Dhréacht-Phlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 (Ceim 2)

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm

Primary tabs

 

Fáiltímid roimh aighneachtaí uait i dtaobh Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 (Céim 2).

Ullmhaíodh an plean de réir cheanglais Alt 12 (1) (b) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú). Tá Tuarascáil Comhshaoil, a ullmhaíodh de réir na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, ag gabháil leis an Dréachtphlean, mar aon le Measúnacht Chuí, de bhun Airteagal 6 den Treoir um Ghnáthóga 92/43/CEE.

Féach ar an Dréachtphlean Forbartha

Is féidir leat féachaint ar Ráiteas Scríofa Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023, na Bileoga Léarscáile agus na Doiciméid Tacaíochta (lena n-áirítear an Tuarascáil Comhshaoil, an Scagadh i leith Measúnacht Chuí, Tuarascáil Tionchair Natura, Léarscáileanna agus na doiciméid a ghabhann leo) anseo ar líne nó ar taispeáint i roinnt áiteanna éagsúla. Beidh roinnt Seisiún Faisnéise 'Buail Isteach' don Phobal ar bun le linn na tréimhse comhairliúcháin chomh maith. Ina theannta sin, is féidir leat féachaint ar léarscáil idirghníomhach ar phríomhshuíomh gréasáin Fhine Gall.

Tabhair do bharúil féin

Is féidir leat aighneachtaí ar líne nó aighneachtaí i scríbhinn a dhéanamh maidir leis an Dréachtphlean Forbartha agus/nó gach doiciméad a ghabhann leis, idir 10:00am ar an 19 Feabhra, 2016 agus 16:30pm ar an 29 Aibreán, 2016. Cuir isteach d'aighneacht a luaithe is féidir trí mheán amháin, le do thoil, i.e. ar líne tríd an tairseach chomhairliúcháin seo nó i gcóip chrua.

Cuir isteach aighneacht ar líne  

Tá a lán buntáistí ag baint le haighneacht a dhéanamh ar an tairseach chomhairliúcháin seo. Mar shampla, is féidir leat: 

  • D'aighneacht a thosú agus í a chur i gcrích ar ball
  • Limistéir spéise a léiriú ar léarscáil idirghníomhach
  • Féachaint ar gach sraith criosaithe agus ar shraitheanna spéise eile a bhaineann leis an bplean
  • Nuair a bheidh na haighneachtaí foilsithe, na sonraí comhairliúcháin go léir a chuardach go héasca
  • Fógraí agus nuashonruithe a fháil i dtaobh an chomhairliúcháin

 

Cláraigh i gcomhair cuntais inniu do gach ceann de chomhairliúcháin phoiblí Fhine Gall. Is próiseas aonuaire é sin. Nuair a bheidh do chlárúchán gníomhachtaithe agat tríd an nasc a sheolfar chuig do sheoladh ríomhphoist, beidh tú in ann aighneacht a chur isteach

Má tá cuntas agat, Logáil isteach agus déan aighneacht.

 

  Déan aighneacht i scríbhinn

Ba chóir aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn, agus Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 marcáilte orthu, a chur chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath K67 X8Y2.

Tabhair do d'aire: Ceanglas maidir le hainmneacha agus seoltaí

Ba chóir d'ainm agus do sheoladh a shonrú ar aon aighneacht, agus, más iomchuí, an comhlacht nó an eagraíocht a bhfuil tú i d'ionadaí dó nó di. Beidh na haighneachtaí go léir i ndáil leis an Dréachtphlean Forbartha 2017 – 2023 ina gcuid de Thuarascáil Reachtúil an Phríomhfheidhmeannaigh a bheidh le cur faoi bhráid na Comhairle iomláine. Bí ar an eolas, le do thoil, go n-áireofar leis an tuarascáil sin ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a dhéanfaidh na haighneachtaí. Dá réir sin, beidh an tuarascáil agus a cuid ábhair san áireamh i miontuairiscí an chruinnithe sin agus, dá bhrí sin, foilseofar iad ar ár suíomh gréasáin.

 

Áiteanna ina mbeidh an Dréachtphlean Forbartha ar taispeáint

  • Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall ón Luan – Déardaoin 9.00am – 5.00pm agus Dé hAoine idir 9.00am agus 4.30pm
    County Hall, Main Street, Swords, Co. Dublin
    Civic Offices, Grove Road, Blanchardstown, Dublin 15
  • Leabharlanna Poiblí Fhine Gall – seiceáil i do cheantar féin i gcomhair na n-uaireanta oscailte le do thoil.
  • Leabharlann Bhaile Brigín, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann Bhaile Dúill, Bóthar na Trá, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13
  • Leabharlann Bhaile Bhlainséir, An Lárionad Cathrach, Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15
  • Leabharlann Bhaile Gháire, An Phríomhshráid, Baile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann Bhinn Éadair, An Phríomhshráid, Binn Éadair, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann Mhullach Íde, An Phríomhshráid, Mullach Íde, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann Ráth Béil, Ionad Siopadóireachta Shoird, Bóthar Ráth Béil, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann na Sceirí, Bóthar na Trá, Na Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath
  • Leabharlann Dhomhnach Bat, Ionad Fóillíochta Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann, Bóthar Phort Reachrann, Domhnach Bat
  • Leabharlann an Rois, Faiche an tSéipéil, An Ros
Féadfar féachaint ar an Dréachtphlean freisin ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall: www.fingal.ie/dpdev

Laethanta Faisnéise don Phobal

Beidh roinnt Seisiún Faisnéise 'Buail Isteach' don Phobal ar bun le linn na tréimhse comhairliúcháin, ag a mbeidh fáilte roimh gach duine den phobal agus roimh ghrúpaí leasmhara eile, mar seo a leanas:

 

Suíomh

Dáta

Am

Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Dé Máirt an 8 Márta

4.00 pm – 8.00 pm

Leabharlann Bhaile Bhlainséir, An Lárionad Cathrach, Ionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Déardaoin an 10 Márta

4.00 pm – 8.00 pm

Leabharlann Bhaile Brigín, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín. Co. Bhaile Átha Cliath

Dé Máirt an 15 Márta

4.00 pm – 8.00 pm

Leabharlann an Rois, Faiche an tSéipéil, An Ros, Co. Bhaile Átha Cliath

Dé Luain

an 4 Aibreán

4.00 pm – 8.00 pm

Leabharlann Bhaile Dúill, Bóthar na Trá, Baile Dúill, Baile Átha Cliath 13

Déardaoin an 7 Aibreán

4.00 pm – 8.00 pm

Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Déardaoin an 14 Aibreán

4.00 pm – 8.00 pm

Óstán an Crowne Plaza, Páirc na Coille Thuaidh, Seantrabh, Baile Átha Cliath 9

Dé Máirt an 19 Aibreán

4.00 pm – 8.00 pm

 

Tá cóipeanna de Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall agus na doiciméid go léir a ghabhann leis ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall, agus féadfar iad a cheannach ón Deasc um Sheirbhís do Chustaiméirí, Urlár na Talún, Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, idir 9.30am agus 4.30 pm, Luan go hAoine (gan Laethanta Saoire Poiblí san áireamh). Tá praghas gach míre foilsithe ar ár suíomh gréasáin – le haghaidh tuilleadh faisnéise cuir glao teileafóin ar (01) 890 5543 le do thoil.

Clár ábhair

Baile
Glac síntiús