ndaingneofaí ról uirbeach Mhullach Íde agus go gcomhdhlúthfaí forbairt laistigh den bhaile. Tá oidhreacht thógtha láidir sa bhaile a chuimsíonn ceithre Limistéar Caomhnú Ailtireachta (LCAanna). Tá oidhreacht nádúrtha Inbhear Mhullach Íde, atá ina Shuíomh Eorpach, ainmnithe trí Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LChaS) agus trí Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS), agus ní mór d'fhorbairt na todhchaí meas a léiriú ar na híogaireachtaí oidhreachta nádúrtha.

Straitéis Forbartha

Déan comhdhlúthú na foirme uirbí atá ann faoi láthair a chur ar aghaidh, mar aon le cur chun cinn íogair áiseanna. Déanfar cothramaíocht a aimsiú idir uasghrádú is tacú le forbairt an chroíláir mar lár bhaile, agus a chuma mar lonnaíocht sráidbhaile tharraingteach, stairiúil a chaomhnú agus áiseanna réamhbhunaithe an cheantair a choimeád, trí chuimhniú ar a chóngaracht do chósta atá íogair go héiceolaíoch agus a chuimsíonn Suíomhanna Eorpacha.

Cuspóirí Phlean Forbartha Mhullach Íde


Cuspóir MHULLACH ÍDE 1

Caomhnaigh sainghnéithe agus sainiúlacht an bhaile trí chinntiú go gcoimeádfar deighilt fisiciúil idir é agus Sord, Port Mearnóg agus Cionn Sáile le cabhair ó chriosanna glasa.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 2

Coimeád an tslí isteach álainn feadh Bhóthair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil crainn ar an dá thaobh de, mar ghné thábhachtach físiúil den bhaile agus, go sonrach, cinntigh go gcosnófar na crainn aibí feadh Bhóthar Mhullach Íde ag an nGort Cloch Aoil agus na ballaí teorann tí, a thugann sainghné ar leith don bhóthar isteach chuig Mullach Íde


Cuspóir MHULLACH ÍDE 3

Coimeád an lár atá ann faoi láthair, a bhfuil úsáidí measctha agus sainghné ailtireachta ilchineálach ag baint leis, mar chroílár agus pointe fócais Mhullach Íde.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 4

Éascaigh agus spreag soláthar meascán miondíola cuí i Mullach Íde, a chuirfidh a ról mar bhaile cónaithe agus mar cheann scríbe tábhachtach turasóireachta san áireamh.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 5

Cuir Straitéis Réimse Phoiblí i bhfeidhm do Mhullach Íde, lena n-áireofar beartais a bhaineann le páirceáil, chun croílár beoga miondíola, tráchtála agus cónaithe a éascú agus a chur chun cinn.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 6

Éascaigh forbairt nasc coisithe agus rothaíochta idir Mhullach Íde agus Inbhear Dhomhnach Bat mar pháirt de Bhealach Cósta Fhine Gall, agus san am céanna, seachain aon bhealaí feadh theorainn thuaidh Inbhear Mhullach Íde Laistigh toisc a íogaireachta éiceolaíche.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 7

Déan eispéireas cuairteoirí agus áiseanna Chaisleán agus Dhiméin Mhullach Íde a chur chun cinn agus a fheabhsú go híogair i gcomhthéacs thábhacht agus luacha oidhreacht na Diméine.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 8

Freastail ar ghníomhaíocht mhuirí laistigh de limistéar an inbhir agus ar a imeall siar ón líne iarnróid ag Trá an Bhiséadaigh, a chuimseoidh áiseanna clárchosáin agus birt, agus cinntigh go bhfuil taitneamhacht físiúil agus chomhshaoil an cheantair á cosaint.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 9

Déan stáisiún traenach, carrchlós in aice leis, agus seirbhísí iarnróid feabhsaithe a chur chun cinn.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 10

Éascaigh forbairt na háise cruicéid idirnáisiúnta i gClub Cruicéid Mhullach Íde agus san am céanna, cosain sainluach thírdhreach agus oidhreacht Chaisleán agus Dhiméin Mhullach Íde.


Cuspóir MHULLACH ÍDE 11

Réitigh na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

  • Máistirphlean Bhaile an tSrutháin (féach Bileog Léarscáile 9, MP 9.A)

  • Máistirphlean Ghort na Giolcaí (féach Bileog Léarscáile 9, MP 9.B)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i Máistirphlean Bhaile an tSrutháin. Ní liosta uileghabhálach é seo. 

Máistirphlean Bhaile an tSrutháin

  • Déanfar measúnú baol tuilte cuimsitheach ar na tailte.

BAILE DÚILL

Is bruachbhaile é Baile Dúill atá suite laistigh de Cheantar na Cathrach, le croílár sráidbhaile bunaidh aige cois cósta, a bhfuil bonneagar pobail agus áiseanna teoranta miondíola agus tráchtála ar fáil ann. Freastalaíonn an ceantar timpeall Bhaile Dúill ar réimse seirbhísí uirbeacha a chuimsíonn scoileanna, áiseanna miondíola in Ionad Siopadóireachta an Ráschúrsa, agus saoráidí pobail chun freastal ar riachtanais dhaonraí an lae inniu agus na todhchaí. Tá croílár Bhaile Dúill ainmnithe mar LCA agus tá Inbhear Bhaile Dúill ainmnithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LChaS) agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS). Murab ionann is lonnaíochtaí réamhbhunaithe eile sa cheantar, tá bonn tiomnaithe fostaíochta á chur ar fáil trí Eastát Tionscail Bhaile Dúill agus na tailte timpeall ar an líne iarnróíd.

Straitéis Forbartha

Feabhsaigh, daingnigh agus comhdhlúthaigh na hacmhainní cónaithe, miondíola agus tráchtála atá ar fáil trí sholáthar réimse áiseanna chun tacú le daonraí an lae inniu agus na todhchaí, ag baint lánúsáide as cleachtais iompair inbhuanaithe.

Baldoyle Development Plan Objectives


Cuspóir BHAILE DÚILL 1

Cosain an briseadh físiúil agus sainghné oscailte na dtailte idir Bhaile Dúill agus Port Mearnóg trí chaomhnú na dtailte creasa ghlais agus trí úsáidí fóillíochta cuí i bPáirc an Ráschúrsa a léiríonn meas ar ainmniúcháin sainghnéithe, íogaireachta agus oidhreachta nádúrtha an tírdhreacha mar a bhfuil sé faoi láthair.


Cuspóir BHAILE DÚILL 2

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach d'Eastát Tionscail Bhaile Dúill agus d'Eastát Tionscail Chill Bharróg chun forbairt na todhchaí a threorú agus a thréithriú, lena n-áireofar feabhsuithe ar chomharthaí agus ar an gcuma fhisiciúil, soláthar do mhéadú fostaíochta, agus éascú feabhsuithe ar bhealaí rochtana coisithe chuig agus ó Stáisiún Ghabhal Bhinn Éadair agus na stadanna bus a bhaineann leis, ar féidir iad a chur i bhfeidhm le linn shaolré an Phlean.


Cuspóir BHAILE DÚILL3

Réitigh agus/nó cuir Plean Limistéir Áitiúil i bhfeidhm do thailte i mBaile Dúill / Steach Póilín chun soláthar d'fhorbairt straitéiseach an limistéir mar fhorbraíocht chónaithe phleanáilte le húsáidí measctha faoi réir sholáthar an bhonneagair riachtanaigh. (Féach Bileog Léarscáile Uimh. 10, PLÁ 10.A)

BINN ÉADAIR

Is lonnaíocht shainiúil í Binn Éadair atá suite laistigh de thimpeallacht ar leith nádúrtha agus tógtha. Is Limistéar Saináise é Ceann Bhinn Éadair, agus ina theannta sin, tá roinnt Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta agus Limistéar faoi Chosaint Speisialta ar an Inbhear agus thart timpeall air nach mór iad a chaomhnú amach anseo. Tá oidhreacht mhuirí thábhachtach ag Binn Éadair freisin atá dírithe ar an gcuan stairiúil. Sa lá atá inniu ann, tá tábhacht ag baint leis an gcuan i dtaca le tionscail na hiascaireachta agus is áis thábhachtach í an mhuiríne. Tá neart ainmniúchán LCA i mBinn Éadair freisin. Comhlíonann an lonnaíocht ról fóillíochta do thurasóirí den chuid is mó, agus tá neart bialanna, caiféanna agus tithe tábhairne ann, mar aon le sainshiopadóireacht ar nós siopaí ealaíona agus ceardaíochta.

Straitéis Forbartha

Forbair an sráidbhaile sa chaoi go gcosnófar a shainghnéithe, agus daingnigh is cothaigh soláthar agus réimse áiseanna, go háirithe i dtaca le coimeád agus cur chun cinn siopadóireacht áise miondíola agus seirbhísí pobail chun tacú leis an daonra a chónaíonn ann agus le turasóirí. Bainfidh forbairt na todhchaí leis na criosanna úsáide sonraithe amháin, lena n-áireofar inlíonadh ceantar forbartha seachas méadú na gceantar seo. Spreagfar forbairt a bhaineann úsáid as acmhainneacht fóillíochta agus oideachais an cheantair agus as timpeallachtaí nádúrtha eile d'ardchaighdeán in aice láimhe. Is é aidmh straitéis Inbhear Bhinn Éadair ná caomhnú an cheantair íogair, álainn seo a chinntiú, go háirithe trí chur i bhfeidhm Ordaithe um Limistéar Saináise Bhinn Éadair, agus gan dearmad a dhéanamh go bhféadfadh níos mó brú eascairt as cur i bhfeidhm Straitéis Turasóireachta Fhine Gall.

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhinn Éadair


Cuspóir BHINN ÉADAIR  1

Cinntigh go léiríonn forbairt meas ar shainghnéithe speisialta stairiúil agus ailtireachta an cheantair.


Cuspóir BHINN ÉADAIR  2

Réitigh straitéis réimse phoiblí chun déileáil le ceisteanna ar nós tréscaoilteacht coisithe agus rothaíochta, comharthaí, páirceála, bainistíocht tráchta agus feabhsuithe ar chroílár an tsráidbhaile, an Phríomhshráid san áireamh.


Cuspóir BHINN ÉADAIR  3

Spreag coimeád agus forbairt úsáidí bunurláir tráchtála/miondíola laistigh de chroílár an tsráidbhaile. Ba chóir go gcuimseodh na húsáidí seo meascán d'áisiúlacht agus de mhiondíol comparáide, le béim ar an dara ceann. Ba chóir soláthar oifige a spreagadh freisin d'fhonn croílár sráidbhaile beoga a chinntiú.


Cuspóir BHINN ÉADAIR  4

Cosain agus bainistigh an Limistéar Saináise de réir an phlean bhainistíochta agus na gcuspóirí bainteacha maidir leis an gcrios maolánach.


Cuspóir BHINN ÉADAIR  5

Lean de spreagadh fhorbairt cheantar na cuaine chun críche tionscail agus turasóireachta a bhaineann le hiascaireacht agus le cúrsaí mara


Cuspóir BHINN ÉADAIR  6

Spreag agus éascaigh forbairt Ionad Pobail i Sráidbhaile Bhinn Éadair.

PORT MEARNÓG

Is lonnaíocht chósta stairiúil í Port Mearnóg ar tháinig a fhoirm líneach, uirbeach ar an bhfód le linn na 20ú haoise. Dhaingneofaí agus chomhdhlúthfaí struchtúr uirbeach réamhbhunaithe agus sainiúlacht Phort Mearnóg tríd an éadanas sráide a shonrú níos mó agus trí uasghrádú a dhéanamh ar an sráid-dreach. Is ceann scríbe turasóireachta tábhachtach é Port Mearnóg mar thoradh ar a shuíomh díreach lastuaidh d'Inbhear Bhaile Dúill, a stádas mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LChaS) agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS), a thrá atá ar na tránna is fearr ar an gcósta thoir, a ghalfchúrsaí den scoth, agus a shainoidhreacht nádúrtha agus tógtha. Tá féidearthachtaí ann maidir le heispéireas na dturasóirí a fheabhsú go híogair trí fhorbairt oiriúnach seirbhísí agus áiseanna turasóireachta. Cuireann an líne iarnróid Baile Átha Cliath-Béal Feirste seirbhís comaitéireachta ar fáil dóibh siúd atá ag obair i mBaile Átha Cliath agus do chuairteoirí, agus tá tuilleadh forbartha pleanáilte timpeall ar an stáisiún traenach laisteas den bhaile. Is gá na naisc idir na limistéir fhorbartha ó dheas agus ó thuaidh a fheabhsú chun na féidearthachtaí a mhéadú maidir le siúl agus rothaíocht chuig na príomhnóid miondíola agus iompair phoiblí.

Straitéis Forbartha

Comhdhlúthaigh, sonraigh agus feabhsaigh an fhoirm uirbeach reatha trí fhorbairt tráchtála níos déine a spreagadh sna ceantair lárnacha den bhaile, agus san am céanna, trí naisc fheabhsaithe a chur ar fáil chuig tailte i bPort Mearnóg Theas in aice leis an líne iarnróid. Coimeád agus feabhsaigh áiseanna réamhbhunaithe, do chuairteoirí agus do chónaitheoirí araon, feadh an chósta agus laistigh den bhaile ar bhealach a léireoidh íogaireacht i leith oidhreacht nádúrtha agus tógtha an cheantair.

Cuspóirí Phlean Forbartha Phort Mearnóg


Cuspóir PHORT MEARNÓG 1

Forbair Port Mearnóg mar bhaile beoga ina gcuirfear seirbhísí agus áiseanna ar fáil do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 2

Cuir Straitéis Ionad Uirbigh Phort Mearnóg i bhfeidhm agus réitigh straitéis réimse phoiblí a chuimseoidh aon fhadhbanna a d'fhéadfadh bheith ainmnithe mar chuid de chomhairliúchán poiblí, mar shampla, maidir le sráid-dreach, páirceáil, gluaiseacht thráchta, feabhsuithe comhshaoil agus tréscaoilteacht.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 3

Caomhnaigh sainghnéithe an bhaile trí chriosanna glasa a úsáid chun é a dheighilt go fisiciúil ó Mhullach Íde, agus trí thalún chuí a úsáid laistigh de na tailte spáis oscailte agus na tailte le go leor áiseanna chun é a dheighilt ó Bhaile Dúill.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 4

Cosain agus bainistigh tuilemhá Amhainn na Comhla laisteas de Phort Mearnóg agus cinntigh go gcaomhnófar a shláine mar ghnáthóg nádúrtha; agus déan na féidearthachtaí maidir le siúlbhealach cois abhann a mheas.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 5

Cuir stáisiún traenach feabhsaithe chun cinn ina soláthrófar áiseanna feabhsaithe do rothaithe, a chuimseoidh racaí rothar daingnithe, agus tacaigh le soláthar méadaithe spás páirceála do thiománaithe, i dteannta le soláthar seirbhís bus friothálaí agus naisc fheabhsaithe coisithe is rothaíochta idir Lána an tSéipéil agus an stáisiún.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 6

Cosain agus caomhnaigh sainghnéithe agus taitneamhacht Thrá Phort Mearnóg, i bhfianaise a tábhachta i leith sainiúlachta an bhaile agus mar áis do chuairteoirí baile nó eachtracha, trí chosaint na trá ar aon fhorbairt a d'fhéadfadh drochthionchar a bheith in aice ar chaighdeán uisce, sláine éiceachóras na nDumhcha, bithéagsúlacht, taitneamhacht físiúil nó truailliú iomarcach ó thorann, agus trí thacú le gníomhaíochtaí nó forbraíochtaí a chuirfeadh le sainghnéíthe an bhaile.


Cuspóir PHORT MEARNÓG 7

Réitigh agus/nó cuir Plean Limistéir Áitiúil i bhfeidhm do thailte i bPort Mearnóg Theas chun soláthar d'fhorbairt straitéiseach an limistéir mar fhorbraíocht chónaithe phleanáilte, inbhuanaithe a mbeidh úsáid mheasctha aici, faoi réir sholáthar an bhonneagair riachtanaigh. (Féach Bileog Léarscáile Uimh. 9, PLÁ 9.A)

CILL FHIONNTAIN

Is tairseach í Crois Chill Fhionntain ar Inbhear Bhinn Éadair. Is bruachbhaile réamhbhunaithe é Cill Fhionntain atá suite laistigh de Cheantar na Cathrach agus a bhfuil sainiúlacht agus pobal soiléir aige, mar aon le réimse seirbhísí uirbeacha a chuimsíonn scoileanna, áiseanna miondíola agus saoráidí pobail. Tacaíonn sé le seirbhísí áitiúla i gcomhair daonraí cóngaracha Bhinn Éadair, Chill Fhionntain, Bhaile Dúill agus Chois Bá. Tá Cill Fhionntain suite freisin i ngiorracht go leor Suíomhanna Eorpacha. Tá LCAanna ar Bhóthar na Trá agus ar Ardán Martello.

Straitéis Forbartha

Daingnigh agus comhdhlúthaigh ról an ionaid réamhbhunaithe agus san am céanna, cuir coimeád agus soláthar réimse áiseanna ar aghaidh chun tacú le daonraí an lae inniu agus na todhchaí. Tá gá freisin le cur chun cinn agus cur i bhfeidhm cleachtais iompair inbhuanaithe.​​

 

Sutton Development Plan Objectives


Cuspóir CHILL FHIONNTAIN 1

Feabhsaigh agus comhdhlúthaigh shráidbhaile Chill Fionntain, lena n-áireofar coimeád agus cosaint seirbhísí áitiúla.


Cuspóir CHILL FHIONNTAIN 2

Feabhsaigh bainistíocht thráchta i sráidbhaile Chill Fhionntain agus sa cheantar máguaird.

BAILE GHRÍFÍN AGUS BELCAMP

Go dtí le déanaí, ní raibh i mBaile Ghrífín, atá suite ar theorainn theas Fhine Gall, ach lonnaíocht bheag tuaithe. Sa lá atá inniu ann, is cuid é de dhaonra atá ag méadú agus ag leathnú ó Bhaile Dúill san oirthear chuig an limistéar timpeall Theach Belcamp san iarthar, nach bhfuil forbartha go fóill. Is é is croílár Bhaile Ghrífín ná seanchrosbhóthar a thrasnaíonn Bóthar Mhullach Íde (R107) i dtreo thuaidh-theas le dhá ionad adhlactha soir agus siar uaidh. Tá teach tábhairne Campion, atá folamh anois, suite ar iar-bhóthar an iarthair, laistigh de thailte atá criosaithe i gcomhair forbraíochta cónaithe in Belcamp. Tá iostáin agus faiche sráidbhaile fós suite soir ar an R123 agus is páirt anois iad den fhorbraíocht iomlán a chuimsíonn Naomh Samson agus Caisleán na Maighne. Tá na seirbhísí is gaire suite ó dheas laistigh de limistéar riaracháin Chathair Bhaile Átha Cliath ag Halla an Chláir/Cearnóg Bhuirnéil. Ritheann an dá phríomhbhrainse d'Abhainn na Maighne, Sruthán Thurnapain agus Sruthán na Cuaiche tríd an limistéar, rud a chruthóidh féidearthachtaí maidir le naisc bhonneagair ghlais. Ritheann an Turnapain trí chuid theas an limistéir, ag tosú i Seaneastát Belcamp agus ag deighilt na bhforbraíochtaí nua i mBaile Ghrífín ó limistéar Bhaile Átha Cliath i mBéal Maighne. Feidhmíonn Sruthán na Cuaiche mar theorainn thuaidh Ionad Adhlactha Fhine Gall. Casann Sruthán Thurnapain agus Sruthán na Cuaiche ar a chéile ar Bhóthar Pholl an Bhalla agus ritheann siad amach mar aon sruth amháin, Abhainn na Maighne, trí Pháirc an Ráschúrsa chuig Bá Bhaile Dúill.

Straitéis Forbartha

Comhdhlúthaigh ceantair nua agus seancheantair Bhaile Ghrífín agus Belcamp d'fhonn pobail bheoga cónaithe a fhás chomh maith le seirbhísí áitiúla agus áiseanna pobail chuí chun freastal ar an daonra nua. Cinntigh go ndéanfar an bonneagar riachtanach a sholáthar ar aon uain le forbraíocht, agus go léiríonn an fhoirm nuathógtha meas ar oidhreacht nádúrtha na timpeallachta máguaird, agus go n-aithníonn sé a híogaireacht éiceolaíoch agus a nasc hidreolaíoch le Suíomhanna Eorpacha taobh leis.

Cuspóirí Phlean Forbartha Baile Ghrífín agus Belcamp


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 1

Cuir forbraíocht chónaithe d'ardchaighdeán chun cinn a fhreastalóidh ar riachtanais gach céime den saolré trí mheascán cuí de chineálacha tí a chur ar fáil, mar aon le háiseanna áitiúla.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 2

Cinntigh go bhfreastalófar ar phobail nua le seirbhísí áitiúla inrochtana.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 3

Éascaigh cosaint Theach Belcamp agus cinntigh go léiríonn forbraíocht nua meas ar shainghné stairiúil agus ar shuíomh Theach Belcamp, a chuimsíonn a oidhreacht nádúrtha is tógtha araon, agus a acmhainní bithéagsúlachta.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 4

Cuir naisc bhonneagair ghlais chun cinn, ag déanamh cinnte go bhfreastalaíonn siad ar thréscaoilteacht idir na tailte ag Belcamp, Baile Ghrífín, Béal Maighne agus an Pháirc Réigiúnach i bPáirc an Ráschúrsa, agus go soláthraíonn siad rochtain ar Bhealach Cósta Fhine Gall.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 5

Cuir candam teoranta forbraíochta san áireamh ar thailte PLÁ Belcamp chun athshlánú agus caomhnú Theach Belcamp a éascú sula gcuirfear PLÁ Belcamp i bhfeidhm. Sula gcuirfear iarratas pleanála isteach, aontófar treoir le haghaidh dearaidh leis an Údarás Pleanála, a chuimseoidh candam agus suíomh aon fhorbraíochta dá leithéid, rud nach rachaidh chun aimhleasa aon riachtanas i leith bóithre amach anseo. Ní dhíolfar ná ní áiteofar níos mó ná 50% d'aonaid chónaithe ar bith atá ceadaithe go dtí go bhfuil an tÚdarás Pleanála sásta go bhfuil Teach Belcamp athshlánaithe ina iomláine.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 6

Réitigh Plean Limistéir Áitiúil do thailte in Belcamp (féach Bileog Léarscáile 9, PLÁ 9.B) chun dúiche uirbeach, inbhuanaithe le húsáid mheasctha a sholáthar, a chuimseoidh áiseanna cónaithe, pobail agus fóillíochta faoi réir sholáthar an bhonneagair riachtanaigh, mar aon le hathshlánú agus athchóiriú Theach Belcamp.


Cuspóír BHAILE GHRÍFÍN/BELCAMP 7

Cuir naisc fheabhsaithe coisithe agus rothaíochta chun cinn idir Bhaile Ghrífín/Belcamp agus Stáisiún Traenach Phort Mearnóg.

SEANTRABH

Is pobal cónaithe seanbhunaithe é Seantrabh atá suite ar theorainn Chathair Bhaile Átha Cliath, a bhfuil dlúthcheangail leis an gcathair aige agus atá taobh le háiseanna den scoth Choillte Sheantraibh agus Staidiam Morton. Cé go bhfuil an pobal seo seanbhunaithe, tá fás tagtha air le blianta beaga anuas agus tá sé suite gar don Mheitreo Thuaidh nua atá molta. Baineann an ceantar seo tairbhe as a bheith cóngarach do limistéir thionscail réamhbhunaithe, as suíomh Aerfort Bhaile Átha Cliath agus as tailte atá criosaithe d'fhorbairt mheasctha sa Choill Thuaidh thiar, timpeall ar Bhóthar Bhaile Munna agus níos faide anonn.

Straitéis Forbartha

Comhdhluthaigh forbairt Sheantraibh trí na háiseanna cónaithe atá ann a chosaint, trí naisc agus an timpeallacht a fheabhsú mar thairseach ar an Aerfort agus ar an gcathair, agus trína naisc leis na limistéir thionscail agus na tailte thiar, lena n-áirítear an Choill Thuaidh agus Baile Munna, a fheabhsú.

Cuspóirí Phlean Forbartha Sheantraibh


Cuspóir SHEANTRAIBH 1

Feabhsaigh an bealach isteach go Seantrabh ó Aerfort Bhaile Átha Cliath go físiúil trí athnuachan na dtailte feadh an R132 a spreagadh le cuidiú laghdú comharthaí, feabhsú tírdhreacha agus glanadh suíomhanna tréigthe.


Cuspóir SHEANTRAIBH 2

Cuir Coillte Sheantraibh chun cinn mar áis de chuid Fhine Gall agus mar spás oscailte poiblí.


Cuspóir SHEANTRAIBH 3

Spreag tírdhreach feabhsaithe agus beartais maolú torainn feadh an M50 leasaithe san áit a mbíonn tionchar aige ar chónaitheoirí Thurnapain.


Cuspóir SHEANTRAIBH 4

Feabhsaigh naisc choisithe agus rothaíochta idir Sheantrabh agus Baile Munna.


Cuspóir SHEANTRAIBH 5

Réitigh Máistirphlean dó thailte ainmnithe sa Choill Thuaidh agus cuir i bhfeidhm é (féach Bileog Léarscáile 11, MP 11.A) le linn shaolré an Phlean. Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú. Ní liosta uileghabhálach é seo.

  • Éascaigh íosbhealach a chuimseoidh nasc cairr, bus, rothaíochta agus coisithe chun tailte lastoir agus laistiar den R108 a cheangailt lena chéile agus chun nascacht a fheabhsú.
  • Cinntigh, más féidir, go bhfuil radharc amach ó fhorbraíocht ar Chosán Abhainn Sheantraibh.
  • Ceadaigh athlonnú aonad réamhbhunaithe chun nascacht le Stad Meitreo Choill Thuaidh a éascú.
  • Feabhsaigh naisc choisithe laistigh de Dhiméin Sheantraibh agus chuici.
  • Déan cinnte go leanfar de chosaint na gcrann laistigh de na tailte ábhair.
  • Éascaigh soláthar bealach rochtana díreach ó Sheanbhóthar Bhaile Munna trí Fhorbraíocht na Coille Thuaidh chun nascacht le Stad Meitreo Choill Thuaidh a fheabhsú.

Cuspóir SHEANTRAIBH 7

Lean d'éascú fóram trasteorann, a chuimsíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chun forbairt a chomhordú idir Limistéar Thiar Thuaidh Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear codanna de Sheantrabh, Crann Phapáin agus Baile Munna) agus na ceantair taobh leis i bhFine Gall, lena n-áirítear Seantrabh, Baile Maidheac agus Baile an tSiarlaigh, mar aon le tailte i mBaile Munna thuaidh.

BAILE AN tSIARLAIGH AGUS BAILE MAIDHEAC

Tá pobail Bhaile an tSiarlaigh agus Bhaile Maideac mar chuid de lonnaíocht chónaithe thábhachtach laisteas den M50 i ndeisceart Fhine Gall, in aice le Cathair Bhaile Átha Cliath. Tá freastal maith sa cheantar ar áiseanna miondíola atá dírithe ar Ionad Siopadóireachta Bhaile an tSiarlaigh, agus tá scoileanna agus áiseanna pobail in aice láimhe laistigh de limistéar na Comhairle Cathraí.

 

Straitéis Forbartha

 

Comhdhlúthaigh forbairt Bhaile an tSiarlaigh agus Bhaile Maidheac ar bhealach comhordaithe trí ról Ionad Bhaile an tSiarlaigh mar lárionad pobail a chur chun cinn is a fheabhsú, agus trí chomhtháthú agus naisc le Fine Gall agus na hionaid tionscail thart timpeall air a fheabhsú.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile an tSiarlaigh agus Bhaile Mhaidheac


Cuspóir BHAILE AN tSIARLAIGH AGUS BHAILE MAIDHEAC 1

Forbair sainiúlacht pobail feabhsaithe laistigh d'Fhine Gall trí fheabhsú áiseanna cónaithe agus trí chur chun cinn úsáidí measctha, úsáidí cónaithe san áireamh, in Ionad Bhaile an tSiarlaigh.


Cuspóir BHAILE AN tSIARLAIGH AGUS BHAILE MAIDHEAC 2

Lean d'fheabhsú agus de chur ar fáil áiseanna leasaithe pobail agus fóillíochta le béim ar leith ar ionad pobail a fhreastalóidh ar riachtanais spóirt agus pobail an cheantair, lena n-áireofar soláthar seomraí gléasta más gá, agus feabhsuithe ar chaighdeáin spáis oscailte.


Cuspóir BHAILE AN tSIARLAIGH AGUS BHAILE MAIDHEAC 3

Lean d'éascú an fhóraim thrasteorann réamhbhunaithe, a chuimsíonn Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chun forbairt a chomhordú idir Limistéar Thiar Thuaidh Bhaile Átha Cliath (lena n-áirítear codanna de Sheantrabh, Crann Phapáin agus Baile Munna) agus na ceantair taobh leis i bhFine Gall lena n-áirítear Seantrabh, Baile Maidheac agus Baile an tSiarlaigh, mar aon le tailte i mBaile Munna thuaidh.

PORT REACHRANN

Is lonnaíocht ar leith í Port Reachrann atá suite in oirthuaisceart Inbhear Dhomhnach Bat agus a bhaineann tairbhe as go leor áiseanna nádúrtha dá dheasca sin. Cuimsíonn sé trí limistéar ar leith: Sráidbhaile Phort Reachrann, an Coinicéar agus Ospidéal Naomh Íde. De dheasca thábhacht na hoidhreachta tógtha agus nádúrtha, ní mór go léireoidh aon fhorbraíocht sa cheantar seo a hinbhuanacht agus go gcosnóidh sé na Suíomhanna Eorpacha atá suite in aice láimhe, a chuimsíonn Inbhear Bhaile Roiséir. Tá dhá LCAanna i bPort Reachrann chomh maith, mar atá ollionad Naomh Íde agus an Chearnóg Liath. Beidh na beartais maidir le Port Reachrann ar aon dul leis na beartais do bhailte beaga atá sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí.

Ospidéal Naomh Íde

Tá ollionad an ospidéil thar a bheith leathan agus cuimsíonn sé an-chuid déanmhas cosanta agus foirgnimh tarraingteacha atá suite i dtírdhreach leathan den chineál diméine. Tá na gnéithe tógála laistigh den ollionad ina struchtúir shainchomhartha atá sofheicthe i bhfad ón gcósta, go háirithe ó dheas. Tá radharcanna cósta iontacha le feiceáil ón suíomh seo, atá beagáinín ardaithe. Ba í an Chomhairle a shonraigh gur gá roghanna a iniúchadh maidir le hathúsáid agus athchóiriú barrmhaith an ollionaid Déanmhas Cosanta suite laistigh de shuíomh na Diméine, chun úsáid inbhuanaithe na sainacmhainne tábhachtaí seo sa todhchaí a chinntiú. I mí na Samhna 2013, chuir Comhairle Contae Fhine Gall agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i gcomhar lena chéile, staidéar féidearthachta i gcrích chun úsáid inbhuanaithe barrmhaith an ollionaid seo sa todhchaí a mheas agus chun machnamh a dhéanamh ar fhorbairt áiseanna cúram sláinte síciatracha agus cúnta nua-aimseartha a chuirfeadh íogaireachtaí cultúrtha, físiúla agus eiceolaíocha an tsuímh san áireamh.

 

Sonraíonn an Staidéar Féidearthachta ollionad agus diméin Naomh Íde mar shuíomh oiriúnach d'fhorbairt áiseanna cúram sláinte síciatracha agus cúnta nua-aimseartha (ar féidir leis soláthar Ospidéal Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a chuimsiú). Tugann sé tús áite freisin d'athúsáid na bhfoirgnimh ospidéil atá anois ann (a bhfuil an-chuid acu ina nDéanmhais Chosanta),mar aon lena gcothabháil agus a mbainistíocht amach anseo; na crainn agus an choillearnach atá ann cheana a chothabháil agus a bhainistiú go leanúnach agus bealaí rochtana a sholáthar agus a chothabháil le go mbeidh cead gluaiseachta iomchuí ag an bpobal tríd an láithreán.

 

Is é aidhm Comhairle Contae Fhine Gall tacú go gníomhach le cur i bhfeidhm na gcuspóirí atá leagtha síos sa staidéar féidearthachta seo, go háirithe iad siúd a bhaineann le:

  • Forbairt áiseanna cúram sláinte síciatracha agus cúnta nua-aimseartha (ar féidir le soláthar Ospidéal Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a bheith cuimsithe) laistigh d'ollionad Naomh Íde.

  • Athúsáid Déanmhas Cosanta chun críche úsáidí cuí, mar aon le cothabháil agus bainistíocht leanúnach na struchtúr sin amach anseo;

  • Cothabháil agus bainistíocht leanúnach thírdhreach na Diméine a chuimsíonn crainn agus coillearnach, ar cuid shainiúil iad den tírdhreach ar leith seo;

  • Cothabháil agus freastal ar leibhéal cuí inrochtaine poiblí tríd an suíomh.

Straitéis Forbartha

Cosain is coimeád sainghnéithe shráidbhaile Phort Reachrann agus cosain is feabhsaigh na háiseanna nádúrtha agus an oidhreacht thógtha atá ann faoi láthair. Daingnigh foirm uirbeach an tsráidbhaile agus feabhsaigh áiseanna seirbhísí áitiúla. Cinntigh go gcosnófar an Coinicéar ar fhorbraíocht neamhoiriúnach, rud a chuimsíonn nach mór d'aon fhorbairt Oiriúnú d’Athrú Aeráide a chuir san áireamh ina iomláine.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Phort Reachrann


Cuspóir PHORT REACHRANN 1

Chun tacú go gníomhach le cur i bhfeidhm na gcuspóirí atá leagtha síos sa Staidéar Féidearthachta i dtaca le Tailte Ospidéal Naomh Íde a críochnaíodh i Samhain 2013, a chuimsíonn go sonrach na cuspóirí a bhaineann le:

  • Forbairt áiseanna cúram sláinte síciatracha agus cúnta nua-aimseartha (ar féidir le soláthar Ospidéal Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a bheith cuimsithe) laistigh d'ollionad Naomh Íde.

  • Athúsáid Déanmhas Cosanta chun críche úsáidí cuí, mar aon le cothabháil agus bainistíocht leanúnach na struchtúr sin amach anseo;

  • Cothabháil agus bainistíocht leanúnach thírdhreach aa Diméine a chuimsíonn crainn agus coillearnach, ar cuid shainiúil iad den tírdhreach ar leith seo; agus

  • Cothabháil agus freastal ar leibhéal cuí inrochtaine poiblí tríd an suíomh.


Cuspóir PHORT REACHRANN 2

Cuir áiseanna fóillíochta ar fáil do dhaonra an Inbhir, atá ag méadú, sa chaoi go gcuirfear íogaireachtaí éiceolaíocha an chósta, lena n-áirítear Suíomhanna Eorpacha, san áireamh.


Cuspóir PHORT REACHRANN 3

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach do lár shráidbhaile Phort Reachrann, a chuimseoidh an talamh neamhfhorbartha laisteas de shráidbhaile Phort Reachrann atá criosaithe mar thalamh chónaithe, chun forbairt na todhchaí a threorú agus a thréithriú. Cinnteofar sa Phlean go ndéanfaidh a leithéid d'fhorbairt soláthar do chosaint áiseanna físiúla agus do shainghnéithe an cheantair seo atá suite laistigh de LCA ag Ospidéal Naomh Íde agus LCA ag Ospidéal is Diméin Naomh Íde, agus atá in aice le LCA eile sa Chearnóg Liath. Sa Phlean do Chreat Uirbeach, déanfar machnamh ar chur chun cinn sráid-dreacha feadh theorainn na talún neamhfhorbartha a bhfuil aghaidh aici ar Fhaiche Phort Reachrann. Áireofar straitéis réimse phoiblí sa Phlean do Chreat Uirbeach.


Cuspóir PHORT REACHRANN 4

Cothaigh agus éascaigh forbairt seirbhís bus tointeála a nascfaidh Domhnach Bat agus Port Reachrann leis an Meitreo Thuaidh nua atá molta agus le seirbhísí bus comaitéireachta Shoird.


Cuspóir PHORT REACHRANN 5

Cinntigh go gcosnófar ceantar cósta íogair inbhear an Choinicéir oiread is atá riachtanach agus go gcuirfear measúnú comhshaoil i bhfeidhm, lena n-áirítear Scagthástáil um Mheasúnacht Chuí, i gcás aon fhorbraíochtaí atá molta.


Cuspóir PHORT REACHRANN 6

Maidir le fáil réidh le seallaí/botháin saoire agus áiteanna cónaithe buana a chur ina n-áit ar féidir cónaí iontu ó cheann ceann na bliana laistigh de thalamh atá criosaithe mar Limistéar Líon Mór Áiseanna sa Choinicéar, déanfar machnamh air seo i gcomhthéacs fianaise doiciméadaí infhíoraithe a thaispeánann go bhfuil an t-aonad áitithe ó cheann ceann bliana agus go bhfuil sin amhlaidh le tréimhse 7 mbliana anuas ar a laghad, baol tuilte, méid an tsuímh, caighdeán an GCC maidir le diúscairt uisce fuíll, bealaí rochtana, tionchair ar na Gnáthóga a luaitear i dTreoir Gnáthóg Aguisín I a chuimsíonn na príomhghnáthóga, dumhcha seasta agus speicis faoi chosaint, agus caighdeán oiriúnach eile.


Cuspóir PHORT REACHRANN 7

Déan soláthar do bhealaí coisithe agus rothaíochta idir Phort Reachrann agus Domhnach Bat sa chaoi go gcuirfear na tionchair ar éagsúlacht éiceolaíoch timpeall ar Dhiméin Phort Reachrann san áireamh.


Cuspóir PHORT REACHRANN 8

Cosain agus feabhsaigh suíomh:

  1. Thúr Stella (Caisleán Bob) agus déan iniúchadh ar fhéidearthachtaí maidir len é a fhorbairt mar áis áitiúil pobail, turasóireachta agus oidhreachta cultúrtha;

  2. Eaglais Naomh Chaitríona.

4.3 Ceantar Cúltíre 

BAILE BRIGÍN

Tá Baile Brigín ainmnithe mar ‘Phríomhionad Forbartha’ san SNS agus mar Bhaile Mór Fáis Leibhéal II sna TPRanna. Tá sé suite thart ar 18 ciliméadar lastuaidh de Shord, inrochtana ó Mhótarbhealach an M1, agus is féidir é a shroichint freisin tríd an phríomhlíne iarnróid ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste agus trí sheirbhísí comaitéireachta chuig Cathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé forbartha ina bhaile mór cónaithe i dtuaisceart an chontae agus tá daonra óg ann atá méadaithe faoi dhó ar a laghad le fiche bliain anuas. Is é an daonra reatha sa bhaile ná thart ar 20,000 duine. Tá tionscadail bhonneagair mhóra curtha i bhfeidhm ar fud an bhaile agus sa cheantar máguaird a bhaineann le huasghráduithe ar an gcóras soláthar uisce,le draenáil séarachais agus le bonneagar bóithre. Tá leathanbhanda eFibre ar fáil i mBaile Brigín atá in ann leathanbhanda snáithín ríthapa de suas le 100 meigibheart a sholáthar.

Railway station

Tá an Plean do Chreat Deartha Uirbigh tar éis sráíd-dreach lár an bhaile a fheabhsú as cuimse. Sa Phlean do Chreat Deartha Uirbigh, ainmníodh suíomhanna forbartha laistigh de lár an bhaile a mbeadh féidearthachtaí ann maidir lena bhforbairt. Is gné lárnach d'athnuachan lár an bhaile é cur i bhfeidhm an Phlean seo. Anuas air sin, tá Plean Réimse Phoiblí Bhaile Brigín – ‘Croílár Bhaile Brigín’, atá á urrú ag an gComhairle Oidhreachta, bunaithe ar chreat láidir rannpháirtíochta poiblí, agus tá sé d'aidhm aige díriú ar dhaingniú chaipiteal shóisialta, eacnamaíoch agus chomhshaoil an bhaile chun ról lárnach lár an bhaile agus an cheantair mháguaird a chur chun cinn d'fhonn pobal inbhuanaithe a fhorbairt. Spreagfaidh na tograí seo, mar aon le feabhsuithe bonneagair agus comhshaoil, níos mó forbartha agus infheistíochta i mBaile Brigín.

 

Cuirfear féidearthachtaí suntasacha ar fáil don bhaile trí thailte atá criosaithe d'ardteicneolaíocht agus d'fhorbairt ghinearálta tionscail, agus trí fheabhsuithe suntasacha bonneagair is comhshaoil a éascóidh rochtain ar phríomhchonair iompar, calafoirt, agus líonraí iarnróid is aeir. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta obair le páirtithe leasmhara ionadaíocha cosúil leis an Údarás Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann agus an Comhlachas Tráchtála áitiúil, chun spreagthóirí fostaíochta a mhealladh chun an bhaile agus cuidiú leo. Is idirghabhálaí tábhachtach é Comhlachas Tráchtála Bhaile Brigín ó thaobh cabhrú le fás gnó áitiúil trí réimse tionscnamh leanúnach a chur ar fáil chun borradh a chur faoin ngeilleagar áitiúil.

 

Tá Ceantar Cruthaitheach Bhaile Brigín, atá suite timpeall ar an stáisiún traenach, ina phobal gnólachtaí beaga, trádálaithe aonair agus gnólachtaí nuathionscanta dírithe ar dhearadh, a bhfuil d'aidhm acu atmaisféar oscailte, proifisiúnta a chothú chun go nginfear deiseanna forbartha cruthaitheacha. Cuireann Ionad BEAT Bhaile Brigín, atá suite i mBaile Stiofáin, réimse seirbhísí ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus gnólachtaí atá i mbun fáis, agus spreagann sé forbairt ghnó trí mheantóireacht agus traenáil.

 

Tá acmhainneacht turasóireachta suntasach ag Baile Brigín ó thaobh a oidhreachta agus a áiseanna tógtha is nádúrtha, go háirithe i bhfianaise a shuímh chósta a bhfuil trá ghainimh agus cuan tarraingteach ann. Tá croílár Bhaile Brigín ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta.

 

Má leantar d'infheistíocht isteach i mBaile Brigín, beidh sé in ann lán a chumais a bhaint amach mar phobal fuinniúil, inbhuanaithe ar féidir cónaí ann, dul ann mar chuairteoir agus infheistíocht a dhéanamh ann.

Straitéis Forbartha

 

Lean d'fhorbairt agus d'athnuachan an bhaile ar aon dul lena ainmniú mar Bhaile Mór Fáis II agus mar 'bhaile fáis eacnamaíoch thánaistaigh’ sna TPRanna. Beidh forbairt dírithe ar an mbaile mar phríomhionad tráchtála, tionscail, miondíola agus sóisialta i dtuaisceart an chontae, a fhreastalóidh ar riachtanais an phobail i mbun forbartha agus a chuirfidh fás fostaíochta inbhuanaithe, áitiúla sna hearnálacha tionscail, seirbhíse agus turasóireachta chun cinn.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile Brigín


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 1

Déan forbairt agus fás Bhaile Brigín mar phríomhionad seirbhíse, sóisialta, cultúrtha agus turasóireachta áitiúla i dtuaisceart Fhine Gall a chur chun cinn agus a éascú.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 2

Éascaigh cur i bhfeidhm an Chreata do Phlean Deartha Uirbigh agus an Phlean Réimse Phoiblí Bhaile Brigín le haghaidh lár an bhaile chun athnuachan na suíomhanna forbartha ainmnithe laistigh de lár an bhaile a spreagadh.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 3

Comhoibrigh le páirtithe leasmhara ionadaíocha, go háirithe an tÚdaras Forbartha Tionscail, Fiontraíocht Éireann agus an Comhlachas Tráchtála áitiúil, chun spreagthóirí fostaíochta a mhealladh chun an bhaile agus cabhrú leo.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 4

Forbair Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór, a chuimseoidh Molionad Gníomhach Fóillíochta ina gcuirfear áiseanna comhtháite spóirt ar fáil a fhreastalóidh ar Bhaile Brigín agus an ceantar máguaird, lena n-áireofar pleananna, athchóiriú agus úsáid Chaisleán Bhrí Mhór, Iostán Bell, Teach Báid agus an Bhataire a éascú mar áiseanna pobail, mar aon le músaem muirí/músaem agus áis chathrach a fhreastalóidh ar an mbaile.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 5

Cuir tógáil agus forbairt áis oideachais tríú leibhéal chun cinn agus éascaigh é


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 6

Réitigh Straitéis Athnuachana do Chuan Bhaile Brigín i gcomhar le hiascairí, gnólachtaí agus grúpaí pobail áitiúla, ar chaoi a chuirfidh a shainghnéithe stairiúla san áireamh faoi réir Scagthástála um Mheasúnacht Chuí.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 7

Caomhnaigh agus feabhsaigh bealaí rochtana go dti an cuan, na tránna agus an cladach, agus san am céanna, cosain na hacmhainní comhshaoil, a chuimsíonn íogaireachtaí uisce, bithéagsúlachta agus tírdhreacha.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 8

Éascaigh forbairt Ionad Caomhnaithe agus Oideachais Mhuirí.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 9

Déan forbairt linn snámha agus ollionad spóirt laistigh den bhaile a chur chun cinn agus a éascú.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 10

Cothaigh agus éascaigh forbairt conair éiceolaíche feadh Shruthán Mhait, lena n-áireofar Páirc an Bhaile laistiar de Shráid Vauxhall.


Objective BALBRIGGAN 11

Déan cinnte go bhfuil córas slán, áisiúil bóithre, coisithe agus rothaíochta ann a chuirfidh tréscaoilteacht, inrochtaine agus nascacht chun cinn idir fhorbraíochtaí réamhbhunaithe agus forbraíochtaí nua laistigh den bhaile.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 12

Cothaigh agus éascaigh an stáisiún iarnróid (ar déanmhas cosanta é) agus an tseirbhís iarnróid, a chuimseoidh leathnú na seirbhíse iarnróid DART chuig Baile Brigín.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 13

Déan feidhmiú dhá sheirbhís bus idirnasctha a chur chun cinn agus a éascú chun an ceantar cónaithe a nascadh le lár an bhaile, le seirbhísí iarnróid agus bus comaitéireachta, agus le ceantair thionscail Bhaile Stiofáin, agus éascaigh cur ar fáil scéim páirceála agus taistil i suíomh cuí in aice leis na bealaí bus idirnasctha.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 14

Cuir forbairt clárchosáin ardaithe feadh imeall na trá chun cinn agus éascaigh é.


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 15

Déan soláthar Ionad Ealaíon agus Cultúir i mBaile Brigín a chur chun cinn agus a éascú, lena n-áireofar spás músaem agus taispeántais.

Pleananna Limistéir Áitiúla agus Máistirphleananna


Cuspóir BHAILE BRIGÍN 16

Réitigh na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

  • Máistirphlean Bhaile Brigín Thiar Thuaidh (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.B)

  • Máistirphlean Bhaile an Phúcaigh Beag (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.C)

  • Máistirphlean Lána Bhaile an Phléimeannaigh (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.A)

  • Máistirphlean Bhaile Stiofáin (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.D)

  • Máistirphlean Fearann an Chaisleáin (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.E)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i ngach Máistirphlean. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Máistirphlean Bhaile Brigín Thiar Thuaidh

  • Cuir clár ar fáil do chéimniú tógála i dtaca le forbraíochtaí cónaithe agus tráchtála ar aon uain le soláthar bonneagar iompair, fóillíochta, pobail agus oideachais.

 

Máistirphlean Bhaile an Phúcaigh Beag

  • Éascaigh úsáidí fostaíochta ginearálta i suíomh tírdhreacha d'ardchaighdeán.

  • Déan soláthar d'fhoirgnimh de dhearadh ailtireachta le bailchríocha d'ardchaighdeán a thabharfaidh aghaidh ar (i) Bhóthar na hAille, (ii) Lána an Phúcaigh agus (iii) an gConair Spáis Oscailte agus Éiceolaíoch.

 

Máistirphlean Lána Bhaile an Phléimeannaigh

  • Déan soláthar d'fhoirgnimh de dhearadh ailtireachta le bailchríocha d'ardchaighdeán.

  • Cuirfear mionstaidéar seandálaíochta i bhfeidhm roimh aon dearadh nó leagan amach d'fhorbraíocht molta do na tailte seo.

  • Ceadaigh tithíocht ísealdlúis amháin.

  • Déan soláthar do cheansú tráchta agus d'athrú cúrsa suntasach ar Lána an Phléimeannaigh.

 

Máistirphlean Bhaile Stiofáin

  • Déan soláthar d'fhoirgnimh de dhearadh ailtireachta le bailchríocha d'ardchaighdeán a thabharfaidh aghaidh ar Bhóthar na hAille.

 

Máistirphlean Fhearann an Chaisleáin

  • Déan soláthar do choimeád an tsiúlbhealaigh thraidisiúnta ó Choill na Giúise chomh fada le Diméin Hampton.

  • Cuir anailís riachtanas i bhfeidhm chun soláthar a dhéanamh d'áis phobail nua de mhéid 300 méadar cearnach a bheidh suite laistigh de Bhaile Brigín Thoir.

LUSCA

Tá Lusca ainmnithe mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe de réir na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí 2010-2022. Le blianta beaga anuas tá Lusca fásta ó shráidbhaile go baile beag. Is lonnaíocht stairiúil é Lusca le hoidhreacht thógtha suntasach agus sainiúlacht ar leith, ar féidir í a aithint ar an bpátrún sráide meánaoiseach i gcroílár an bhaile agus ar roinnt déanmhas cosanta. Tá iar-Eaglais na hÉireann ón 19ú haois suite i lár an bhaile, a bhfuil choigtheach ón luathré Chríostaí agus túr meánaoiseach (thart ar 1500 AD) in aice láimhe, mar aon le hionad adhlactha. Tá an t-ionad seo ina ghné cheannasach de lár an bhaile. Mar thoradh ar an stair fhada lonnaíochta leanúnaí sa bhaile agus sa cheantar máguaird ón aois réamhstairiúil ar aghaidh, tá neart seandálaíochta agus foirgneamh dúchasach traidisiúnta, mar aon le sainphátrún sráide meánaoiseach, le haithint timpeall lár an bhaile, atá ina LCA ainmnithe. Tá Inbhear Bhaile Roiséir, atá suite laisteas den bhaile, ina Shuíomh Eorpach nach mór a chosaint amach anseo.

Straitéis Forbartha

 

Caomhnaigh agus feabhsaigh sainghnéithe ar leith chroílár an bhaile, comhdhlúthaigh fás pleanáilte an bhaile agus cinntigh go leathnófar leibhéal na seirbhísí miondíola agus áitiúla atá ar fáil laistigh de lár an bhaile agus in aice leis, chun freastal ar a dhaonra atá i mbun fáis. Ba chóir go mbeadh soláthar miondíola i Lusca féinchothabhálach de réir ról Lusca mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe sna TPRanna. D'fhonn pátrúin chomaitéireachta neamh-inbhuanaithe a sheachaint, ba chóir go gcuirfear forbairt miondíola i bhfeidhm sa chaoi go bhfreastalófar ar riachtanais na lonnaíochtaí réamhbhunaithe agus na cúltíre tuaithe a bhaineann leo, ach nach meallfar comaitéireacht isteach ó bhailte in aice láimhe. Comhdhlúthfar forbraíochtaí réamhbhunaithe agus forbraíochtaí na todhchaí laistigh de theorainneacha baile atá sonraithe go soiléir, agus coimeádfar deighilt fisiciúil ar leith idir an Ros agus Lusca.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Lusca


Cuspóír LUSCA 1

Cosain agus caomhnaigh sainghnéithe speisialta chroílár Lusca, a chuimsíonn an limistéar i lár an bhaile le poitéinseal seandálaíochta, faoi réir shainiúlacht fisiciúla agus sóisialta lár an bhaile, go háirithe i gcóngaracht Eaglais Mhic Cuilinn agus na Príomhshráide, agus cothaigh cur chuige caomhantais i leith chomhdhlúthú agus athfhorbairt chroílár an bhaile.


Cuspóír LUSCA 2

Cosain radharcanna luachmhara, suntasacha an tsuímh mhanachúil atá feiceálach ó na bóithre uilig isteach chuig an mbaile, ó limistéir shuntasacha spáis oscailte agus ó cheantair mháguaird.


Cuspóír LUSCA 3

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach de réir mar is gá chun forbairt lár Lusca a threorú agus a thréithriú, agus cinntigh go háirithe go gcuimseofar i bhforbairt na todhchaí, i measc rudaí eile:

  • Feabhsú shuíomh Eaglais, Cloigtheach agus Ionad Adhlactha Mhic Cuilinn, a oscailteacht san áireamh, agus a chosaint ar fhorbraíocht neamhoiriúnach.

  • Soláthar do charrchlós beag i gcomhair Eaglais Mhic Cuilinn.

  • Cur chun cinn agus éascú moltaí spáis oscailte a chuirfeadh go suntasach le hoscailteacht agus le sainghné stairiúil Phríomhlimistéar Lusca Istigh is Amuigh.

  • Cinntiú go léireoidh forbraíochtaí nua meas ar shainiúlacht Phríomhlimistéar Lusca Istigh is Amuigh.

  • Úsáidfear ábhair agus bailchríocha d'ardchaighdeán ar aghaidheanna na mballaí agus na ndíonta laistigh de na Príomhlimistéir Istigh is Amuigh.

  • Tá cosc ar fhoirgnimh níos mó ná aon stór amháin sa Phríomhlimistéar Istigh, ach amháin i gcás bonn chirt ar leith. I gcás áiteanna cónaithe dhá stór réamhbhunaithe, d'fhéadfaí méaduithe dhá stór a bheith ceadaithe má chomhlíonann siad riachtanais Cuspóirí eile.

  • Tá cosc ar fhoirgnimh níos mó ná dhá stór laistigh den Phríomhlimistéar Cosanta Amuigh ach amháin, b'fhéidir, an príomhshuíomh garáiste. Ní ghabhfaidh forbraíocht an phríomhshuímh gharáiste thar thrí mhéadar ar airde ach i gcás bonn chirt ar leith. I gcás ar bith, dearfar forbraíochtaí sa chaoi nach gcuirfidh siad isteach ar na radharcanna suntasacha ar iar-Eaglais Mhic Cuilinn atá le feiceáil ar an mbealach isteach ó theas.

  • Déan soláthar do Chearnóg Chathartha agus cinntigh go n-éascaíonn aon fhorbairt atá molta i gcóngaracht acomhal na Príomhshráide, Bhóthar an Stáisiúin agus Bhóthar na hEaglaise, cur ar fáil Cearnóg Cathartha d'ardchaighdeán.

  • Déan soláthar do chearta slí coisithe tríd an bhaile, a chuimsíonn an bealach ó Bhóthar na hEaglaise chomh fada le Bóthar Oifig an Phoist; agus ó Bhóthar na hEaglaise chomh fada leis an bPáirc Bhaile atá molta agus níos faide anonn go Bóthar Bhaile Átha Cliath.


Cuspóír LUSCA 4

Lean d'úsáid fálta sceach mar theorainneacha, atá ina sainghé thraidisiúnta den bhaile; beidh sé riachtanach na teorainneacha fálta sceach agus crann atá ann anois a chosaint agus a fheabhsú seachas i gcásanna ar gá cuid acu a bhaint chun bealaí rochtana a éascú, agus cothaigh cur fálta sceach agus crann trí úsáid speicis dhúchasacha i bhforbraíochtaí nua.


Cuspóír LUSCA 5

Forbair conair oidhreachta don bhaile a sholáthróidh léirmhíniú ar oidhreacht thógtha agus nádúrtha Lusca.


Cuspóír LUSCA 6

Forbair Molionad Gníomhach Fóillíochta a fhreastalóidh ar Lusca agus an ceantar máguaird.


Cuspóír LUSCA 7

Cinntigh go gcomhdhlúthfar forbraíochtaí réamhbhunaithe agus forbraíochtaí na todhchaí laistigh de theorainneacha baile atá sonraithe go soiléir, chun an saindeighilt fisiciúil idir Lusca agus an Ros a chaomhnú.


Cuspóír LUSCA 8

Spreag athchóiriú an iostáin sheanbhunaithe (iarshiopa ceann tuí) a roinneann teorainn le Bóthar na hEaglaise agus déan tuí a athchur air.


Cuspóír LUSCA 9

Cruthaigh naisc choisithe agus rothaíochta idir Lusca agus Baile Amhlaoimh; agus idir Lusca agus an stáisiún traenach.


Cuspóír LUSCA 10

Cothaigh agus éascaigh feidhmiú seirbhís tointeála bus chuig an stáisiún traenach, mar aon le naisc bhus d'ardchaighdeán idir Lusca agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.

Máistirphleananna


Objective LUSK 11

Réitigh na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

 

  • Máistirphlean Lusca Thuaidh (féach Bileog Léarscáile 6A: MP 6.A)

  • Máistirphlean Bhóthar an Mhinitéaraigh (féach Bileog Léarscáile 6A: MP 6.B)

  • Máistirphlean Bhóthar an Stáisiúin (féach Bileog Léarscáile 6A: MP 6.C)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i ngach Máistirphlean. Ní liosta uileghabhálach é seo.

Máistirphlean Lusca Thuaidh

  • Cinntigh go n-éascaíonn réiteach na Máistirphleananna forbairt na dtailte sa chaoi gur féidir meánscoil, áiseanna pobail, páirceanna imeartha, talamh pháirce agus forbraíochtaí cónaithe a fhorbairt, ar bhealach a chuirfidh forbairt na dtailte i bhfeidhm go cuimsitheach, cóir, agus a dhéanfaidh an fhorbairt a chéimniú dá réir chun cinntiú go bhforbrófar na háiseanna ar aon uain leis an bhforbraíocht chónaithe.

  • Déan soláthar do thithe móra a bheadh oiriúnach do theaghlaigh, sa chaoi gur féidir le teaghlaigh atá anois i dtithe ar dhá nó trí sheomra bogadh go teach níos mó. Is tithe teaghlaigh ar 4 sheomra nó níos mó a bheidh in 80% ar a laghad de na haonaid nua tithíochta, agus beidh 50% dóibh siúd ina dtithe scoite.

  • Cinntigh nach gcuirfear aon fhorbairt i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh an Chomhairle le Plean Bainistíochta d'Inbhear Bhaile Roiséir Lasmuigh. Cuimseofar sa Phlean Bainistíochta sprioc-am maidir le cur i bhfeidhm beartas bainistíochta.

 

Máistirphlean Bhóthar an Mhinitéaraigh

  • Déan soláthar d'Áis Phobail nua de mhéid 300 méadar cearnach ar a laghad.

  • Déan soláthar d'fhorbraíocht chónaithe chéimnithe, agus san am céanna, cinntigh go gcuirfear páirceanna imeartha agus an Áis Phobail ar fáil go comhuaineach.

  • Cinntigh nach gcuirfear aon fhorbairt i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh an Chomhairle le Plean Bainistíochta d'Inbhear Bhaile Roiséir Lasmuigh. Cuimseofar sa Phlean Bainistíochta sprioc-am maidir le cur i bhfeidhm beartas bainistíochta.

 

Máistirphlean Bhóthar an Stáisiúin

  • Déan soláthar d'fhorbraíocht úsáide measctha a chuirfear ar fáil ar bhonn céimnithe de réir candaim chuí d'fhorbairt mhiondíola don bhaile, agus ar chaoi chomhtháite inbhuanaithe a chuirfidh feidhm lár an bhaile san áireamh go hiomlán.

  • Déan soláthar do shráid-dreach le faobhar láidir uirbeach ar an mbealach isteach anoir chuig baile Lusca.

  • Cinntigh nach gcuirfear aon fhorbairt i bhfeidhm go dtí go nglacfaidh an Chomhairle le Plean Bainistíochta d'Inbhear Bhaile Roiséir Lasmuigh. Cuimseofar sa Phlean Bainistíochta sprioc-am maidir le cur i bhfeidhm beartas bainistíochta.

AN ROS

Tá sainiúlacht agus stair ar leith ag baint leis an Ros. Tá sé ainmnithe mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí 2010-2022. Is baile líneach é an Ros, a bhfuil a Phríomhshráid ina chroílár de, agus tá traidisiún láidir garraíodóireacht margaidh sa bhaile agus timpeall air. Tá claonadh ann ar na mallaibh i dtreo athlonnú obair gairneoireachta chuig an gceantar tuaithe laistiar den bhaile agus i dtreo forbairt pobal cónaithe nua. Faoi láthair tá daonra thart ar 8,500 duine sa Ros. Tá neart féidearthachtaí turasóireachta ag baint leis, lena n-áirítear dha thrá, dhá chuan, agus a chóngaracht do Dhún Ceann Tíre Dhroim Meánach is siúlbhealaí cósta. Tá an baile suite in aice le hInbhear Bhaile Roiséir, atá ainmnithe mar Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta (LChaS) agus mar Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS) de réir an líonra Natura 2000 / Suíomhanna Eorpacha. Ní mór go gcuirfear cosaint an Inbhir san áireamh i gcás forbartha sa Ros amach anseo.

 

Straitéis Forbartha

 

Leathnaigh lár an bhaile mar ionad tráchtála, miondíola, fostaíochta agus seirbhísí a fhreastalóidh ar an daonra atá ag méadú, de réir ainmniúchán an bhaile mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe. Áirítear sa straitéis deiseanna ó thaobh gnó thuaithe agus fostaíocht tionscail ginearálta. I dtaca leis seo, tá tailte criosaithe d'fhorbairt garraíodóireacht margaidh/gnó tuaithe agus d'fhostaíocht/forbairt gnó ghinearálta laistiar den bhaile san áit is inrochtana. Is cuid den straitéis um fhorbairt inbhuanaithe an bhaile iad na córais bhóithre nua atá molta, mar aon leis na bóithre atá ann faoi láthair. Tacaíonn an straitéis le caomhnú shainghnéithe an bhaile, le coimeád a thraidisiúin garraíodóireacht margaidh, le cosaint agus feabhsú áiseanna agus le cur chun cinn an bhaile mar cheann scríbe turasóireachta. Ba chóir go mbeadh soláthar miondíola sa Ros féinchothabhálach de réir ról an Rois mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe sna TPRanna. D'fhonn pátrúin chomaitéireachta neamh-inbhuanaithe a sheachaint, ba chóir go gcuirfear forbairt miondíola i bhfeidhm sa chaoi go bhfreastalófar ar riachtanais na lonnaíochta seanbhunaithe agus a cúltíre tuaithe, ach nach meallfar comaitéireacht isteach ó bhailte in aice láimhe. Is bunphrionsabal de chuid na straitéise forbartha é comhdhlúthú an Rois agus deighilt shoiléir, fisiciúil an Rois agus Lusca ina mbailte aonair.

 

An Cladach Theas

 

Cuimsíonn Cladach Theas an Rois gabháltais bheaga go príomha, a bhfuil meascán de gharraíodóireacht margaidh, agus tithíocht aonair is cnuastithíocht iontu. Tá an ceantar i mbaol creimeadh cósta in áiteanna, agus i gcás pleanála don cheantar seo, ní mór riachtanais chosanta Inbhear Bhaile an Roiséir mar LChaS agus mar LChoS a chur san áireamh. Tá pátrún forbartha cónaithe le sonrú den chuid is mó, lena n-áirítear roinnt suíomhanna folmha ar leith agus roinnt gníomhaíochtaí gairneoireachta atá fós ar siúl. Agus aitheantas á thabhairt do mheascán réamhbhunaithe úsáid talún gairneoireachta agus cónaithí an cheantair seo, mar aon le soláthar bonneagar seirbhísí uisce, beidh an straitéis lonnaíochta i dtaca le tithíocht faoin tuath níos solúbtha laistigh den limistéar atá línithe ar léarscáileanna an Phlean Fhorbartha. Tá an limistéar seo suite laisteas agus lastoir den R128 ag an acomhal le Bóthar an Tobair díreach laistiar den Ros. Tá straitéis lonnaíochta an limistéir seo leagtha amach i gCaibidil 5: Fine Gall Tuaithe an Phlean

 

An Cladach Thuaidh

 

Tá an Cladach Thuaidh i mbaol creimeadh cósta agus leochaileach maidir le himpleachtaí athrú aeráide. Tá sé faoi bhrú i dtaca le hionadú bothán saoire/seallaí, agus tá coimhlint le fadhb an chreimthe chósta thuasluaite ag teacht chun cinn dá bharr. Ar an ábhar sin, tá sé molta go dtabharfaí faoi staidéar chun iniúchadh a dhéanamh ar na ceisteanna seo. Tá tagairtí i gCaibidil 5 freisin don pholasaí maidir le hionadú bothán saoire/seallaí: Fine Gall Tuaithe an Phlean

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile An Rois


Cuspóir AN ROIS 1

Éascaigh forbairt an Rois mar bhaile beoga agus caomhnaigh a thraidisiún garraíodóireacht margaidh.


Cuspóir AN ROIS 2

Spreag cur chun cinn turasóireacht inbhuanaithe sa Ros agus éascaigh forbairt áiseanna taitneamhachta do thurasóirí, go háirithe maidir le forbairt saoráidí óstáin sa Ros.


Cuspóir AN ROIS 3

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach chun forbairt na todhchaí a threorú agus a thréithriú, lena n-áireofar cur chun cinn tréscaoilteachta agus inrochtaine laistigh de lár an bhaile; cuir treorú maidir le dearadh ar fáil ionas gur féidir déileáil le suíomhanna a d'fhéadfadh a bheith oiriúnach d'fhorbairt inlíonta; agus soláthair beartais a chabhróidh le hathnuachan an Chuain.


Cuspóir AN ROIS 4

Caomhnaigh agus feabhsaigh áiseanna cósta an Rois, lena n-áireofar tógáil siúlbhealaigh chósta ó Inbhear Bhaile Roiséir chomh fada le Cuan an Rois agus Baile Amhlaoibh mar chuid de Bhealach Cósta Fhine Gall faoi réir Scagthástála um Mheasúnacht Chuí.


Cuspóir AN ROIS 5

Déan forbairt úsáidí fiontair agus gnó a chur chun cinn agus a éascú chun deiseanna fostaíochta áitiúla a spreagadh.


Cuspóir AN ROIS 6

Forbair Molionad Gníomhach Fóillíochta sa spás oscailte lastuaidh de Naomh Chaitríona a fhreastalóidh ar an Ros agus an ceantar máguaird.


Cuspóir AN ROIS 7

Forbair Conair Oidhreachta an Rois i gcomhar le grúpaí pobail áitiúla.


Cuspóir AN ROIS 8

Cothaigh agus éascaigh feidhmiú seirbhís tointeála bus chuig an stáisiún traenach, mar aon le naisc bhus d'ardchaighdeán idir an Ros agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir AN ROIS 9

Réitigh an Plean Bainistíochta d'Inbhear Bhaile Roiséir Lasmuigh agus cuir i bhfeidhm é faoi réir Scagthástála um Mheasúnacht Chuí.


Cuspóir AN ROIS 10

Cothaigh agus éascaigh forbairt páirce líní feadh an tSrutháin lastoir de Bhóthar na Sceirí chomh fada leis an gCladach Thuaidh.


Cuspóir AN ROIS 11

Déan soláthar do shiúlbhealach agus spás oscailte feadh an tSrutháin laistiar de Bhóthar na Sceirí.


Cuspóir AN ROIS 12

Déan soláthar do mhéadú an ionaid adhlactha atá suite i mBaile an Fhaoitigh agus éascaigh é, lena n-áireofar forbairt carrchlóis agus cosáin ceangailte leis a sholáthróidh nasc leis an ionad adhlactha.


Cuspóir AN ROIS 13

Déan iniúchadh ar na féidearthachtaí maidir le forbairt muiríne agus áiseanna bainteacha ag na Rampair, Baile an Roiséir, an Ros, a dhearfar agus a thógfar de réir caighdeán éiceolaíoch inbhuanaithe, agus a sheachnóidh drochthionchair ar Shuíomhanna agus speicis Eorpacha. Agus na cúrsaí seo a gcur san áireamh, bainfear leas as taighde níos leithne ar fhorbairt mhuiríne feadh chósta Fhine Gall (Cuspóir FE72, Caibidil 6: Forbairt Eacnamaíoch).


Cuspóir AN ROIS 14

Tabhair faoi staidéar, laistigh de bhliain ó dhéanamh an Phlean Fhorbartha seo, ar thailte sa Ros atá suite sa Chladach Thuaidh, agus cuir moltaí an staidéir i bhfeidhm chun cinntiú go ndéanfar machnamh i mbeartais phleanála an Rois ar shainiúlacht dhiminiciúil na bpróiseas cósta agus ar na tionchair atá á dtuar i dtaca le hathrú aeráide, trí phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm sa bhaile agus sa cheantar máguaird.


Cuspóir AN ROIS 15

Tabhair faoi staidéar Saintréithriú Gnáthóige, laistigh de bhliain ó dhéanamh an Phlean Fhorbartha seo, ar thailte sa Ros atá suite laisteas de Bhóthar an Chladaigh Theas ó ché Bhaile Roiséir chomh fada leis an líne chladaigh díreach laisteas de Sheanbhóthar na Beairice, agus cuir moltaí an staidéir i bhfeidhm chun cinntiú go gcomhlíonfaidh beartais phleanála an Rois oibleagáid dhlíthiúil na Comhairle, Suíomhanna Eorpacha a chosaint, agus go dtabharfar sainiúlacht dhiminiciúil na bpróiseas cósta agus na dtionchar atá á dtuar i dtaca le hathrú aeráide san áireamh, trí phleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm sa bhaile agus sa cheantar máguaird.


Cuspóir AN ROIS 16

Déan stáisiún traenach agus seirbhísí iarnróid feabhsaithe do Lusca/an Ros a chur i bhfeidhm.


Cuspóir AN ROIS 17

Téigh i mbun plé le hUisce Éireann chun nascadh tithe ar an gCladach Thuaidh atá ag úsáid córas bitrialla faoi láthair a éascú nuair a chuirfear críoch leis an líonra píobán camrais atá pleanáilte don Ros.


Cuspóir AN ROIS 18

Spreag agus éascaigh soláthar linn snámha sa Ros.


Cuspóir AN ROIS 19

Réitigh plean tírdhreacha chun poitéinseal taitneamhachta Pháirc Bhaile an Roiséir a thabhairt ar ais agus a fheabhsú oiread agus is féidir.


Cuspóir AN ROIS 20

Spreag athchóiriú an iar-mhuilinn ghaoithe (Bruach an Mhuilinn) mar áis thaitneamhach do thurasóirí.

Pleananna Limistéir Áitiúla agus Máistirphleananna


Cuspóir AN ROIS 21

Réitigh na Pleananna Limistéir Áitiúla agus na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

 

  • Plean Limistéir Áitiúil Cheann Iúir (féach Bileog Léarscaile 6B, PLÁ 6.A)

  • Máistirphlean Cheann Iúir Theas (féach Bileog Léarscaile 6B, MP 6.E)

  • Máistirphlean Lána Choill na Sceiche (féach Bileog Léarscaile 6B, MP 6.D)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i ngach Máistirphlean. Ní liosta uileghabhálach é seo.

 

Máistirphlean Cheann Iúir Theas

  • Cothaigh agus éascaigh forbraíocht chónaithe d'ardchaighdeán a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an talamh atá criosaithe do go leor áiseanna agus ar an bpáirc líneach atá molta.

 

Máistirphlean Lána Choill na Sceiche

  • Cothaigh agus éascaigh forbraíocht chónaithe d'ardchaighdeán a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar an talamh atá criosaithe do go leor áiseanna agus ar an bpáirc líneach atá molta.

NA SCEIRÍ

Tá na Sceirí ar cheann de phríomhbhailte cósta cónaithe Fhine Gall. Tá sé tarraingteach, dlúth agus slán ó thaobh na hailtireachta de, agus tá neart seirbhísí agus áiseanna suntasacha áitiúla ar fáil ann, a chuimsíonn an cuan agus an club seoltóireachta, tránna gainimh, an tOileán Rua, an Pháirc Bhaile, ollionad Mhuilte na Sceirí, mar aon le muilte gaoithe, bialanna agus tithe tábhairne traidisiúnta a bhfuil athnuachan déanta orthu uilig. Tá a chroílár stairiúil ainmnithe mar LCA. Tá na hoileáin amach ón gcósta ainmnithe mar Limistéir faoi Chosaint Speisialta d'éin. Is ceann scríbe cois trá agus pobal cónaithe seanbhunaithe, rathúil é an baile. Tacaíonn tarraingteacht agus réimse leathan áiseanna is seirbhísí an bhaile lena acmhainneacht ó thaobh na turasóireachta de.

 

Straitéis Forbartha

 

Comhdhlúthaigh an baile, agus daingnigh caomhnú agus feabhsú a shainghnéithe agus a fhoirm uirbeach réamhbhunaithe, forbairt a fheidhme tráchtála/miondíola, coimeád agus feabhsú na n-áiseanna atá ann, agus cur chun cinn a róil mar cheann scríbe turasóireachta áitiúil.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Na Sceirí


Cuspóir NA SCEIRÍ  1

Cuir forbairt na Sceirí chun cinn mar sheirbhís bheoga áitiúil agus mar ionad sóisialta agus cultúrtha, agus cothaigh turasóireacht áitiúil.


Cuspóir NA SCEIRÍ 2

Cuir fás gníomhaíocht tráchtála oiriúnach chun cinn sa bhaile.


Cuspóir NA SCEIRÍ 3

Spreag forbairt úsáid measctha agus cinntigh, más féidir, go bhfuil gné chónaithe cuimsithe sna moltaí athfhorbartha laistigh den chrios lár bhaile (LB) atá ainmnithe.


Cuspóir NA SCEIRÍ 4

Cothaigh agus éascaigh feidhmiú seirbhís tointeála bus chuig an stáisiún traenach, mar aon le naisc bhus d'ardchaighdeán idir na Sceirí agus Lár Chathair Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir NA SCEIRÍ 5

Réitigh Straitéis Fóillíochta do thailte spáis oscailte ag Bá Uí Cheallaigh, Radharc Bheanna Boirce agus Carraig na Sceirí.


Cuspóir NA SCEIRÍ 6

Spreag agus éascaigh soláthar linn snámha sna Sceirí.


Cuspóir NA SCEIRÍ 7

Déan athchóiriú ar an mBataire san Oileán Rua.


Cuspóir NA SCEIRÍ 8

Réitigh Plean do Chreat Uirbeach chun forbairt na todhchaí a threorú agus a thréithriú, lena n-áireofar forbairt úsáid measctha, a chuimseoidh áiseanna pobail/fóillíochta agus muiríne/spóirt uisce, mar aon le hinrochtaine feabhsaithe agus páirceáil eas-sráide níos fearr.


Cuspóir NA SCEIRÍ 9

Déan Siúlóid na Mílaoise tríd an sráidbhaile a chur chun cinn.


Cuspóir NA SCEIRÍ 10

Spreag agus cinntigh córas slán, áisiúil bóithre, coisithe agus rothaíochta, a leagann béim ar inrochtaine agus nascacht laistigh den bhaile, agus idir an baile agus na bailte is sráidbhailte sa cheantar máguaird.

Pleananna Limistéir Áitiúla agus Máistirphleananna


Cuspóir NA SCEIRÍ 11

Réitigh na Pleananna Limistéir Áitiúla agus na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

  • Plean Limistéir Áitiúil Bhaile Haicéadaigh (féach Bileog Léarscáile 5, PLÁ 5.A)

  • Máistirphlean Bharr na gCaorach (féach Bileog Léarscáile 5, MP 5.A)

  • Máistirphlean an Phoill Bhallasta (féach Bileog Léarscáile 5, MP 5.B)

  • Máistirphlean Inis Pádraig (féach Bileog Léarscáile 5, MP 5.C)

  • Máistirphlean Bhaile an Mhiolbhardaigh (féach Bileog Léarscáile 5, MP 5.D)

Ag seo thíos na bunghnéithe atá le cuimsiú i Máistirphleananna Bhaile an Mhiolbhardaigh, Bharr na gCaorach, an Phoill Bhallasta agus Inis Pádraig. Ní liosta uileghabhálach é seo.

 

Máistirphlean Bhaile an Mhiolbhardaigh

  • Déanfar measúnú baol tuilte cuimsitheach ar na tailte chun déileáil le baol tuilte agus chun beartais mhaolaithe a mholadh.

  • Déan soláthar d'uasbhealach coisithe ó na tailte atá criosaithe do FG chomh fada le tailte Mháistirphlean an Phoill Bhallasta.

 

Máistirphlean Bharr na gCaorach

  • Éascaigh soláthar spáis chónaithe agus spáis oscailte ar bhonn céimnithe.

 

Máistirphlean an Phoill Bhallasta

  • Éascaigh forbairt úsáide measctha a mbeidh cuimsiú úsáidí pobail/fóillíochta riachtanach di, mar aon le soláthar áiseanna páirceála agus taistil chun freastal ar an stáisiún traenach.

  • Cuir bealach rothaíochta ar fáil ó Pholl an Bhallasta chomh fada le Carraig na Sceirí.

 

Máistirphlean Inis Pádraig

  • Déan soláthar d'óstán, giomnáisiam agus linn snámha a mbeidh dearadh agus suíomh íogair ag baint leo, chomh maith le rochtain phoiblí. Spás oscailte poiblí agus siúlbhealach cósta comhtháite laistigh de na tailte atá criosaithe mar, agus uasmhéid de 24 aonad cónaithe agus an bonneagar bainteach ar thailte le criosú CN.

  • Cinnteoidh céimniú na forbartha go gcuirfear an spás oscailte, an t-óstán, an giomnáisiam agus an linn snámha ar fáil le linn an chéad chéim d'aon fhorbraíocht ar na tailte. Géillfear na tailte a bhfuil criosú SO acu do Chomhairle Contae Fhine Gall roimh thús Chéim 2.

  • Déileáil le fadhbanna a bhaineann le rochtain, inseachadtacht agus céimniú,mar aon le dearadh ailtireachta agus íogaireacht físiúil agus éiceolaíoch an limistéir.

BAILE AN RIDIRE

Is sráidbhaile stairiúil meánaoiseach é Baile an Ridire atá suite laisteas de Bhaile Brigín. In ainneoin forbraíochta cónaithe suntasaí le blianta beaga anuas, tá croílár stairiúil an tsráidbhaile, atá ina LCA ainmnithe, caomhnaithe agus tá tionchar aige sin ar an bpátrún forbartha atá le sonrú ar na mallaibh. Is sráidbhaile tarraingteach cónaithe é Baile an Ridire, agus tá sé deighilte ó theorainn forbartha theas Bhaile Brigín trí thailte creasa ghlais, galfchúrsa Bhaile Brígín agus tailte le go leor áiseanna i nDiméinte Hampton agus Ard Giolláin san oirthear. Tá sé á chosaint ag tailte creasa ghlais ó dheas agus siar, agus ag Loch Buachalla, áis áitiúil iascaireachta, san iarthar.

 

Straitéis Forbartha

 

Cosain agus feabhsaigh sainghnéithe agus timpeallacht ar leith an tsráidbhaile stairiúil seo is comhdhlúthaigh agus daingnigh an fhoirm uirbeach. Coimeád deighilt Bhaile Ridire ó Bhaile Brigín agus cuir forbairt seirbhísí agus áiseanna sráidbhaile chun cinn.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Bhaile an Ridire


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 1

Cosain agus feabhsaigh sainghnéithe agus timpeallacht ar leith an tsráidbhaile stairiúil seo.


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 2

Coimeád deighilt fisiciúil agus físiúil Bhaile an Ridire ó Bhaile Brigín.


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 3

Éascaigh agus spreag áiseanna sráidbhaile feabhsaithe i dtaca le tráchtáil agus an pobal araon, chun freastal ar riachtanais an phobail shráidbhaile reamhbunaithe agus pobail mhéadaithe na todhchaí.


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 4

Cosain agus caomhnaigh croílár stairiúil Bhaile an Ridire, lena n-áirítear an Crios Acmhainneacht Seandálaíochta.


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 5

Fiosraigh forbairt bealach rochtana nua chuig Diméin Ard Ghiolláin ó Sheanbhóthar an Chósta nó Bóthar Bhaile an Dairsígh, Baile an Ridire; sin nó ó Lána an tSúdaire, Baile Brigín.


Cuspóir BHAILE AN RIDIRE 6

Réitigh na Máistirphleananna seo a leanas le linn shaolré an Phlean seo agus/nó cuir i bhfeidhm iad:

  • Máistirphlean Bhaile an Ridire Thoir (féach Bileog Léarscáile 4, MP 4.F)

LOCH SIONNAIGH

Is lonnaíocht ar leith de chuid Fhine Gall é Loch Sionnaigh de bharr gur sráidbhaile iascaireachta beag, stairiúil é, a bhfuil a chuan domhain mar chroílár ann. Tá sé forbartha siar i dtreo Bhóthar an Rois/na Sceirí le deireanas ach tá a shainiúlacht timpeall an chuain caomhnaithe aige. Tá tailte le go leor áiseanna suite timpeall ar cheantar an chuain agus croílár an tsráidbhaile, lena n-áirítear Dún Ceann Tíre Dhroim Meánach ó dheas, agus tá tailte talmhaíochta, atá ainmnithe mar thírdhreach rí-íogair, suite timpeall ar an gcuid eile den lonnaíocht seo. Is sráidbhaile cósta tarraingteach é Loch Sionnach, a bhfuil trá, cuan, Siúlóid Mhílaoise chiorclach agus foirgnimh thrá thraidisiúnta dhúchasacha ann. Is lonnaíocht chónaithe é ar an bhformhór a bhfuil seirbhísí teoranta ar fáil inti.

 

Straitéis Forbartha

 

Comhdhlúthaigh agus daingnigh croílár an tsráidbhaile trí sholáthar agus éascú forbairt úsáide measctha, lena n-áireofar bialanna, caiféanna, agus úsáidí ealaíon agus cultúir laistigh de cheantar an chuain. I gcás aon athfhorbartha laistigh den sráidbhaile, ba chóir go gcosnódh agus go bhfeabhsódh sé a shuíomh tírdhreach scéimhe, agus go gcinnteodh sé dearadh uirbeach d'ardchaighdeán atá oiriúnach dá shuíomh cois farraige.

 

Cuspóirí Phlean Forbartha Loch Sionnach


Cuspóír LOCH SIONNACH 1

Feabhsaigh sainghnéithe agus timpeallacht an tsráidbhaile trí chinntiú go gcosnófar agus go bhfeabhsófar suíomh an tsráidbhaile trá scéimhe seo i gcás aon athfhorbartha.


Cuspóír LOCH SIONNACH 2

Feabhsaigh áiseanna cheantar stairiúil an chuain.


Cuspóír LOCH SIONNACH 3

Déan soláthar d'fhorbairt úsáide measctha a chuimseoidh bialanna, caiféanna, agus úsáidí ealaíon is cultúir laistigh de cheantar an chuain, agus san am céanna, cuir íogaireachtaí éiceolaíocha na Suíomhanna Eorpacha in aice láimhe san áireamh.


Cuspóír LOCH SIONNACH 4

Cothaigh agus éascaigh bealach rochtana do choisithe ó Lána an Leaba Chlúimh chomh fada le Clós Bhaile Donnagáin, Loch Sionnach.


Cuspóír LOCH SIONNACH 5

Coimeád deighilt físiúil agus fisiciúil idir Loch Sionnach, agus an Ros is na Sceirí araon

Clár ábhair

Baile