Caibidil 8: Bonneagar Glas

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

8.1 Cúlra

Tá méadú uirbeach mór tagtha ar Fhine Gall le 20 bliain anuas agus forbairt luathaithe feicthe sna mórbhailte Sord, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín, chomh maith le forbairt mhéadaithe i lonnaíochtaí beaga ar fud an chontae agus ar an gcósta.

Sa deisceart, sna ceantair atá taobh le Cathair Bhaile Átha Cliath, tá ceann de na ceantair mhóra fiontraíochta agus fostaíochta in Éirinn ag Fine Gall, lena n-áirítear Aerfort Bhaile Átha Cliath, cuideachtaí idirnáisiúnta TF agus cógaisíochta agus raon leathan d'fhiontair dhúchasacha. Tá nádúr tuaithe agus cósta go príomha ag tuaisceart an chontae. Déantar dianfheirmeoireacht air agus tá sé ar cheann de na réigiún is tábhachtaí um tháirgeadh bia in Éirinn, agus é ag táirgeadh 47% den aschur náisiúnta glasraí agus 37% de thorthaí chosanta, de ghlasraí agus de phlandaí plandlainne. Tháinig go leor cuideachtaí bia náisiúnta agus idirnáisiúnta chun cinn ón traidisiún gairneoireachta fadseasmhach sin. Tá raidhse sócmhainní nádúrtha agus cultúrtha ag Fine Gall chomh maith lena n-áirítear an tuath, an cósta agus oileáin, séadchomharthaí agus tithe stairiúla a bhfuil tábhacht ag baint leo maidir le nádúr an chontae a shainiú agus áiseanna a chur ar fáil do chónaitheoirí agus don earnáil turasóireachta atá ag dul i méid. Tá acmhainní bithéagsúlachta ag an gcontae a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo go háirithe ar an gcósta áit a bhfuil go leor láithreáin Natura 2000 ina bhfaightear raon gnáthóg agus speiceas tábhachtach.

Dúshlán lárnach é d'Fhine Gall fás a bhainistiú ionas go gcoimeádtar acmhainn talmhaíochta an chontae de réir mar a leanann méadú uirbeach ar aghaidh agus ar bhealach a chosnaíonn acmhainní nádúrtha agus cultúrtha an chontae don todhchaí.

Chun tabhairt faoin dúshlán ní mór a thuiscint go bhfuilimid ag brath mar shochaí agus gheilleagar ar an dúlra agus ar chórais nádúrtha agus nach mór dúinn an 'caipiteal nádúrtha' sin a chosaint toisc go bhfuil an t-uafás tairbhí le baint as (lena n-áirítear bia, uisce glan, aer glan agus amhábhair) chomh maith le feidhmeanna (mar rialáil teochta agus rialú tuilte). Ar fud an domhain táthar ag aithint níos mó go bhfuil caipiteal nádúrtha ag dul i léig agus go mbainfidh sé sin an bonn ó leas agus rath sa todhchaí. Tá caipiteal nádúrtha cuimsithe i líonra talún agus uisce lena n-áirítear talamh feirme, an cósta, páirceanna poiblí, spás oscailte, aibhneacha, bogaigh, coillearnach, agus i limistéir caomhantas dúlra.

Is féidir breathnú ar an acmhainn sin mar chineál bonneagair - a dtugaimid bonneagar glas air - a chomhlíonann feidhmeanna lárnacha dár gcuid pobal. Mar shampla, cothaíonn ár gcuid páirceanna poiblí agus ár spás oscailte sláinte agus leas agus is áit níos fearr um chónaí í Fine Gall mar gheall orthu. Le bonneagar glas freisin feabhsaítear deiseanna um chaitheamh aimsire agus thurasóireacht, cothaítear ár dtionscal bia agus spreagtar gnóthais nua chun infheistíocht a dhéanamh sa chontae. Freisin táthar ag aithint níos mó gur gné ríthábhachtach é bonneagar glas maidir le pobail dianseasmhacha a thógáil a fhéadann iad féin a chur in oiriúint do thorthaí an athrú aeráide.

Le blianta beaga anuas tá dul chun cinn mór déanta maidir le teoiric agus cur i bhfeidhm an bhonneagair ghlais agus anois moltar bonneagar glas go forleathan i SAM, sa RA, san Eoraip agus níos faide anonn. Ar leibhéal an AE aithnítear sa Straitéis Bithéagsúlachta  gur cur chuige nuálaíoch é bonneagar glas i dtreo bithéagsúlacht agus seirbhís éiceachórais a choimeád sa tírdhreach leathan. I 2013 d'fhoilsigh an Coimisiún Straitéis um Bonneagar Glas ina moltar cuir chuige bonneagair ghlais sa phleanáil spásúlachta agus a bhfuil sé mar aidhm aici spreagadh na hinfheistíochta i mbonneagar glas a chumasú. Sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010-2022 moltar cur chuige bonneagair ghlais ar gach leibhéal sa chóras pleanála agus ullmhú Straitéisí um Bonneagar Glas ar leibhéal Contae/Cathrach. Féadann bonneagar glas ról lárnach a ghlacadh freisin maidir le freastal ar éilimh reachtaíocht chomhshaoil an AE atá ag dul i méid agus ag éirí níos casta agus idirghaolmhaire i gcónaí; cuimsíonn an reachtaíocht sin an Creat Gnáthóg, Éan, Tuilte, Uisce, an Creat Straitéise Muirí, Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Treoracha maidir le Dliteanas Comhshaoil. Léirítear go soiléir an gá leis na ceanglais reachtaíochta sin a chomhlíonadh sa Ráiteas faoi Bheartas Pleanála deireanach a d'fhoilsigh an Rialtas.

Ráiteas Beartais

  • Déanamh cinnte go ndéantar ceantair agus líonraí bonneagair ghlais a aithint, a chosaint, a fheabhsú, a bhainistiú agus a chruthú ionas go bhféadann pobail raon leathan tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíochta a bhaint astu.

8.2 Bonneagar Glas Fhine Gall

D'aithin an Chomhairle roinnt téamaí lárnacha maidir le Bonneagar Glas. Is iad sin ná:

  • Bithéagsúlacht
  • Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire
  • Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce
  • Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta
  • Tírdhreach

Faoi gach ceann de na ceannteidil sin d'aithin agus léarscáiligh an Chomhairle na gnéithe lárnacha de bhonneagar glas straitéiseach an Chontae ar na léarscáileanna Plean Forbartha, faoi gach ceann de na chúig théama BG. Seo a leanas iad:

Baldoyle Bay

Bithéagsúlacht

  • Uiscí Ainmnithe do Shliogiasc
  • Líonra Éiceolaíochta Fhine Gall lena n-áirítear iad siúd a leanas:
    • Príomhcheantair Caomhnaithe Bithéagsúlachta Láithreáin Ramsar, Láithreáin Natura 2000 (LCaSanna agus LCoSanna), Láithreáin Oidhreachta Nádúrtha (LONanna) Anaclanna Dúlra Reachtúil, Tearmainn Fhána, gnáthóga Iarscríbhinn I lasmuigh de láithreáin ainmnithe, gnáthóga flóra cosanta nó tearc
    • Criosanna Maolánacha Éiceolaíocha
    • Limistéir Forbartha Dúlra
    • Dromchlaí Abhann ar Mhóraibhneacha.
  • Ceantair laistigh de 100m ó imeallbhord inchreimthe

Ardgillan Demesne

Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire

  • Tailte criosaithe mar spás oscailte agus/nó in úsáid mar spás oscailte poiblí

Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce

  • Sruthchúrsaí lena n-áirítear aibhneacha agus sruthanna
  • Tuilemhánna abhann
  • Ceantair chósta ina bhfuil baol tuilte

Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta

  • Láithreáin agus Séadchomharthaí ar an Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ)
  • Foirgnimh agus struchtúir eile ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (RPS)
  • Limistéir Caomhantas Ailtireachta (LCAnna)
  • Reiligí Stairiúla

Tírdhreach

  • Ceantair Saináise ar Bhinn Éadair agus i nGleann na Life
  • Ceantair Líon Mór Áiseanna
  • Tírdhreacha Fíoríogaire
  • Láithreáin Gheolaíocha an Chontae
  • Tránna Poiblí

 

Leagadh béim sna cuspóirí thíos agus ar na léarscáileanna Plean Forbartha ar mholtaí lárnacha um bainistiú an bhonneagair ghlais reatha agus um sholáthar bonneagair ghlais nua. Agus cuspóirí bonneagair ghlais á mbaint amach acu tugann tailte criosaithe creasa ghlais deiseanna chun áiseanna nua a shuíomh lena n-áirítear páirceanna, limistéir caomhantas dúlra, bealaí inbhuanaithe um shiúl agus rothaíocht.

 


Cuspóir BG01

Bonneagar glas comhtháite a fhorbairt don chontae trí éileamh go gcoimeádfaí líonra móra de spás glas i gceantair uirbeacha, imill uirbigh agus i gceantair tuaithe taobh leo chun freastal ar riachtanais pobail anois agus sa todhchaí lena n-áirítear an gá le dul i dtaithí ar athrú aeráide.


Cuspóir BG02

An líonra bonneagair ghlais a fhorbairt chun cinntiú go gcaomhnaítear agus go bhfeabhsaítear bithéagsúlacht, lena n-áirítear cosaint Láithreán Eorpach, páirceanna, spáis oscailte agus áiseanna caithimh aimsire (cuibhrinn agus gairdíní pobail san áireamh) a chur ar fáil, bainistíocht inbhuanaithe uisce, nádúr an tírdhreacha a choimeád lena n-áirítear an tírdhreach stairiúil agus an oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta a chosaint agus a fheabhsú.


Cuspóir BG03

Glanghnóthachan sa bhonneagar glas a lorg trí shócmhainní reatha a chosaint agus a fheabhsú, trí bhonneagar glas nua a sholáthar mar chuid lárnach den phróiseas pleanála, agus trí thionscadail tosaíochta a thógáil ar aghaidh lena n-áirítear iad siúd atá sonraithe ar léarscáileanna bonneagair ghlais an Phlean Forbartha le linn shaolré an Phlean Forbartha.


Cuspóir BG04

Féachaint chuig infheistíocht i soláthar agus i gcothabháil bonneagair ghlais a mhéadú trí rochtain a fháil ar mheicníochtaí cistithe ábhartha an AE agus ar dheiseanna cistithe náisiúnta lena n-áirítear cistiú a bhaineann le turasóireacht.


Cuspóir BG05

Forbairt a sheachaint a bhrisfeadh nó a dhéanfadh dochar do líonra straitéiseach bonneagair ghlais an Chontae.


Cuspóir BG06

Cinntiú go ndéanann cosaint agus soláthar bonneagair ghlais cur chun cinn ar rochtain do choisithe, rothaíocht agus iompar poiblí mar rogha eile in ionad an chairr, mar is cuí.


Cuspóir BG07

Soláthar bonneagair ghlais a chomhtháthú le soláthar agus athsholáthar bonneagair, lena n-áirítear bealaí siúlóide agus rothaíochta, mar is cuí, agus acmhainní bithéagsúlachta agus tírdhreacha eile a chosc.


Cuspóir BG08

Feasacht an phobail a mhéadú maidir le Bonneagar Glas i bhFine Gall agus an tábhacht a bhaineann leis do phobail agus don gheilleagar áitiúil trí eolas a fhoilsiú agus seimineáir agus imeachtaí a reáchtáil.

8.3 Bonneagar Glas – Straitéis d'Fhine Gall

Tá sé ar intinn ag an gComhairle Straitéis um Bonneagar Glas a fhorbairt don Chontae i gcomhairle le gach páirtí leasmhar lárnach agus leis an bpobal le linn shaolré an Phlean Forbartha. Aithneoidh an Straitéis aidhmeanna agus cuspóirí lárnacha i leith bonneagair ghlais d'Fhine Gall agus na tionscadail tosaíochta a aithníodh sa Phlean Forbartha seo á dtógáil san áireamh agus soláthróidh sí do sheachadadh na dtionscadal sin lena n-áirítear meicníochtaí cistithe cuí a chur ar fáil.


Cuspóir BG09

Straitéis um Bonneagar Glas a fhorbairt d'Fhine Gall i gcomhpháirt le páirtithe leasmhara lárnacha agus an leis an bpobal.


Cuspóir BG10

Cinntiú go gcosnaíonn an Straitéis um Bonneagar Glas le haghaidh Fhine Gall acmhainní reatha bonneagair glais agus go ndéantar pleanáil inti i gcomhair sholáthar bonneagair ghlais sa todhchaí a phléann leis na cúig phríomhthéama a aithníodh sa Phlean seo, is iad sin ná:

  • Bithéagsúlacht
  • Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire
  • Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce
  • Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta
  • Tírdhreach

Cuspóir BG11

Cinntiú go léiríonn an Straitéis um Bonneagar Glas d'Fhine Gall dearcadh fadtéarmach, lena n-áirítear an gá le dul i dtaithí ar athrú aeráide.


Cuspóir BG12

Cinntiú go gcosnaíonn an Straitéis um Bonneagar Glas d'Fhine Gall cosaintí cósta nádúrtha an Chontae, mar thránna, dhumhcha, riasca goirt agus tailte inbhir, agus go gcuireann sí chun cinn úsáid na dteicnící boginnealtóireachta mar rogha eile  in ionad oibreacha crua cosanta cósta áit is féidir.


Cuspóir BG13

Cinntiú go gcosnaíonn an Straitéis um Bonneagar Glas d'Fhine Gall tailte talmhaíochta agus gairneoireachta tábhachtacha sa chontae.


Cuspóir BG14

Cinntiú go bhfuil cosaint Láithreán Eorpach ag croílár na Straitéise um Bonneagar Glas de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.


Cuspóir BG15

Spriocanna a leagan sa Straitéis um Bonneagar Glas chun gnéithe éagsúla bonneagair ghlais a sholáthair i gceantair uirbeacha, mar chrainn i gceantair uirbeacha agus díonta glasa i láir bhaile, ionas go mbaintear amach glanghnóthachan sa bhonneagar glas thar shaolré an phlean forbartha seo.


Cuspóir BG16

Cinntiú go ndéanann an Straitéis um Bonneagar Glas pobail a bhí ann cheana féin agus pobail nua a nascadh lena chéile agus a chomhtháthú trí phleanáil chuí, bhainistíocht agus rialáil leanúnach.

8.4 Bonneagar Glas agus Pleanáil

Cuspóir lárnach a bhaineann le pleanáil um bonneagar glas ná go ndéanfaí bainistíocht agus soláthar bonneagair ghlais a chomhtháthú i bpleananna um fás agus forbairt. Le forbairt pleananna limistéir áitiúil tugtar deis ríthábhachtach chun bonneagar glas atá comhtháthaithe go hiomlán i bhforbairt nua a chosaint, a bhainistiú agus a sholáthar. Beidh sé mar cheanglas go ndéanfaí soláthar i ngach plean limistéir áitiúil do bhonneagar glas a chomhlíonfadh na cuspóirí do na cúig théama BG atá ainmnithe thuas.


Cuspóir BG17

É a dhéanamh mar cheangal go ndéanfadh gach Plean Limistéir Áitiúil bonneagar glas a chosaint, a fheabhsú, a sholáthar agus a bhainistiú ar bhealach comhtháite agus iad ag plé leis na cúig théama BG atá leagtha amach sa Phlean Forbartha  – Bithéagsúlacht, Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire, Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce, Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta, agus Tírdhreach.


Cuspóir BG18

Spriocanna  a shocrú um sholáthar ghnéithe bonneagair ghlais mar chrainn agus dhíonta glas mar chuid d'ullmhú Phleananna Limistéir Áitiúil.

Ní mór go dtógfaí acmhainní straitéiseacha bonneagair ghlais an Chontae san áireamh i ngach togra um forbairt agus cinntiú go ndéantar iad siúd a chosaint, a bhainistiú agus a fheabhsú agus forbairt nua ar siúl. Ina theannta sin, ní mór go bhféachfadh tograí um forbairt chuig soláthar a dhéanamh do chosaint agus sholáthar bonneagair ghlais a phléann leis na cúig théama BG a aithníodh sa Phlean Forbartha ar bhealach comhtháite. Ciallaíonn sé sin ar leibhéal praiticiúil gur cheart go bhféachfadh iad siúd atá ar son tionscadal chuig a gcuid tograí a chomhtháthú an oiread is féidir faoi na ceannteidil éagsúla áit is féidir agus is cuí. Tá cuspóirí chuige sin leagtha amach faoi gach téama thíos. Ba cheart d'iarratasóirí féachaint freisin ar na caibidlí ábhartha sa Phlean Forbartha le haghaidh níos mó eolais sonraigh faoi gach téama mar atá sonraithe. Le haghaidh mórfhorbairtí beidh plean bonneagair ghlais ag teastáil mar chuid lárnach de na tograí um forbairt.


Cuspóir BG19

É a dhéanamh mar cheangal go gcuirfí gach forbairt nua le cosaint agus feabhsú an bhonneagair glais atá ann cheana féin agus le seachadadh bonneagair ghlais nua, áit is cuí.


Cuspóir BG20

É a dhéanamh mar cheangal go bpléifeadh gach forbairt nua le cosaint agus soláthar bonneagair ghlais le haghaidh na gcúig théama BG atá leagtha amach sa Phlean Forbartha (Bithéagsúlacht, Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire, Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce, Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta, agus Tírdhreach) ar bhealach comhtháite.


Cuspóir BG21

É a dhéanamh mar cheangal maidir le gach togra um forbairt mhórscála mar scéimeanna bóithre nó draenála, feirmeacha gaoithe, eastáit tithíochta, páirceanna tionsclaíocha nó ionaid siopadóireachta go gcuirfí isteach plean um bonneagar glas mar chuid lárnach d'iarratas pleanála.


Cuspóir BG22

Scrúdú a dhéanamh ar na huirlisí tacaíochta um chinntí faoi fhorbairt ar bhunús na samhlacha reatha, mar an Seattle Green Factor, chun cabhrú le gnéithe éagsúla bonneagair ghlais a chuimsiú i dtograí forbartha.

8.5 Cuspóirí Bonneagair Ghlais do Phleananna Limistéir Áitiúil agus Tograí Forbartha

Téama na Bithéagsúlachta

Féach freisin Caibidil 9, Oidhreacht Thógtha


Cuspóir BG23

Cinntiú go gcuimsítear bearta um chaomhnú agus/nó fheabhsú na bithéagsúlachta, mar is cuí i ngach togra d'fhorbairt mhórscála mar scéimeanna bóthair nó draenála, feirmeacha gaoithe, eastáit tithíochta, páirceanna tionsclaíocha nó ionaid siopadóireachta.


Cuspóir BG24

Soláthar do bhithéagsúlaht a chomhtháthú i soláthar spáis oscailte phoiblí agus i mbearta um bainistíocht inbhuanaithe uisce (sruthchórais inbhuanaithe/SCInna san áireamh) áit is féidir agus is cuí.

Téama Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire

Féach freisin Caibidil 3, Comhfhorbairt Áite


Cuspóir BG25

An leas is fearr agus an oiread úsáide agus is féidir a bhaint as páirceanna poiblí reatha, spás oscailte agus soláthar do chaitheamh aimsire, idir caitheamh aimsire fulangach agus gníomhach , trí áiseanna reatha a chomhtháthú le tograí d'fhorbairt nua agus trí fhéachaint chuig uasghrádú a dhéanamh ar na háiseanna atá ann cheana féin áit is cuí.


Cuspóir BG26

Raon de pháirceanna nua inrochtana agus d'áiseanna caithimh aimsire a chur ar fáil a fhreastalaíonn ar réimse leathan bealaí úsáide (idir úsáid fhulangach agus ghníomhach), de dhéine úsáide agus de chaithimh aimsire.


Cuspóir BG27

Bealaí tarraingteacha agus sábháilte a chur ar fáil a nascann láithreáin lárnacha spáis ghlais, páirceanna poiblí agus spásanna oscailte agus pointí lárnacha eile mar láithreáin chultúrtha agus sócmhainní oidhreachta mar chuid lárnach de sholáthar bonneagair ghlais nua, áit is cuí agus is féidir.


Cuspóir BG28

Deiseanna a chur ar fáil do tháirgeadh bia trí mheán cuibhreann, gairdíní pobail agus foraoisí bia buantalmhaíochta i dtograí um bonneagar glas nua áit is cuí.


Cuspóir BG29

Straitéis um Líonra Rothaíochta / Coisithe a fhorbairt d'Fhine Gall a chuimsíonn Bealach Fhine Gall agus bealaí molta eile a dhéanfar a Scagadh um Measúnú Oiriúnachta agus Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta.

Téama na Bainistíochta Inbhuanaithe Uisce

Féach freisin Caibidil 7, Bonneagar agus Gluaiseacht


Cuspóir BG30

Cinntiú go bpléann soláthar bonneagair ghlais nua leis na riachtanais um stóráil fheidhmeach tuilte, bainistíocht inbhuanaithe chreimeadh cósta, agus naisc le soláthar do bhithéagsúlacht, Sruthchórais Inbhuanaithe (SCInna) agus soláthar do pháirceanna poiblí agus spás oscailte áit is féidir agus is cuí.


Cuspóir BG31

Féachaint chuig bogaigh nua a chruthú agus/nó feabhas a chur ar na bogaigh atá ann cheana féin trí sholáthar do Shruthchórais Inbhuanaithe (SCInna).


Cuspóir BG32

Féachaint chuig díonta glasa agus ballaí glasa a sholáthar mar chuid chomhtháite de SCInna agus a bhfuil tairbhí don bhithéagsúlacht ag baint leo, áit is féidir.

Téama Oidhreachta Seandálaíochta agus Ailtireachta

Féach freisin Caibidil 10, Oidhreacht Chultúrtha


Cuspóir BG33

Cinntiú, áit is féidir agus is cuí, go ndéantar gnéithe den oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta a chuimsiú go hiomlán i dtograí um forbairtí nua atá ag an gcéim deartha den tionscadal.


Cuspóir BG34

Féachaint chuig soláthar a dhéanamh do shócmhainní oidhreachta seandálaíochta agus ailtireachta ar bhealach inbhuanaithe, áit is cuí, agus ar an mbealach sin deiseanna um oideachas agus thuiscint a éascú.

Téama an Tírdhreacha

Féach freisin Caibidil 9, Oidhreacht Nádúrtha


Cuspóir BG35

Cinntiú go bhfreagraíonn soláthar an bhonneagair ghlais do nádúr an tírdhreacha agus go léiríonn sé é, lena n-áirítear nádúr stairiúil an tírdhreacha, agus é ag caomhnú, ag méadú agus ag cur le tírdhreacha agus bailedhreacha reatha Fhine Gall a chuireann le hómós áite ar leithligh.

Clár ábhair

Baile