Aguisín 6: Cuspóirí Aitúla Bunaithe ar an Léarscáils
BILEOG 2 FINE GALL THUAIDH
11 Aon fhorbraíocht a dhéanfar ar na tailte seo, cuirfidh fadhb na dtuilte ar na tailte srian léi agus freisin tiocfaidh sí faoi thionchar an phróisis mheasúnaithe roghanna, atá ina chuid den staidéar um Mheasúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí
BILEOG 3 FINE GALL LÁIR
17 Déan soláthar do shaoráid chóireála d'fheithiclí a bhfuil a ré caite
18 Déan soláthar do rochtain feithicle agus choisithe ar na tailte Sráidbhaile Tuaithe taobh thiar d'eastát tithíochta an Úlloird.
19 Déan soláthar do rochtain choisithe idir an fhorbraíocht nua agus lár an tsráidbhaile trí na tailte Sráidbhaile Tuaithe
23 Déan soláthar do chaomhnú agus cosaint na bhfálta sceach, a fheidhmíonn mar theorainneacha na dtailte seo
32 Déan iarracht caomhnú an Mhuilinn i mBaile an Rólaigh a éascú chun críche thaitneamhacht agus oideachas na nglún atá le teacht
51 Déan soláthar do mhargadh feirmeoirí, garraíodóireacht margaidh (a chuimsíonn polatholláin), áiseanna spóirt faoin aer agus páirceáil bhreise a chuirfidh leis an óstán, an tolglann/beár/bialann agus na seomraí ócáide atá ann faoi láthair
BILEOG 4 BAILE BRIGÍN
1 Cothaigh agus éascaigh forbairt shuíomh na monarchan tréigthe lastuaidh den trá/chuan mar líomatáiste measctha cónaithe, óstáin, fóillíochta agus siamsaíochta, a mbeidh radharc óna chuid siopaí, caiféanna agus bialanna amach ar an bpáirc chósta agus ar an bhfarraige
2 Mar chuid den siúlbhealach tarraingteach feadh Lána Uisce Tanner, cothaigh agus éascaigh uasdroichead coisithe chuig an mbealach cósta atá molta, a bheidh nasctha le lár an bhaile
3 Cothaigh agus éascaigh forbairt Conaire Éiceolaíche feadh Shrutháin Matt a chuirfidh naisc choisithe ar fáil siar chuig an mbaile agus Baile an Ridire
4 Caomhnaigh suíomh an Tí Ghléibe
6 Cosain agus feabhsaigh taitneamhacht Loch an Bhuachalla agus féach le siúlbhealaí a chur ar fáil ó Bhaile an Ridire chuig an loch
7 Forbair plean bainistíochta chun críche chaomhnú agus chosaint Phortach na Rinne laistigh de limistéar staidéir atá sonraithe i léarscáil an Phlean Forbartha, i dtaca le húinéirí talún agus páirtithe leasmhara lena n-áirítear an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil
BILEOG 5 NA SCEIRÍ
5 Réitigh Straitéis Fóillíochta i gcomhair Dhiméin Ard Giolláin a bhfuil béim á leagadh inti ar rochtain a fheabhsú
8 Cosain na taisí seandálaíochta iomadúla a aithníodh laistigh den limistéar seo mar thoradh ar shuirbhé geofisiceach
9 Maidir leis an mbóthar faoisimh theas atá molta, a rithfidh ó nasc timpealláin ar Bhóthar an Rois (R128) siar chomh fada leis an trasnú comhréidh, déan soláthar do bhóthar a mbeidh crainn ar a dhá thaobh agus a chuimseoidh cosáin leathana, ciumhaiseanna, raonta rothar agus cur crann forleathan. Cuirfear tírdhreach tarraingteach i bhfeidhm ar chlaífoirt an bhóthair. Laistiar den líne iarnróid i dtreo nasc an bhóthair faoisimh le Bóthar Lusca (R127), tiocfaidh tírdhreach tarraingteach an bhóthair lena shuíomh tuaithe, ach cuirfear Measúnú Seandálaíochta i bhfeidhm roimh thús aon oibreacha
10 Géillfear tailte do Chomhairle Contae Fhine Gall chun críche spáis oscailte
12 I gcomhar le hIarnród Éireann, éascaigh soláthar stáisiún traenach i mBaile Caoith
13 Féach le siúlbhealach a chur ar fáil ón sráidbhaile chomh fada leis an mBataire
BILEOG 6A LUSCA
16 Déan soláthar do thithe móra a bheadh oiriúnach do theaghlaigh, sa chaoi gur féidir le teaghlaigh atá anois i dtithe ar dhá nó trí sheomra bogadh go teach níos mó. Is tithe teaghlaigh ar 4 sheomra nó níos mó a bheidh in 80% ar a laghad de na haonaid nua tithíochta, agus beidh 50% dóibh siúd ina dtithe scoite.
20 Cinntigh go gcuirfear naisc mhaithe coisithe agus rothaíochta idir Eastát Fheirm an tSéipéil, suíomh na scoile agus an spás oscailte
SHEET 6B RUSH
14 Spreag athchóiriú an Bhataire
15 Cothaigh agus éascaigh siúlbhealach poiblí timpeall Dhún Ceann Tíre Dhroim Meánach, a bheidh ina nasc coisithe tarraingteach ón Ros chomh fada le Loch Sionnaigh
21 Cuir measúnú riachtanas tráchta i bhfeidhm chun a fháil amach an féidir Bóthar Dáileacháin a sholáthar lastiar den Ros
22 I gcás aon fhorbraíochta cónaithe nua sa Chladach Theas, a bhfuil líne teorann á thaispeáint ar an léarscáil, cinntigh go gcomhlíonann sí an beartas tithíochta ar leith a bhaineann le ceantar an Chladaigh Theas
BILEOG 7 DOMHNACH BAT - PORT REACHRANN
24 Maidir leis na beartais a sonraíodh sna 'Pleananna um Athchóiriú Lárionad Dramhaíola sa Staidéar ar Inbhear Bhaile an Roiséir, cuir i bhfeidhm iad ina n-iomláine agus déan soláthar do spás taitneamhachta tírdreachtaithe poiblí a chuimseoidh coillearnach agus plandáil mhaolánach, cosáin agus láithreacha suí, páirceáil, ionad cuairteoirí agus clárchosán i dtreo an oirthir feadh na líne iarnróid chuig Domhnach Bat
25 Soláthair 7.4 aonad in aghaidh an heicteáir ar a mhéad, a chuimseoidh íosmhéid achar suímh de 1350 méadar cearnach agus uasmhéid airde dín de 6.15 méadar os cionn an leibhéil talún atá sonraithe. Nascfar na tithe nua ar fad leis an bpríomhlíonra draenála agus ní éascófar córais chóireála ar an láthair do thithe aonair
26 Soláthair 10 n-aonad in aghaidh an heicteáir ar a mhéad, a chuimseoidh íosmhéid achar suímh de 1000 méadar cearnach agus uasmhéid airde dín de 6.65 meadar os cionn an leibhéal talún atá sonraithe. Nascfar na tithe nua ar fad leis an bpríomhlíonra draenála agus ní éascófar córais chóireála ar an láthair do thithe aonair
27 Réitigh straitéis bhainistíochta d'Inbhear Bhaile an Roiséir agus cuir i bhfeidhm í de réir a bhfuil leagtha síos sa Staidéar ar Inbhear Bhaile an Roiséir, a chuimsíonn soláthar rochtana coisithe chun an tInbhear a nascadh le Domhnach Bat, Port Reachrann agus Inbhear Mhullach Íde
28 Déan soláthar do thithíocht scoite sa Choinicéar a mbeidh dearadh maith uirthi agus nach ngabhfaidh thar dhlús de 10 dteach in aghaidh an heicteáir (4 theach in aghaidh an acra)
29 Tithíocht aon stóir ba chóir a bheith ann i gcoitinne, agus í faoi réir airde mhullaigh de 7 méadar
30 Spreag Clár Bainistíochta Coillearnaí le haghaidh Dhiméin Phort Reachrann
31 Déan soláthar do 9 dtithe ar a mhéad. Ní cóir go gcuirfeadh an fhorbraíocht seo isteach ar thaitneamhacht na gcrann ar dhá thaobh Ascaill Thuirbhe
33 Éascaigh soláthar 6 aonad cónaithe ar a mhéad ar shuíomh 1 heicteár/2.6 acra. Beidh na haonaid chónaithe leagtha amach i bhfoirm ghráige/shraithe
34 Le linn shaolré an Phlean Forbartha seo agus i gcomhar le hIarnród Éireann, féach le siúlbhealach/rotharbhealach a sholáthar ar thalamh laistiar den líne iarnróid i nDomhnach Bat agus feadh an chlaífoirt iarnróid a ritheann faoi láthair trasna Inbhear Mhullach Íde
35 I gcás leagan amach, dearaidh agus méid aon fhorbraíochta ar na tailte seo sa todhchaí, cinntigh go gcuirfear a suíomh feiceálach san áireamh, mar aon le hinfheictheacht na dtailte seo ó dheas. Anuas air sin, ba chóir go léireodh leagan amach, scála, dearadh agus dlús na forbraíochta meas ar shainiúlacht idirthréimhseach an limistéir theorantaigh íogair theas
36 Déan Bóthar Hearse a uasghrádú sa chaoi go gcomhlíonann sé caighdeán bóthar dáileacháin, agus san am céanna, cosain a shainiúlacht tuaithe agus taitneamhachta
BILEOG 8 SORD
33 Forbair Páirc Réigiúnach
39 Déan staidéar maidir le húsáid fhadtéarmach na dtailte seo, ina gcuirfear béim faoi leith ar shuíomh Theach Bhaile Bhreacáin agus ar ainmniúchán tailte fóillíochta/taitneamhachta, mar aon le sonraí ar an mbealach a roghnófar don bhóthar dáileacháin
40 Déan iniúchadh ar na féidearthachtaí maidir le nasc tiomanta bus idir Ráth Aingil agus Gleann na hAbhann
41 Déan uasghrádú ar an mbealach rochtana chuig Bóthar Ráth Aingil ó Choill an Droma, a chuimseoidh feabhsuithe maidir le soilsiú poiblí agus maoirseacht, mar aon le háiseanna trasnaithe bóthair leasaithe ar Bhóthar Ráth Aingil
42 Éascaigh soláthar rochtana coisithe ó Scoil an Duinnínigh chomh fada leis an gcarrchlós in Ionad an Riasca
43 Cuimsigh measúnú tráchta iomlán ina ndéanfar machnamh ar na féidearthachtaí maidir le bealaí isteach agus amach ó Eastát Choill an Droma a chur ar fáil mar chuid de dhearadh Bhóthar Faoisimh an Iarthair
46 Cuirfear forbraíocht na dtailte seo, más ann di, i bhfeidhm de réir na srianta seo a leanas:
- Ní cheadófar teaghais ar bith, in imthosca ar bith, laistigh den chomhrian torainn 69dB LAeq 16 uair a chloig atá tuartha.
- Beidh insliú cuimsitheach torainn de dhíth i gcás aon tí a cheadófar faoin gcuspóir seo.
Ní mór go gcuirfí isteach in éineacht le hiarratas pleanála ar bith tuarascáil measúnachta torainn arna hullmhú ag speisialtóir sa mheasúnacht torainn, ina sonrófar gach beart maolaithe torainn atá beartaithe mar aon le dearbhú go nglacann an t-iarratasóir le toradh na tuarascála um ghlacadh le torann.
BILEOG 9 MULLACH ÍDE - PORT MEARNÓG
38 Ní mór tús áite a thabhairt do chríochnú Bhealach an Mhóinéar Leathain idir Mhullach Íde agus Domhnach Bat le linn shaolré an Phlean Forbartha seo
44 Éascaigh soláthar nasc coisithe sa treo thoir-thiar ón gCnoc chomh fada le Ballaí Robac, agus sa treo thuaidh-theas feadh stráice den sean-bhealach siúil ó Mhullach Íde go Port Mearnóg
45 Éascaigh soláthar nasc coisithe sa treo thoir-thiar ón gCnoc chomh fada le Ballaí Robac, agus sa treo thuaidh-theas feadh stráice den sean-bhealach siúil ó Mhullach Íde go Port Mearnóg
47 Caomhnaigh an bealach isteach go Mullach Íde, lena n-áirítear go háirithe na crainn ar an dá thaobh den bhóthar
48 Tá airde mhullaigh de 53 méadar os cionn na líne tagra ar a mhéad i bhfeidhm ar an teorainn thoir. Ní cheadófar rochtain feithicle ar an suíomh seo trí Chnoc Dara
49 Ní cheadófar bealaí isteach nua nó leathnaithe chuig Bóthar Bhaile Átha Cliath idir Lána Bhaile an tSrutháin agus acomhal Shoird
50 Éascaigh soláthar nasc coisithe sa treo thoir-thiar ón gCnoc chomh fada le Ballaí Robac, agus sa treo thuaidh-theas feadh stráice den sean-bhealach siúil ó Mhullach Íde go Port Mearnóg
56 Cosain na crainn aibí agus an fearann páirce ag Abbeyville
59 Éascaigh measúnú tionchar tráchta maidir le hacomhal Lána an tSéipéil le Bóthar Mhullach Íde agus cuir na leasuithe ábhartha i bhfeidhm faoi réir an riachtanais a sonraíodh agus na n-acmhainní atá ar fáil
60 Déan iniúchadh ar bheartais mhaolaithe tuilte sa suíomh seo faoi réir measúnaithe iomlán agus an mhaoinithe atá ar fáil
61 Éascaigh measúnú tionchar tráchta maidir le hacomhal Lána Bhaiscín le Bóthar Mhullach Íde agus cuir na leasuithe ábhartha i bhfeidhm faoi réir an riachtanais a sonraíodh agus na n-acmhainní atá ar fáil
62 Déan iniúchadh ar bheartais mhaolaithe tuilte sa suíomh seo faoi réir measúnaithe iomlán agus an mhaoinithe atá ar fáil
63 Go gcuimseofar, i gcás aon fhorbartha a dhéanfar sa cheantar seo, comhtháthú an Déanmhais Chosanta (Teach Chionn Sáile) atá ar an suíomh le linn an chéad chéim den fhorbairt
68 Déanfaidh suíomh agus dearadh na tithíochta nua seo i bPort Mearnóg, mar aon le plandáil ar an suíomh, a tionchar físiúil ar an gCrios Glas a laghdú
69 Forbair siúlbhealach agus rotharbhealaí inbhir ó Dhroichead Mayne ar Bhóthar Bhaile Dúill chuig Bóthar na Trá i bPort Mearnóg, a chuimseoidh córas soilsithe phoiblí imleor feadh an bhealaigh iomláin ó Bhaile Dúill chomh fada le Port Mearnóg
75 Déan soláthar do mhéadú Reilig Bhaile Ghrífín
BILEOG 10 BAILE DÚILL - BINN ÉADAIR
83 Cinntigh go ndéanfar tionchar físiúil aon fhorbraíochta ar an gCrios Glas a laghdú trína suíomh agus dearadh, mar aon le plandáil
87 Spreag agus éascaigh athfhorbairt Ionad Siopadóireachta an Ráschúrsa, lena n-áireofar foirgneamh d'ardchaighdeán ailtireachta, soláthar spás réimse phoiblí den scoth, agus feabhsuithe ar chaighdeáin taitneamhachta agus na timpeallachta áitiúla
88 Cuir crios maolánach crann ar fáil chun an Eastát Tionsclaíochta a dheighilt ó cheantar cónaithe Pháirc na Mainistreach
<91 Caomhnaigh agus cosain taitneamhacht phoiblí na trá, agus feabhsaigh na bealaí rochtana poiblí ar an trá ar choinníoll go gcomhlíonann na bealaí sin, arna Scagthástáil um Mheasúnacht Chuí, cuspóirí caomhnaithe Limistéar faoi Chosaint Speisialta (LChoS) Bhaile Dúill agus aon Suíomhanna Eorpacha eile a bhféadfadh feabhsuithe den sórt sin dochar a dhéanamh dóibh, go díreach nó go hindíreach
90 Cuir crios maolánach crann ar fáil chun an Eastát Tionsclaíochta a dheighilt ó cheantar cónaithe Pháirc na Mainistreach
93 Forbraíocht idir thrí agus cúig stór ar airde a bheidh i gceist. Is ar an taobh thiar den suíomh a bheidh an chuid trí stór den fhorbraíocht, agus is tógáil cúig stór a bheidh i gceist i gcás 30% ar a mhéad den fhorbraíocht iomlán
94 Cothaigh feabhsú an bhealaigh isteach chuig Stáisiún Traenach Acomhal Bhinn Éadair.
95 Féach le rochtain a sholáthar ar Thrá Bhaile Scadán ó thosach na Cé Thoir
96 Cinntigh go dtagann an fhorbairt le sainiúlacht chónaithe agus le scála an cheantair, agus go ndéanfar an pháirceáil ar leibhéal na sráide a chothabháil trí thírdhreach cuí a chur i bhfeidhm laisteas den séipéal
97 Caomhnaigh an radharc poiblí ó Ardán Bhinn Éadair go Cuan Bhinn Éadair
98 Cinntigh nach gceadófar d'aon fhorbraíocht ar airde níos mó ná trí stór
100 Cinntigh go léireoidh leagan amach, scála, airde agus dearadh na forbraíochta meas ar thaitneamhacht an cheantair mháguaird, an Bhataire agus shainghnéithe an tsráidbhaile
102 Éascaigh soláthar úsáidí turasóireachta, fóillíochta, ceardaíochta, ceardaí agus bialanna Chaisleán Bhinn Éadair agus cinntigh san am céanna go gcaomhnófar suíomh agus sainiúlacht na ndéanmhas cosanta
103 Cinntigh go mbeidh an fhorbairt ar aon dul le leagan amach, scála, dearadh agus sainiúlacht na forbartha atá ann faoi láthair
106 Ceap plean comhtháite i gcomhair tailte glasa ar leis an gComhairle iad in Redrock, i gCill na Carraige agus ar Bhóthar Charraig Bhreac Nua. Déan soláthar do chuaillí eolais agus do chothabháil cearta bealaigh, agus i dteannta rudaí eile, do pháirceáil, d'idircheapadh tírdhreacha agus d'eolas comhshaoil eile
108 Cothabháil Lána Cowbooter mar shiúl- agus rotharbhealach
109 Cosain na cearta bealaigh poiblí a nascann Sráidbhaile Bhinn Éadair leis an Sliabh Thiar agus le Binn Éadair
116 Éascaigh a bhfuil ann de ghníomhaíochtaí muirí agus cinntigh san am céanna go gcosnófar taitneamhacht físiúil agus comhshaoil an cheantair, agus go spreagfar úsáid na trá trí sholáthar cuaillí eolais níos fearr agus trí chinntiú nach gcaillfear rochtain ar an trá
117 Déan soláthar d'fhorbraíocht a chuimseoidh cúig áit chónaithe ar a mhéad, a mbeidh airde stóir go leith agus bealach isteach amháin ag baint leo, agus a mbeidh íogaireacht ag baint lena ndearadh agus a suíomh sa chaoi go ndéanfar radharcanna trasna an tsuímh ón mbóthar poiblí a chothabháil
124 Cuir tionscadail i bhfeidhm arna gcomhaontú ag coiste bainistíochta OLSÁ Bhinn Éadair, faoi réir an mhaoinithe atá ar fáil mar thoradh ar scéim thobhaigh OLSÁ Bhinn Éadair
129 Laghdaigh líon na gcrann cumarsáide ar an Sliabh Thiar oiread agus is féidir trí chrainn a chur le chéile nó a bhaint
BILEOG 11 FINE GALL THEAS
52 Éascaigh soláthar an dara príomhrúidbhealaigh sa treo thoir-thiar
53 Réitigh Straitéis maidir le Limistéar Sainbheartais Theampall Mhaighréide
57 I gcomthéacs an Mháistirphlean, déan machnamh ar chineál agus scála úsáidí ardteicneolaíochta a chuirfidh sainláthair straitéiseach an tsuímh san áireamh, is é sin, a chóngaracht le haerfort idirnáisiúnta laistigh de thailte Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
58 Déan Staidéar Úsáide Talún agus Iompair chun na féidearthachtaí maidir le forbairt na dtailte ábhair a shonrú, mar aon le céimniú agus candam cuí i leith na forbartha, roimh chur i bhfeidhm na líne Meitreo Thuaidh nua
65 Tacaigh le tógáil píblíne ola ó Chalafort Bhaile Átha Cliath a chuirfidh seirbhísí breosla ar fáil d'Aerfort Bhaile Átha Cliath
72 Éascaigh obair na Gníomhaireachta um Fháil Iarnród maidir le forbairt stáisiúin a mbeidh dearadh cuí ag baint leis agus a fhreastalóidh ar an Meitreo Thiar. Déanfar an stáisiún a lonnú, a dhearadh, a thírdhreachadh, a thógáil, a fheidhmiú agus a chothabháil amach anseo chun a chinntiú go laghdófar ar aon torann agus truailliú aeir agus/nó solais a d'fhéadfadh eascairt as, mar aon le tionchair físiúla na forbartha seo ar an tírdhreach. Cuirfear sciatha i bhfeidhm ar gach aon taobh den stáisiún
80 Éascaigh soláthar íosbhealaigh a chuimseoidh nasc cairr, bus, rothaíochta agus coisithe chun tailte lastoir agus lastiar den R108 a cheangailt lena chéile d'fhonn nascacht feabhsaithe a chur ar fáil.
BILEOG 12 BAILE BHLAINSÉIR THUAIDH
54 Éascaigh ceansú tráchta agus trasrian coisithe ar Bhóthar Ráth Tó i mBaile an Alabhóidigh
55 Éascaigh soláthar spás tiontaithe do bhusanna poiblí
64 Éascaigh rochtain aniar ar an Aerfort
66 Éascaigh feabhsuithe maidir le páirceáil agus ionaid fágála/bhailithe ar an mbóthar isteach chuig campas scoile Bhaile an Tirialaigh i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna
67 Éascaigh forbairt bonneagair i gcomhair bainistíochta dramhaíola, a chuimseoidh próiseáil dramhaíola a bhaineann le tógáil agus scartáil, cóireáil bhitheolaíoch dramhaíola orgánaí, lárionad cóireála sloda agus ionad aistrithe dramhaíola
70 Réitigh Plean do Chreat Uirbeach i gcomhair Eastát Tionsclaíochta Bhaile Dama a threoróidh agus a thréithreoidh forbairt na todhchaí agus a éascóidh feabhsuithe comhshaoil
71 Féach le páirc phoiblí a chur ar fáil do mhuintir Bhaile an Tirialaigh sa láthair seo.
73 Caomhnaigh na radharcanna feadh Bhóthar Bhaile an Phaoraigh, mar aon leis na crainn feadh thaobhanna thuaidh agus thoir na dtailte a bhfuil criosú Bonneagair Phobail acu
74 Cothabháil suíomh oscailte Abhainn Pinkeen agus déan soláthar do pháirc líneach feadh a fhaid iomláin
76 Méadaigh an t-ionad adhlactha seanbhunaithe agus dírigh ar shábháilteacht an ionaid adhlactha a fheabhsú agus ar Bhóthar an tSéipéil a uasghrádú
77 Cosain an choillearnach feadh Bhóthar an tSéipéil agus coimeád na radharcanna áille ar Chontae na Mí
78 Déan soláthar do sciatha agus deighilt imleora na forbraíochta nua ón tithíocht chónaithe taobh léi ó dheas
79 Aon fhorbraíocht a dhéanfar ar na tailte seo, cuirfidh fadhb na dtuilte ar na tailte srian léi agus freisin tiocfaidh sí faoi thionchar an phróisis mheasúnaithe roghanna, atá ina chuid den staidéar um Mheasúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí
81 Déan soláthar d'uasghrádú Acomhal an Bhealaigh Bhig/N3
82 Éascaigh cur ar fáil bacainní maolaithe torainn mar aon le bacainní sábháilteachta feadh an N3 taobh le heastáit tithíochta an Bhealaigh Bhig
84 Déan soláthar d'fhorbairt pháirce líní feadh Ghleann na Tulchann
85 Cuir siúlbhealach tírdhreachtaithe ar fáil feadh Abhainn Pinkeen a nascfaidh Bóthar an tSéipéil le Bóthar Thobar Bearráin
86 Cuirfear srian le forbairt laistigh de Thuilemhá na Tulchann de réir Straitéis Tuilte na Tulchann
89 Soláthair bealach tiomanta bus a nascfaidh Bóthar Cheapaí agus Bóthar Fhionnghlaise
SHEET 13 BLANCHARDSTOWN SOUTH
92 Déan iniúchadh ar sholáthar rochtain coisithe ón gceantar seo chuig ceantair pháirce poiblí Champas Spóirt Éireann
99 Daingnigh na naisc choisithe idir an lárionad siopadóireachta agus na páirceanna miondíola thart timpeall air trí níos mó siúlbhealaí clúdaithe a chur ar fáil
101 Cinntigh níos mó rochtana poiblí ar na tailte seo, ar leis an pobal iad, agus soláthair siúlbhealaí a nascfaidh Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir, Gleann na Tulchann agus tailte Bhaile an Aba lena chéile, agus a spreagfaidh uasghrádú acomhal Snugborough d'fhonn an rochtain seo a éascú trí shiúlbhealaí breise
104 Éascaigh agus cothaigh sineirge idir Ospidéal Uí Chonghaile, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir agus na tionscail bhainteacha
105 Éascaigh soláthar rochtana poiblí ar an bhfearann páirce oscailte seo, lena n-áireofar an líonra siúlbhealaí riachtanach, mar aon le tírdhreachadh agus forbairt bhainteach
107 Cuir cosc le rochtain choisithe chuig / ó Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir trí na hEastáit Phlásóg an Fhuaráin agus Pháirc an tSamhraidh
110 Cinntigh soláthar bealach rochtana do choisithe idir Bhaile an Bhearbóraigh/Chnoc an Sciobóil agus Limistéar Forbairt Straitéisí (LFS) Pháirc Hans trí uasdroichead nua coisithe a chur ar fáil a bheidh comhtháite leis an bhforbraíocht taobh leis, lena n-áireofar an stáisiún traenach nua atá molta i bPáirc Hans.
111 Tithíocht a thógfar ar an suíomh seo, beidh sí oiriúnach do thimpeallacht sráidbhaile ó thaobh airde agus dlúis de, agus beidh sí ar aon dul le tithíocht réamhbhunaithe i gcroílár Shráidbhaile Chluain Saileach agus faoi réir airde trí stór ar a mhéad.
112 Spreag uasghrádú agus comhtháthú an ionaid siopadóireachta faoi réir teorainn airde de thrí stór ar a mhéad, chun réimse níos leithne áiseanna agus seirbhísí áitiúla a éascú
113 Déan soláthar do nasc coisithe/rothaithe idir an Tulcha agus an Chanáil Ríoga
114 Réitigh staidéar féidearthachta maidir le suíomh droichead bóthair a thrasnóidh an Chanáil Ríoga agus líne iarnróid Bhaile Átha Cliath - Má Nuad, agus a sholáthróidh nasc ó thuaidh i dtreo Bhóthar Ongar. Sonrófar an suíomh seo sula nglacfar leis an bPlean Limistéir Áitiúil, nó cuid dó, i gcomhair thailte Bhaile Uí Cheallaigh
115 Déan soláthar do bheartais sábháilteachta tráchta ag an gcúinne/acomhal dainséarach seo
118 Déan soláthar do pháirc líneach feadh Ghleann na Tulchann
119 Soláthair uasdroichead coisithe trasna an N3 i suíomh cuí idir acomhal Ascaill Achadh na Gréine leis an N3, agus acomhal Pháirc an Fhionnuisce
120 Éascaigh bealach rochtana do choisithe ó fhearann Chlub Rugbaí Chúil Mhín trasna na Canála in aice le Stáisiún Traenach Pháirc an Fhionnuisce
121 Coimeád an ceart bealaigh do choisithe agus d'fheithiclí atá anois ag trasnú comhréidh Bhaile an Phóirtéaraigh
122 Éascaigh cur ar fáil bacainní maolaithe torann feadh an M50 taobh le heastáit Lóiste an Labhrais
123 Déan soláthar d'áiseanna coisithe agus rothaíochta ar Bhóthar Bhaile an Bhaspailigh, atá nasctha le Droichead Pakenham agus an Chanáil Ríoga
125 Coimeád an ceart bealaigh do choisithe agus d'fheithiclí atá anois ag trasnú comhréidh Chúil Mhín
126 Ná ceadaigh droichead bóthair sa suíomh seo
127 Aon pháirceáil a chuirfear ar fáil i dtaca leis an stáisiún traenach, is páirceáil dhá stór ar a mhéad a bheidh i gceist
128 Cosain sainghnéithe tuaithe agus suíomh Bhóthar Bhaile an Lotrail agus cuir in oiriúint é do choisithe agus rothaithe.
130 Déan soláthar d'ionad adhlactha de suas le 4 heicteár laistigh de cheantar Bhaile Uí Cheallaigh. Tá an suíomh seo le sonrú mar chuid de PLÁ Bhaile Uí Cheallaigh nó sula nglacfar leis an PLÁ
131 Soláthair áiseanna comhtháite scoile agus pobail/fóillíochta, ar féidir iad a fhorbairt roimh ghlacadh leis an PLÁ
132 Feabhsaigh na háiseanna coisithe agus rothaithe sa sráidbhaile
133 Cosain an radharc feadh Bhóthar Chaisleán Cnucha mar bhúlbhard de thithe réamhbhunaithe, a bhfuil crainn ar a dhá thaobh
134 Forbair bealach rochtana do choisithe ó Bhóthar Bhaile Lotrail chuig an mBóthar Íochtarach agus Muileann Anna Liffey trí Pháirc Bhaile an Phóirtéaraigh
135 Déan soláthar do charrchlós poiblí
136 Déan iniúchadh le fáil amach an féidir an limistéar lastuaidh d'Ordú um Limistéar Saináise (OLSÁ) reatha Ghleann na Life a ainmniú mar ábhar Ordaithe um Limistéar Saináise, ós rud é go bhfuil sé suite laistigh de 'ghualainn' cheantar Ghleann na Life
137 Cosain radharcanna agus suíomhanna Gheataí Pháirc an Fhionnuisce agus cinntigh nach mbeidh drochthionchar ag moltaí forbartha i dtaca leis an bPáirc agus an ceantar timpeall uirthi ar shláine agus suíomh na Páirce
138 Faigh agus forbair suíomh páirceála cuí i gcóngaracht Mhuileann Anna Liffey (Shackleton) agus déan uasghrádú ar an siúlbhealach/rotharbhealach feadh bhruach na habhann i dtreo an iarthair chun é a nascadh le Sráidbhaile Leamhcáin; cinntigh san am céanna go gcuirfear sláine Ghleann na Life san áireamh go hiomlán i dtaca le leagan amach, dearadh agus suíomh an charrchlóis agus an tsiúlbhealaigh/rotharbhealaigh
139 Cuir moltaí an Phlean Chaomhantais a réitíodh i gcomhair Mhuileann Anna Liffey (Shackleton) i bhfeidhm le linn shaolré an Phlean seo
140 Cothaigh agus tar ar chomhaontú faoi Phlean Bainistíochta Ghníomhaigh i gcomhar le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas maidir le bloic choillearnaí thábhachtacha sa chaoi gur féidir coillearnach Ghleann na Life a chosaint, a shaibhriú agus a fhorbairt mar a bhfuil faoi láthair
141 Déan aon mholtaí a d'eascair ón staidéar féidearthachta maidir le hionad cuairteoirí a fhorbairt i Muileann Shackleton a chur chun cinn de réir sholáthar Straitéis Turasóireachta Fhine Gall agus faoi réir a bhfuil d'acmhainní ar fáil
142 Cuir siúlbhealach ar fáil a nascfaidh an Chanáil Ríoga le hAbhainn na Life
143 Cosain radharcanna agus suíomhanna Gheataí Pháirc an Fhionnuisce.
144 Soláthair nasc coisithe/rothaíochta ó charrchlós CLG Chaisleán Cnucha chomh fada le Páirc Bhaile Uaitéir tríd an droichead miotail atá ann faoi láthair
145 Cuir na hoibreacha riachtanacha i bhfeidhm sa Ghleann chun siúlbhealach isteach chuig Gleann na Life a dhéanamh de
146 Réitigh plean bainistíochta tráchta don Bhóthar Íochtarach ó Ghleann Mhaol Ruain chuig Leamhcáin, a chuimseoidh Lána Somerton, an Lána Garbh agus Bóthar Bhaile an Lotrail Éascóidh an plean seo rochtain shábháilte choisithe agus rothaíochta thar líonra bealaí i dteannta le haon bheartais cheansaithe tráchta agus sábháilteachta bóthair ar gá iad a chur i bhfeidhm
147 Bain lántairbhe as an Meitreo Thiar sa chaoi go gcuirfear trácht, fiontar agus fostaíocht an lae inniu san áireamh, agus san am céanna cinntigh go ndearfar bealach ar bith trasna OLSÁ Ghleann na Life ar chaoi nach ndéanfaidh dochar d'fhéidearthachtaí an Ghleanna ó thaobh taitneamhachta, turasóireachta agus an gheilleagair de
148 Athchóirigh an Droichead Miotail ar an mBóthar Íochtarach agus úsáid é mar nasc coisithe/rothaíochta straitéiseach ó charrchlós poiblí Farmleigh chomh fada le Páirc Bhaile Uaitéir trí thailte Coates i gcomhar le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas
149 Forbair láthair amhairc a éascóidh radharcanna trasna Ghleann na Life do choisithe
150 Déan soláthar do nasc straitéiseach coisithe/rothaíochta a nascfaidh Droichead Leamhcáin le Páirc San Caitríona trí na tailte sa Tuar (ar bhruach ó thuaidh na Life) agus seachain drochthionchar suntasach ar an tírdhreach agus ar chúinsí íogair bitheolaíocha an ghleanna
151 Déan soláthar do nasc straitéiseach coisithe/rothaíochta trasna Abhainn na Life ó thailte Holy Angels ar bhun Chnoc Mhaolruain trí dhroichead nua chuig Ospidéal an Stíobhardaigh, talamh Coates agus Páirc Bhaile Uaitéir