Aguisín 4: Nótaí Treorach Teicniúla

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

 

Plean Forbartha Fhine Gall 2017- 2023

Nótaí Treoracha Teicniúla le haghaidh Aicmí Úsáide

Ba cheart na nótaí treoracha teicniúla seo a úsáid i gcomhthéacs na n-aicmí úsáide glactha toisc go n-úsáidtear iad i gCaibidil 11 de Dhréachtráiteas Scríofa Fhine Gall 2017-2023 ‘aicmí úsáide a bhaineann le cuspóir criosaithe’. Ní thugann siad aon mhíniú ar na haicmí úsáide talún seachas iad siúd atá glactha sa Phlean Forbartha cheana féin. Cé gurb amhlaidh i roinnt cásanna go raibh sé cuí sainmhíniú reatha dlíthiúil nó foclóra a úsáid nó a chur in oiriúint, is é cuspóir na nótaí teicniúla seo ná treoir a thabhairt don aicme úsáide áirithe mar a bhaineann leis an bPlean Forbartha. Mar sin, níl an treoir seo ceaptha le bheith ina sainmhíniú dlí agus i roinnt cásanna, mar gheall ar an gcomhthéacs mar atá sonraithe thuas, d'fhéadfadh go mbeadh sé difriúil le tuiscint ghinearálta ar an bhfocal nó téarma ábhartha.

Seamlas

Foirgneamh nó cuid de nó talamh a úsáidtear mar sheamlas. Áirítear leis sin saoráidí um próiseáil agus stóráil feola.

Struchtúir Fógraíochta

Aon struchtúr ar clárlach, chreat, cuaille, caighdeán, fearas nó comhartha é (cibé acu go bhfuil sé soilsithe nó nach bhfuil) agus atá á úsáid nó atá ceaptha le húsáid chun aon fhocal, litir, múnla, balún, eitleog, póstaer, fearas nó ionadaíocht a thaispeáint agus é sin á úsáid chun críocha fógraíochta, fógra nó treorach.

Aeradróm/Aerpháirc

Ceantar sainithe talún nó uisce, foirgnimh san áireamh, atá ceaptha le húsáid, go hiomlán nó i bpáirt i ndáil le tuirlingt, le himeacht, nó le bogadh dromchla aerárthach.

Agraighnó

Gnó a bhaineann go díreach leis an earnáil talmhaíochta nó gairneoireachta agus lena mbaineann próiseáil táirgí a bhfaightear cuid mhór díobh sa cheantar háitiúil. D'fhéadfadh go n-áireodh sé seirbhísí tacaíochta don earnáil talmhaíochta nó gairneoireachta chomh maith. Féach Caibidil 8, leathanach 314 de Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 le haghaidh tuilleadh treorach.

Foirgnimh Talmhaíochta

Usáid foirgnimh/foirgneamh chun críocha na gairneoireachta agus na talmhaíochta lena n-áirítear chun críocha cóiríocht a thabhairt do bheostoc, feirmeoireacht déiríochta, traenáil capall, fás toraidh, stóráil agus bealaí úsáide eile a bhaineann go díreach le príomhtháirgeadh bia agus le tógáil nó pórú beostoic.

Soláthairtí Feirme Talmhaíochta

Asraon gnó atá i mbun mhórdhíol soláthairtí feirme go príomha, mar

fhotha ainmhí, leasacháin, ceimiceáin talmhaíochta, lotnaidicídí, síolta planda, agus bolgáin phlanda (ach gan innealra feirme san áireamh)

Díolachán agus/nó Cothabháil Innealra Talmhaíochta

Asraon gnó a bhaineann go díreach le díolachán agus/nó cothabháil innealra a bhaineann le húsáid talmhaíochta.

Agraithurasóireacht

Úsáid talún le haghaidh gníomhaíochta a dhéantar ar fheirm oibre a cheadaíonn do bhaill den phobal i gcoitinne, chun críocha caithimh aimsire, siamsaíochta nó oideachais, féachaint ar ghníomhaíochtaí tuaithe nó taitneamh a bhaint astu, lena n-áirítear feirmeoireacht, gairneoireacht, gníomhaíochtaí stairiúla, cultúrtha, gníomhaíochtaí fás do chuid féin, nó gníomhaíochtaí agus tarraingtí nádúrtha. Áirítear le samplaí de ghníomhaíochtaí den sórt sin, i measc go leor gníomhaíochtaí eile, saoirí feirme (lá nó seachtain ar an bhfeirm: cónaí, obair, fóillíocht), marcaíocht capaillíní, rothaíocht, rianta oidhreachta, cathair ghríobháin arbhair, ceardlanna ar chóiriú bláthanna, leaba agus bricfeasta, cócaireacht feirme

Suiteálacha Loingseoireachta Aeir

Struchtúr agus/nó trealamh a úsáidtear chun críocha cabhrú le loingseoireacht aerárthach.

 

Bonneagar Aeriompair

Bonneagar agus/nó úsáid talún a bhaineann go príomha le bogadh nó cothabháil aerárthach, nó le láimhseáil paisinéirí agus earraí in aerfort. Féach Plean Forbartha Fhine Gall 2011-2017, Cuspóir Criosaithe "ABÁC" Aerfort Bhaile Átha Cliath le haghaidh níos mó eolais.

Ionad Siamsaíochta

Áitreabh a úsáidtear chun cluichí a imirt ar mheaisíní cluiche, chun físchluichí agus/nó meaisíní siamsaíochta eile a imirt.

Leaba agus Bricfeasta

Teach cónaí a bhfuil cónaí ann mar an bpríomháit chónaithe agus áit a bhfuil cuid den chóiríocht seomra leapa ar fáil le tógáil ar cíos thar oíche ag bailll den phobal. D'fhéadfadh go gcuirfí bricfeasta ar fáil mar chuid den tseirbhís ach ní bhíonn béilí eile ar fáil.

Oifig Geallghlacadóra

Áitreabh atá cláraithe ar feadh tamaill i gClár na n-Oifigí Geallghlacadóra a choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim faoin Acht um Gheall-Chur, 1931 (Uimh. 27 de 1931).

Connchrónna Coinneála

Foirgneamh, nó cuid de, nó talamh a úsáidtear um chóiríocht shealadach d'ainmhithe tí agus a bhfaightear luach saothair as.

Soláthraithe/Clós Tógálaithe

Foirgneamh agus/nó talamh a úsáidtear chun ábhair tógálaí a stóráil, a dhíol agus a ligean ar cíos.

Ionad adhlactha

Talamh atá leagtha amach go sonrach chun na mairbh a chur.

Ionad Campála

Úsáid talún mar chóiríocht do charbháin turais, veaineanna campála agus champáil. Ní dhéanfar freastal ar thithe soghluaiste statacha in ionaid champála.

Áit Choinneála do Charranna ar Cíos

Foirgneamh agus/nó talamh a úsáidtear le carranna a stóráil atá ar fáil le ligean ar cíos.

Páirc Charbhán - Saoire

Úsáid talún chun cóiríocht a chur ar fáil do charbháin, phubaill, d'fheithiclí caithimh aimsire agus/nó tithe soghluaiste a bhféadfadh go gcaithfeadh daoine saoire iontu.

Páirc Charbhán - Cónaitheach

Úsáid talún chun cóiríocht a chur ar fáil do charbháin, sheallaí, tithe soghluaiste, feithiclí caithimh aimsire agus/nó pubaill atá ceaptha um chónaí buan. Ní chuimsíonn sé sin aon chóiríocht a bhféadfadh go gcuirfí ar fáil í mar chuid den Chlár Cóiríochta Pobail do Thaistealaithe.

Clóis Lastais

Talamh a úsáidtear chun críocha earraí agus táirgí builce a stóráil atá á aistriú ón áit ar tháinig siad chuici go dtí a gcéad cheann scríbe eile.

Carrchlós Neamhchoimhdeach

Foirgneamh nó talamh a úsáidtear chun críocha páirceála aonair m.sh. páirceáil fhadtéarmach carranna. Ní chuimseodh an úsáid sin bóthar poiblí a úsáidtear um páirceáil carranna ná úsáid carrchlóis atá coimhdeach leis an bpríomhúsáid.

Corrthrádáil

Úsáid talún nó foirgneamh um chorrthrádáil lena n-áirítear mar shampla 'Margaí Domhnaigh', agus ceantair atá sainithe faoi fhorálacha an Acht Corr-Thrádála, 1995.

Saoráidí Cúram Leanaí

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, chun cúram lae iomláin agus/nó seisiúnach agus seirbhísí a chur ar fáil d'aois réamhscoile, agus/nó le haghaidh leanaí scoile lasmuigh d'uaireanta scoile. Áirítear leis seirbhísí a bhfuil ina measc cúram, oideachas agus deiseanna do leanaí bualadh le leanaí eile. Mar sin, tá seirbhísí mar réamhscoileanna, naíonraí (grúpaí spraoi Gaeilge), seirbhísí cúram lae, crécheanna, agus grúpaí iarscoile san áireamh, ach ní áirítear feighlíocht leanaí, scoileanna (bunscoileanna agus meánscoileanna san áireamh) ná ionaid chónaithe.

Cúram Leanaí Seisiúnach: Sainítear an chatagóir sin mar sholáthar seirbhíse a chuireann clár beartaithe de suas go 3.5 uair an chloig an lae ag baill foirne oilte ar fáil do leanaí réamhscoile. Cuimsíonn seirbhísí seisiúnacha grúpaí spraoi agus grúpaí Montessori.

Cúram Leanaí Lae Iomláin: Soláthar sheirbhís cúram lae struchúrtha do leanaí ar feadh níos mó ná 3.5 uair an chloig in aghaidh an lae, agus an tseirbhís

sin á maoirsiú ag baill foirne oilte. Cuimsíonn cúram lae iomláin crècheanna agus naíolanna.

Cúram leanaí iarscoile : Is é atá i gceist leis seo lá cúram lae sínte do leanaí scoile, ó Luan go hAoine de ghnáth.

Feighlíocht Leanaí Is é atá i gceist leis seo ná aire a thabhairt do leanaí - seisear ar a mhó agus leanaí an fheighlí linbh iad féin san áireamh - ina t(h)each féin. Tá an chatagóir cúram leanaí sin aicmithe mar fhorbairt díolmhaithe sna hAchtanna Pleanála agus Forbartha 2000 go 2010.

Áit a gcuirtear an áis ar fáil i dteach i gceantar cónaithe, is gnách go mbeidh feidhm ag na coinníollacha seo a leanas:

  • Ba cheart go mbeadh sí á hoibriú ag an duine a bhfuil cónaí orthu sa teach;
  • Ba cheart go mbeadh an úsáid faoi réir úsáid an teagmhais mar phríomháit chó

I ngach uile chás, ní mór nach gcuirfeadh an úsáid isteach ar áiseanna cónaithe an cheantair [m.sh. ní bheidh leibhéil torainn doghlactha ná páirceáil carranna ar an tsráid mar thoradh air].

Féach Caibidil 7, leathanach 267 de Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017.

Saoráid Dramhaíola Cathrach

Úsáid foirgnimh agus/nó talún áit a bhféadann an pobal dramhaíl tí inathchúrsáilte nach n-éireoidh lofa (seachas dramhaíl ghairdín neamhtráchtála) a dhiúscairt mar pháipéar, ghloine, mhiotal, plaistigh, teicstílí, earraí bána agus leictreonaic. D'fhéadfadh go ndéanfadh an tsaoráid soláthar do scagadh, mheascadh, burláil, stóráil agus/nó cóireáil tionchair ísil ar dhramhaíl sula ndéantar í a aisghabháil agus/nó a dhiúscairt.

Saoráid Pobail

Foirgneamh, nó cuid de, a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí pobail, fóillíochta agus/nó sóisialta a eagraítear go príomha ag an bpobal áitiúil agus lena aghaidh, ar féidir cead isteach iontu a thabhairt don phobal tar éis dóibh táille a íoc nó saor in aisce.

Coincréit/Asfalt

Struchtúr agus/nó talamh a úsáidtear chun coincréit, asfalt, agus/nó táirgí bainteacha a dhéanamh i gcairéal nó mianach nó taobh leo.

Ionad Comhdhála

Foirgneamh nó cuid de a úsáidtear le haghaidh chruinnithe dreamanna daoine, chun cruinnithe gnó/seimeanáir/seisiúin oiliúna móra a réachtáil agus/nó a úsáidtear le haghaidh go leor cupsóirí siamsaíochta eile.

Saoráid Chultúrtha

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, le haghaidh cuspóirí cultúrtha, nó úsáid talún le haghaidh cuspóirí cultúrtha a bhféadfadh go nglacfaí an pobal isteach ann, tar éis dóibh táille a íoc nó gan táille a íoc. Ní áirítear leis sin club damhsa nó club oíche, a dtugtar nóta míniúcháin doibh thíos.

Halla Damhsa/Club Oíche

Foirgneamh nó cuid de áit arb í an phríomhfheidhm ná siamsaíocht tráchtála a chur ar fáil i bhfoirm áiseanna damhsa.

Oideachas

Úsáid foirgnimh agus/nó talún mar scoil, choláiste, ollscoil, institiúid theicniúil, acadamh, halla léachta nó ionad oideachais eile .

Ionad Fiontraíochta

Úsáid foirgnimh le haghaidh tionscal ar scála beag (de chineál céaduaire/micreafhiontar) agus/nó seirbhísí tráchtála, ar gnách go roinneann siad saoráidí seirbhíse grúpa.

Ionad Taispeántais

Úsáid leanúnach/mhinic foirgnimh chun táirgí, seirbhísí, agus/nó gníomhaíochtaí a bhaineann le taispeántas a thaispeáint don phobal le gur féidir leo féachaint orthu.

Tionscal Eastóscach/Cairéalú

Úsáid talún le haghaidh na gcuspóirí atá sainithe i gCuid 2 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 mar atá leasaithe. Tá tionscal eastóscach mar atá sainithe ag “mianach” agus tá cairéalú mar atá sainithe ag “cairéal”. Tá sé sin leagtha amach thíos:

ciallaíonn “mianach” tochaltán nó córas tochaltán a dhéantar chun críocha, nó i ndáil le, fáil mianraí nó táirgí mianra (cibé acu go bhfuil siad ina staid nádúrtha nó i bhfuaidreán) trí mheán go hiomlán nó i bpáirt daoine a fhostú faoin talamh.

ciallaíonn "cairéal” tochaltán nó córas tochaltán a dhéantar chun críocha, nó i ndáil le, mianraí nó táirgí mianraí a fháil (cibé acu go bhfuil siad ina staid nádúrtha nó i dtuaslagán nó i bhfuaidreán), nach tobar ná tollpholl ná tobar agus tollpholl i dteannta a chéile é, agus measfar go gcuimseoidh sé -

  1. aon áit ar an dromchla timpeall nó taobh leis an gcairéal atá áitithe i dteannta leis an gcairéal chun na mianraí a stóráil nó a bhaint nó le haghaidh próisis atá coimhdeach le fáil mianraí, lena n-áirítear briseadh, brú, meilt, scagadh, ní nó cóiriú na mianraí sin ach, faoi réir dó sin nach gcuimsíonn aon áit ina ndéantar aon phróiseas déantúsaíochta;
  2. aon áit atá áitithe ag úinéir cairéil agus a úsáidtear chun bruscar a dhiúscairt uaidh ach maidir le haon áit a úsáidtear amhlaidh i ndáil le dhá chairéal nó níos mó, agus atá áitithe ag úinéir ceann amháin acu, nó ag úinéirí aon dá cheann le chéile, measfar go mbeidh sí mar chuid de cheann de na cairéil sin de réir mar a threoróidh an tAire
  3. aon taobh nó taobhlach (nach bhfuil mar chuid d'iarnród) a fhreastalaíonn ar chairéal ach, má tá sé ag freastal ar dhá chairéal nó níos mó measfar go mbeidh sé ina chuid de cheann amháin díobh de réir mar a threoróidh an tAire;
  4. iompróir nó téadbhealach aerga a chuirtear ar fáil chun mianraí nó bruscar a bhaint ó chairé

Asraon Mearbhia/Bialann Beir Leat

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, chun bia te a dhíol a thugtar agus a ullmhaítear go tapa le caitheamh ar an áitreabh nó lasmuigh de.

Siopa Feirme

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, agus/nó talamh um dhíolachán toraidh a thagann ón bhfeirm choimhdeach nó ó fheirmeacha áitiúla timpeall uirthi. Bíonn siopa feirme de scála agus nádúr gurb amhlaidh go ndíolann sé réimse áirithe earraí a bhaineann le soláthar díreach toraidh feirme áitiúil le díol leis an bpobal

áitiúil. Ba cheart a thabhairt faoi deara go mbaineann caveatanna le siopaí feirme de réir an chriosaithe infheidhme.

Ullmhú/Próiseáil Bia, Dí agus Bláthanna

Úsáid foirgneamh agus/nó talún le haghaidh gníomhaíochtaí a bhaineann le fás tráchtála, ullmhú, próiseáil, aibiú, pacáistiú, stóráil agus scaipeadh bia, bláthanna agus táirgí bainteacha agus/nó le haghaidh loighistice a bhaineann leis sin.

Iosta Breosla/Stóráil Breosla

Úsáid talún agus/nó struchtúr um stóráil agus/nó scaipeadh breosla.

Teach Tórraimh/Marbhlann

Úsáid foirgnimh, nó cuid d'fhoirgneamh, chun coirp a chur os cionn cláir, seirbhísí adhlactha a reáchtáil agus sochraidí a eagrú. Maidir le foirgneamh a úsáidtear chun críocha socruithe sochraide a dhéanamh amháin, meastar gur úsáid oifige atá i gceist.

 

 

Ionad Garraíodóireachta

Úsáid talún, foirgnimh san áireamh, chun táirgí gairneoireachta a fhás, a stóráil agus a thaispeáint agus chun earraí agus trealamh bainteach a thaispeáint agus a dhíol.

Eitlíocht Ghinearálta

Foirgneamh, nó cuid de, nó talamh a theastaíonn chun aerárthaigh shibialta a oibriú le haghaidh cuspóirí eile seachas iompar mórscála paisinéirí tráchtála nó lastais, agus lena n-áirítear eitilt phearsanta, ghnó, agus teagaisc.

Galfchúrsa

Ceantar talún a dearadh chun galf a imirt air (tá foirgnimh choimhdeacha, carrchlós agus teach club san áireamh).

Teach Aíochta

Foirgneamh nó cuid de, a sholáthraíonn lóistín d'aíonna thar oíche agus a bhfuil béilí, bricfeasta de ghnáth, ar fáil dóibh agus a cháilíonn mar theach aíochta faoi na Rialacháin um Chlárú agus Athnuachan Cláraithe do Thithe Aíochta 2003 agus faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta 1939-2003 nó eile mar atá athbhreithnithe.

Ionad Sláinte

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, chun seirbhísí cúram sláinte a sholáthar, lena n-áirítear seirbhísí leighis, fiaclóra, próifiolacsacha nó cúnaimh shóisialta, don phobal áitiúil agus a chuimsíonn cleachtais ghrúpa agus clinicí.

Cleachtóir Sláinte

Úsáid cuid de theach cónaithe ag cleachtóir sláinte chun seirbhísí gairmiúla leighis nó cúram sláinte a sholáthar, agus an úsáid sin faoi réir úsáid an tí mar phríomháit chónaithe.

Páirc Feithiclí Troma

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, nó talún chun Feithiclí Earraí Troma (busanna san áireamh) a pháirceáil.

Déantúsaíocht Ardteicneolaíochta

Úsáid tailte le haghaidh tionscal a dhéanann táirge/táirgí a bhfuil a nádúr bainte ó thaighde agus thuiscint eolaíochta, ghairmiúil agus/nó theicniúil, ar minic go ndéantar ar an láthair í agus ó ard-dhéantúsaíocht a bhfuil eolaíocht agus teicneolaíocht (E&T) a aistriú go táirgí agus próisis déantúsaíochta i gceist leis.

Teach Saoire/Árasáin Saoire

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, le haghaidh cóiríochta gearrtéarmaí i ndáil le saoire.

Gníomhaíocht Eacnamaíochta sa Teach

Gníomhaíocht tráchtála ar scála beag a dhéanann cónaitheoir tí, ar gnách go mbíonn sí bunaithe ar sheirbhís, áit a bhfuil an úsáid sin faoi réir úsáid an tí mar phríomháit cónaithe. Ar mhaithe le soiléireacht, níl tionscal éadrom san áireamh ansin.

Ospidéal

Foirgneamh nó cuid de a úsáidtear le haghaidh cóireála míochaine ginearálta. Níl tithe altranais san áireamh ansin.

Óstán

Foirgneamh, nó cuid de, áit a bhfuil seirbhísí cóiríochta codlata agus  béile ar fáil do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí agus áit a bhfuil fiche seomra ensuite ar a laghad. D'fhéadfadh go mbeadh seomraí ócáide agus áiseanna comhdhála cuimsithe chomh maith mar chuid den úsáid.

Tionscal Ginearálta

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, nó talún le haghaidh tionscail ar bith seachas tionscal éadrom nó tionscal ardtionchair (mínithe thíos). Tá bealaí úsáide coimhdeacha atá faoi réir na príomhúsáide tionscail mar shampla oifig bheag agus carrchlós curtha san áireamh san aicme úsáide.

Tionscal Éadrom

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, nó úsáid talún le haghaidh tionscail ina bhfuil na próisis a dhéantar, nó an t-innealra a shuiteáltar amhlaidh, go bhféadfaí iad a dhéanamh nó a shuiteáil taobh le ceantar cónaitheach gan dochar d'áiseanna an cheantair sin mar thoradh ar thionchair mar thorann, chreathadh, bholadh, múch, deatach, súiche, luaith, deannach nó greanchloch.

Tionscal Ardtionchair

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, nó talún le haghaidh aon tionscail a dteastaíonn measúnú a dhéanamh air mar gheall ar an seans go bhféadfadh sé dochar a dhéanamh don chomhshaol.

Coimpléasc Turasóireachta Comhtháite

Úsáid tailte diméin agus foirgneamh le haghaidh bealaí úsáide turasóra, fóillíochta agus caithimh aimsire (.i. Óstán agus áiseanna bainteacha, ionad comhdhála, galfchúrsa, ionad eachaíochta, ionad fálróide, ionad folláine, saoráid uisce laistigh/lasmuigh, saoráid iascaireachta, músaeim, rianta dúlra, bealaí siúl agus áiseanna bainteacha) ionas go mbaintear amach caomhnú na sócmhainne agus na foirgnimh á n-athúsáid ar bhealach cuí agus inbhuanaithe.

Loighistic

Úsáid foirgneamh agus/nó talún um allmhairiú, fáil, próiseáil (lena n-áirítear pacáil agus athphacáistiú, cur i mbuidéil, lipéadú, sórtáil agus grádáil) agus scaipeadh táirgí de réir cheanglais na teicneolaíochta 'díreach in am' de ghnáth.

Oifigí Coimhdeach don Úsáid Cheadaithe

Foirgneamh nó cuid de, áit a bhfuil úsáid na hoifige faoi réir an úsáid talún cheadaithe ar an láthair agus bainteach léi.

Oifigí (faoi réir méideanna sonraithe i bPlean Forbartha Fhine Gall, Caibidil 9)

Foirgneamh áit arb í an úsáid aonair nó an phríomhúsáid ná láimhseáil agus próiseáil faisnéise agus taighde nó tabhairt faoi obair ghairmiúil, riaracháin, airgeadais, margaíochta nó chléireachais, agus a bhféadfadh go gcuimseodh sé seirbhísí a chuirtear ar fáil do bhaill den phobal ar cuairt agus a chuimsíonn banc nó cumann foirgníochta ach nach gcuimsíonn oifig poist nó oifig geallghlacadóra.

 

Spás Oscailte

Aon talamh, uisce san áireamh, bíodh go bhfuil sé imfhálaithe nó nach bhfuil, a úsáidtear go príomha le haghaidh caithimh aimsire ghníomhaigh nó fhulangaigh nach bhfuil aon fhoirgnimh air, nó áit bhfuil dlúthnaisc ag na foirgnimh air le húsáid caithimh aimsire ghníomhaigh nó fhulangaigh lasmuigh, agus a bhfuil an chuid eile de leagtha amach mar ghairdín nó chun críocha caithimh aimsire, nó go bhfuil sé folamh, ina thalamh gan rath nó gan chónaí air.

Áiseanna Páirceála agus Taistil

Carrchlós chun freastal ar úsáideoirí carranna príobháideacha ionas gur féidir leo a dturas a chríochnú trí hiompar poiblí.

Stáisiún Peitril

Struchtúr nó talamh a úsáidtear le haghaidh dhíolachán miondíola breosla ar gnách go n-úsáidtear i mótarfheithiclí iad, agus le haghaidh sholáthar mionseirbhísí a theastaíonn agus feithiclí faoi bhealach (aer, uisce, níochán cairr agus/nó folús). Ní áirítear leis garáiste seirbhíse ná asraon díoláchán carranna agus d'fhéadfadh go n-áireodh sé gné mhiondíola faoi réir na gcritéar atá leagtha amach i Straitéis Mhiondíola Fhine Gall, Alt 11.4 agus na Treoirlínte um Pleanáil Miondíola.

Ionad Adhartha

Foirgneamh, nó cuid de, nó talamh a úsáidtear mar eaglais, shéipéal, aireagal, mosc, teampall, sionagóg, teach cruinnithe nó áit eile um dheabhóid phoiblí. Áirítear leis freisin úsáid an struchtúir sin le haghaidh ghníomhaíochtaí sóisialta nó caithimh aimsire an phobail áitiúil a bhaineann leis.

Stóráil Gléasra

Úsáid foirgneamh nó talún chun innealra gléasra, trealamh nó fearais a stóráil.

Teach Tábhairne

Foirgneamh, nó cuid de, atá ceadúnaithe chun deochanna meisciúla a dhíol leis an bpobal le caitheamh san áitreabh.

Stáisiún Iompair Phoiblí

Foirgneamh nó cuid de, nó talamh a úsáidtear chun daoine a aistriú chuig modhanna iompair phoiblí.

Saoráid Caithimh Aimsire/Club Spóirt

Foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh, a bhfuil rochtain air ar fáil don phobal tar éis táille a íoc nó ar bhealach eile (ballraíocht san áireamh) agus atá ceaptha d'úsáid caithimh aimsire (gan hallaí damsa, dioscónna ná bealaí úsáide cosúlacha a áireamh).

Taighde & Forbairt

Úsáid foirgnimh, nó cuid de, nó úsáid talún le haghaidh gníomhaíochtaí eolais lena mbaineann an stoc eolais a mhéadú, agus an stoc eolais sin a úsáid chun táirge, toradh nó feidhmeanna nua a cheapadh nó feabhas a chur orthu siúd atá ann cheana féin.

Cónaitheach

Úsáid foirgnimh nó cuid de sin lena n-áirítear tithe, árasáin, arásáin dhá urlár atá ceaptha do chónaí daonna.

Teach Cúraim Chónaithigh/Teach Scoir

Foirgneamh nó talamh chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil cúram ag teastáil uathu mar gheall ar aois, mhíchumas nó mí-úsáid drugaí nó alcóil san am atá thart nó mí-úsáid reatha. Is gnách gurb é atá i dteach scoir ná saoráid tithíochta iltheach cónaithe do dhaoine scothaosta a bhfuil leibhéil éagsúla de shaoráidí bainteacha acu.

Institiúid Chónaitheach

Foirgneamh nó cuid de agus aon tailte a ghabhann leis a sholáthraíonn cóiríocht do dhaoine a bhfuil cónaí orthu lena chéile mar phobal (m.sh. clochar nó mainistir).

Bialann/Café

Foirgneamh nó cuid de áit arb í an phríomhfheidhm ná béilí agus/nó sóláistí a dhíol le caitheamh ar an áitreabh.

Sráidbhaile Lucht Scoir

Coimpléasc cónaitheach comhtháite ina bhfuil tithe neamhspleácha ar leithligh do dhaoine a chuaigh ar scoir, agus a chuimsíonn réimse riachtanas cúraim chun freastal ar lucht cónaithe an choimpléisc.

Beidh conarthaí déanta ag áititheoirí aon sráidbhaile scoir den chineál sin chun cinntiú go gcoimeádfar na tithe aonair um áitiú ag daoine scortha.

Miondíol - Áitiúil glan-achar urláir <150 sqm

Tagraíonn Miondíol Áitiúil d'fhoirgneamh nó cuid de a sholáthraíonn miondíol áise, mar shiopa áise/shiopa cúinne, áisíneacht nuachta, buitséir nó seirbhís mhiondíola bhunúsach chosúlach, chun freastal ar shiopacheantar áitiúil. Bíonn glan-achar urláir (gua) de 150sq m ar a mhó ag siopa den sórt sin. Tagraíonn glan-achar ulráir do ghlan-achar díolachán miondíola agus is é atá i gceist leis ná achar siopa atá tugtha do dhíolachán earraí miondíola (lena n-áirítear an t-achar a thugtar do chuntair amach). Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha.

Miondíol - Siopa Áise gau ≤ 500 sqm

Tá an bhrí chéanna ag asraonta áise agus a aithníodh sna Treoirlínte ar Phleanáil Miondíola d'Údaráis Phleanála, Eanáir 2005 agus is é sin ná, “siopaí ar leibhéal iomlán a bhfuil féinseirbhís pháirteach ar fáil iontu..., a dhíolann bia agus earraí áise eile, agus a bhfuil glan-achar díolacháin de níos lú ná 500 sqm acu, chomh maith le raon táirgí níos lú ná an raon a bheadh ar fáil in ollmhargadh”. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol - Comparáid

Is é atá in asraonta díolachán comparáide ná siopaí a dhíolann earraí comparáide. Tá an bhrí chéanna ag earraí comparáide agus a aithníodh sna Treoirlínte ar Phleanáil Mhiondíola mar earraí a chuimsíonn "éadaí agus bróga, troscán, feistis agus trealamh tí (gan earraí tí neamh-mharthanacha san áireamh), táirgí leighis agus cógaisíochta, fearais agus trealamh teiripeach, trealamh agus oiriúintí oideachais agus caithimh aimsire, leabhair, nuachtáin, earraí um chúram pearsanta agus earraí nach bhfuil aicmithe aon áit eile”. Sna haicmí úsáide talún, tá méid siopa den sórt sin briste síos go gau ≤ 500 gau > 500 sqm áit a gciallaíonn an gau an glanachar um dhíolachán miondíola, achar siopa atá tugtha do dhíolachán earraí miondíola (lena n-áirítear an t-achar a thugtar do chuntair amach). Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol – Ollmhargadh gua ≤ 2500 sqm

Tá an bhrí chéanna le hollmhargaí agus a aithníodh sna Treoirlínte ar Phleanáil Mhiondíola mar, “…. siopaí a dhíolann bia go príomha, agus a bhfuil glan-achar urláir de níos lú ná 2,500 sqm acu”. San aicme úsáide talún sin áirítear le hollmhargaí siopaí lascaine a gcuirtear síos orthu sna Treoirlínte um Pleanáil Mhiondíola mar shiopaí a bhfuil ollachar suas go 1,500sqm acu. Aithnítear siopaí bia lascaine mar rogha miondíola eile a chur ar fáil in ionad na n-ollmhargaí traidisiúnta, rud a mheadaíonn rogha agus raon na saoráidí miondíola. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol – Ollstór gua > 2500 sqm

Tá an bhrí chéanna le hollstóir agus a aithníodh sna Treoirlínte um Pleanáil Mhiondíolais é sin ná "siopaí féinseirbhíse ar leibhéal iomlán ar gnách go ndíoltar bia, nó bia agus roinnt earraí neamhbhia iontu, agus ar gnách go mbíonn glanspás urláir le haghaidh díolacháin de 2,500 sqm ar a laghad acu chomh maith le páirceáil carranna tiomanta ar an dromchla”. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol – Hipearmhargadh gau  > 5000 sqm

Tá an bhrí chéanna le hipearmhargaí agus a aithníodh sna Treoirlínte um Pleanáil Miondíolais é sin ná "siopaí féinseirbhíse ar leibhéal amháin a dhíolann bia chomh maith le raon earraí comparáide, agus a bhfuil glanspás urláir le haghaidh díolacháin de 5,000 sqm acu chomh maith le páirceáil carranna tiomanta ar an dromchla”. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol - Ionad Asraon Monarchan

Tá an bhrí chéanna le hionaid asraon monarchan agus a aithníodh sna Treoirlínte um Pleanáil Miondíolais é sin ná asraoin mhiondíola arb í a sainréimse ná earraí tarnábhair agus dheireadh líne a dhíol ar phraghsanna lascaine. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol - Trádstóras

Tá an bhrí chéanna le trádstórais mhiondíola agus a aithníodh sna  Treoirlínte um Pleanáil Mhiondíolais é sin ná "siopaí ar leibheál amháin arb í a sainréimse ná díolachán earraí tí builce mar chairpéid, throscán agus earraí leictreacha agus earraí DIY builce a fhreastalaíonn den chuid is mó ar chustaiméirí a bhfuil carr á thiomáint acu”. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

Miondíol - Club Trádstórais

Tá an bhrí chéanna ag clubanna trádstórais nó clubanna lascaine a aithníodh sna Treoirlínte ar Phleanáil Mhiondíola is é sin ná "miondíoltóirí lasmuigh den lár arb é a sainréimse na díolacháin builce earraí ardchaighdeáin ar phraghas laghdaithe i bhfoirgnimh neamhshofaisticiúla... (a) d'fhéadfadh teorainn a chur le rochtain  ...trí shrianta ballraíochta”. Is minic go mbíonn gné de mhiondíol íoc is iompair chomh maith le díolacháin do bhaill cháilithe den phobal ag baint leo. Féach freisin an Straitéis Mhiondíola, Aguisín 2 leis an bPlean Forbartha 2011-2017.

 

 

Iosta Iompair ar Bhóthar

Úsáid foirgnimh nó talún mar iosta a bhaineann le hoibriú gnó iompair ar bhóthar lena n-áirítear páirceáil agus seirbhísiú feithiclí, HGVanna ach go háirithe.

Cóiríocht d'Oibrithe Séasúracha

Cóiríocht a tógadh le sainchuspóir chun freastal ar oibrithe sealadacha a bhaineann le fiontar gairneoireachta nó talmhaíochta.

Suiteáil Fuinnimh Inbhuanaithe

Suiteálacha chun fuinneamah inbhuanaithe a ghiniúint agus úsáid á baint as próisis nach gcuirfidh i gcontúirt cumais na nglúnta a thiocfaidh inár ndiaidh a gcuid riachtanas um tháirgeadh fuinnimh a chomhlíonadh agus ar gnách go mbaineann siad leas as fuinneamh gaoithe, gréine, hidrileictreach nó fuinneamh bunaithe ar bhithmhais.

Oifig Tacsaithe

Foirgneamh, nó cuid de, áit a bhféadann baill den phobal tacsaí a chur in áirtithe agus áit a bhféadann cliaint fanacht le tacsaí.

Struchtúir Teileachumarsáide

Struchtúir arb é an cuspóir atá i gceist leo ná soláthar d'oibriú saoráidí teilechumarsáide. Áirítear leis sin an talamh a dhéanann suas cúirtealáiste na saoráide agus struchtúir choimhdeacha mar chuaillí, chaibinéid agus struchtúir tacaíochta atá riachtanach chun an tsaoráid a oibriú.

Ionad Oiliúna

Úsáid foirgnimh agus/nó talún um shealbhú eolais, scileanna agus inniúlachtaí (eisíonn foirgneamh agus/nó úsáid talún den sórt sin bunscoileanna agus meánscoileanna agus institúidí tríú leibhéal).

Cóiríocht don Lucht Taistil

Úsáid foirgnimh nó talún le haghaidh saoráidí cónaitheacha sealadacha agus/nó buana a chuireann an Chomhairle ar fáil go sonrach le háitiú ag baill den Lucht Taistil lena n-áirítear grúpascéimeanna tithíochta, láithreáin stad agus tithíocht chaighdeánach.

Suiteálacha Fóntais

Struchtúr atá déanta suas de phíosa trealaimh amháin nó níos mó atá ceangailte le nó mar chuid de struchtúr agus/ nó áis a dearadh chun seirbhís fóntais phoiblí a chur ar fáil mar sholáthar teasa, leictreachais, teileachumarsáide, diúscairt agus/nó cóireáil uisce nó séarachais.

 

Asraon Díolachán Feithicle – Feithiclí Beaga

Foirgneamh nó cuid de nó talamh a úsáidtear chun mótarfheithiclí beaga mar charranna agus lena n-áirítear veaineanna a thaispeáint agus a dhíol.

Asraon Díolachán Feithicle– Feithiclí Móra

Foirgneamh nó cuid de nó talamh a úsáidtear chun feithiclí móra lena n-áirítear HGVanna agus busanna a thaispeáint agus a dhíol.

 

 

Garáiste um Sheirbhísiú/Chothabháil Feithicle

Úsáid foirgnimh agus/nó talún chun cothabháil agus deisiúcháin a dhéanamh ar mhótarfheithiclí beaga agus veaineanna (gan HGVanna agus busanna san áireamh).

Clinic Tréidlichta

Foirgneamh nó cuid de nó talamh a úsáidtear mar chlinic nó lialann chun cóireáil a dhéanamh ar sláinte ainmhithe. D'fhéadfadh go dtabharfaí cóiríocht ar an áitreabh d'ainmhithe ar feadh tréimhsí gairide chun críocha na cóireála agus ní thabharfaí í mar chuid d'oibriú conchrónna coinneála.

Trádstóráil

Foirgneamh nó cuid de áit a stóráiltear nó a nasctar earraí sula scaiptear agus sula ndíoltar in áiteanna eile iad. D'fhéadfadh go soláthródh sé do stóráil feithiclí tráchtála áit a mbeadh sé sin coimhdeach leis an bhfeidm trádstórála.

Saoráidí um Dhiúscairt/Aisghabháil Dramhaíola (Gan Dramhaíl Ardtionchair san áireamh)

Úsáid talún nó foirgneamh chun dramhaíl tí a bhaint nó a athúsáid áit ar beag an seans go mbeidh sé freagrach as boladh, torann, deannach ná cur isteach eile agus a chuimsíonn dramhaíl nach n-éireoidh lofa.

D'fhéadfadh go mbeadh iad siúd a leanas i measc samplaí de shaoráidí bainistíocha dramhaíola den sórt sin: ionaid aistrithe, próiseáil ar ábhar inathchúrsáilte tirim atá á choimeád i bhfoirgnimh, stóráil ghearrtéarmach méideanna beaga de dhramhaíl ghairdín, saoráidí dramhaíola cathrach a ghlacann le hábhar um athchúrsáil lena n-áirítear glacadh le DTLL agus dramhaíl tí ghuaiseach, saoráidí um chóireáil ar fheithiclí deireadh ré ar choinníoll nach ndéantar cruachadh feithiclí, nach ndéantar próiseáil ar stóráil feithiclí neamhthruaillithe, miontal conamair ná fuíll athchúrsála

lasmuigh d'fhoirgnimh. Eisiatar láithreáin agus saoráidí dramhaíola ar mór an deis go gcruthóidh siad boladh, torann, deannach, tine, agus cur isteach eile in oibríochtaí eile a dhéileálanna le dramhaíl a éireoidh lofa.

Saoráidí um Dhiúscairt/Aisghabháil Dramhaíola (Dramhaíl Ardtionchair)

Úsáid talún nó foirgneamh le haghaidh saoráidí ar mór an deis go gcruthóidh siad boladh, torann, deannach agus cur isteach eile lena n-áirítear dramhaíl a éireoidh lofa. I measc samplaí de shaoráidí ardtionchair tá stáisiúin aistrithe agus ionaid chóireála do dhramhaíl orgánach agus do dhramhaíl iarmhartach a d'fhéadfadh boladh a chruthú, briseadh agus próiseáil dramhaíola tógála agus scartála, agus áiseanna áit a stóráiltear dramhaíl lasmuigh d'fhoirgnimh agus áit a ndéanann sé sin cur isteach físe nó ar cosúil go ndéanfaidh sé cur isteach ar bhealach eile, clóis dramh-mhiotail san áireamh.

Eisiatar láithreáin líonta talún.

Clár ábhair

Baile