Caibidil 5: An Tuath i Bhfine Gall

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

5.1 Réamhrá

Tá éagsúlacht mhór timpeallachtaí faoin Tuath i bhFine Gall, lena gcuimsítear taitneamhachtaí nádúrtha, bailte bríomhara, sráidbhailte tarraingteacha, talamh curaíochta, féarach agus tailte gairneoireachta, ardtailte, aibhneacha agus srutháin intíre agus cósta álainn. Léirítear sainghné an tírdhreacha agus bithéagsúlacht na tuaithe i bhFine Gall sa taobh tíre réchnocach i limistéar láir an Chontae agus sna hardtailte thart timpeall ar Bhaile Gháire agus an Aill i dtuaisceart an Chontae. Gné thábhachtach is ea ithir ardcháilíochta an Chontae, a fhágann go bhfuil an limistéar thar a bheith oiriúnach le haghaidh talmhaíochta, saothrú gránbharr agus gairneoireachta, go háirithe thart timpeall ar an Ros agus Lusca. Tá a lán láithreacha seandálaíochta agus láithreacha stairiúla sa Chontae. Baintear úsáidí éagsúla as an tuath i bhFine Gall, amhail talmhaíocht, an tionscal gairneoireachta agus tionscal na gcapall, lárionaid um tháirgeadh áitiúil bia, gnólachtaí agraibhia agus gníomhaíochtaí áineasa. Fágann an méid sin go léir thuas go bhfuil timpeallacht ardchaighdeáin acu siúd a bhfuil cónaí orthu faoin tuath i bhFine Gall agus ag cuairteoirí, inar féidir leo maireachtáil, a bheith i mbun oibre agus gabháil do chaithimh aimsire. Ina theannta sin, fágann sé go bhfuil deiseanna le tapú i dtaobh leas a bhaint as earnálacha an bhia, na fóillíochta, an áineasa agus na turasóireachta ar bhealach inbhuanaithe.

Ag féachaint do na Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe, 2005,

is féidir an tuath i bhFine Gall a aicmiú mar limistéar ‘Faoi Thionchar Láidir Uirbeach’ mar gheall ar an áit a bhfuil sé, an-ghar do Chathair Bhaile Átha Cliath agus do chonairí móra iompair. Is é cuspóir na Comhairle don limistéar sin éascú do riachtanais de bhunadh tuaithe an phobail áitiúil tuaithe (mar atá sainaitheanta sa Chaibidil seo) agus, ar an láimh eile, tithíocht tuaithe de bhunadh uirbeach a threorú chuig limistéir atá criosaithe le haghaidh forbairt nua tithíochta, i mbailte agus i sráidbhailte. Is é beartas na Comhairle é cothromaíocht a chothú idir treisiú agus neartú a dhéanamh ar phobail tuaithe inbhuanaithe agus an timpeallacht tuaithe a chosaint ó ró-fhorbairt. Tá an Straitéis Lonnaíochta Tuaithe dírithe ar fhreastal ar na riachtanais chearta tithíochta de bhunadh na tuaithe atá ag an bpobal tuaithe áitiúil (mar atá sainaitheanta sa Chaibidil seo), agus é á áirithiú freisin go mbeidh sráidbhailte tuaithe Fhine Gall tarraingteach mar rogha tithíochta dóibh siúd ar mian leo cur fúthu i dtimpeallacht tuaithe ach nach gcomhlíonann an straitéis lonnaíochta.

Tá an beartas seo dírithe ar aistriú i dtreo forbairt a dhéanamh ar limistéar tuaithe Fhine Gall mar Limistéar Láidir Tuaithe, mar atá aitheanta sna Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe, 2005, trína gcothófar pobail tuaithe dhea-fhorbartha, stuama, ar féidir seirbhísí oideachais, pobail agus sóisialta a chur ar fáil iontu, mar aon le taitneamhachtaí feabhsaithe agus deiseanna i dtaobh fostaíocht inbhuanaithe.

Aithníonn an Chomhairle nach mór bainistíocht chúramach a dhéanamh ar an bhforbairt a dhéanfar amach anseo faoin tuath i bhFine Gall. Tá sé fíor-riachtanach go mbainfear cothromaíocht amach idir forbairt laistigh de limistéar tuaithe an Chontae agus an gá atá ann i gcónaí a oidhreacht nádúrtha agus a oidhreacht thógtha a chosaint. Tá an-chuid sócmhainní luachmhara tuaithe ag an tuath i bhFine Gall ónar féidir tairbhí eacnamaíocha inláimhsithe a bhaint.

I measc shócmhainní luachmhara iomadúla an chontae, tá sráidbhailte tuaithe Fhine Gall atá i gCeantar na Cathrach agus sa Cheantar Cúltíre araon. Sócmhainní tábhachtacha tuaithe is ea na sráidbhailte sin, ina bhfuil rogha eile seachas an tuath féin ar fáil i dtaobh eispéireas tithíochta, le buntáistí na timpeallachta tuaithe. Mar sin féin, ní mór an leathnú a rialú ionas nach ndéanfar an iomarca forbartha, d'fhonn féiniúlacht ar leith na sráidbhailte sin a chosaint. Ligfear do na sráidbhailte sin fás chun tacú le forbairt inbhuanaithe i gcomhthéacs Chroístraitéis na Comhairle. Ullmhaíodh pleananna sráidbhaile i gcomhair cuid de na sráidbhailte ionas go mbeidh creat pleanála ann don fhorbairt orthu amach anseo, agus tá siadsan luaite sa chaibidil seo.

Tá tiomantas ag an gComhairle do phobail tuaithe inbhuanaithe, chothromaithe a chothú agus d'fhorbairt ar scála cuí a bhaint amach. Tacaíonn an Chomhairle le feirmeoireacht, gairneoireacht agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha tuaithe eile toisc gur foinsí tábhachtacha ioncaim iad agus gurb iad is bonn le héagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe ar scála agus de chineál is cuí i limistéir thuaithe. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag tacú leis an obair a dhéanann gníomhaireachtaí agus grúpaí áitiúla atá freagrach as an bhforbairt tuaithe sa chontae.

Meadow

Ráiteas Beartais

  • An bhithéagsúlacht nádúrtha, sláine an tírdhreacha agus oidhreacht thógtha agus oidhreacht chultúrtha an limistéir tuaithe a chosaint agus a fheabhsú
  • Na pobail tuaithe atá ann cheana a chothabháil agus a fheabhsú ionas go mbeidh na limistéir thuaithe bríomhar agus inbhuanaithe
  • Tarraingteacht na mbailte agus na sráidbhailte tuaithe a chosaint agus a fheabhsú, ina gcáil mar áiteanna oibre agus áiteanna cónaithe, agus mar áiteanna ina ndéanfar infheistíocht de mhéid chuí i bhfiontair, i seirbhísí agus sa turasóireacht
  • An fhorbairt tuaithe a chur chun cinn agus forbairt inbhuanaithe acmhainní a spreagadh sa talmhaíocht, sa ghairneoireacht, san agrathurasóireacht, sa turasóireacht, san éagsúlú feirme, agus in acmhainní fuinnimh in-athnuaite
  • A áirithiú go mbeidh aon fhorbraíocht nua comhtháite, ó thaobh na gné fisicí agus na gné amhairc araon, le sainghné an tírdhreacha tuaithe agus ag teacht léi, gan aon drochthionchar míchuí ar na taitneamhachtaí radhairc agus amhairc
  • A cheangal go ndéanfar líon na gcomharthaí atá ann cheana agus cinn atá beartaithe a íoslaghdú más féidir nó iad a dhearadh agus a shuí ar shlí íogair. Ba chóir leathadh comharthaí nua a sheachaint sa tírdhreach tuaithe

An Comhthéacs Pleanála

An Leibhéal Náisiúnta

Bunaíodh an Coimisiún um Fhorbairt Eacnamaíoch na gCeantar Tuaithe [CEDRA] in 2012 mar aitheantas ar an drochthionchar mór a bhí ag ar an gcor chun donais sa gheilleagar ar an tuath in Éirinn. Deimhníodh an méid seo sa Tuarascáil a tháinig ó CEDRA in 2014 – ‘Energising Ireland’s Rural Economy’:

'tá flúirse acmhainní nádúrtha, acmhainní fisiceacha, acmhainní daonna agus acmhainní caipitil agus réimse leathan sócmhainní, lena n-áirítear sócmhainní díomhaoine, in a lán pobal tuaithe, a d'fhéadfaí a ghiaráil chun tacú leis an ngeilleagar náisiúnta agus le forbairt na bpobal sin.’ [aistriúchán neamhoifigiúil]

Is é teachtaireacht bhunúsach na tuarascála sin gurb amhlaidh gur acmhainn náisiúnta luachmhar í an tuath in Éirinn agus go bhfuil acmhainneacht nach beag aici a d'fhéadfadh ról tábhachtach a ghlacadh i ndáil le cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch náisiúnta. I gcuid mhór den tuarascáil, dírítear ar conas leas a bhaint as na hacmhainní fisiceacha, na hacmhainní daonna, na hacmhainní cultúrtha agus na hacmhainní sóisialta atá ag limistéir thuaithe. Is é an príomhchúram a leagadh ar CEDRA tionscnaimh straitéiseacha a aithint lena n-áiritheofar go mbeidh limistéir thuaithe ag cur le fás eacnamaíoch agus forbairt náisiúnta atá fadtréimhseach agus inbhuanaithe, san am atá le teacht. Ar na príomhtheachtaireachtaí eile sa tuarascáil, luaitear go mbeidh ról tábhachtach ag pobail tuaithe na hÉireann sa gheilleagar tuaithe atá ag teacht chun cinn in Éirinn agus go bhfuil gá le cineálacha cur chuige comhtháite i dtaobh fhorbairt eacnamaíoch na tuaithe. Áirítear leis na príomhthionscnaimh atá beartaithe iad seo a leanas:

  • Ráiteas Beartais um Fhorbairt Eacnamaíoch na Tuaithe ar an Leibhéal Náisiúnta.
  • Sásraí Cistiúcháin.
  • Tá Criosanna Forbartha Eacnamaíocha Tuaithe (REDZ) sainaitheanta mar bhealach chun athbheochan a dhéanamh ar bhailte agus sráidbhailte tuaithe, agus ullmhófar Clár REDZ.
  • Tionscnaimh um Bailte Tuaithe.

Sa Chreat Náisiúnta Pleanála atá le teacht, aithneofar tosaíochtaí náisiúnta maidir le fás agus forbairt na fostaíochta amach anseo. Gné lárnach de sin is ea creat soiléir beartais faoina nglacfaidh limistéir thuaithe páirt níos dinimiciúla san fhorbairt réigiúnach fhoriomlán. Ina theannta sin, cuirfear béim arís ann ar an gcion a dhéanann fiontair thuaithe in earnálacha an bhia, na turasóireachta, na n-acmhainní nádúrtha agus na nuálaíochta.

Tá Clár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2020 [Leader] bunaithe ar chreat AE maidir le forbairt tuaithe. Tá Comhar LEADER Fhine Gall ainmnithe ag Grúpa Áitiúil Gníomhaíochta Bhaile Átha Cliath mar an comhlacht a chuirfidh an clár chun feidhme. Is é cuspóir an chláir forbartha ná forbairt limistéar tuaithe a chothú trí mheán na nuálaíochta, agus trí straitéisí forbartha áitiúla ón mbonn aníos. Déantar bearta um fhorbairt tuaithe a reáchtáil trí ghníomhaireachtaí reachtúla agus tríd an earnáil forbartha áitiúla nó i gcomhpháirtíocht leo. Déantar cur síos sa chlár ar shraith téamaí a sainaithníodh mar riachtanais uileghabhálacha i limistéir thuaithe na hÉireann. Is é Téama 1 Forbairt Eacnamaíoch, Forbairt Fiontar agus Cruthú Post, is é Téama 2 Cuimsiú Sóisialta agus is é Téama 3 an Timpeallacht Tuaithe. Déantar sainiú breise ar gach téama trí fho-théamaí éagsúla, lena léirítear na réimsí tábhachtacha a mheasann na páirtithe leasmhara a dteastaíonn an tacaíocht is mó ina leith agus ag a bhfuil an acmhainneacht is mó chun forbairt inbhuanaithe na bpobal tuaithe a chur chun cinn.

Deimhnítear i dTuarascáil CEDRA go bhfuil tionscal na turasóireachta ina phríomhspreagthóir i dtaobh na forbartha eacnamaíche áitiúla, go dtógann sé ar shócmhainní lárnacha cosúil lenár dtírdhreach, ár stair, ár ndaoine, ár gcultúr agus ár n-acmhainní daonna, agus go bhféadfaí a mhaíomh go bhfuil sé ar cheann d'earnálacha is tábhachtaí na hÉireann agus ina measc siúd is fearr a bhfuil ag éirí leo. Is amhlaidh, áfach, d'fhonn barr an chumais sin a bhaint amach, go bhfuil gá le taighde spriocdhírithe, nuálaíocht, tacaí eagraíochtúla trasearnála agus infheistíocht chaipitiúil, más rud é go bhfuil an turasóireacht chun cur leis an ngeilleagar tuaithe. I Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2015-2018, aithnítear an tábhacht a bhaineann leis an turasóireacht mar earnáil dhúchasach de chuid gheilleagar áitiúil Fhine Gall, trína ngintear ioncam agus trína gcruthaítear fostaíocht.

An Leibhéal Réigiúnach

Sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí 2010-2022, aithnítear an gá atá ann éascú don fhorbairt tuaithe trí fheabhas a chur ar inmharthanacht fhoriomlán an gheilleagair tuaithe mar aon le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) fheabhsaithe a chur ar fáil, go háirithe seirbhísí leathanbhanda. Leagtar béim ar leith iontu ar an mborradh atá faoin earnáil táirgthe sainbhia sa réigiún. Aithnítear sna Treoirlínte gur féidir le limistéir pheirea-uirbeacha agus tailte atá criosaithe mar chrios glas feadh imeall Cheantar na Cathrach deiseanna a thapú i margaí trí thairiscintí i réimse na ngníomhaíochtaí speisialaithe glasa, na turasóireachta tuaithe agus na háineasa, i gcás margaí idirnáisiúnta agus margaí áitiúla araon, taobh le gníomhaíochta tuaithe níos traidisiúnta a bhaineann leas as nascacht láidir le pobail agus margaí uirbeacha.

An Leibhéal Áitiúil

Tá próiseas ar bun in Éirinn faoi láthair chun athchóiriú a dhéanamh ar an rialtas áitiúil. Sa doiciméad ‘Tús Áite do na Daoine’, leagtar amach athchóirithe ar an rialtas áitiúil ionas go mbeidh ról níos lárnaí aige san fhorbairt eacnamaíoch, san fhorbairt shóisialta agus san fhorbairt pobail. Tabharfar aird iomlán sa chóras nua ar an ngá atá ann ról a thabhairt do phobail tuaithe i dtaobh a gcuid roghanna forbartha féin a dhéanamh. Beidh an rath atá ar chur chuige LEADER ina bhonn ar a bhforbrófar creat forbartha tuaithe agus forbartha áitiúla a thacóidh le cruthú agus forbairt pobal tuaithe inbhuanaithe anois agus san am atá le teacht.

Faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, tugadh feidhm reachtúil do ghealltanais áirithe, lena n-áirítear bunú Oifigí Fiontair Áitiúil agus Coistí Forbartha Áitiúla ar féidir leo an fhorbairt tuaithe a chur chun cinn agus a chothú. Déanann Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall gnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn agus a chothú agus forbraíonn sí micreaghnólachtaí agus gnólachtaí beaga atá ann cheana d'fhonn poist a chruthú, agus soláthraíonn sí tacaí gnó ardchaighdeáin i dtaobh smaointe gnó. Is féidir le gnólachtaí nua i bhFine Gall nó gnólachtaí atá ann cheana leas a bhaint as an tacaíocht sin.

Éascaíonn Coiste Fhine Gall um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ) do Ghrúpa Áitiúil Gníomhaíochta Bhaile Átha Cliath, agus, i gcomhar leis an Údarás Áitiúil, is é a bheidh freagrach as cláir náisiúnta cistithe ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear cur chun feidhme an Chláir Gníomhachtúcháin Pobail agus Cuimsithe Shóisialta (CCSGP) agus an Chláir Forbartha Tuaithe (LEADER) 2014-2020. Faoi na cláir sin, rachfar i ngleic le heisiamh sóisialta, cothófar forbairt eacnamaíoch agus forbairt fiontar áitiúil agus bainfear an leas is fearr is féidir as an gcomhshaol chun cur le forbairt inbhuanaithe na gceantar tuaithe i bhFine Gall. Ghlac an Chomhairle an Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (PÁEP) i mí na Nollag 2015. Rinne an Coiste um Beartais Straitéiseacha (CBS) de chuid an Údaráis Áitiúil maidir le Cúrsaí Eacnamaíocha, Fiontar agus Turasóireachta gné eacnamaíoch an phlean a ullmhú, agus is é an Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil a d'ullmhaigh an ghné phobail. Ar cheann de na cuspóirí ardleibhéil a sainaithníodh, tá tacú le hinbhuanaitheacht na bpobal tuaithe trí gheilleagar a bhfuil teacht aniar ann a fhorbairt.

5.2 Straitéis Lonnaíochta Tuaithe Fhine Gall

Faoin Straitéis Lonnaíochta Tuaithe, tabharfar treoir i leith shuíomh na forbartha cónaithe sa limistéar tuaithe ar shlí lena n-aithnítear limistéar tuaithe Fhine Gall mar limistéar atá ‘Faoi Thionchar Láidir Uirbeach’, agus dá bhrí sin tá foráil inti do riachtanas tithíochta de bhunadh tuaithe sa limistéar tuaithe, agus treoraítear tithíocht de bhunadh uirbeach ar shlí ón tuath féin go dtí bailte agus sráidbhailte. Sa Chuid seo, cuirtear i láthair an beartas agus na cuspóirí i dtaobh sráidbhailte, gráigeanna agus tithe amuigh faoin tuath, agus cuspóirí i dtaobh leagan amach agus dearaidh a ghabhann le gach cineál lonnaíochta. Leagtar amach inti an Straitéis Lonnaíochta Tuaithe lena dtreoraítear agus lena gcuirtear chun cinn bunú an phobail tuaithe trí chur chuige straitéiseach a chur ar fáil i leith na lonnaíochta. Tá ról tábhachtach ag Straitéis inbhuanaithe Lonnaíochta Tuaithe maidir le tacú le sainghné na tuaithe agus beocht agus beogacht a chothabháil sna sráidbhailte. Go sonrach, cuirtear chun cinn sa Straitéis Lonnaíochta Tuaithe patrún inbhuanaithe i gcomhair na lonnaíochta tuaithe, lena gcuirtear ord ar an lonnaíocht sna sráidbhailte, sna gráigeanna agus amuigh faoin tuath, agus lena spreagtar oiriúnú a dhéanamh ar an soláthar foirgneamh atá ann cheana féin, nó na foirgnimh sin a úsáid arís, seachas foirgnimh nua a thógáil.

Sráidbhailte Tuaithe

D'fhéadfaí líonra Fhine Gall de shráidbhailte atá ainmnithe mar Shráidbhailte Tuaithe a fhorbairt mar phobail atá tarraingteach, bríomhar agus a bhfuil teacht aniar iontu.

Ráiteas Beartais

  • Sráidbhailte tarraingteacha, bríomhara a chur chun cinn
  • A áirithiú go ndéanfar leathnú agus forbairt inbhuanaithe ar leibhéal a oireann don sráidbhaile atá ann cheana féin agus atá comhtháite leis
  • Freastal ar uaillmhianta socheacnamaíocha agus sibhialta an phobail, agus an chosaint is fearr is féidir á tabhairt don chomhshaol an tráth céanna
  • Sainghné ar leith an tsráidbhaile a chaomhnú, mar aon lena oidhreacht, a chuid taitneamhachtaí agus a fhéiniúlacht áitiúil

Tá na Sráidbhailte Tuaithe sa chrios ST. Tá an méid seo a leanas ina chuspóir maidir leis an gcrios ST:

‘Sainghné an tSráidbhaile Tuaithe a chosaint agus a chur chun cinn agus pobal bríomhar a chur chun cinn i gcomhréir le plean limistéir áitiúil faofa, agus leis an fháil atá ar bhonneagar fisiceach agus bonneagar pobail’.

Déantar sráidbhailte a ainmniú sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí mar “sráidbhailte comaitéireachta” nó “sráidbhailte tábhachtacha”. Chomh maith le sráidbhaile Bhaile an Ridire agus sráidbhaile Loch Sionnaigh (atá pléite i gCaibidil 4, Fine Gall Uirbeach) tá 9 sráidbhaile sa Phlean atá ainmnithe mar chinn atá sa chrios ST. Áirítear leis na sráidbhailte comaitéireachta na sráidbhailte go léir i gCeantar na Cathrach, is iad sin: Cúil Chaoith, Cionn Sáile, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh; mar aon le Baile Scadán sa Cheantar Cúltíre. Tá siadsan lonnaithe gar do Bhaile Átha Cliath nó ar mhórbhealaí chun na cathrach. Tá sé sonraithe sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí nach mór srian a chur ar fhás amach anseo sna sráidbhailte comaitéireachta nó an fás sin a choinneáil faoi smacht ionas nach mbeidh siad ina spreagthóirí chun éascú do leathnú leanúnach ar phatrúin neamh-inbhuanaithe fáis.

Chomh maith leis an méid thuas, tá Baile Bachaille, Baile Gháire, an Aill agus an Seanbhaile ainmnithe mar Shráidbhailte Tábhachtacha, agus ba chóir caitheamh leo mar ionaid seirbhíse áitiúla ina soláthraítear ról tábhachtach áitiúil maidir le seirbhísí do na daoine a bhfuil cónaí orthu sa sráidbhaile, nó faoin tuath máguaird. Tá sé sonraithe sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí gur chóir tacú le forbairt amach anseo ar shráidbhailte tábhachtacha mar phríomhionad áitiúil i gcomhair seirbhísí agus fiontair áitiúla, a fhad is nach mbeidh fás níos mó ná mar atá riachtanach sa cheantar ina thoradh air sin agus nach gcruthófar patrúin neamh-inbhuanaithe comaitéireachta.

Is lonnaíochtaí beaga iad na sráidbhailte go léir, agus tá leibhéal réasúnta íseal gníomhaíochta tráchtála iontu agus daonraí níos lú ná 600 duine. Déantar an fhorbairt i ngach ceann de na sráidbhailte a bhainistiú trí Phleananna Limistéir Áitiúil (PLAanna) i gcomhthéacs na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí (TPRanna) agus an Dréachtphlean.

Sráidbhailte Tuaithe i gCeantar na Cathrach

Cúil Chaoith

Lonnaíocht líneach is ea Cúil Chaoith atá i limistéar tuaithe a bhfuil a lár ag acomhal an R135 agus an R130. Sráidbhaile comaitéireachta is ea é, atá i gCeantar na Cathrach. Is ann atá Coolquay Lodge – teach tábhairne agus bialann, agus Chez Emily, gnólacht a tháirgeann seacláid cheardaí lámhdhéanta, agus iad ar fad suite laistigh de theorainn an tsráidbhaile ar an R130. Tá stáisiún peitril ar an taobh thuaidh den sráidbhaile feadh an R135. Tá Scoil Náisiúnta Chill Choscáin, a ndearnadh athchóiriú uirthi le déanaí, i lár na lonnaíochta sráidbhaile. Tá roinnt tithe ‘aonuaire’ feadh an R130 idir an siopa agus an Scoil Náisiúnta. I bhfianaise an stádais atá aige mar shráidbhaile comaitéireachta, laistigh de Cheantar na Cathrach, ní mór bainistiú cúramach a dhéanamh ar an leibhéal fáis ionas go n-áiritheofar pobal inbhuanaithe bríomhar trí phróiseas an Phlean Limistéir Áitiúil. Ullmhófar Plean Limistéir Áitiúil i gcomhair an tsráidbhaile seo laistigh de shaolré an Phlean Forbartha. Tá daonra thart ar 100 duine i gCúil Chaoith faoi láthair.

Cionn Sáile

Lonnaíocht bheag is ea sráidbhaile Chionn Sáile laistigh de Cheantar na Cathrach. Tá amharc-aithne agus cáilíocht tírdhreacha láidir aige a bhuíochas le hAbhainn na Comhla, a bhfuil cúrsa aici tríd an sráidbhaile ón oirthear go dtí an t-iarthar, agus leis na ballaí cloiche agus na crainn aibí a ghabhann le Diméin Abbeville in aice láimhe. Tá bóthar gnóthach Mhullach Íde (R107) ag gabháil ó thuaidh agus ó dheas, ar an taobh thiar den sráidbhaile atá ann cheana. Tá an sráidbhaile roinnte ina dhá chuid ag Bóthar an tSéipéil, atá ag gabháil soir agus siar agus a bhfuil acomhal aige leis an R107 ag Eaglais Pharóiste San Nioclás, Easpag Myra, ar déanmhas cosanta í. Tá an sráidbhaile thart ar leath bealaigh idir Mullach Íde ar an taobh thuaidh agus Baile Ghrífín ar an taobh theas, agus tá crios glas mórthimpeall air. I lár an tsráidbhaile tá an eaglais pharóiste, roinnt iostán agus na tailte a forbraíodh le tamall de bhlianta anuas ag ionad áitiúil agus forbairt cónaithe San Olave. Ó thaobh feidhme de, d'fhéadfaí cur síos ar an sráidbhaile mar shráidbhaile comaitéireachta atá faoi bhrú forbraíochta. Tá na tailte laistigh de theorainneacha an tsráidbhaile faoi réir ceadanna pleanála cónaithe nua, agus tá forbraíocht amháin den sórt sin ag Cooper’s Wood, soir ó Lána Chionn Sáile, atá beagnach curtha i gcrích.

Tá fostaíocht ar fáil sa cheantar i Lárionad Gnó Chionn Sáile, ina bhfuil aonaid tionsclaíochta éadroime agus oifigí a tógadh ag deireadh na 1980í, agus a bhfuil rochtain orthu ó Lána Chionn Sáile. Go dtí le déanaí, bhíodh cuid mhaith fostaíochta tuaithe ar fáil i suíomh Theagasc, ach ní hamhlaidh atá níos mó ó rinneadh an obair a bhíodh ar bun ansin a chomhdhlúthú le Lárionad Theagasc i mBaile Bhlainséir. Tá cineálacha eile fostaíochta dírithe ar sheirbhísí miondíola feadh Bhóthar Mhullach Idé, a bhfuil cuid mhór acu neamhchomhlíontach i gcomhthéacs iad a bheith sa chrios glas. Tá daonra thart ar 340 duine i gCionn Sáile faoi láthair.

Móinéar na hAbhann

Tá Móinéar na hAbhann i limistéar tuaithe Fhine Gall, thart ar 7km siar ó Shord agus 8km ó thuaidh ó Fhionnghlas. Cuimsítear i lonnaíocht Mhóinéar na hAbhann eastát tithíochta a thóg an Chomhairle sna 1970í chun freastal ar riachtanais chónaithe an phobail easáitithe a raibh forbairt agus feidhmiú Aerfort Bhaile Átha Cliath tar éis dul i bhfeidhm orthu. Rinneadh tuilleadh forbartha air sna 1980í agus arís in 2002. Faoi láthair tá 175 theach laistigh de theorainn an tsráidbhaile, agus iad ar fad ar an taobh ó dheas d'Abhainn an Bharda. Chomh maith leis an bhforbairt cónaithe, tá bunscoil, foirgneamh pobail, siopa beag amháin, clós súgartha agus páirc bheag pheile ag freastal ar an lonnaíocht. Tá rochtain ar Mhóinéar na hAbhann ó Bhóthar Thobar Boir san iarthar, díreach ó thuaidh ó Lána Chill Fhéich. Tá Keelings, mórghnólacht talmhaíochta, ó dheas ó Lána Chill Fhéich. Feidhmíonn Móinéar na hAbhann mar shráidbhaile comaitéireachta i gCeantar na Cathrach. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil do Mhóinéar na hAbhann ar an 10 Meitheamh 2013. Tá daonra thart ar 550 duine sa sráidbhaile faoi láthair.


Cuspóir TFG01

Athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Limistéir Áitiúil Mhóinéar na hAbhann faoi dheireadh na bliana 2017.

Baile an Rólaigh

Sráidbhaile comaitéireachta is ea Baile an Rólaigh atá i gCeantar na Cathrach ar an bpríomhbhóthar idir Sord agus Cill Dhéagláin (R125), agus is forbairt cónaithe aon stóir amháin nó dhá stór atá ann den chuid is mó. Tá an fhorbairt an-scaipthe sa sráidbhaile. Áirítear leis na déanmhais is díol suntais sa sráidbhaile eaglais agus ionad pobail, atá araon ar imeall thoir thuaidh an tsráidbhaile, agus an scoil náisiúnta nua atá ar an taobh ó thuaidh den sráidbhaile.

Sráidbhailte tuaithe tarraingteach is ea Baile an Rólaigh, de dhea-cháilíocht tírdhreacha, agus é crochta go hard os cionn fhánaí géara bhruacha Abhainn an Mhóinéir Leathain. Tá sé lonnaithe ar dhá bhóthar chomhthreomhara a bhfuil bóthar trasnach eatarthu, a thrasnaíonn Abhainn an Mhóinéir Leathain ag seandroichead cloiche gearrtha. Gabhann Bóthar Réigiúnach an R125 feadh an taobh theas den sráidbhaile, agus nascann sé Baile an Rólaigh siar chomh fada le Sord (7.5km) agus soir chomh fada le Cill Dhéagláin (6.5km). Tá cuid den sráidbhaile ainmnithe mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta.

Tá croí beag an bhaile díreach ó thuaidh ón R125 ar bhóthar contae. Tá sráidbhaile Bhaile an Rólaigh ina chuid de líonra sráidbhailte i bhFine Gall a fheidhmíonn mar lárionaid bheaga seirbhísí dá neas-chúltír thalmhaíochta. Tá soláthar teoranta seirbhíse sa sráidbhaile. Freastalaíonn Scoil Náisiúnta Bhaile an Rólaigh – Scoil Naomh Bríde, foirgneamh mór, tarraingteach a tógadh le déanaí – ar 282 dhalta agus tá sí gar don sráidbhaile, ar an taobh ó thuaidh de. Tá Halla Pobail Bhaile an Rólaigh, déanmhas saintréitheach rocach plástair, ina mhol gnóthach gníomhaíochta i gcroí an bhaile, gar d'Eaglais Chaitliceach Rómhánach Naomh Bríde. Tá club agus clubthailte CLG na Fingal Ravens thart ar 1.6km ó thuaidh ón sráidbhaile. Mar gheall ar a chóngaraí atá sé do Shord, feidhmíonn Baile an Rólaigh mar shráidbhaile comaitéireachta, atá faoi bhrú forbraíochta. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil do Baile an Rólaigh ar an 13 Bealtaine 2013. Déanfar an leibhéal fáis a bhainistiú go cúramach trí phróiseas an Phlean Limistéir Áitiúil. Daonra thart ar 350 duine atá i mBaile an Rólaigh faoi láthair.

Sráidbhailte Tuaithe sa Cheantar Cúltíre

Baile Bachaille

Lárionad sráidbhailteach tábhachtach is ea Baile Bachaille atá ag crosbhóthar an R108 agus an R129 lena nasctar Sord leis an Aill agus Crois an Bhlácaigh leis an Seanbhaile, agus tá sé ina chuid den líonra sráidbhailte tuaithe a fheidhmíonn mar lárionaid seirbhíse bheaga áitiúla don chultír thuaithe máguaird. Tá forbairt líneach déanta ar an sráidbhaile le himeacht ama ó chroí bunaidh an tsráidbhaile, a bhíodh san áit ina bhfuil an eaglais agus an scoil. Sócmhainn nádúrtha thábhachtach is ea Srutháin Bhaile Bachaille i lár an tsráidbhaile.

Cuireann na fálta sceach agus na crainn atá ar fud an tsráidbhaile leis an gcarachtar ar leith atá aige agus lena mhealltacht agus déanann siad ceangal idir an sráidbhaile agus an tírdhreach talmhaíochta atá ina chomharsanacht. Déanann Cumann Fhálta Sceach Bhaile Bachaille suntasacht na bhfálta sceach sa sráidbhaile agus sa limistéar mórthimpeall a cheiliúradh trí mheán siúlóidí oideachasúla ar feadh na bliana i gcomhar le húinéirí talún an cheantair.

Tacóidh an Chomhairle le forbairt tionscnamh nua ar nós conairí siúil ar fud an tsráidbhaile agus feadh Shruthán Bhaile Bachaille, lena gceanglaítear an sráidbhaile leis an Seanbhaile, ionas gur féidir le muintir na háite taitneamh a bhaint astu agus chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar, rud a chuirfidh an fhorbairt eacnamaíoch chun cinn sa cheantar. Tá daonra thart ar 350 duine sa sráidbhaile faoi láthair. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil do Bhaile Bachaille ar an 11 Meitheamh 2012.

Baile Gháire

Sráidbhaile tarraingteach tuaithe is ea Baile Gháire, ina bhfuil atmaisféar sainiúil tuaithe. In iarthuaisceart an chontae atá sé, thart ar 18 gciliméadar ó Shord, 6km soir ó thuaidh ó Chill Dhéagláin agus díreach laistigh de theorainn an Chontae le Co. na Mí. Tá an sráidbhaile i gceann de na pointí is airde sa Chontae. Sráidbhaile tábhachtach is ea Baile Gháire sa Chúltír agus tá sé ina chuid de líonra na sráidbhailte tuaithe a fheidhmíonn mar ionaid áitiúla, ina bhfuil bonn miondíola/tráchtála atá suntasach cé go bhfuil sé beag, a sholáthraíonn seirbhísí don sráidbhaile agus do chúltír mhór thuaithe.

Is éard atá sa sráidbhaile príomhshráid leathan ag gabháil ó thuaidh agus ó dheas, agus is é an ghné is mó is díol suntais an Meal a ghabhann feadh an taobh thiar den phríomhshráid agus crainn ar an dá thaobh de. Is éard atá ann go príomha ná foirgnimh ón naoú haois déag agus ón bhfichiú haois, lena gcuimsítear ardáin ghearra dhá stór a bhfuil caoi mhaith orthu tríd is tríd agus áitribh scoite. Fágann siadsan go bhfuil lonnaíocht sráidbhaile dhlúth ann a bhfuil a lár ag faiche líneach an bhaile. Tá an chuid ghnóthach den sráidbhaile ag an acomhal idir Bóthar na hAille agus an Phríomhshráid. Is iad na príomh-shainchomharthaí tíre Teampall na Deastógála agus Leabharlann Carnegie ar an bPríomhshráid, agus Eaglais na hÉireann mar a bhíodh [fothrach] agus reilig. Tá croílár Bhaile Gháire sainaitheanta mar limistéar ag a bhfuil sainghné ailtireachta dúchasaí ardchaighdeáin agus rinneadh é a ainmniú mar Limistéar Caomhantais Ailtireachta.

Tá forbairt theoranta déanta laistigh den sráidbhaile le blianta beaga anuas, agus is laistiar agus lastoir den sráidbhaile is mó atá an fhorbairt cónaithe nua. Tá limistéir nach beag de thalamh neamhfhorbartha laistigh de theorainn an tsráidbhaile. De bharr an choir chun donais sa gheilleagar, dúnadh roinnt de na gnólachtaí talmhaíochta seanbhunaithe i lár an tsráidbhaile. Tá acmhainneacht nach beag ag na tailte sin i dtaobh úsáidí fostaíochta agus úsáidí fiontair sa todhchaí agus tá tábhacht leo maidir le forbairt eacnamaíoch an tsráidbhaile. Mar gheall go bhfuil leagan amach gleoite air mar shráidbhaile agus gur i dtírdhreach ardscéimhe atá sé, tá acmhainneacht shuntasach aige maidir le fiontair thurasóireachta agus fóillíochta.

Tá daonra thart ar 450 duine i mBaile Gháire faoi láthair. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil do Bhaile Gháire ar an 13 Meán Fómhair 2010 agus cuireadh síneadh cúig bliana leis i mí Iúil 2015, go dtí an 12 Iúil 2020.

An Aill

Tá sráidbhaile na hAille i dtuaisceart Fhine Gall, in aice leis an teorainn le Contae na Mí. Feidhmíonn sé mar shráidbhaile tábhachtach sa Cheantar Cúltíre agus tá sé ina chuid den líonra sráidbhailte tuaithe a fheidhmíonn mar lárionaid seirbhíse bheaga áitiúla don chúltír thuaithe máguaird. Is iad Cearnóg an Bhaile agus an Phríomhshráid lár an bhaile thógtha agus tá siad i Limistéar Caomhaontais Ailtireachta. Tá foirgnimh éagsúla ón naoú haois déag agus ón fichiú haois sa Chearnóg, lena n-áirítear Ionad Ealaíon Seamus Ennis, a bhfuil díon nua ceann tuí curtha air. Tá acmhainneacht nach beag ag sráidbhaile na hAille i dtaobh tuilleadh forbartha a dhéanamh air mar cheann scríbe tarraingteach, a bhuíochas lena leagan amach gleoite, an tírdhreach ardscéimhe ina bhfuil sé, a oidhreacht seandálaíochta, ailtireachta agus cheoil, agus a chóngaraí atá sé do láithreáin seandálaíochta i gContae na Mí.

Naul village aerial photo 2009Bíonn a lán de cheoltóirí, cumadóirí amhrán agus ealaíontóirí móra ár linne le feiceáil agus le cloisteáil in Ionad Ealaíon Seamus Ennis, atá i gcroílár an tsráidbhaile, agus tagann a lán daoine chuige ó gach cearn den tír. Tá ról áitiúil mór ag an Lárionad mar aon le hacmhainneacht bhreise le haghaidh forbairt eacnamaíoch sa réigiún, ón turasóireacht agus ó thionscail atá bainteach léi. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do thógáil ar an rath atá ar Ionad Ealaíon Seamus Ennis. Tá sé i gceist ag an gComhairle Mol Áineasa a fhorbairt ar thailte atá tadhlach le tailte CLG Chlann Mhuire, ina mbeidh saoráidí áineasa gníomhaí ar fáil don mhórcheantar. Tá daonra thart ar 450 duine san Aill faoi láthair. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil don Aill ar an 9 Bealtaine 2011.

An Seanbhaile

Sráidbhaile tuaithe beag mealltach is ea an Seanbhaile atá timpeall 10km ó thuaidh ó Shord agus 6km soir ó Chill Dhéagláin, i gContae na Mí. Gabhann bóthar réigiúnach an R122 tríd, ag ceangal an tSeanbhaile le Sord ar an taobh ó dheas agus ó thuaidh go dtí an Aill. Lúbann Abhainn an Daw tríd an sráidbhaile. Lárionad sráidbhailteach tábhachtach is ea an Seanbhaile sa Cheantar Cúltíre, atá ina chuid de líonra sráidbhailte tuaithe a fheidhmíonn mar lárionaid bheaga seirbhísí dá neas-chúltír thalmhaíochta. Tá carachtar sainiúil aige mar shráidbhaile agus féiniúlacht láidir, le foirgnimh thraidisiúnta agus líonra sainithe sráideanna. Tá sé sin léirithe sa mhéid gurb amhlaidh go bhfuil an sráidbhaile ainmnithe mar Limistéar Caomhaontais Ailtireachta.

Tá cuid mhór athfhorbartha déanta ar lár an tsráidbhaile le blianta beaga anuas, agus cuireadh feabhas ar an sráid-dreach trí thithe baile sraithe a thógáil a bhfuil éadan cloiche orthu. Tá Halla Áitiúil an tSeanbhaile, struchtúr saintréitheach rocach, i lár an tsráidbhaile. Tá clubthailte agus clubtheach CLG na nGéanna Fiáine díreach ó thuaidh ón sráidbhaile.

Tá Sráidbhaile an tSeanbhaile i bhfoisceacht achar réasúnta siúil de Bhaile Bachaille ar an R129. Tacóidh Comhairle Contae Fhine Gall le forbairt tionscnamh nua ar nós conair shiúil easbhóthair idir an dá shráidbhaile tharraingteacha sin, ionas gur féidir le muintir na háite taitneamh a bhaint aisti agus chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gceantar, rud a chuirfidh caidreamh níos mó chun cinn sa phobal agus a chuirfidh an fhorbairt eacnamaíoch chun cinn sa cheantar. Tá daonra thart ar 450 duine sa Seanbhaile faoi láthair. Glacadh Plean Limistéir Áitiúil don Seanbhaile ar an 11 Meitheamh 2012.

Baile Scadán

Lonnaíocht bheag sráidbhaile tuaithe is ea Baile Scadán atá thart ar 3km siar ó thuaidh ó Bhaile Brigín agus 2km ó dheas ó Bhaile Mhic Gormáin i gContae na Mí. Tá an limistéar atá ainmnithe mar Chrios Glas idir é féin agus Baile Brigín. Mar gheall ar a chóngaraí atá sé do Bhaile Brigín, sráidbhaile comaitéireachta is ea Baile Scadán sa Chúltír thuaithe. Ní raibh brú forbartha ar an sráidbhaile le blianta beaga anuas, mar gheall ar shrianta i dtaobh acmhainn draenála. Cuimsítear leis na forbraíochtaí le déanaí forbraíochtaí cónaithe “aonuaire” aon stóir amháin agus dhá stór den chuid is mó.

Tá forbairt déanta ar an sráidbhaile i dtreo an oirthir ó chroí bunaidh an tsráidbhaile, atá thart timpeall ar Theampall na Deastógála agus an reilig. Tá an lár féin san áit ar a dtugtar ‘An Chearnóg’, grúpa teaghaisí a mbíodh díon tuí orthu tráth, atá leagtha amach ina gclachan, mar a bhíonn le feiceáil in iarthar na hÉireann. Tá sainghné ar leith ag croí an tsráidbhaile i dtaobh na hailtireachta agus Limistéar Caomhaontais Ailtireachta is ea é. I gcuid mhór den lonnaíocht, tá fálta sceach aibí agus ballaí traidisiúnta cloiche ar dhá thaobh an éadanais bóthair. Áirítear leis na forbraíochtaí sa sráidbhaile eaglais, scoil náisiúnta agus teach tábhairne.

Tá Baile Scadán i dtírdhreach ard ina bhfuil an talamh ag titim le fána ghéar ón taobh theas go dtí an taobh thuaidh, rud a fhágann go bhfuil radhairc lánléargais le fáil ar an tuath ó thuaidh i dtreo na mBeanna Boirche agus siar thar an tuath máguaird. Sráidbhaile gleoite is ea é atá i dtírdhreach álainn. Is dócha go dtiocfaidh sé faoi bhrú forbraíochta, nuair a bheidh réiteach faighte ar an srian atá ar fhorbairt de bharr acmhainn draenála. Toisc go bhfuil stádas sráidbhaile comaitéireachta aige, ní mór an leibhéal fáis a bhainistiú, chun sainghné ar leith an tsráidbhaile a chaomhnú. Tá daonra thart ar 150 duine sa sráidbhaile faoi láthair. Ullmhófar Plean Limistéir Áitiúil do Bhaile Scadán le linn shaolré an Dréachtphlean.

Straitéis Lonnaíochta i dtaobh na Sráidbhailte

Tá saintréithe áitiúla láidre ag sráidbhailte Fhine Gall. Cé go bhfuil leaganacha amach éagsúla ar na sráidbhailte ó thaobh tógála, tá siad go léir suite i gcomhthéacs tírdhreacha den scoth. Baineann tábhacht le sráidbhailte Fhine Gall freisin mar gheall ar a gcuid aibhneacha, sruthán, crann, fálta sceach agus ballaí cloiche, gnéithe a chuireann leis an líonra bonneagair ghlais ar fud an Chontae. Ina n-iomláine, is sócmhainn tuaithe luachmhar iad na sráidbhailte don Chontae, agus ní mór iad a chosaint ar fhorbairt mhíchuí iomarcach. Tá an fheidhm atá acu mar Shráidbhailte Tábhachtacha nó Sráidbhaile Comaitéireachta i gCeantar na Cathrach agus sa Cheantar Cúltíre, mar atá sainithe sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí, ina toisc thábhachtach lena gcinnfear scála agus cineáil na forbartha arna beartú, ach baineann an tábhacht chéanna le huathúlacht ár gcuid Sráidbhailte go léir a chosaint, agus aitheantas á thabhairt don chion a dhéanann siad i dtaobh shaibhreas cultúrtha an Chontae.

Beidh cead ag gach duine go fóill cur fúthu sna Sráidbhailte Tuaithe atá ainmnithe. Ní cheanglófar sa straitéis lonnaíochta gurb as limistéar tuaithe nó limistéar uirbeach do dhuine. Fágfaidh an beartas sin go gcuirfear chun cinn an bheocht atá sna sráidbhailte agus go n-éascófar do sholáthar saoráidí cuí. Tá an beartas sin ina fhreagra ar na leibhéil ísle fáis in a lán de na sráidbhailte le blianta beaga anuas. É sin ráite, ní mór an leibhéal fáis sna sráidbhailte a bhainistiú. Ní cheadófar leathnú tapa toisc go gcuirfeadh sé sin brú míchuí ar sheirbhísí agus ar an gcomhshaol agus go spreagfadh sé leibhéil ní b'airde comaitéireachta neamh-inbhuanaithe ná mar atá i gceist faoi láthair. Déanfar an leibhéal fáis a bhainistiú tríd an gCroístraitéis agus trí phróiseas an Phlean Limistéir Áitiúil.

Tá gá ar leith sa phobal tuaithe le suíomhanna ina ndéantar tithe a dhearadh chun freastal ar riachtanais an iarratasóra féin. Chun na críche sin, déanfar freastal trí shuíomhanna seirbhísithe sna sráidbhailte, a bheidh ainmnithe amhlaidh i bPleananna Limistéir Áitiúil na sráidbhailte, ar riachtanais a bheidh ag daoine i dtaobh suíomhanna tí ar ar féidir leo tithe aonair a thógáil. Beidh na tithe sin ag teacht le paraiméadair dearaidh a bheidh leagtha síos i bPleananna Limistéir Áitiúil na Sráidbhailte agus sna Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile a bheidh ag gabháil leo.


Cuspóir TFG02

Forbairt gach sráidbhaile a bhainistiú, laistigh de theorainneacha reatha na sráidbhailte tuaithe, agus aird ar an méid seo a leanas:

  • Treoirlínte Rialtais atá leagtha síos sa doiciméad ar Fhorbairt Cónaithe Inbhuanaithe i Limistéir Uirbeacha, 2009;
  • An straitéis lonnaíochta do shráidbhailte tuaithe atá leagtha síos sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí, agus;
  • Croístraitéis Dhréachtphlean Fhine Gall.

Cuspóir TFG03

A áirithiú go mbeidh cothromaíocht chuí idir cineálacha éagsúla tithe agus tionachta ar fáil sna sráidbhailte.


Cuspóir TFG04

A áirithiú go ndéanfar soláthar sna Pleananna Limistéir Áitiúil do shuíomhanna seirbhísithe laistigh de theorainneacha na Sráidbhailte Tuaithe.

Bonneagar Pobail

Áirítear le beocht an tSráidbhaile Tuaithe daoine a bheith ina gcónaí, ag obair, agus ag idirghníomhú lena chéile i bpobail an tsráidbhaile nó, go deimhin, i bpobal sráidbhailte. Tacófar le gníomhaíochtaí pobail trí chuspóirí a bheidh dírithe ar sholáthar bonneagair tráchtála agus pobail a chumasú lena gcuirfear ar a gcumas do phobail a bheith faoi bhláth. I gcás úsáidí mar thithe cúraim, clinicí seirbhísí sláinte agus lárionaid oideachais, atá suite laistigh de theorainneacha na Sráidbhailte Tuaithe, bíonn ceangal idir iad agus an pobal áitiúil. Is féidir le húsáidí den sórt sin i sráidbhailte tuaithe cur go mór le dinimiceas agus geilleagar an phobail áitiúil.

I gcomhréir le Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail Fhine Gall, féachfar leis na Pleananna Limistéir Áitiúil i gcomhair na sráidbhailte chun an gá atá le taisteal a laghdú, trí sholáthar a dhéanamh laistigh de theorainneacha na sráidbhailte i gcomhair forbairt fiontar ar mhéid chuí.

Tá na Sráidbhailte Tuaithe sin, nach bhfuil ach achar gearr ó Chathair Bhaile Átha Cliath, astu féin agus le chéile, ina n-acmhainn luachmhar maidir le forbairt na turasóireachta. Meallann siad muintir na háite agus turasóirí lae araon. Samplaí den chineál gníomhaíochtaí a bhfuil baint dhílis acu le limistéir thuaithe is ea gníomhaíochtaí turasóireachta a bhaineann le siúl, rothaíocht, tírdhreach, oidhreacht, ceol, bia, fóillíocht agus gníomhaíochtaí eachtraíochta. Trí chomhoibriú idir an tairiscint turasóireachta agus soláthraithe seirbhíse áitiúla, amhail siopaí, bialanna, caiféanna, agus margaí feirmeoirí an cheantair, d'fhéadfaí leathnú nach beag a dhéanamh ar an tionchar eacnamaíoch ar limistéir thuaithe an Chontae. Spreagfaidh Comhairle Contae Fhine Gall comhoibriú den sórt sin sna Sráidbhailte Tuaithe agus a gceantair chúltíre agus eatarthu, agus tacóidh sí leis an gcomhoibriú sin.


Cuspóir TFG05

Na gnéithe oidhreachta nádúrtha, oidhreachta tógtha agus oidhreachta cultúrtha is bonn le mealltacht shráidbhailte Fhine Gall a chaomhnú, a chosaint agus a fheabhsú.


Cuspóir TFG06

Comhdhlúthú agus neartú a dhéanamh ar fhoirm thógtha na Sráidbhailte Tuaithe, ionas go mbeidh rogha inmharthana eile ann chomh maith leis an tuath féin ag a mbeidh buntáistí ceantair tuaithe.


Cuspóir TFG07

A spreagadh go ndéanfaí an soláthar foirgneamh atá ann cheana a athúsáid agus a oiriúnú sna Sráidbhailte Tuaithe.


Cuspóir TFG08

Cur chun cinn a dhéanamh ar sholáthar seirbhísí atá riachtanach i dtaobh maireachtáil sa phobal áitiúil, lena n-áirítear seirbhísí sóisialta, seirbhísí fostaíochta agus seirbhísí miondíola, saoráidí sláinte, saoráidí áineasa, saoráidí fóillíochta agus saoráidí pobail.


Cuspóir TFG09

Measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tuilleadh scoileanna a sholáthar mar chuid den obair ullmhúcháin ar Phleananna Limistéir Áitiúil i dtaobh Sráidbhailte Tuaithe.


Cuspóir TFG10

Cur chun cinn a dhéanamh ar sholáthar saoráidí cúraim leanaí sna Sráidbhailte Tuaithe chun freastal ar an éileamh sa cheantar agus a spreagadh go gcuirfí saoráidí den sórt sin ar fáil gar do scoileanna chun éascú do thuismitheoirí.


Cuspóir TFG11

Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáidí oiriúnacha, lena n-áirítear tithe cúraim, clinicí seirbhísí sláinte agus lárionaid oideachais, sna limistéir atá criosaithe mar Shráidbhailte Tuaithe, ar scála iomchuí lena n-áiritheofar go ndéanfar pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe ar gach sráidbhaile.


Cuspóir TFG12

Cur chun cinn a dhéanamh ar sholáthar fiontar de mhéideanna cuí sna sráidbhailte tuaithe ionas go ndéanfar íoslaghdú ar an ngá atá le comaitéireacht.


Cuspóir TFG13

Cur chun cinn a dhéanamh ar an acmhainneacht turasóireachta atá ag sráidbhailte Fhine Gall trí éascú do sholáthar seirbhísí agus cóiríochta do chuairteoirí, comhoibriú a spreagadh idir soláthraithe seirbhíse agus comhoibriú leis na comhlachtaí cuí chun margaíocht a dhéanamh ar an turasóireacht sa cheantar agus í a chur chun cinn.

Pleananna Limistéir Áitiúil na Sráidbhailte Tuaithe

Tá Pleananna Limistéir Áitiúil agus na Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile a ghabhann leo ullmhaithe agus glactha maidir le Baile Bachaille, Baile Gháire, an Aill, an Seanbhaile, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh. Ullmhófar Pleananna Limistéir Áitiúil agus Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile maidir leis na sráidbhailte eile.

Is éard atá i gceist le Plean Limistéir Áitiúil ná plean reachtúil agus ráiteas poiblí maidir le beartais agus cuspóirí pleanála i ndáil le forbairt an tsráidbhaile tuaithe. Leagtar amach ann an straitéis forbartha, le béim ar phleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an tsráidbhaile. Áirítear leis bearta i dtaobh chosaint an chomhshaoil nádúrtha agus na timpeallachta tógtha, agus i dtaobh fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chultúrtha an tsráidbhaile.

Mar chuid den phróiseas ullmhúcháin ina leith, téitear i mbun comhairliúchán poiblí leis an bpobal áitiúil chun smaointe a fháil uathu maidir leis an tslí inar mian leo go ndéanfaí a sráidbhaile a fhorbairt. Bíonn sé bailí ar feadh tréimhse sé bliana ón dáta ar an nglacann an Chomhairle é; féadfar síneadh 5 bliana a chur lena thréimhse bailíochta i mbliain 5 den Phlean Limistéir Áitiúil, má mheastar le rún ón gComhairle go bhfuil sé sin iomchuí. Tá Pleananna Limistéir Áitiúil formheasta ag formhór na sráidbhailte atá sa chrios ST. Nuair a thiocfaidh na Pleananna Limistéir Áitiúil ag deireadh a saolré reachtúil, ullmhófar cinn nua.

Beidh an Plean Limistéir Áitiúil agus an Straitéis Lonnaíochta ag obair as lámha a chéile chun comhdhlúthú a dhéanamh ar lorg coise gach sráidbhaile mar atá faoi láthair, agus forbairt bhainistithe an tsráidbhaile á baint amach agus aird ar na Treoirlínte atá leagtha síos ag an Rialtas i dtaobh Forbairt Cónaithe Inbhuanaithe i Limistéir Uirbeacha, 2009, an straitéis lonnaíochta do shráidbhailte tuaithe atá leagtha síos sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí agus sa Chroístraitéis. Tabharfar faoin leathnú sin ar shlí lena bhfeabhsófar sainghné ar leith gach sráidbhaile agus nach ndéanfar dochar di.

Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile

Treoirdhoiciméid is ea na Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile a ghabhann leis an bPlean Limistéir Áitiúil reachtúil. Uirlis mheasúnachta is ea an Plean um Chreat Forbartha Sráidbhaile chun saintréithe ar leith gach sráidbhaile, idir fhisiceach agus chultúrtha, a shainaithint agus a chosaint. Soláthraítear treoir ann freisin chun an dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaobh réitigh ailtireachta maidir le forbairt fhoriomlán an tsráidbhaile. Is éard iad na Pleananna sin straitéisí fadtéarmacha maidir le forbairt inbhuanaithe an tsráidbhaile le héagsúlacht agus meascán úsáidí d'fhonn áit a chruthú ina bhfuil cothromaíocht bainte amach idir an comhshaol nádúrtha agus an timpeallacht thógtha.

Sásra is ea Pleananna Limistéir Áitiúil na Sráidbhailte agus na Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile don chomhoibriú idir na Comhaltaí Tofa agus bonn leathan leasanna an phobail. Tá ról nach beag ag an gcomhairliúchán poiblí maidir le glacadh an dá chineál plean sin.

Rinne Comhairle Contae Fhine Gall sráidbhailte tuaithe Fhine Gall a chosaint ar shlí fhreagrach ar an rófhorbairt, agus a sainghnéithe agus a bhféiniúlacht aonair á gcosaint aici trí phróiseas an Phlean Limistéir Áitiúil agus an Phlean um Chreat Forbartha Sráidbhaile.


Cuspóir TFG14

A áirithiú go ndéanfar Sráidbhailte Tuaithe a fhorbairt i gcomhréir leis na Pleananna Limistéir Áitiúil arna nglacadh agus na Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhailte a ghabhann leo.


Cuspóir TFG14

Cur chun cinn a dhéanamh ar shaintréithe agus ar shainghnéithe áiteanna trí mheán Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile arna n-ullmhú mar chuid den Phlean Limistéir Áitiúil maidir le gach ceann de na Sráidbhailte Tuaithe. Leagfar amach sna Pleananna um Chreat Forbartha Sráidbhaile treoirlínte cuimsitheacha i dtaobh dhearadh uirbeach gach ceann de na sráidbhailte.


Cuspóir TFG14

Plean Limistéir Áitiúil agus Plean um Chreat Forbartha Sráidbhaile a ullmhú i leith gach ceann de na sráidbhailte, más gá, tar éis dul i mbun comhairliúcháin le muintir na háite, d'fhonn creat pleanála a sholáthar maidir le forbairt chuí ar an sráidbhaile. Sna Pleananna Limistéir Áitiúil, déanfar an méid seo a leanas a chosaint agus a chur chun cinn:

  1. Sainghné an tsráidbhaile trí Phlean um Chreat Forbartha Sráidbhaile a ullmhú;
  2. Meascán inbhuanaithe de ghníomhaíocht tráchtála agus gníomhaíocht phobail i gcroílár sainaitheanta sráidbhaile lena n-áirítear soláthar le haghaidh saoráidí fiontar, miondíola, tráchtála agus pobail ar mhéid chuí;
  3. An soláthar seirbhísí uisce sa sráidbhaile;
  4. Seirbhísí pobail trínar féidir le muintir na háite bualadh le chéile agus dul i mbun caidreamh sóisialta le chéile, lena n-áirítear eaglaisí, hallaí pobail agus hallaí spóirt, leabharlanna agus tithe tábhairne;
  5. Meascán de chineálacha éagsúla tithíochta agus tionachtaí a mheallfaidh grúpaí socheacnamaíocha éagsúla;
  6. Gníomhaíocht mhiondíola, atá i gcomhréir le Straitéis Miondíola Fhine Gall, i bhfoirm siopaí sráidbhaile trína ndéanfar freastal ar riachtanais mhuintir na háite.
  7. Réimse poiblí sa sráidbhaile inar féidir le daoine dul i mbun cúrsaíochta agus caidrimh shóisialta agus gabháil do ghníomhaíocht tráchtála ar shlí a fhreastalaíonn go cothrom ar riachtanais na ndaoine go léir atá i gceist;
  8. Soláthar Bonneagair Ghlais, lena n-áirítear an oidhreacht ailtireachta, seandálaíochta agus nádúrtha, agus líonraí glasa sa sráidbhaile.

Leasuithe ar Theorainneacha ST

Agus na Pleananna Limistéir Áitiúil á n-ullmhú i leith gach ceann de na Sráidbhailte Tuaithe, féadfar méid an chuspóra criosaithe do Shráidbhaile Tuaithe a bhreithniú. D'fhéadfadh sé a bheith ina thoradh air sin go ndéanfaí laghdú, nó méadú beag, ar achar an chreasa atá ann cheana. Ní dhéanfar athruithe ar na criosanna Sráidbhaile Tuaithe a bhreithniú ach amháin más rud é gur féidir a léiriú go soiléir go gcuireann sé sin go suntasach leis na cuspóirí forbartha i leith an tsráidbhaile, agus go bhfuil bonn fianaise soiléir ann maidir leis an athrú atá beartaithe.

Gráigeanna Tuaithe

I gcás a lán de na Gráigeanna Tuaithe tá saintréithe níos teoranta acu ná mar atá ag na sráidbhailte agus tá siad dírithe níos mó ar chónaí, gan an oiread seirbhísí ar fáil iontu. Cuireann siad rogha eile ar fáil seachas tithe aonuaire faoin tuath tríd an fhorbairt tithíochta tuaithe a choinneáil le chéile i ngráigeanna beaga atá ann cheana. Den chuid is mó, beidh an deis ag daoine muinteartha le teaghlaigh atá sa ghráig cheana teach nua a thógáil, nó foirgneamh atá gar dá n-áras teaghlaigh a chur in oiriúint dóibh féin le húsáid as an nua, trí shuíomhanna móra a fho-roinnt. Ina theannta sin, fágfaidh siad go mbeidh an deis ag an bpobal tuaithe tithe a oireann níos fearr don tuath a roghnú i gcomparáid leo siúd sna Sráidbhailte Tuaithe. Tá róil éagsúla ag na gráigeanna atá ann cheana agus tá feidhmeanna éagsúla acu sa limistéar tuaithe. Mar shampla, tá seirbhísí teoranta ar fáil i ngráigeanna amhail Baile Mhic Dhoinn, atá ag freastal le fada ar an bpobal áitiúil. Tá ról níos lú ag gráigeanna eile, atá díreach bunaithe ar líon beag tithe aonair nach bhfuil mórán seirbhísí ag gabháil leo, más seirbhís ar bith. Agus breithniú á dhéanamh ar iarratais phleanála i leith na ngráigeanna, ní mór aird a thabhairt ar ról agus foirm na gráige sa mhórlimistéar tuaithe, agus cúram ar leith á ghlacadh nach mbeidh na gráigeanna san iomaíocht le sráidbhailte i dtaobh na seirbhísí atá ar fáil iontu nó i dtaobh an róil agus na feidhme atá acu sa limistéar tuaithe.

Tá 34 Ghráig Thuaithe i bhFine Gall atá sna háiteanna seo a leanas:

Baile Carraige, Crois Bhaile an Bhallúnaigh, Baile Caoith, Na Cnoic Dhubha (Ard Giolláin), Baile Choltraí, Baile Mhic Dhóinn, An Baile Trasna, Feirm an Chaisleáin (Cill Shalcháin), An Bhoth Fhuar, Dál Uí Chathasaigh (Baile Brigín), Baile Dhiarmada (Portach na Roinne), An Ghruagach, Lána Fhearann na Móna (An Aill), Crois Dhubóthair, Baile Eifil (stáisiún traenach an Rois/Lusca), Inis Pádraig, Baile Hoiste (Na Cúig Bhóthar), Baile Shiurdáin, Cill Fhaoláin, Baile Mhic Giolla, Mullach Onainn (Man of War), Baile an Mhiolbhardaigh, Bóthar na Maighne, New Haggard, An Cladach Thuaidh, Baile Phámar, Baile Stafaird /An Chorr Dhubh, An Ché (Port Reachrann), Baile na Sceach, Tobar Súl, An Coimín (Lusca), Lána Thuirbhe, Baile Uimbil (Baile Bachaille) agus Baile Bhuín (An Seanbhaile).


Cuspóir TFG17

A spreagadh go ndéanfaí comhdhlúthú ar an tithíocht tuaithe laistigh de líon teoranta Gráigeanna Tuaithe atá ann cheana a dhéanfaidh freastal ar an éileamh tithíochta de bhunadh tuaithe, mar rogha eile seachas tithíocht amuigh faoin tuath féin, agus a spreagadh go mbainfí úsáid as an nua as foirgnimh atá sa ghráig cheana in ionad a dhul i mbun forbairt nua.

Straitéis Lonnaíochta sna Gráigeanna Tuaithe

Limistéir is ea na Gráigeanna Tuaithe inar féidir le daoine den phobal tuaithe cur fúthu mar rogha eile seachas tithíocht amuigh faoin tuath féin. Sa Straitéis Lonnaíochta, sainaithnítear deiseanna i gcomhair forbairt inlíonta agus spreagtar leibhéil chuí comhdhlúthaithe trínar féidir le teaghlaigh atá ina gcónaí i ngráigeanna den sórt sin teach nua atá de dhíth a thógáil trí shuíomh mór a roinnt ina fho-shuíomhanna, sa chás ina bhfágann na riachtanais draenála gur féidir é sin a dhéanamh. Freastalaíonn sé sin ar an riachtanas tithíochta de bhunadh tuaithe sa Chontae agus seachnaítear nach gcuirtear isteach ar thalamh a d'fhéadfaí a úsáid chun cuspóirí talmhaíochta. Daoine i bpobal tuaithe Fhine Gall a léireoidh go bhfuil riachtanas tithíochta de bhunadh tuaithe acu, beidh cead acu cur fúthu sna Gráigeanna Tuaithe.

Chun críocha na straitéise lonnaíochta i leith Gráigeanna Tuaithe, tugtar sainmhíniú ar riachtanas tithíochta de bhunadh tuaithe mar cheachtar díobh seo a leanas:

  • Daoine atá ag cur fúthu faoi láthair agus a bhí ag cur fúthu ar bhonn leanúnach le deich mbliana anuas, nó a bhíodh ag cur fúthu roimhe seo ar feadh íostréimhse deich mbliana as a chéile, nó
  • Daoine atá ag obair ar bhonn leanúnach le deich mbliana anuas,

I limistéir den Chontae atá criosaithe faoi láthair mar limistéir thuaithe. Tá na limistéir sin criosaithe mar seo a leanas: Sráidbhaile Tuaithe (ST), Gráig Thuaithe (GT), Talmhaíocht (TU), Crios Glas (CG) nó Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna (LMÁ).


Cuspóir TFG18

Gan cead pleanála i gcomhair tí laistigh de Ghráig Thuaithe a dheonú ach amháin do dhaoine ag a bhfuil riachtanas tithíochta de bhunadh tuaithe, mar atá sainithe sa Chuid seo den Dréachtphlean, sa chás ina bhfuil ar a laghad 0.2 heicteár den suíomh leagtha amach i gcomhair córais chóireála ar an suíomh, agus go gcomhlíonann sé na caighdeáin draenála agus dearaidh arna gceangal ag an gComhairle, agus 0.125 heicteár i gcás ceangail le séarach poiblí.


Cuspóir TFG19

A áirithiú go gcomhlíonfar go docht na ceanglais atá leagtha síos ag an gComhairle sa Chaibidil ar Chaighdeáin Bhainistíochta Forbartha maidir le córais chóireála ar an suíomh, nó na ceanglais arna leasú faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi threoir náisiúnta amach anseo.

Leagan amach agus Dearadh i nGráigeanna Tuaithe

Trí leagan amach agus dearadh íogair a dhéanamh ar thithe nua sna Gráigeanna Tuaithe, áiritheofar go gcuideoidh siad le sainghné tuaithe an limistéir. Ba chóir leagan amach agus dearadh na dtithe nua sna Gráigeanna Tuaithe a bheith ag teacht leis na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha.

Nuair a dhéanfar forbairt ar aon suíomh ar leith i ngráig, ní mór a áirithiú nach ndéanfar dochar d'acmhainneacht forbartha na suíomhanna tadhlacha amach anseo, go háirithe maidir le leagan amach agus dearadh an tsuímh agus bealaigh isteach d'fheithiclí agus do choisithe. Ní mór bonneagar draenála inbhuanaithe a sholáthar do gach suíomh sa ghráig.

Ceanglófar go mbeidh sainghné tuaithe ag baint le tithe nua i ngráigeanna tuaithe agus go léireofar meas ar phatrún na forbartha atá déanta cheana sa chomharsanacht agus iad á ndearadh. Cuirfear bealaí isteach chuig suíomhanna nua ar fáil trí rochtain chomhroinnte le teaghais atá ann cheana mar rogha tosaíochta, nó trí bhealach isteach atá ann cheana, d'fhonn laghdú a dhéanamh ar líon na mbealaí isteach chuig bóithre tuaithe agus ar an ngá a mbíonn ann dá réir stráicí nach beag d'fhálta sceach agus de chrainn sheanbhunaithe a bhaint.


Cuspóir TFG20

Gan forbairt a cheadú sna Gráigeanna Tuaithe ach amháin i gcás forbartha ina bhfuil aird ar shainghné agus ról na gráige sa mhórlimistéar tuaithe, agus cúram ar leith á ghlacadh nach mbeidh na gráigeanna san iomaíocht le sráidbhailte i dtaobh na seirbhísí atá ar fáil iontu ná i dtaobh an róil agus na feidhme atá acu ina limistéar tuaithe.


Cuspóir TFG21

A áirithiú nach ndéanfaidh tograí maidir le teaghaisí nua dochar d'acmhainneacht forbartha na suíomhanna tadhlacha, maidir le leagan amach an tsuímh, dearadh tí agus bealaigh isteach d'fheithiclí agus do choisithe. Ní mór bonneagar draenála inbhuanaithe a sholáthar ar gach suíomh.


Cuspóir TFG22

Íoslaghdú a dhéanamh ar líon na mbealaí isteach chuig suíomhanna i ngráig thuaithe, agus bealaí isteach a chomhroinnt le foirgnimh atá ann cheana nó leas a bhaint as bealaí isteach atá ann cheana mar rogha tosaíochta. Ní dhéanfar bealaí isteach nua a bhreithniú ach amháin sa chás nach bhfuil deis ann bealaí isteach a chomhroinnt. Ní mór nach mbainfí ach méid teoranta fálta sceach, crann agus ballaí nó aon teorainneacha sainiúla eile is gá chun freastal ar línte amhairc, agus ní mór an cineál céanna teorann a chur ina n-áit. Cuirfear speicis dhúchasacha in ionad plandaí a bhainfear nuair is cuí.


Cuspóir TFG23

Gníomhaíocht eacnamaíoch ón mbaile ar scála beag a cheadú agus seirbhísí áitiúla a cheadú ar leibhéal atá ag teacht le méid, scála agus sainghné na Gráige Tuaithe.

Tithíocht faoin Tuath

Is ionann an Tuath, chun críocha na coda seo den Phlean, agus na limistéir sin ina bhfuil na cuspóirí criosaithe tuaithe sainithe mar ‘Talmhaíocht agus Áiseanna Tuaithe’ (TU), ‘Crios Glas’ (CG) agus ‘Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna’ (LMÁ). Mar fhreagra ar an tíopeolaíocht a sainaithníodh sna Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe, meastar go bhfuil limistéar tuaithe Fhine Gall ina limistéar ‘Faoi Thionchar Láidir Uirbeach’ mar gheall ar a chóngaraí atá sé do Chathair Bhaile Átha Cliath agus do Cheantar na Cathrach, agus mar gheall ar an mbrú atá ar thithíocht amuigh faoin tuath dá bharr sin. Dá bhrí sin, freastalófar ar na daoine a bhfuil riachtanas tithíochta de bhunadh na tuaithe acu agus treorófar na daoine a bhfuil riachtanas tithíochta de bhunadh uirbeach acu chuig bailte agus sráidbhailte. Spreagfar daoine chun úsáid as an nua a bhaint as foirgnimh ar ann dóibh cheana faoin tuath i gcomhair forbairt cónaithe.


Cuspóir TFG24

Beocht agus athghiniúint na bpobal tuaithe a áirithiú trí éascú do na daoine ag a bhfuil riachtanas ceart tithíochta de bhunadh tuaithe chun cur fúthu ina bpobal tuaithe.


Cuspóir TFG25

Luach talmhaíochta agus luach tírdhreacha an limistéir tuaithe a shainaithint agus a chur chun cinn agus cosc a chur ar fhorbairt tithíochta de bhunadh uirbeach amuigh faoin tuath.


Cuspóir TFG26

A spreagadh go ndéanfaí an soláthar foirgneamh cónaithe tuaithe agus cineálacha eile foirgneamh atá ann cheana a athúsáid agus a oiriúnú, nuair is praiticiúil, seachas foirgnimh nua a thógáil.

Straitéis Lonnaíochta

Riachtanas Tithíochta de Bhunadh Tuaithe

Tríd an Straitéis Lonnaíochta maidir le tithíocht amuigh faoin tuath, déantar freastal ar riachtanais lonnaíochta a eascraíonn ó riachtanas ceart tithíochta de bhunadh tuaithe. Meastar gurb iad riachtanais tithíochta de bhunadh tuaithe na riachtanais tithíochta atá ag daoine a bhfuil dlúthghaol muintearais fadbhunaithe acu, nó a bhfuil slí bheatha acu a bhaineann go bunúsach le limistéir thuaithe an Chontae, agus tugtar sainmhíniú sonrach orthu mar seo a leanas:

  • Baill teaghlaigh feirmeoireachta a bhfuil baint ghníomhach acu leis an bhfeirm theaghlaigh, atá i limistéar tuaithe Fhine Gall mar a shainmhínítear é i gcuspóir TFG35.
  • Daoine a bhfuil dlúthghaol muintearais acu le pobal tuaithe Fhine Gall mar a dtugtar sainmhíniú air i dTábla TFG03, mír (i).
  • Daoine atá i bhfostaíocht fhadtéarmach a bhaineann leis, agus lena dtacaítear leis, an pobal tuaithe mar atá shainmhíníthe i dTábla TFG03, mír (ii) agus ina bhfuil an fhostaíocht ag brath ar áit chónaithe an duine a bheith i measc an phobail tuaithe.
  • Baill de theaghlach atá lonnaithe faoin tuath, a mheastar ina leith, de bharr cúiseanna sláinte eisceachtúla a bheith léirithe acu, gur gá dóibh cónaí a bheith orthu gar d'áras a dteaghlaigh sa limistéar tuaithe, mar atá sainmhínithe i dTábla TFG03 mír (iii).
  • Daoine is iarratasóirí “bona fide”, mar atá sainmhínithe i dTábla TFG03 mír (iv), agus a bhfuil sé léirithe acu go bhfuil siad tiomanta do ghnólacht a bhaineann leis an tuath a bhunú agus a bhféadfadh sé nach bhfuil cónaí orthu sa limistéar cheana féin, ná nach bhfuil gaol muintearais acu ansin, ná nach bhfuil siad ag gabháil d'fhostaíocht ná gnó ar leith atá aicmithe faoi na critéir um riachtanais áitiúla. Ní mór don iarratasóir a léiriú go soiléir go bhfuil riachtanas aige nó aici cónaí sa limistéar tuaithe chun feidhmiú an ghnólachta a áirithiú.

Déanfar daoine ag a bhfuil riachtanas ceart tithíochta de bhunadh tuaithe a mheas i gcomhair cead pleanála le haghaidh tí sna codanna sin den tuath ag a bhfuil cuspóir criosaithe TU nó CG. Ní dhéanfar ach baill de theaghlaigh a bhfuil baint ghníomhach acu leis an bhfeirmeoireacht sa limistéar tuaithe a bhreithniú maidir le teach tuaithe i limistéir den Chontae ag a bhfuil cuspóir criosaithe LMÁ.

D'fhonn inbhuanaitheacht na tithíochta nua faoin tuath a áirithiú, ionas nach n-imreofar drochthionchar ar shócmhainní agus luachanna na tuaithe agus nach ndéanfaidh aon fhorbairt bheartaithe i dtaobh tithe tuaithe dochar d'eispéireas an luacha tuaithe, tá teorainn le líon na dtithe breise a ndeonófar cead pleanála ina leith sa limistéar tuaithe ar bhonn tí atá ann cheana. Maidir le gach ceann de na cuspóirí criosaithe, tá teorainn le líon na dtithe breise a cheadófar. I gcás inar féidir imthosca eisceachtúla sláinte a léiriú, breithneofar teach breise faoi gach ceann de na cuspóirí criosaithe tuaithe. Laghdófar líon na dteaghaisí a cheadófar faoi aon cheann de na criosuithe thuas d'aon cheann amháin i leith teach breise ar bith dár deonaíodh cead pleanála ón 19 Deireadh Fómhair 1999. Ní bhfaighidh aon iarratasóir aonair cead pleanála i leith líon níos mó ná aon teach amháin. Léirítear i dTábla TFG01 líon uasta na dtithe atá ceadaithe maidir le gach cineál criosaithe tuaithe.

Tábla TFG01: Líon Uasta na dTithe a Cheadófar in aghaidh na dTithe atá ann Cheana


Limistéar cuspóra criosaithe

Líon uasta na dtithe a ndeonófar cead pleanála ina leith in aghaidh gach tí atá ann cheana

TU

2 (+1 i gcás cúiseanna eisceachtúla sláinte)

CG

1 (+1 i gcás cúiseanna eisceachtúla sláinte)

LMÁ

1 (+1 i gcás cúiseanna eisceachtúla sláinte)

Leagtar amach i dTábla TFG02 incháilitheacht le haghaidh tithíochta amuigh faoin tuath faoin Straitéis Lonnaíochta Tuaithe.

Tábla TFG02: Cé atá i dTeideal Cead Pleanála a fháil?






Cuspóir criosaithe

Bainteach leis an bhfeirm theaghlaigh

 

Dlúthghaol muintearais

Fostaíocht a bhaineann leis an bpobal

Cúiseanna eisceachtúla sláinte

Gnólacht “bona fide”

TU

CG

LMÁ

   

 

Sampla – tithíocht faoin gCuspóir Criosaithe TU

I ndáil le deonú ceada pleanála d'aon bhall teaghlaigh feirmeoireachta i limistéar faoi réir cuspóir criosaithe TU ar bhonn na bainte atá aige nó aici le reáchtáil na feirme teaghlaigh, ní chuirfidh sé cosc ar aon bhall eile den teaghlach iarratas a dhéanamh ar chead pleanála ar bhonn a incháilitheacht nó a hincháilitheacht faoi na critéir cháilitheachta bhreise mar atá leagtha amach thuas. I limistéar sa chrios TU, ní cheadófar níos mó ná dhá theach breise d'aon teaghlach amháin sa limistéar tuaithe, agus d'fhéadfaí cead pleanála a dheonú i leith an tríú teach sa chás inar féidir imthosca eisceachtúla sláinte a léiriú.


Cuspóir TFG27

Foráil a dhéanamh ionas gur lú é líon uasta na dteaghaisí arna gceadú faoi cheann ar bith de na criosuithe tuaithe d'aon cheann amháin i leith teach breise ar bith ar deonaíodh cead pleanála do dhuine muinteartha ina leith ón 19 Deireadh Fómhair 1999.


Cuspóir TFG28

Líon uasta dhá theach breise a cheadú i gcás na ndaoine a chomhlíonann na critéir ábhartha atá leagtha síos sa chaibidil seo, i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe TU, móide aon teach amháin i gcás duine a bhfuil imthosca eisceachtúla sláinte aige nó aici.


Cuspóir TFG29

Líon uasta aon tí bhreise amháin a cheadú i gcás na ndaoine a chomhlíonann na critéir ábhartha atá leagtha síos sa chaibidil seo, i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe LMÁ nó CG, móide aon teach amháin i gcás duine a bhfuil imthosca eisceachtúla sláinte aige nó aici.


Cuspóir TFG30

Gan tithe a cheadú i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe LMÁ ach amháin ina gcás siúd a bhfuil bunriachtanas tithíochta sainithe ina leith ar bhonn na bainte atá acu le feirmeoireacht nó ar bhonn imthosca eisceachtúla sláinte.


Cuspóir TFG31

A cheangal, i gcás teach ar bith a ndeonaítear cead pleanála ina leith sna limistéir ag an bhfuil an cuspóir criosaithe TU, LMÁ, nó CG, go mbeidh sé faoi réir riachtanas áitíochta, arb amhlaidh faoi nach mór go mbeadh an teach áitithe ar dtús mar áit bhuanchónaithe ag an iarratasóir agus/nó baill dá neasteaghlach ar feadh tréimhse íosta seacht mbliana.

​Tithe nua do Theaghlaigh Feirmeoireachta

Déanfar cead pleanála a bhreithniú i leith teach breise amháin i limistéir ag a bhfuil an cuspóir criosaithe LMÁ nó CG, agus suas le dhá theach breise i limistéir ag a bhfuil an cuspóir criosaithe TU, ar fheirm theaghlaigh i gcás baill neasteaghlaigh a léirítear ina leith go bhfuil siad ag gabháil ar bhonn díreach, gníomhach, don fheirm theaghlaigh a rith. Mar aitheantas nach slí bheatha lánaimseartha í an fheirmeoireacht a thuilleadh i gcás a lán feirmeoirí, déanfar breithniú freisin i leith feirmeoirí a bhfuil forlíonadh ioncaim acu ó obair nach mbaineann leis an bhfeirm. I gcás gach iarratas ar chead pleanála le haghaidh teach tuaithe ar bhonn a bheith bainteach le feirm atá ann cheana, ní mór go n-áireofaí leis an bhfianaise ar rannpháirtíocht dhíreach san fheirmeoireacht fianaise infhíoraithe ar fheirm shaothrach a bheith faoi úinéireacht an teaghlaigh.


Cuspóir TFG32

Suas le dhá theaghais bhreise a cheadú in aghaidh na feirme teaghlaigh i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe TU, agus teaghais bhreise amháin in aghaidh an teaghlaigh feirme i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe CG nó LMÁ, sa chás ina léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil sé nó sí rannpháirteach ar bhonn díreach i reáchtáil na feirme teaghlaigh agus go mbreithnítear go bhfuil riachtanas léirithe aige nó aici, a bhaineann le reáchtáil na feirme, i dtaobh cónaí ar an bhfeirm theaghlaigh.


Cuspóir TFG32

A léiriú go bhfuil foirgneamh ar bith atá beartaithe lena úsáid mar phríomhtheaghais an iarratasóra agus go mbeidh an teaghais atá beartaithe ar fheirm ar a bhfuil cónaí faoi láthair ar theaghlach an iarratasóra.


Cuspóir TFG32

A cheadú go ndéanfaí breithniú i leith teach breise ar bith eile, i gcás feirm ilroinnte, atá le lonnú ar limistéar den fheirm nach bhfuil ceangal fisiceach idir é agus príomhchuid na feirme, agus a bhfuil an limistéar sin faoi úinéireacht theaghlach an iarratasóra agus ina chuid den ghabháltas gníomhach foriomlán feirme le trí bliana anuas ar a laghad roimh dháta an iarratais.


Cuspóir TFG32

A léiriú go bhfuil an fheirm ina feirm shaothrach atá faoi bhainistíocht ghníomhach, faoi úinéireacht theaghlach an iarratasóra, le trí bliana anuas ar a laghad roimh dháta an iarratais ar chead pleanála.

Beidh ar an iarratasóir an méid seo a leanas a léiriú i ndáil le saothrú na feirme teaghlaigh:

  1. Tá an t-iarratasóir ina bhall nó ina ball de theaghlach a ritheann feirm i limistéar tuaithe Fhine Gall, agus tá sé nó sí ag gabháil ar bhonn gníomhach don fheirmeoireacht ar an bhfeirm theaghlaigh sin. Beidh gá le fianaise dhoiciméadach infhíoraithe (amhail Doiciméid de chuid na Clárlainne Talún, agus dáta agus síniú orthu) ina léirítear sonraí úinéireachta na feirme, sonraí ar an ngaol muinteartha le húinéir na feirme, agus an bhaint atá ag an iarratasóir leis an bhfeirmeoireacht ar an bhfeirm theaghlaigh.
  2. Tá an fheirm ar cuireadh isteach iarratas ar chead pleanála do theach tuaithe ina leith ina feirm shaothrach atá faoi bhainistíocht ghníomhach, faoi úinéireacht theaghlach an iarratasóra, le trí bliana anuas ar a laghad roimh dháta an iarratais ar chead pleanála.
  3. Suíomh áras an teaghlaigh ar an bhfeirm atá ann cheana
  4. Suíomh aon tithe eile ar an bhfeirm theaghlaigh ar deonaíodh cead pleanála ina leith ón 19 Deireadh Fómhair 1999. Áireofar leis na sonraí a chuirfear isteach an dáta ar ar deonaíodh cead pleanála agus Uimhir Thagartha Chlárlainne chomhad na Comhairle faoinar deonaíodh Cead Pleanála ar bith
  5. Tá an fheirm theaghlaigh ina feirm shaothrach le trí bliana anuas. Leagtar síos thíos na critéir a mheastar a chuimsíonn feirm shaothrach agus na tairseacha méide maidir le cineálacha éagsúla feirmeacha. Ní áirítear in achar tairsí íosta feirme limistéar na feirme ina bhfuil an clós feirme agus na foirgnimh feirme, achar áras an teaghlaigh atá ann cheana agus a chúirtealáiste, agus achar an tsuímh ar a bhfuil sé beartaithe foirgneamh a thógáil.
  6. Fianaise dhoiciméadach a bheith san iarratas ar chead pleanála go bhfuil an t-iarratasóir ina chónaí nó ina cónaí ar fheirm shaothrach theaghlaigh.

Leagtar amach thíos an fhianaise dhoiciméadach (i dtaobh feirm shaothrach) atá de dhíth:

  1. I gcás feirmeacha beostoic (lena n-áirítear beostoc eachaíochta), feirmeacha curaíochta agus feirmeacha ina bhfuiltear ag gabháil do bheostoc agus do churaíocht araon:
    1. Uimhir Thréada nó Uimhir Ghnó eile arna sannadh ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
    2. Sonraí na hAoníocaíochta Feirme i leith na trí bliana roimhe seo
    3. Uimhir REPS i gcás na bhfeirmeoirí atá páirteach in REPS
    4. Uimhir Foraoiseachta i gcás na bhfeirmeoirí a dhéanann bainistíocht ar fhoraoiseacht
    5. I gcás feirmeacha déiríochta, sonraí sholáthairtí na bliana roimhe sin chuig próiseálaí bainne
    6. I gcás feirmeacha eachaíochta, ag brath ar an gcineál feirme eachaíochta, ceadúnais reatha oiliúna capall arna n-eisiúint ag The Irish Turf Club, ceadúnais rásaíochta, doiciméid ina léirítear gur scoil teagaisc aitheanta í an fheirm, taifead i leith díolacháin stoic folaíochta, sonraí i dtaobh táirgeadh graí i leith na tréimhse trí bliana roimhe sin nó doiciméid aitheantais capall, i.e. pasanna arna n-eisiúint ag Bord na gCapall nó ag Wetherbys.
  2. I gcás feirmeacha gairneoireachta:
    • Deimhniú i leith rannpháirtíochta sa Scéim Dearbhaithe Cáilíochta arna bainistiú ag an mBord Bia le trí bliana anuas
    • Fianaise ar infheistíocht a bheith déanta san fheirm lena léiriú go bhfuil sí rannpháirteach ar bhonn gníomhach san earnáil ghairneoireachta faoi láthair
    • Sonraí i dtaobh an tsoláthair táirgí ón bhfeirm lena léirítear go raibh an t-iarratasóir ag cur líon nach beag táirgí talmhaíochta ar an margadh i rith na bliana roimhe sin
  3. Tairseacha méide i leith feirmeacha :
    • Is é 15 heicteár an t-íosmhéid i gcás feirm ghníomhach bheostoic, churaíochta nó feirm ghníomhach ina bhfuiltear ag gabháil do bheostoc agus curaíocht araon
    • Is é an t-íosmhéid i gcás feirm ghairneoireachta :
      • I gcás feirm ghlasraí, sé heicteár
      • I gcás feirm úll, trí heicteár déag
      • I gcás táirgthe i dteach gloine, 0.4 heicteár

Déanfar iarratais ar chead pleanála a bhreithniú sa chás ina léirítear go soiléir agus go cuimsitheach san fhianaise dhoiciméadach go bhfuil an fheirm ina gabháltas gníomhach, inmharthana le trí bliana anuas, cé go bhfuil sí faoi na tairseacha atá leagtha síos thuas, nó gur sainoibreoir í nach dtagann faoi chineál ar bith atá luaite thuas. Ní mór don iarratasóir a léiriú gur gá don iarratasóir a bheith ina chónaí nó ina cónaí ar an bhfeirm i gcásanna den sórt sin.

Tithíocht Nua le haghaidh an Phobail Tuaithe Seachas Iad Siúd atá ag Gabháil don Fheirmeoireacht ar Bhonn Gníomhach

Ina theannta sin, déanfar teaghaisí nua a bhreithniú i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe TU nó CG i gcás ball den phobal tuaithe nach bhfuil baint acu leis an bhfeirmeoireacht.


Cuspóir TFG36

Teaghaisí tuaithe nua a cheadú i limistéir ag a bhfuil cuspóirí criosaithe TU nó CG, ar shuíomhanna oiriúnacha, sa chás ina gcomhlíonfaidh an t-iarratasóir na critéir atá leagtha síos i dTábla TFG03.

Tábla TFG03: Critéir maidir le hIarratasóirí Incháilithe ón bPobal Tuaithe ar Chead Pleanála i gcomhair Tithíocht Tuaithe Nua

  1. Ball amháin de theaghlach tuaithe a bhreithnítear ina leith gur gá dó nó di cónaí gar don áras teaghlaigh de bharr dlúthghaol muintearais, agus mura bhfuil cead pleanála deonaithe do dhuine muinteartha i leith teaghais tuaithe nua ar bhonn dlúthcheangal teaghlaigh ón 19 Deireadh Fómhair 1999. An t-iarratasóir ar chead pleanála i gcomhair tí ar bhonn dlúthghaol muintearais, ní mór do nó di fianaise dhoiciméadach a sholáthar ar an méid seo a leanas:
    • Tá dlúthghaol muintearais idir é nó í agus úinéirí áras an teaghlaigh
    • Tá cónaí air nó uirthi in áras an teaghlaigh atá sainaitheanta san iarratas nó i gcomharsanacht áras an teaghlaigh le cúig bliana déag anuas ar a laghad
  2. Duine atá fostaithe i bpost lánaimseartha a mheastar a fhreastalaíonn ar riachtanais áitiúla trí fhreastal go príomha ar an bpobal/geilleagar tuaithe le cúig bliana déag anuas roimh an iarratas ar chead pleanála, agus nár deonaíodh cead pleanála dó nó di i leith teaghais tuaithe nua ón 19 Deireadh Fómhair 1999. Tá fianaise dhoiciméadach ar an bhfostaíocht sin de dhíth.
  3. Duine is neasbhall de theaghlach tuaithe nár deonaíodh cead pleanála dó nó di i leith teaghais tuaithe ón 19 Deireadh Fómhair 1999, agus a mheastar gur gá dó nó di cónaí gar d'áras an teaghlaigh mar gheall ar imthosca eisceachtúla sláinte an té sin. Ní mór tacú leis an iarratas ar theaghais tuaithe le dhá mhionnscríbhinn mhionnaithe ó ghairmithe ábhartha, cáilithe, agus ní mór gur lia-chleachtóir cláraithe a mhionnóidh ceann de na mionnscríbhinní sin. Féadfaidh ionadaí cáilithe thar ceann eagraíochta a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine a bhfuil riocht míochaine orthu, nó a thacaíonn leo siúd, an mhionnscríbhinn eile a sholáthar.

    Ní mór a thabhairt ar aird freisin go bhfuil feidhm ag critéar uimhir (iii) i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe LMÁ, mar aon le limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe CG agus TU.

  4. Duine is iarratasóir “bona fide” agus a bhféadfadh sé nach bhfuil cónaí air nó uirthi sa limistéar cheana féin, ná nach bhfuil gaol muintearais aige nó aici ansin, ná nach bhfuil sé nó sí ag gabháil d'fhostaíocht ná gnó ar leith atá aicmithe faoi chritéir na riachtanas áitiúil, faoi réir na mbreithnithe seo a leanas:

    Ceanglófar ar na hiarratasóirí sin, mar chuid dá n-iarratas pleanála, an Chomhairle a shásamh i dtaobh an tiomantais fhadtréimhsigh atá acu i dtaca le gnó lánaimseartha a rith ón áit chónaithe atá beartaithe acu i limistéar tuaithe.

    Déanfaidh an t-iarratasóir cur síos, i bplean gnó a chuirfear faoi bhráid na Comhairle, ar conas a chuideoidh a ghnó nó a gnó leis an bpobal tuaithe agus a bhfeabhsóidh sé é, agus léireoidh sé nó sí chun sástacht na Comhairle go bhfuil cineál na fostaíochta nó an ghnó atá aige nó aici i gcomhréir le riachtanais áitiúla, agus go dtugann sé aghaidh ar na riachtanais sin agus go sásaíonn sé iad, agus go gcosnóidh agus go gcaomhnóidh sé an pobal tuaithe.

    Léireoidh an t-iarratasóir chun sástacht na Comhairle go bhfuil cineál na fostaíochta nó an ghnó atá aige nó aici ag brath ar an bhfostaíocht nó an gnó sin a bheith sa limistéar tuaithe, d'fhonn iarratasóirí nach bhfuil a ngnó ag brath ar a bheith in áit ar leith a dhíspreagadh.

    Léireoidh an t-iarratasóir go bhfuil sé nó sí tiomanta don ghnó atá beartaithe trí Phlean Gnó cuimsitheach, atá ullmhaithe ar bhonn gairmiúil, a chur isteach, agus trí dhoiciméid dlí a chur isteach ina ndeimhneofar go bhfuil cistiú leordhóthanach geallta dó nó di chun an gnó a chur ar bun agus a sheoladh.

    Ní bhreithneofar iarratasóirí nach bhfuil a ngnó ag brath ar a bheith in áit ar leith.

Beidh fianaise dhoiciméadach infhíoraithe lena léireofar go gcomhlíontar Cuspóir TFG36 de dhíth maidir le gach iarratas ar chead pleanála i gcomhair teach nua amuigh faoin tuath, lena n-áirítear mionnscríbhinn mhionnaithe ón iarratasóir ina sonraítear go gcomhlíonainn an t-iarratasóir ceanglais an chuspóra.

Tithíocht i gCriosanna ina bhfuil Torann ón Aerfort

Cuirfear go gníomhach i gcoinne forbairt tithíochta nua ina gcás siúd nach bhfuil baint acu leis an bhfeirmeoireacht i limistéar an chreasa inmheánaigh torainn d'Aerfort Bhaile Átha Cliath. Mar sin féin, breithneofar forbairt tithíochta ina gcás siúd nach bhfuil baint acu leis an bhfeirmeoireacht ach a bhfuil árais teaghlaigh acu gar don chrios inmheánach torainn in áiteanna ar shuíomhanna oiriúnacha atá lasmuigh den chrios inmheánach torainn ach i bhfoisceacht dhá chiliméadar den chrios torainn sin. D'fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar an riachtanas cónaí chomh gar agus is féidir don teaghlach, agus ionas nach mbeidh brú míchuí ar limistéir áirithe den Chrios Glas, beidh an M1 ina theorainn ó oirthear go hiarthar, agus breithneofar na daoine atá ina gcónaí thoir ón M1 maidir le tithíocht ar shuíomhanna oiriúnacha ar an taobh thoir, agus breithneofar na daoine atá ina gcónaí thiar ón M1 maidir le tithíocht ar shuíomhanna oiriúnacha ar an taobh thiar. Ba chóir a áirithiú leis an roghnú suímh go gcoinneofar sainghné tuaithe an limistéir agus go seachnófar breis is suíomh amháin a bheith ar ghabháltas talún amháin.


Cuspóir TFG37

Forálacha na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe a chur chun feidhme maidir le ‘Tithíocht Nua do Theaghlaigh Feirmeoireachta’ mar atá leagtha síos sa chaibidil seo agus leis sin amháin, sa Chrios Inmheánach ina bhfuil Torann ón Aerfort, agus faoi réir na srianta seo a leanas:

  • Ní cheadófar teaghais ar bith, in imthosca ar bith, laistigh den chomhrian torainn 69dB LAeq 16 uair a chloig atá tuartha.
  • Beidh insliú cuimsitheach torainn de dhíth i gcás aon tí a cheadófar faoin gcuspóir seo.
  • Ní mór go gcuirfí isteach in éineacht le hiarratas pleanála ar bith tuarascáil measúnachta torainn arna hullmhú ag speisialtóir sa mheasúnacht torainn, ina sonrófar gach beart maolaithe torainn atá beartaithe mar aon le dearbhú go nglacann an t-iarratasóir le toradh na tuarascála um ghlacadh le torann.

Cuspóir TFG38

Forálacha na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe a chur chun feidhme de réir mar atá feidhm aici i dtaobh “Tithíocht Nua don Phobal Tuaithe seachas iadsan atá ag gabháil ar bhonn gníomhach don fheirmeoireacht” i gcás daoine den phobal tuaithe atá laistigh den Chrios Inmheánach Torainn ar shuíomhanna oiriúnacha atá i bhfoisceacht dhá chiliméadar den Chrios Inmheánach Torainn. Ina gcás siúd a bhfuil cónaí orthu soir ón M1, ní bhreithneofar ach suíomhanna oiriúnacha thoir ón M1, agus ina gcás siúd a bhfuil cónaí orthu siar ón M1, ní bhreithneofar ach suíomhanna oiriúnacha thiar ón M1.

Seallaí agus Botháin Cois Farraige a Atógáil mar Bhuanteaghaisí

Tá roinnt limistéar i bhFine Gall, amhail Port Reachrann, Domhnach Bat agus an Ros, inar tógadh seallaí agus botháin cois farraige sular tháinig an tAcht um Pleanáil agus Forbairt, 1963 i bhfeidhm agus ina dhiaidh sin.

Ó am go chéile cuirtear tograí faoi bhráid na Comhairle i dtaobh déantán i gcomhair buanteaghaisí a chur in ionad na dtithe saoire sin. Déanfaidh an Chomhairle measúnacht ar na tograí sin agus aird aici ar an gcomhthéacs, an áit, an soláthar draenála, agus caighdeáin chuí um bainistiú suímh. Is eol don Chomhairle go mbíonn na saincheisteanna seo a leanas i gceist maidir leis na háiteanna thuas:

  • Tá líon nach beag de na déanmhais sin suite i réigiúin an chósta agus d'fhéadfaidís a bheith faoi lé thionchar an athraithe aeráide i gcáil creimeadh cósta agus tuilte.
  • I bhfianaise cineál ad hoc roinnt de na forbraíochtaí sin, níl mórán bonneagar séarachais ann, má tá ceann ar bith.
  • Níl ach seirbhísí teoranta, lena n-áirítear bonneagar bóithre nó fóntais, sna limistéir sin.
  • D'fhéadfadh cruthú tithe buana a bheith neamh-inbhuanaithe agus d'fhéadfaí athrú nach beag a dhéanamh ar shainghné na limistéar ina bhfuil siad suite má dhéantar amhlaidh.

Dá bhrí sin, ní dhéanfar breithniú i dtaobh teaghaisí inar féidir maireachtáil ar feadh na bliana go léir a chur in ionad seallaí séasúracha agus botháin cois farraige, nó iad a athchóiriú amhlaidh, ach amháin in imthosca eisceachtúla, nuair a dhéanfar lánchomhlíonadh ar na critéir seo a leanas:

  • Fianaise dhoiciméadach infhíoraithe a léiríonn go bhfuil an t-aonad áitithe ar feadh na bliana agus gur mar sin a bhí le 7 mbliana anuas nó níos mó.
  • Comhlíonann an togra critéir phleanála maidir le dearadh agus leagan amach cuí, draenáil, rochtain agus comhtháthú le sainghné an tírdhreacha
  • Ní bheidh an suíomh faoi réir thionchar an athraithe aeráide, lena n-áirítear creimeadh cósta agus tuilte.
  • Déanfar measúnacht iomlán i dtaobh tionchair ar Láithreáin Eorpacha trí Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí nó trí Mheasúnacht iomlán má cheanglaítear é sin a dhéanamh.

Cuspóir TFG39

Ní dhéanfar breithniú i dtaobh teaghaisí inar féidir maireachtáil ar feadh na bliana go léir a chur in ionad seallaí cósta agus botháin cois farraige, nó iad a athchóiriú amhlaidh, ach amháin in imthosca eisceachtúla, nuair a dhéanfar lánchomhlíonadh ar na critéir seo a leanas:

  • Fianaise dhoiciméadach infhíoraithe a léiríonn go bhfuil an t-aonad áitithe ar feadh na bliana agus gur mar sin a bhí le 7 mbliana anuas nó níos mó.
  • Comhlíonann an togra critéir phleanála maidir le dearadh agus leagan amach cuí, draenáil, rochtain agus comhtháthú le sainghné an tírdhreacha
  • Ní bheidh an suíomh faoi réir thionchar an athraithe aeráide, lena n-áirítear creimeadh cósta agus tuilte.
  • Déanfar measúnacht iomlán i dtaobh tionchair ar Láithreáin Eorpacha trí Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.

Limistéar an Chladaigh Theas sa Ros

Gabháltais bheaga, den chuid is mó, atá i limistéar an Chladaigh Theas sa Ros, ina bhfuil idir gharraíodóireacht mhargaidh, thithe aonair agus ghráigeanna tithe. Tá patrún forbartha cónaithe tagtha chun cinn ann le blianta beaga anuas, agus tá roinnt suíomhanna folmha suntasacha ann agus roinnt gníomhaíochtaí gairneoireachta fós ar bun ann. Is teoranta é an bonneagar bóithre sa limistéar agus ní chomhlíonann sé na caighdeáin a bhíonn i bhfeidhm i dtaobh bóithre nua-aimseartha, ach tá sé ina chuid de shainghné an limistéir ina cháil mar limistéar cónaithe tuaithe. Tá an limistéar buailte le hInbhear Bhaile Roiséir, ina bhfuil dhá láithreán Natura 2000, LCaS Inbhear Bhaile Roiséir agus LCoS Inbhear Bhaile Roiséir. Tá na láithreáin sin faoi réir dianchosanta faoin Treoir um Ghnáthóga agus ní mór don Chomhairle a áirithiú nach ndéanfaidh an fhorbairt dochar do shláine na láithreán sin ó thaobh na héiceolaíochta de. Bíonn limistéir áirithe den Chladach Theas i mbaol tuile, agus i mbaol creimeadh cósta.

I bhfianaise an mheascáin sheanbhunaithe úsáidí talún, idir ghairneoireacht agus thalamh cónaithe, sa limistéar seo, agus i bhfianaise na fála atá ar bhonneagar seirbhísí uisce, beidh an straitéis lonnaíochta i leith tithíochta amuigh faoin tuath níos solúbtha sa limistéar atá marcáilte ar na léarscáileanna sa Dréachtphlean. Tá an limistéar seo ó dheas agus thoir ón R128, ón acomhal le Bóthar an Tobair, díreach thiar ón Ros.

Déanfar tithíocht a bhreithniú i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu le deich mbliana anuas ar a laghad ar an gCladach Theas, nó laistigh de theorainn forbartha an Rois nó i bhfoisceacht ciliméadar amháin ar an mbóthar de cheachtar de na limistéir sin. Breithneofar tithíocht freisin i gcás máthar, athar, mic nó iníne le cónaitheoir atá incháilithe. Beidh tithe ag teacht le sainghné tuaithe agus sainghné cósta an limistéir. Mar gheall ar íogaireachtaí an limistéir, toisc é a bheith gar don chósta agus d'Inbhear Bhaile Roiséir, ceanglófar ar iarratasóirí a léiriú nach mbeidh baol tuile ná baol creimthe i gceist i gcás forbairt nua ar bith atá beartaithe, agus nach n-imreofar drochthionchar, cibé acu go díreach nó go hindíreach, ar na láithreáin ainmnithe atá laistigh d'Inbhear Bhaile Roiséir.


Cuspóir TFG40

Iarratais phleanála a bhreithniú i leith tí atá i limistéar an Chladaigh Theas sa Ros i gcás daoine a bhfuil cónaí orthu le deich mbliana anuas ar a laghad i limistéar an Chladaigh Theas, nó laistigh de theorainn forbartha an Rois nó i bhfoisceacht ciliméadar amháin ar an mbóthar de cheachtar de na limistéir sin, faoi réir pleanáil inbhuanaithe agus breithniú i dtaobh iarmhairtí an athraithe aeráide.


Cuspóir TFG41

Iarratais phleanála a bhreithniú i leith tí atá i limistéar an Chladaigh Theas sa Ros ó mháthair, athair, mac nó iníon le duine atá incháilithe faoi Chuspóir TFG40, faoi réir pleanáil inbhuanaithe agus breithniú i dtaobh iarmhairtí an athraithe aeráide.


Cuspóir TFG42

A cheangal, i gcás teach ar bith a ndeonaítear cead pleanála ina leith i limistéar an Chladaigh Theas, go mbeidh sé faoi réir ceanglas áitíochta, arb amhlaidh faoi nach mór go mbeadh an teach áitithe ar dtús mar áit bhuanchónaithe ag an iarratasóir agus/nó baill dá neasteaghlach ar feadh tréimhse íosta seacht mbliana.


Cuspóir TFG43

A cheangal go léireoidh iarratasóir ar theach i limistéar an Chladaigh Theas, chun sástacht an Údaráis Pleanála, nach bhfuil agus nach mbeidh an suíomh faoi réir tuile ná creimthe i gcomhréir le tuartha náisiúnta i dtaobh athrú aeráide.


Cuspóir TFG44

A cheangal go léireoidh iarratasóir nach ndéanfaidh aon teach atá beartaithe dochar, cibé acu go díreach nó go hindíreach, do shláine éiceolaíochta aon láithreáin Eorpaigh.


Cuspóir TFG45

Tithe nua a cheadú i limistéar an Chladaigh Theas, faoi réir gnáthchritéir pleanála inbhuanaithe agus i gcomhréir le hiarmhairtí an athraithe aeráide, a bhfuil léirithe ina dtaobh chun sástacht an Údaráis Pleanála nach féidir iad a cheangal le séarach poiblí laistigh de thréimhse réasúnta ama, ar shuíomhanna nach lú a n-achar ná 0.2ha.

Suíomh Tithe idir an Fharraige agus Bóithre Tadhlacha

Díspreagfar forbairt tithe idir bóthar agus an fharraige mar gheall ar iarmhairt fhéideartha an athraithe aeráide amhail leibhéal na farraige a bheith ag ardú agus creimeadh cósta, iarmhairt fhéideartha forbraíochta nua ar thírdhreacha nó radhairc ardscéimhe agus an tionchar carnach a d'fhéadfadh a bheith ag tithíocht tuaithe ar Láithreáin 2000. Ní cheadófar teach nua ar bith ar thailte a bhfuil a gcuspóir criosaithe sainithe mar ‘Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna’, atá idir an fharraige agus bóthar an chósta. I gcás iarratasóirí ar chead pleanála i gcomhair teaghaise a chomhlíonann an straitéis lonnaíochta do thithe faoin tuath, agus más rud é go bhfuil an fheirm theaghlaigh atá ann cheana suite ina hiomláine idir an cósta agus an bóthar, agus más rud é nach bhfuil deis ar bith ann foirgneamh atá ar an bhfeirm cheana ná foirgneamh dúchasach a athrú ina theaghais nua ar an bhfeirm ná síneadh a chur leis an teach feirme atá ann cheana féin, breithneofar malairt suímh ar an ngabháltas.


Cuspóir TFG46

A cheangal nach gceadófar teach nua ar bith ar thailte a bhfuil a gcuspóir criosaithe sainithe mar ‘Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna’, atá idir an fharraige agus bóthar an chósta, ach amháin i gcásanna atá clúdaithe faoi Chuspóir TGF47


Cuspóir TFG47

Malairt suímh atá oiriúnach do theach nua a bhreithniú i gcás iarratasóirí a chomhlíonann an Straitéis Lonnaíochta do thithe faoin tuath, más rud é go bhfuil an fheirm theaghlaigh atá ann cheana suite ina hiomláine idir an cósta agus an bóthar, agus más rud é nach bhfuil deis ar bith ann foirgneamh atá ar an bhfeirm cheana ná foirgneamh dúchasach a athchóiriú mar theaghais nua ar an bhfeirm ná síneadh a chur leis an teach atá ann cheana féin.


Cuspóir TFG48

A áirithiú i gcás forbartha a dhéanfar ar shuíomh cósta ar bith trí shíneadh a chur le foirgnimh atá ann cheana, cinn nua a thógáil ina n-ionad, nó foirgnimh nua a thógáil, go mbeidh an fhorbairt sin ar mhéid, scála agus cáilíocht ailtireachta chuí agus nach dtógfaidh sí ó thaitneamhacht amhairc an limistéir agus nach mbeidh drochthionchar aici ar an oidhreacht nádúrtha ná an oidhreacht thógtha.

Cóiríocht Chónaithe d'Oibrithe Séasúracha

Ós rud é go bhfuil oibríochtaí saibhre, éagsúla feirmeoireachta sa Chontae, ní mór aghaidh a thabhairt ar sholáthar cóiríochta cónaithe d'oibrithe séasúracha. Tá oibrithe séasúracha talmhaíochta, lena n-áirítear oibrithe a thagann ó thíortha coigríche, á bhfostú ar fheirmeacha i bhFine Gall le blianta fada anuas. Le blianta beaga anuas, tá sé ag dul níos deacra ar fhostóirí in earnáil na talmhaíochta agus na gairneoireachta cóiríocht a chur ar fáil d'oibrithe sealadacha, go háirithe sna tráthanna is gnóthaí den bhliain.

I dtaca leis sin, cuireann a lán feirmeoirí cóiríocht ar fáil dá gcuid oibrithe i gcarbháin nó cábáin shoghluaiste shealadacha ar an láthair. Is iondúil a dhéantar é sin ar bhealach treallach, agus meastar gur cóiríocht faoi bhun gnáthchaighdeáin é d'oibrithe agus dá sláinte agus a bhfolláine. Tá tithíocht bhuan i limistéir thuaithe an Chontae ag a bhfuil an cuspóir criosaithe TU, CG agus LMÁ faoi réir chomhlíonadh na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe. Déanfar soláthar cóiríochta cónaithe nua ar an láthair d'oibrithe séasúracha feirme a shaindearadh ar bhealach comhsheasmhach a fhágfaidh go mbeidh ardchaighdeán cóiríochta ar fáil agus lena n-íoslaghdófar éifeachtaí ó thaobh amhairc ar an limistéar tuaithe mórthimpeall. Tá sé i gceist leis an mbeartas seo cion inbhuanaithe a dhéanamh don gheilleagar áitiúil lena gcoinnítear ar fáil sruth seasta oibrithe do na feirmeacha áitiúla, rud a éascaíonn a thuilleadh do tháirgeadh bia, barr agus plandaí.

Meastar nach mbeidh cóiríocht chónaithe d'oibrithe séasúracha ag teastáil ach amháin i gcás na bhfeirmeacha is mó. Ní mór achar 50 heicteár ar a laghad a bheith i bhfeirm ina leith sin. Ní cheadófar an cineál sin cóiríochta ach amháin sna criosanna TU, CG agus PB. Ní cheadófar aon chóiríocht den chineál sin sa chrios LMÁ.

Feirmeoirí ar mian leo cóiríocht a sholáthar dá gcuid oibrithe, moltar dóibh na céimeanna seo a ghlacadh:

  • An bhfuil cóiríocht eile ar fáil, i.e. i dteach atá ann cheana féin (áirítear leis sin oibrithe talmhaíochta agus teaghaisí tuaithe eile), in óstán, i gcineálacha eile foirgnimh chónaithe, cibé acu sa limistéar tuaithe nó i mbailte nó sráidbhailte in aice láimhe?
  • An bhfuil foirgnimh eile ar fáil a d'fhéadfaí a athchóiriú mar chóiríocht chónaithe, ar an láthair nó lasmuigh di?
  • Tá sé de dhualgas ar an bhfeirmeoir nó ar an bhfostóir imthosca speisialta a léiriú i dtaobh na gceanglas cóiríochta, agus a léiriú go ndearnadh gach rogha eile a mheas.
  • Ní mór gurb é an suíomh a roghnaíodh an ceann is oiriúnaí sa ghabháltas.
  • Ní mór socruithe leordhóthanacha a dhéanamh maidir le diúscairt bruscair agus séarachais ón láthair.

Cuspóir TFG49

Déanfar breithniú maidir le talamh a ghabhann leis an bhfeirm a úsáid i gcomhair oibrithe séasúracha/sealadacha faoi réir na gceanglas seo a leanas, agus ní mór an méid seo a leanas a léiriú ina leith:

  • Feirm shaothrach atá faoi bhainistíocht ghníomhach atá i gceist, ina bhfuil achar 50 heicteár ar a laghad.
  • Tá gá leis an méid cóiríochta agus an cineál cóiríochta agus ní féidir freastal air sin in áit ar bith eile. Is ar an bhfeirmeoir nó ar an bhfostóir atá an dualgas an méid sin a léiriú.
  • Is le haghaidh úsáide ag oibreoirí feirme a ghabhann leis an bhfeirm atá an chóiríocht, agus ní bheidh sí ar díol ná á ligean ar cíos d'aon duine nach bhfuil ag gabháil don obair feirme sin.
  • Déanfar cóiríocht chónaithe nua ar an láthair d'oibrithe séasúracha feirme a shaindearadh ar bhealach comhsheasmhach a fhágfaidh go mbeidh ardchaighdeán cóiríochta ar fáil agus lena n-íoslaghdófar éifeachtaí ó thaobh amhairc ar an limistéar tuaithe mórthimpeall.
  • Féadfar cóiríocht a chur ar fáil i gcomhair 100 oibrí séasúrach ar a mhéid ar ghabháltas inmharthana.
  • Cuirfear cóiríocht nua shaintógtha ar fáil in aonad ina bhfuil 10 leaba ar a mhéid.
  • Beidh an méid seo a leanas ar fáil i ngach aonad:
    • Cóiríocht agus spás oscailte leordhóthanach chun compord agus taitneamhacht leordhóthanach a chur ar fáil do na háititheoirí
    • Toisí seomra a bheidh de réir íoschaighdeáin an Phlean Forbartha
    • Cistin, seomra cónaí agus seomra bia comhroinnte ar bhonn 4 mheádar chearnacha ar a laghad a bheith ar fáil in aghaidh na leapa san aonad, mar aon le spás cúrsaíochta ar bith
    • Beidh cithfholcadán, leithreas agus báisín en suite ag gabháil le gach seomra leapa
    • Saoráidí comhchoiteanna agus saoráidí áineasa oiriúnacha, taobh istigh agus amuigh faoin spéir, de 5-7 meádar chearnacha san iomlán in aghaidh na leapa
    • Cuirfear saoráidí agus seirbhísí comhchoiteanna ar fáil agus áireofar leo saoráidí níocháin agus saoráidí bruscair.
    • Comhlíonfar Rialacháin Tógála agus Rialacháin Dóiteáin.
  • Socruithe iompair ionas go mbeidh bealach éasca ag oibrithe chuig bailte agus sráidbhailte in aice láimhe. Cuirfear ceann díobh seo a leanas ar fáil:
    • Cosáin lena gceanglófar an fhorbraíocht leis an mbaile nó an sráidbhaile is gaire di,
    • Cosáin lena gceanglófar an fhorbraíocht leis an nasc iompair phoiblí is gaire di,
    • Bús tointeála príobháideach chuig an mbaile nó an sráidbhaile is gaire don fhorbraíocht.
  • Beidh aird ar an gcomhthéacs tírdhreacha maidir le dearadh, airde, scála agus bailchríocha.
  • Coinneofar na crainn agus na fálta sceach atá ann cheana a mhéid is féidir agus speicis dhúchasacha a bheidh sna plandaí nua.
  • Cuirfear Plean Tírdhreacha isteach le hiarratais ar chóiríocht shaintógtha nua.
  • Beidh acmhainn bhonneagair leordhóthanach ar fáil i leith draenála agus fuíolluisce chun freastal ar an bhforbraíocht.
  • Beidh socruithe leordhóthanacha ar fáil i dtaobh rochtana agus páirceáil carranna chun freastal ar an bhforbraíocht.

Cuspóir TFG50

Ní cheadófar cóiríocht d'oibrithe séasúracha sa chrios LMÁ.

Tithe arna nEasáitiú ag Oibreacha Bonneagair

Aithníonn an Chomhairle an staid ina bhfuil daoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath agus nach mór a gcuid tithe a fháil uathu, cibé ach le hordú nó trí chomhaontú, d'fhonn éascú d'fheabhas ar bhonneagar agus d'oibreacha atá chun an leasa choitinn. Breithneoidh an Chomhairle aon iarratas pleanála ó bhall teaghlaigh úinéara tí dá leithéid maidir le teach tuaithe faoi réir na gcoinníollacha céanna a mbeadh feidhm acu dá mba rud é gurbh í an teaghais atá faighte bun-áras teaghlaigh an iarratasóra le fada an lá.


Cuspóir TFG51

Breithniú a dhéanamh i dtaobh iarratas pleanála ar bith ó bhall den teaghlach a fuarthas a theach uaidh chun an leasa choitinn, cibé ach le hordú nó trí chomhaontú, maidir le teach tuaithe, faoi réir na gcoinníollacha céanna a mbeadh feidhm acu dá mba rud é gurbh í an teaghais atá faighte bun-áras teaghlaigh an iarratasóra le fada an lá.

Forbairt Ribíneach

Tugtar “forbairt ribíneach” ar líne tithe feadh bóthair tuaithe (a fhágann go bhfuil cúig theach nó níos mó ar aon taobh amháin d'aon stráice 250m den éadanas bóthair). Is féidir leis a bheith ina thoradh ar fhorbairt den chineál sin go mbíonn líon neamhshábháilte bealaí isteach ar bhóithre tuaithe, is féidir drochthionchar a bheith aici ar radhairc agus ar shainghné an limistéir agus is féidir léi an bhitheagsúlacht a laghdú, go háirithe trí chaillteanas fálta sceach. Dá bhrí sin, díspreagfar an fhorbairt ribíneach. Is é an tÚdarás Pleanála a chinnfidh cibé an gcruthóidh nó nach gcruthóidh togra ar leith forbairt ribíneach, agus aird aige ar an méid seo a leanas:

  • Cineál an limistéir tuaithe agus dálaí an iarratasóra.
  • A mhéid a d'fhéadfaí a mheas gur forbairt inlíonta atá i gceist leis an togra
  • A mhéid a gcuirfí síneadh leis an bhforbairt ribíneach atá ann faoi láthair nó cibé an gcuirfí le chéile limistéir shainiúla d'fhorbairt ribíneach, nó nach gcuirfí, de bharr an togra.
  • Dálaí áitiúla amhail stair pleanála agus gnáthbhreithniúcháin phleanála.

Dírítear aird ar Chuspóir TFG56 agus ar Chuspóir TFG60 ina ndéantar plé freisin i dtaobh coinneáil fálta sceach i bhforbraíochtaí nua.


Cuspóir TFG52

I limistéir atá faoi réir ceann de na cuspóirí criosaithe TU, CG, nó LMÁ, diúltú sa ghnáthchúrsa d'fhorbairt a chuirfeadh le forbairt ribíneach atá ann cheana, nó a chuirfeadh dlús faoi fhorbairt den sórt sin, de réir mar a shainítear í sna Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe, 2005. D'fhéadfaí maolú a bhreithniú sa chás ina bhfuil cead á lorg chun freastal ar na riachtanais tithíochta atá ag úinéir talún atá tadhlach le teach atá ann cheana ar le duine dá neastheaghlach é, sa chás ina léireofar go soiléir nach bhfuil aon suíomh oiriúnach eile ar fáil.


Cuspóir TFG53

Diúltú sa ghnáthchúrsa do bhealach isteach breise nua a oscailt chuig suíomh aon tí arna beartú mura bhfuil gá leis ar mhaith le cúrsaí sábháilteachta nó toisc nach ann d'aon rogha inmharthana eile.


Cuspóir TFG54

A cheangal go ndéanfaí bealach slán rochtana ar theach nua a dhearadh ionas nach gá stráicí fada nó stráicí tábhachtacha fálta sceach nó crann a bhaint ó thaobh an bhóthair. Nuair nach féidir é sin a dhéanamh, ba chóir malairt suímh nó malairt bealaigh rochtana a shainaithint.

Leagan Amach agus Dearadh i gcás Tithíochta faoin Tuath

Tá sé ina chuspóir sa Dréachtphlean teorainn a chur leis an éifeacht i dtaobh amhairc a bhíonn ag tithe nua ar an tuath. Sula ndéanfar cinneadh faoin gcead pleanála, ní mór an éifeacht i dtaobh amhairc a bheidh ag aon teach atá beartaithe ar an tírdhreach tuaithe a mheasúnú. Tá baint mhór idir éifeacht tí ar an tírdhreach tuaithe ó thaobh amhairc le suíomh agus dearadh, agus ní mór go léireofaí leo sin cineál an tsuímh agus cineál an tírdhreacha mórthimpeall.

Acmhainn nádúrtha luachmhar is ea an líonra fálta sceach ar fud Fhine Gall agus ní mór é a chosaint. Cé go bhfuil sé aitheanta gur gá crainn agus fálta sceach a chailliúint uaireanta nuair a bhíonn forbairt á déanamh, ba chóir an chailliúint sin a íoslaghdú. Sa chás ina mbaintear crainn agus fálta sceach, ba chóir iad a chur ar ais ar an suíomh, nó cinn eile a chur ina n-ionad. Go ginearálta, tá sé ríthábhachtach crainn agus fálta sceach a choinneáil i dtaobh cosaint a thabhairt do thréithe dearfacha shainghné an tírdhreacha agus do ghnéithe oidhreachta, agus ionas go mbeidh timpeallacht tharraingteach ann i gcomhair maireachtála. Cosnófar crainn, fálta sceach, teorainneacha baile fearainn agus sruthchúrsaí atá ann cheana atá luachmhar i dtaobh taitneamhachta, i dtaobh na staire nó i dtaobh na bithéagsúlachta de, agus áiritheofar go ndéanfar soláthar ceart dá gcosaint agus dá mbainistiú i dtograí forbartha feasta.

Trí chaighdeáin arda a leagan síos maidir le suíomh agus dearadh, féadfar tionchar aon tí atá beartaithe ar an tírdhreach a íoslaghdú. Ba chóir go gcuirfí san áireamh le suíomh teaghaisí nua cineáil an tsuímh, imlínte an tsuímh mar atá faoi láthair, agus scála, foirm agus leagan amach aon teaghaisí atá ann cheana agus aon teaghaisí tadhlacha, nuair is cuí. Ní mór go léireodh an dearadh agus na hábhair traidisiún tógtha tuaithe an Chontae. Tacófar le dearaí nua-aimseartha ardchaighdeáin ina léireofar an traidisiún ach ní cheadófar teaghaisí a bhfuil dearadh fo-uirbeach orthu nó a bheadh ceannasach, ionsáiteach, nó míréireach i dtimpeallacht tuaithe. D'fhonn an cuspóir um dhearadh tí ardchaighdeáin a chur chun cinn sa limistéar tuaithe, ba chóir Caibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, a cheadú.

Ba chóir tograí maidir le teaghaisí nua a dhearadh agus a leagan amach ar shlí ionas nach gcuirfear le líon na mbealaí nua isteach ar aon bhóthar poiblí. Is é an rogha tosaíochta go roinnfí bealaí isteach le tithe nó clóis feirme atá ann cheana, ar le teaghlach úinéir an tí nua iad.


Cuspóir TFG55

A áirithiú go roghnófar suíomh do theaghaisí nua sa limistéar tuaithe ar shlí íogair, go mbeidh na teaghaisí ag teacht le Cineál Sainghné an Tírdhreacha sa neastimpeallacht, agus go mbainfear an úsáid is fearr as an tírdhreach nádúrtha i dtaobh dearadh íogair a bheidh inbhuanaithe agus tíosach ar charbón. Beidh gá le hanailís nó staidéar féideartha iomlán ar an suíomh atá beartaithe agus ar an tionchar a bheadh ag an teach atá beartaithe ar an tírdhreach mórthimpeall chun tacú le hiarratais ar chead pleanála.


Cuspóir TFG56

A áirithiú go gcomhlíonfaidh dearadh teaghaisí nua an Chaibidil ar Chaighdeáin Bhainistíochta Forbartha, agus, go háirithe, an méid seo a leanas;

  1. A spreagadh go ndéanfar teach cónaithe a dhearadh ionas go mbeidh sé suite go híogair, go léireofar sa dearadh go mbeidh an teach ag teacht leis an gCineál Sainghné Tírdhreacha, agus go mbeidh meas ar shainghné, patrún agus traidisiún áiteanna, ábhar agus foirmeacha tógtha atá ann cheana;
  2. Cosaint a thabhairt do chrainn, fálta sceach, teorainneacha baile fearainn agus sruthchúrsaí atá ann cheana atá luachmhar i dtaobh taitneamhachta, i dtaobh na staire nó i dtaobh na bithéagsúlachta, agus a áirithiú go ndéanfar soláthar ceart dá gcosaint agus dá mbainistiú i dtograí forbartha feasta.
  3. Cineálacha cur chuige inbhuanaithe a chur chun cinn i ndáil le dearadh tithe cónaithe agus a spreagadh go mbeidh tograí tíosach ar fhuinneamh agus ar charbón sa dearadh agus sa leagan amach atá orthu;
  4. A cheangal go ndéanfar tírdhreachú agus scáthphlandáil ar fhorbraíochtaí beartaithe ag baint úsáide as speicis agus grúpaí dúchasacha/áitiúla den chuid is mó.

Cuspóir TFG57

A áirithiú go mbeidh Ráiteas cuimsitheach um Éifeacht ó thaobh Amhairc ag gabháil le hiarratas pleanála ar bith le haghaidh tí i limistéar ag a bhfuil cuspóir criosaithe ‘Crios Glas’ nó ‘Limistéar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna’.


Cuspóir TFG58

A spreagadh go ndéanfaí teaghaisí nua sa limistéar tuaithe a shuí gar d'áras an teaghlaigh sa chás inar féidir leis na dálaí draenála freastal ar an iarmhairt charnach de bharr cruthú gráige den sórt sin agus sa chás nach n-imreofaí drochthionchar ar thaitneamhachtaí an tí bhunaidh de bharr gráig a bheith ann. Sa chás ina léirítear go soiléir nach bhfuil an socrú sin ar fáil, cead a thabhairt an teaghais nua a shuí ar mhalairt suímh atá i bhfoisceacht dhá chiliméadar d'áras an teaghlaigh, nó, i gcás iarratas arna ndéanamh faoi Chuspóir TFG38, i bhfoisceacht dhá chiliméadar den Chrios Inmheánach Torainn agus faoi réir an choinníll maidir le bheith ar an taobh Thoir nó an taobh Thiar den M1.


Cuspóir TFG59

A áirithiú go léireoidh dearadh bealaí isteach agus teorainneacha tosaigh íogaire i dtaobh na timpeallachta tuaithe. I dtaca leis sin, díspreagfar ballaí bloc agus gnéithe ornáideacha agus úsáidfear fálta dúchasacha nuair is cuí.


Cuspóir TFG60

A áirithiú go gcoinneofar fálta sceach agus teorainneacha sainiúla i limistéir thuaithe. I gcás nach féidir a sheachaint go mbainfí fál sceach nó teorainn shainiúil eile, ceanglófar go soláthrófar an cineál céanna teorann de speiceas arna chomhaontú, ar comhfhad, sa suíomh.

Foirgnimh Dhúchasacha a Athchóiriú

Tá an iliomad foirgnimh dhúchasacha atá ar fud na tuaithe ina gcuid thábhachtach de thírdhreach tuaithe Fhine Gall. Téarma is ea "dúchasach" a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar rud atá coitianta in áit nó limistéar ar leith. Nuair a bhaintear leas as an téarma i ndáil le foirgnimh nó le hailtireacht, tagraíonn sé do na gnáthdhéanmhais a d'fheidhmigh mar thithe, feirmeacha, áiteanna oibre agus foirgnimh phobail i gceantar. De ghnáth tógadh iad as ábhar de bhunadh na háite, amhail adhmad, cloch, láibe, aol agus tuí. Is iondúil gur foirgnimh shimplí iad i dtaobh dearaidh. Is ón 18ú haois, an 19ú haois agus tús an 20ú aois atá formhór na ndéanmhas sin. Tá cuid mhór déanmhas dúchasach an-tarraingteach i bhFine Gall laistigh den limistéar tuaithe, a bhfuil cuid díobh sa Taifead ar Dhéanmhais Chosanta, astu féin nó mar chuid de chúirtealáiste Déanmhais Chosanta, agus dá bhrí sin tá siad faoi réir na gcuspóirí atá leagtha amach i gCaibidil 10, Oidhreacht Chultúrtha. (Féach freisin Caibidil 10, Oidhreacht Chultúrtha, Oidhreacht Ailtireachta, Soláthar Foirgneamh Stairiúil/Oidhreacht Dhúchasach agus Caibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha)

Tá cuid mhór de na foirgnimh dhúchasacha sa limistéar tuaithe nach bhfuil ainmnithe mar “Déanmhas Cosanta” ach mar sin féin baineann tábhacht leo i dtaca le carachtar sainiúil limistéar tuaithe Fhine Gall. Gné thábhachtach de limistéar tuaithe Fhine Gall is ea na tithe dúchasacha ón 18ú haois agus ón 19ú haois, ar tithe dhá stór a bhformhór agus iad tógtha d'ábhar simplí, agus na sciobóil iomadúla cloiche. Mar aitheantas ar thábhacht an tsoláthair foirgneamh sin, cuireann Comhairle Contae Fhine Gall chun cinn coinneáil, athúsáid agus athchóiriú foirgneamh dúchasach, agus a bhfoirm agus a mealltacht a choinneáil toisc go gcuireann siad go mór le féiniúlacht agus sainghné an limistéir tuaithe.

Cottage with tin roof

Teaghaisí Dúchasacha

D'fhonn a spreagadh go mbainfí úsáid as an nua as teaghaisí dúchasacha stairiúla, ní bheidh iarratais ar athchóiriú íogair ar thithe agus iostáin dhúchasacha, nach bhfuil in úsáid, faoi réir na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe maidir le tithíocht faoin tuath a bhfuil feidhm aici maidir le teaghaisí nua, má tá an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Coinneofar sainghné na teaghaise dúchasaí.
  • Deiseofar bunchreatlach stairiúil na teaghaise agus leas á bhaint as modhanna tógála agus ábhair thraidisiúnta chuí.
  • Ní mór go mbíodh an déanmhas ina áit chónaithe. Sa chás nach raibh cónaí ar aon duine sa teaghais le hachar fada ama, ní mór fianaise a sholáthar go mbíodh sí ina háit chónaithe tráth.
  • Sa chás ina bhfuil an foirgneamh tréigthe, ní mór a chruthú go n-oireann a struchtúr do na hoibreacha atá beartaithe.
  • Glacfar bearta chun taca a chur leis an bhfoirgneamh agus é a chosaint ar thitim roimh na hoibreacha foirgníochta agus lena linn.
  • Comhlíonann an togra na caighdeáin draenála i dtaobh teaghaisí nua i limistéir thuaithe.

Sa chás ina bhfuil sé beartaithe cur le méid na teaghaise dúchasaí trí shíneadh a chur léi, ní mór do dhearadh, scála agus lorg coise an tsínidh agus na hábhair as a mbeidh sí déanta a bheith ag teacht leis an teaghais atá ann cheana agus lena timpeallacht. Breithneoidh an Chomhairle úsáid as an nua a bhaint as sciobóil dhúchasacha chun síneadh a chur le teaghaisí dúchasacha.

Sciobóil Dhúchasacha

Gné eile den fhoirm tógála dhúchasach is ea an t-ionad feirme traidisiúnta agus na foirgnimh a ghabhann leis, a mbíonn ról tábhachtach acu maidir le hómós áite agus sainiúlacht an cheantair don phobal tuaithe agus do chuairteoirí araon. De bharr athruithe ar mhodhanna feirmeoireachta, d'fhéadfadh sé nach n-oireann roinnt de na foirgnimh sin a thuilleadh do chleachtais nua-aimseartha feirmeoireachta, agus dá bhrí sin tá athrú tagtha ar an bhfeidhm eacnamaíoch thraidisiúnta atá acu sa gheilleagar tuaithe. Más amhlaidh atá, d'fhéadfadh sé a bheith cuí úsáid as an nua a bhaint astu ar shlí íogair. D'fhéadfadh sé go mbeadh deis le tapú maidir leis na foirgnimh sin a athchóiriú i gcomhair turasóireachta nó úsáidí eile lena ndéanfaí éagsúlú ar an bhfeirm, ar choinníoll go bhfuil na húsáidí sin ceadaithe sa chrios úsáide talún ábhartha. Sa chás ina bhfuil sé beartaithe scioból a athchóiriú mar theaghais, beidh feidhm ag téarmaí na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe maidir le tithíocht faoin tuath mura rud é gur Déanmhas Cosanta é an scioból agus mura rud é go bhfuil an t-athchóiriú beartaithe mar shíneadh ar theaghais dhúchasach mar a ndéantar cur síos air thuas, agus más rud é go gcomhlíonann an fhorbraíocht atá beartaithe an méid seo a leanas:

  • Agus úsáid as an nua á baint as aon sciobóil stairiúil, cibé an bhfuil sé faoi chosaint nó nach bhfuil, ní mór a áirithiú go ndeiseofar an bunchreatlach stairiúil agus leas á bhaint as modhanna tógála agus ábhair thraidisiúnta chuí.
  • Ní mór an t-athchóiriú ar scioból a dhearadh ar shlí íogair, agus meas a léiriú ar thimpeallacht, foirm, scála agus ábhair na ndéanmhas atá ann cheana.
  • Ní mór don togra na caighdeáin draenála i dtaobh teaghaisí nua i limistéir thuaithe a chomhlíonadh.
  • Sa chás ina bhfuil an foirgneamh tréigthe, ní mór a chruthú go n-oireann a struchtúr do na hoibreacha atá beartaithe.
  • Glacfar bearta chun taca a chur leis an bhfoirgneamh agus é a chosaint ar thitim roimh na hoibreacha foirgníochta agus lena linn.

Cuspóir TFG61

Foirgnimh dhúchasacha Fhine Gall a choinneáil, meas a léiriú orthu agus iad a athbheochan trí chur i gcoinne déanmhais nua-aimseartha a bheith á gcur in ionad foirgnimh dhúchasacha ardchaighdeáin, agus trí fhoirgnimh dhúchasacha a chosaint más rud é go gcuireann siad le sainghné an limistéir tuaithe.


Cuspóir TFG62

A spreagadh go ndéanfaí athdheisiú nó athchóiriú íogair ar fhoirgnimh dhúchasacha thuaithe agus a spreagadh nach leagfaí iad agus nach gcuirfí foirgnimh nua ina n-ionad.

Cúrsaí Draenála faoin Tuath

Tá tábhacht níos mó ná riamh le ceist na draenála de réir mar atá méadú ag teacht ar líon na dtithe faoin tuath. Is féidir le húsáid córais cóireála fuíolluisce drochthionchar a imirt ar cháilíocht an screamhuisce, agus ar an gcumas sárú a dhéanamh ar cheanglais reachtúla faoin gCreat-treoir Uisce maidir le stádas aon uisce a bheith ag dul in olcas. (Féach ar Chaibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, maidir le ceanglais i dtaobh córais cóireála ar an suíomh).


Cuspóir TFG63

A áirithiú go gcomhlíonfar go docht na ceanglais maidir le córais cóireála ar an suíomh, nó na ceanglais arna leasú faoi reachtaíocht náisiúnta nó faoi threoir náisiúnta nó Cóid Chleachtais amach anseo.


Cuspóir TFG64

Moltaí na Scéime um Chosaint Screamhuisce a chur chun feidhme.

Iompar Tuaithe

Tá ról mór ag an bhfáil atá ar iompar poiblí faoin tuath i dtaobh chur i gcoinne an aonraithe faoin tuath, agus spreagann sé cruthú samhlacha comhpháirtíochta, ar gach leibhéal, ina dtéann earnálacha tábhachtacha i mbun soláthar gníomhach a dhéanamh ar sheirbhísí iompair, d'fhonn a áirithiú go mbeidh an fháil chéanna ag gach duine orthu. Bunaíodh an tSeirbhís Iompair NIFTI i bhFine Gall faoin gClár Iompair Tuaithe agus cuirtear seirbhís bhus ar fáil fúithi do dhaoine a bhfuil cónaí orthu faoin tuath, sa Seanbhaile, i mBaile Gháire, i mBaile Bachaille, san Aill agus i mBaile an Rólaigh. Faoin tseirbhís luachmhar sin, cuirtear rochtain ar fáil ar sheirbhísí poiblí, ar fhostaíocht, ar oiliúint, ar shláinte agus ar áiseanna sóisialta. Mar aitheantas go mbaineann tábhacht mhór le feabhas a chur ar sheirbhísí taistil chuig limistéir thuaithe agus uathu, tacaíonn an Chomhairle le síneadh a chur leis an gClár Iompair Tuaithe agus le tionscnaimh eile dá shamhail faoina bhfreastalaítear ar riachtanais taistil mhuintir na háite ar fud an Chontae.


Cuspóir TFG65

Tacú leis an Tionscnamh um Iompar Tuaithe agus le soláthar córais iompair phoiblí chomhtháite don phobal tuaithe d'fhonn an t-aonrú sóisialta a laghdú agus mar rogha inmharthana i dtaobh iompar poiblí inbhuanaithe fadtéarmach.


Cuspóir TFG66

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí iompair phoiblí chun feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí iompair phoiblí chuig Sráidbhailte Tuaithe i bhFine Gall agus tacú le tionscnaimh iompair do phobail tuaithe agus éascú dóibh nuair is féidir, agus é ina chuspóir seirbhísí nua a sholáthar do shráidbhailte agus feabhas a chur ar sheirbhísí atá ar bun cheana agus iad a leathnú.

5.3 An Geilleagar Tuaithe agus Fiontair Thuaithe

Faoi láthair tá fiontair thráchtála éagsúla, idir bheag, mheánmhéide agus mhór, ar bun i limistéir thuaithe ar fud an Chontae. Foinsí tábhachta fostaíochta is ea iad agus cuireann siad leis an éagsúlú ar an ngeilleagar tuaithe.

Aithníonn an Chomhairle go mbeidh forbairt fiontar tuaithe agus deiseanna fostaíochta ríthábhachtach maidir leis an ngeilleagar tuaithe a chothú. I gcomhréir leis an straitéis eacnamaíoch don chontae ar fad, ba chóir fiontair ar scála cuí a threorú chuig bailte beaga, sráidbhailte agus limistéir ghnó faoin tuath. Ba chóir éascú don talmhaíocht, don ghairneoireacht, don fhoraoiseacht, don turasóireacht, do tháirgeadh fuinnimh in-athnuaite agus d'fhiontair atá bunaithe ar acmhainní tuaithe. Aithníonn an Chomhairle nach mór cothromaíocht a bhaint amach san fhorbairt tuaithe, lena n-áirítear éagsúla agus cosaint na timpeallachta tuaithe, agus go bhfuil bainistíocht chúramach de dhíth chuige sin. Tacaíonn an Chomhairle le fostaíocht tuaithe agus fiontair thráchtála atá ann cheana agus cothóidh sí fiontair ar scála cuí agus tacóidh sí leo.

Tá Fine Gall i riocht maith chun a mhuintir agus a chuid seirbhísí a chothú, chun a chuid pobal agus a tháirge turasóireachta a chur chun cinn, chun a thimpeallacht thógtha agus a chomhshaol nádúrtha a chosaint, agus chun éagsúlú a dhéanamh i dtaobh fiontar áitiúil, turasóireachta agus fostaíochta. Tacaíonn Comhar Leader Fhine Gall agus Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall le fiontair atá ar bun agus le fiontair nua-thionscanta i bhFine Gall. Faoi Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail Fhine Gall, féachtar le díriú ar bhonn straitéiseach ar Chriosanna Forbartha Eacnamaíocha Tuaithe (REDZ) chun bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan agus chun Clár REDZ a ullmhú. Tá an méid sin ina chuspóir ag an bPlean seo freisin.


Cuspóir TFG67

Inbhuanaitheacht an tsaoil faoin tuath a chosaint agus a chothú trí éascú d'fhiontar a bhaineann leis an tuath dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu faoin tuath.


Cuspóir TFG68

Laghdú a dhéanamh ar an ngá atá le comaitéireacht chuig an obair i limistéir uirbeacha sa cheantar.


Cuspóir TFG69

An tráchtáil agus an bheogacht a chothabháil sa limistéar tuaithe agus go háirithe sna sráidbhailte.


Cuspóir TFG70

Clár um Chrios Forbartha Eacnamaíocha Tuaithe a ullmhú agus a chur chun feidhme.

Earnálacha Tuaithe Fhine Gall

Sa chuid seo a leanas den Chaibidil, breathnófar ar na hearnálacha tuaithe ar leith sa limistéar tuaithe i bhFine Gall agus ar chuspóirí ar leith maidir leis na hearnálacha sin. Is féidir le hacmhainní tuaithe (fisiceacha, daonna agus cultúrtha) buntáistí ar leith a chruthú maidir le forbairt geilleagar tuaithe ar fud earnálacha amhail an talmhaíocht, an ghortóireacht, earnáil an bhia, an turasóireacht tuaithe, earnáil an fhuinnimh in-athnuaite agus na hearnálacha cruthaitheacha. Nuair a bhítear ag féachaint ar acmhainní tuaithe bíonn an acmhainneacht i dtaobh fás eacnamaíoch i limistéir thuaithe ag brath go mór ar an idirghníomhaíocht idir an ghníomhaíocht laistigh de gheata na feirme agus na táirgí agus na próisis a chuireann le luach na dtáirgí talmhaíochta. Is cuid dhílis den mhórgheilleagar tuaithe iad na hidirghníomhaíochtaí sin. Ón talmhaíocht go dtí an turasóireacht agus i gcomhréir leis an gcur chuige atá sa Tuarascáil CEDRA i dtaobh forbairt eacnamaíoch chomhtháite faoin tuath, tá gá le cur chuige níos comhtháite i leith bainistíochta ar acmhainneacht na n-acmhainní tuaithe mar atá aitheanta sa tuarascáil sin.

Tháinig roinnt earnálacha sonracha den gheilleagar tuaithe chun cinn mar chinn a bhfuil acmhainneacht ar leith acu i dtaobh cur le forbairt eacnamaíoch limistéar tuaithe Fhine Gall, agus airítear leo:

  • An Talmhaíocht,
  • An Ghairneoireacht
  • Agraibhia
  • Gnó Talmhaíochta
  • Earnáil na gCapall
  • An Fhoraoiseacht
  • Míntíriú Talún agus Eastóscadh Tathagaithe
  • Éagsúlú Feirme
  • Tionscadail Fuinnimh In-athnuaite
  • Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide
  • Gníomhaíocht Eacnamaíochta sa Teach
  • An Turasóireacht Tuaithe

An Talmhaíocht

Áirítear sa ghníomhaíocht talmhaíochta i bhFine Gall curaíocht ghránach agus barr eile, féarach agus déiríocht, agus tá sí ina chuid thábhachtach de shaol eacnamaíoch an limistéir tuaithe i bhFine Gall, a chabhraíonn leis an ngeilleagar tuaithe a chothú, a fheabhsú agus a chothabháil. Beidh an talmhaíocht fós ina gné thábhachtach den gheilleagar tuaithe i bhFine Gall. Ní mór earnáil na talmhaíochta a chur in oiriúint do na dúshláin atá le sárú mar gheall ar nuachóiriú, athstruchtúrú, forbairt an mhargaidh agus an tábhacht níos mó a bhaineann le saincheisteanna comhshaoil le himeacht ama.

Aithnítear nach mór cineálacha cur chuige éagsúla a ghlacadh chomh maith le cleachtais thraidisiúnta talmhaíochta. Spreagfaidh an Chomhairle cleachtais feirmeoireachta agus modhanna táirgthe a bhfuil aird acu ar chaomhnú, cosaint tírdhreacha, cosaint gnáthóg fiadhúlra, speicis i mbaol, flóra agus fána agus cáilíocht an uisce. Spreagfar cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe lena áirithiú nach gcuirfidh an fhorbairt isteach ar thaitneamhacht amhairc na tuaithe, ná ar oidhreacht ailtireachta an Chontae, agus go gcosnófar sruthchúrsaí agus limistéir lena mbaineann tábhacht éiceolaíochta ar bhagairt an truaillithe. Leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag tacú leis an talmhaíocht agus tionscnaimh nua talmhaíochta agus ag éascú dóibh.


Cuspóir TFG71

Tacú leis an líon uasta feirmeacha saothracha inbhuanaithe sa Chontae, agus a áirithiú nach ndéanfaidh aon fhorbairt nua dochar doleigheasta d'inmharthanacht tráchtála na talún atá á húsáid chun críocha talmhaíochta faoi láthair.


Cuspóir TFG72

A cheangal go gcuirfí Ráiteas um Éifeacht ó thaobh Amhairc ar fáil nuair a chuirtear isteach iarratas ar fhoirgnimh thalmhaíochta i limistéir ag a bhfuil cuspóir criosaithe LMÁ.


Cuspóir TFG73

A spreagadh go ndéanfaí forbairt ar chleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe i dtaobh an chomhshaoil, lena áirithiú nach gcuirfidh an fhorbairt isteach ar thaitneamhacht amhairc na tuaithe, agus go gcosnófar sruthchúrsaí, gnáthóga fiadhúlra agus limistéir lena mbaineann tábhacht éiceolaíochta ar bhagairt an truaillithe.

An Ghairneoireacht

Tá ról ríthábhachtach ag earnáil na gairneoireachta i bhFine Gall, sa gheilleagar áitiúil agus sa gheilleagar náisiúnta araon. Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann leis an earnáil sin, agus an gá atá ann talamh táirgiúil gairneoireachta a chosaint ar fhorbairt mhíchuí, idir fhorbairt thionsclaíoch, fhorbairt cónaithe agus fhorbairt tráchtála. Tacófar le forbairt earnála inbhuanaithe dea-bhainistithe gairneoireachta trínar féidir leas a bhaint as a chóngaraí atá Fine Gall do na margaí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus níos faide anonn, agus éascófar don fhorbairt sin.


Cuspóir TFG74

Tacú le forbairt na gairneoireachta i bhFine Gall agus éascú di, agus a spreagadh go mbunófaí fiontair nua nó go leathnófaí iad nuair is cuí.


Cuspóir TFG75

Tacú le forbairt cleachtas gairneoireachta atá inbhuanaithe i dtaobh an chomhshaoil, agus éascú di.

Agraibhia

Tá an earnáil agraibhia fós i measc na n-earnálacha táirgthe dúchasacha is tábhachtaí agus is dinimiciúla i ngeilleagar na hÉireann. Tá earnáil agraibhia dhea-bhunaithe i bhFine Gall, agus is ann atá roinnt cuideachtaí agraibhia a bhfuil ag éirí go geal leo. Tá an earnáil sin i ndea-riocht chun ról nach beag a bheith aici sa gheilleagar sna blianta beaga atá romhainn. Tacóidh an Chomhairle le gnólachtaí agraibhia atá i bhFine Gall agus le cinn nua a bhunófar, agus éascóidh sí dóibh, agus rachaidh sí i mbun rannpháirtíochta agus comhoibriú le páirtithe leasmhara tábhachtacha, gníomhaireachtaí ábhartha, ionadaithe de chuid na hearnála, agus pobail áitiúla chun forbairt a dhéanamh ar earnáil an agraibhia i bhFine Gall.

Spreagfar, in áiteanna cuí, an treocht atá ag teacht chun cinn i dtaobh leas a bhaint as margaí feirmeoirí chun earraí de bhunadh na háite a dhíol. Is féidir le margaí tuaithe den sórt sin cur le beocht tráchtála agus beocht shóisialta an cheantair ina mbíonn siad ar bun.


Cuspóir TFG76

Tacú leis an mborradh atá faoin earnáil agraibhia i bhFine Gall agus éascú don bhorradh sin


Cuspóir TFG77

Dul i mbun rannpháirtíochta agus comhoibriú le páirtithe leasmhara tábhachtacha, gníomhaireachtaí ábhartha, ionadaithe de chuid na hearnála, agus pobail áitiúla chun forbairt a dhéanamh ar earnáil an agraibhia i bhFine Gall, agus a áirithiú go ndaingneofar acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála chun leasa an gheilleagair áitiúil agus an gheilleagair náisiúnta.


Cuspóir TFG78

Tacú le hoibriú ceadúnaithe na margaí tuaithe áitiúla ag áiteanna oiriúnacha i mbailte agus i Sráidbhailte Tuaithe.

Gnó Talmhaíochta

Chun críche an Phlean seo, tagraíonn "agraibhia" do ghnó a bhaineann go díreach le hearnáil na talmhaíochta nó earnáil na gairneoireachta, a bhaineann le próiseáil táirgí a dtagann cuid mhór díobh ón gceantar áitiúil. Tá cruthú táirgí breisluacha ina ghné thábhachtach den ghnó talmhaíochta ar féidir leis comhlánú a dhéanamh ar tháirgí a fhoinsítear sa cheantar agus cur le hiomaíochas agus leis an nuálaíocht. Is féidir leis an ainmníocht sin seirbhísí tacaíochta don talmhaíocht agus don ghairneoireacht a fholú chomh maith. Tacóidh an Chomhairle le gnólachtaí talmhaíochta i bhFine Gall agus cinn nua a bhunófar, agus éascóidh sí dóibh, agus rachaidh sí i mbun rannpháirtíochta agus comhoibriú le páirtithe leasmhara tábhachtacha, gníomhaireachtaí ábhartha, ionadaithe de chuid na hearnála, agus pobail áitiúla chun forbairt a dhéanamh ar earnáil an ghnó talmhaíochta i bhFine Gall.


Cuspóir TFG79

Tacú le fás an ghnó talmhaíochta i bhFine Gall agus éascú dó agus spreagadh a thabhairt don ghnó talmhaíochta agus do sheirbhísí tacaíochta a bhfuil baint dhíreach acu le hearnáil na gairneoireachta nó earnáil na talmhaíochta sa cheantar i limistéir atá sa chrios GT.


Cuspóir TFG80

A cheangal, maidir le haon togra i dtaobh gnó talmhaíochta a lonnú laistigh den limistéar tuaithe, go mbeidh staidéar cuimsitheach ar thionchar ar an trácht ag gabháil leis, lena n-áireofar trácht HGV a bheadh ann de bharr an fhiontair sin.


Cuspóir TFG81

Gnó talmhaíochta atá ag brath den chuid is mó ar bhia agus táirgí onnmhairithe a threorú agus a spreagadh chuig limistéir ina bhfuil bonneagar bóithre leordhóthanach agus atá i gcrios cuí.

Earnáil na gCapall

Tá ról tábhachtach ag earnáil na gcapall i bhFine Gall, lena gcuimsítear ionaid eachaíochta, scoileanna marcaíochta agus seirbhísí um chapaill a chothú ar airgead. Ceann scríbe den scoth is ea Fine Gall i gcomhair saoire eachaíochta a fhreastalaíonn ar thraenáil agus ar aistir ar mhuin capaill. Mar aitheantas ar thábhacht na hearnála seo, i dtaobh úsáid talún agus i dtaobh fostaíocht dhíreach agus indíreach a chruthú, leanfaidh an Chomhairle ar aghaidh ag tacú le forbairt agus leathnú tionscail bheoga capall, agus á spreagadh.


Cuspóir TFG82

Tacaíocht agus spreagadh a thabhairt d'fhorbairt agus leathnú thionscal na gcapall sa chontae, lena n-áirítear tacaíocht do ghníomhaíochtaí a bhaineann le capaill, ar mhéid agus in áiteanna cuí.

An Fhoraoiseacht

Acmhainn nádúrtha is ea na coillte agus na coillearnacha ar féidir leo a bheith chun leasa an chontae i dtaobh na tráchtála, an áineasa, an chomhshaoil agus na háilleachta. Is féidir leis an bhforaoiseacht a bheith ina cineál breise gníomhaíochta feirme trí chur, cothabháil agus fómhar, agus is féidir léi ábhar tógála inbhuanaithe agus foinse fuinnimh in-athnuaite a sholáthar chomh maith.

D'fhoilsigh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara beartas foraoiseachta nua in 2014. Sa doiciméad ‘Forests, Products and People – Ireland’s Forest Policy – A Renewed Vision’, leagtar amach beartas an Rialtais maidir leis an earnáil thábhachtach seo den gheilleagar tuaithe.


Cuspóir TFG83

Éascú d'fhorbairt inbhuanaithe na foraoiseachta ar choinníoll go bhfuil sí ag teacht leis an tírdhreach mórthimpeall, nach mbeidh aon drochthionchar suntasach aici ar uiscí nádúrtha, gnáthóga fiadhúlra, ná limistéir chaomhantais, agus nach mbeidh drochéifeacht shuntasach ó thaobh amhairc aici ar an tírdhreach áitiúil, faoi réir comhlíonadh gnáthchritéir phleanála agus chomhshaoil.

Míntíriú Talún agus Eastóscadh Tathagaithe

Aithníonn an Chomhairle an tábhacht atá le tionscail eastóscacha don gheilleagar áitiúil agus don gheilleagar náisiúnta ina gcáil mar fhoinsí luachmhara amhábhair don tionscadal i gcoitinne agus don tionscal foirgníochta go háirithe, agus mar fhoinse thábhachtach fostaíochta. Faoi láthair, tá líon teoranta cairéal saothrach i bhFine Gall agus tá an t-ábhar ar fad bainte as na cairéil eastóscacha i dtuaisceart Fhine Gall go dtí seo.

Tá sé aitheanta gur féidir leis an tionscal drochthionchar tromchúiseach a bheith aige ar an tírdhreach agus ar thaitneamhachtaí i gcoitinne, lena n-áirítear cothú tráchta, creathadh, dusta, torann, truailliú uisce agus cur isteach ar amharc. Bíonn leibhéal níos airde creimthe i limistéir chósta ina thoradh ar eastóscadh tathagaithe ó chrios an chósta. Is féidir leis an gcineál sin forbartha cur isteach ar phróisis nádúrtha cósta, amhail cinn a bhíonn ar bun i gcórais duimhche ag a bhfuil ardluach éiceolaíochta. Sa tslí chéanna, is féidir le míntíriú talún i gcrios an chósta, go háirithe thart ar na hinbhir, cur isteach ar phróisis nádúrtha cósta agus dochar a dhéanamh do ghnáthóga luachmhara cósta nó iad a mhilleadh.

Aithnítear gurb amhlaidh i gcásanna áirithe gur féidir le cairéil a bheith tairbhiúil i dtaobh an chomhshaoil freisin, go háirithe nuair a bhíonn siad á ndíchoimisiúiniú, tráth a mbíonn deiseanna ann gnáthóga a chruthú agus inar féidir le malairt úsáidí a theacht chun cinn. (Féach Caibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha, i ndáil le Forbairt Chairéal)

I bhfianaise an drochthionchair thromchúisigh a bhíonn ag an tionscal eastóscach, ní dheonófar cead ach amháin sa chás ina bhfuil an Chomhairle deimhin go bhfuil an méid seo a leanas amhlaidh:

  • Tá gá leis i gcomhthéacs infhaighteacht dramhaíola foirgníochta agus scartála athchúrsáilte, nó foinsí eile ábhar níos inbhuanaithe;
  • Tabharfar cosaint iomlán don cháilíocht chomhshaoil agus don taitneamhacht, agus;
  • Tá soláthar cuí á dhéanamh d'athchóiriú an tírdhreacha.

Cuspóir TFG84

Gan tograí i ndáil le heastóscadh a bhreithniú ach amháin sa chás ina bhfuil an Chomhairle deimhin go dtabharfar cosaint iomlán don cháilíocht chomhshaoil agus don taitneamhacht agus go bhfuil soláthar cuí déanta d'athchóiriú an tírdhreacha.


Cuspóir TFG85

Athchúrsáil na dramhaíola foirgníochta agus scartála a spreagadh ionas gur lú an gá atá le heastóscadh.


Cuspóir TFG86

Cosc a chur ar bhaint mianraí agus míntíriú talún ar an gcósta, go háirithe in aice le hinbhir, ach amháin in imthosca eisceachtúla inar féidir a léiriú nach n-imreofar aon drochthionchar suntasach ar an gcomhshaol, ar an taitneamhacht amhairc, ná ar chuspóirí oidhreachta agus cuspóirí caomhantais Láithreán Eorpach.


Cuspóir TFG87

A áirithiú go n-áireofar le haon tograí amach anseo maidir le heastóscadh tathagaithe agus le tograí míntírithe measúnacht ar an tionchar ar an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha, agus ar chreimeadh, sil-leagan, breisiú agus uisciú, ar próiseas iad a théann i bhfeidhm ar an gcósta. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus/nó Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí a bheith ag gabháil le tograí den sórt sin.


Cuspóir TFG88

Próiseáil agus stóráil tathagaithe eastósctha a dhéanamh ar shlí lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar an dúlra agus ar thaitneamhachtaí cónaithe.


Cuspóir TFG89

Cosc a chur ar ábhar trá, tathagú, gaineamh agus gairbhéal a bhaint, lena n-áirítear ábhar a bhaint ó éiceachórais duimhche.


Cuspóir TFG90

Bogaigh chósta, gnáthóga cósta, agus riasc inbhir i limistéir chósta a chaomhnú agus a chosaint ar fhorbairt mhíchuí, lena n-áirítear míntíriú talún. Beidh togra ar bith i leith míntíriú talún i limistéir chósta faoi réir Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí agus faoi réir measúnachta ar thionchar ar aon bhogaigh, gnáthóga cósta, agus riasc inbhir i limistéir chósta agus ar an tionchar a bheadh aige ar phróisis cósta lena n-áirítear creimeadh, sil-leagan, breisiú agus tuilte, go háirithe i bhfianaise an athraithe aeráide.


Cuspóir TFG91

A cheangal go dtacófar le hiarratais ar chead pleanála i dtaobh míntíriú talún ar bith atá beartaithe le Ráiteas um Éifeacht ó thaobh Amhairc ina ndéantar cur síos cuimsitheach ar éifeacht na forbartha atá beartaithe ó thaobh amhairc.

Éagsúlú Feirme

Tá riachtanas eacnamaíoch ag teacht chun cinn go mbreithneoidh feirmeoirí bealaí eile lena ngabháltais a fhorbairt seachas an fheirmeoireacht thraidisiúnta. Soláthraíonn an fhorbairt bheartaithe sin ioncam breise nó malairt ioncaim, rud a mbaineann tábhacht ar leith leis ós rud é go bhfuil brú seasta anuas ar an ioncam a thagann ó tháirgí talmhaíochta amháin. Éascófar don éagsúlú, ar choinníoll go bhfuil an togra comhsheasmhach le gné tuaithe an cheantair máguaird, go bhfeabhsaíonn sé an ceantar sin, agus nach ndéanann sé dochar don acmhainneacht i dtaobh bia a tháirgeadh amach anseo ar an suíomh atá beartaithe, nó sa cheantar mórthimpeall.

Tá roinnt scéimeanna eile sainaitheanta ag Teagasc a mheastar atá oiriúnach d'fheirmeoirí a thabhairt fúthu chun críocha na héagsúlachta, lena n-áirítear táirgí déiríochta (amhail cáis agus iógart), fiontair i ndáil le capaill, turasóireacht eachtraíochta, athchóiriú feirmeacha neamhshaothracha agus teicneolaíochtaí inathnuaite.


Cuspóir TFG92

Tacú le tograí i ndáil le héagsúlú feirme sa chás ina bhfuil baint dhíreach ag an togra leis an obair talmhaíochta a dhéantar ar an bhfeirm nó le gné tuaithe an limistéir.


Cuspóir TFG93

A áirithiú go gcuirfear san áireamh an bonneagar bóithre mar atá sa limistéar faoi láthair in aon togra maidir le héagsúlú, agus go mbeidh an bonneagar bóithre feiliúnach don togra.


Cuspóir TFG94

Éagsúlú feirme a chur chun cinn sa chás nach mbeidh tionchar doghlactha aige ar thírdhreach, comhshaol ná sainghné an limistéir.


Cuspóir TFG95

Éagsúlú feirme a chur chun cinn sa chás nach gá, faoin togra, deireadh buan a chur leis an táirgeadh ar thalamh talmhaíochta ardchaighdeáin.


Cuspóir TFG96

Cur chun cinn a dhéanamh ar úsáid as an nua a bhaint as foirgnimh feirme atá ann cheana, ar shlí íogair, chun críche éagsúlú feirme. Nuair is gá foirgneamh nua a thógáil, déanfar é a shuí, nuair is praiticiúil, sa ghrúpa foirgneamh feirme atá ann cheana nó buailte leis, agus beidh gaol idir é agus na foirgnimh atá ann cheana agus an tuath mórthimpeall i dtaobh dearaidh, suímh, agus ábhar.


Cuspóir TFG97

Tacú le hobair Theagasc agus comhlachtaí eile feirmeoireachta/áitiúla sa chontae, agus éascú dóibh, i dtaobh an geilleagar tuaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear forbairt na talmhaíochta, éagsúlú tuaithe agus tionscnaimh nua a fhorbairt chun tacú leis an bhfeirmeoireacht.

Tionscadail Fuinnimh In-athnuaite

Cuid dhílis de chuspóirí na hÉireann um fhuinneamh inbhuanaithe agus dá straitéis um athrú aeráide is ea an fuinneamh in-athnuaite a fhorbairt. Cuidíonn an fuinneamh in-athnuaite i ndáil le comhlíonadh gach ceann de na trí sprioc um beartas fuinnimh, amhail slándáil fuinnimh, iomaíochas costais agus cosaint an chomhshaoil trí astaíochtaí gás cheaptha teasa (GCT) a laghdú. Is féidir leas a bhaint as limistéir thuaithe i gcomhair tionscadail fuinnimh in-athnuaite – lena n-áirítear fuinneamh gaoithe, hidreafhuinneamh agus grianfhuinneamh. Chomh maith leo sin, féadfar tabhairt faoi thionscadail dramhaíola go fuinneamh, amhail bithmhais, díleá anaeróbach agus díleá tirim, faoin tuath. Aithníonn an Chomhairle gur féidir leis an bhfuinneamh gaoithe cion nach beag a dhéanamh i dtaobh bhaint amach spriocanna na hÉireann um fhuinneamh in-athnuaite go dtí 2020 agus ina dhiaidh sin.

Tacóidh an Chomhairle le tionscadail fuinnimh in-athnuaite i limistéir thuaithe. Aithníonn an Chomhairle, áfach, nach mór tionscadail den sórt sin a chur i gcothromaíocht chúramach leis an ngá atá le cosaint a thabhairt d'íogaireachtaí tírdhreacha, taitneamhachtaí cónaithe, radhairc nó amhairc, cearta slí poiblí, gnáthóga fiadhúlra, limistéir chaomhantais speisialta, déanmhais chosanta agus cosáin imirce éan. Ceanglaítear go gcomhlíonfadh gach forbairt nua um fhuinneamh gaoithe sa Chontae na treoirlínte atá sa leagan dréachta de Straitéis Chomhairle Contae Fhine Gall um Fhuinneamh Gaoithe nó aon straitéis ina diaidh sin nó aon treoirlínte bainteacha laistigh de shaolré an Phlean.

Wind mill

Cuspóir TFG98

Spreagadh a thabhairt d'fhorbairt na hearnála fuinnimh mhalartaigh agus éascú don fhorbairt sin, i gcomhréir le Straitéis Áitiúil um Fhuinneamh In-athnuaite, agus a bheith ag obair leis na gníomhaireachtaí ábhartha chun tacú le forbairt cineálacha malartacha fuinnimh sa chás nach mbeidh drochthionchar ag na forbairtí sin ar cháilíocht chomhshaoil agus ar thaitneamhacht amhairc, chónaithe nó tuaithe an limistéir.

Fhiontair Bheaga agus Mheánmhéide

Aithníonn an Chomhairle go mbeidh forbairt fiontar tuaithe agus deiseanna fostaíochta ríthábhachtach maidir leis an ngeilleagar tuaithe a chothú. I gcomhréir leis an straitéis eacnamaíoch don chontae ina iomláine, ba chóir fostaíocht lena bhfreastalaítear ar na limistéir thuaithe a threorú i gcoitinne chuig lárionaid fostaíochta na mbailte agus na sráidbhailte beaga (féach Pleananna Limistéir Áitiúil na Sráidbhailte Tuaithe) agus chuig criosanna gnó tuaithe, ina ndéantar freastal ar infheistíocht áitiúil agus tionscail ar scála beag. Amuigh faoin tuath, cuirtear chun cinn an ghairneoireacht, tionscal na gcapall, an tionscal áineasa, an turasóireacht, táirgeadh fuinnimh, agus fiontair atá bunaithe ar acmhainní tuaithe.

Tacaíonn Comhar Leader Fhine Gall le daoine aonair agus le grúpaí i dtaobh forbairt a dhéanamh ar scileanna, acmhainní agus deiseanna a chabhraíonn an geilleagar tuaithe a neartú. Tacaíonn an Chomhairle leis an nuálaíocht sa tionscal dúchasach (idir thionscail ardteicneolaíochta agus thionscail thraidisiúnta) agus spreagann sí gnólachtaí nua-thionscanta trí lárionaid fostaíochta áitiúla Fhine Gall. Aithnítear go mbeidh ról tábhachtach ag cineálacha áirithe fiontar tuaithe, go háirithe iad siúd a bhaineann le hacmhainní nádúrtha agus lena ndéantar freastal ar phobail tuaithe, maidir le forbairt tuaithe anois agus sna blianta atá romhainn.


Cuspóir TFG99

Spreagadh a thabhairt d'fhiontair i mbailte beaga, sráidbhailte agus criosanna gnó tuaithe Fhine Gall agus tacú leo trí éascú do sholáthar spáis don fhostaíocht ar scála beag lena n-áirítear forbairt oifigí trí phróiseas an Phlean Limistéir Áitiúil.


Cuspóir TFG100

A spreagadh go mbainfí úsáid as an nua as foirgnimh fholmha agus foirgnimh thearc-úsáidthe i Sráidbhailte Tuaithe mar chóiríocht d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide.

Gníomhaíocht Eacnamaíochta sa Teach

Breithneofar le meon dearfach deiseanna atá le tapú i dtaca le gníomhaíocht eacnamaíoch i limistéir thuaithe (amhail saoráid cúraim leanaí, gnó, nó ceardlann cheardaíochta á rith ón mbaile) ar choinníoll go gcaomhnóidh agus go gcosnóidh an gnó atá beartaithe an timpeallacht fhisiceach, agus nach mbeidh tionchar aige, ar bhealach ró-dhiúltach, ar shainghné nó gné aon limistéir mar atá faoi láthair, agus nach gcuirtear go mór leis an trácht dá bharr.


Cuspóir TFG101

Gníomhaíochtaí eacnamaíocha ón mbaile a cheadú i dteaghaisí atá ann cheana, nuair is amhlaidh, de bharr chineál agus scála na ngníomhaíochtaí sin, gur féidir tabhairt faoin na gníomhaíochtaí sin atá beartaithe gan cur isteach an iomarca ar na nithe seo a leanas:

  1. Feidhmiú feirmeacha talmhaíochta nó gairneoireachta sa cheantar,
  2. Éiceolaíocht agus tírdhreach tuaithe an limistéir,
  3. Aon úsáid chónaithe thadhlach,
  4. Príomhúsáid na teaghaise mar áit chónaithe.

Leathanbhanda

Tuairiscíodh sa tuarascáil de chuid CEDRA go bhfuil rochtain ar leathanbhanda ardchaighdeáin agus an praghas a ghearrtar air i measc na ndúshlán is mó atá le sárú ag pobail tuaithe, go háirithe i dtaobh gnó. Cé go bhfuil a lán gnólachtaí agus tithe faoin tuath a bhfuil rochtain ach ar sheirbhís bhunúsach leathanbhanda, níl rochtain acu ar an gcineál seirbhísí idirlín ardtoillte ar phraghas réasúnta a bhfuil gá leo i dtimpeallacht ghnó nua-aimseartha. I gcuid mhór limistéar, ní leor iad cáilíocht agus cineálacha na seirbhísí a bhfuil fáil orthu faoi láthair chun tacú le cleachtas gnó a bheadh éifeachtach agus éifeachtúil. Cé gur saincheist náisiúnta é an gá le feabhas ar luas an leathanbhanda, baineann tábhacht ar leith lena áirithiú go mbeidh an chéad ghlúin eile den leathanbhanda ag gnólachtaí tuaithe agus acu siúd atá ag obair ón mbaile. Tacóidh an Chomhairle le leathnú agus cur i bhfeidhm seirbhísí leathanbhanda ardluais mar chomhpháirt ríthábhachtach den saol agus den ghnó faoin tuath.


Cuspóir TFG102

Tacú le leathnú agus cur i bhfeidhm seirbhísí leathanbhanda ardluais i limistéir thuaithe, agus éascú dó sin.

An Turasóireacht Tuaithe

Tá áiteanna mealltacha agus gnéithe nádúrtha éagsúla faoin tuath i bhFine Gall, lena n-áirítear radhairc áille an chósta agus na mbailte cuan, mar aon le gníomhaíochtaí amuigh faoin spéir, bia agus deoch. Tá réimse cuimsitheach gníomhaíochtaí do chuairteoirí á spreagadh anois faoin tuath i bhFine Gall. Áirítear leo sin galf, gníomhaíocht eachaíochta, ionaid eachtraíochta agus siúl agus rothaíocht.

Glacadh Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2015 – 2018 i mBealtaine na bliana 2015 agus féachtar inti le ceann scríbe mealltach, beoga agus inbhuanaithe a chur ar fáil do thurasóirí, ina mbeidh eispéireas ar leith ar fáil do mhuintir na háite agus do chuairteoirí ón tír seo agus ó thíortha thar lear.

Féachfaidh an Chomhairle le cur chun cinn a dhéanamh ar an deis eacnamaíoch agus shóisialta a thugann an turasóireacht sa limistéar tuaithe d'Fhine Gall agus don mhórcheantar. Breathnóidh an Chomhairle le meon dearfach ar fhorbairtí turasóireachta inbhuanaithe agus go háirithe ar thacú le bonneagar turasóireachta a bheidh i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an Chontae.


Cuspóir TFG103

Tacú le tionscnaimh turasóireachta inbhuanaithe lena bhforbraítear acmhainneacht turasóireachta an limistéir tuaithe agus lena n-aithnítear agus lena bhfeabhsaítear cáilíocht agus luachanna an limistéir tuaithe.

Gníomhaíochta Áineasa a bhaineann leas as Gnéithe Tírdhreacha Nádúrtha agus Tógtha

I gcomhthéacs na turasóireachta, is tábhachtach an ról a bhíonn ag an gcomhshaol nádúrtha, an tírdhreach, an oidhreacht thógtha agus ag sráidbhailte mealltacha. I measc na n-áiteanna áille is tábhachtaí tá na hardtailte i dtuaisceart an Chontae agus an cósta. Tugtar aitheantas freisin d'oidhreacht shaibhir ailtireachta agus seandálaíochta an chontae, ina bhfuil a lán foirgneamh oidhreachta a bhfuil an-cháil orthu, lena n-áirítear Caisleán Ard Giolláin, Muilte na Sceirí agus Caisleán Bhrí Mhór.


Cuspóir TFG104

Tacú le gníomhaíochtaí áineasa lena gcuirtear chun cinn úsáid ghnéithe nádúrtha an tírdhreacha ar bhealach nach dtógann ó na gnéithe ar a bhfuil na tionscnaimh sin atá beartaithe ag brath, agus nach ndéanann dochar míchuí dóibh. I gcás ina bhfuil sé i gceist leis an ngníomhaíocht atá beartaithe go n-athrófaí úsáid na talún i láithreáin Eorpacha nó in áiteanna tadhlacha, beidh tograí faoi réir Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.

Conairí Siúil

Deiseanna is ea conairí siúil chun tionscnaimh nua, nuálacha turasóireachta tuaithe a fhorbairt ar féidir leo cur le hinbhuanaitheacht eacnamaíoch na bpobal tuaithe. Tá taighde déanta a léiríonn an cion mór a dhéanann conairí i leith an gheilleagair in Éirinn anois. Má dhéantar forbairt bhreise, bainistíocht inbhuanaithe agus cur chun cinn ar líonra conairí áineasa, táthar ag súil go rachaidh sé go mór chun leasa pobal tuaithe ar fud na hÉireann. Trí dhaoine a mhealladh chuig limistéir thuaithe, is féidir an méid seo a leanas a bhaint amach trí chonairí áineasa:

  • Gníomhaíocht eacnamaíoch nach beag a spreagadh;
  • Fostaíocht a chruthú;
  • Cuir le luachanna réadmhaoine; agus
  • Ioncam breise a spreagadh i limistéir thuaithe trí ghníomhaíochtaí ar nós féilte agus imeachtaí.

Tá gnólachtaí ann ar nós bunaíochtaí leaba agus bricfeasta, brúnna, tithe tábhairne, bialanna, cuideachtaí a eagraíonn turais threoraithe, bunaíochtaí féinfhreastail, asraonta miondíola agus gníomhaíochtaí feirme a bunaíodh ar chonairí agus bíonn sé ina thoradh air sin go dtagann méadú ar an bhfostaíocht sa cheantar.

Tá acmhainneacht nach beag sa Chontae i dtaobh conairí siúil a fhorbairt. Fágann limistéar tuaithe glan Fhine Gall, nach bhfuil dochar ar bith déanta dó den chuid is mó, gur áit iontach é chun teacht ann i gcomhair siúlóide. Tá beagnach gach cineál siúlóidí le fáil ann, lena n-áirítear siúlóidí cnoic agus siúlóidí tuaithe, siúlóidí cois abhann agus siúlóidí sna sráidbhailte. Tá dua agus fuinneamh nach beag caite ag a lán grúpaí pobail agus táirge agus seirbhísí siúlóidí á bhforbairt acu dá bpobal féin agus do chuairteoirí. Is sa chomhthéacs sin a thacófar le conairí siúil faoin tuath i bhFine Gall agus a ndéanfar iad a fhorbairt. Déanfaidh an Chomhairle cur chun cinn agus éascú ar líonra comhordaithe conairí siúil sa Chontae trí Phlean Conairí Áineasa a ullmhú laistigh de shaolré an Dréachtphlean seo. (Féach Caibidil 6, Forbairt Eacnamaíoch – Cuid 6.9 Líonra Conairí Áineasa)


Cuspóir TFG105

Gníomhaíochtaí áineasa neamhfhoirmiúla, go háirithe an siúl, a chur chun cinn trí fhorbairt agus leathnú a dhéanamh ar líonra conairí sábháilte siúil i mbailte agus sráidbhailte agus sa cheantar máguaird. Is féidir na bealaí sin a nascadh le conairí atá ann cheana a bhfuil treo slí marcáilte orthu, siúlóidí Shlí na Sláinte agus codanna den Líonra Bonneagair Ghlais agus acmhainní áitiúla eile, amhail cearta slí atá ann faoi láthair nó cinn nua.


Cuspóir TFG106

Tacú le soláthar conairí fada siúil atá beartaithe lena dtugtar rochtain ar ardtailte, gnéithe abhann agus gnéithe cósta ardscéimhe, faoi réir Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.

Cearta Slí Poiblí

Faoi Alt 10(2)(o) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), ceanglaítear cuspóirí i dtaobh cearta slí poiblí a bheith san áireamh i bplean forbartha, go sainaithneofar cearta slí poiblí trína marcáil ar léarscáil amháin ar a laghad de na léarscáileanna atá ina gcuid den phlean forbartha agus go mbeidh liosta cearta poiblí curtha mar fhoscríbhinn leis an bplean forbartha.


Cuspóir TFG107

Mapáil agus doiciméadú a dhéanamh ar chearta slí atá ann cheana laistigh de dhá bhliain ón tráth a ghlacfar an Plean Forbartha seo. Cuirfear an obair sín i gcrích i gcomhairle le húinéirí talún agus leis an bpobal lena gcur san áireamh sa Phlean Forbartha mar Athrú.


Cuspóir TFG108

Féachaint le caibidlíocht a chur i gcrích i dtaobh cur chun feidhme cearta slí mar chuid d'fhorbraíochtaí nua nuair is cuí.


Cuspóir TFG109

Tacú le cearta slí atá ann, agus éascú dá leathnú tuilleadh ar fud an Chontae, agus cur i gcoinne forbartha a dhéanfadh dochar do rochtain an phobail ar chearta slí mura ndéanfar socruithe sonracha maidir le naisc oiriúnacha ina n-ionad, ar bhealach atá ag teacht le cuspóirí criosaithe an limistéir i dtaobh forbairt inbhuanaithe agus talamhúsáide.


Cuspóir TFG110

Féachaint le caibidlíocht a chur i gcrích maidir le rochtain ar thalamh trí chomhaontaithe i dtaobh cead rochtana, nuair is cuí agus nuair is féidir, d'fhonn rochtain a bheith ag an bpobal ar thailte chun críche taitneamhacht phoiblí.


Cuspóir TFG111

Feabhas a chur ar sholáthar comharthaí ar gach bealach a bhfuil ceart slí ann ina leith faoi láthair.

Galf

Bhí tóir ar shuí cúrsaí gailf laistigh den limistéar tuaithe le blianta beaga anuas agus chuir sé sin le forbairt eacnamaíoch agus shóisialta an limistéir tuaithe i bhFine Gall. Ní mór tionchar aon fhorbairt ar chúrsa gailf atá beartaithe ar an tírdhreach agus ar éiceachóras agus bithéagsúlacht an limistéar tuaithe, agus an tionchar carnach a bheadh ag cúrsaí gailf breise atá beartaithe ar an tírdhreach tuaithe, a bhreithniú i ndáil le haon tograí nua maidir le cúrsaí gailf.


Cuspóir TFG112

Éascú do chruthú cúrsaí gailf, cúrsaí gailf dhá mhaide, agus raonta gailf sa Chrios Glas sa chás nach mbeidh an fhorbairt sin ag teacht salach ar an bhfís agus an cuspóir criosaithe i ndáil leis an gCrios Glas agus nach mbeidh tionchar aici ar aon tírdhreacha deartha stairiúla, agus faoi réir Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.


Cuspóir TFG113

A cheangal nach mór Ráiteas Tionchair, lena n-áirítear bearta maolaithe atá beartaithe, a bheith ag gabháil le gach iarratas ar chead pleanála do chúrsaí gailf, agus go ndéanfar measúnacht sa Ráiteas Tionchair sin ar an méid seo a leanas:

  • An éifeacht ó thaobh amhairc,
  • Tionchar carnach an chúrsa gailf breise atá beartaithe ar an tírdhreach,
  • Tionchar an chúrsa gailf atá beartaithe ar an mbithéagsúlacht agus ar an oidhreacht ailtireachta agus seandálaíochta mar atá faoi láthair,
  • An tionchar ar dhraenáil, úsáid uisce agus cóireáil fuíolluisce sa limistéar, agus an maolú beartaithe ar an tionchar sin,
  • Níor chóir go leagfaí síos in aon phleananna tírdhreachaithe go gcuirfí speicis neamhdhúchasacha nó speicis eachtrannacha míchuí amhail Hippophae rhamnoides (Draighean Mara) mar theorainn, go háirithe in aice le gnáthóga íogaire cósta, agus
  • Faoi réir Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí.

An Turasóireacht agus Sráidbhailte Tuaithe Fhine Gall

Aithníonn an Chomhairle an acmhainneacht i dtaobh an turasóireacht a bheith ina príomhfheidhm eacnamaíoch de chuid na sráidbhailte tuaithe. Acmhainn is ea na sráidbhailte gleoite sin nach bhfuil forbairt leordhóthanach déanta orthu faoi láthair. Cothaíonn an Chomhairle gníomhaíochtaí turasóireachta inbhuanaithe cuí sna sráidbhailte agus spreagann sí forbairt saoráidí agus seirbhísí cultúir agus áineasa chun cuairteoirí agus turasóirí a mhealladh nuair is cuí. Ina measc siúd, mar shampla, bheadh caiféanna, bialanna, cóiríocht do thurasóirí ar nós teach aíochta/brú, stiúideonna d'ealaíontóirí agus dánlanna, soláthairtí siúil agus rothair ar cíos do chuairteoirí agus do thurasóirí.


Cuspóir TFG114

Forbairt agus uasmhéadú a dhéanamh ar an acmhainneacht turasóireachta atá ag sráidbhailte tuaithe trí éascú do sholáthar seirbhísí agus cóiríochta do chuairteoirí, táirgí turasóireachta nua, atá inbhuanaithe i dtaobh an chomhshaoil, a chur chun cinn, agus comhoibriú leis na comhlachtaí cuí chun margaíocht a dhéanamh ar an turasóireacht sa cheantar agus í a chur chun cinn.

Ionad Ealaíon Séamus Ennis

Tá Ionad Ealaíon Séamus Ennis (Ionad Cultúir Séamus Ennis mar a bhíodh) san Aill, i dtuaisceart an Chontae. Is le Comhairle Contae Fhine Gall an tIonad sin agus baineann tábhacht nach beag leis i dtaobh an gheilleagair áitiúil. Is iad aidhmeanna an Ionaid na hEalaíona Traidisiúnta agus na hEalaíona i gcoitinne a chothú agus a fhorbairt ar bhonn réigiúnach agus ar bhonn áitiúil agus, chun na críche sin, bíonn léiriúcháin, seisiúin, ceardlanna agus ranganna ar siúl san ionad gach uile sheachtain. Tá sé ina chuspóir ag an Dréachtphlean seo agus ag Plean Limistéir Áitiúil reatha na hAille tógáil ar an rath atá ar an Ionad.


Cuspóir TFG115

Síneadh agus forbairt ar Ionad Ealaíon Séamus Ennis a chur chun cinn, ionas go mbeidh amharclann/ionad gníomhaíochta saintógtha agus saoráidí coimhdeacha ina gcuid de.

Soláthar Cóiríochta do Chuairteoirí i Limistéar Tuaithe Fhine Gall

Tá soláthar leordhóthanach cóiríochta oiriúnaí chun freastal ar riachtanais na dturasóirí ina chuid ríthábhachtach d'aon tairiscint turasóireachta a n-éireoidh léi. Tacóidh an Chomhairle le soláthar cóiríochta den sórt sin, in óstáin, tithe aíochta, cóiríocht leapa agus bricfeasta agus ionaid champála. Go ginearálta, ba chóir óstáin agus tithe aíochta a shuí i mbailte nó i sráidbhailte, cé go mbreithneofar freisin tithe móra faoin tuath a athchóiriú mar chóiríocht do thurasóirí. Déanfar soláthar cóiríochta leapa agus bricfeasta, faoi réir cheanglais na Straitéise Lonnaíochta Tuaithe, agus cóiríocht in ionaid champála a bhreithniú i dtaobh áiteanna amuigh faoin tuath. Tabharfaidh an Chomhairle aird ar leith ar an éifeacht ó thaobh amhairc ar an tírdhreach tuaithe a bheidh ag aon fhorbairt ionaid campála a bheartaítear.


Cuspóir TFG116

Tacú le síneadh beartaithe ar theaghaisí atá ann cheana, i limistéir ag a bhfuil cuspóirí criosaithe TU, CG, LMÁ, ST, nó GT, ina bhfuil cóiríocht leapa agus bricfeasta nó cóiríocht tí aíochta ar fáil sa chás nach ndéanann méid, dearadh, bainistiú screamhuisce agus socruithe draenála séarachais don fhorbairt atá beartaithe aon dochar do cháilíocht agus sainghné tuaithe an limistéir máguaird.

Ionaid Champála

Aithníonn an Chomhairle gur gá ionaid champála a sholáthar chun freastal ar charbháin saoire turasóireachta, veaineanna campála agus pubaill, ach iad a bheith suite go cuí agus go híogair. Is i gcomhair carbháin saoire turasóireachta, veaineanna campála agus pubaill atá na hionaid champála sin. Ní dhéanfar freastal ar bhuantithe soghluaiste sna hionaid champála sin. Déanfar saoráidí coimhdeacha a shuí agus a dhearadh go cúramach. Coinneofar na crainn agus na fálta sceach atá ann cheana a mhéid is féidir agus speicis dhúchasacha a bheidh sna plandaí nua a chuirfear in ionaid champála. Tá acmhainneacht ag Fine Gall i dtaobh lucht glampála a mhealladh – margadh nideoige turasóireachta nua atá i gceist ansin a bhfuil éileamh níos mó ag teacht air ar fud na hÉireann.


Cuspóir TFG117

Cur chun cinn a dhéanamh ar fhorbairt ionad campála, arna ndearadh ar shlí íogair, in áiteanna cuí mar mhalairt cineáil cóiríochta do chuairteoirí ar an gContae.


Cuspóir TFG118

I dtaca le haon ionad campála atá taobh le lonnaíochtaí, ní mór aird a thabhairt, maidir le scála, leagan amach agus dearadh, ar shainghné an tsráidbhaile mar atá sé anois agus ar an taitneamhacht cónaithe. Cuirfear isteach plean mionsonraithe maidir le tírdhreachú bog agus tírdhreachú crua i dtaca le hiarratais ar chead pleanála i gcomhair ionad campála.

Clár ábhair

Baile