Brollach & Glossary

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm

 

Paul Reid, An Príomhfheidhmeannach

Brollach

Príomhdhoiciméad beartais chorparáidigh is ea Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall ina leagtar síos an straitéis fhoriomlán i dtaobh phleanáil chuí agus fhorbairt inbhuanaithe ár gcontae don tréimhse 2017 – 2023 agus ina dhiaidh sin.

Le bliain anuas, bhí an Rannóg Pleanála, ag obair di i gcomhpháirt le Comhaltaí Tofa Chomhairle Contae Fhine Gall, i mbun oibre ag ullmhú Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 - 2023 d'fhonn straitéis a sholáthar lena n-áiritheofar go mbeidh Fine Gall chun tosaigh i dtréimhse ina ndealraíonn sé go bhfuil téarnamh geilleagrach as an nua ar bun, tar éis na géarchéime airgeadais domhanda a chuaigh i gcion orainn go léir le 8 mbliana anuas. Tá cuid mhór de na tréithe ag Fine Gall trínar féidir giaráil a dhéanamh ar na táscairí eacnamaíocha atá dearfach ar bhonn comhsheasmhach. Is anseo atá ceann de na pobail is óige, is mó a bhfuil borradh faoi, is fearr ó thaobh leibhéal oideachais agus is éagsúla ar fud na hÉireann. Tacaíonn an straitéis atá againn le cruthú post, fiontraíocht, turasóireacht, tithíocht, bonneagar fisiciúil agus sóisialta, comhshaol folláin agus pobail inbhuanaithe. I mbeagán focal, is mian linn go mba Fhine Gall an áit in Éirinn ar mhaith le daoine maireachtáil agus a bheith ag obair ann, cuairt a thabhairt air agus a bheith i mbun gnó ann. Agus an chéad Phlean Forbartha Contae eile á chur i dtoll a chéile, tá an-deis againn ár n-uaillmhian ina leith sin a chur i láthair.

Is maith an staid ina bhfuil Fine Gall i dtaobh tithíocht a sholáthar, ós rud é go bhfuil tailte leordhóthanacha ann atá criosaithe mar limistéar cónaithe. Tá sé ina chuspóir ag Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall líon leordhóthanach aonad tithíochta ardchaighdeáin a sholáthar, ar scála cuí agus ina mbeidh meascán cuí cineálacha teaghaisí, a bheidh suite sna háiteanna is fearr a oireann dóibh agus a bheidh ag teacht le bonneagar, seirbhísí agus taitneamhachtaí cuí thar ré an Phlean agus níos faide anonn. Beidh Sord agus Baile Bhlainséir, na lárionaid uirbeacha is mó i bhFine Gall, fós ar phríomhlimistéir forbartha an Chontae i rith ré an Phlean seo, agus tá Dún Sinche agus Halla an Leasáin sainaitheanta mar limistéir forbartha straitéisí ina bhféadfaí ceantair uirbeacha nua úsáide measctha a chothú, a bheidh inbhuanaithe, beoga agus tarraingteach agus a mbeidh naisc mhaithe idir iad agus áiteanna eile.

Tá saintréithe éagsúla ag an gContae a chuimsíonn idir limistéir uirbeacha agus limistéir thuaithe, an cósta, gleannta abhann agus limistéir ardtalún. Aithnítear sa Dréachtphlean an tábhacht a bhaineann le hoidhreacht nádúrtha an Chontae agus oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta Fhine Gall a shainaithint, meas a léiriú orthu agus iad a choimeád slán do ghlúine a thiocfaidh inár ndiaidh, trí bhainistiú cuí agus feabhsú íogair a dhéanamh ar na tréithe uathúla sin.

Leagtar amach i nDréachtphlean Forbartha Fhine Gall an fhís straitéiseach i dtaobh spáis agus an treo don todhchaí i leith an chontae thar thréimhse sé bliana ó 2017 go dtí 2023. Agus an méid sin á fhorbairt againn, beimid ag tógáil ar an méid atá bainte amach againn cheana féin agus ar na buntáistí straitéiseacha atá ag an gcontae seo. Bainfimid lántairbhe as na láidreachtaí atá ag ár gcuid saoránach, ár bpobail, ár n-oidhreacht thógtha agus ár n-oidhreacht nádúrtha, ár mbonneagar agus as an turasóireacht.

Tá Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 ullamh anois i gcomhair comhairliúchán poiblí agus spreagaimid gach saoránach, gach pobal, gach gnólacht agus gach páirtí leasmhar chun páirt ghníomhach a ghlacadh sa phróiseas agus todhchaí bhur gContae á cinneadh.

Táimid ag tnúth lena chloisteáil uaibh agus is mór againn an pháirt a ghlacfaidh sibh sa chéim seo do dhéanamh an Dréachtphlean Forbartha Contae nua dár gcuid.

Paul Reid

An Príomhfheidhmeannach

Buíochas

Is iad na baill foirne seo a leanas a d'ullmhaigh Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017 - 2023, faoi stiúir AnnMarie Farrelly, Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh:

Foireann an Phlean Forbartha

Matthew McAleese, Pleanálaí Sinsearach; Harry McLauchlan, Róisín Burke, Pleanálaithe Feidhmiúcháin Sinsearacha; Sarah Ryan, Phillippa Joyce, Carol Hurley, Imelda Hickey, Pleanálaithe Feidhmiúcháin; Kevin Mooney, Yolande McMahon, Pleanálaithe Cúnta.

An Fhoireann Oidhreachta / Chomhshaoil

An Dr Gerry Clabby, Oifigeach Oidhreachta; Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlaíochta; Helena Bergin, Oifigeach Caomhantais Ailtireachta; Christine Baker, Seandálaí Comhairleach.

Foireann na hOifige Líníochta

Stephen Gaughran, Príomhtheicneoir; Patrick Murphy, Teicneoir Feidhmiúcháin Sinsearach; Ciaran Corrigan, Noel Mullen, Susanne McMahon, Teicneoirí Feidhmiúcháin; Carl Jordan, Aoibhann Byrne, Aidan Kelly, Teicneoirí (Grád 1).

An Fhoireann Riaracháin

Philip Long, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach; Caroline Kelly, Oifigeach Riaracháin; Christine Bedford, Oifigeach Foirne; Sandra Hanratty, Niall McCoitir, Oifigigh Chúnta Foirne; Linda Fanning, Eileen McCullough, Collette McNally, Oifigigh Chléireachais.

Foireann na Straitéise Tithíochta

Margaret Geraghty, Stiúrthóir Seirbhísí Tithíochta agus Pobail; Mary Egan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach.

Ionchur Breise

Gilbert Power, Stiúrthóir Seirbhísí Uisce agus Seirbhísí Comhshaoil; Ed Hearne, Stiúrthóir Seirbhísí um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar agus Turasóireachta; Fionnuala May, An tAiltire Contae; Foireann Pleanála Limistéar Bhaile Bhlainséir, Foireann Pleanála Limistéar Bhinn Éadair / Mhullach Idé, Foireann Pleanála Limistéar Thuaisceart an Chontae, Dominic Byrne, Ceann Cúnta TF; Hazel Farley, Anailísí Córas; Kevin Halpenny, Stiúrthóir Sinsearach Páirceanna; Jim Cleary, Brendan Colgan, Gary O’Brien, Innealtóirí Sinsearacha; Sean McGrath, Fergus Finch, Innealtóirí Feidhmiúcháin Sinsearacha; Brendan Fleming, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach.

Dearadh de chuid Resonate Design. Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta, Measúnacht Chuí agus Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte curtha i gcrích ag RPS.

Gluais

A  

ABU

Aonad Bainistíochta Uisce

ACPIF

Athbheochan Ceantar trí Phleanáil, Infheistíocht agus Forbairt

ADR

Anaclann Dúlra Reachtúil

AE

An tAontas Eorpach

AÉFS

Anailís ar an Éileamh ar Fhuinneamh Spásúil

AILG

Association of Irish Local Government

An POS

An Phríomh-Oifig Staidrimh

B

BFO

Bord Fiontraíochta agus Oiliúna

BG

Bus Gasta

BG

Bonneagar Glas

BIM

Bord Iascaigh Mhara

BNE

Beartas Náisiúnta Eitlíochta d'Éirinn

BRE

Building Research Establishment (An Ríocht Aontaithe)

BTC

Bogach Tógtha Comhtháite

C

Cuspóir Áitiúil

CAO

Ceantar Abhantraí an Oirthir

CB

Caighdeáin na Breataine

CBCC

Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach

CBS

Coiste um Beartais Straitéiseacha

CCBÁC

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath

CCSGP

An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

CCTULS

Clár na Creat-Treorach Uisce de Limistéir Chosanta

CD

Coibhéis Daonra

CDIb

Córais Draenála Inbhuanaithe

CEDRA

Coimisiún um Fhorbairt Eacnamaíoch na gCeantar Tuaithe

CER

An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh

CFPÁ

Coiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil

CFRO

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí an Oirthir

CFS

Crios Forbartha Straitéisí

CFU

Cóireáil Fuíolluisce

CIC

Clár Infheistíochta Caipitil

CLA

Poist Choibhéiseacha Lánaimseartha

ClFPÁ

Clár um Fhorbairt Pobail Áitiúil

CNP

An Creat Náisiúnta Pleanála

CSP

Crios Sábháilteachta Poiblí

CTÉ

Cumhacht is Teas in Éineacht

Cuspóirí SICRU

Cuspóirí atá Sonrach, Intomhaiste, Insannta, Réalaíoch, Uainithe

D

DAA

Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath

DAHG

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta

DART

Mearlíne Bhaile Átha Cliath/Dublin Area Rapid Transport

DCENR

An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha

DJEI

An Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta

DJEI

An Roinn Post, Fiontair agus Nuálaíochta

DLR

Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin

DMCBÁC

Draenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

DoECLG

An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

DoEHLG

An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

DRAQMP

Plean Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i mBaile Átha Cliath

DSP

An Roinn Coimirce Sóisialaí

DTLL

Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

DTTAS

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

E

ECFE

An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta

ECFRAMS

Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí an Oirthir

EI

Fiontraíocht Éireann

EMRA

Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre

ENR

Eagraíocht Neamhrialtasach

ESRI

An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta

F

FBM

Fiontar Beag agus Meanmhéide

FBS

Forbairt Bonneagair Straitéisigh

FCC

Comhairle Contae Fhine Gall

FCN

Líonra Pobail Fhine Gall (LRP)

FCVF

Fóram Pobail agus Deonach Fhine Gall

FEMFRAMS

Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí

FLanna

Feithiclí Leictreacha

FSS

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

FV

Fótavoltachas

G

GCC

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

GCT

Gáis Cheaptha Teasa

GDSDS

Staidéar Straitéiseach ar Dhraenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath

GNBS

An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní

H

HDA

Measúnacht faoin Treoir maidir le Gnáthóga (féach freisin MO agus RTN)

HGV

Feithicil Earraí Troma

HSA

An tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta

I

I.R.

Ionstraim Reachtúil

ICFU

Ionad Cóireála Fuíolluisce

ICPSS

Staidéar Straitéise um Chosaint Cósta na hÉireann

ICU

Ionad Cóireála Uisce

IDE

Infheistíocht Dhíreach Eachtrach

IPCC

An Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide

ITB

Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir

L

LCA

Limistéar Caomhantais Ailtireachta

LCaSanna

Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta

LCoS

Limistéar faoi Chosaint Speisialta

LDBSU

Lámhleabhar Deartha do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha

LGE

Limistéar Gníomhaíochta Eacnamaíche

LON

Limistéar Oidhreachta Nádúrtha

LONb

Limistéir Oidhreachta Nádúrtha Bheartaithe

LRP

Líonra Rannpháirtíochta Poiblí

M

MAN

Líonraí Achar Cathrach

MC

Measúnacht Chuí (féach freisin HDA agus MTN)

MCBÁC

Mórcheantar Bhaile Átha Cliath

ML

Meigilítear

MLB

Mórlána Bus

MSBT

Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte

MST

Measúnacht ar Shainghné an Tírdhreacha

MST

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta

MTT

Measúnacht Tionchair Timpeallachta

NPWS

An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra

N

NTA

An tÚdarás Náisiúnta Iompair

O

OAU

Ollachar Urláir

OBL

Oll-Bhreisluach

OFA

Oifig Fiontair Áitiúil

OLSÁ

Ordú um Limistéar Saináise

OOP

Oifig na nOibreacha Poiblí

OTI

Olltáirgeacht Intíre

OTN

Olltáirgeacht Náisiúnta

P

PÁEP

Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail

PGNEF

An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh

PGP

Plean Gníomhaíochta do Phoist

PLA

Plean Limistéir Áitiúil

PNB

An Plean Náisiúnta Bithéagsúlachta

PNÉFI

An Plean Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh In-athnuaite

PSSU

Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Uisce

R

REPS

An Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe

RFF

Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh

RTN

Ráiteas Tionchair Natura (féach freisin MO agus HDA)

RTT

Ráiteas Tionchair Timpeallachta

S

SCC

An Scéim Cóiríochta Cíosa

SDCC

Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas

SFU

Scaoileadh Fuíolluisce

SGÉ

Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann

SIU

An tAonad um Chuimsiú Sóisialta

SMS

Bealach Rothaíochta Chill Fhiontainn-Mhullach Íde-Shoird

SNS

An Straitéis Náisiúnta Spásúil

SQ M

Méadair Chearnacha

SRSE

Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch

SWRR

Cuarbhóthar Thiar Shoird

T

T&F

Taighde agus Forbairt

TDC

Taifead ar Dhéanmhais Chosanta

TF

Tearmann Fána

TFC

Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide

TII

Bonneagar Iompair Éireann

Tithíocht S&I

Tithíocht Shóisialta agus Inacmhainne

TPR

Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí

TSÁ

Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna

TTS

Tréithriú Tírdhreacha Stairiúil

TUD

Technological University of Dublin

Ú

ÚFT

An tÚdarás Forbartha Tionscail

U

UNISDR

Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí

W

WFD

An Chreat-Treoir Uisce

Clár ábhair

Baile