Caibidil 3: Comhfhorbairt Áite

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

 

3.1 Cúlra

Beidh an patrún foriomlán forbartha faoi threoir an Dréachtphlean seo go fóill, trí mheán na Straitéise Lonnaíochta agus na Croístraitéise a ghabhann léi lena mbunaítear ordlathas spáis don Chontae, rud a leagann síos an comhthéacs don phatrún fáis amach anseo. Tacaítear faoin Dréachtphlean le forbairt ordlathais lonnaíochtaí uirbeacha a bheidh beoga, comhdhlúthaithe agus tarraingteach agus ar ardchaighdeán. Áirítear leis sin Sord a fhorbairt mar Bhaile an Chontae, Baile Bhlainséir a fhorbairt mar lárionad mór uirbeach agus Baile Brigín a fhorbairt mar bhaile ardfháis. Tacófar leis an ordlathas sin trí bhailte, limistéir uirbeacha agus sráidbhailte éagsúla ar fud an Chontae. Gné lárnach den Chontae is ea an tuath féin agus na tailte sa chrios ghlas atá idir na limistéir uirbeacha, atá ina gcúnamh maidir le sainghné Fhine Gall a chur in iúl. Fágann siad go bhfuil ómós áite agus féiniúlacht áitiúil ag na bailte agus na sráidbhailte éagsúla. Is tábhachtach an rud é, i dtaobh fhorbairt stuama, inbhuanaithe an Chontae, an patrún ginearálta forbartha sin a chothabháil.

Ní mór an t-ordlathas lonnaíochta sin a chothabháil, mar aon leis na lárionaid uirbeacha ar leith atá scartha ó chéile agus éagsúil i dtaobh gnéithe fisiceacha, agus limistéir ag a bhfuil sainghnéithe uathúla a chruthú sna bailte agus sráidbhailte uirbeacha lárnacha agus ina gcuid bruachbhailte, chun pobail agus áiteanna inbhuanaithe a chruthú.

Trí mheán na comhfhorbartha áite, lena gcuimsítear cur chuige ilghnéitheach maidir le pleanáil, dearadh agus bainistíocht, leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh á áirithiú go bhforbrófar pobail inbhuanaithe trí thacú le forbairt úsáidí leordhóthanacha tithíochta, miondíola, áineasa agus fostaíochta, réimse poiblí ardcháilíochta, saoráidí pobail, dearadh agus caighdeáin agus spás oscailte ar fud an Chontae.

Ráiteas Beartais

  • Pobail inbhuanaithe, a bhfuil ag éirí go geal leo, a chothú trí sholáthar a dhéanamh ar bhonneagar, tithíocht leordhóthanach, spás oscailte, forbairt mhiondíola, áineasa, fostaíochta agus chultúrtha a fhreastalóidh ar riachtanais na gcónaitheoirí, na n-oibrithe agus na gcuairteoirí, agus ár n-oidhreacht thógtha agus ár n-oidhreacht nádúrtha á gcaomhnú ag an am céanna.

     

  • A áirithiú go bhfuil an timpeallacht thógtha ar ardchaighdeán dearaidh.

     

  • Leanúint ar aghaidh ag mealladh agus ag coinneáil poist ardcháilíochta, ar thuarastal maith, atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tógann an chomhfhorbairt áite an bonn riachtanach ar ar féidir fiontair nua a fhorbairt agus ar ar féidir leo fás, agus iad ag cruthú rathúnas marthanach, inbhuanaithe do phobail áitiúla.

     

  • A áirithiú go dtiocfaidh forbairt ar phobail ar shlí chomhordaithe, inbhuanaithe ionas go gcruthófar áiteanna beoga, inmharthana, agus a áirithiú go léireoidh forbraíochtaí nua meas ar shainghné na lárionad mar atá siad faoi láthair.

     

  • Tithíocht agus limistéir chónaithe ardchaighdeáin a chur ar fáil i limistéir shainaitheanta chun freastal ar riachtanais agus ionchais na ndaoine go léir a bhfuil cónaí orthu ansin.

     

  • A áirithiú go gcuirfear ar fáil spás oscailte agus saoráidí áineasa ardchaighdeáin leordhóthanacha sa Chontae.

     

  • Soláthar agus leithdháileadh leordhóthanach bonneagair pobail a áirithiú sa Chontae.

     

Comhfhorbairt Áite ar Ardchaighdeán a Bhaint Amach

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do phobail inbhuanaithe, a bhfuil ag éirí go geal leo, a bhaint amach ar fud an Chontae. Tá sé ina aidhm sa Phlean Forbartha feabhas a chur ar cháilíocht na dtimpeallachtaí uirbeacha agus na dtimpeallachtaí tuaithe i bhFine Gall agus ardchaighdeán dearaidh a spreagadh maidir le gach forbraíocht nua. Trí chloí le prionsabail na comhfhorbartha áite, bainfear amach timpeallachtaí tógtha agus timpeallachtaí nádúrtha atá inrochtana, sábháilte agus inbhuanaithe, agus ina léirítear an tsainghné agus an oidhreacht atá ag an gContae agus ag a chuid bailedhreach agus tírdhreach éagsúil.

Léirítear san fhíor thíos conas mar is féidir leis an gcomhfhorbairt áite agus pobail inbhuanaithe a bheith i gcroílár ár gcuid smaointeoireachta ó thaobh pleanála, agus ag croílár an Dréachtphlean go sonrach. Léirítear inti na tréithe lárnacha is bonn le comhfhorbairt áite mhaith agus pobail inbhuanaithe.

Pobail inbhuanaitheFoinse: ‘Roth Egan’ agus é Oiriúnaithe, Egan 2004

 

Tá treoir den scoth ar fáil i bhfoilseacháin náisiúnta maidir le conas comharsanachtaí, limistéir uirbeacha agus pobail inbhuanaithe ardchaighdeáin a sholáthar. Áirítear leo siúd na doiciméid Delivering Homes Sustaining Communities (2007), Quality Housing for Sustainable Communities (2007), Sustainable Urban Housing: Design Standards for New Apartments (2007), Sustainable Residential Development in Urban Areas (2009), Urban Design Manual A Best Practice Guide (2009), Government Policy on Architecture (2009) agus Appropriate Assessment of Plans and Projects – Guidance for Planning Authorities (2009). Tá cúig phríomhthéama sa chaibidil seo agus baineann tábhacht ar leith le gach téama i dtaobh limistéir inbhuanaithe, a bhfuil rath orthu, a bhaint amach. Áirítear leo sin:

 

 

  • Pobail Inbhuanaithe

  • An Réimse Poiblí

  • Dearadh agus Caighdeáin Inbhuanaithe

  • Spás Oscailte

  • Bonneagar, Saoráidí agus Seirbhísí Pobail

3.2  Pobail Inbhuanaithe

Is ionann pobail inbhuanaithe agus iad siúd atá folláin agus athléimneach ó thaobh gnéithe eacnamaíocha, gnéithe comhshaoil agus gnéithe sóisialta. Déantar dúshláin a shárú trí réitigh chomhtháite, seachas trí chineálacha cur chuige deighilte.

Tá ról lárnach ag an Dréachtphlean maidir le pobail Fhine Gall a fheabhsú agus a fhorbairt, agus é á áirithiú go gcoimeádfaidh ár gcuid pobal aonair a gcuid tréithe sainiúla agus go mbeidh rochtain ag muintir na háite ar réimse cóiríochta, saoráidí agus timpeallachtaí chun taitneamh a bhaint as an stíl mhaireachtála atá uathu.

 

Faoi láthair, i dteannta na sráidbhailte, na mbailte agus na lárionaid áitiúla sheanbhunaithe i bhFine Gall, tá roinnt comharsanachtaí agus pobail nua, ina bhfuil úsáidí measctha ar fáil agus a oireann go breá do theaghlaigh, ag teacht chun cinn in áiteanna cosúil le Gleann an Mhuilleora sna Sceirí, Páirc Hans i mBaile Bhlainséir, Steach Póilín i mBaile Dúill agus Bóthar an Stáisiúin i bPort Mearnóg. Sna limistéir nua sin, cuirfear raon leathan úsáidí ar fáil agus beidh siad ina bpointe fócasach i dtaobh maireachtála, siopadóireachta agus rochtana ar sheirbhísí agus saoráidí áitiúla. Mar sin, tá sé ina chuspóir againn i dtaobh fhorbairt na limistéar sin pobal inbhuanaithe a chruthú a fhreastalóidh ar riachtanais mhuintir na háite trí úsáidí éagsúla miondíola, tráchtála, áineasa agus cónaithe a sholáthar, agus ómós áite ar leith a bheith ann i leith gach limistéar díobh, do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon.

 

Bíonn an rath atá ar phobal inbhuanaithe ag brath ar an tiomantas atá ag na saoránaigh agus ar a gcuid rannpháirtíochta sa mhéid seo a leanas:

  • Saoránacht ghníomhach, eagraithe, a bhíonn ag gníomhú ar bhonn eolais.
  • Ceannaireacht spreagúil, éifeachtach, a fhreagraíonn do dhálaí an ama.
  • Institiúidí pobail, seirbhísí agus gnólachtaí a ghlacann freagracht, atá comhbhách agus folláin.

Saintréithe Pobail Inbhuanaithe a bhfuil ag Éirí go Geal Leis

Is ionann limistéir a bhfuil ag éirí go geal leo agus áiteanna inar mian le daoine a bheith ina gcónaí iontu, a bheith ag obair iontu agus cuairt a thabhairt orthu. Bíonn an-chuid comhpháirteanna i bpobal a bhfuil ag éirí go geal leis. I gcoitinne, is iad na háiteanna agus na comharsanachtaí is mó a mbíonn rath agus éileamh orthu ná iad siúd ag a bhfuil na saintréithe seo a leanas:

  • Áirítear leo réimse saoráidí i limistéar comhdhlúite ina bhfuil tairseach chriticiúil taitneamhachtaí agus a bhaineann an úsáid is fearr as an infheistíocht atá déanta cheana sa timpeallacht thógtha; i measc na dtaitneamhachtaí sin tá siopaí de chineálacha éagsúla mar aon le réimse leathan seirbhísí airgeadais, seirbhísí gairmiúla agus seirbhísí rialtais, chomh maith le saoráidí cultúir, siamsaíochta agus fóillíochta
  • Bíonn pobal iontu atá faoi bhláth, muintir na háite féin, rud a chuireann le beocht agus beogacht an limistéir toisc go bhfágann sé go mbíonn gníomhaíochtaí ar bun lasmuigh de ghnáthuaireanta oscailte na n-oifigí agus na siopaí
  • Bíonn rochtain éasca orthu trí mhodhanna éagsúla iompair, lena n-áirítear rothaíocht agus siúl, bíonn a ndóthain spásanna páirceála gearrthéarmaí ar fáil gar don chroí-limistéar, bíonn naisc mhaithe iompair idir iad agus an lár, agus bíonn socruithe éifeachtacha i bhfeidhm maidir le seachadadh earraí
  • Áiteanna taitneamhacha, mealltacha is ea iad i dtaobh na timpeallachta tógtha agus an tsráid-dreacha, meastar go bhfuil na sráideanna agus na spásanna oscailte glan agus sábháilte, braitheann na daoine gur den cheantar iad agus go bhfuil sainghné ar leith ag an gceantar sin, nithe a chuireann go mór le mealltacht an láir
  • Tá an fhís agus na sásraí acu chun tógáil ar na sócmhainní sin atá acu cheana, fadhbanna a réiteach, iad féin a chur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh agus do riachtanais na dtomhaltóirí, agus bíonn ar a gcumas feabhsúcháin chuí, riachtanacha a chur ar bun nuair is gá

Comhfhorbairt Áite ar Shlí Inbhuanaithe

Is i lárionaid uirbeacha agus i láir bailte a bhíonn raon leathan gníomhaíochtaí ar bun a chuireann le hómós áite agus le braistint féiniúlachta an limistéir. Is léir go bhfuil ról tábhachtach ag na lárionaid sin i dtaobh cúrsaí eacnamaíocha, sóisialta agus cultúir. Tá forbairt nach beag déanta ar lárionaid uirbeacha Fhine Gall le himeacht na mblianta. Is é an príomhthosaíocht ina leith comhdhlúthú a dhéanamh sna lárionaid atá ann cheana agus tacú leis na gnólachtaí agus na gníomhaíochtaí atá iontu d'fhonn an bheocht a chothú.

 

I limistéir uirbeacha, amhail Sord, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín, áirítear leis sin pobail inbhuanaithe a fhorbairt ar thalamh atá criosaithe i gcomhair úsáid chónaithe agus i gcomhair úsáid mheasctha araon. Trí mheán cuspóirí, cuirfear chun cinn úsáid dlúsanna cuí cónaithe ag brath ar an áit, úsáid éagsúlachta cuí de theaghaisí ardchaighdeáin, dea-dheartha, de chineálacha éagsúla agus ar mhéideanna éagsúla, agus spreagfar forbairt inlíonta agus athfhorbairt chun bailte atá ann cheana féin a chomhdhlúthú mar rogha tosaíochta seachas dul i mbun forbairt úrnua.

 

Sócmhainn shainiúil ar leith is ea na Sráidbhailte Tuaithe sa limistéar tuaithe, agus tá deiseanna le tapú i dtaobh pobail thuaithe inbhuanaithe a bhunú. Trí mheán na gcuspóirí atá sa Phlean Forbartha, feabhsaítear an ghné agus an meon pobail sin trí thógáil ar láidreachtaí tábhachtacha ar leith.

 

Bíonn borradh faoi ghné shóisialta an limistéir tuaithe i bhFine Gall a bhuíochas don chaidreamh dinimiciúil idir daoine de mhuintir na háite a bhfuil cónaí orthu sna lonnaíochtaí seanbhunaithe sa limistéar tuaithe agus i dtithe aonuaire amuigh faoin tuath féin. Tá forbairt na bpobal sin, agus na seirbhísí chun tacú leo, ina heochairthoisc i dtaobh a bhfolláine a áirithiú. 

 

Déantar na lárionaid uirbeacha agus lár na mbailte a aicmiú de réir ordlathas áiteanna agus cuspóirí criosaithe talamhúsáide mar seo a leanas:




Ainmniú Áite Uirbí

Feidhm

Suíomh

Láir Mórbhailte

Láir mhórbhailte an Chontae ina bhfuil raon seirbhísí agus saoráidí ar fáil do mhórcheantar cúltíre.

Sord, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín

Láir Bailte agus Dúichí​

Sna láir bailte agus dúichí seo, cuirtear raon seirbhísí, saoráidí agus siopaí ar fáil dá gceantar cúltíre féin.

Baile an Ridire, Na Sceirí, An Ros, Lusca, Domhnach Bat, Mullach Íde, Port Mearnóg, Bóthar na Gráinsí (Baile Dúill), Baile Dúill, Crois Chill Fhionntain, Binn Éadair, Baile Shéarlais, Cluain Saileach, Baile an Phóirtéaraigh, Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir agus Caisleán Cnucha.

Láir Sráidbhailte​​

Bíonn feidhmeanna éagsúla ag na sráidbhailte seo ach is amhlaidh i gcoitinne go bhfreastalaítear iontu ar riachtanais laethúla an limistéir, agus is iondúil a bhíonn idir ghníomhaíocht tráchtála gus gníomhaíocht phobail ar bun i gcroí an tsráidbhaile. D'fhéadfadh saoráidí fiontar, cónaithe, miondíola, tráchtála agus saoráidí pobail eile a bheith ar fáil.

Baile Bachaille, Baile na Scadán, Cúil Chaoith, Baile Gháire, Cionn Sáile, An Aill, An Seanbhaile, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh.

Lárionaid Áitiúla​

Is iondúil gur limistéir bheaga mhiondíola iad sin, ina bhfreastalaítear ar limistéar cónaithe i bhfoisceacht siúlóide de na lárionaid sin. D'fhéadfadh seirbhísí eile, ar nós saoráidí cúraim leanaí agus saoráidí leighis, a bheith ar fáil freisin, agus méid teoranta spáis oifige.

Féach ar an Straitéis Miondíola i gCaibidil 6 i gcomhair an liosta áiteanna.​


Cuspóir CA01

Ordlathas lárionad uirbeach agus lár sráidbhailte ardcháilíochta, atá beoga agus inbhuanaithe, a fhorbairt, lena n-áirítear leanúint ar aghaidh leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an bhfeabhsú orthu seo a leanas:

  • Sord i gcáil Bhaile Contae Fhine Gall
  • Baile Bhlainséir i gcáil lár beoga baile mhóir
  • Baile Brigín i gcáil bhaile ardfháis
  • Líonra na lár baile, lár sráidbhaile agus lár dúiche
  • Lárionaid éagsúla áitiúla agus chomharsanachta

Cuspóir CA02

Tábhacht na mbailte móra atá sa Chontae a chosaint agus a n-inmharthanacht a chaomhnú agus forbairt a dhéanamh orthu le meascán cuí d'úsáidí tráchtála, áineasa, pobail, cultúir, fóillíochta agus cónaithe.


Cuspóir CA03

A áirithiú go ndéanfar forbairt ar gach Sráidbhaile Tuaithe sa chaoi is go mbeidh meascán inbhuanaithe de ghníomhaíocht tráchtála agus gníomhaíocht phobail ar siúl i gcroílár sainaitheanta sráidbhaile lena n-áirítear soláthar le haghaidh saoráidí fiontar, miondíola, tráchtála agus pobail.

Forbairt Eacnamaíoch Inbhuanaithe

Tá coincheap na comhfhorbartha áite ríthábhachtach i dtaobh fiontar agus forbairt eacnamaíoch leathan. Trí áiteanna cónaithe beoga, tarraingteacha a chruthú, féadfar dálaí eacnamaíocha tábhachtacha a chur ar bun, ar nós tallann a mhealladh agus a choinneáil agus Infheistíocht Dhíreach Eachtrach agus cineálacha eile infheistíochta a mhealladh. Aithnítear an méid sin sa bheartas Rialtais, agus tá an chomhfhorbairt áite ar cheann de na ceithre chur chuige i dtaobh thréithe ar leith na hÉireann a chur chun cinn mar atá leagtha amach i Ráiteas Beartais an Rialtais i dtaobh Fiontar, Enterprise 2025. Chun tacú leis sin, tá raon beart leagtha amach trínar féidir acmhainneacht réigiúin uile na hÉireann a chomhlíonadh maidir le cion a dhéanamh ar mhaithe le fostaíocht agus fás inbhuanaithe in Éirinn sna deich mbliana atá romhainn, agus tairbhe a bhaint as an bhfás agus an bhforbairt sin.

Tithíocht Inbhuanaithe

Is é an cuspóir straitéiseach is bun leis an mbeartas tithíochta in Éirinn ná "...gach teaghlach a chumasú chun teacht ar thithíocht de chaighdeán maith atá oiriúnach do chúinsí an teaghlaigh agus atá sa phobal faoi leith dar rogha". (Ráiteas Beartais Tithíochta, Meitheamh 2011). Maidir le pleanáil spásúil, is é cruthú comharsanachtaí inbhuanaithe an cuspóir foriomlán i ndáil le tithíocht. Is ionann sin i bhFine Gall agus na pobail atá ann cheana féin a chomhdhlúthú, iadsan a bhfuil seirbhís iompair phoiblí ar fáil dóibh agus atá gar do bhonneagar sóisialta agus pobail seanbhunaithe, agus pobail nua a chruthú a mbeidh naisc iompair ardchaighdeáin ag freastal orthu.

 

Faoi láthair, tá riachtanas práinneach ann i dtaobh éascú do mhéadú nach beag ar an aschur tithíochta, agus cóiríocht ardchaighdeáin á cruthú chun dul i ngleic le fadhbanna éagsúla tithíochta.

 

Straitéis Tithíochta

Ceanglas sainordaitheach is ea é Straitéis Tithíochta a ullmhú, faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú. Tá an Straitéis iomlán ag gabháil leis an Dréachtphlean, in Aguisín 1.

 

Ó rinneadh an t-athbhreithniú is déanaí ar an Straitéis Tithíochta, is mór an t-athrú atá tagtha ar an ngeilleagar agus ar an margadh tithíochta go háirithe. Mar gheall ar na hathruithe sin, ní mór an straitéis tithíochta a athrú lena áirithiú go mbeidh sí ag teacht le dálaí atá i réim faoi láthair agus a mheastar a bheidh amach anseo.

 

Faoin Straitéis Tithíochta, déantar measúnú ar an meascán cineálacha tithe agus tionachtaí is gá chun freastal ar riachtanais daonra réamh-mheasta an Chontae, agus leagtar amach raon beart chun dul i ngleic le deighilt ó thaobh tithíochta agus tithíocht shóisialta a sholáthar, lena n-áirítear tailte a chur in áirithe i gcomhair tithíocht shóisialta. Faoin Straitéis Tithíochta, déantar lánpháirtiú sóisialach a chur chun cinn agus éascaítear do raon éagsúil tionachtaí cónaithe i bhforbraíochtaí tithíochta, lena n-áirítear tithíocht shóisialta, ar bhealach cothrom ar fud an Chontae. Chomh maith leis sín, áirithítear faoin Straitéis go gcuirfear cóiríocht ar fáil do dhaoine ag a bhfuil sainriachtanais tithíochta, amhail daoine scothaosta, daoine atá faoi mhíchumas, daoine gan dídean agus daoine den Lucht Siúil, ar shlí a oireann dá gcuid riachtanas sonrach.

 

Tá na cineálacha cur chuige sa Straitéis bunaithe ar na réamh-mheastacháin ar an daonra agus ar riachtanais tithíochta atá leagtha amach sa Chroístraitéis, ar an achoimre is déanaí ar mheasúnacht i leith tithíocht shóisialta sa Chontae, ar Straitéis Tithíochta Sóisialta 2020 na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (2014) agus ar an bPlean Forfheidhmithe maidir le Freagairt an Stáit ar Easpa Dídine, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (2014).

 

Tá sé réamh-mheasta sa Chroístraitéis gur dócha go mbeidh gá le 49,536 aonad cónaithe breise i bhFine Gall sa tréimhse 2016 – 2026. Tá sé ina thosaíocht comhdhlúthú agus treisiú inbhuanaithe a dhéanamh i limistéir uirbeacha seanbhunaithe agus sna bailte, trí fhorbairt inlíonta agus trí athfhorbairt. Déanfar forbairt ar an limistéar fáis straitéisigh ag Halla an Leasáin ar bhonn acmhainn an ghréasáin iompair phoiblí agus an bhonneagair shóisialta agus fhisicigh. Leanfaidh na sráidbhailte tuaithe ar aghaidh ag forbairt ar luas incriminteach ar bhonn seachadadh bonneagair agus seirbhísí sóisialta, fisiceacha agus iompair.

Tithíocht Shóisialta

Tá sé réamh-mheasta sa Straitéis Tithíochta go mbeidh 1,913 aonad tithíochta sóisialta ag teastáil le linn thréimhse an Phlean. Tá 9,103 theaghlach ar Liosta Tithíochta Sóisialta Fhine Gall (Samhain 2015). Fágann sé sin go mbeidh gá le 11,016 aonad tithíochta sóisialta i rith na tréimhse 2016 – 2023. Sna spriocanna soláthair le haghaidh comhlíonadh na Straitéise Tithíochta Sóisialta 2015 – 2017 mar a leag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil amach í in Aibreán 2015, leagadh síos sprioc 1,376 aonad tithíochta sóisialta a chuirfeadh Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil. Measann an Chomhairle go gcuirfear 1,611 aonad ar fáil sa Chontae i rith an achair ama sin. Cuirfear na haonaid sin ar fáil faoi cheannteidil éagsúla amhail an Íocaíocht Cúnaimh Tithíochta, Cuid V, Foirgníocht, Éadálacha agus Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe. Agus an modh soláthair sin á úsáid, tá an Chomhairle ag súil leis go gcuirfear 9,403 aonad breise tithíochta sóisialta ar fáil chun freastal ar an riachtanas atá réamh-mheasta i leith na tréimhse 2018 – 2023.

 

De bhun Chuid V den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), ceanglaítear tithíocht shóisialta ar leibhéal 10% a chur ar fáil, a mbeidh feidhm aige i leith ceadanna pleanála le haghaidh tithíochta ar thailte atá criosaithe le haghaidh forbairt úsáide chónaithe agus úsáide measctha. Tá sé ina bheartas ag Comhairle Contae Fhine Gall cur leis an soláthar tithíochta sóisialta chun freastal ar riachtanais fhadtéarmacha tithíochta na dteaghlach sin atá ar liosta tithíochta an Údaráis Áitiúil. Lena áirithiú go mbeidh soláthar leordhóthanach tithíochta sóisialta ar fáil sa Chontae, beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag obair le comhlachtaí tithíochta iomchuí agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.

 

Sa Ráiteas Beartais Tithíochta, 2011, tá béim leagtha ar an athstruchtúrú ar an gclár infheistíochta sa tithíocht shóisialta, lena gcumasaítear soláthar tithíochta sóisialta trí shamhlacha cistithe solúbtha. Dá réir sin, tacaíonn an Chomhairle le soláthar tithíochta i gcomhar le comhlachtaí tithíochta ceadaithe.

Tithíocht do Dhaoine Scothaosta

Féachtar sa Dréachtphlean le freastal ar riachtanais tithíochta daoine scothaosta ina gcuid pobal féin, agus é ina chuspóir roghanna éagsúla cóiríochta a sholáthar do dhaoine ar mian leo cónaí i dteach níos lú, agus, ina sheal, aghaidh a thabhairt ar an fhadhb i dtaobh gan úsáid mhaith a bheith á baint as tithe móra, go háirithe i limistéir sheanbhunaithe. Ina theannta sin, tá sé ina bheartas ag an gComhairle tacú le coincheap na maireachtála neamhspleáiche agus/nó na maireachtála cuidithe do dhaoine scothaosta. I dtaca leis sin, tacaítear le soláthar cóiríochta saintógtha nó oiriúnú áitreabh atá ann cheana. Ina theannta sin, feidhmíonn an Chomhairle trí scéim deontais ar leithligh d'úinéirí teaghaise atá incháilithe ina leith.

D'fhonn tithíocht oiriúnach a sholáthar do dhaoine scothaosta, rachaidh an Chomhairle i mbun oibre le comhlachtaí tithíochta agus gníomhaireachtaí eile a bhfuil baint acu leis an gcineál sin tithíochta.

Tithíocht i gcomhair Daoine faoi Mhíchumas

Baineann an-tábhacht ar fad le cúrsaí áite agus tithíocht á breithniú i gcomhair daoine faoi mhíchumas. I gá rochtain a bheith acu ar sheirbhísí iompair phoiblí agus ar sheirbhísí pobail. Soláthraíonn an Chomhairle líon beag aonad sainoiriúnaithe i scéimeanna nua tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas. Ina theannta sin, cuireann sí tithe atá ann cheana in oiriúint do thionóntaí faoi mhíchumas faoi réir fáil a bheith ar acmhainní, trí scéim deontais. Tacóidh an Chomhairle le forbairt lena gcuirfear cúram faoisimh agus/nó cúram cónaithe ar fáil in áiteanna agus i gcriosanna cuí ar fud an Chontae. I ngach cás, ní mór an fhorbairt a bheith i gcomhréir le prionsabail an dearaidh uilíoch.

Daoine gan Dídean

Tacóidh Comhairle Contae Fhine Gall le soláthar cóiríochta nó seirbhísí do dhaoine gan dídean ar fud an Chontae. Níor chóir go mbeadh sé ina thoradh ar thograí i leith na saoráidí sin go mbeadh an iomarca díobh in aon limistéar amháin agus níor chóir go mbeadh tionchar míchuí acu ar thaitneamhachtaí atá ann cheana. Cuireann Coiste Feidhmiúcháin Réigiún Bhaile Átha Cliath um Easpa Dídine (DRHE) chun feidhme na bearta atá sonraithe sa Phlean Feidhmiúcháin Náisiúnta maidir leis an Straitéis do Dhaoine gan Dídean agus sa Chreat um Plean Gníomhaíochta i leith Daoine gan Dídean i mBaile Átha Cliath 2014 – 2016.

CÓIRÍOCHT DON LUCHT SIÚIL Cóiríocht don Lucht Siúil 

I gclár an Chontae maidir le Cóiríocht don Lucht Siúil 2014 – 2018, leagtar amach beartas na Comhairle maidir le Cóiríocht a chur ar fáil don Lucht Siúil. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh, de réir mar is gá, ag déanamh nuashonrú ar an gclár cóiríochta atá aici i leith an Lucht Siúil.

Tá suíomhanna i gcomhair cóiríochta don Lucht Siúil sainaitheanta ar na léarscáileanna a ghabhann leis an Dréachtphlean.


Cuspóir CA04

Straitéis Tithíochta na Comhairle a Chomhlíonadh.


Cuspóir CA05

A áirithiú go gcuirfear chun feidhme an Clár Cóiríochta don Lucht Siúil 2014-2018 de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus athbhreithniú a dhéanamh ar an gclár sin más gá nó má mheastar gur gá le linn shaolré an Phlean Forbartha.


Cuspóir CA06

 

Tacóidh Comhairle Contae Fhine Gall le soláthar cóiríochta d'íospartaigh foréigin baile.

Feidhmíocht Fuinnimh agus Inmharthanacht i ndáil le Tithíocht a Sholáthar

Tá infhaighteacht agus incheannaitheacht tithíochta ina mbunfhadhbanna atá le réiteach i Réigiún Bhaile Átha Cliath faoi láthair. Sa Dréachtphlean seo, leagtar amach na beartais agus na cuspóirí maidir le tithíocht ardchaighdeáin a sholáthar. Tá an méid sin, mar aon le dálaí ginearálta an mhargaidh, an fháil atá ar thalamh, maoiniú agus acmhainn na hearnála tithíochta, ina eochairthoisc a théann i bhfeidhm ar an soláthar tithíochta. Mar a léirítear sa Chroístraitéis, tháinig laghdú ar an leibhéal tógála tithe i bhFine Gall idir 2011 agus 2015 go dtí thart ar 650 aonad in aghaidh na bliana. I dtaighde a rinne an Ghníomhaireacht Tithíochta in 2014, léiríodh go dteastóidh meán-aschur bliantúil c. 7,500 aonad i lonnaíochtaí uirbeacha Réigiún Bhaile Átha Cliath.

 

Saincheist ríthábhachtach is ea inmharthanacht agus soláthar tithíochta nua. Aithnítear an méid sin sa Dréachtphlean agus déantar iarracht a áirithiú go mbainfear cothromaíocht amach idir aon tograí i dtaobh caighdeáin forbartha agus tógála cónaithe a ardú thar leibhéal na rialachán náisiúnta agus na dtreoracha náisiúnta, agus aon drochthionchar a d'fhéadfaí a imirt ar sholáthar agus ar incheannaitheacht. Ar an gcaoi chéanna, bainfear cothromaíocht amach idir tograí i dtaobh cur le solúbthacht na gcaighdeán atá sa phlean forbartha atá i bhfeidhm faoi láthair agus tionchair a d'fhéadfaí a imirt i dtaca le dearadh, cáilíocht agus taitneamhacht chónaithe.

 

Is sna Rialacháin Foirgníochta reatha, Cuid L (2008 & 2011), den chuid is mó, atá na ceanglais i dtaobh éifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite i ndáil le tógáil foirgneamh cónaithe agus neamhchónaithe nua.

 

Ba cheart go ndéanfaí breithniú cúramach freisin i dtaobh inoiriúnaitheacht na bhfoirgneamh le himeacht ama, ionas go bhféadfaí an soláthar foirgneamh a iarfheistiú nó a athchóiriú chun caighdeáin níos airde i dtaobh éifeachtúlacht fuinnimh a chomhlíonadh san am atá le teacht. Déantar cur síos ar chuspóirí eile i ndáil le héifeachtúlacht fuinnimh, athrú aeráide agus soláthar foirgneamh inbhuanaithe i gCuid 3.4 – Dearadh Inbhuanaithe agus Caighdeáin.


Cuspóir CA07

A áirithiú go mbeidh ardchaighdeán éifeachtúlachta fuinnimh i bhfeidhm i bhforbairtí cónaithe, idir shean agus nua, i gcomhréir leis an dea-chleachtas i dtaobh caomhnú ailtireachta, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú a chur chun cinn maidir le dearadh agus tógáil aonad cónaithe nua, agus a spreagadh go bhfeabhsófaí feidhmíocht chomhshaoil an tsoláthair foirgneamh.

Criosanna Forbartha Straitéisí, Pleananna Limistéir Áitiúil, Máistirphleananna agus Pleananna do Chreat Uirbeach

Criosanna Forbartha Straitéisí

Is ionann Crios Forbartha Straitéisí (CFS) agus limistéar talún ina bhfuil sé beartaithe go mbeidh forbraíochtaí a mbainfidh tábhacht eacnamaíoch nó tábhacht shóisialta leo don Stát. I bhFine Gall, is é Páirc Hans an t-aon CFS amháin atá ainmnithe faoi láthair. Is é an Rialtas a chinneann cé na suíomhanna a ndéanfar a ainmniú mar CFS, de bhun togra ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Pleananna Limistéir Áitiúil

Leagtar amach sa dréachtphlean an comhthéacs agus na criosanna le haghaidh Pleananna Limistéir Áitiúil (PLÁanna). Tá ról tábhacht ag na Pleananna Limistéir Áitiúil maidir le bunú an chreata chun pobail chomhtháite, chothromaithe a chothú i limistéar sonraithe. Déantar iarracht iontu an creat forbartha is fearr a sholáthar lena áirithiú go gcosnófar agus go bhfeabhsófar na limistéir, na príomhghnéithe agus an comhshaol i limistéar, agus déantar soláthar iontu le haghaidh timpeallacht mhaireachtála ardcháilíochta trí phrionsabail stuama a chur chun feidhme i dtaobh dearadh uirbeach.

 

Is é an fheidhm atá ag Plean Limistéir Áitiúil breathnú go géar ar limistéar ar leith, na saincheisteanna ábhartha a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu, agus ansin prionsabail a bhunú agus a leagan amach maidir le forbairt an limistéir amach anseo.

 

Cuimsítear i bPlean Limistéir Áitiúil ráiteas scríofa, léarscáileanna, pleananna agus líníochtaí, agus leagtar amach ann creat agus cuspóirí maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an limistéir ar leith. Ní mór do na cuspóirí sin a bheith ábhartha i leith an limistéir áitiúil agus ní mór dóibh a bheith ag teacht le forálacha Phlean Forbartha Fhine Gall.

 

Ní mór a lua cén tréimhse ama atá beartaithe i dtaobh chur chun feidhme an phlean. Doiciméad reachtúil is ea PLÁ arna ullmhú de réir Chuid II, Alt 20 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

Toisc gur doiciméad reachtúil é, ní mór don Údarás Pleanála agus don Bhord Pleanála forálacha an Phlean Limistéir Áitiúla a chur san áireamh agus iad ag breithniú iarratais ar chead pleanála le haghaidh forbartha atá suite laistigh de limistéar an phlean limistéir áitiúil. Féadfar forálacha Dréachtphlean Limistéir Áitiúil a chur san áireamh freisin.

 

 

Is ar chomhaltaí tofa na Comhairle (na Comhairleoirí) atá an fhreagracht i dtaobh PLÁ a ullmhú, agus féadfaidh siadsan a cinneadh PLÁ a ghlacadh, a leasú, nó a dhiúltú ar bhonn na saincheisteanna arna n-ardú le linn an phróisis comhairliúcháin phoiblí. Tugtar faoin bpróiseas sin le cúnamh ón bpobal áitiúil, ó pháirtithe leasmhara agus ó chomhlachtaí leasmhara.

 

Ullmhófar roinnt Pleananna Limistéir Áitiúil éagsúla le linn shaolré an Dréachtphlean, lena n-airítear an cúlsoláthar straitéiseach talún ag Halla an Leasáin. Tá PLÁ i bhfeidhm cheana féin i roinnt áiteanna agus beidh feidhm acusan go fóill. Cuirfear síneadh ama leo agus déanfar nuashonrú orthu de réir mar is gá. Tá liosta iomlán de na Pleananna Limistéir Áitiúil atá ullmhaithe sa Chontae ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall ag www.fingal.ie/planning

 

Ní dhéanfar forbairt ar an mórlimistéar tailte cónaithe agus tailte úsáide measctha ag Halla an Leasáin ach amháin faoi réir an bonneagar sóisialta agus fisiceach is gá a bheith ar fáil, agus tá sásra ar fáil sna Pleananna Limistéir Áitiúil lena áirithiú gurb amhlaidh a bheidh. Déantar foráil iontu le haghaidh forbartha ar bhonn céimnithe nuair is gá. Toisc go n-ullmhaítear PLÁ i gcomhairle leis an bpobal áitiúil agus le páirtithe leasmhara eile, bíonn deiseanna ar fáil dá mbarr chun limistéir a neartú agus a fheabhsú, agus, nuair is i leith forbairtí ar shuíomhanna úrnua a ullmhaítear iad, fágann siad go mbeidh deis le tapú i dtaobh pobail inbhuanaithe a chruthú agus comhfhorbairt áite nua.


Cuspóir CA08

Pleananna Limistéir Áitiúil a ullmhú i leith limistéar atá ainmnithe ar na léarscáileanna a ghabhann leis an Dréachtphlean i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha, agus a áirithiú go gníomhach go gcuirfear chun feidhme na pleananna sin agus go mbainfear amach na cuspóirí sonracha atá leagtha síos iontu.

Máistirphleananna

Beidh ullmhú Máistirphleananna ina chúnamh i dtaobh forbraíochtaí ardcháilíochta a bhaint amach i ndáil le, i measc eile, dearadh uirbeach, struchtúr agus saoráidí pobail/taitneamhachta agus bealaí áitiúla a bheith ar fáil. I nDréachtphlean Forbartha Fhine Gall, sainaithneofar suíomhanna móra nó suíomhanna tábhachtacha nach mór Máistirphleananna a ullmhú agus a fhormheas ina leith, agus ceanglófar go gcomhlíonfaidh iarratais ar chead pleanála ina dhiaidh sin na Máistirphleananna formheasta. Beidh na Máistirphleananna faoi réir próiseas comhairliúcháin phoiblí agus cuirfear iad faoi bhráid Chomhaltaí Tofa an Údaráis Pleanála. Níl Máistirphleananna teoranta do thailte atá criosaithe i gcomhair cónaithe amháin; Iarradh iad a ullmhú freisin i leith tailte atá ceaptha i gcomhair úsáidí eile. Is dóigh leis an Údarás Pleanála gur slí éifeachtach iad na Máistirphleananna chun forbairt nua a threorú agus chun bonneagar riachtanach sóisialta a chur ar fáil ar shlí inbhuanaithe agus ar bhonn céimnithe.

 

Cuimseofar le gach Máistirphlean ráiteas scríofa agus plean nó sraith pleananna ina sonrófar na cuspóirí ar leibhéal mionsonraithe a chinnfidh an tÚdarás Pleanála is imleor i leith phleanáil chuí agus fhorbairt inbhuanaithe an limistéir a bhfuil feidhm aige ina leith, lena n-áireofar, i measc eile, na sonraí seo a leanas:

  • Tograí i ndáil le dearadh foriomlán na forbraíochta atá beartaithe, lena n-áirítear cineálacha tithe agus an meascán aonad tithíochta, airde uasta, bailchríocha seachtracha na ndéanmhas agus an dealramh agus an dearadh a bheidh orthu i gcoitinne, lena n-áirítear dealramh agus dearadh an réimse phoiblí.
  • Cineálacha agus méideanna aon fhorbraíochtaí atá beartaithe ina gcuirfear in iúl conas mar a dhéanfar na húsáidí sin a chomhtháthú leis na forbraíochtaí agus na talamhúsáidí mórthimpeall.
  • Tograí i ndáil le hiompar, lena n-áirítear iompar poiblí agus modhanna iompair gan inneall, leagan amach na mbóithre agus na mbealaí rochtana d'fheithiclí, soláthar le haghaidh luchtú/díluchtú, soláthar spásanna páirceála agus bainistiú tráchta.
  • Tograí i ndáil le soláthar seirbhísí sa limistéar, lena n-áirítear uisce agus saoráidí dramhaíola agus séarachais, leictreachas agus seirbhísí teileachumarsáide, píblínte ola agus gáis, lena n-áirítear saoráidí stórála le haghaidh ola agus gáis.
  • Áireofar sa ghné forbartha cónaithe tograí i ndáil le taitneamhachtaí, saoráidí agus seirbhísí a sholáthar don phobal, lena n-áirítear creiseanna agus seirbhísí cúraim leanaí eile, lárionaid phobail agus lárionaid acmhainní.
  • Éascú do rochtain an phobail ar na limistéir taitneamhachta poiblí atá beartaithe a bheith laistigh de theorainneacha an Phlean agus níos faide anonn.
  • Soláthar a dhéanamh le haghaidh bonneagar spóirt agus áineasa a bheidh i gcomhréir le riachtanais na forbraíochta mar ghné dhílis dá gcuid tograí.

 


Cuspóir CA09

Máistirphleananna a ullmhú i leith limistéar atá ainmnithe ar na léarscáileanna a ghabhann leis an Dréachtphlean i gcomhar le páirtithe leasmhara ábhartha, agus a áirithiú go gníomhach go gcuirfear chun feidhme na pleananna sin agus go mbainfear amach na cuspóirí sonracha atá leagtha síos iontu.


Cuspóir CA10

Máistirphleananna arna n-ullmhú i gcomhréir leis an Dréachtphlean seo a chur chun feidhme.

Pleananna do Chreat Uirbeach

Tá infheistíocht mhór déanta i láir a lán bailte agus sráidbhailte i dtaobh saoráidí miondíola, bonneagar agus feabhsúcháin uirbeacha. Tá sé ina chuspóir faoin Dréachtphlean seo Pleananna do Chreat Uirbeach a ullmhú maidir le roinnt de na lárionaid uirbeacha, chomh maith leis na bailte agus sráidbhailte sa Chontae. Tá sé beartaithe clár gníomhaíochta a chur san áireamh sna pleananna sin chun feabhas a chur ar bheocht agus ar inmharthanacht na lárionad.

 

I measc na n-ábhar a scrúdófar sna creataí sin tá fís le haghaidh gach lárionad, sainaithint réimsí a d'fhéadfadh athrú teacht orthu, deiseanna forbartha, soláthar le haghaidh rochtain fheabhsaithe ar iompar poiblí, creat maidir le dearadh uirbeach, agus comhtháthú na hoidhreachta nádúrtha agus na bithéagsúlachta nuair is cuí. 

 

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh feabhas cúramach ar an limistéar uirbeach a threorú agus pleanáil a dhéanamh don fhás cuí amach anseo. Díreofar aird sna Pleananna do Chreat Uirbeach ar an méid seo a leanas:

  • Sainghné ar leith an limistéir agus a shuíomh sa tírdhreach
  • Na saincheisteanna a bhaineann leis an limistéar áirithe faoi láthair
  • An gá atá le caomhnú, fás inbhuanaithe agus comhdhlúthú, agus cosaint a thabhairt do cháilíocht, sainghné agus sainiúlacht na sócmhainní tábhachtacha.

 

Ní amháin go mbeidh tairbhí stuama eacnamaíocha agus comhshaoil le baint as straitéis a chruthú don fhorbairt inbhuanaithe, ach beidh creat ar fáil don fhorbairt uirbeach de bharr na straitéise chomh maith. Is é an dúshlán a bhaineann le Creat a mbeidh rath air, trí shainghnéithe ar leith an limistéir a shainaithint, ná éascú do thapú deiseanna agus timpeallacht ardchaighdeáin a sholáthar, mar aon le taitneamhachtaí feabhsaithe agus feabhas ar chúrsaí eacnamaíocha. Plean comhairleach a bheidh i gceist le Plean do Chreat Uirbeach, ina mbeidh fís fhadtréimhseach i gcomhair na todhchaí, agus a bheidh sách solúbtha chun freagairt don athrú ar dhálaí na sochaí, an gheilleagair, an chomhshaoil agus an chultúir. Beidh fís don limistéar ann, laistigh de struchtúr Phlean Forbartha Fhine Gall.

 

Ullmhófar na Pleananna do Chreat Uirbeach i gcomhairle le pobail áitiúla, úinéirí talún agus páirtithe leasmhara ábhartha eile, agus ansin cuirfear faoi bhráid Chomhaltaí Tofa an Údaráis Pleanála iad ionas go ndéanfar formheas orthu.

 

Tá Pleananna um Dhearadh Uirbeach agus Máistirphleananna ullmhaithe freisin do Bhaile Bhlainséir agus do Shord faoi seach, agus tá Creat um Dhearadh Uirbeach ullmhaithe maidir le lár Bhaile Brigín. Is iad siúd fós na príomhchreataí maidir le forbairt na limistéar sin.

I Straitéis don Réimse Poiblí, sainaithneofar na fadhbanna is ábhartha atá le sárú ag an lár baile nó an lár sráidbhaile agus díreofar orthu siúd agus ar an gcaoi ina n-idirghníomhaíonn an lár lena phobal agus le cuairteoirí. Pléifear na doiciméid sin níos faide ar aghaidh sa chaibidil seo.


Cuspóir CA11

Breithniú a dhéanamh ar na Máistirphleananna fadtréimhseacha a ullmhaíodh do lár Shoird agus do lár Bhaile Bhlainséir d'fhonn an fhorbairt sna limistéir sin a threorú agus bonn eolais a chur ar fáil di.


Cuspóir CA12

Breithniú a dhéanamh ar an gCreat um Dhearadh Uirbeach a ullmhaíodh do lár Bhaile Brigín d'fhonn an fhorbairt sa limistéar sin a threorú agus bonn eolais a chur ar fáil di.


Cuspóir CA13

Feidhmiú a dhéanamh ar na Creataí um Dhearadh Sráidbhaile a ullmhaíodh mar chuid de na Pleananna Limistéir Áitiúil i gcomhair Bhaile Bachaille, Bhaile Gháire, na hAille, an tSeanbhaile, Mhóinéar na hAbhann agus Bhaile an Rólaigh.


Cuspóir CA14

Pleananna do Chreat Uirbeach a ullmhú, nuair is cuí, i ndlúthchomhar le húinéirí talún, forbróirí agus páirtithe leasmhara ábhartha eile. Léireofar sna doiciméid sin na paraiméadair leathana maidir le forbairt gach suímh agus díreofar aird iontu ar fhorbraíochtaí atá ceadaithe agus ar aon tionchar a d'fhéadfaí a imirt ar an gcomhshaol.


Cuspóir CA15

Beidh Pleananna Limistéir Áitiúil, Máistirphleananna, Creataí Uirbeacha agus pleananna agus straitéisí eile faoi réir Measúnachtaí Straitéiseacha Timpeallachta mar is cuí, mar aon le Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste agus Láithreáin Fholmha agus Láithreáin Thréigthe

Tá codanna áirithe den Chontae faoi mhíbhuntáiste, go háirithe an limistéar RAPID i mBaile Bhlainséir. Faoin gclár RAPID, glacadh cur chuige comhordaithe i leith an mhíbhuntáiste sa limistéar.

 

Tá sé ina chuspóir faoin Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015 athbheochan uirbeach a dhreasú d'fhonn éascú do ghníomhaíocht mhéadaithe san earnáil tógála tithe. Faoi Acht, tugtar isteach tobhach i leith láithreáin fholmha. Is éard a bheidh i gceist leis an tobhach sin de ghnáth muirear bliantúil de 3% de luach margaidh gach láithreáin ar chlár láithreán folamh arna chothabháil ag an Údarás Pleanála. Ceanglaítear ar an Údarás Pleanála láithreáin fholmha a thagann faoi raon feidhme an Achta a shainaithint.


Cuspóir CA16

Athfhorbairt agus athghiniúint limistéar atá de dhíth athbheochana a shainaithint agus a áirithiú.


Cuspóir CA17

Limistéir a shainaithint agus modhanna a mholadh i dtaobh athghiniúint uirbeach ar scála beag sa limistéar RAPID agus i limistéir eile atá faoi mhíbhuntáiste, a mhéid a thagann leis an limistéar agus i gcomhairle le muintir na háite.


Cuspóir CA18

Clár láithreán folamh a ullmhú de réir cheanglais an Achta um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015.

Tá an Scéim Deontais um Lárionad Uirbeach Ainmnithe ceaptha ag an Rialtas ionas gur féidir infheistíocht a dhéanamh i lárionaid uirbeacha. Is é an cuspóir atá leis an Scéim Deontais sin cur leis an bhfeabhas ar acmhainneacht forbartha lárionaid uirbeacha na hÉireann trí infheistíocht a dhéanamh ina gcuid dálaí eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil, agus na dálaí sin a fheabhsú. Beidh an scéim sin ar fáil go dtí 2020.

Beidh an Scéim Athbheochana Sráidbhailte agus Bailte a d'fhógair an Rialtas, scéim dár luach €30 milliún, á reáchtáil ar feadh 6 bliana. Na tionscadail a bheidh incháilithe faoin scéim sin, bainfidh siad le feabhsú sráidbhailte, bailte beaga agus na tuaithe mórthimpeall orthu. D'fhéadfadh tionscadail amhail féarbhealaí, raonta rothar, uasghrádú páirceanna agus limistéar pobail, fóntais phoiblí amhail soilsiú sráide agus athchóiriú ar fhoirgnimh thréigthe a bheith incháilithe i gcomhair cistithe faoin scéim sin.


Cuspóir CA19

Forálacha an Achta um Láithreáin Thréigthe a chur chun feidhme, lena n-áirítear láithreáin a chur le clár na láithreán tréigthe agus an Tobhach um Láithreáin Thréigthe a ghearradh.


Cuspóir CA20

A chur chun cinn go mbainfí leas as an gcistiú atá ar fáil chun feabhas a chur ar lárionaid uirbeacha, bailte agus sráidbhailte agus iad a athbheochan.

3.3 An Réimse Poiblí

Tá timpeallacht nádúrtha agus timpeallacht thógtha shainiúil ag Fine Gall. Déanann féiniúlacht an Chontae agus an t-ómós áite atá ann cion díreach maidir leis an rath eacnamaíoch atá air agus dá tharraingteacht mar áit mhaireachtála agus áit oibre. Ionas gur féidir le Fine Gall a sheasamh iomaíoch a choinneáil agus a fheabhsú, ní mór leanúint ar aghaidh ag cur a fhéiniúlacht agus a áit i lár a chuid gníomhaíochtaí straitéiseacha.

 

Tá ról lárnach ag an réimse poiblí sa phróiseas sin. Tá sé aitheanta go bhfuil réimse poiblí maith ina ghné d'áit a bhfuil rath uirthi. Bíonn an réimse poiblí mar a bheadh ardán ann, ar a mbíonn saol an Chontae le feiceáil. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d'fheabhas a cur ar an oidhreacht nádúrtha agus an oidhreacht thógtha ar leith is ábhar bróid don Chontae, agus d'áiteanna dea-dheartha, inbhuanaithe a sholáthar.

 

Is éard atá i gceist leis an réimse poiblí ná na codanna den Chontae a bhfuil rochtain gan srian ag daoine orthu, chun dul tríothu, bualadh le chéile, cuairt a thabhairt orthu agus taitneamh a bhaint astu. Is é sin an áit ina dtagaimid le chéile mar phobal, agus ní díreach áit i gcomhair gluaiseacht fheidhmiúil. Tá tuiscint níos fearr ann anois ar na buntáistí is féidir a bheith ag limistéar de bharr an réimse phoiblí, i dtaobh cúrsaí eacnamaíocha, cúrsaí sóisialta agus an comhshaol.

 

Ullmhófar Straitéisí don Réimse Poiblí i gcomhair limistéir éagsúla ar fud an Chontae. Is éard atá i gceist le Straitéis don Réimse Poiblí treoirdhoiciméad a bheidh dírithe ar limistéar sainithe, lár baile nó lár sráidbhaile de ghnáth, agus cuimseofar inti a lán de na gnéithe a fhágann go bhfuil limistéar tarraingteach mar áit mhaireachtála, áit oibre agus áit chun cuairt a thabhairt air. Féachfar, trí na straitéisí sin, le neartú agus feabhsú a dhéanamh ar na tréithe atá ag baile nó sráidbhaile a chuireann le sainghné fhisiceach nó shóisialta an limistéir. Beidh sé ina threoirphrionsabal a áirithiú go gcuirfear san áireamh, ar shlí iomlánaíoch agus le meas ar an gcuimsiú sóisialta, leasanna gach duine a bheidh ag úsáid an réimse phoiblí. Cé go mbeidh na straitéisí sin faoi threoir an dearaidh, ní mór an reachtaíocht pleanála reatha agus an Dréachtphlean a chomhlíonadh.

Malahide Public Realm A3 aerial

Tá Straitéisí don Réimse Poiblí ullmhaithe i leith Bhaile Brigín agus Mhullach Íde. Tá sé ina chuspóir ag ‘The Heart of Balbriggan’ lár an bhaile a athrú ina lárionad bríomhar tráchtála, sóisialta agus cultúir. Tá na straitéisí i leith Bhaile Brigín agus Mhullach Íde ina dtoradh ar chomhairliúchán leathan leis an bpobal agus bainfear leas astu i gcáil uirlise chun treoir a thabhairt d'fhorbairt na limistéar lárnach sin sa todhchaí. Leanfar ag cur chun cinn na straitéisí sin agus ullmhófar straitéisí eile de réir mar is cuí.

 

Seo thíos an Ráiteas Misin comhaontaithe ó Straitéis Mhullach Íde don Réimse Poiblí:

Is mian leis an gComhairle dul i mbun rannpháirtíochta le saoránaigh agus gnólachtaí Mhullach Idé agus leis na cuairteoirí air trí phróiseas neamhfhoirmiúil, oscailte agus solúbtha chun Straitéis don Réimse Phoiblí a ullmhú i gcomhair an bhaile. Tá sé ina aidhm faoin tionscadal bearta gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha a shainaithint i ndáil le baile Mhullach Íde agus cuirfidh sé bonn eolais ar fáil do thograí agus oibreacha na Comhairle don limistéar, agus sainaithneofar ann réimsí nó gníomhaíochtaí inar féidir leis an bpobal áitiúil nó gnólachtaí áitiúla cúnamh a thabhairt chun réimse poiblí feabhsaithe a sholáthar.

 

Is é an chéad phríomhchúram a bheidh i gceist le hullmhú Straitéise ráiteas den sórt sin a chomhaontú. Bainfear leas as an ráiteas sin chun an próiseas a shainiú agus a threorú, agus comhspriocanna a bhunú.

 

Ullmhóidh foirne ildisciplíneacha ón gComhairle na Straitéisí don Réimse Poiblí agus rachfar i mbun comhairliúchán forleathan le saoránaigh an bhaile nó an tsráidbhaile i rith an phróisis sin. Cuirfear comhairliúcháin phoiblí agus ceardlanna do pháirtithe leasmhara ar bun, ina mbeidh réimse éagsúil saoránach agus daoine de mhuintir na háite páirteach. Bainfear leas as na comhairliúcháin sin chun iniúchadh a dhéanamh ar conas is féidir cuidiú le limistéar barr a chumais a bhaint amach.

 

Meastar go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach ina cuid lárnach d'aon Straitéis don Réimse Poiblí agus dá bhrí sin ní mór do phleananna agus tionscadail a eascróidh as an straitéis sin a bheith chun tairbhe mhuintir na háite, agus go spreagfar dá bharr sin go dtacófar le ceapadh beartais, le beartú oird tosaíochta i leith na hoibre agus, níos mó ná riamh, le cur chun feidhme tionscadal aonair trí chomhoibriú idir daoine éagsúla nó eagraíochtaí éagsúla.

Beidh an Straitéis don Réimse Poiblí ina toradh ar an gcomhphlé sin, agus leagfar amach inti cur chuige iomlánaíoch i leith fhorbairt an limistéir, ina sainaithneofar tionscadail ghearrthéarmacha, mheántéarmacha agus fhadtéarmacha ar féidir le saoránaigh agus an Chomhairle iad a chur chun feidhme.


Cuspóir CA21

Straitéisí don Réimse Poiblí a ullmhú, nuair is cuí, i ndlúthchomhar le muintir na háite agus le páirtithe leasmhara ábhartha eile.


Cuspóir CA22

Feabhas a chur ar thaitneamhacht amhairc na láir bailte agus sráidbhailte, tranglam neamhriachtanach a íoslaghdú, agus treoir a sholáthar maidir le dearadh an réimse phoiblí, lena n-áirítear sreanga, dearadh aghaidheanna siopaí, troscán sráide agus comharthaí.

3.4 Dearadh agus Caighdeáin Inbhuanaithe

Cúlra

Tá an dea-dhearadh ríthábhachtach chun áiteanna tarraingteacha ar ardchaighdeán a bhaint amach ina mbeidh fonn ar dhaoine a bheith ina gcónaí, ag obair agus ag ligean a scíthe. Baintear amach dea-dhearadh tríd an gcaoi ina leagaimid amach sráideanna agus spásanna agus tríd an gcaoi ina bpleanálaimid méid, scála agus suíomh na bhfoirgneamh sa tírdhreach. Is é an toradh a bhíonn air sin na rudaí ar fad a mholaimid sna comharsanachtaí is fearr dár gcuid – lár atá sainithe go soiléir, áit ar furasta siúl thart inti agus ina mothaímid go bhfuilimid sábháilte, ina bhfuil foirgnimh ardcháilíochta, spásanna tarraingteacha idir foirgnimh, agus bonneagar glas ar ardchaighdeán. Is féidir leis an dea-dhearadh ómós áite, atá soiléir agus sainiúil, a thabhairt dúinn, ar féidir linn a bheith bródúil as.

 

Aidhm uileghabhálach atá ag an bPlean Forbartha is ea áiteanna a thacaíonn le daoine a chruthú agus a choimeád ar mhaithe le muintir agus gnólachtaí Fhine Gall, agus tacaíocht á tabhairt d'fhorbróirí atá ag iarraidh dearadh den chaighdeán is airde a chur ar fáil. Trí infheistiú sa dea-dhearadh uirbeach is féidir forbairt eacnamaíoch rathúil a chruthú atá feidhmiúil agus a mbeidh tionchar buan aici sa todhchaí.

 

Tá gach limistéar den Chontae éagsúil; mar sin, ba chóir do na rialacha maidir le dea-dhearadh uirbeach a bheith ag freagairt, a mhéid is féidir, do shaintréithe, stair agus cultúr na háite ina gcuirtear i bhfeidhm iad.

Éifeachtúlacht Fuinnimh agus an tAthrú Aeráide

Tá sé riachtanach foirgnimh inbhuanaithe a chur ar fáil lena áirithiú go ndéanfaidh gach forbraíocht nua cion dearfach i dtaobh ídiú fuinnimh a laghdú, mar aon leis an lorg carbóin a bhíonn ag gabháil leis an ídiú fuinnimh. Agus foirgnimh nua á ndearadh, beidh aird ar an ngá lena áirithiú go dtabharfar faoin bhforbairt ar shlí inbhuanaithe, íogair.


Cuspóir CA23

Feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bhfoirgneamh atá ann cheana agus éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú fuinnimh a éileamh maidir le dearadh agus forbairt na bhfoirgneamh nua go léir sa Chontae.


Cuspóir CA24

Cur chun cinn a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú fuinnimh a sháraíonn na caighdeáin atá leagtha síos sna Rialacháin Foirgníochta i ndáil le dearadh gach foirgneamh nua agus, go háirithe, gach forbartha cónaithe, agus a cheangal ar fhorbróirí a léiriú gur chuir siad san áireamh san iarratas uathu ar chead pleanála nach mór éifeachtúlacht fuinnimh agus úsáid fuinnimh in-athnuaite a uasmhéadú.


Cuspóir CA25

A spreagadh go dtáirgfí fuinneamh ó fhoinsí in-athnuaite, amhail Bithfhuinneamh, Grianfhuinneamh, Hidreafhuinneamh, Fuinneamh Tonn/Taoide, Fuinneamh Geoiteirmeach, Fuinneamh Gaoithe, Cumhacht is Teas in Éineacht (CTÉ), Riar Fuinnimh Teasa amhail Córais Téimh/Fuaraithe Ceantair, agus aon fhoinsí eile fuinnimh in-athnuaite, faoi réir na ngnáthchoinníollacha pleanála agus i gcomhréir le haon mheasúnachtaí timpeallachta is gá.

Critéir Deartha maidir le Forbairt Uirbeach

Is ann do phrionsabail bhunúsacha lena dtreoraítear dearadh áiteanna, bíodh siad i limistéir uirbeacha, faoin tuath, i gcomharsanachtaí nó i bpobail. Tá na prionsabail ghinearálta deartha sin, atá le feiceáil thíos, bunaithe ar an inbhuanaitheacht, agus beidh siad ina bpointe tagartha coiteann maidir le gach forbairt nua.

 

Cuideoidh an dea-dhearadh uirbeach chun timpeallachtaí ardchaighdeáin a sholáthar ag a bhfuil struchtúr soiléir uirbeach. Trí na prionsabail sin a chomhlíonadh, áiritheofar go gcaomhnófar an oidhreacht agus an sráid-dreach, go gcuirfear chun cinn ardchaighdeáin dearaidh ailtireachta i leith foirgneamh nua, agus go ndéanfar atreisiú ar an bhféiniúlacht áitiúil agus ar an ‘ómós áite’.

 

Le blianta beaga anuas, tá sraith treoirlínte foilsithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le dearadh uirbeach agus, ina n-iomláine, tá creat beartais forleathan ar fáil sna doiciméid sin. Sa ráiteas beartais ‘Delivering Homes, Sustaining Communities’, agus sa doiciméad treoirlínte a ghabhann leis ‘Quality Housing for Sustainable Communities’ (foilsíodh an dá cheann in 2007) tá creat uileghabhálach beartais i dtaobh cur chuige comhtháite i leith na tithíochta agus na pleanála. Sa doiciméad ‘Sustainable Residential Development in Urban Areas’ (2009), leagtar amach creataí tábhachtacha nach mór a léiriú sa Phlean Forbartha.

 

Tá an doiciméad ‘Urban Design Manual – A Best Practice Guide’ ag gabháil leo sin. Tá comhairle ansin ar chur chun feidhme na mbeartas atá sna treoirlínte. Tá sraith critéar san ‘Urban Design Manual’ chun aghaidh a thabhairt ar na breithnithe deartha éagsúla i dtaobh forbairt cónaithe.

 

Tugann na doiciméid ‘Retail Design Manual’ (2012) agus ‘Design Manual for Urban Roads and Streets’ (2013) treoir chuimsitheach i dtaobh feabhas a chur ar an réimse poiblí. Sa doiciméad Design Manual for Urban Roads and Streets (2013) déantar ailíniú ar phleanáil spásúlachta agus beartas iompair, agus dírítear ar shráideanna mar áiteanna tarraingteacha chun áiteanna nasctha a chruthú ar féidir le gach duine den phobal leas a bhaint astu. Tá treoir ann chun comharsanachtaí dlútha, nasctha a chruthú, ar bhonn leagan amach na sráideanna agus cineálacha forbartha a chuireann le tarraingteacht an tsiúil agus na rothaíochta. Ar an gcaoi chéanna, tá ról tábhachtach ag an doiciméad Permeability Best Practice Guide (2015), de chuid an NTA, ina bpléitear gluaiseacht fhurasta idir limistéir, nascacht agus leagan amach soiléir, maidir le treoir a thabhairt i leith dea-dhearadh uirbeach.

 

D'fhonn dea-dhearadh uirbeach a bhaint amach i bhforbraíochtaí, ba chóir cloí leis na 12 phrionsabal um dhearadh uirbeach atá sa doiciméad Urban Design Manual – A Best Practice Guide (2009) agus scéimeanna á ndearadh. Is iad seo a leanas na prionsabail sin: Comhthéacs, Naisc, Cuimsitheacht, Éagsúlacht, Éifeachtacht, Sainiúlacht, Leagan Amach, Réimse Poiblí, Inoiriúnaitheacht, Príobháideacht/Taitneamhacht, Páirceáil agus Dearadh Mionsonraithe. Tá gach limistéar den Chontae éagsúil; mar sin, ba chóir do na rialacha maidir le dea-dhearadh a bheith ag freagairt, a mhéid is féidir, do shaintréithe, stair agus cultúr na háite ina gcuirtear i bhfeidhm iad.


Cuspóir CA26

Freagairtí den scoth i dtaobh dearadh uirbeach a chur chun cinn d'fhonn timpeallachtaí ardchaighdeáin, inbhuanaithe uirbeacha agus nádúrtha a bhaint amach, a thaitníonn le muintir na háite, le hoibrithe agus le cuairteoirí ar an limistéar, agus atá ag teacht leis na 12 phrionsabal um dhearadh uirbeach atá sa doiciméad Urban Design Manual – A Best Practice Guide (2009).


Cuspóir CA27

Aird a bheith ar an doiciméad Design Manual for Urban Streets and Roads (LDBSU), (2013) atá foilsithe ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, agus an doiciméad Permeability Best Practice Guide (2015) de chuid an Údaráis Náisiúnta Iompair, chun dea-dhearadh uirbeach a sholáthar.


Cuspóir CA28

Feabhas a chur ar chreatlach na lárionad tuaithe agus na lárionad uirbeach atá ann cheana agus iad a fhorbairt de réir na bprionsabal a bhaineann le dea-dhearadh uirbeach, lena n-áirítear cur chun cinn a dhéanamh ar phríomhbhealaí isteach chuig ár mbailte agus ár sráidbhailte a bheidh dea-dheartha agus tarraingteach.

Úsáidí Measctha agus Beogacht na bPobal Inbhuanaithe

D'fhonn a áirithiú go dtabharfar faoi fhorbairt ar shlí inbhuanaithe, éifeachtach, is gá forbraíochtaí úsáide measctha a bheith ann. Spreagann Fine Gall meascán úsáidí cónaithe, tráchtála, sóisialta agus pobail sna pobail chun feabhas a chur ar a mbeocht agus an n-inmharthanacht. Spreagtar na húsáidí sin go háirithe i bhfoirgnimh atá folamh nó tearc-úsáidte faoi láthair. Ba chóir go gcomhlánódh na húsáidí measctha sin a chéile agus sa chás nach féidir é sin a dhéanamh ba chóir na húsáidí éagsúla a dheighilt óna chéile. Mar shampla, ní bheadh grúpa clubanna oíche agus/nó tithe tábhairne a spreagfadh cuid mhór gníomhaíochta san oíche ag teacht le húsáid cónaithe.

Tá na húsáidí cónaithe sách teoranta i roinnt dár gcuid bailte agus sráidbhailte. Is inmhianaithe roinnt úsáide cónaithe a choinneáil sna láir bailte nó gar dóibh toisc go spreagann sé sin gníomhaíocht san oíche. Dá mbeadh níos mó daoine ina gcónaí sna láir bailte, bheidís ní ba bheoga agus ní b'inmharthana, agus, dá bhrí sin, breathnófar le meon dearfach ar thograí maidir le hurláir uachtair in áitribh mhiondíola nó áitribh thráchtála a athchóiriú i gcomhair úsáid cónaithe. Ní mór d'aon úsáid cónaithe meas a léiriú ar an gcreatlach stairiúil (más iomchuí), agus taitneamhachtaí cónaithe leordhóthanacha a chur ar fáil. Spreagtar forbairt a dhéanamh ar lár baile bríomhar agus ar úsáidí sa tráthnóna agus san oíche, faoi réir critéir bainistíochta forbartha lena n-airítear rochtain, taitneamhacht amhairc, páirceáil agus cosaint na taitneamhachta cónaithe.

Bíonn beogacht Sráidbhailte Tuaithe ag brath go háirithe ar chreat dinimiciúil ina mbíonn daoine ag maireachtáil, ag obair agus ag idirghníomhú chun cuspóirí sóisialta agus pobail. Gné thábhachtach a bhfuil tionchar aici ar cháilíocht na beatha sa Tuath i bhFine Gall is ea leibhéal na gníomhaíochta pobail sa limistéar. Tacófar leis an ngníomhaíocht phobail sin trí chuspóirí a bheidh dírithe ar sholáthar bonneagair tráchtála agus pobail a chumasú lena gcuirfear ar a gcumas do phobail a bheith faoi bhláth. Ina theannta sin, meastar go bhfuil meascán úsáidí ina ghné riachtanach den saol sna Sráidbhailte Tuaithe a chur chun cinn.

Ba chóir ionaid ar nós pictiúrlanna agus ionaid siopadóireachta a mheallfaidh a lán cuairteoirí a shuí buailte le córais iompair phoiblí ardchaighdeáin, nó gar dóibh, agus in áit inar féidir páirceáil chuí a chur ar fáil do charranna.


Cuspóir CA29

Cineálacha éagsúla talamhúsáidí a oireann dá chéile, mar shampla, úsáid cónaithe, fostaíocht, siopaí áitiúla agus riachtanais seirbhíse laethúla a lonnú gar dá chéile, chun a spreagadh go mbainfí níos mó úsáide as modhanna iompair inbhuanaithe.


Cuspóir CA30

Meascán úsáidí a spreagadh in áiteanna cuí, mar shampla, lárionaid uirbeacha, láir sráidbhailte, lárionaid chomharsanachta.


Cuspóir CA31

Úsáidí cuí cónaithe, sóisialta agus pobail a spreagadh i lár bailte agus sráidbhailte chun a mbeocht agus a n-inmharthanacht a fheabhsú agus aitheantas a thabhairt d'éagsúlacht pobal agus na húsáidí sin a chur chun cinn ar bhonn gníomhach i bhfoirgnimh thearcúsáidte nó i bhfoirgnimh fholmha ionas nach mbeidh an oiread foirgneamh folamh i láir bailte.

Ealaín Phoiblí

Tabharfaidh an Chomhairle tacaíocht agus spreagadh do thograí maidir le saothair ealaíne a chruthú agus a chur ar taispeáint in áiteanna poiblí oiriúnacha, inrochtana, d'fhonn an timpeallacht a fheabhsú agus Fine Gall a bheith ina áit chomh suimiúil agus chomh spreagúil is féidir ar mhaithe le muintir na háite féin agus le cuairteoirí. Ceanglófar ar fhorbraíochtaí móra saothar ealaíne poiblí nó dealbh nó gné ailtireachta a sholáthar, a dhéanfar a dhearadh i gcomhairle leis an gComhairle. Ba chóir ceangal a bheith idir an saothar ealaíne agus an limistéar. D'fhéadfadh soilsiú ón talamh ar fhoirgnimh phoiblí, a bheadh chomh héifeachtúlacht agus is féidir i dtaobh fuinnimh, a bheith cuí i gcás roinnt saothar ealaíne poiblí, ag brath ar a méid, an áit ina bhfuil siad agus tionchar an tsoilsithe sin ó thaobh amhairc.

Critéir Deartha maidir le Forbairt Cónaithe

Cúlra

Tá sé ina chuspóir ag an bPlean Forbartha a áirithiú go mbeidh go leor talún ar fáil i gcomhair forbairt cónaithe i gcomhréir le daonra réamh-mheasta na tíre agus an réigiúin amach anseo. Gné lárnach den Phlean Forbartha is ea comhdhlúthú na talún cónaithe sna limistéir uirbeacha agus sna sráidbhailte.

 

Tá an riachtanas tithíochta don todhchaí i bhFine Gall aitheanta i Straitéis Tithíochta na Comhairle (féach Aguisín 1). Is gá meascán cineálacha tithíochta éagsúla a sholáthar chun freastal ar riachtanais agus mianta mhuintir an Chontae i dtaobh na tithíochta. Tá sé léirithe go mbaineann an pobal a lán tairbhe as pobail mheasctha, chuimsitheacha, ina mbíonn roghanna éagsúla tithíochta agus stíleanna maireachtála. Ba chóir tithíocht shóisialta a chomhtháthú le tithíocht phríobháideach. Gné lárnach is ea dearadh a dhéanamh ar limistéir cónaithe nua de dhlúsanna cuí, ina bhfuil cineálacha éagsúla tithe agus méideanna éagsúla seomraí, i dtaobh pobail inbhuanaithe a chothú a bhíonn faoi bhláth agus a bhíonn bródúil astu féin. Mar atá ráite roimhe seo, is ann do líon foilseachán náisiúnta ina bhfuil treoir faoi conas forbairtí cónaithe ardchaighdeáin a sholáthar. Áirítear leo siúd na doiciméid Delivering Homes Sustaining Communities (2007), Quality Housing for Sustainable Communities (2007), Sustainable Urban Housing: Design Standards for New Apartments (2007), Sustainable Residential Development in Urban Areas (2009), Urban Design Manual A Best Practice Guide (2009), agus Government Policy on Architecture (2009). Baineann na treoirlínte sin le gach aonad cónaithe, beag beann ar chineál nó suíomh.


Cuspóir CA32

A áirithiú go nglacfar cur chuige iomlánaíoch, ina gcuimseofar soláthar saoráidí, taitneamhachtaí agus seirbhísí riachtanacha, cuí, maidir le dearadh agus pleanáil limistéar cónaithe nua, d'fhonn a áirithiú go dtiocfaidh pobail inbhuanaithe inmharthana chun cinn agus go mbeidh borradh fúthu.


Cuspóir CA33

Meascán cuí a bhaint amach i dtaobh cineálacha teaghaisí, a méid agus a dtionachtaí i ngach forbairt cónaithe nua.


Cuspóir CA34

Forbairt chomhdhlúite a áirithiú i bhFine Gall trí éascú d'fhorbairt cónaithe i limistéir uirbeacha agus i sráidbhaile atá ann faoi láthair.

Meascán de Chineálacha Teaghaisí agus Tithe Inoiriúnaithe

Ba chóir meascán oiriúnach de chineálacha tithíochta a sholáthar i limistéir cónaithe nua chun freastal ar riachtanais mhuintir na háite. Ba chóir tithe, cibé is árasáin, tithe traidisiúnta nó teaghaisí eile iad, a bheith inoiriúnaithe do chéim saoil na ndaoine a bhfuil cónaí orthu iontu. Ní hionann in aon chor iad na riachtanais atá ag teaghlach ina bhfuil leanaí agus na riachtanais atá ag lánúin scothaosta. Mar sin féin, ba chóir bunstruchtúr na teaghaise a bheith inoiriúnaithe go héasca chun freastal ar na céimeanna éagsúla saoil sin. Ba chóir aonaid cónaithe a dhearadh ionas gur furasta iad a inoiriúiniú san am atá le teacht. Ba chóir go n-áireofaí i bhforbairtí cónaithe cineálacha éagsúla tithe, de mhéideanna éagsúla, ionas gur féidir le daoine fanacht sa cheantar sin ag céimeanna éagsúla a saoil.


Cuspóir CA35

A áirithiú go gcuirfear meascán de chineálacha éagsúla tithíochta ar fáil i ngach limistéar cónaithe chun freastal ar riachtanais éagsúla mhuintir na háite.

Dlús Cónaithe

Agus dlúsanna á gcinneadh, ba chóir aird a thabhairt ar an doiciméad Sustainable Residential Development in Urban Areas (2009) agus ar an doiciméad atá ag gabháil leis, Urban Design Manual. Cuireann an Chomhairle chun cinn dlúsanna arda in áiteanna cuí, amhail feadh bealaí iompair phoiblí agus i láir na bpríomhbhailte.


Cuspóir CA36

Ní mór don Údarás Pleanála na Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála ‘Sustainable Urban Housing : Design Standards for New Apartments’, a d'eisigh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), a chur chun feidhme agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.


Cuspóir CA37

A spreagadh go gcuirfí leis an dlús tithíochta in áiteanna cuí agus é á áirithiú ag an am céanna nach ndéanfar dochar do cháilíocht na háite, na cóiríochta cónaithe, ná taitneamhachtaí atá ag muintir na háite, anois nó san am atá le teacht.

Forbairt Árasán

Ba chóir d'fhorbraíochtaí árasán a bheith ar ardchaighdeán ó thaobh dearaidh agus leagan amach an tsuímh, agus aird chuí ar shainghné agus taitneamhachtaí an limistéir. Comhlíonfaidh gach forbraíocht árasán gach gné de Threoirlínte an Rialtais i ndáil le dea-chleachtas um fhorbairt cónaithe, nó sáróidh sí na Treoirlínte sin, lena n-áirítear ‘Sustainable Urban Housing: Design Standards for New Apartments’ (2007 & 2015) agus ‘Sustainable Residential Development in Urban Areas’ (2009) agus na forálacha atá i dTáblaí 12.2, 12.2 agus 12.3 – Caighdeáin i leith Teaghaisí agus Árasán, atá leagtha amach i gCaibidil 12 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha.


Cuspóir CA38

Aird a thabhairt ar ‘Sustainable Urban Housing: Design Standards for New Apartments’ (2007) (nó aon nuashonrú nó aon leasú ar na caighdeáin sin) agus forbraíochtaí árasán á measúnú.

Forbairt Cónaithe Eile

Suíomhanna Inlíonta, Suíomhanna Cúinne agus Suíomhanna Talún Cúil

Spreagtar i gcoitinne forbairt a dhéanamh ar shuíomhanna inlíonta, suíomhanna cúinne agus suíomhanna talún cúil tearcúsáidte i limistéir chónaithe atá ann cheana. Ní mór cothromaíocht a bhaint amach idir cosaint a thabhairt do thaitneamhachtaí, príobháideacht, sainghné bhunaithe an limistéar agus forbairt cónaithe inlíonta nua. Breithneofar úsáid a bhaint as réitigh chomhaimseartha agus réitigh nuálacha deartha maidir leis an gcineál seo forbartha.


Cuspóir CA39

A spreagadh agus a chur chun cinn go ndéanfaí forbairt ar shuíomhanna inlíonta, suíomhanna cúinne agus suíomhanna talún cúil tearcúsáidte i limistéir chónaithe atá ann cheana faoi réir sainghné an limistéir agus an comhshaol a bheith faoi chosaint.


Cuspóir CA40

A chur chun cinn go mbainfí úsáid as réitigh chomhaimseartha agus réitigh nuálacha deartha faoi réir meas a bheith léirithe sa dearadh ar shainghné agus oidhreacht ailtireachta an limistéir.

Síneadh a Chur le Teaghaisí

Aithnítear nach mór do dhaoine síneadh a chur le teaghaisí agus iad a athchóiriú. Breithneofar síneadh le meon dearfach sa chás nach mbeidh drochthionchar aige ar áitribh thadhlacha ná ar shainghné an limistéir mórthimpeall.


Cuspóir CA41

Síneadh de dhearadh íogair a spreagadh i dtaobh teaghaisí atá ann cheana sa chás nach mbeidh drochthionchar aige ar an gcomhshaol ná ar áitribh thadhlacha ná ar an limistéar.

Cóiríocht do Mhic Léinn

Tá Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir (ITB) ar an Institiúid Tríú Leibhéal is tábhachtaí i bhFine Gall agus, ina theannta sin, mórospidéal teagaisc is ea Ospidéal Uí Chonghaile. Tá Institiúidí Tríú Leibhéal eile i limistéir údarás áitiúil eile in aice le Fine Gall.


Cuspóir CA42

Tacú le soláthar cóiríochta do mhic léinn tríú leibhéal ar champas Institiúidí Tríú Leibhéal nó in áiteanna cuí eile ina bhfuil rochtain ar iompar poiblí, atá gar d'ionaid oideachais tríú leibhéal.

Teach Cúraim Cónaithe

Ciallaíonn ‘teach cúraim cónaithe’ roinnt cineálacha éagsúla áitreabh ina gcuirtear cóiríocht ar fáil do dhaoine a bhfuil cúram de dhíth orthu ar chúiseanna éagsúla. Is iondúil go mbíonn seomraí dá gcuid féin acu siúd a mbíonn cónaí orthu iontu, agus bíonn rochtain acu ar sheirbhísí cúraim ar an láthair. D'fhéadfadh cúram a bheith ar fáil 24 uair an chloig an lae nó ar feadh cuid den am ag brath ar riachtanais an duine aonair.

Teach Scoir

Is éard é ‘teach scoir’ saoráid tithíochta ilaonad atá beartaithe i gcomhair daoine scothaosta. Is é an gnáthphátrun cónaithe iontu go mbíonn seomra nó seomraí mar a bheadh árasán ann ag gach duine nó gach lánúin sa teach. Cuirtear saoráidí breise ar fáil san fhoirgneamh. Is minic go n-áirítear leo sin saoráidí i gcomhair béilí, teacht le chéile, caithimh aimsire, agus cineál éigin cúraim sláinte nó cúraim ospíse.

Teach Altranais

Is éard é ‘teach altranais’ saoráid ina dtugtar aire (ar bhonn fadtréimhseach de ghnáth) d'othair nach bhfuil tinn go leor go dteastódh cúram ospidéil uathu ach nach bhfuil ar a gcumas fanacht sa bhaile. Sa lá atá inniu ann, bíonn ról gníomhach ag tithe altranais sa chúram sláinte, agus cabhraíonn siad le hothair ullmhú i gcomhair maireachtála sa bhaile nó le duine muinteartha nuair is féidir. Cabhraíonn siad na saoráidí costasacha ospidéil a choinneáil do na daoine atá go dona tinn agus cuireann siad feabhas ar an dul chun cinn a dhéanann daoine atá faoi mhíchumas mór. Is é leibhéal an chúraim leighis atá ar fáil an phríomhdhifríocht idir teach scoir agus teach altranais.

Sráidbhaile Lucht Scoir

Ionad is ea ‘sráidbhaile lucht scoir’ ina bhfuil tithe leithleacha, neamhspleácha do chónaitheoirí. Bíonn siad beartaithe, san iomlán nó den chuid is mó, do dhaoine atá ar scor agus a bhfuil conarthaí sráidbhaile déanta acu le hoibreoir an ionaid. Bunphrionsabal de chuid na sráidbhailte lucht scoir sin is ea iad a bheith i limistéar uirbeach ionas go mbeadh rochtain éasca ar na seirbhísí agus na saoráidí.

 

Aithníonn an Chomhairle gur bunriachtanas pobail is ea cúram cónaithe a bheith ar fáil. Cé go raibh brú ann i dtaobh na saoráidí sin a lonnú i limistéir thuaithe, ní dhéantar an cineál sin forbartha a shuí amuigh faoin tuath sa ghnáthchúrsa, ar chúiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht, gan rochtain éasca a bheith orthu, agus easpa iompair phoiblí, eisiamh sóisialta agus aonrú. Leagtar síos i dtaobh an dea-chleachtais gur chóir cúram cónaithe, tithe scoir agus tithe altranais a shuí i limistéir thógtha agus gur chóir iad a bheith gar do shiopaí agus do shaoráidí pobail eile atá de dhíth orthu siúd a chónaíonn iontu, agus gur chóir rochtain éasca a bheith ag cuairteoirí, baill foirne agus trácht seirbhíse orthu. Iarrfar, i gcás gach iarratas pleanála le haghaidh cúram cónaithe, go gcuirfear isteach leis iniúchadh ar na seirbhísí atá ar fáil don tsaoráid áirithe sin.

 

I roinnt cásanna, cruthófar cúram cónaithe, tithe scoir agus tithe altranais trí athchóiriú a dhéanamh ar áitribh atá ann cheana. Is iondúil gurb iad áitribh mhóra scoite na cinn is oiriúnaí lena n-athchóiriú, toisc go mbíonn níos mó talún thart timpeall orthu de ghnáth i gcomhair spásanna páirceála, limistéir sheirbhíse agus gairdíní, agus gur lú an seans go mbeidh fadhbanna ag baint leo i dtaobh torann díreach agus cur isteach ar áitribh thadhlacha. Agus iarratais ar fhorbairt nua nó athrú úsáide i leith áitreabh atá ann cheana á mbreithniú, cuirfear san áireamh an tionchar is dóigh a mbeidh acu ar shainghné an limistéir agus ar áitribh lámh leo.


Cuspóir CA43

A cheangal go lonnófar tithe cúraim cónaithe, tithe scoir, tithe altranais agus sráidbhailte lucht scoir i mbailte agus i sráidbhailte ar mhaithe le hinbhuanaitheacht, le cuimsiú sóisialta, agus lena bheith gar do sheirbhísí, ach amháin más rud é go léirítear go soiléir gur gá ceann de na hionaid sin a lonnú i dtimpeallacht tuaithe mar gheall ar an gcineál cúraim atá de dhíth.


Cuspóir CA44

Breithniú a dhéanamh i dtaobh shainghné an limistéir ina bhfuil teach cúraim cónaithe, teach scoir nó teach altranais le lonnú (mar aon leis an tsainghné atá tuartha ina leith), agus i dtaobh chomhoiriúnacht na húsáide sin don limistéar sin.

Critéir Deartha maidir le Sráidbhailte Tuaithe agus Gráigeanna Tuaithe

Is iad na Sráidbhailte Tuaithe atá ainmnithe i bhFine Gall ná Baile Bachaille, Baile na Scadán, Cúil Chaoith, Baile Gháire, Cionn Sáile, An Aill, An Seanbhaile, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh. Lonnaíochtaí sráidbhaile traidisiúnta is ea iad den chuid is mó, agus tá an cuspóir criosaithe ST leagtha síos ina leith, a bhfuil sé d'aidhm leis sainghné na Sráidbhailte Tuaithe a chosaint agus soláthar a dhéanamh do shaoráidí níos fearr sna sráidbhailte.

 

I gcás na nGráigeanna Tuaithe tá saintréithe níos teoranta acu ná mar atá ag na sráidbhailte agus tá siad dírithe níos mó ar chónaí, gan an oiread seirbhísí ar fáil iontu. Cuireann siad rogha eile ar fáil seachas tithe aonuaire faoin tuath tríd an fhorbairt tithíochta tuaithe a choinneáil le chéile i ngráigeanna beaga atá ann cheana. Fágfaidh siad go mbeidh an deis ag an bpobal tuaithe tithe a oireann níos fearr don tuath a roghnú i gcomparáid leo siúd sna Sráidbhailte Tuaithe.

Critéir Deartha maidir le Tithíocht faoin Tuath

Is ionann an Tuath, chun críocha na coda seo den Phlean, agus na limistéir sin ina bhfuil na cuspóirí criosaithe tuaithe sainithe mar ‘Talmhaíocht agus Áiseanna Tuaithe’ (TU), ‘Crios Glas’ (CG) agus ‘Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna’ (LMÁ). Spreagfar daoine chun úsáid as an nua a bhaint as foirgnimh ar ann dóibh cheana faoin tuath i gcomhair forbairt cónaithe.


Cuspóir CA45

A áirithiú go roghnófar suíomhanna do theaghaisí nua sa limistéar tuaithe ar shlí íogair, go ndéanfar dearadh íogair orthu, agus go léireofar go bhfuil na teaghaisí ag teacht le Cineál Sainghné an Tírdhreacha sa neastimpeallacht, agus go mbainfear an úsáid is fearr as an tírdhreach nádúrtha i dtaobh dearadh íogair, a bheidh inbhuanaithe agus tíosach ar charbón.

3.5 Spás Oscailte

Cúlra

Tá líonra dea-shainithe spásanna oscailte agus saoráidí áineasa i bhFine Gall, a bhfuil rochtain ag cuid mhór de phobal an Chontae orthu. Toisc go bhfuil an Contae ag éirí níos uirbí, bíonn an-éileamh ar gach cineál spásanna oscailte. Tá cineálacha éagsúla spásanna oscailte sa Chontae, idir pháirceanna beaga agus pháirceanna móra réigiúnacha ar nós diméinte Mhullach Idé, an Droichid Nua agus Ard Giolláin. Tá soláthar spáis oscailte inrochtana ina chuid dhílis de sholáthar bonneagair ghlais ardchaighdeáin do phobail, agus is gné lárnach é den Straitéis Bonneagair Ghlais don Chontae.

 

I bPlean Forbartha Contae Fhine Gall 2011-2017, bogadh ar aghaidh ó sholáthar spáis oscailte ar bhonn achair (cur chuige cainníochtúil) go dtí cur chuige ina raibh béim ní ba mhó ar spásanna ardchaighdeáin a sholáthar (cur chuige cáilíochtúil). Coinnítear leis an gcur chuige sin sa Dréachtphlean seo agus cuimsítear ann cúig bhunphrionsabal i dtaobh spás oscailte a sholáthar: Ordlathas, Inrochtaineacht, Cainníocht, Cáilíocht agus Spás Oscailte Príobháideach. Chuige sin, leagtar amach sa Dréachtphlean beartas agus cuspóirí i dtaobh soláthar ordlathais spásanna oscailte atá ar ardchaighdeán, atá tarraingteach agus atá sábháilte, idir spásanna poiblí agus spásanna príobháideacha, lena gcuimsítear réimse idir páirceanna beaga agus mórpháirceanna áitiúla, agus páirceanna beaga, gairdíní agus balcóin phríobháideacha, mar aon le diansaoráidí áineasa, taitneamhachta agus pobail, amhail Moil Áineasa gníomhaí agus Limistéir Il-Úsáide Cluichí.

Newbridge House from South West

Le déanaí ghlac Comhairle Contae Fhine Gall Straitéis Spáis Oscailte, Keeping It Green. Leagtar amach sa doiciméad sin straitéis maidir le pleanáil, forbairt agus bainistíocht inbhuanaithe spásanna oscailte poiblí i bhFine Gall. Cuirtear i dtoll a chéile inti beartais agus cleachtais atá ann cheana féin agus tugtar isteach cineálacha cur chuige nuálacha nua i leith spás oscailte poiblí.

Ordlathas

Ceanglaítear faoin ngné seo nach mór spás oscailte agus saoráidí áineasa a dhearadh ar bhonn ordlathais de réir riachtanas pobal sainithe agus ag féachaint don Straitéis Bonneagair Ghlais atá á hullmhú don Chontae. I dTábla 12.5, i gCaibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, leagtar síos an t-ordlathas agus na caighdeáin rochtana atá i bhfeidhm i dtaobh spás oscailte poiblí. Faoi na caighdeáin sin, féadfar éagsúlacht mhór spásanna oscailte poiblí inrochtana a chur ar fáil chun freastal ar na riachtanais éagsúla atá ag muintir an Chontae. I gcás gach forbraíochta ina bhfuil cónaí ar dhaoine, ba chóir cineálacha éagsúla spásanna oscailte poiblí a chur ar fáil más féidir.

Inrochtaineacht

A áirithiú, a mhéid is féidir, go bhfuil an spás oscailte agus saoráidí áineasa inrochtana trí chóir iompair inbhuanaithe, is iad sin siúl, rothaíochta agus iompar poiblí, ag brath ar cheantar na saoráide atá i gceist.


Cuspóir CA46

Raon leathan spásanna oscailte poiblí a chur ar fáil, lena n-áirítear plásáin, gairdíní pobail, páirceanna buantalamhaíochta agus áiseanna spóirt, ar bhonn ordlathais ar fud an Chontae d'fhonn rogha saoráidí spáis oscailte a bhaint amach. Ba chóir leas a bhaint as Treoirlínte Dea-Chleachtais um Bonneagar Glas lena chinneadh cén áit a gcuirfear spásanna oscailte ar fáil agus cén cineál spásanna a bheidh i gceist.

Líon

Líon leordhóthanach spásanna oscailte agus saoráidí áineasa a chur ar fáil. I gcás gach forbraíochta a mbaineann gné chónaithe léi, is é an caighdeán foriomlán i dtaobh an tsoláthair spáis oscailte phoiblí ná 2.5 heicteár ar a laghad in aghaidh gach 1000 duine. Cuirfear é sin ar fáil i gcoitinne ar choibhneas 75% Aicme 1 agus 25% Aicme 2. D'fhonn deiseanna áineasa agus fóillíochta leordhóthanacha a chur ar fáil do phobail anois agus san am atá le teacht, glacfaidh an Chomhairle cur chuige solúbtha maidir le soláthar spáis oscailte poiblí agus saoráidí áineasa/ taitneamhachta níos déine. Mar sin féin, tá sé i gceist ag an gComhairle a áirithiú go mbeidh níos mó ná 10% de limistéar suímh forbartha ina spás oscailte poiblí, ach amháin in imthosca eisceachtúla. Ní fhéadfar tailte sa chrios TU, CG, SO ná LMÁ a áireamh i limistéar an tsuímh forbartha.


Cuspóir CA47

A cheangal go soláthrófaí ar a laghad 2.5 heicteáir de spás oscailte poiblí in aghaidh gach 1000 duine. Chun críocha an ríofa sin, beidh ceanglais maidir le spás oscailte poiblí bunaithe ar aonaid cónaithe le ráta áitíochta comhaontaithe 3.5 duine i gcás teaghaisí ina bhfuil trí sheomra codlata nó níos mó agus 1.5 duine i gcás teaghaisí ina bhfuil dhá sheomra codlata nó níos lú.


Cuspóir CA48

Méid coibhéise airgid a éileamh in áit soláthar spás oscailte i bhforbraíochtaí beaga ina mbeadh an spás oscailte a bheadh ag gabháil leis an bhforbraíocht chomh beag is nach mbeadh sé inmharthana.

Diansaoráidí Áineasa agus Taitneamhachta

In imthosca áirithe, nuair nach féidir na caighdeáin um spás oscailte a chomhlíonadh nó nuair a mheastar go bhfuil sé inmhianaithe úsáidí áineasa níos déine a chur ar fáil, féadfaidh an Chomhairle, dá rogha féin, socruithe a mheas trínar féidir diansaoráidí cuí a chur ar fáil in ionad spás oscailte nach mbainfí an oiread úsáid as. Ba chóir diansaoráidí áineasa agus taitneamhachta a chur ar fáil i bhfoirm foirgneamh nó clós, lena bhféadfaí a áireamh saoráidí áineasa faoi dhíon nó saoráidí áineasa atá fóinteach don uile aimsir.

 

Tugtar sainmhíniú ar dhiansaoráidí áiseanna/taitneamhachta amhail aon acmhainn, de ghnáth i bhfoirm foirgnimh nó déanmhais (ach is féidir gur páirc, cúirt nó páirc imeartha atá fóinteach don uile aimsir a bheadh i gceist) a mbaineann eagraíochtaí deonacha neamhbhrabúis úsáid as, go hiondúil chun a leasanna a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí pobail, cultúir nó spóirt nó i ngníomhaíochtaí grúpaí eile cosúil leo siúd. Ní fholaítear scoileanna, séipéil, saoráidí cúraim leanaí, ionaid sláinte agus comhair chreidmheasa ná a leithéid sa sainmhíniú sin.


Cuspóir CA49

A cheadú go gcuirfí saoráidí áineasa/taitneamhachta (faoi dhíon nó amuigh faoin spéir) ar fáil ag gabháil le forbraíochtaí móra in ionad an cheanglais i dtaobh spás oscailte, laistigh de chreat ama sonraithe. Is de rogha an Údaráis Pleanála amháin a bheidh sé an soláthar sin a cheadú. Beidh na saoráidí sin ar an láthair nó chomh gar do theaghaisí is atá leagtha síos i dTábla 12.5 i dtaobh spás oscailte.


Cuspóir CA50

A áirithiú go ndéanfar grúpáil chomhleanúnach ar shaoráidí áineasa agus ar shaoráidí spáis oscailte mar mhol áineasa mura léirítear go bhfuil réiteach níos praiticiúla ar fáil.


Cuspóir CA51

A cheangal go mbeidh luach airgeadúil diansaoráidí ar leith cothrom le, nó níos mó ná, costas iomlán an spáis oscailte a bhfuil siad ina ionad, lena n-áirítear costais forbartha spáis oscailte den chineál sin.


Cuspóir CA52

A cheangal go ndéanfaí comhaontú leis an gComhairle i leith diansaoráidí áineasa agus taitneamhachta agus go mbeidís faoi úinéireacht na Comhairle. Féadfaidh an Chomhairle bainistiú díreach a dhéanamh ar na saoráidí sin agus féadfaidh sí ceadúnais bhainistíochta agus/nó léasanna spóirt a dheonú i leith fheidhmiú na saoráidí sin, agus beidh úsáidí ag teacht leis na forálacha atá in aon ghníomhas toirbhearta dá bhfuil na tailte faoina réir. I limistéir atá faoi réir Pleananna Limistéir Áitiúil, leagfar síos an beartas ginearálta sa chéad áit ar leibhéal an Phlean Limistéir Áitiúil, seachas le linn breithniú ar iarratais phleanála aonair.


Cuspóir CA53

A áirithiú nach mbeidh diansaoráidí áineasa/taitneamhachta á n-úsáid go heisiach ag aon ghrúpa amháin.


Cuspóir CA54

Breithniú a dhéanamh, in imthosca eisceachtúla, i dtaobh saoráidí spáis oscailte/áineasa /taitneamhachta nach gcomhlíonann na forálacha thuasluaite, ach gan é sin a dhéanamh ach amháin le cead sonrach ón gComhairle.

Cáilíocht

Freastal ar riachtanais agus ionchais an úsáideora trí shaoráidí ardchaighdeáin a sholáthar. Freastalaíonn cineálacha éagsúla spásanna oscailte agus saoráidí áineasa ar riachtanais éagsúla, agus dá bhrí sin is éagsúil iad a gcuid feidhmeanna. Ba chóir go mbeadh níos mó ná feidhm amháin ag saoráidí áineasa agus spásanna oscailte móra, i.e úsáid áineasa ghníomhach agus neamhghníomhach.

Dearadh Spásanna Oscailte Poiblí

Ní mór spásanna oscailte poiblí a dhearadh faoi réir ardsonraíochtaí. Ní mór an-bhéim a leagadh ar cháilíocht an spáis oscailte agus beidh sonraí i ndáil leis an tírdhreachú atá beartaithe, idir thírdhreachú bog agus tírdhreachú crua, ag teastáil ag céim an iarratais ar chead pleanála. Ní mór radharc a bheith ar spásanna oscailte poiblí agus iad a bheith deartha sa tslí go laghdaítear an iompraíocht fhrithshóisialta trí fhaireachas éighníomhach. Ní mór go bhfágfadh an dearadh nach bhféadfadh sé go dtarlódh an iompraíocht fhrithshóisialta a bhíonn ag gabháil uaireanta le spásanna oscailte agus leis an scáthphlandáil ina leith.


Cuspóir CA55

A áirithiú go bhfuil rochtain ar spásanna oscailte poiblí agus go ndéantar é a dhearadh ionas go mbíonn faireachas éighníomhach á dhéanamh air.


Cuspóir CA56

Gluaisteacht fhurasta agus naisc idir spásanna oscailte poiblí a áirithiú lena n-áirítear naisc idir spásanna nua agus cinn atá ann cheana, i gcomhairle le cónaitheoirí i measc eile.


Cuspóir CA57

Spásanna oscailte ilfheidhmeacha a chur ar fáil in áiteanna a mheastar is cuí i gcomhair úsáid ghníomhach agus neamhghníomhach araon.

Córais Draenála Uirbí Inbhuanaithe

Cuireann Córais Draenála Inbhuanaithe (CDIb) réiteach iomlán ar fáil i leith bainistíocht uisce baistí agus ní mór iad a bheith san áireamh i ngach forbairt nua. Is féidir le linnte, bogaigh shaorga agus gnéithe uisce cion dearfach a dhéanamh maidir le soláthar Córas Draenála Inbhuanaithe (CDIb) agus maidir le taitneamhacht limistéir. Féadfar gnéithe CDIb atá deartha agus suite go cuí a chuimsiú sa taitneamhacht, ionas go gcomhlánófar an luach atá ag na spásanna oscailte i dtaobh taitneamhachta agus áilleachta. Níl limistéir CDIb ina gcuid den soláthar spáis oscailte poiblí, ach amháin sa chás go gcuireann siad go mór le dearadh agus cáilíocht an spáis oscailte de réir shainmhíniú an Údaráis Pleanála. Is ar an macraileibhéal is fearr is féidir aghaidh a thabhairt ar dhearadh CDIb agus scrúdófar réitigh chomhdhlúite faoinar féidir toirteanna a chur le chéile i bpáirceanna agus spásanna oscailte móra seachas cur chuige atá ilroinnte agus céimnithe.

Saoráidí Clóis Súgartha

Ba chóir go bhfreastalódh saoráidí clóis súgartha ar aoisghrúpaí sainithe agus go mbeadh saoráidí agus deiseanna súgartha éagsúla ar fáil iontu.


Cuspóir CA58

Éascú do sholáthar saoráidí clóis súgartha ar scála cuí do leanaí laistigh d'fhorbraíochtaí cónaithe atá ann cheana agus cinn nua.

Playground

Beartas maidir le Crainn

Cuireann na crainn taitneamhacht luachmhar agus gnáthóg luachmhar don fhiadhúlra ar fáil. Cuireann siad leis an limistéar i dtaobh amhairc, laghdaíonn siad tionchar amhairc na forbartha fisicí ar an tírdhreach, agus tá ról luachmhar acu maidir le feabhas a chur ar chaighdeáin an aeir i limistéir uirbeacha agus maidir le gnáthóga a chur ar fáil don fhiadhúlra.


Cuspóir CA59

Crainn agus grúpaí crann a chosaint agus a chaomhnú agus a áirithiú go ndéanfar iad a bhainistiú go héifeachtach.

Spás Oscailte Príobháideach

Aonaid Cónaithe

Ní mór spás oscailte príobháideach a chur ar fáil le gach aonad cónaithe, cibé is tithe traidisiúnta nó árasáin atá i gceist. Leagfar amach caighdeáin cháilíochtúla agus chainníochtúla i dtaobh spás oscailte lena áirithiú go mbainfear an tairbhe is fearr as an spás oscailte.


Cuspóir CA60

A áirithiú, i gcás gach limistéir spáis oscailte phríobháidigh, go mbeidh leibhéal cuí príobháideachta ag cónaitheoirí trína laghad radhairc is féidir a bheith acu thar spásanna a chéile agus trí shocruithe i dtaobh scáthlán idir spásanna.

Tithe

Ceann de na saintréithe atá ag tithe traidisiúnta is ea spás oscailte príobháideach a bheith ar fáil, taobh thiar de líne na tógála ag tosach an tí de ghnáth.

Árasáin/Árasáin Dhá Urlár

Is tábhachtach an rud é spás oscailte príobháideach a bheith ag gabháil le hárasáin agus árasáin dhá urlár ionas go mbeidh leibhéal cuí taitneamhachta ag na háititheoirí. Is iad balcóin agus limistéir shraithe an príomhchineál spáis oscailte príobháidigh a bhíonn ag gabháil le scéimeanna árasán agus árasán dhá urlár.

3.6 Bonneagar, Saoráidí agus Seirbhísí Pobail

Cúlra

Is tábhachtach an rud é dea-shaoráidí agus dea-sheirbhísí pobail, cosúil le saoráidí oideachais agus oiliúna, leabharlanna, saoráidí cúraim leanaí, ionaid adhartha, ionaid sláinte agus ionaid phobail, a sholáthar in áiteanna inrochtana cuí, toisc go gcuireann siad le cáilíocht na beatha. Faoi na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí, ní mór d'Údaráis Phleanála cuspóirí a ghlacadh lena n-éascaítear do riachtanais shóisialta, phobail agus chultúrtha gach duine agus gach pobal trí bhonneagar dea-dháilte, inrochtana sóisialta agus pobail a chur ar fáil.

 

Is ann do chuid mhór de na saoráidí sin cheana i limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe sheanbhunaithe. I roinnt cásanna, áfach, tá siad achar sách fada ó na pobail a bhfuil siad ceaptha freastal orthu. I gcoitinne, is fearr saoráidí a bheith i ngrúpaí, i mbaile, sráidbhaile nó lárionad áitiúil, nó gar dóibh. Cuireann an ghrúpáil sin lena n-inmharthanacht agus fágtar gur éasca agus gur áisiúla dul chucu at sheirbhís iompair phoiblí, de shiúl na gcos nó ar rothar.

Library

Tá sé ina aidhm ag an Dréachtphlean pobal inbhuanaithe a chruthú ina bhfuil deiseanna éagsúla ar fáil chun freastal ar a chuid riachtanas, rud a chabhróidh chun cuimsiú sóisialta a chothú. Is tábhacht an rud é go gcuirfí saoráidí nua ar fáil go tráthúil, i gcomhar le forbraíochtaí cónaithe nua, agus go ndéanfaí Ionaid Phobail nó seomraí cruinnithe a dhearadh ionas go mbeidh siad solúbtha agus gur féidir úsáidí éagsúla a bhaint astu.


Cuspóir CA61

A áirithiú go soláthrófar saoráidí agus seirbhísí pobail a bheidh inrochtana, leordhóthanach agus éagsúil i limistéir nua agus limistéir sheanbhunaithe chun cuidiú le folláine na gcónaitheoirí.


Cuspóir CA62

A áirithiú go mbeidh dearadh solúbtha ar shaoráidí pobail agus go mbainfear an leas is fearr is féidir astu.


Cuspóir CA63

A chur chun cinn go lonnófaí saoráidí pobail, saoráidí áineasa agus saoráidí spáis oscailte i ngrúpaí, agus go lonnófaí saoráidí pobail in ionaid áitiúla nó in éineacht le saoráidí scoile de réir mar is cuí.


Cuspóir CA64

A áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag tograí ar thaitneamhacht na háite de bharr tráchta, páirceála, torainn nó cailliúint príobháideachta i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu in aice láimhe.

Foirgnimh Phobail

Fágann foirgnimh phobail gur féidir le muintir na háite imeachtaí éagsúla a chur ar bun a oireann dá limistéar, amhail imeachtaí spóirt, imeachtaí cultúir agus imeachtaí pobail/deonacha/sóisialta. Baineann tábhacht leis na hionaid sin i dtaobh braistint phobail a chothú agus a fhorbairt agus bíonn siad ina bpointe fócais tábhachtach don limistéar ar a bhfreastalaíonn siad.

 

Tá líonra láidir ionad pobail i bpobail sheanbhunaithe agus i bpobail atá ag teacht chun cinn ina bhfuil réimse mór saoráidí agus seirbhísí ar fáil. Tá thart ar 26 ionad pobail á bhfeidhmiú agus á mbainistiú ag muintir na háite le tacaíocht ón gComhairle. Le blianta beaga anuas cuireadh ar fáil roinnt ionad pobal úrscothach, amhail na cinn ag Coill na nÚll agus an Tobar Naofa i Sord agus Ongar agus Baile an Tirialaigh i mBaile Átha Cliath 15, mar chuid de Shamhail Scoileanna Fhine Gall. Sna cásanna sin, rinneadh scoileanna agus ionaid phobail a phleanáil agus a chur ar fáil mar mhoil inoiriúnaithe, ina mbíonn gníomhaíochtaí éagsúla ar fáil i rith an lae agus sa tráthnóna. De bhreis orthu sin, tá thart ar 32 ionad ar fud an Chontae atá faoi úinéireacht agus bainistíocht phríobháideach ag pobail aonair.

 

Tacóidh an Chomhairle le soláthar saoráidí dá leithéid i gcás ina bhfuil gá sainaitheanta le hionaid den sórt sin agus, ina theannta sin, tacóidh sí le síneadh a chur le hionaid atá ann cheana agus athchóiriú a dhéanamh orthu.


Cuspóir CA65

A áirithiú go mbeidh ionad pobail san áireamh i dtograí i ndáil le forbairtí mórscála cónaithe, mura rud é gur féidir a léiriú gur féidir freastal leordhóthanach a dhéanamh ar riachtanais na gcónaitheoirí nua i saoráidí pobail atá sa limistéar cheana nó atá geallta ann.


Cuspóir CA66

Tacú le soláthar ionad pobail nua agus éascú do shíneadh a chur le hionaid atá ann cheana agus athchóiriú a dhéanamh orthu nuair is gá. Beidh saoráidí den sórt sin inrochtana trí bhealaí éagsúla taistil agus leagfar béim ar shiúl, rothaíocht agus úsáid iompair phoiblí. Cuirfear líon teoranta spásanna páirceála ar fáil do charranna chun freastal ar an éileamh a mheastar a bheidh orthu ó chuairteoirí ó lasmuigh den cheantar.


Cuspóir CA67

Cur i gcoinne cailliúint saoráidí sóisialta agus pobail atá ann cheana, amhail ionaid phobail agus clubanna óige nó aon saoráidí spóirt lena n-áirítear páirceanna imeartha, mura bhfuil roghanna sásúla eile ar fáil.


Cuspóir 

A spreagadh go bhforbrófaí foirgnimh ilfheidhmeacha nach mbeidh á n-úsáid go heisiach ag aon ghrúpa amháin.

Saoráidí Cúram Leanaí

Tá soláthar saoráidí cúraim leanaí ina thoisc thábhachtach i dtaobh folláine gheilleagrach agus folláine shóisialta. Sonraítear sa Straitéis Náisiúnta in aghaidh na Bochtaineachta 2007-2016 gurb amhlaidh go bhfuil gá le cúram leanaí ionas gur féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa lucht saothair agus ioncam a thuilleamh a fhágann go bhfuil caighdeán inghlactha maireachtála acu féin agus ag a gcuid leanaí. Ina theannta sin, is féidir le cúram leanaí cuidiú go mór le forás an linbh sna luathbhlianta. Faoi láthair, tacaíonn Coiste Cúraim Leanaí Fhine Gall le bonneagar cúraim leanaí ina bhfuil 364 saoráid luath-óige ina bhfostaítear, san iomlán, breis is 3,000 ball foirne luathchúraim leanaí.

 

I measc na bhfadhbanna a bhaineann le soláthar cúraim leanaí i gcoitinne, tá easpa seirbhísí pobalbhunaithe cúraim leanaí agus seirbhísí cúraim réamhscoile agus iarscoile, a bhfuil rochtain éasca orthu, ar phraghas réasúnta, i limistéir uirbeacha agus thuaithe i bhFine Gall, go háirithe i gcomharsanacht Shoird. Tá na seirbhísí sin ríthábhachtach i ndáil le cúnamh a thabhairt do dhaoine filleadh ar an obair agus éascú d'oiliúint a chur ar dhaoine atá dífhostaithe le fada an lá. Tá éileamh níos mó freisin ar chúram leanaí in aois scoile agus ar sholáthar a líonann na bearnaí amhail clubanna bricfeasta, clubanna obair baile agus campaí samhraidh, de bharr tuismitheoirí a bheith ag filleadh ar an obair. Cé nach bhfuil baint dhíreach ag an gComhairle le soláthar seirbhísí cúraim leanaí, féachtar sa Phlean Forbartha lena áirithiú go gcuirfear saoráidí leordhóthanacha ar fáil, go háirithe i limistéir atá á bhforbairt anois.


Cuspóir CA69

A spreagadh go soláthrófaí saoráidí cúraim leanaí in áiteanna cuí, lena n-áirítear ceantair cónaithe, láir bailte agus láir sráidbhailte, ceantair fostaíochta agus gar do nóid iompair phoiblí.


Cuspóir CA70

A áirithiú go mbeidh saoráidí cúraim leanaí in áitreabh oiriúnach, in áit oiriúnach, agus go mbeidh spás oscailte leordhóthanach ar fáil de réir na Rialachán um Sheirbhísí Cúraim Leanaí (Réamhscoile) (Uimh.2) 2006.


Cuspóir CA71

A cheangal, mar chuid d'iarratais ar chead pleanála i gcomhair forbraíochtaí cónaithe agus forbraíochtaí tráchtála nua, go ndéanfaí soláthar do shaoráidí saintógtha cúraim leanaí i gcás ina measann an t-údarás pleanála go bhfuil gá leis na saoráidí sin.

Saoráidí Oideachais

Tá ról tábhachtach ag Saoráidí Oideachais i dtaobh pobail inbhuanaithe, chothromaithe a fhorbairt agus i dtaobh teaghlaigh a spreagadh chun cur fúthu sa Chontae. Tá réimse mór bunscoileanna agus meánscoileanna i bhFine Gall mar aon leis an Institiúid Teicneolaíochta i mBaile Bhlainséir.

 

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh ag obair i ndlúthpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna d'fhonn suíomhanna scoile a shainaithint agus a sholáthar sa chás ina n-aithnítear go bhfuil ganntanas áiteanna scoile ann. Beidh an chumarsáid idir an Chomhairle agus comhlachtaí pátrúnachta éagsúla ina chúnamh maidir lena chur ar a cumas don Chomhairle a chinneadh cén t-éileamh a bheidh ar scoileanna atá bunaithe ar scoilcheantair an-leathan nó nach mbaineann leas as cur chuige ar bhonn scoilcheantair.

School

I mí Mheán Fómhair 2015, d'fhógair an Rialtas plean caipitil €3.8 billiún. Tá an cistiú sin i gcomhair saoráidí oideachais ar an mbunleibhéal, an dara leibhéal agus an tríú leibhéal, agus clúdóidh sé athchóiriú ar fhoirgnimh oideachais agus síneadh a chur leo agus soláthar foirgneamh nua thar an tréimhse 2016 – 2021.

 

Ar cheann de na saincheisteanna oideachais is mó nach mór don Chontae dul i ngleic léi, tá an méadú atá ag teacht ar líon na meánscoileanna atá ag lorg ceada cóiríocht a bheith ar fáil dóibh ag scoileanna ata ann cheana áit a bhfuil an spás oscailte gann.

 

Sampla is ea Samhail Scoileanna Fhine Gall den dea-chleachtas maidir le soláthar scoileanna nua i limistéir atá á bhforbairt. Ar bhonn réamh-mheastacháin pleanála scoile na Roinne Oideachais agus Scileanna, sainaithníonn agus faigheann an Chomhairle suíomhanna oiriúnacha thar ceann na Roinne, suíomhanna ar a dtógfar scoileanna le saoráidí feabhsaithe spóirt, pobail agus ealaíon chun tairbhe na scoile agus an phobail i gcoitinne. Féadfaidh dearadh na scoileanna a bheith éagsúil chun freastal ar riachtanais an phobail arna sainaithint ag an gComhairle. Áireofar leis an réimse saoráidí comhroinnte feabhsaithe taitneamhachtaí ar nós hallaí spóirt lán-mhéid, seomraí feistis, seomraí cruinnithe pobail, páirceanna atá fóinteach don uile aimsir agus clóis súgartha. Beidh na saoráidí breise sin (atá de bhreis ar na sonraíochtaí caighdeánacha i gcomhair scoileanna) ar fáil do scoileanna le linn uaireanta oscailte na scoile agus don phobal áitiúil, lasmuigh de na huaireanta scoile sin. I gcás scoileanna nach bhfuil ina gcuid de Shamhail Scoileanna Fhine Gall, spreagfaidh an Chomhairle go n-úsáidfidh an pobal na saoráidí scoile lasmuigh d'uaireanta scoile. 

 

Is tábhachtach an rud é scoileanna a bheith in áiteanna a bhfuil rochtain éasca orthu. Nuair is féidir é, ba chóir aon drochthionchar a d'fhéadfadh a bheith ag scoileanna ar an gcomhshaol sna limistéir thadhlacha a íoslaghdú. Dá bhrí sin, beifear ag súil go gcomhlíonfaidh gach iarratas pleanála i dtaobh forbraíochtaí oideachais, cibé acu ar fhorbairt nua nó síneadh ar scoil atá ann cheana féin, caighdeáin na Comhairle maidir le cáilíocht an dearaidh, gluaiseacht feithiclí agus páirceáil agus tírdhreachú.


Cuspóir CA72

Suíomhanna anoir a chur in áirithe do bhunscoileanna agus mheánscoileanna i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, nuair a theastóidh siad agus de réir mar a theastóidh siad, agus leas á bhaint as na sonraí staidrimh is nuaí, agus ag teacht le rochtain ar iompar poiblí.


Cuspóir CA73

Éascú d'fhorbairt thráthúil a dhéanamh ar a thuilleadh scoileanna, lena n-áirítear Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí, ar an mbunleibhéal agus an meánleibhéal araon, i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus/nó comhlachtaí eile. Ba chóir go mbeadh na suíomhanna sin gar do sheirbhís iompair phoiblí.


Cuspóir CA74

A cheangal go gcomhlíonfadh scoileanna agus lárionaid oideachais nua eile caighdeáin na Comhairle i dtaobh cáilíocht dearaidh agus béim á leagadh ar dhearadh comhaimseartha, tírdhreachú agus gluaiseacht feithiclí agus páirceáil. Ba chomhair cleachtais i dtaobh tógáil inbhuanaithe a chur san áireamh freisin agus scoileanna agus lárionaid oideachais eile á ndearadh, mar aon le caomhnú uisce agus fuinnimh agus cáilíocht an aeir agus an t-athrú aeráide. Ní mór na caighdeáin sin a bhreithniú agus a léiriú in iarratas ar bith i leith lárionad oideachais.


Cuspóir CA75

Cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt lárionad oideachais tríú leibhéal agus ardleibhéil nua agus cinn atá ann cheana, agus éascú don fhorbairt sin, nuair is praiticiúil é sin a dhéanamh, gar do sheirbhísí iompair phoiblí.


Cuspóir CA76

Cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt ionad for-rochtana a bhfuil baint acu le lárionaid oideachais tríú leibhéal agus ardleibhéil atá beartaithe agus cinn atá ann cheana, agus éascú don fhorbairt sin.


Cuspóir CA77

A spreagadh go mbainfí úsáidí éagsúla as foirgnimh scoile ionas go mbeidh saoráidí scoile ar fáil lena n-úsáid ag muintir na háite tar éis uaireanta scoile.

Ionaid Adhartha

Tá méadú tagtha ar líon na bpobal creidimh sa Chontae le deich mbliana anuas, agus tá méadú tagtha ar an éileamh ar spásanna adhartha dá bharr sin. Cé go bhféadfadh deiseanna a bheith le tapú i dtaobh adhradh poiblí i hallaí pobail agus ionaid phobail, d'fhéadfadh sé go mbeadh a n-ionaid adhartha féin de dhíth ar phobail chreidimh mhóra. D'fhéadfadh sé nach mór áiteanna cuí i gcomhair saoráidí nua a bhreithniú, ós rud é go bhféadfadh fadhbanna tráchta agus torainn a bheith i gceist má lonnaítear in áiteanna míchuí iad.


Cuspóir CA78

Éascú d'fhorbairt ionad adhartha breise trí ainmniú/criosú talún i gcomhair na riachtanas pobail sin agus féachaint an bhféadfaí ionaid adhartha a lonnú i saoráidí pobail comhroinnte.


Cuspóir CA79

A spreagadh go bhforbrófaí ionaid adhartha in áiteanna cuí i lárionaid uirbeacha, gar do phobail cónaithe, agus éascú don fhorbairt sin.

Ionaid/Seirbhísí Sláinte

Tá roinnt gníomhaireachtaí pobail, gníomhaireachtaí deonacha, agus gníomhaireachtaí príobháideacha freagrach as saoráidí cúraim sláinte a sholáthar laistigh den Chontae, agus is é an Feidhmeannas Seirbhíse Sláinte (FSS) an phríomhghníomhaireacht atá freagrach as seirbhísí sláinte agus seirbhísí sóisialta pearsanta a chur ar fáil. Cé go bhfuil rochtain ag muintir an Chontae ar na hospidéil éagsúla sna contaetha comharsanachta, trí cinn d'ospidéil phoiblí atá i limistéar Fhine Gall faoi láthair: Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, agus an tOspidéal Náisiúnta Ortaipéideach sa Cheapach agus Ospidéal Naomh Idé i bPort Reachrann, ina bhfuil saoráidí speisialaithe. Tá 14 ionad sláinte i bhFine Gall. Tá ionad i ngach ceann de na lárionaid daonra uirbeacha, agus 3 cinn i mBaile Bhlainséir. Tá cead deonaithe ag an mBord Pleanála i leith an Ospidéil Náisiúnta nua ina soláthrófar an tSeirbhís Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí ar shuíomh Ospidéal Naomh Idé i bPort Reachrann. Tá sé ina thosaíocht ag Comhairle Contae Fhine Gall caomhnú cuí a dhéanamh ar na Déanmhais Chosanta laistigh de theorainn Ospidéal Naomh Idé agus úsáid inmharthana nua a bhaint astu sa todhchaí chun cuspóirí cuí, mar aon le cothabháil a dhéanamh orthu agus soláthar a dhéanamh go mbeidh leibhéal cuí rochtana ag an bpobal ar fud an tsuímh.

Sa straitéis cúraim phríomhúil ‘Primary Care: A New Direction a d'fhoilsigh an Roinn Sláinte agus Leanaí in 2001, cuirtear chun cinn seirbhísí cúraim phríomhúil agus pobalchúraim agus iad comhtháite faoi dhíon amháin. Fógraíodh in 2012/2013 go mbeidh ceithre cinn de na hionaid sin i bhFine Gall, dhá cheann i mBaile Bhlainséir, ceann i mBaile Brigín agus ceann i Sord. Osclaíodh Ionad Cúraim Phríomhúil agus Mheabhairshláinte Bhaile Bhlainséir i mí na Bealtaine 2014. Tá Ionad Cúraim Phríomhúil na Coirre Duibhe á thógáil agus tá cead pleanála deonaithe i leith Ionad Cúraim Phríomhúil Bhaile Brigín.


Cuspóir CA80

Tacú le forbairt ionad sláinte, ospidéal agus ionad cúraim phríomhúil in áiteanna uirbeacha cuí agus éascú don fhorbairt sin.


Cuspóir CA80

Soláthar a dhéanamh maidir le saoráidí cúraim sláinte nua nó cinn leathnaithe in áiteanna ina bhfuil forbairt tithíochta nua beartaithe.


Cuspóir CA80

Éascú a dhéanamh do sholáthar seirbhísí sláinte nua i mbailte, i sráidbhailte agus i lárionaid áitiúla a bhfuil rochtain éasca orthu, go háirithe i gcás daoine faoi mhíchumas.

Leabharlanna

Tá líonra 10 leabharlann ar fud an Chontae i bhFine Gall, ina bhfuil seirbhís ardchaighdeáin ar fáil. Is í an leabharlann atá in Ionad Fóillíochta agus Pobail Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann an ceann is déanaí a osclaíodh. Tá oibreacha athchóirithe curtha i gcrích i leabharlann Bhinn Éadair agus leabharlann Bhaile Brigín, agus tá obair feabhsúcháin curtha i gcrích i leabharlann Bhaile Dúill agus leabharlann Bhaile Bhlainséir. Tacaíonn 4 leabharlann taistil leis an líonra leabharlanna, agus freastalaíonn siad ar 60 áit in aghaidh na míosa. Tá sraith tionscnamh ar líne curtha ar bun chun feabhas a chur ar an tseirbhís atá ar fáil sna brainsí faoi láthair. Áirítear leo sin go bhfuil Wi-Fi ar fáil i mBaile Bhlainséir, Baile Brigín, Sord agus Mullach Íde, seirbhís iasachta ríomhleabhar, seirbhís oideachais ar líne, agus Feidhmchlár Leabharlainne trínar féidir le húsáideoirí leabhar a aimsiú, a chur in áirithe, a fháil ar iasacht nó athnuachan a dhéanamh air óna gcuid gléasanna soghluaiste.

Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ar aghaidh ag leathnú na seirbhíse sin agus á forbairt de réir mar is gá, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil di.

Malahide library

Cuspóir CA83

Leanúint ar aghaidh ag tacú le forbairt na seirbhíse leabharlainne agus soláthar a dhéanamh le haghaidh seirbhís agus líonra leathnaithe de réir mar is gá, faoi réir na n-acmhainní atá ar fáil.

Saoráidí Ealaíne agus Cultúir

Tá oidhreacht chultúrtha bheo, shaibhir ag Fine Gall, mar aon le féiniúlacht chultúrtha láidir, lena n-áirítear an litríocht, an ceol agus an spórt. Is tábhachtach an rud é i dtaobh fhéiniúlacht an Chontae agus a phobail go ndéanfaí an cultúr sin a chosaint agus a chur chun cinn. Tá an Chomhairle ina príomhpháirtí sa dá phríomhshaoráid chultúir sa Chontae: Ionad Cultúir Séamus Ennis san Aill agus Draíocht i mBaile Bhlainséir. Tá ról tábhachtach ag na hionaid sin maidir le héascú d'fhás agus forbairt na nEalaíon i bhFine Gall. Bíonn gníomhaíochtaí ar siúl in ionaid/seomraí pobail ar fud an Chontae chomh maith.

 

Féachann an Chomhairle, trína hOifig Ealaíon, le saol cultúrtha an Chontae a chur chun cinn agus feabhas a chur ar an rochtain atá ag an bpobal go léir ar shaoráidí ealaíon agus cultúir. Bainfear amach an méid sin trí shaoráidí atá ann cheana féin a choinneáil agus trí shaoráidí nua a thabhairt isteach. Trí shaoráidí den chineál sin a lonnú i mbailte, dúichí agus limistéir eile ina bhfuil rochtain éasca ar an iompar poiblí, mar aon le raon éagsúil úsáidí comhlántacha, is féidir cur go mór le beocht agus inmharthanacht limistéar uirbeach agus le haidhmeanna na forbartha inbhuanaithe.


Cuspóir CA84

A spreagadh go soláthrófaí saoráidí ealaíon agus cultúir nua nó cinn fheabhsaithe i bhFine Gall, go háirithe i gcodanna den chontae ina bhfuil easpa saoráidí den sórt sin.


Cuspóir CA85

Na healaíona a chothú agus a chur chun cinn ar bhonn gníomhach d'fhonn stair agus oidhreacht uathúil an Chontae a chaomhnú agus a fhorbairt.


Cuspóir CA86

A áirithiú, nuair is féidir é, go mbeidh rochtain ar shaoráidí trí sheirbhísí iompair phoiblí chomh maith le modhanna iompair phríobháidigh.

Ionad adhlactha

Tá freagracht reachtúil ar na hÚdaráis Áitiúla soláthar a dhéanamh i gcomhair saoráidí adhlactha. Go leor de na hionaid adhlactha atá sa Chontae cheana féin, tá siad lán nó beagnach lán. Dá bhrí sin, beidh sé riachtanach ionaid adhlactha bhreise a sholáthar sa Chontae sna blianta beaga atá romhainn.


Cuspóir CA87

Ionaid adhlactha bhreise a sholáthar agus éascú don fhorbairt orthu, lena n-áirítear reiligí glasa / ionaid adhlactha nádúrtha i limistéir ar fud Fhine Gall de réir mar is gá i rith shaolré an Phlean Forbartha, ag féachaint do na riachtanais atá ag pobail ilchreidmheacha agus pobail neamhreiligiúnacha. Is inmhianaithe go mbeidís nasctha leis an tseirbhís iompair phoiblí.


Cuspóir CA88

A áirithiú go ndéanfar ionaid adhlactha a bhainistiú agus a chothabháil ar bhealach a léiríonn meas ar an oidhreacht chultúrtha agus lena soláthraítear rochtain shábháilte do gach duine orthu.

Stáisiúin Dóiteáin

Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag tacú le forbairt agus uasghrádú na seirbhíse dóiteáin i gcomhar le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, arb í an príomhúdarás í i leith sholáthar na seirbhíse dóiteáin réigiúnaí.


Cuspóir CA89

Leanúint ar aghaidh ag tacú le soláthar seirbhíse dóiteáin nua-aimseartha, éifeachtach de réir mar is gá agus i gcomhréir leis an straitéis um briogáidí dóiteáin réigiúnacha.

Clár ábhair

Baile