Caibidil 7: Gluaiseacht & Bonneagar

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

7.1 Iompar

Cúlra – An Gá le Taisteal

Is í feidhm an chórais iompair ná freastal ar riachtanais iompair daoine agus gnóthaí, i gcomhréir le beartais leathana an Phlean. Is riachtanas é córas iompair sábháilte, éifeachtach agus inbhuanaithe le haghaidh forbairt eacnamaíoch, sóisialta agus fisiciúil Fhine Gall. Cé go bhfuil sé follasach gurb iad siúl, rothaíocht agus iompar poiblí na modhanna taistil is inbhuanaithe, is léir go mbeidh taisteal riachtanach á dhéanamh ag carranna agus Feithiclí earraí ar bhonn leanúnach.

Ráiteas Beartais

  • Gluaiseacht i dtreo, as, agus laistigh de Chontae Fhine Gall a chur chun cinn agus a éascú, trí úsáid talún a lánpháirtiú le córas iompair ar ardchaighdeán, inbhuanaithe a thugann tosaíocht don siúl, rothaíocht agus iompar poiblí.
  • Leibhéal cuí de bhonneagar bóthair agus de bhainistiú tráchta a sholáthar, go háirithe chun tacaíocht a thabhairt don ghníomhaíocht tráchtála agus tionsclaíoch agus d'fhorbairt nua.

Comhthéacs Beartais

Tugann roinnt de na Beartais agus Pleananna Náisiúnta agus Réigiúnacha comhthéacs le haghaidh straitéis agus bheartais iompair na Comhairle mar a leanas.

  • Ag Tógáil ar Théarnamh: Infheistíocht Infreastruchtúir agus Chaipitiúil 2016-2021
  • An Straitéis Náisiúnta Spásúil 2002-2020,
  • Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010-2022.

Ag Tógáil ar Théarnamh: Infheistíocht Infreastruchtúir agus Chaipitiúil2016-2021

Áirítear i gclár caipitil an rialtais a foilsíodh le déanaí roinnt infheistíochtaí iompair atá ríthábhachtach d'Fhine Gall. Go háirithe, áirítear i gclár an Meitreo Thuaidh nua molta a dtosófar á thógáil in 2021 agus a bheidh ag feidhmiú faoi 2026/2027. Áirítear leis an chéad chéim de Chlár Leathnaithe DART le síneadh an DART go Baile Brigín agus trí dhearadh agus phleanáil seirbhísí DART a leathnú go Maigh Nuad. Déanfar Tionscadal DART faoi Thalamh, ar príomhghné d'iompar comhtháite Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é, a athdhearadh chun réiteach teicniúil ar chostas íseal a sholáthar, fad is a choinneofar nascacht riachtanach an iarnróid. Beidh maoiniú ann le haghaidh tuilleadh uasghrádú ar an Mórlána Bus agus le haghaidh Clár Athchomharthaíochta Lár Cathrach a thabhairt chun críche.

Staidéar Iompair Fhine Gall Bhaile Átha Cliath Thuaidh

Choimisiúnaigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair( NTA) comhairleoirí chun Staidéar Iompair Fhine Gall Bhaile Átha Cliath Thuaidh a dhéanamh a rinne iniúchadh ar riachtanais mheántéarmacha agus fhadtéarmacha Chathair Bhaile Átha Cliath - Aerfort Bhaile Átha Cliath - Conair Shoird. Cuireadh torthaí an staidéir sa Dréachtstraitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath ar chuir an NTA faoi bhráid an Aire Iompair é.

Dréachtstraitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035

Cuireann an straitéis creat ar fáil chun bonneagar agus seirbhísí iompair a phleanáil agus a sholáthar i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath go dtí 2035. Is éard atá sa Straitéis ná ceanglais iompair MCBÁC bunaithe ar phrionsabail a bhaineann le hiompar atá éifeachtach, éifeachtúil agus inbhuanaithe.

2009-2020 Taisteal Níos Cliste – Todhchaí Taistil Inbhuanaithe

Is é aidhm an doiciméid seo ná córas iompair inbhuanaithe a sholáthar mar ghné thábhachtach den chlár athrú aeráide. Athdhaingníonn an Rialtas an fhís maidir le hinbhuanaitheacht iompair agus leagann amach cúig phríomhsprioc: (i) an t-éileamh taistil foriomlán a laghdú, (ii) éifeachtúlacht an Ghréasáin Iompair a uasmhéadú, (iii) spleáchas ar bhreoslaí iontaise a laghdú, (iv) astaíochtaí iompair a laghdú (v) inrochtaineacht iompair a fheabhsú agus ár gcaighdeán saoil a fheabhsú.

Creat Beartais Rothaíochta Náisiúnta 2009-2020

Sa doiciméad seo leagtar amach bearta chun cultúr nua rothaíochta in Éirinn a sholáthar faoi 2020, agus 10% de thurais chun na hoibre á dhéanamh ar rothar sa chéad dá bhliain déag eile. Tá 19 cuspóir fhollasacha ann atá bunaithe ar idirghabhálacha sa phleanáil, sa bhonneagar, sa chumarsáid, agus i gcúrsaí oideachais.

Plean Gréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath NTA

Sa phlean seo leagtar amach straitéis deich mbliana do Bhaile Átha Cliath, Chill Dara, an Mhí agus Chill Mhantáin agus NTA a d'fhoilsigh é in 2014. An plean atá ann ná gréasán rothaíochta na réigiún a mhéadú a chúig oiread go dtí 2,840 ciliméadar ar fad. Áirítear leis an ngréasán atá cheana i gceantair uirbeacha a mhéadú a thrí oiread ó 500 ciliméadar go dtí 1485 ciliméadar ar fad agus níos mó ná 1300 ciliméadar de naisc nua a idir bailte i gceantair tuaithe. Áirítear sna bealaí nua féarbhealaí, raonta rothar, agus bóithre a bhfuil leibhéil íseal tráchta orthu agus is de réir an Phlean seo a dhéanfar infheistíocht sa rothaíocht go ceann deich mbliana eile.

Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha

Leagann an Lámhleabhar Dearaidh do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha (DMURS) amach caighdeáin deartha do bhóithre agus shráideanna uirbeacha a chuireann "feidhm áite" (.i. riachtanais cónaitheoirí agus cuairteoirí) agus "feidhm iompair" (.i. riachtanais coisithe, rothaithe, iompair phoiblí, carranna agus Feithiclí earraí) a mheá. Tugtar treoir sa lámhleabhar ar leagan amach na bhforbairtí nua (d'fhonn tréscaoilteacht a uasmhéadú do mhodhanna inbhuanaithe), agus ar dhearadh na sráideanna agus na mbóithre ar leith agus aird a thabhairt ar shráid-dreach, ar dhearadh uirbeach chomh maith le ar innealtóireacht. Dírítear ar shráideanna a chur ar fáil le go mbeidh siad go maith chun cónaí, chun obair agus chun spraoi iontu, fad is a chuirtear acmhainn chuí ar fáil do choisithe, rothaithe, iompar poiblí agus carranna. Is gá do na hÚdaráis Áitiúla an Lámhleabhar a úsáid.


Cuspóir GB01

Tacaíocht a thabhairt do bheartais iompair Náisiúnta agus Réigiúnacha mar a bhaineann iad le Fine Gall. Go háirithe, tugann tacaíonn an Chomhairle le tiomantas an Rialtais don Mheitreo Thuaidh nua molta agus leathnú DART a áirítear in Ag tógáil ar Théarnamh: Infheistíocht Infreastruchtúir agus Chaipitiúil
2016-2021. Tacaíonn an Chomhairle freisin le cur i bhfeidhm réitigh iompair inbhuanaithe.


Cuspóir GB02

Tacaíocht a thabhairt do mholtaí Dhréachtstraitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2016-2035 an Údaráis Náisiúnta Iompair chun fás inbhuanaithe Fhine Gall a éascú amach anseo.

Úsáid Talún agus Iompar Comhtháite

Baineann comhtháthú úsáide talún agus iompair le húsáidí talún dianturais a aimsiú (amhail tithíocht, oifigí agus miondíol comparáide ard-dlúis) gar d'iompar poiblí ard acmhainn (amhail DART, Meitreo, Luas agus Bus Gasta). Is buntáiste é don úsáid talún an iompar poiblí ar ardchaighdeán a chuirtear ar fáil don uasmhéid cónaitheoirí agus fostaithe. Is buntáiste é don iompar poiblí an líon dóthanach custaiméirí a sholáthar laistigh dá limistéar chun bonneagar agus seirbhísí iompair phoiblí ardchostais a chothabháil.

Áirítear leis a chinntiú go bhfuil na háiteanna ina bhfuil daoine ina gcónaí gar do, nó nasctha trí iompar poiblí le, a n-ionaid oibre nó oideachais, agus leis sin go mbíonn ar chumas daoine na modhanna is inbhuanaithe iompair a úsáid, is é sin siúl, rothaíocht agus iompar poiblí. Is úsáid neamhéifeachtúil den spás bóthair ghann agus luachmhar é an carr príobháideach, go háirithe carr ag duine amháin i rith na mbuaicthréimhsí. Má cheadaítear forbairt ard-dlúis ar feadh na gconairí iompair phoiblí tiocfaidh borradh faoi líon na ndaoine laistigh de limistéar siúil an chórais iompair phoiblí, agus leis sin tiocfaidh borradh faoi úsáid na seirbhíse, agus as sin eascróidh inmharthanacht airgeadais agus eacnamaíoch agus dea-thionchar comhshaoil. Beidh sé ina chabhair cur chuige comhtháite mar aon le réimse poiblí dea-dheartha a sholáthar ar mhaithe leis an athrú modhanna a dhaingniú chuig modhanna iompair níos inbhuanaithe, .i. siúl agus rothaíocht.

Agus úsáid talún agus iompar comhtháite á forbairt ba chóir úsáidí talún a chruthaíonn líon mór carranna agus/nó Feithiclí Earraí Troma (m.sh. seirbhísí miondíola, tionsclaíocht agus ionaid dháileacháin) a lonnú in aice le gréasáin bóthair mhaithe seachas in áit ina mbeadh gá tiomáint trí lár an bhaile nó trí cheantair Chónaitheach.


Cuspóir GB03

Úsáid talún a chomhtháthú le hiompar trí fhorbairt ard-dlúis a cheadú ar feadh na gconairí iompair phoiblí d'acmhainn níos airde.

Bainistíocht Éilimh

Cuimsíonn an córas iompair taobh soláthair (seirbhísí agus gréasáin bóthair agus iompair phoiblí) agus taobh éilimh (an gá le taisteal do dhaoine agus earraí). I gceantar uirbeach, is cinnte go sáróidh éileamh neamhbhainistithe soláthar, rud a chruthóidh brú tráchta, atá neamhéifeachtúil ó thaobh na heacnamaíochta de agus a dhéanann díobháil ó thaobh an chomhshaoil de. Tá sé ríthábhachtach, mar sin, an t-éileamh iompair a bhainistiú chun brú tráchta a laghdú. Tá roinnt modhanna ann chun éileamh a bhainistiú.

Rialú Páirceála

Ní thaistileoidh aon duine i gcarr má bhíonn a fhios acu nach bhfuil aon spás carrpháirceála ar fáil ag an gceann scríbe. Go háirithe, bainfidh comaitéirí úsáid as modhanna níos inbhuanaithe mura bhfuil spás carrpháirceála ann dóibh ag a n-ionad oibre nó oideachais, is é seo an modh is éifeachtaí agus is mó úsáide ó thaobh bhainistiú ar an éileamh. Sna Pleananna Forbartha atá ag gach ceann de na ceithre Údarás Áitiúla de chuid Bhaile Átha Cliath cuimsítear caighdeáin ina gcuirtear srian leis an méid spás carrpháirceála i bhforbairtí nua, go háirithe in ionaid oibre agus oideachais. Tá gá le níos lú spásanna carrpháirceála i bhforbairtí bunaithe ar an bhfostaíocht atá gar d'iompar poiblí. Leis sin, roinntear na caighdeáin charrpháirceála i gCrios 1 ina gceadaítear níos lú spásanna carrpháirceála agus Crios 2 ina gceadaítear níos mó spásanna carrpháirceála.

Baineann Crios 1 leis na ceantair atá:

  • laistigh de 1600m den DART, Meitreo, Luas nó Bus Gasta (BG), (atá cheana nó atá molta),
  • laistigh de 800m de Mórlána Bus,
  • ina Lár Baile Mhóir (LBM) chriosaithe
  • faoi réir scéim Ailt 49

Baineann Crios 2 le gach ceantar eile.

I gcás forbairtí miondíola, d'fhéadfaí éileamh a bhainistiú le praghsáil. Ba cheart an scéim praghsála buntáiste a thabhairt do shiopadóirí, a fhanann ar feadh tamall níos giorra i gcoitinne, seachas fostaithe, a fhanann ar feadh tamall níos faide. Braitheann inmharthanacht ionaid tráchtála ar dhóthain spásanna carrpháirceála a bheith acu chun cuidiú le custaiméirí, ar siopadóirí gearrchuairte iad den chuid is mó chomh maith le fostaithe, a pháirceálann ar feadh tamaill fhada. Chun é seo a bhaint amach, cuirfear páirceáil fadchuairte laistigh d'char réasúnta siúil ó na hionaid tráchtála (nach faide ná 3 huaire an chloig).


Cuspóir GB04

Páirceáil ar an tsráid a rialú ar mhaithe le hinmharthanacht, brí agus taithneamhachtaí ionad tráchtála tríd an soláthar páirceála gearrchuairte a uasmhéadú do shiopadóirí, fad is a chuirtear páirceáil fhadtéarmach ar fáil d'fhostaithe laistigh d'achar réasúnta siúil.

I lár bailte agus sráidbhailte ina bhfuil na láithreacha beag, is minic a bhíonn sé dúshlánach carrpháirceáil a chur ar fáil d'fhorbairtí nua. Agus iarratais ar fhorbairtí i mbailte agus ionaid á meas, ba cheart soláthar na spásanna carrpháirceála a mheas. De réir mar is cuí, ba cheart go mbeadh spás carrpháirceála le haghaidh gach aonad cónaitheach. Áiteanna a bhfuil córais Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm, is féidir freastal ar éileamh páirceála ar an tsráid. Leis a úsáid a bhaintear as páirceáil ar an tsráid, go háirithe páirceáil cheada, sábhálann forbróirí costais a bhaineann le spásanna carrpháirceála a chur ar fáil agus mar a laghdaítear teacht isteach na Comhairle ón Íoc agus Taispeáin, is ceart deonachán a thabhairt in ionad na páirceála.


Cuspóir GB05

Machnamh a dhéanamh ar Straitéisí Bainistiú ar an Éileamh Páirceála a chur i bhfeidhm in eastáit tithíochta atá an-ghar d'áiseanna iompair phoiblí a bhfuil fadhbanna páirceála agus brú tráchta iontu, nuair a cheaptar go bhfuil sé oiriúnach agus indéanta.

Feithiclí Leictreacha

Tagraíonn Feithiclí Leictreacha (FLanna) d'Fheithiclí Leictreacha Cadhnra (FLCanna) chomh maith le Feithiclí Hibrid Ionsuite (FHIanna). Is é sprioc na hÉireann ná leibhéal de 10% d'úsáid fheithicle leictrí a bhaint amach faoi 2020. Tá roinnt pointí luchtaithe timpeall an Chontae agus molann an Dréachtphlean seo níos mó suiteála agus leathnaithe de phointí luchtaithe do na feithiclí sin.


Cuspóir GB06

Bonneagar luchtú leictreachais a chur ar fáil d'fheithiclí leictreacha ar an tsráid agus i bhforbairtí nua de réir na gcaighdeán carrpháirceála.


Cuspóir GB07

Tacaíocht a thabhairt d'fhás na gCarranna Leictreacha agus Rothair Leictreacha, le háiseanna tacaíochta, trí fheidhmiú céimneach níos mó pointí luchtaithe leictrigh i gcomhfhiontar leis na gníomhaireachtaí ábhartha ag suíomhanna oiriúnacha.

Staidéar Bainistíochta Éilimh M50

Chuir an tÚdarás um Bóithre Náisiúnta, i gcomhar leis na ceithre Údarás Áitiúla de chuid Bhaile Átha Cliath, staidéar i gcrích le déanaí, ar bhearta bainistíochta éilimh. Tugtar aitheantas sa staidéar do scéim tháscach de bhearta bainistíochta éilimh lena n-áirítear:

  • Bearta Fioscacha amhail córas dola bunaithe ar fhad
  • Intelligent transport systems such as variable speed limits and incident detection
  • Eolas ar chomharthaí teachtaireachtaí dinimiciúla, leathanaigh ghréasáin agus raidió
  • Taisteal níos cliste amhail Pleananna Bainistíochta Soghluaisteachta
  • Rialú Líonra ó ionad rialaithe mótarbhealaí náisiúnta

Cuspóir GB08

Feidhmiú na mbeart bainistíochta éilimh sa Staidéar Bainistíochta Éilimh M50 a éascú, faoi mar a éilítear.

Pleananna Bainistíochta Soghluaisteachta

Leagann Pleananna Bainistíochta Soghluaisteachta bearta amach ina gcuirtear iompar inbhuanaithe chun cinn d'áiteanna áirithe oibre nó oideachais. Áirítear de ghnáth leis na bearta

  • Ceapadh Bhainisteoir Soghluaisteachta ag leibhéal sinsir san eagraíocht atá freagrach as an bPlean a chur i bhfeidhm
  • Ceistneoir ar phatrúin taistil oibreoirí agus/nó a dhéanamh
  • Spriocanna a leagan síos le haghaidh sciar na dturas a dhéantar trí mhodhanna inbhuanaithe
  • Ceathanna agus seomraí locar a chur ar fáil do rothaithe agus siúlóirí
  • Dóthain páirceáil rothar a chur ar fáil
  • Lucht foirne a chumasú chun tairbhe a bhaint as scéimeanna sábháil chánach an rialtais chun rothair agus ticéid iompair phoiblí a cheannach
  • Eolas maidir le bealaí siúil, bealaí rothaíochta agus seirbhísí iompair phoiblí a chur ar fáil
  • Uaireanta Oibre Solúbtha
  • Comhroinnt cairr a chur chun cinn (m.sh. trí spásanna carrpháirceála tosaíochta a thabhairt)
  • Traenacha rothair agus busanna siúil a chur chun cinn, go háirithe do scoileanna

Iompar Inbhuanaithe

Siúl agus Rothaíocht

Is iad siúl agus rothaíocht ar an dá mhodh taistil is éifeachtaí ó thaobh spás bóthair a úsáid, agus is iad na modhanna is inbhuanaithe ó thaobh tionchair comhshaoil. Cuireann siad le beartais sláinte náisiúnta freisin trí ghníomhaíocht fhisiciúil laethúil a chur chun cinn. Chun rothaíocht a chur chun cinn sa Chontae, bunófar gréasán cuimsitheach de bhealaí rothaíochta ar fud an Chontae agus béim á leagan ar bhealaí díreacha, compordacha, áisiúla agus sábháilte a chur chun cinn. Tá Plean Gréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath foilsithe ag NTA ina n-aithnítear:

  • An Gréasán Rothaíochta Uirbeach (lena n-áirítear bealaí príomha, tánaisteacha agus friothálacha)
  • An Gréasán Rothaíochta Idiruirbeach
  • Gréasán an Bhealaigh Ghlais

Tá an NTA réitithe ar leibhéal straitéise. Beidh gá le tuilleadh dearadh innealtóireachta mionsonraithe i gcás na bealaí éagsúla leis an ngréasán a chur i bhfeidhm.


Cuspóir GB09

Siúl agus Rothaíocht a chur chun cinn mar mhodhanna éifeachtúla, sláintiúla agus neamhdhíobhálach don chomhshaol trí fhorbairt gréasáin de bhealaí rothaíochta agus chosáin dhíreacha, chompordacha, áisiúla agus shábháilte a dhaingniú. Oibreoidh an Chomhairle i gcomhar leis an NTA chun Plean Gréasán Rothaíochta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath a chur i bhfeidhm faoi réir dhearadh innealtóireachta mionsonraithe agus na mbeart maolaithe a leagtar amach sa MST agus i Ráiteas Tionchair Natura a ghabhann le Plean an NTA.

Braitheann cur chun cinn na rothaíochta mar mhodh inbhuanaithe iompair ar dhóthain páirceáil á chur ar fáil ag áiteanna oibre agus oideachais. Leagtar amach caighdeáin rothaíochta, ar coinbhinsiúin iad, i dTábla 12.8 i gCaibidil Caighdeáin Bainistíochta Forbartha.


Cuspóir GB10

Soláthar áiseanna páirceála rothar leordhóthanacha, slána agus tirime agus scéim rothair ar cíos a chur chun cinn suíomhanna oiriúnacha , ina measc stáisiúin agus pointí idirmhalartaithe iompair phoiblí eile.


Cuspóir GB11

Nascacht coisithe agus rothaíochta le scoileanna a fheabhsú agus na constaicí a aithint atá roimh pháistí siúl agus rothaíocht ar an mbunscoil agus ar an meánscoil.

Iompar Poiblí

Le haghaidh líon mór taistealaithe agus le haghaidh turais mheánacha go fhada, is iad na modhanna éagsúla iompair phoiblí na modhanna taistil is éifeachtúla ó thaobh spás bóthair a úsáid, agus is iad na modhanna is inbhuanaithe ó thaobh tionchair comhshaoil. Is iad an tÚdarás Náisiúnta Iompair (NTA) and Bonneagar Iompair Éireann (TII), atá freagrach go príomha as maoiniú, pleanáil agus cur i bhfeidhm an bhonneagair iompair phoiblí i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath. Tá ról tábhachtach ag an gComhairle, áfach, maidir le hiompar poiblí a chur chun cinn agus a éascú. Go háirithe, molann an Chomhairle suíomhanna na mbealaí agus stadanna iompair phoiblí don NTA agus TII, coinníonn forbairt siar ar na bealaí molta, agus ceadaíonn forbairt ard-dlúis ar feadh na gconairí iompair phoiblí molta. Tá freagrachtaí straitéiseacha ar an NTA agus TII, do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus go náisiúnta. Déanfaidh an Chomhairle cinnte de go mbeidh tuiscint iomlán ag an NTA agus TII ar bheartais, chuspóirí agus riachtanais an Chontae. Leanfaidh an Chomhairle ag cur chun cinn nascacht iompair phoiblí idir príomhlonnaíochtaí uirbeacha laistigh den Chontae.


Cuspóir GB12

Tacaíocht agus comhairle a thabhairt don NTA agus TII maidir le pleanáil agus cur i bhfeidhm bonneagar iompair phoiblí, go háirithe trí bheartais, cuspóirí agus riachtanais Fhine Gall, ina measc íogair comhshaoil, a mhíniú.

Meitreo Thuaidh Nua Beartaithe

Áirítear Meitreo Thuaidh nua beartaithe i gclár caipitil an Rialtais a foilsíodh le déanaí. Nascfaidh sé Sord, tríd an Aerfort, le Lár Chathair Bhaile Átha Cliath ar thuras a mhaireann timpeall 25 nóiméad. Beidh gá le cead nua a fháil ón mBord Pleanála don scéim athbhreithnithe. Ceadaíodh roinnt stadanna laistigh de Shord.

Tá soláthar an Mheitreo Thuaidh nua beartaithe ríthábhachtach d'fhás leanúnach, inbhuanaithe an Phríomhbhaile Contae, Sord. Tá sé riachtanach go mbeidh na stadanna meitreo inrochtana le haghaidh forbairtí dianturais.


Cuspóir GB13

Tacaíocht a thabhairt do TII chun dearadh athbhreithnithe den Mheitreo Thuaidh nua a fhorbairt a thugann aghaidh ar riachtanais an chonair Sord-Aerfort-Lár na Cathrach, íogair comhshaoil agus cead ón mBord Pleanála a dhaingniú.


Cuspóir GB14

Tacaíocht a thabhairt do TII i gcás ceann scríbe an Mheitreo Thuaidh nua beartaithe a shíneadh le go nascfaidh sé leis an Líne Thuaidh i nDomhnach Bat, ag súil go ndaingneofar cead ón mBord Pleanála.

Meitreo Thiar

Cé nach n-áirítear Meitreo Thiar i gclár caipitil an Rialtais 2016-2021, tá obair dhearaidh shuntasach déanta cheana féin. Dearadh an bealach 25 ciliméadar chun go bhfeidhmeoidh sé ó Thamhlacht go Cluain Dolcáin, Gleann na Life agus Baile Bhlainséir á nascadh leis an Meitreo Thuaidh ag Baile an Dairdisigh, ó dheas ó Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cé ná faomhadh an bealach féin go fóill, is fiú conair a choinneáil siar saor ó fhorbairt ionas gur féidir Meitreo Thiar a thógáil amach anseo.


Cuspóir GB15

Tacaíocht a thabhairt do TII le dearadh an Mheitreo Thiar a thugann aghaidh ar riachtanais Fhine Gall, go háirithe ceantar Bhaile Bhlainséir, ag súil go ndaingneofar cead ón mBord Pleanála.

Idirmhalartaithe Iompair Phoiblí

Tá sé dodhéanta seirbhísí iompair phoiblí a sholáthar a chuireann bealaí díreacha ar fáil ó gach foinse go dtí gach sprioc. Mar sin, tarlaíonn sé go mbeidh ar phaisinéirí athrú ó sheirbhís amháin go seirbhís eile chun a sprioc a bhaint amach. Idirmhalartú is ea an t-athrú a tharlaíonn. Ba chóir go mbeadh leithéidí idirmhalartaithe soiléir, slán, díreach, áisiúil agus compordach.

Réiteoidh an Chomhairle bearta agus scéimeanna chun a chinntiú go mbeidh idirmhalartú éasca ann idir cur chun cinn agus forbairt tograí éagsúla amhail tógáil an bhonneagair agus eolas níos fearr taistil/do phaisinéirí a chur ar fáil. Cuimseofar sna háiseanna foscadh leordhóthanach, suíocháin, faisnéis chruinn ar sheirbhísí uile bus áitiúil agus traenach/Meitreo/ DART, soláthar bosca bruscair, agus áiseanna chun freastal ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu m.sh. cló mór, braille nó clos-leaganacha de na hamchláir uile a chur ar fáil.


Cuspóir GB16

Áiseanna ardchaighdeáin idirmhalartaithe a éascú, a spreagadh agus a chur chun cinn ag nóid iompair phoiblí ar fud an Chontae.

Iompar Poiblí i gCeantair Tuaithe

Ní bhíonn sé inmharthana ó thaobh airgeadais de i gcónaí iompar poiblí traidisiúnta (m.sh. busanna) a sholáthar i gceantar tuaithe. Bíonn gá leanúnach, áfach, le hiompar poiblí a sholáthar i gceantar tuaithe do dhaoine nach bhfuil carranna acu, go háirithe seandaoine, daltaí scoile, agus daoine a bhfuil laigeachtaí luaineachta, chéadfacha nó chognaíocha acu. Tá ról tábhachtach ag iompar poiblí tuaithe maidir le scoiteachta tuaithe a réiteach. Cuireann NIFTI seirbhís bus luachmhar ar fáil do cheantar tuaithe i bhFine Gall.


Cuspóir GB17

Iompar poiblí tuaithe a chur chun cinn a thugann deis níos mó do dhaoine gníomhaíocht eacnamaíoch, oideachais agus shóisialta a bhaint amach trí chóras iompair phoiblí tuaithe minic, inrochtana, slán agus ar féidir brath air a chur chun cinn.

Iarnród

Cuireann iarnród trom seirbhísí iompair phoiblí ardchaighdeáin, ardacmhainn agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ar fáil. Tá costas ard ag baint leis áfach, ó thaobh chostais caipitil agus chostais oibriúcháin. Mar sin tá gá le forbairt ard-dlúis laistigh de cheantar na stáisiún chun an líon ard paisinéirí a bhaint amach le go mbeidh sé inmharthana agus feidhmiúil. Déanann córas an iarnróid throm freastal ar chuid den Chontae, sé sin, na ceantair ar feadh an Líne Iarnróid Thuaidh (lena n-áirítear an spor go Binn Éadair), agus na ceantair ar feadh Líne iarnróid Mhaigh Nuad.

 

Tá cead faighte ag Iarnród Éireann DART Faoi Thalamh a thógáil, ó thuaidh ó Stáisiún Uí Chonghaile, trí Dhuga Spencer, Stáisiún an Phiarsaigh, Fhaiche Stiabhna agus Ard-Eaglais Chríost go dtí Stáisiún Heuston. Tiocfaidh méadú mór leis ar mhinicíocht na seirbhísí traenach ar línte Thuaidh agus Mhaigh Nuad. Ní áirítear tógáil an DART Faoi Thalamh i gclár caipitil an Rialtais 2016-2021. Déanfar an tionscadal, ar príomhghné d'iompar comhtháite Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é, a athdhearadh chun réiteach teicniúil ar chostas íseal a sholáthar, fad is a choinneofar nascacht riachtanach an iarnróid.

 

Cuirfear tús leis an gcéad chéim de Chlár Leathnaithe DART ilchéimeach roimh 2021, le síneadh an DART go Baile Brigín agus le dearadh agus pleanáil le haghaidh leathnú an DART go Maigh Nuad. Leis sin, tabharfar an clár reatha Athcohmharthaíochta Lár Cathrach i gcrích. Fágfaidh sé seo gur féidir méadú suntasach a bhaint amach i líon na dtraenacha a dhéanann freastal ar an Líne Mhullach íde - Bhinn Éadair agus/ nó Líne Mhaigh Nuad. Agus méadú ar mhinicíocht na dtraenacha ar Líne Mhaigh Nuad beidh tionchar aige ar dhúnta níos minice ar na crosairí comhréidhe atá ann cheana, rud a chuirfidh leis an mbrú tráchta sa ghréasán bóthair áitiúil. Déanfaidh an Chomhairle bearta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm chun an brú tráchta seo a laghdú.


Cuspóir GB18

Tacaíocht a thabhairt d'Iarnród Éireann i gcur i bhfeidhm an Chláir Leathnaithe DART, lena n-áirítear an leathnú DART go Baile Brigín, dearadh agus pleanáil le haghaidh leathnú na seirbhísí DART go Maigh Nuad, agus athdhearadh an DART Faoi Thalamh.


Cuspóir GB19

Bearta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm, agus aird a thabhairt ar thionchair fhéideartha comhshaoil, chun an brú tráchta méadaithe a laghdú ar an ngréasán bóthair áitiúil a chruthaítear ag dúnta níos minice ar na crosairí comhréidhe atá ann cheana ar Líne Mhaigh Nuad. A chinntiú i bhfad sula nglactar le haon bheart dá leithéid, go dtugtar faoi chomhairliúchán díreach agus fairsing le pobail agus cónaitheoirí áitiúla a bheadh thíos le haon bheart dá leithéid.


Cuspóir GB20

Soláthar foscaí ardáin agus clúdaigh ar ardáin ag stáisiúin iarnróid a chur chun cinn in áiteanna nach bhfuil clúdach ann do chomaitéirí faoi láthair, chun níos mó comaitéirí a spreagadh leis an traein a úsáid chun taisteal ar an obair.

Bus, Mórlána Bus (MLB) agus Bus Gasta (BG)

Is é an bus an chóir iompair phoiblí is solúbtha agus a bhfuil an sciar chóir iompair is mó aige. Tógadh dhá Mhórlána Bus sa Chontae, sé sin, i Sord agus i mBaile Bhlainséir. Tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair, i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla ábhartha de chuid Bhaile Átha Cliath, i mbun trí bhealach Bus Gasta a dhearadh. Téann dhá bhealach BG trí Fhine Gall, sé sin Baile Bhlainséir go Belfield agus Sord go Cearnóg Mhuirfean. Mar chuid de Dhréachtstraitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath an NTA, tá sé beartaithe roinnt scéimeanna BG a fhorbairt agus dhá scéim traschathrach á moladh, Baile Bhlainséir go COBÁC agus Cluain Ghrífín go Tamhlacht.

Bus

Ó thaobh chonair Sord/ Aerfort go Lár na Cathrach, beidh gá le leibhéal níos airde d'iompar poiblí ná an soláthar atá ann cheana roimh theacht an Mheitreo Thuaidh nua molta. Beidh an acmhainn bhreise seo i bhfoirm sheirbhís BG nó sheirbhís de chineál BG nó uasghrádú ar chonair bus traidisiúnta ar feadh an bhealaigh seo. Beidh sé deartha le bheith comhlántach don togra Meitreo Thuaidh nua molta. Leis sin, áireofar scéim BG don bhealach Sord/ Aerfort Lár na Cathrach sa Straitéis Iompair ach d'fhéadfaí go laghdófaí nó go n-athrófaí é i gcomhar leis an Meitreo Thuaidh nua molta.


Cuspóir GB21

Feabhsú na seirbhísí bus a éascú agus a chur chun cinn trí bhearta tosaíochta bus lena n-áirítear lánaí bus agus geataí bus. Tacaíocht a thabhairt do NTA i gcur i bhfeidhm an Bus Gasta ó Bhaile Bhlainséir go Belfield agus ó Shord go Cearnóg Mhuirfean, faoi réir dhearadh mionsonraithe.


Cuspóir GB22

Oibriú le soláthraithe iompair phoiblí agus gníomhaireachtaí Stáit chun nascacht bus a chruthú idir Baile Átha Cliath 15 agus Aerfort Bhaile Átha Cliath/ Sord.

Páirceáil agus Taisteal

Is é cuspóir na háise 'Páirceáil agus Taisteal' ná comaitéirí cairr a thiontú ar iompar poiblí, agus leis sin laghdaítear an brú tráchta agus cuirtear iompar poiblí chun cinn. Baintear úsáid go minic, áfach, le Páirceáil agus Taisteal as talamh luachmhar in aice le stáisiún/stadanna iompair phoiblí ard-acmhainn a mbainfí úsáid níos fearr astu trí fhorbairt dianturas a chur ar fáil.


Cuspóir GB23

Soláthar áiseanna Pháirceáil agus Taisteal a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dó ag suíomhanna oiriúnacha gar do stáisiún/stadanna iompair phoiblí ard-acmhainn.

Seirbhísí Tacsaí agus Hacnaí

Is cuid thábhachtach den mheascán iompair phoiblí é seirbhís inrochtana tacsaí agus hacnaí lena gcuirtear seirbhís ag freagairt don éileamh 24 uair ó dhoras go doras ar fáil. Go minic is iad tacsaithe inrochtana an t-aon mhodh iompair phoiblí d’úsáideoirí cathaoireacha rothaí nó daoine a bhfuil laigeachtaí luaineachta acu. Is réamhriachtanas bunriachtanach í seirbhís iompar poiblí comhtháite inrochtana le go mbeidh daoine a bhfuil faoi mhíchumas in ann páirt a ghlacadh i ngnáthghníomhaíochtaí laethúla m.sh. obair, oideachas, fóillíocht agus gníomhaíochtaí sóisialta. Is minic is í seirbhís tacsaí agus hacnaí inrochtana agus inacmhainne an modh is éifeachtúla agus is eacnamúla leis an riachtanas seo a shásamh.

Bóithre

Déantar freastal maith ar Fhine Gall leis an ngréasán bóithre náisiúnta leis an M1 Baile Átha Cliath go Béal Feirste, an N2/M2 Baile Átha Cliath go Doire, agus N3 Baile Átha Cliath go Béal Átha Seanaidh, agus an M50 a thrasnaíonn an Contae. Is beag nach mótarbhealach nó débhealach ardghráid atá sa ghréasán bóithre Náisiúnta ar fad atá sa Chontae. Is ar mhaithe le trácht idiruirbeach náisiúnta go príomha é an fhorbairt ar an ngréasán bóithre náisiúnta, m.sh. bealach a sholáthar idir príomhbhailte agus cathracha an stáit. Is é polasaí TII gan rochtain dhíreach a cheadú ar mhótarbhealaigh ná ar dhébhealaigh ardghráid. Déantar freastal ar Fhine Gall freisin le roinnt bealaí réigiúnacha agus bóithre áitiúla. Bíonn ról tábhachtach eacnamaíoch acu seo agus bíonn feidhmeanna luachmhara sóisialta agus pobail acu freisin, go minic is iad an t-aon bhealach le gníomhaíocht an gheilleagair áitiúil a bhaint amach. Bíonn an Contae ag brath go mór ar an mbonneagar bóthair le haghaidh gluaiseacht agus rochtain in- agus idir-Chontae.

I gcás forbairtí nua, is buncheist í conas an gréasán bóithre a rochtain, go háirithe i gceantair tuaithe. Is fearr de ghnáth úsáid a mhéadú ag pointe rochtana atá ann cheana seachas rochtain nua a chruthú ar bhóthair tuaithe. Níor chóir go mbainfí carrpháirceáil ar an tsráid le rochtain nua.

Nuair a bhíonn gá le bealaí isteach nua, cuirfear i bhfeidhm na caighdeáin deartha bóithre (LDBD i gcásanna tuaithe m.sh. an Lámhleabhar Deartha do Bhóithre agus Droichid - agus LDBSU i gcásanna uirbeacha – Lámhleabhar Deartha do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha). Tá gá lena leithéid de chaighdeáin bóithre chun sábháilteacht an phobail i gcoitinne sa Chontae a ráthú agus chun acmhainn iompair an ghréasáin bóithre a chosaint.

Cruthaítear trácht breise cairr agus Feithiclí Earraí Troma le forbairtí móra nua, go háirithe forbairtí tráchtála. Tá sé tábhachtach a chinntiú nach gcuireann cúrsaí forbartha le brú tráchta suntasach ar ghréasán bóithre an Chontae.

Sábháilteacht ar Bhóithre

Maidir le dearadh agus/nó feabhsú na mbóithre agus maidir le measúnú ar iarratais phleanála d'fhorbairt nua, cuirfear go príomha sábháilteacht na n-úsáideoirí bóthair uile san áireamh, lena n-áirítear iompar poiblí, coisithe, rothaithe agus tiománaithe. Déanfar dianmhachnamh ar chúrsaí ar feadh na mbealaí scoile.

Moilliú Tráchta

Ba chóir go ndearfar forbairtí nua cónaitheacha ar mhaithe le timpeallachtaí íseal-luais a chruthú trí dhearadh innealtóireachta gus dhearadh uirbeach a úsáid faoi réir LDBSU. Sna forbairtí cónaitheacha atá ann cheana, is minic a bhíonn tiománaithe gluaisteáin ag taisteal a bhfad róthapa, rud a chuireann leis an mbaol imbhuailte agus a chuireann eagla ar choisithe agus cónaitheoirí.


Cuspóir GB24

Moilliú tráchta a chur i bhfeidhm ar bhóithre faoi leith agus i gceantair chuí sa Chontae, go háirithe i gceantair chónaitheacha, chun luas na ngluaisteán a laghdú ar mhaithe le sábháilteacht bóthair agus taitneamhacht chónaitheach.

A chinntiú nuair is cuí, go mbeidh moilliú tráchta ina réamhchoinníoll d'fhorbairt eastát nua nó do leathnú ar eastáit atá ann cheana.

Bainistíocht Tráchta

I gceantair uirbeacha, is é ró-acmhainn ag acomhail is cúis leis an mbrú tráchta. Tá roinnt beart bainistíochta tráchta ar féidir leo cumas acomhal a mhéadú agus an brú tráchta a laghdú gan mórán díobhála don chomhshaol. Áirítear leis bearta comharthaíocht, nascú comharthaí, agus athailíniú colbha.


Cuspóir GB25

Acmhainn acomhail a uasmhéadú trí bhearta bainistíochta tráchta a úsáid agus leis sin brú tráchta a laghdú.


Cuspóir GB26

Athbhreithniú a dhéanamh ar thorthaí an Staidéir Thrialaigh ar Luasteorainn Chónaitheach de 30km/u, d'fhonn luasteorainn de 30km/u a chur i bhfeidhm sna heastáit chónaitheacha uile ar bhonn céimneach.

Tógáil Bóithre agus Bearta Feabhsúcháin

Fad is atá Fine Gall tiomanta do mhodhanna inbhuanaithe taistil a chur chun cinn, agus athrú modhanna a spreagadh ón gcarr príobháideach, tugtar faoi deara go mbíonn ról lárnach ag an mbonneagar bóithre sa ghréasán iompair foriomlán, ina ndéantar freastal ar ghluaiseacht busanna, feithiclí earraí, coisithe, rothaithe chomh maith leis an gcarr príobháideach. Agus aghaidh á tabhairt ar bheartais iompair, déanfaidh an Chomhairle a seacht ndícheall bonneagar bóthair leordhóthanach a sholáthar chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe an Chontae a chinntiú.

Tá gá le roinnt príomhfheabhsúcháin bóithre chun gluaiseacht earraí agus daoine a éascú ar fud an Chontae agus chun so-rochtaineacht a chinntiú, go háirithe do cheantair ina bhfuil forbairtí nua.

I gcás oibreacha ar bith a dtugtar fúthu cuimseofar mar aidhm iontu soláthar feabhsaithe d'iompar poiblí, rothaithe agus coisithe, nuair is cuí, agus beidh siad faoi réir chomaoineacha comhshaoil.


Cuspóir GB27

Cur i bhfeidhm chlár tógála bóithre agus oibreacha feabhsúcháin lena mbeidh dlúthchomhtháthú le húsáidí talún atá ann cheana agus atá pleanáilte, agus aird á tabhairt ar mhodhanna a bhaineann leis an gcarr agus ar mhodhanna eile iompair agus tabharfar barr tosaíochta don tsábháilteacht bóthair. Cuimseofar breithmheas ar thionchair chomhsaoil sna móroibreacha tógála bóithre agus feabhsúcháin.


Cuspóir GB28

Iarracht a dhéanamh na scéimeanna feabhsúcháin bóthair a luaitear i dTábla 7.1 a chur i bhfeidhm laistigh den tréimhse Pleanála má bhíonn an acmhainn ann. Na conairí a bhfuil feabhsúcháin bóthair molta dóibh a choinneáil saor ó fhorbairt.

Tábla 7.1 Scéimeanna Bóthair

Cuarbhóthar Bhaile Brigín R122 go R132 trí Bhaile an Phléimeannaigh

Uasghrádú ar Bhóthar na hAille R122

Nascbhóthar Bhaile Stiofáin

Nasc Fhearann an Chaisleáin go R127

Uasghrádú ar Bharr na gCaorach R127

Nasc Bharr na gCaorach

Bóthar Faoisimh na Scéirí Theas

Bóthar Faoisimh an Rois

Uasghrádú ar an Ros Lusca R128

Uasghrádú ar Bhóthar an Mhinistéara

Bóthar Faoisimh Dhomhnach Bat R126: R132 go Diméin Phort Reachrann

Feabhsuithe ar Bhóthar Ráth Béil R125

Bóthar Faoisimh Shoird Thiar

Bóthar Dáileacháin Shoird Thiar

Nasc Eastáit Thionsclaíochta Shoird

Nasc Shord-Baile Bhlainséir

Nascbhóthar Thaobh an Aerfoirt go Bóthar Fhaoldroma

Bóthar na Foraoise

Nasc Fostertown

Uasghrádú ar Bhóthar Mhullach Íde-Sord R106

Athailíniú Bhóthar na Maighne R123

Feabhsuithe Chrois Chill Fhionntain R105

Athailíniú Bhóthar Mhullach Íde, Seachbhóthar Bhaile Grifín

Bóthar Dáiliúcháin Soir-Siar: Bóthar Mhullach Íde go Lána Stockhole

Bóthar Dáiliúcháin Soir-Siar: Lána Stockhole go Cherryhound

Bóthar Comhthreomhar Thuaidh

Seachbhóthar Naomh Máiréad go Bóthar Comhthreomhar Thuaidh

Nasc Dhroichead Shaileoige

Bóthar Cheapaí – Nascbhóthar Thuaidh

Bóthar Cheapaí – Nasc Bhóthar na hAbhann

Uasghrádú ar N3 An Bealach Beag go M50

Uasghrádú ar Acomhal N3 Snugborough

Uasghrádú ar Acomhal N3 Theach Chainnigh

Bóthar Bhaile Uí Cheallaigh

Nasc N3-N4 Ongar go Cnoc an Sciobóil

Acomhal N3–N4 Cnoc an Sciobóil go Léim an Bhradáin

Tobhaigh Ailt 48 agus 49

Déanfar iarracht teacht ar ranníocaíochtaí airgeadais mar chuid den phróiseas bainistíochta forbartha le haghaidh forbairtí ar leith faoi fhorálacha Ailt 48 agus Ailt 49 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú). Baineann scéimeanna Ailt 48 (ginearálta) le foráil mholta bonneagair agus áiseanna poiblí lena gcuirtear leis an mbuntáiste forbartha laistigh de réimse an Údaráis Phleanála, agus a chuirtear i bhfeidhm mar thobhach ginearálta. D'fhéadfadh go mbeadh gá le ranníocaíocht 'speisialta' faoi Alt 48(2) (c) sa chás go bhfuil costais eisceachtúla ar leith nach gclúdaítear sa scéim ginearálta a thabhaíonn an tÚdarás Áitiúil de bharr forbartha ar leith.

Baineann scéimeanna Ailt 49 (forlíontach) leis na tionscadail nó na seirbhísí bonneagair a chuirtear in iúl ar leithligh - amhail Meitreo Thuaidh, Meitreo Thiar, Sínte Luas, bonneagar iarnróid nó bóthair, lena dtugtar buntáiste do cheantar áirithe (conair de ghnáth). Nuair a bhíonn forluí le hÚdarás Áitiúil eile, déanfar Scéim Ailt 49 a fhorbairt i gcomhar leis an údarás áitiúil sin.


Cuspóir GB29

Úsáid, nuair is cuí, forálacha Ailt 48 agus 49 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (leasú) chun ranníocaíochtaí airgeadais a ghiniúint le haghaidh costais caipitil a bhaineann le bonneagar, seirbhísí agus tionscadail iompair straitéiseacha a chur ar fáil. Déanfar seo i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla atá in aice láimhe nuair is cuí.

Aerfort Bhaile Átha Cliath

Is é Aerfort Bhaile Átha an phríomthairseach go hÉireann agus an t-aonad eacnamaíoch is suntasaí agus an fostóir is mó sa Chontae agus sa réigiún. Tá an-tábhacht ag baint leis go náisiúnta, go réigiúnach agus go háitiúil mar gheall ar a bhonn fostaíochta, tréchur paisinéirí agus seirbhísí aerlasta. In 2014 d'fhreastail sé ar 21.7 milliún paisinéir, méadú de 8% ar 2013. Tá timpeall 24,320 spás carrpháirceála ag an aerfort ag Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath. (Féach freisin Caibidil 6 Forbair Eacnamaíoch- Roinn 6.7 Aerfort Bhaile Átha Cliath).


Cuspóir ABÁC01

Feidhmiú agus forbairt Aerfort Bhaile Átha Cliath amach anseo a éascú agus aitheantas a thabhairt dá ról i soláthar iompar aeir, idir phaisinéirí agus lastas.

Cuirfidh an Plean Limistéir Áitiúil d'Aerfort Bhaile Átha Cliath nuair a ullmhaítear agus a ghlactar leis an phríomhuirlis bainistíochta forbartha ar fáil le haghaidh cheantar an aerfoirt agus cuirfear in iúl ann diúscairt fadtéarmach agus úsáidí measctha laistigh den limistéar ainmnithe chomh maith le forbairt bonneagair atá riachtanach chun tacú leis na húsáidí seo.


Cuspóir ABÁC02

Plean Limistéir Áitiúil nua a ullmhú agus a chur i bhfeidhm d'Aerfort Bhaile Átha Cliath ina ndéantar freastal ar fhás agus fhorbairt inbhuanaithe thailte an aerfoirt amach anseo agus leis sin feidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil Aerfort Bhaile Átha Cliatha éascú de réir cheanglais an PLA agus phleanáil cheart agus fhorbairt inbhuanaithe.


Cuspóir ABÁC03

Riachtanais reatha agus thodhchaí oibríochta, sábháilteachta, teicniúil agus forbartha Aerfort Bhaile Átha Cliatha chosaint agus freastal a dhéanamh ar a fhorbairt leanúnach de réir chreat forbartha inbhuanaithe, agus aird á thabhairt ar an tionchar comhshaoil ar phobail áitiúla agus ar an tionchar eacnamaíoch ar ghnóthaí sa cheantar.


Cuspóir ABÁC04

An méadú agus feabhsú leanúnach ar áiseanna críochfoirt ag Aerfort Bhaile Átha Cliatha éascú.


Cuspóir ABÁC05

Forbairt phríomhrúidbhealaigh soir-siar eile ag Aerfort Bhaile Átha Cliatha éascú chomh maith le síneadh a chur leis an rúidbhealach soir-siar atá ann cheana 10/28.


Cuspóir ABÁC06

Leanúint ag glacadh páirt i bhFóram Gheallsealbhóirí Aerfort Bhaile Átha Cliath lena n-áirítear ionadaithe ó údaráis áitiúla, oibreoirí aerfoirt, geallsealbhóirí ón bpobal agus eile, rud a chuireann fóram díospóireachta ar fáil maidir le ceisteanna comhshaoil agus eile.

Torann

Is gá drochthionchar torainn a laghdú gan srianta míréasúnta a chur ar fhorbairt agus le coimhlint a sheachaint amach anseo idir an pobal agus oibriú an aerfoirt. Tá dhá chrios torainn le feiceáil i léarscáileanna an Phlean Forbartha, Crios Amuigh ina leanfaidh an Chomhairle ag cur srian ar fhorbairt mhí-oiriúnach, agus Crios Istigh ina ndéanfar iarracht soláthar nua maidir le forbairt tithíochta agus úsáidí eile torann-íogair a sheachaint.


Cuspóir ABÁC07

Forbairt mhí-oiriúnach a rialú go daingean agus insliú torainn a éileamh nuair is cuí sa Chrios Torainn Amuigh, agus iarracht a dhéanamh soláthar maidir le forbairt chónaitheach agus úsáidí eile torann-íogair a sheachaint sa Chrios Torainn Istigh, agus aitheantas a thabhairt do riachtanas tithíochta na dteaghlach atá i mbun feirmeoireachta sa Chrios. Chun a ghlacadh leis nach bhfuil sé míréasúnta srianta oibriúcháin am-theorannaithe a chur i bhfeidhm i gcás úsáid an dara rúidbhealach chun drochthionchair torainn a laghdú ar na tithe atá ann cheana laistigh den chrios torainn istigh is amuigh.


Cuspóir ABÁC08

Gan aird ar Chuspóir DA07, na forálacha maidir le Tithíocht Nua do Theaghlaigh Feirmeoireacht amháin a chur i bhfeidhm, faoi mar a leagtar amach i gCaibidil 5 An Tuath i bhFine Gall, laistigh den Chrios Torainn Istigh faoi réir na srianta seo a leanas:

  • Ní cheadaítear áitreabh i gcás ar bith bheith laistigh den imlíne torainn 16 uair 69 dB LAeq
  • Beidh gá le hinsliú torainn cuimsitheach le haghaidh teach ar bith a cheadaítear faoin gcuspóir seo
  • Caithfidh aon iarratas pleanála a chuirtear isteach bheith in éineacht le tuairisc ar mheasúnú torainn a thagann ó shaineolaí sa mheasúnú torainn ina gcuirtear in iúl na bearta uile laghdú torainn chomh maith le dearbhú glactha an iarratasóra maidir le toradh an tuairisc ar mheasúnú torainn.

Cuspóir ABÁC09

A chinntiú i gcás ghnásanna forbartha agus oibrithe bainteach le haerárthach atá molta agus atá ann cheana ag an Aerfort, go gcuirtear san áireamh agus go n-úsáidtear gach beart riachtanach chun drochthionchar torainn féideartha a laghdú ó oibriú aerárthaigh, ina measc inleadh, éirí in airde agus tuirlingt, ar phobail chónaitheacha bhunaithe, fad is nach gcuirtear srianta míréasúnta ar fhorbairt aerfoirt agus go gcuirtear rialúchán 598/2014 an AE san áireamh le go mbeidh pobail páirteach agus chun cur chuige comhoibríoch a chinntiú maidir le truailliú ó thorann a laghdú.


Cuspóir ABÁC10

Srian a chur ar fhorbairt ina mbeadh coimhlint ann le gluaiseachtaí aerárthaigh ar bhonn comhshaoil agus sábháilteachta ar thailte i bhfoisceacht an Aerfoirt agus sna príomhruthaig eitilte a dhéanann freastal ar an Aerfort, agus go háirithe srian a chur ar fhorbairt chónaitheach i gceantair a mbeadh tionchar ag na leibhéil torainn orthu nach mbeadh oiriúnach do úsáid chónaitheach.


Cuspóir ABÁC11

Athbhreithniú a dhéanamh ar na Criosanna Torainn ar bhonn leanúnach i leith Threoir an AE ar Thorann Timpeallachta, an clár leanúnach maidir le monatóireacht torainn i bhfoisceacht ruthaig eitilte an Aerfoirt, agus tuartha torainn feabhsaithe bheith ar fáil.


Cuspóir ABÁC12

An Rúidbhealach Trasghaoithe a úsáid i gcorrchás riachtanach amháin nuair a chuirtear an dara rúidbhealach soir-siar i gcrích.

Sábháilteacht

Leanfaidh an Chomhairle comhairle de chuid Údarás Eitlíochta na hÉireann maidir le tionchair na forbartha molta ar shábháilteacht aerárthaí agus ar an aerloingseoireacht shábháilte agus éifeachtúil sin.


Cuspóir ABÁC13

Patrúin úsáide talún oiriúnacha a chur chun cinn i bhfoisceacht na ruthag eitilte a dhéanann freastal ar an Aerfort, agus aird á thabhairt ar an bprionsabal réamhchúraim, bunaithe ar thionchair ghluaiseachtaí aerárthaí réamh-mheasta agus atá ann cheana ar shábháilteacht agus ar an gcomhshaol.


Cuspóir ABÁC14

Na beartais atá le socrú ag an Rialtas maidir le Criosanna Sábháilteachta Poiblí d'Aerfort Bhaile Átha Cliatha chur i bhfeidhm.


Cuspóir ABÁC15

Foilsiúcháin ábhartha a eisíonn Údarás Eitlíochta na hÉireann a chur san áireamh maidir le hoibriúcháin agus forbairt in agus thart timpeall ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir ABÁC16

Leanúint ar aghaidh ag cur comhairle Údarás Eitlíochta na hÉireann san áireamh maidir leis na tionchair i gcás aon fhorbairt mholta ar shábháilteacht aerárthaí agus ar an aerloingseoireacht shábháilte agus éifeachtúil sin.


Cuspóir ABÁC17

Aird a thabhairt ar thionchair ghluaiseachtaí aerárthaí a bhaineann le hAeradróm Weston ar shábháilteacht agus ar an gcomhshaol i gcás measúnaithe ar aon fhorbairt mholta ábhartha.

Bainistíocht ar Chaighdeán an Uisce agus an Aeir

Ba cheart leanúint den mhonatóireacht fhadtéarmach ar an gcaighdeán aeir ag an Aerfort agus ar feadh na bpríomhbhóithre tríd an Aonad Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i Réigiún Bhaile Átha Cliath. Mar a thagann méadú ar an Aerfort, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar chuspóirí an Phlean Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i mBaile Átha Cliath(DRAQMP) agus a ghréasán monatóireachta chun clúdach cuí a chinntiú. Déanann Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath monatóireacht thimpeallacht ar an aer ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus oibríonn stáisiún monatóireachta ar an aer ar an láthair. Tá torthaí na monatóireachta seo foilsithe ar a láithreán gréasáin, www.daa.ie


Cuspóir ABÁC18

A chinntiú go gcuirtear san áireamh i ngach togra forbartha i bpurláin an Aerfoirt na hathruithe reatha agus atáthar a thuar maidir le caighdeán an aeir, astuithe ceaptha teasa, agus an timpeallacht áitiúil.


Cuspóir ABÁC19

A chinntiú go gcuirtear san áireamh i ngach togra forbartha i bpurláin an Aerfoirt an tionchar ar chaighdeán an uisce, ar ghnáthóga uisce agus ar thuile srúthán agus aibhneacha áitiúla agus go laghdaítear aon drochthionchar trí sheachaint nó trí dhearadh agus chun comhlíonadh a chinntiú le Plean Bainistithe do Cheantar Abhantraí an Oirthir.


Cuspóir ABÁC20

Tionchair áitiúla agus domhanda na heitlíochta a chur san áireamh chomh maith le gníomhaíocht idirnáisiúnta is dócha a tharlóidh chun astuithe na ngás ceaptha teasa a laghdú de réir ghníomhaíocht ICAO faoi shainordú Chomhaontú Kyoto agus measúnú á dhéanamh ar aon togra ina moltar úsáid Aerfort Bhaile Átha Cliatha mhéadú.

Caighdeán Deartha

Is Tairseach Náisiúnta é Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ba cheart go mbeadh sé ina mhacasamhail deartha maidir leis an gcomhleanúnachas amhairc chun timpeallacht tarraingteach ardchaighdeáin a chur ar fáil ar mhaithe le taithí taitneamhach an chuairteora.


Cuspóir ABÁC21

A chinntiú go mbeidh an fhorbairt uile atá i bPlean Limistéir Áitiúil Bhaile Átha Cliath ar ardchaighdeán deartha, chun stádas cuí aerfoirt ar tairseach náisiúnta é, agus suíomh an aerfoirt taobh le Cathair Bhaile Átha Cliath, a léiriú.

Inrochtaineacht

Tá sé tábhachtach inrochtaineacht ar bhealaí isteach agus amach an Aerfoirt a chosaint agus a fheabhsú. Cuirfear tuilleadh feabhais ar naisc iompair idir an Aerfort, Sord agus Cathair Bhaile Átha Cliath le teacht an Mheitreo Thuaidh nua molta a chuirfidh le ról an Aerfoirt i bhFine Gall.


Cuspóir ABÁC22

An t-éileamh carrpháirceála ag an Aerfort a rialú d'fhonn úsáid iompair phoiblí a uasmhéadú a oiread is a bhfuil sé praiticiúil d'oibreoirí agus paisinéirí agus chun úsáid talún éifeachtúil a dhaingniú.


Cuspóir ABÁC23

Foráil do ghréasán comhtháite iompair phoiblí chun freastal ar Aerfort Bhaile Átha Cliatha spreagadh agus a éascú.


Cuspóir ABÁC24

An acmhainn iompair riachtanach le haghaidh riachtanais inrochtana dromchla an Aerfoirt a chosaint agus a fheabhsú.


Cuspóir ABÁC25

Inrochtaineacht ar an Aerfort a chaomhnú agus a chosaint mar thosaíocht.

Úsáidí Talún Mórthimpeall

Teampall Mhaighréide agus Pobail Chónaitheacha Eile

Tá an t-athrú dosheachanta do na pobail chónaitheacha atá ann cheana timpeall an Aerfoirt. Mar sin is gá oibriú leis na cónaitheoirí chun athrú suntasach céim ar chéim a bhaint amach, cur chuige a d'fhéadfadh, ar deireadh, carachtar na lonnaíochta a athrú go hiomlán.


Cuspóir ABÁC26

Srian a chur ar fhorbairt tithíochta chun coimhlint fhéideartha amach anseo a sheachaint idir oibriú an Aerfoirt agus coinníollacha comhshaoil do na cónaitheoirí.


Cuspóir ABÁC27

Feabhsuithe agus sínte a cheadú do thithe atá ann cheana sa cheantar nuair is féidir a thaispeáint nach méadú suntasach forbartha atá sa chineál oibre, agus go dtugtar aird chuí ar na tionchair fhéideartha torainn sna tograí.


Cuspóir ABÁC28

Straitéis a ullmhú le haghaidh 'Limistéar Beartais Speisialta Theampall Mhaighréide' ina mbeidh comhairliúchán idir an pobal atá ann cheana, Comhairle Contae Fhine Gall agus Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath.

7.2 Seirbhísí Uisce

Cúlra

Braitheann fás inbhuanaithe an Chontae ar sheirbhísí agus ar bhonneagar a sholáthar. Tá gá le cur chuige pleantreoraithe, i gcomhar le Príomhstraitéis agus Straitéis Lonnaíochta an Chontae chun na seirbhísí sin a sholáthar chun a chinntiú go bhfuil a dhóthain acmhainne ann chun tacú le forbairt an Chontae amach anseo.

Tharla dhá athrú shuntasacha ar chúrsaí freagrachta maidir leis an soláthar uisce agus cóireáil fuíolluisce. Bunaíodh Uisce Éireann i mí Iúil 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013. Faoi Eanáir 2014 tháinig Uisce Éireann i gcomharbacht ar údaráis áitiúla mar aon soláthraí seirbhísí uisce agus fuíolluisce amháin. Tá sí freagrach as seirbhísí uisce poiblí agus fuíolluisce a oibriú lena n-áirítear bainistiú ar shócmhainní náisiúnta uisce, cothabháil an chórais, infheistíocht agus pleanáil, agus tograí caipitil a bhainistiú. Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil mar rialtóir comhshaoil agus an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh (CER) mar rialtóir eacnamaíoch a rialaíonn Uisce Éireann (GCC).

Oibreoidh Fine Gall go dlúth le hUisce Éireann chun eolas a chur ar fáil agus chun dul i bhfeidhm ar fhoráil thráthúil an bhonneagair laistigh den Chontae i gcomhar le Straitéis Lonnaíochta Fhine Gall.

Is é an Chomhairle an tÚdarás Uisce ainmnithe don mheasúnú agus faomhadh na gcóras cóireála fuíolluisce ar an láthair sa Chontae agus tá sí freagrach as draenáil uisce dromchla, tuile, monatóireacht ar uisce truaillithe agus is gníomhaire de chuid Uisce Éireann í le haghaidh oibriúcháin.

Áirítear leis na dúshláin fhéideartha athrú aeráide tionchair ar thuile, ar uisce óil, ar chaighdeán an uisce, ar fhuíolldhraenáil agus ar fhuíolluisce. De réir staidéir bheadh tionchar suntasach ag an athrú ar bháisteach agus ar leibhéil na farraige ar an riosca tuile. Is é tátal an lae inniu ná go mbeidh méadú ar an mbáisteach agus ar dhéine na báistí, agus go mbeidh na samhraí níos tirime agus na geimhrí níos fliche faoi mar atáthar a thuar. Bheadh laghdú ar shreabhadh bhonn abhann agus méadú ar shreabhadh tuile. Tá leibhéal na farraige in ainm is a éirí de bharr téamh domhanda, rud a bheidh tionchar aige ar cheantair chósta íseal.

Tá sé an-tábhachtach go dtugtar faoi bhainistíocht acmhainní inbhuanaithe ar ár dtailte agus ár n-acmhainní uisce maidir leis na forbairtí uile. Tugann cur chuige an Bhonneagair Ghlais ar glacadh leis sa Phlean Forbartha seo deis cur chuige comhordaithe, inbhuanaithe agus straitéiseach maidir le forbairt a chur i bhfeidhm agus is dlúthchuid é den bhreithiúnas a dhéantar ar bheartais agus den cheapadh chuspóirí do sheirbhísí uisce.

 

Ráiteas Beartais

  • Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le hUisce Éireann chun a chinntiú go gcuirtear Plean Infheistíochta Caipitil Molta 2014-2016 i gcrích (nó aon phlean arna uasdhátú) nó aon chlár infheistíochta oibreacha ábhartha eile de chuid Uisce Éireann a dhéanfaidh bonneagar a sholáthar a chuirfeadh leis an acmhainn chun freastal ar lonnaíochtaí agus chun iniúchadh a dhéanamh i gcomhar le hUisce Éireann ar thograí le haghaidh uasghrádú amach anseo ar ionaid chóireála agus bheith páirteach maidir le réiteach fhadtéarmach a fháil ar chóireáil fuíolluisce Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
  • soláthar uisce oiriúnach lena chaitheamh ag an duine leordhóthanach ar fáil
  • Uisce dromchla a rialú agus a bhainistiú, tuile a mhaolú agus caighdeán an uisce a chosaint agus a fheabhsú sa Chontae fad is a cheadaítear forbairt inbhuanaithe agus caighdeán an uisce a fheabhsú i gcomhar leis an gCreat-Treoir Uisce agus Plean Bainistithe Abhantraí an Oirthir
  • Forbairt thionsclaíoch agus eile a éascú, lena n-áirítear forbairt chónaitheach ach a chinntiú go mbaintear lán úsáid as an mbonneagar chóireáil fuíolluisce agus draenála atá ann cheana ar an gcéad dul síos agus go ndéantar tuilleadh neartaithe ar an mbonneagar a dhíriú ar shuíomhanna tosaíochta mar a aithnítear san ordlathas lonnaíochta uirbeach de réir Uisce Éireann, na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí agus an Phlean Forbartha.

Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Uisce – Plean do Thodhchaí na Seirbhísí Uisce

Tá Plean Straitéiseach do Sheirbhísí Uisce, Plean do Thodhchaí na Seirbhísí Uisce réitithe ag Uisce Éireann agus tugann sé deis den chéad uair riamh, breithiúnas a dhéanamh ag leibhéal náisiúnta ar an gcaoi a chuirtear seirbhísí uisce ar fáil in Éirinn. Leagtar amach sa Phlean Straitéiseach so Sheirbhísí Uisce cuspóirí straitéiseacha maidir le soláthar na seirbhísí uisce go ceann 25 bliain eile go dtí 2040. Déantar dúshláin sa todhchaí agus cinn reatha a bhfuil tionchar acu ar sholáthar na seirbhísí uisce a shonrú ann agus aithnítear ábhar tosaíochta ar gá dul i ngleic leis sa tréimhse gearr- go meántéarmach. Déanfar athbhreithniú gach cúig bliana ar an bPlean.

Plean Infheistíochta Caipitil Molta Uisce Éireann 2014-2016

Leagtar amach i gClár Infheistíochta Caipitil (CIC) de chuid Uisce Éireann na tosaíochtaí agus na hinfheistíochtaí táscacha i mbonneagar na seirbhísí uisce sna trí bliana atá romhainn. Is é aidhm an CIC seo ná caighdeán an uisce óil, sceitheadh, comhlíonadh fuíolluisce, éifeachtúlacht gnó agus seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú.

Soláthar Uisce óil

Is é Uisce Éireann atá freagrach anois as bainistiú a dhéanamh ar an bhforáil agus an soláthar uisce.

Is í an Life an fhoinse don phríomhphointe aistarraingthe den soláthar uisce poiblí ag Léim an Bhradáin. Soláthraíonn an fhoinse seo an chuid is mó den uisce go Fine Gall agus cuid shuntasach de Chathair Bhaile Átha Cliath agus cuid de Dheisceart Bhaile Átha Cliath, Chill Dara agus an Mhí. Tar éis leathnú an Ionaid Chóireála Uisce ag Léim an Bhradáin tháinig méadú de 215ML sa lá ar an táirgeadh uisce cothrom le timpeall 30% den riachtanas le haghaidh uisce óil i Réigiún Bhaile Átha Cliath. Déantar 3.15 meigilítear sa lá ar an meán a tháirgeadh ag ionad cóireála eile ag Portach na Roinne. Baintear screamhuisce amach as tobair ag an ionad seo agus forlíontar an soláthar uisce don chuid thuaidh den Chontae.

De réir Dhaonáireamh 2011 trí phríomhlíonra poiblí a dhéantar freastal ar thromlach na dtithe príobháideacha (84,972) laistigh den Chontae.

Tá roinnt staidéar réigiúnach ann ina dtugtar breac-chuntas ar an staid reatha agus ar an staid sa todhchaí maidir leis an soláthar uisce agus seasmhacht an tsoláthair. Rinneadh athbhreithniú i 2001 ar an Staidéar Straitéiseach ar Sholáthar Uisce Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, arna coimisiúnú ag an Roinn Oideachais i 1996, agus rinneadh uasdátú air in 2006. Meastar ann go mbeidh gá le foinse nua uisce faoi 2016 chun freastal ar an éileamh méadaithe.

Tá ceannas glactha ag Uisce Éireann freisin ar bhainistiú an Tionscadail Sholáthair Uisce Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre (WSP) ó Chomhairle Contae Bhaile Átha Cliath agus an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

D' fhoilsigh Uisce Éireann Tuairisc ar Riachtanais Tionscadal i dtús mhí an Mhárta 2015 ina leagtar amach an riachtanas práinneach le foinse soláthair uisce nua don Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre. Aithnítear sa Tuairisc ar Riachtanais Tionscadal go mbeidh gá le 330 milliún lítear sa lá (Mll) faoi 2050; 215Mld do Cheantar Soláthair Uisce Bhaile Átha Cliath.

Cuirfear srian ar fhorbairt laistigh de Fhine Gall de bharr an riachtanais uisce sa réigiún ar deireadh. Is phríomhthosaíocht é foinse nua uisce óil inbhuanaithe a aimsiú chun freastal ar fhás daonra agus eacnamaíoch sa réigiún seo lena gcinnteofar seasmhacht an tsoláthair agus lena mbeidh ar chumas na hÉireann tabhairt faoi earnálacha tionsclaíochta dian-uisce amhail TFC agus Bithchógaisíocht.

Tobair Phríobháideacha

Is ar úinéir an tí atá an fhreagracht fós maidir le tobair phríobháideacha a úsáid chun uisce a sholáthar do thithe aonair. Ní dhéantar rialú ar thobair phríobháideacha faoi Rialacháin an Chomhaontais Eorpaigh (Uisce Óil) 2014 agus níl ról ar bith ag Uisce Éireann maidir le soláthair phríobháideacha uisce. Tá a n tÚdarás Áitiúil freagrach as comhairle agus treoir a chur ar fáil maidir le cosaint an tsoláthair.


Cuspóir UÓ01

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le hUisce Éireann le linn saolré an Phlean chun foinse bhreise uisce inbhuanaithe a aimsiú agus a fhorbairt chun freastal ar Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre agus an chuid eile de phobal Fhine Gall fad is a dhéantar forbairt inbhuanaithe a éascú sa Chontae, de réir riachtanais na Straitéise Lonnaíochta agus na Príomhstraitéise a ghabhann léi.


Cuspóir UÓ02

Teagmháil le hUisce Éireann chun a chinntiú go mbeidh soláthar leordhóthanach uisce ann d'úsáidí baile, tráchtála, tionsclaíoch agus eile le haghaidh fhorbairt inbhuanaithe an Chontae.


Cuspóir UÓ03

Acmhainní screamh uisce agus uisce dromchla a chosaint agus oibriú le hUisce Éireann chun Pleananna Sábháilteachta Uisce a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun foinsí an tsoláthair uisce poiblí agus a dhobharcheantar a chosaint.


Cuspóir UÓ04

Tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt Sholáthar Uisce nua inbhuanaithe do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir UÓ05

Treoir agus comhairle a chur ar fáil maidir leis an soláthar do thobair phríobháideacha a chosaint agus an fhreagracht fós ar úinéir an tí.


Cuspóir UÓ06

Úsáid inbhuanaithe uisce agus caomhnú an uisce a chur chun cinn sna forbairtí atá ann cheana agus i bhforbairtí nua sa Chontae agus bearta bainistíochta éilimh a spreagadh i measc na n-úsáideoirí uisce ar fad.

Cóireáil fuíolldhraenáil agus fuíolluisce

Tá sé riachtanach go mbeidh bonneagar cóireála fuíolluisce a bhfuil i ndea-riocht agus ar ardchaighdeán ann chun forbairt inbhuanaithe an Chontae a éascú ar aon dul leis an Straitéis Lonnaíochta agus an bPríomhstraitéis fad is a dhéantar an timpeallacht agus sláinte an phobail a chosaint. Is é Uisce Éireann atá freagrach anois as fuíolluisce a chóireáil agus a dhiúscairt áit a bhfuil ionaid chóireála fuíolluisce i mbailte agus sráidbhailte cheana.

I gceantair nach ndéantar freastal orthu agus taobh amuigh de na príomhbhailte agus sráidbhailte, is é an príomh-mhodh chun séaracht a dhiúscairt ná trí dhabhcha séarachais aonair agus trí chórais dhílsithe. Leagtar amach na ceanglais sa Chód Cleachtais maidir le Córais Chóireála Fuíolluisce agus Córais Diúscartha i gcomhair Tithe Aonair(2009) an GCC, nó i gcomhair forbairtí níos mó, Lámhleabhair Chóireála Fuíolluisce– Córais Chóireála do Phobail Bheaga, Ghnó, Ionaid Fóillíochta agus Óstáin(1999)

Tá sonraí faoi na ceanglais a bhaineann le córais aonair nua le fáil i gCaibidil 12 Caighdeáin Bainistíochta Forbartha.

I bhFine Gall, is córas éagsúil atá sa chuid is mó den ghréasán séarachta. Ciallaíonn sé seo go bhfuil dhá ghréasán éagsúla ann, ceann amháin i gcomhair uisce dromchla agus ceann eile i gcomhair eisiltigh bhréin. Is é a bheadh Uisce Dromchla ná rith báistí ó bhóithre, dhíonta, dhromchlaí crua, chabhsaí agus ghairdíní. De ghnáth téann na séaraigh seo trí shruthanna éalaithe go dtí an fharraige, an abhainn is cóngaraí nó go dhíog. Is é atá sa ghnáth fhuíolluisce ná sruthanna ó fholcadáin, leithris, mhiasniteoirí agus eisilteach trádála. Sileann siad seo go dtí an t-ionad cóireála is cóngaraí agus ansin scaoiltear isteach i sruthchúrsa nó díreach isteach sa bhfarraige.

Scaoiltear fuíolluisce as deisceart an Chontae lena n-áirítear Binn Éadair, Baile Dúill, Cill Fhionntain, Port Mearnóg, Seantrabh, Baile Maidheac agus Baile Bhlainséir isteach san Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne arna oibriú ag Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath. Dearadh Ionad Oibreacha Cóireála Fuíolluisce na Rinne chun freastal ar acmhainn 1.64 milliún duine de Choibhéis Daonra, ach tá sé á fheidhmiú beagáinín os cionn na hacmhainne sin faoi láthair. Is gá an t-ionad cóireála a uasghrádú agus a leathnú go dtí a n-acmhainn uasta, a mheastar a bheith cothrom le thart ar 2.1 milliún CD (faoi réir chead ábhartha).

Cuireadh i gcrích an Staidéar Straitéiseach ar Dhraenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath(GDSDS) a bhain le seacht gcinn d'údaráis áitiúla MCBÁC in 2005 agus tá Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) ag gabháil leis. Tugadh faoi mheasúnú mion ar chóras draenála Bhaile Átha Cliath sa Staidéar. Sna príomh-mholtaí atá sa Straitéis dheireanach den GDSDS, moltar Ionad Cóireála Fuíolluisce na Rinne a leathnú go dtí a acmhainn uasta agus táthar ag tabhairt faoi Ionad Cóireála Fuíolluisce Réigiúnaigh nua, Gréasán Cuar-Dhraenála agus Sruth Éalaithe Mara a fhorbairt sa chuid thuaidh de MCBÁC. Tá Uisce Éireann i mbun Tionscadal Draenála Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath(DMCBÁC) a fhorbairt (a bhí faoi threoir Chomhairle Contae Fhine Gall cheana). Is tionscadal fuíolluisce réigiúnach é an DMCBÁC d'fhonn freastal a dhéanamh ar Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath trí chur le hIonad Cóireála Fuíolluisce na Rinne. Cuirtear moltaí Straitéise Deiridh an Staidéar Straitéiseach ar Dhraenáil Mhórcheantar (GDSDS) Bhaile Átha Cliath(GDSDS) agus MST an GDSDS i bhfeidhm ann.

Áirítear ar an tionscadal:

  • Ionad cóireála beartaithe ag Cluain Seach i bhFine Gall.;
  • Sruth éalaithe mara á scaoileadh amach timpeall 1km ó thuaidh ó Inis Mac Neasáin; agus
  • Cuar-shéarach le dhá stáisiún caidéalúcháin - ag Baile an Aba, Baile an Bhlainséir agus an Ghráinseach, Baile Dúill - a dhéanfaidh an fuíolluisce a atreorú ó cheantair theas Fhine Gall agus ó thuaisceart Chathair Bhaile Átha Cliath i dtreo an ionaid chóireála nua.

Ghlac Uisce Éireann cúram an tionscadail seo ó 2014.

Baineadh úsáid as bogaigh thógtha chun dul i ngleic le réimse cineálacha eisiltigh - rith chun srutha ó chlós feirme, dramhaíl thionsclaíoch agus séaracht chomh maith le truailliú uirbeach. Cuirfear i gcatagóir bhogaigh den chineál sreabhadh-dhromchla iad atá cosúil le bogaigh saor uisce dromchla nádúrtha. Coincheap é atá bunaithe ar shaor shreabhadh an uisce dromchla trí shraith sheicheamhach de linnte éadoimhne ina bhfásann réimse de speicis phlandaí éiritheacha. Dearadh agus tógadh an chéad chóras cóireála giolcarnaí hibridí de chuid Bhardas Éireannach sa Bhoth Fhuar i bhFine Gall agus arna coimisiúnú sa bhliain 1998. Laghdaítear go héifeachtach an sreabhadh isteach sa sruthchúrsa in aice láimhe agus déantar an t-eisilteach a chóireáil go dtí caighdeán oiriúnach. Cuirfear úsáid na gcóras seo chun cinn sa Chontae.


Cuspóir CU01

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le hUisce Éireann le linn saolré an Phlean don soláthar, leathnú agus uasghrádú ar na córais bailithe agus cóireála fuíolluisce sna bailte agus sráidbhailte uile sa chontae chun freastal ar an bpobal atá ann cheana agus chun forbairt inbhuanaithe sa Chontae a éascú, de réir cheanglais na Straitéise Lonnaíochta agus na Príomhstraitéise a ghabhann léi.


Cuspóir CU02

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le hUisce Éireann chun comhlíonadh a chinntiú maidir leis na ceadúnais reatha, Creat-Treoir Uisce an AE, Pleananna Bainistithe Abhantraí., an Treoir um Chóireáil Fuíolluisce Uirbigh agus an Treoir um Ghnáthóga.


Cuspóir CU03

Soláthar Ionaid Chóireála Fuíolluisce ar an méid agus ar an suíomh cuí a éascú, lena n-áirítear Ionad Cóireála Fuíolluisce Réigiúnach nua agus cur i bhfeidhm moltaí an Staidéir Straitéisigh ar Dhraenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le geallsealbhóirí ábhartha agus soláthraithe seirbhísí, chun forbairt sa Chontae agus sa Réigiún a éascú agus chun caighdeán uisce intíre agus chósta Fhine Gall a chosaint trí chóireáil fuíolluisce fónta.


Cuspóir CU04

Iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann saoráidí cóireála fuíolluisce sealadacha a sholáthar le haghaidh forbairtí nua nuair atá réiteach buan ainmnithe ach nár cuireadh i bhfeidhm é fós agus nuair atá a leithéid de sholáthar inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, cloíonn le ceanglais na Treorach um Ghnáthóga, agus atá ar aon dul le moltaí an GCC agus go ndéantar leorshocrú le haghaidh cothabhála.


Cuspóir CU05

An teicneolaíocht is fearr atá ar fáil a aimsiú le haghaidh na nIonad Cóireála Fuíolluisce molta ar fad sa Chontae.


Cuspóir CU06

Forbairt a éascú i gceantair nach ndéantar freastal orthu sa chás go léirítear don Údarás Pleanála go bhfuil an córas cóireála fuíolluisce molta i gcomhréir le Cóid Chleachtais ábhartha an GCC.


Cuspóir CU07

Is gá do gach forbairt nua córais dhraenála fuíolluisce agus uisce dromchla a sholáthar agus córais draenála uirbeacha inbhuanaithe a bhunú.


Cuspóir CU08

Cosc a chur ar uisce dromchla breise a dhiúscairt go dtí comhchóras séarachais (fuíolluisce agus uisce dromchla) chun acmhainn na gcóras bailithe atá ann cheana a uasmhéadú.


Cuspóir CU09

Forbairt agus úsáid oiriúnach den Bhogach Tógtha Comhtháite a chur chun cinn sa Chontae.


Cuspóir CU10

Acmhainní nádúrtha a chosaint ar bunús iad den fhás agus den bhuntáiste iomaíoch maidir le turasóireacht, bia agus na hearnálacha talmhaíochta.


Cuspóir CU11

Crios maolánach a bhunú mórthimpeall ar gach Ionad Cóireála Uisce atá oiriúnach ó thaobh mhéid agus oibriú an ionaid ar leith. Ní ceart go mbeadh an crios maolánach níos gaire ná 100m ó na haonaid bhréan.


Cuspóir CU12

Crios maolánach a bhunú mórthimpeall na stáisiún caidéalúcháin atá oiriúnach ó thaobh mhéid agus oibriú an ionaid ar leith. Ba cheart go mbeadh an crios maolánach 35 méadar - 50 méadar ar a laghad leis an gcur isteach ó bholadh agus torann a sheachaint.

Uisce Dromchla agus Bainistíocht Bhaol Tuilte

Uisce Dromchla

Foilsíodh cúig dhoiciméad sa GDSDS lena n-áirítear Beartas Comhshaoil, Draenáil d'Fhorbairtí Nua agus Beartas Athrú Aeráide. Díríodh sna trí dhoiciméad seo ar an gcur chuige deartha agus ar an gcritéir maidir le draenáil nua d'fhonn a chinntiú i gcás aon fhorbairt nua nach leantar leis an gclaonadh i dtreo tuilte méadaithe sa chathair agus truailliú na n-aibhneacha.

Baintear úsáid as Córais Draenála Inbhuanaithe (CFIb) sa chur chuige seo agus is é atá ann ná réiteach "iomlán" i gcomhair bainistiú uisce báistí agus is féidir é a chur i bhfeidhm i gcásanna uirbeacha agus i gcásanna tuaithe. Trí úsáid a bhaint as an teicníc CDIb, déantar an t-uisce a insíothlú nó a iompar níos moille go dtí an córas draenála agus ar deireadh go sruthchúrsaí trí phábháil scagach, chlaiseanna reatha, dhíonta glasa, uisce báistí a shábháil, abhantraí coinneála, linnte agus bhogaigh. Déantar na saoráidí seo a dhearadh d'fhonn truailliú ar shruthanna agus aibhneacha a chosc agus chun an rith chun srutha ó láithreáin a mhoilliú, agus leis sin go gcuidítear le cosc na dtuilte síos an abhainn agus go bhfeabhsaítear caighdeán an uisce. Déanann sé seo dlúthaithris ar iompraíocht abhantraí nádúrtha mar a dhéanann an bháisteach insíothlú tríd an ithir nó go ritheann sí chun fána go mall thar dhromchla na talún go dtí an tsruthchúrsa is cóngaraí. Glaoitear an 'Traein Cóireála' air seo. Ba cheart gléasanna CDIb a shocrú ag leibhéil foinse láithreáin agus réigiúnaigh. Tá ar chumas CDIb buntáistí taitneamhachta don phobal áitiúil agus buntáistí bithéagsúlachta a sholáthar ag an am céanna. Ar an gcaoi seo ní hamháin gur cuid den bhonneagar draenála atá i gceist le CDIb agus is dlúthchuid de Bhonneagar Glas an Chontae é (Féach Caibidil 8).

Bainistíocht Bhaol Tuilte

Féach freisin Caibidil 9, An Cósta

Le roinnt blianta anuas tharla tuile i gceantair den Chontae ina ndearnadh damáiste do ghnóthaí agus do thithe. I gcomparáid le contaetha eile sa réigiún bhí leibhéal na tuile íseal i bhFine Gall. Tá ceantair ann, áfach, atá i mbaol tuile cósta, abhann agus báistiúil. De bharr Athrú Aeráide, is dócha go mbeidh ardú ar an méid báistí agus ar leibhéal na farraige. Ciallaíonn sé seo, in éineacht leis an uirbiú leanúnach ar dhobharcheantair, gur dócha go mbeidh baol tuilte níos mó ann amach anseo don réadmhaoin. Chun tionchar an baol tuilte méadaithe a bheidh ann sa todhchaí a laghdú, tá céimeanna éagsúla ar féidir leis an Údarás Áitiúil a thógáil. Áirítear leis seo oibreacha cosanta do thuilte, maolú uisce stoirme agus níos suntasaí fós, forbairt ar thuilemhánna agus i gceantair chósta a mbuailtear ag tuilte a sheachaint ach amháin i gcorrchásanna an-teoranta.

Ar na príomhaidhmeanna atá ag tuilemhánna, bogaigh agus ceantair chósta a mbuailtear ag tuilte is ea uisce breise a choimeád go dtí gur féidir é a scaoileadh go mall ar ais isteach i gcóras abhann nó sa bhfarraige, nó isteach sa talamh de réir mar a thiteann stoirm nó borradh taoide. Ba cheart, mar sin, tuilemhánna, bogaigh agus ceantair chósta a mbuailtear ag tuilte a aithint agus a chaomhnú a oiread agus is féidir, i gceantairuirbeacha agus tuaithe, mar chuid den Bhonneagar Glas ina gcuirtear cosaint nádúrtha ar fáil in aghaidh bhaol tuilte.

Tugadh isteach Treoir um Éigeandálaí Tuile an AE in 2007 agus leagtar amach ann mar is gá do bhallstáit plean a bheith acu maidir le bainistíocht ar bhaol tuilte. Bainfear aidhmeanna na Treorach amach trí dhul i ngleic leis na ceanglais éagsúla ag leibhéal na n-abhantrach agus i gcriosanna cósta freisin.

Mar fhreagairt ar an Treoir um Éigeandálaí Tuile, chuir Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar le Comhairle Contae na Mí agus Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) measúnú ar bhaol tuilte bunaithe ar an abhantrach agus staidéar bainistíochta ar 19 abhainn agus sruth i gceantar Fhine Gall an Mhí Thoir i gcrích, an Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí (FEMFRAMS). Áirítear le príomhchuspóirí an Staidéir:

  • Léarscáileanna a fhorbairt do na ceantair ina bhfuil baol agus guais tuile ann cheana agus na ceantair ina bhféadfadh baol agus guais tuile a bheith ann laistigh de limistéar an staidéir.
  • Straitéis fhadtéarmach atá oiriúnach ar bhonn eacnamaíoch, sóisialta agus timpeallachta (Plean Bainistíochta ar Bhaol Tuilte) a fhorbairt i gcomhair limistéar staidéar Fhine Gall agus na Mí Thoir agus an MST a ghabhann leis.

Chlúdaigh staidéar FEM-FRAMS an chuid is mó den chontae seachas an ceantar theas timpeall ar Abhainn Sheantraibh, Gleann na Tulchann agus an Life. Thug Oifig na nOibreacha Poiblí faoi chlár náisiúnta de Mheasúnú agus Bhainistiú ar Bhaol Tuilte bunaithe ar abhantraí leis an Staidéar um Measúnú agus Bainistiú ar Bhaol Tuilte na nAbhantraí Thoir (ECFRAM) ar cuireadh tús leis i Meitheamh 2011. Áirítear leis an staidéar athbhreithniú ar an Staidéar FEMFRAMS agus Staidéar Ghleann na Tulchan agus cuimseofar freisin ann Aibhneacha Sheantraibh agus na Life agus athbhreithniú ar Aibhneacha Thuirbhe agus Bhaile Bachaille. Cuirfear léarscáileanna tuile agus pleananna bainistíochta ar bhaol tuilte don réigiún thoir ar fáil sa Staidéar.

Treoirlínte um Chóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte 2009

D'fhoilsigh an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil i gcomhar le hOifig na nOibreacha Poiblí doiciméad treorach cuimsitheach i gcomhair bhainistíocht ar bhaol tuilte dar teideal “Treoirlínte um Chóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte” (Samhain 2009) ina ndírítear ar chur chuige seasmhach, dian agus córasach a dhaingniú le go dtugtar measúnú agus bainistíocht ar bhaol tuilte isteach sa chóras pleanála. De réir na dTreoirlínte is gá bainistíocht ar bhaol tuilte a thabhairt isteach sna córais bhainistíochta forbartha agus pleanála. Ní mór do na hÚdaráis Phleanála aird a thabhairt ar na prionsabail maidir le pleanáil agus forbairt a leagtar amach sna treoirlínte náisiúnta don bhainistíocht ar bhaol tuilte agus breithiúnas á dhéanamh ar thograí forbartha.

Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte

De réir na dTreoirlínte thuas, choimisiúnaigh an tÚdarás Pleanála an Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte [MSBT] mar chuid den phlean chun measúnú a dhéanamh ar an mbaol tuilte laistigh de limistéar an phlean. (Féach an Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte a cuireadh leis an bplean seo.)

Agus aidhmeanna agus cuspóirí na dTreoirlínte seo á sásamh, ní mór d'Údaráis Phleanála:

Cur chuige seicheamhach maidir le bainistíocht ar bhaol tuilte a chur i bhfeidhm ina mbeidh sé mar aidhm baol tuilte a sheachaint, nuair is féidir, úsáidí níos láidre a chur isteach nuair nach féidir an baol a sheachaint, agus an baol a laghdú agus a bhainistiú nuair nach féidir an baol a sheachaint ná ionadaíocht a dhéanamh. Tá gá le tástáil fírinnithe i gcás fhorbairt i gceantair atá i mbaol tuilte. Tá na tailte a ainmnítear sa MSBT a bhfuil gá le Measúnú ar Bhaol Tuilte mionsonraithe iontu lonnaithe sna ceantair seo a leanas: Cartlach; Baile Mhic Dhoinn; Baile an Rólaigh; Baile Bachaille; Cúil an tSratha; Baile an Mhiolbhardaigh, Na Sceirí; Bóthar an Chainéil, An Ros; Blakescross; Baile an Lóndaigh/Tuirbhe; Halla an Leasáin, Sord; Baile Anraí, Sord; Sráidbhaile/An Ceantar Mara, Mulach Íde; Baile an tSrutháin, Mulach Íde; Baile Grifín; Baile Dama, Baile Mhae agus Cluain Aodha, Baile an Bhlainséir; agus Mullach Eadrad, Baile an Bhlainséir; Port Reachrann, Cill Fhionntain agus Binn Éadair.

Ba cheart cur chuige cúramach a chur i bhfeidhm maidir le bainistíocht ar bhaol uisce le go léirítear an éiginnteacht a bhaineann leis na tacair sonraí ar thuilte agus na teicnící mheasúnú baoil agus an cumas atá ann aeráid an todhchaí , feidhmíocht na gcosaintí tuilte atá ann cheana agus fairsinge chreimeadh cósta sa todhchaí a thuar.

Tuile Báistiúil

Tarlaíonn tuile báistiúil de bharr dianbháistí nuair a sháraíonn méid an rith chun srutha acmhainn líonra an uisce dromchla atá ann. De ghnáth baineann sé le teagmhais dianbhaistí (de ghnáth >30mm/u) rud a chruthaíonn sreabhadh de dhroim talún agus linnte i loig sa talamh. I gcásanna uirbeacha ní bheadh córas draenála an uisce dromchla in ann é a láimseáil.

Tá Córais Draenála Inbhuanaithe (CDIb) in ann tuilte dá leithéid a mhaolú agus a laghdú. Sampla is ea an clais reatha thógtha. Tírghné loig is ea clais reatha, log céimseach a bhíonn i spásanna oscailte de ghnáth. Feidhm chlais reatha ná uisce tuilte a choimeád. Tá claiseanna reatha in ann uisce agus cothaithigh a insíothlú le fána isteach sa talamh. Sainghné den chlais reatha is ea fánaí réidhe rud a thugann deis iad a úsáid mar thaitneamhacht phobail.

Tuilte Cósta

Aithnítear sa Staidéar Straitéise um Chosaint Cósta na hÉireann (ICPSS) suíomhanna ar feadh chósta thoir Chorcaí atá i mbaol tuilte agus chreimeadh cósta. Anuas air sin cuirtear measúnú straitéiseach ar fáil ar chreimeadh cósta ar feadh chósta na hÉireann agus úsáid á baint as taifid ghrianghraf den chósta ó 1973-75, 200 agus 2006 mar phríomhbhunús don mheasúnú straitéiseach. Cuireadh an staidéar seo i gcrích in 2013 agus cuirtear léarscáileanna straitéiseacha ar fáil ann den bhaol thuilte cósta i dtéarmaí an lae inniu agus i dtéarmaí an todhchaí (go dtí 2100) agus cuirtear léarscáileanna straitéiseacha creimeadh cósta don chósta náisiúnta. Tugtar eolas riachtanach sa Staidéar maidir le beartais sa réimse seo ach go háirithe d'Údaráis Áitiúla maidir le pleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe i gceantair chósta.

Pléitear le Tuilte Cósta agus creimeadh i gCaibidil 9 Oidhreacht Nádúrtha. Tá dlúthnasc ag an gcreimeadh cósta le tuilte cósta mar a chailltear cosaintí nádúrtha an chósta amhail dumhcha de bharr creimthe tagann méadú ar an mbaol tuilte i gceantair chósta.

Tá na ceantair i mbaol tuilte i gcás tuilte báistí agus tuilte cósta le feiceáil i léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais.

 


Cuspóir UI01

Tuilemhánna, bogaigh agus ceantair chósta an Chontae a mbuailtear ag tuilte a chosaint agus a fheabhsú mar pháirt bhunriachtanach den bhonneagar glas ina bhfuil áit ar fáil chun uisce tuilte a stóráil agus a iompar, rud a fhágann gur féidir bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar an mbaol tuilte agus gur lú an gá a bheidh ann cosaint in aghaidh tuilte amach anseo.


Cuspóir UI02

Nach gceadófar aon fhorbairt nua laistigh de thuilemhánna cé is moite d'fhorbairt lena sásaítear an tástáil réasúnaithe, mar atá leagtha síos sna Treoirlínte um Chóras Pleanála agus Bainistíocht Riosca i gCás Tuilte 2009 do na hÚdaráis Phleanála (nó treoirlínte eile suas chun dáta).


Cuspóir UI03

Aimsigh córais draenála an uisce dromchla atá leochaileach i leith tuilte agus forbair tograí chun tuilte a mhaolú sna ceantair a dhéanann na córais seo freastal orthu.


Cuspóir UI04

A éileamh go n-úsáidtear Córais Draenála Inbhuanaithe (CDIb) chun fairsinge na ndromchla crua agus na pábhála a laghdú agus a theorannú agus éiligh go n-úsáidtear teicnící draenála inbhuanaithe i gcomhair forbairtí nua nó i gcomhair méaduithe ar fhorbairtí atá ann cheana.


Cuspóir UI05

A chur i gcoinne cruadhromchlú neamhphóiriúil agus pábháil a úsáid laistigh de theorainneacha láithreáin tithíochta tuaithe.


Cuspóir UI06

Úsáid Dhíonta Glasa a chur chun cinn go háirithe ar fhoirgnimh tráchtála, fóillíochta, oideachas agus árasáin.


Cuspóir UI07

Córas Phleanála agus Treoirlínte Measúnacht Tuile-Riosca d'Údaráis Áitiúla (RCORA/OOP 2009) nó aon treoirlínte nuashonraithe, a chur i bhfeidhm. Do na tailte a ainmnítear sa MSBT, sna ceantair seo a leanas: Cartlach; Baile Mhic Dhoinn; Baile an Rólaigh; Baile Bachaille; Cúil an tSratha; Baile an Mhiolbhardaigh, Na Sceirí; Bóthar an Chainéil, An Ros; Blakescross; Baile an Lóndaigh/Tuirbhe; Halla an Leasáin, Sord; Baile Anraí, Sord; Sráidbhaile/An Ceantar Mara, Mulach Íde; Baile an tSrutháin, Mulach Íde; Baile Grifín; Baile Dama, Baile Mhae agus Cluain Aodha, Baile an Bhlainséir; agus Mullach Eadrad, Baile an Bhlainséir; Port Reachrann; Cill Fhionntain ; agus Binn Éadair éilítear Measúnú Baol Tuilte sainiúil don láthair go dtí leibhéal oiriúnach i dtaobh sonraí, ina dtugtar aghaidh ar fhoinsí uile an bhaoil tuilte a d'fhéadfadh bheith ann, ina dtaispeántar gur cloíodh leis na Treoirlínte thuasluaite nó aon leagan nuashonraithe de na treoirlínte seo, agus aird ar leith á tabhairt ar an mbaol tuilte iarmharach agus aon bheart bainistíochta ar thuilte sainiúil don láthair a moltar.


Cuspóir UI08

Moltaí an Staidéir um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí (FEMFRAMS) a chur i bhfeidhm.


Cuspóir UI09

Moltaí CFRAMS Thoir a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú.


Cuspóir UI10

A éileamh go soláthraítear áiseanna réigiúnacha rialála d'uisce báistí i gcomhair tailte uile a bhaineann le Plean Limistéir Áitiúil agus i gcomhair na Criosanna Forbartha Straitéisí d'fhonn na háiseanna rialála seo a chuimsiú sna limistéir seo atá i mbaol tuilte agus a bhfuil forbairt déanta orthu cheana.


Cuspóir UI011

A chinntiú go gcosnaítear agus go bhfeabhsaítear oiread agus is féidir an oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha agus aibhneacha, srutháin agus sruthchúrsaí sa chás go dtugtar faoi chosaintí tuilte nó faoi oibreacha maolaithe.


Cuspóir UI012

Measúnú timpeallachta a éileamh ar na cosaintí tuilte agus na hoibreacha maolaithe molta uile.


Cuspóir UI013

Foráil a dhéanamh do na scéimeanna atá liostaithe i dTábla SW01:

TÁBLA UI01: SCÉIMEANNA UISCE DROMCHLA

1. Cur i bhfeidhm Staidéar um Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí i bhFine Gall agus in Oirthear na Mí (FEM-FRAMS), Bearta – Maolú Tuilte

 

2. Cur i bhfeidhm CFRAMS : Bearta CFRAMS Thoir

 

3. Córas Réamhrabhaidh Tuilte

 

4. Córas Uisce Dromchla Dhomhnach Bat

 

5. Córas Uisce Dromchla Bhaile Gháire

 

Caighdeán an Uisce

Tá an t-ádh ar Fhine Gall go bhfuil líonra fairsing aibhneacha agus sruthán inti. Is iad na haibhneacha is tábhachtaí ná Aibhneacha na hAilbhine, Mhata, na Coirre Duibhe, Bhaile Bachaille, an Mhóinéir Leathain, an Bharda, na Tulchan, na Life, Sheantraibh, na Comhla agus na Maighne. Tá an Breac Donn i go leor de na haibhneacha seo agus is láthair sceathraí roinnt aibhneacha don Bhradán Atlantach. Tá an Chomhairle freagrach as caighdeán comhshaoil agus éiceolaíochta ár n-uisce a chothabháil, a fheabhsú agus a threisiú trí bhearta rialála ar thruailliú a chur i bhfeidhm, scaoileadh eisiltigh á cheadúnú, cur i bhfeidhm agus monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh reachtaíocht comhshaoil agus bearta teagmhais ar thruailliú a dhearadh ag leibhéal áitiúil agus réigiúnach. Éireoidh sé seo níos tábhachtaí fós de réir mar a thagann athrú ar infhaighteacht uisce mar atáthar á thuar de réir an athraithe aeráide rud a chruthóidh fadhb maidir leis an eisilteach uisce-iompartha a chaolú. Moltar tuilleadh machnaimh ar chosaint an screamhuisce, de réir mar a bhíonn tábhacht níos mó ag baint le huiscígh mar fhoinse uisce mar gheall ar an méadú ar an iomaíocht i gcomhair screamhuisce laghdaithe.

Tháinig an Chreat-Treoir Uisce (WFD), ‘a bhunaigh creatlach le haghaidh gníomhaíocht pobail i réimse an bheartais uisce’, i bhfeidhm in 2000. Is é cuspóir ghinearálta na Treorach ná meath a sheachaint maidir le stádas na n-uiscí uile agus 'stádas maith' ar a laghad a bhaint amach faoi 2015. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag www.wfdireland.ie.

Éilítear sa WFD go nglacfaidh gach Ballstát le cur chuige cuimsitheach comhtháite abhantraí maidir le bainistíocht uisce. Is é a haidhm ná an scóip chosanta a leathnú chun screamhuisce, uisce dromchla, uisce cósta agus idirchriosacha a chur san áireamh, 'stádas maith' a bhaint amach do na huiscí uile faoi 2015, an bhainistíocht uisce a bhunú ar dhobharcheantair agus go mbeidh an pobal páirteach i mbainistíocht uisce. Cuirtear an WFD i bhfeidhm trí ghlacadh leis na pleananna bainistithe abhantraí.

Le linn an 1ú seal, leagadh amach sa Phlean Bainistíochta do Cheantar Abhantraí an Oirthir 2009-2015 clár de bhearta chun spriocanna maidir le caighdeán an uisce dromchla agus an screamhuisce sa Chontae a thabhairt i gcrích.

Tar éis athbhreithniú ar na socruithe rialachais ag an leibhéal náisiúnta bunaíodh struchtúr trí shraith faoi Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Beartas Uisce)2014 agus freagrachtaí feidhmiúla maidir leis an WFD á leagan an athuair mar a leanas,

 

  • Sraith 1 (Maoirseacht Náisiúnta & Bainistíochta): Beidh príomhphearsana náisiúnta, faoi stiúir an Aire, ag plé le cúrsaí beartais agus acmhainne agus tógfaidh pleananna bainistithe abhantraí i gcúram.

 

  • Sraith 2 (Forfheidhmiú agus Tuairisciú Teicniúil Náisiúnta): Beidh bunús na heolaíochta faoi stiúir an GCC a thabharfaidh faoi mhonatóireacht, measúnú agus tuairisciú agus cuirfidh teimpléad ar fáil i gcomhair pleananna bainistithe abhantraí.

 

  • Sraith 3 (Forfheidhmiú Réigiúnach trí Líonraí Uisce): Beidh sé seo faoi stiúir an Phríomh Údaráis Áitiúil Chomhordúcháin. Déanfaidh gach aon údarás áitiúil monatóireacht ceadúnú agus forfheidhmiú ar ghníomhaíochtaí agus ullmhóidh siad pleananna bainistithe abhantraí mionsonraithe dá gceantair. Beidh gach Údarás Áitiúil freagrach freisin as Cláir na mBeart a chur i bhfeidhm i gcomhar leis na comhlachtaí poiblí ábhartha, agus déanfaidh siad rianú agus tuairisciú i gcomhairle leis an GCC.

 

Tá beartaithe go dtógfar an 2ú Sraith de na Pleananna Bainistithe Abhantraí i gcúram in 2017 agus go mbeidh siad i bhfeidhm go dtí 2021. Beidh cur chuige aonair náisiúnta i gcomhair fhorbairt na bpleananna bainistithe abhantraí agus déanfar Abhantraí an Oirthir, an Oirdheiscirt, Iardheiscirt, an Iarthair agus na Sionainne a chumasc le go mbeidh Ceantar Abhantraí náisiúnta amháin ann.

Uisce Dromchla

Ó na 1970aidí i leith tá Aonad Taighde Comhshaoil an GCC ag déanamh measúnaithe ar mhéid an truailliú uisce sna haibhneacha agus lochanna ar bhonn leanúnach ag . Léirítear stádas uisce dromchla an Chontae ó 2013 i léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais.

An baol is mó atá ann do chaighdeán an uisce i bhFine Gall ná:

  • Caighdeán an uisce a thagann isteach go Fine Gall ó dhobharcheantair sheachtracha
  • Rith chun srutha talmhaíochta
  • Sruthanna éalaithe as oibreacha cóireála fuíolluisce bardasacha
  • Córais cóireála ar an láthair (lena n-áirítear dabhcha séarachais)
  • Forsceitheadh uisce báistí uirbigh
  • Rith uisce báistí uirbigh chun srutha
  • Mícheangail leis na séaraigh uisce dromchla i gceantair uirbeacha
  • Scaoileadh ceadúnaithe
  • Scaoileadh gan cheadúnas

Cuirtear an príomhchreat dlíthiúil maidir le truailliú uisce ar fáil san Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 – 1990.

Screamhuisce

Cuireann Suirbhéireacht Gheolaíocht na hÉireann (SGÉ) in iúl gur mór-acmhainn nádúrtha é an screamhuisce in Éirinn a chuireann idir 20%-25% den soláthar uisce óil ar fáil. I gceantair tuaithe nach ndéanann scéimeanna poiblí ná scéimeanna grúpa freastal orthu, is é an screamh uisce de ghnáth an t-aon fhoinse atá ar fáil. Mar gheall air seo, tá sé ríthábhachtach go gcosnaítear an acmhainn nádúrtha seo.

I gcomhar le Geolaíocht na hÉireann (SGÉ) ullmhaíodh Scéim Cosanta Screamhuisce i gcomhair Fhine Gall. Cuirtear treoirlínte ar fáil inti seo le haghaidh údaráis pleanála agus ceadúnaithe agus iad ag tabhairt faoi na feidhmeanna, chomh maith le creat chun cuidiú le cinntí a dhéanamh maidir leis an láthair, an dúlra agus rialú na bhforbairtí agus na ngníomhaíochtaí chun an screamhuisce a chosaint. Cabhróidh úsáid na scéime seo lena chinntiú go dtugtar dóthain airde ar an gá le tairbhe a bhaint as screamhuisce laistigh den phróiseas pleanála agus ceadúnaithe. Is í aidhm na Scéime ná méid agus caighdeán an screamhuisce a chothabháil agus i gcásanna áirithe a fheabhsú, trí chur chuige measúnaithe riosca a chur i bhfeidhm ar mhaithe le cosaint screamhuisce agus forbairt inbhuanaithe. Bunófar cinntí ar iarratais phleanála agus ar chriosú tailte áirithe ar an eolas seo.

Forbraíodh freagraí faoin gcosaint do na ceantair éagsúla i leith guaiseacha féideartha amhail líonta talún, córais chóireála fuíolluisce ar an láthair agus dabhcha séarachais do thithe aonair. Tá an Scéim Cosanta Screamhuisce ar fáil ag www.gsi.ie.

Tá Clár de na hAistarraingtí screamhuisce, mar a cheanglaítear i reachtaíocht na hÉireann, á choinneáil ag an gComhairle.


Cuspóir CU01

Tréaniarracht a dhéanamh 'stádas maith' a bhaint amach sna dobharlaigh uile de réir an Chreat-Treoir Uisce , an Phlean Bainistíochta do Cheantar Abhantraí an Oirthir 2009-2015 agus Chláir na mbeart a bhaineann leo (1ú sraith) agus chun oibriú i gcomhar le forbairt agus cur i bhfeidhm an 2ú sraith náisiúnta den Phlean Bainistithe Abhantraí 2017-2021.


Cuspóir CU02

Na hacmhainní screamhuisce agus na huiscígh atá ann cheana sa Chontae a chosaint agus a fhorbairt, ar bhonn inbhuanaithe, agus forbairt a rialú ar bhonn atá comhsheasmhach leis an mbainistíocht fhónta ar na hacmhainní seo ar aon dul le Plean Bainistithe Abhantraí an Oirthir 2009-2015 agus an 2ú sraith náisiúnta den Phlean Bainistithe Abhantraí 2017-2021 agus aon phlean ina dhiaidh sin agus an Scéim Cosanta Screamhuisce.


Cuspóir CU03

Moltaí an Scéim Cosanta Screamhuisce a chur i bhfeidhm.


Cuspóir CU04

Bogaigh abhann agus gnáthóga cósta a chosaint agus nuair is féidir gnáthóga nua a chruthú chun feidhmiú nádúrtha an éiceachórais a chothabháil agus a chinntiú nach mbíonn drochthionchar acu ar chuspóirí caomhnaithe aon Láithreán Eorpach.


Cuspóir CU05

Conair bhruachánacha a bhunú saor ó fhorbairt nua ar feadh na sruthchúrsaí agus sruthán uile sa Chontae. Stráice bruachánach 10 go 15 méadar ar leithead a chinntiú a thomhaistear ó bharr an bhruaigh ar dhá thaobh an tsruthchúrsa, seachas i gcás na Life, na Tulchan, Pinkeen, na Maighne, na Comhla, an Bharda, an Mhóinéir Leathain, na Coirre Duibhe, Mhata agus na hAilbhine, a mbeidh gá le stráice bruachachánach de 30m ar leithead, ar a laghad, ó bharr an bhruaigh go dtí dá thaobh na sruthchúrsaí uile lasmuigh de na ceantair uirbeacha.


Cuspóir CU06

Tionchar an scaoilte ó dhabhcha séarachais, ó chórais chóireála eisiltigh dhílsithe agus ó cheantair síothlaithe ar uisce dromchla a íoslaghdú ach a chinntiú go dtógtar agus go lonnaítear iad de réir mholtaí agus threoirlínte an GCC agus Chomhairle Contae Fhine Gall.

Athrú Aeráide

Achtaíodh an tAcht um Ghníomhaíocht ar son na hAeráide agus Fhorbairt ar Bheagán Carbóin 2015 i mí na Nollag 2015. Bunaítear leis an Acht cuspóir náisiúnta maidir le hathrú i dtreo gheilleagar atá ar bheagán carbóin, atá seasmhach ó thaobh na haeráide agus atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil sa tréimhse go dtí an bhliain 2050 agus an bhliain sin san áireamh.

Tá bearta á nglacadh ag Éirinn chun cúiseanna an athraithe aeráide a mhaolú, ach rachaidh toradh na n-athruithe atáthar á dtuar maidir le teocht domhanda méadaithe agus athruithe suntasacha maidir leis an titim báistí i bhfeidhm ar an gContae. Táthar á thuar go mbeidh samhraí níos tirime, geimhrí níos fliche agus meánteochtanna níos airde i rith na bliana in Éirinn. Is gá do lucht forbartha agus lucht bainistíochta forbartha machnamh a dhéanamh ar na hathruithe seo agus ní mór dóibh gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh anois chun a chinntiú go ndéantar bainistiú sásúil ar an soláthar uisce agus ar na córais dhraenála amach anseo. Beidh gá le hoiriúnú agus le maolú agus aghaidh á tabhairt ar na baoil a bhaineann le hathrú aeráide. Is é atá san oiriúnú ná gníomhaíochtaí a deartar chun iarmhairtí an athraithe aeráide a shárú lena n-áirítear teochtaí níos airde, imeachtaí báistí déine agus méadú ar leibhéal na farraige. Deartar bearta maolaithe chun tionchair an duine a bhíonn taobh thiar den athrú aeráide, sé sin astú gáis cheaptha teasa agus athrú ar úsáidí talún, a laghdú nó a stopadh. Ní mór machnamh a dhéanamh sna ceantair uirbeacha ar bhearta oiriúnaithe agus bearta maolaithe i ndiaidh a chéile go háirithe mar tá go leor lonnaíochtaí i gceantair ísle gar d'aibhneacha agus don chósta.

Forbraíodh leis an Staidéar Straitéiseach ar Dhraenáil Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath(GDSDS) Bearta Athrú Aeráide chun cuidiú le soláthar agus le bainistiú na seirbhísí draenála sa réigiún. Leis seo déanfar cur chuige comhionann agus comhsheasmhach a éascú i leith phleanáil, dhearadh agus oibriú bhonneagar draenála uirbigh.


Cuspóir AA01

Moltaí Beartas Athrú Aeráide an GDSDS a chomhlíonadh maidir le soláthar agus le bainistiú na seirbhísí draenála sa Chontae agus a aithint go bhfuil bearta oiriúnaithe agus bearta maolaithe á bhforbairt agus chun bearta náisiúnta nua a leagtar amach i gCreat-Treoracha agus Pleananna Náisiúnta a chomhlíonadh.


Cuspóir AA02

Moltaí ar leith ó Thábla AA1 de Bheartas Réigiúnach GDSDS Imleabhar 5 a chur i bhfeidhm Beartas Athrú Aeráide d'fhorbairtí tithíochta, tráchtála agus tionsclaíoch laistigh den Chontae.


Cuspóir AA03

Leanúint den tomhaltas fuinnimh agus ceimice a laghdú in ionaid chóireála agus stáisiúin chaidéalúcháin na Comhairle.


Cuspóir AA04

Cúiseanna an athraithe aeráide a mhaolú de réir COP21 ar a dtugtar Comhdháil Aeráide Phárais 2015.

7.3 Fuinneamh

Cúlra

Úsáidtear go leor fuinnimh i bpobail nua-aimseartha chun tithe a théamh agus chun tithe agus oifigí a fhuarú, chun córais iompair a thiomáint, chun cumhacht a sholáthar d'earnáil na tionsclaíochta agus chun leictreachas a ghiniúint. Leagtar béim níos mó ar an ngá le soláthar fuinnimh seasmhach agus leanúnach de bharr shuíomh oileán na hÉireann ar imeall na hEorpa. In ainneoin titim in ídiú fuinnimh le déanaí, caitheann Éire méid suntasach airgid ar iompórtáil fhuinnimh. Mar sin, tá sé ríthábhachtach breithniú agus tiomantas a dhéanamh do na bearta a chruthaíonn éifeachtúlacht fuinnimh agus a chuireann le forbairt acmhainní dúchais that shaolré an Phlean.

 

Tá ról tábhachtach ag an bPlean maidir le beartas fuinnimh inbhuanaithe a chur chun cinn sa Chontae, agus aird a thabhairt ar an ról a bhaineann le pleanáil úsáid talún chun tacú le hÉirinn a cumas a bhaint amach le go mbeidh sí ina pobal ar bheagán carbóin agus iarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú.

Ráiteas Beartais

  • Acmhainn leordhóthanach cumhachta a chinntiú i gcomhair riachtanais an Chontae amach anseo trí chomhoibriú agus comhthadhall leis na soláthraithe fuinnimh reachtúla agus eile, trí fhorbairt soláthairtí fuinnimh inbhuanaithe feabhsaithe a éascú, trí spreagadh ar leith a thabhairt d'fhoinsí inbhuanaithe fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh.

Éifeachtúlacht Fuinnimh

Aithnítear go forleathan dúshlán an athraithe aeráide domhanda agus na hiarmhairtí a ghabhann leis. Tuigtear gur tosaíocht dhomhanda é go laghdaítear astaíochtaí gáis cheaptha teasa lena bhfuil gá le gníomhaíocht agus comhoibriú tiomanta.

Tabharfaidh Fine Gall tacaíocht do Chlár an Rialtais maidir le Beartas agus Reachtaíocht Fuinnimh a fhorbairt trí bheartais thacaíochta a chur i bhfeidhm sa Phlean. Tá Éire tiomanta do réimse spriocanna le haghaidh fuinnimh inbhuanaithe agus le haghaidh éifeachtúlachta. Ag leibhéal Eorpach leagtar amach sna tiomantais '20/20/20' arna socraíodh faoi 'Phacáiste Aeráide agus Fuinnimh' an AE trí sprioc:

  • Astaíochtaí gáis cheaptha teasa a Laghdú 20% ar a laghad bunaithe ar leibhéil 1990.
  • Phríomhúsáid fuinnimh a laghdú 20% i gcomparáid le leibhéil réamh-mheasta, lena bhaint amach trí éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.
  • 20% den ídiú fuinnimh deiridh a ghiniúint trí acmhainní inathnuaite fuinnimh.

Glacadh leis an Straitéis An Eoraip 2020 in 2010 agus is í a haidhm ná An Eoraip a chumasú chun teacht as an ngéarchéim eacnamaíochta agus bheith i riocht níos láidre, agus leagtar amach cúig sprioc ceannlíne lena n-áirítear athrú aeráide.

Is iad Spriocanna Náisiúnta na hÉireann ná:

  • Astaíochtaí san earnáil neamhthrádála a laghdú 20% i gcomparáid le leibhéil 2005,
  • An sciar ábhar in-athnuaite maidir le tomhaltas deiridh fuinnimh a ardú go dtí 16% agus gluaiseacht i dtreo ardú 20% ar éifeachtúlacht fuinnimh.

Anuas air sin d'aontaigh tíortha an AE ar Chreat nua 2030 aeráide agus fuinnimh mar a leagtar amach ag an gCoimisiún Eorpach. Tá sé mar aidhm ag na spriocanna cuidiú leis an AE córas fuinnimh níos iomaíche, níos seasmhaí agus níos inbhuanaithe a bhaint amach. Áirítear leis na spriocanna;

  • Astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40% % i gcomparáid le leibhéil 1990
  • 27% ar a laghad den sciar ídithe fuinnimh inathnuaite
  • Sábháil fuinnimh 27% i gcomparáid leis an seanchás.

Léirítear arís sa tríú Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (PGNEF) de chuid na hÉireann a foilsíodh in 2014 tiomantas na tíre maidir le laghdú 20% san éileamh fuinnimh trasna an gheilleagair faoi 2020 chomh maith le laghdú 33% in úsáid fuinnimh san earnáil phoiblí. Leagtar amach sa PGNEF bearta tíosacha ar fhuinneamh a chuirfear i bhfeidhm chun spriocanna náisiúnta coigilte fuinnimh a bhaint amach.

Dearadh Tíosach ar Fhuinneamh

Bunófar Beartas Fuinnimh Náisiúnta don am atá díreach amach romhainn ar dhá Threoir :

  • Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (2010/31/AE): Tá sé mar aidhm ag an treoir seo feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a chur chun cinn agus tá sé mar aidhm aige forálacha na Treorach 2009/91/EC, a n-aisghairtear leis seo, a neartú . Áirítear leis na forálacha riachtanais fuinnimh le haghaidh áitribh a théamh, uisce te a ghiniúint, foirgnimh nua agus cinn atá ann cheana a fhuarú, a aerú agus a shoilsiú. Tá cuspóir leis an Treoir seo a deir faoi 31ú Nollaig 2020, go mbeidh gach foirgneamh nua ina fhoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh.
  • Treoir an AE maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh(2012/27/AE): Trasuíodh an treoir seo isteach i ndlí na hÉireann mar I.R. 426 de 2014 agus leagtar amach ann treochlár beartais go dtí 202 agus aithnítear ann bearta ceanglais do na Ballstáit a thabhairt isteach chun go mbainfidh an AE na spriocanna atá ina gceangal maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hastaíochtaí.

Tugtar tacaíocht sa doiciméad beartais náisiúnta Ag Tógáil Tithe, ag Cothú Pobal 2007 do theicneolaíocht nua agus chineálacha cur chuige nuálaíocha a ghlacadh maidir le háitribh a dhearadh agus a thógáil chun an caighdeán agus an fheidhmiúlacht fuinnimh a fheabhsú thar an saolré chomh maith leis an bhfoilsiúchán Tithíocht Ardchaighdeáin do Phobail Inbhuanaithe ina gcuirtear chun cinn caighdeáin arda deartha agus feidhmiúcháin chomhshaoil. Tá Fine Gall chun tosaigh ar an gceist seo agus tógadh bearta coigilte fuinnimh isteach sna Pleananna Limistéir Áitiúil uile ar glacadh leo le déanaí.

Ó foilsíodh Todhchaí Fuinnimh Inbhuanaithe a Sheachadadh d’Éirinn: An Creat Beartais
Fuinnimh,2007 tá athruithe ollmhóra tagtha ar thírdhreach fuinnimh an domhain, an AE agus na hÉireann faoi mar a chuireann teicneolaíocht nua breoslaí níos glaine ar fáil mar a leagtar amach sa Pháipéar Glas ar Bheartas Fuinnimh in Éirinn a d'fhoilsigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha ina bhféachtar ar thosaíochtaí bheartas fuinnimh na hÉireann i dtreo 2030. Trí chur leis an soláthar fuinnimh inathnuaite cuidíodh le hídiú carbóin gheilleagar na hÉireann a laghdú.

Príomhréimse is fiú breithiúnas a thabhairt air maidir leis an tógáil inbhuanaithe agus sonraíochtaí deartha is ea an réimse CO2 agus fuinnimh go háirithe i dtaobh CO2 corpraithe agus fuinnimh tuímithe. Ba cheart an fócas a dhíriú ar úsáid ábhair tógála ghlasa.

Mar thoradh ar Aisghairm Threoir an AE maidir le Feidhmíocht Foirgneamh 2010/30, ó Eanáir 2019, ní mór gach foirgneamh a dhearadh de réir caighdeáin foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh. Anuas air sin, caithfidh na foirgnimh eile ar fad na caighdeáin foirgnimh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh a chomhlíonadh ó Eanáir 2021(www.ors.ie). Beidh aird ag an gComhairle ar I dTreo Foirgneamh Nach Mór Neodrach ó Thaobh Fuinnimh in Éirinn Pleanáil do 2020 agus thairis agus Treoir 2010/31/AE Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh a spreagann méadú ar líon na bhFoirgneamh nach mór neodrach ó thaobh Fuinnimh (nZEB). Cuireann an Chomhairle forbairt foirgneamh ísealcharbóin chun cinn. Tá sé mar aidhm ag Fine Gall bheith neodrach ó thaobh carbóin agus gach iarracht a dhéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú.

 

Tugtar aghaidh ar éifeachtúlacht fuinnimh agus na riachtanais inathnuaite d'fhoirgnimh nua lena n-áirítear tithíocht chónaitheach nua i gCuid L de na Rialúcháin Thógála . Tá sé mar aidhm ag Cuid L úsáid fuinnimh bhreosla iontaise.agus astaíochtaí CO2 bainteacha agus a eascraíonn as an bhfeidhmiú tógála a laghdú. Le tabhairt isteach an lipéad RFF, Rátáil Fuinnimh an Fhoirgnimh, is féidir áitribh a mheasúnú de réir na feidhmíochta fuinnimh. Tugtar deis do dhaoine leis an gcóras lipéadú seo cinntí eolasacha a dhéanamh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgnimh. Tá eisceachtaí ann i gcás struchtúr cosanta, struchtúr cosanta molta agus fhoirgnimh chosanta faoi Reachtaíocht Séadchomharthaí Náisiúnta.


Cuspóir F01

Tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh idirnáisiúnta, náisiúnta agus chontae chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh agus foinsí fuinnimh inathnuaite a fhorbairt, acmhainní nádúrtha an Chontae a úsáid ar bhealach atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de le nach mbeidh drochthionchar ag a leithéid d'fhorbairt ar thimpeallacht, an tírdhreach ná ar thaitneamhachtaí na háite.


Cuspóir F02

Tabhairt faoi Straitéis Fuinnimh Inmharthana d’Údaráis Áitiúla(LARES).


Cuspóir F03

Forbairt foinsí fuinnimh inathnuaite a spreagadh agus a éascú, agus deiseanna a bharrfheabhsú maidir le húsáid a bhaint as fuinneamh inathnuaite i bhforbairt mhórscála tráchtála agus cónaithe.


Cuspóir F04

Scéimeanna píolótacha, a chuireann bealaí nuálaíocha maidir le héifeachtúlacht fuinnimh a chorprú, a spreagadh agus a éascú.


Cuspóir F05

Tograí ísealcharbóin, dea-oiriúnaithe ó thaobh thionchair an athraithe aeráide agus a bhfuil bearta coigilte fuinnimh ag gabháil leo agus a uasmhéadaíonn éifeachtúlacht fuinnimh maidir le láithreánú, leagan amach agus dearadh, a spreagadh agus a éascú.

Fuinneamh Inathnuaite

Tugann foinsí fuinnimh inathnuaite roghanna inbhuanaithe eile in ionad an spleáchais ar bhreoslaí iontaise. Is bealach iad le hastaíochtaí ceapa teasa díobhálacha a laghdú agus tugann siad deis ár spleáchas ar bhreoslaí iompórtáilte a laghdú. FaoiThreoir AE 2001/77/CE maidir le Fuinneamh cuirtear leictreachas ó fhoinsí in-athnuaite chun cinn a shainmhínítear mar fhoinsí fuinnimh inathnuaite neamh-iontaise mar, ach gan a bheith teoranta dóibh, foinsí gaoithe, gréine, geoiteirmeach, toinne, taoide, hidrichumhacht, bithmhais, gáis láithreáin líonta, gáis ionaid cóireála camrais, bithgháis agus bithghualaigh [.i. cóireáil theirmeach ar ábhar nádúrtha orgánach i dtimpeallacht atá teoranta ó thaobh ocsaigin de].

Tá an-chuid acmhainní fuinnimh inathnuaite ag Éirinn, e.g. gaoth agus uisce. Tugann siad seo rogha fónta éagsúil dúinn lenár riachtanais fuinnimh a shásamh. Tá sé tábhachtach nach gcuireann Éire srian le cineálacha áirithe teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite agus go mbeidh roghanna eile á lorg nach mbaintear tairbhe chomh mór astu amhail fótavoltachas gréine. Tá go leor teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite ann anois atá inmharthana ó thaobh na tráchtála de agus ar féidir leo teas agus cumhacht ghlan, eacnamúil a sholáthar.

Is í aidhm Chomhairle Contae Fhine Gall ná a chinntiú go ndéanfaidh na forbairtí nua ar fad tairbhe maidir leis an ídiú fuinnimh agus an lorg coise carbóin a bhaineann leis a laghdú. Déanfaidh an Chomhairle teicneolaíochtaí nua agus nuálaíocha a bhfuil mar aidhm acu foinsí fuinnimh inathnuaite a sholáthar a chur chun cinn agus a éascú. Déanfaidh an Chomhairle cinnte de freisin go mbeidh cothromaíocht ann idir forbairt foinsí fuinnimh inathnuaite agus cosaint na hoidhreachta nádúrtha, taitneamhachtaí amhairc, na bithéagsúlachta agus tailte bia.

Tugann an Chomhairle tacaíocht do chur i bhfeidhm Straitéis Fuinnimh Inmharthana 2012-2020ag leibhéal náisiúnta ina leagtar amach cúig sprioc straitéiseacha don fhuinneamh inathnuaite agus conas déileáil le dúshláin. Anuas air sin de réir Threoir 2009/28/CE éilítear ar Bhallstáit glacadh le Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (PNÉFI) ina leagtar amach spriocann náisiúnta do 2020 maidir leis an sciar fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, a ídíodh in iompar, leictreachas, teas agus fuarú. Léirítear spriocanna uaillmhianacha na hÉireann faoi mar a leagtar amach iad in An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (PGNEF).

Déanfaidh an Chomhairle a dícheall oibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha chun a thabhairt faoi Anailís ar an Éileamh ar Fhuinneamh Spásúil (AÉFS) ar an gContae a dhéanfadh cur chuige comhtháite maidir le pleanáil spásúil agus fuinneamh a éascú rud a thabharfadh tuiscint spásúla níos fearr ó thaobh riachtanas fuinnimh.

Is gá do thograí forbartha nua ídiú íslithe fuinnimh a léiriú maidir le dearadh agus tógáil. Ba cheart d'fhorbairtí nuair is féidir úsáid a bhaint as roghanna éagsúla teicneolaíochta fuinnimh amhail bithfhuinneamh, fuinneamh gréine, teaschaidéil, aisghabháil teasa agus fuinneamh gaoithe. Ba cheart leis sin machnamh a dhéanamh ar sholúbthacht foirgneamh le himeacht ama le gur féidir an stoc tógála a athchóiriú agus aisfheistiú chun caighdeáin éifeachtúlachta a bhaint amach sa todhchaí.

Ó 2013 gabhadh Athmhúnlú EPBD in ionad An Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinneamh
Foirgneamh agus gabhadh IR 243 de 2012 in ionad IR 666 de 2006. Léireoidh dearadh nua tógála an gá atá ann a chinntiú go ndéantar forbairt ar bhealach inbhuanaithe agus íogair agus go dtugtar dóthain airde ar an ngá le dearadh a chur ar fáil a thagann le beartais náisiúnta inbhuanaithe agus chaomhnaithe fuinnimh, agus go ndéanfaidh sé tairbhe ó thaobh fhoirm uirbeach chuí a chruthú.


Cuspóir F06

Tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm ‘Straitéis Fuinnimh Inmharthana 2012-2020’ An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha agus An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite (PNÉFI) agus An Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh (PGNEF) a bhaineann leis.


Cuspóir F07

Oibriú le geallsealbhóirí ábhartha chun Anailís ar an Éileamh Fhuinneamh Spásúil (AÉFS) ar an gContae a chur i gcrích laistigh de thréimhse an Phlean más féidir.


Cuspóir F08

Machnamh a dhéanamh ar sholúbthacht foirgneamh le himeacht ama chun éifeachtúlacht an stoic thógála a fheabhsú agus chun éifeachtúlacht agus caomhnú fuinnimh a chur chun cinn ó thaobh dhearadh agus fhorbairt gach foirgneamh nua sa Chontae.


Cuspóir F09

Sonraí a éileamh maidir leis na riachtanais le córais fuinnimh inathnuaite éagsúla, d'fhoirgnimh níos mó ná 100m c nó do scéimeanna cónaitheacha thar 30 aonad, faoi IR 243 de 2012 An Comhphobal Eorpach (Feidhmiú fuinnimh foirgneamh) a chur isteach le linn na céime réamh-phleanála. Ba cheart dóibh seo bheith i bhfoirm Ráiteas Fuinnimh nó Staidéar Féidearthachta a chuireann saineolaithe cáilithe agus creidiúnaithe i gcrích.

Fuinneamh Gaoithe

Is foirm fuinnimh glan agus inbhuanaithe é fuinneamh gaoithe. Tá sé i gceist go ndéanfaidh fuinneamh gaoithe an tairbhe is mó ó thaobh spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta don leictreachas glas a bhaint amach.

Is é atá i bhfeirm gaoithe ná grúpa de thuirbíní gaoithe in aice a chéile ar agus a gceanglaítear le chéile iad trí chóras bailiúcháin cumhachta meánvoltas. Bíonn fostáisiún ar an láthair freisin áit a mhéadaítear an sruth meánvoltais leictreachais trí chlaochladán chun ceangailt leis an gcóras tarchurtha ardvoltais.

Leagtar amach sna Treoirlínte um Fhorbairt Fuinnimh Gaoithe 2006, RCORA, (2006) modheolaíocht mionsonraithe chun cuidiú ó thaobh suíomhanna optamacha a aimsiú le haghaidh áiseanna ghiniúint gaoithe a fhorbairt. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar na Treoirlínte seo faoi láthair.

Tá dréacht-Straitéis Fuinnimh Gaoithe foilsithe ag an gComhairle a bhfuil léarscáileanna ag gabháil leis chun suíomhanna oiriúnacha don chineál forbartha seo a léiriú. Is ceist thábhachtach í oiriúnacht láithreáin le haghaidh suíomh feirmeacha gaoithe, .i. tuirbíní, de bharr, den chuid is mó, na ndroch-iarmhairtí a bhaineann leo, mar shampla iarmhairtí amhairc, torainn agus caochaíl scáileanna. Tugtar tacaíocht sa dréacht Straitéis do chur chuige pleantreoraithe maidir le forbairt fuinnimh gaoithe i bhFine Gall agus tugtar treoir ann maidir le hoiriúnacht ceantar laistigh den Chontae le haghaidh forbairt fuinnimh gaoithe. Tugtar faoi deara gur ceantar é Fine Gall a bhfuil cumas luas na gaoithe ann go bhféadfaí suíomh giniúna fhuinnimh gaoithe a fhorbairt ann. D'fhéadfaí sciar suntasach de thailte laistigh den Chontae a fhorbairt le haghaidh feirmeacha gaoithe agus achar na dtailte ainmnithe mar oiriúnach i gcoitinne cothrom le 13,357 heictéar agus achar na dtailte atá á meas cothrom le 20,615 heictéar. Faoi Bhealtaine 2015 tá 224 feirm gaoithe ar líne agus ag feidhmiú i 27 contae in Éirinn. Táthar á thuar má tá no feirmeacha gaoithe ar fad atá beartaithe ag feidhmiú faoi 2020 go bhféadfadh Éire spriocanna astaíochtaí carbóin Kyoto a bhaint amach go furasta.


Cuspóir F10

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite, mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta, trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as cumhacht gaoithe nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach ná ar thaitneamhachtaí áitiúla lena n-áirítear suíomhanna amach ón gcósta a d'fhéadfadh a bheith ainmnithe faoin Treoir um Éin agus faoin Treoir um Ghnáthóga i saolré an Phlean seo.


Cuspóir F11

Éilítear go gcomhlíonfadh gach forbairt nua um fhuinneamh gaoithe sa Chontae na Treoirlíne do na hÚdaráis Phleanála maidir le Forbairt Fuinnimh Gaoithe, RCORA (2006) agus treoirlínte atá sa leagan dréachta de Straitéis Chomhairle Contae Fhine Gall um Fhuinneamh Gaoithe nó aon straitéis ina diaidh sin nó aon treoirlínte bainteacha laistigh de shaolré an Phlean.

Grianfhuinneamh

Is foinse iontaofa solais agus teasa í an ghrian. Tá trí chineál chur chuige bunúsacha a úsáidtear sa lá atá inniu ann le leas agus lán tairbhe a bhaint as fuinneamh gréine i bhfoirgnimh. Is iad Griantéamh Éighníomhach; griantéamh gníomhach agus; Córais fhótavoltacha gréine (FV).

Tá réimse teicneolaíochtaí ar fáil le haghaidh leas a bhaint as buntáistí na gréine, lena n-áirítear grianphainéil, grianfheirmeacha, áiseanna stórála fuinnimh gréine, a dhéanann tairbhe maidir leis an éileamh fuinnimh a laghdú. Is féidir teicneolaíochtaí nua a dhearadh mar chuid d'fhoirgnimh nó is féidir iad a aisfheistiú. D'fhéadfaí grianfheirmeacha a mheas ar shuíomhanna oiriúnacha laistigh den Chontae.

Sa bhfoilsiúchán Adding Solar Power to Irelands Energy Mix, Lightsource Renewable Energy Limited meastar faoi 2020 go bhféadfaí 20% d'fhuinneamh na Éireann a ghiniúint trí fhótavoltach gréine (FV gréine). Soláthraíonn FV gréine fuinneamh go seasmhach agus trí FV gréine a chur leis an meascán fuinnimh in Éirinn, cuideoidh sé leis an mbonneagar atá ann cheana agus spreagfaidh sé tuilleadh fuinnimh inathnuaite a ghiniúint. Meastar go bhfuil grianfheirmeacha neamhfheiceálach go ginearálta ag leibhéal na talún agus go mbíonn siad folaithe ag fálta sceach. Anuas air sin tá ar chumas na feirmeacha seo gnáthóga nádúrtha a athbheochan i gceantair tuaithe.


Cuspóir F12

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as cumhacht gréine nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar fhoirgnimh stairiúla ná ar thaitneamhachtaí áitiúla.


Cuspóir F13

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt d'fhorbairt an bhonneagair ghrianfhuinnimh, lena n-áirítear FV gréine, fuinneamh teirmeach grianteasa agus áiseanna stórála séasúracha.


Cuspóir F14

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do shuíomhanna oiriúnacha laistigh den Chontae lena n-úsáid mar fheirmeacha FV gréine nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar fhoirgnimh stairiúla, ar bhithéagsúlacht ná ar thaitneamhachtaí áitiúla.

Fuinneamh Geoiteirmeach

Baineann fuinneamh geoiteirmeach le fuinneamh teasa a stóráltar sa talamh. Téann an teas sa talamh ó dhá fhoinse mar atá croíleacán te an phlainéid agus an ghrian. Beidh sé seo “domhain” nó “éadomhain” ag brath ar an doimhneacht a bhíonn i gceist. Baintear fuinneamh domhain geoiteirmeach amach trí phróisis gheolaíocha nó trí dhruileáil i screamh
na cruinne. Is é dara foinse teasa sa talamh ná radaíocht na gréine. Is féidir fuinneamh stórálta a thabhairt air seo agus é go réasúnta te ó cheann ceann na bliana. Is féidir an teas seo a bhaint trí chaidéal foinse teasa talún a úsáid.


Cuspóir F15

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as cumhacht geoiteirmeach nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar fhoirgnimh stairiúla, ar bhithéagsúlacht ná ar thaitneamhachtaí áitiúla.


Cuspóir F16

A chinntiú nach ndéanann aon togra le haghaidh teicneolaíochtaí geoiteirmeach ná aon taiscéalaíocht fo-thalamh eile aon díobháil do chaighdeán an screamhuisce.

Hidreafhuinneamh

Tugtar hidrileictreachas ar an nginiúint cumhachta ó fhórsa imtharraingthe i dtitim nó i gcúrsa uisce. Is foinse fuinnimh inbhuanaithe nach mbaintear leas as an bhfuinneamh aigéin atá i dtonnta agus i dtaoidí an domhain. Nuair a chuirtear suíomh cósta Fhine Gall san áireamh, d'fhéadfadh fuinneamh taoide agus tonnta ról a ghlacadh ó thaobh spriocanna fadtéarmacha maidir le hídiú fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a bhaint amach.


Cuspóir F17

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as hidreachumhacht nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar bhithéagsúlacht ná ar thaitneamhachtaí áitiúla.

Bithfhuinneamh

Baineann bithfhuinneamh leis na saghsanna fuinnimh a fhaightear ó bhithmhais. Is é atá sa bithfhuinneamh go bunúsach ná úsáid ghrianfhuinnimh a bailíodh sa bhithmhais le linn phróiseas na fótaisintéise. Úsáidtear grianfhuinnimh sa phróiseas fótaisintéise chun dé-ocsaíd carbóin ón atmaisféar a mheascadh le huisce agus le cothaithigh éagsúla eile ón ithir chun ábhar planda a dhéanamh - bithmhais. De réir An Plean Gnímh Náisiúnta um Chúrsaí Bithfhuinnimh in Éirinn 2007 – 2020, Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha tá an cumas ann in Éirinn na hacmhainní bithfhuinnimh a fhorbairt chun leictreachas a ghiniúint le haghaidh breoslaí iompair, foirgnimh a théamh agus a fhuarú agus lena n-iompú ina mbithcheimiceáin mar amhábhair thionsclaíocha. Spreagfaidh an Chomhairle táirgeacht bhithbharra don bhithmhais chun fuinneamh inbhuanaithe a ghiniúint.


Cuspóir F18

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as fuinnimh bithmhaise teicneolaíochta ach a chinntiú nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar bhithéagsúlacht ná ar thaitneamhachtaí áitiúla ná ar tháirgeacht bia áit éigin eile go díreach nó de bharr athrú indíreach ar an úsáid talún.


Cuspóir F19

Spreagfaidh an Chomhairle táirgeacht bhithbharra don bhithmhais chun fuinneamh inbhuanaithe a ghiniúint


Cuspóir F20

Tacaíochta thabhairt agus éascaíocht a dhéanamh maidir le comhtháthú bhithfhuinnimh áitiúil isteach sna líonraí gáis agus leictreachais agus a úsáid mar bhreosla iompair.

Téamh Ceantair Ísealcharbóin

Tá an téamh ceantair ar cheann de na modhanna is éifeachtúla agus is cost-éifeachtúla le hárasáin, tithe agus forbairtí úsáid mheasctha a théamh. Mar a láraítear an córas tiocfaidh laghdú 90% ar úsáid bhreoslaí iontaise agus tiocfaidh laghdú suntasach ar an lorg coise carbóin na forbartha. Is féidir téamh ceantair a bhunú ar réimse teicneolaíochtaí agus foinsí fuinnimh inathnuaite, amhail cumhacht is teas le chéile (CTÉ), fuinneamh bithmhaise, geoiteirmeach nó fuinneamh ó dhramhaíl.

 

Éiríonn go han-mhaith leis na cineálacha scéime seo go háirithe i gceantair uirbeacha ina bhfuil go leor tógála déanta ina mbíonn éileamh ann i gcónaí. Oibríonn an córas trí uisce a théamh le coire atá lonnaithe in ionad téimh lárnach. Téann an teas go dtí na tithe aonair trí líonra fothalamh de phíobaí inslithe. Bíonn an t-uisce sa líonra á gcur timpeall de shíor agus bíonn sé i gcónaí ar fáil don sealbhóir tí. Níl gá le tumthéitheoirí leis na coirí agus na humair stórála uisce te rud a chuireann spás ar fáil do chuspóirí eile. Soláthraíonn bithmhais (amhail slis adhmaid nó sailghlas) agus gás cumhacht do na córais. Trí réiteach fuinnimh inbhuanaithe a úsáid chun teas agus uisce te a sholáthar do thithe agus do ghnóthaí déantar tairbhe don inbhuanaitheacht mar a laghdaítear éileamh agus ídiú fuinnimh fad is a úsáidtear foirm inbhuanaithe fuinnimh.


Cuspóir F21

Tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta trí éascaíocht a dhéanamh maidir le leas a bhaint as córais téamh ceantair i bhforbairtí nua cónaitheacha agus tráchtála nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach, ar bhithéagsúlacht ná ar thaitneamhachtaí áitiúla.

Líonraí Fuinnimh

Pylon

Is iad an leictreachas agus an gás an dá phríomhlíonra fuinnimh atá ag freastal ar Fhine Gall. Agus Fine Gall suite laistigh de Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus féidearthacht ann go ndéanfar forbairt shuntasach cónaitheach agus tráchtála laistigh de thréimhse an Phlean, tá sé tábhachtach a chinntiú gur féidir uasghrádú a dhéanamh ar na líonraí atá ann cheana chun an fhorbairt a éascú sa Chontae de réir na Straitéise Lonnaíochta. Oibreoidh an Chomhairle i gcomhpháirtíocht leis na soláthraithe seirbhíse atá ann cheana, Eirgrid ach go háirithe, ESB Networks, agus Líonraí Gáis Éireann chun feabhsú agus uasghrádú ar an mbonneagar agus na líonraí a éascú. Beidh sé mar bheartas ag an gComhairle tacaíocht agus cosaint a thabhairt do na conair straitéiseacha fuinnimh.


Cuspóir F22

Soláthar bhonneagar fuinnimh a éascú ag suíomhanna oiriúnacha, le gur féidir tuilleadh forbairt fhisiciúil agus eacnamaíoch a dhéanamh i bhFine Gall.

 

 

Straitéis Fuinnimh d'Fhine Gall

Chun beartas náisiúnta a chur i bhfeidhm ar bhonn áitiúil, ullmhóidh Comhairle Contae Fhine Gall Straitéis Fuinnimh Inmharthana d’Údaráis Áitiúla (LARS). Is í aidhm na straitéise ná beartais agus gníomhaíochtaí a fhorbairt ar féidir leo ar bhealach réalaíoch agus soiléir an tairbhe is mó a dhéanamh do na hiarrachtaí náisiúnta aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide agus gabháil na n-acmhainní fuinnimh inathnuaite a uasmhéadú ar an mbealach is oiriúnaí don Chontae agus atá comhsheasmhach leis an bpleanáil cheart agus forbairt inbhuanaithe.

 

Leis an straitéis a chur chun cinn, moltar Fóram Fuinnimh Inbhuanaithe a bhunú agus Comhairle Contae Fhine Gall mar an phríomhgníomhaíocht i measc geallsealbhóirí ábhartha agus grúpaí sainleasa éagsúla. Cuimseofar sa straitéis Anailís ar an Éileamh ar Fhuinneamh Spásúil (AÉFS) ar an gContae rud a dhéanfadh éascaíocht ar chur chuige comhtháite maidir le pleanáil spásúil agus fuinnimh a thabharfadh tuiscint níos fearr ar chúrsaí spásúil agus riachtanais fuinnimh.


Cuspóir F23

Fóram Fuinnimh Inbhuanaithe a bhunú laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall chun Straitéis Fuinnimh Inmharthana d’Údaráis Áitiúla a ullmhú leis na geallsealbhóirí ábhartha agus grúpaí sainleasa éagsúla laistigh den Chontae.

7.4 Teicneolaíocht agus Faisnéise Cumarsáide

Cúlra

Is scáth-théarma é Teicneolaíocht agus Faisnéise Cumarsáide a úsáidtear chun na modhanna teicniúla le haghaidh eolas a phróiseáil agus a chur in iúl, a mbíonn baint aige go príomha le teicneolaíocht dhigiteach, a mhíniú. An chuspóir is mó atá ag an gComhairle maidir le Teicneolaíochtaí Teileachumarsáide ná bonneagar teileachumarsáide fairsing ar fud an Chontae a chur chun cinn agus a éascú ar mhaithe le forbairt chothrom shóisialta agus eacnamaíoch a bhaint amach.

 

Déanann TFC tairbhe do chaighdeán saoil ar dhá bhealach. Ar an gcéad dul síos, cuireann cumarsáid thapa, ar féidir brath uirthi agus atá éifeachtúil ó thaobh costas de in aghaidh iarmhairtí iargúltacht áite agus féadann sé cur le cuimsiú sóisialta, cumas iomaíochta eacnamaíochta agus deiseanna fostaíochta. Tá suntas ar leith ag baint leis seo sna ceantair tuaithe i bhFine Gall. Ar an dara dul síos, féadann teileachumarsáid nua-aimseartha tairbhe a dhéanamh do spriocanna inbhuanaithe trí ghearradh siar ar an ngá le taisteal, mar shampla oibriú ó bhaile, teileachomhdháil, cianfhoghlaim agus ríomhthráchtáil. Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag forbairtí an tSochaí Faisnéise ar an mar a phléimid le chéile agus mar a dhéanaimid gnó. Déanann an frása Sochaí Faisnéise tagairt do shuntais mhéadaithe TFC sa lá atá inniu ann agus an tionchar atá á imirt ag na teicneolaíochtaí seo ar gach réimse de ghníomhaíochtaí eacnamaíoch agus sóisialta san aonú haois is fiche.

Ráiteas Beartais

  • Forbairt bhonneagar TFC breise a chur chun cinn, lena n-áirítear leathanbhanda, áiseanna teileachumarsáide, raon clúdaigh d'fhóin phóca agus an coincheap maidir le hinrochtainneacht wifi in áiteanna poiblí, le gur féidir tuilleadh forbairt fhisiciúil agus eacnamaíoch a dhéanamh i gceantair tuaithe agus uirbeacha Fhine Gall, agus aird á tabhairt ar bheartais deartha agus taitneamhachtaí amhairc sa Chontae.​

Cuspóir TFC01

Soláthar inbhuanaithe de líonra bhonneagar TFC ar ardchaighdeán ar fud an Chontae a chur chun cinn agus a éascú agus aird á tabhairt ar an ngá leis an tuath agus an timpeallacht uirbeach a chosaint mar aon leis aidhm go mbaintear forbairt shóisialta agus eacnamaíoch amach.


Cuspóir TFC02

Teicneolaíocht Faisnéise nua-aimseartha a éileamh, lena n-áirítear bonneagar neodrach ó thaobh an iompróra de, ilduchta ag seirbhísiú do gach aon aonad, a áireamh i ndearadh
agus leagan amach foriomlán gach forbairt nua i bhFine Gall, mar is féidir.

Bonneagar Leathanbhanda

Cuirtear TFC ar fáil den chuid is mó ar bhonn príobháideach, ach tá geallta ag an Rialtas seirbhísí a sholáthar i gceantair nach bhfuil clúdach príobháideach iontu.

 

Tá fáil sách maith ar an líonra leathanbhanda i bhFine Gall agus de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2011 bhí 79.5% de theaghlaigh laistigh de Fhine Gall a raibh leathanbhanda acu i gcomparáid le 63.8% ar bhonn náisiúnta. Tugtar faoi deara áfach go bhfuil go leor ceantar uirbeach agus tuaithe sa Chontae a bhfuil an tseirbhís easnamhach iontu.

 

Is páirt ríthábhachtach den bhonneagar é cumarsáid inrochtana thapa, ar féidir brath uirthi agus atá éifeachtúil ó thaobh costas a chinntiú agus tá sé bunriachtanach ó thaobh fhorbairt eacnamaíoch an Chontae. Tá an dul chun cinn sa teicneolaíocht tar éis béim níos mó a leagan ar thábhacht rochtana an idirlín sa bhforbairt eacnamaíoch faoi mar a cheanglaíonn leathanbhanda gnóthaí, idir bheag agus mhór, leis an margadh domhanda. Mar a leagtar amach sa Straitéis Dhigiteach Náisiúnta, An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Iúil 2013, tá an rannóg dhigiteach den gheilleagar ag fás ag ráta 16% in aghaidh na bliana agus tacaíonn an tionscal dhigiteach le beagnach 95,000 post go díreach agus go hindíreach. Is bunchéim an SDN chun cuidiú le hÉireann buntáistí uile a bhaineann le sochaí digiteach-chumasaithe a bhaint. Tá sí mar aidhm líon na ndaoine nach bhfuil ar líne a laghdú faoina leath faoi 2016.

Líonraí Achar Cathrach (MANanna)

Is é atá sna MANanna ná líonra de chábla duchtála agus snáthoptaice leagtha laistigh de cheantar na cathrach atá faoi úinéireacht poiblí agus ar féidir le gnóthaí éagsúla é a úsáid chun seirbhísí a sholáthar lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta dóibh) teileachumarsáide, rochtain idirlín agus teilifís. Ós rud é gur líonraí snáth-bhunaithe atá i gceist is cinnte go mbeidh a dhóthain acmhainne ann go ceann glúnta amach anseo. Rinneadh na MANanna a sheachadadh in a dhá chéim agus 28 MAN á gcur i gcrích faoi Chéim 1 agus 60 MAN á seachadadh sa dara chéim. Cuimsítear na bailte Domhnach Bat, Losca agus Port Reachrann i gCéim 2.


Cuspóir TFC03

An cur i bhfeidhm céimneach leathanbhanda a chur chun cinn ar fud an Chontae agus aird ar leith a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnóthaí i dtuath Fhine Gall.


Cuspóir TFC04

Cuimsiú digiteach a chur chun cinn i bhFine Gall trí thacaíocht a thabhairt do straitéisí a spreagann inrochtaineacht níos fairsinge ar an mbonneagar leathanbhanda.

Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta

Aithníonn an Chomhairle an bunriachtanas atá le líonraí cumarsáide agus teicneolaíochta faisnéise ardchaighdeáin iomaíochas gheilleagar an chontae agus a ról chun tacú leis an bhforbairt réigiúnach agus náisiúnta go ginearálta a ráthú. Tugtar treoir chuimsitheach i leith na gcúrsaí sin sa cháipéis Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Thacaíochta - Treoirlínte d’Údaráis Phleanála, RC, 1996 . Tugadh roinnt constaicí féideartha faoi deara sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda maidir le cúrsaí pleanála le haghaidh cur i bhfeidhm céimeach éifeachtúil an Chéad Ghlúin eile den Leathanbhanda agus na gníomhartha riachtanacha chun dul i ngleic leis na constaicí seo. Tabharfar aghaidh ar cheisteanna mar seo sna leasuithe a dhéanfar sna Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála i dtaobh Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta. Síltear go dtabharfar tacaíocht sa leagan leasaithe de na Treoirlínte don chóras pleanála ina ndéantar éascaíocht ar na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Náisiúnta Leathanbhanda, An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, Lúnasa 2012. Ní mór cothromaíocht a aimsiú idir buntáistí bhonneagar TFC ardchaighdeáin agus an gá le timpeallacht na tuaithe agus an timpeallacht uirbeach a chosaint. Ní mór an tionchar amhairc a choimeád chomh híseal agus is féidir agus scrúdú mionsonraithe a dhéanamh ar an suíomh agus cuma sheachtrach an fhearais agus ar scóip le haghaidh bearta tírdhreachú a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Déanfaidh an Chomhairle tograí maidir leis an gcineál bonneagair sin a mheas de réir mholtaí na dtreoirlínte a eisítear.


Cuspóir TFC05

Soláthar a dhéanamh ar an mbonneagar teileachumarsáide riachtanach ar fud an Chontae de réir cheanglais na dTreoirlínte do na hÚdaráis Phleanála i dtaobh Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta, Iúil 1996 ach amháin nuair atá siadsan ag teacht salach ar Chiorclán PL07/12, a dtabharfar tús áite dó, agus aon leasuithe ina dhiaidh sin nó aon treoirlínte breise sa réimse sin.


Cuspóir TFC06

Spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse chun dul i mbun plé réamh-phleanála leis an Údarás Pleanála roimh iarratais phleanála a chur isteach.


Cuspóir TFC07

Dea-chleachtas a éileamh don lonnú agus dhearadh maidir le haeróga teileachumarsáide a thógáil.


Cuspóir TFC08

Ardcháilíocht dearaidh a bhaint amach maidir le túir agus aeróga agus aon bhonneagar eile dá leithéid ar mhaithe leis an taitneamhacht amhairc agus le cosaint tírdhreach íogair, faoi réir paraiméadair raidió agus innealtóireachta.

7.5 Bainistíocht Dramhaíola

Cúlra

Tá an bhainistíocht dramhaíola in Éirinn á rialú leis na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola, 1996 go 2011, ina n-éilítear ar na húdaráis áitiúla pleananna mionsonraithe um bainistiú dramhaíola a ullmhú. Faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola, glactar leis go gcuimsítear na cuspóirí le haghaidh Plean Bainistithe Dramhaíola sa Phlean Forbartha.

In 2012, ghlac an Rialtas cur chuige nua um bainistiú dramhaíola agus d'fhoilsigh doiciméad beartais dar teideal ‘Deis Acmhainne - Beartas Bainistithe Dramhaíola in Éirinn’, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Leagtar amach sa doiciméad seo na bearta ina ndéanfaidh Éire tuilleadh dul chun cinn i dtreo bheith ina sochaí athchúrsála, agus béim á leagan ar éifeachtúlacht acmhainní agus díothú líonadh talún agus dramhaíl bhardais a lorg. Tá sé bunaithe ar 5 phríomh-phrionsabal, cosc, ullmhú le haghaidh athúsáide, athchúrsáil, athshlánú agus diúscairt. Léirítear iad seo i bhFigiúr BD01 thíos.

Figiúr BD01: Ordlathas Dramhaíola 

 

Ordlathas Dramhaíola

Ó glacadh leis an Plean Forbartha is déanaí, tá athruithe suntasacha tagtha ar an gcaoi a dhéileáiltear le cúrsaí dramhaíola. Tá Fine Gall suite i Réigiún an Oirthir-Lár Tíre anois.

Glacadh le Plean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 i mBealtaine 2015. Is í fís fhoriomlán an Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnaigh ná athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige maidir le bainistíocht dramhaíola agus go gcaitear le dramhaíl mar acmhainn ábhair luachmhar. Tacaíonn an Plean le dul i dtreo geilleagar ciorclach gné a bhfuil an-tábhacht ag baint leis d'fhonn an leas níos mó a bhaint as acmhainní sa réigiún agus bheith níos éifeachtúil ó thaobh acmhainne de. Sa gheilleagar domhanda, leanfaidh an t-éileamh agus an iomaíocht d'acmhainní finideacha agus a bhíonn gann in amanna á méadú, agus tá an brú ar acmhainní ag cur le díghrádú agus leochaileacht an chomhshaoil. Trí úsáid níos fearr a bhaint as na hacmhainní seo, srian a chur leis na hábhair atá á sileadh ónár ngeilleagar, cuirfear buntáistí eacnamaíocha agus comhshaoil ar fáil. Tá sé riachtanach bogadh i dtreo geilleagar ciorclach in áit na múnlaí as dáta tóg-déan-úsáid agus caith amach, d'fhonn uaillmhian éifeachtúlacht acmhainne na Straitéise An Eoraip 2020 a bhaint amach. Tá trí sprioc sa Phlean:

 

  • Laghdú 1% sa bhliain ar mhéid na dramhaíola tí a tháirgtear in aghaidh an duine thar thréimhse an Phlean.
  • Ráta athchúrsála 50% den Dramhaíl Bhardais Bhainistithe a bhaint amach faoi 2020.
  • A laghdú go 0% an diúscairt dhíreach de dhramhaíl bhardais neamhphróiseáilte sa líonadh talún (ó 2016 ar aghaidh) ar mhaithe le próisis ardluacha réamhchóireála agus cleachtais aisghabhála dúchais.

Foinse: Plean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015-2021

Roimhe seo bhíodh ról ag na hÚdaráis Áitiúla maidir le bonneagar bailithe agus cóireála dramhaíola ach ní mar sin atá sé anois. Díríonn ról na nÚdarás Áitiúil anois ar oideachas, feasacht, cosc agus gníomhaíochtaí éifeachtúlacht acmhainne chomh maith le gnóthaí agus oibreoirí dramhaíola a rialú agus reachtaíocht dramhaíola a chur i bhfeidhm.

Féadann beartais agus cuspóirí ábhartha ar leith sa Phlean Forbartha cuidiú maidir le cuspóirí an Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnaigh a neartú. Go háirithe, féadann an Plean Forbartha cuidiú freisin maidir lena chinntiú go ndéanann dearadh forbairtí nua freastal ar chórais bhailithe scagtha dramhaíola agus chun a chinntiú le linn tógáil forbairtí nua go ndéantar dea-bhainistiú ar dhramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl tógála. Beidh Fine Gall i gcónaí aireach ar na prionsabail agus na cuspóirí a leagtar amach sna doiciméid thuasluaite agus leanfar ag obair i gcomhar le hOifig Bhainistíocht Dhramhaíola Réigiún an Oirthir-Lár Tíre agus na beartais bainistíochta dramhaíola á gcur i bhfeidhm.

De bhua An Achta um Bainistiú Dramhaíola, arna leasú glactar leis go gcuimsítear na cuspóirí le haghaidh Plean Bainistíochta Dramhaíola sa Phlean Forbartha. Nuair a bhíonn coimhlint idir cuspóirí an Phlean Forbartha agus cuspóirí an Phlean Bainistíochta Dramhaíola beidh tosaíocht ag na cuspóirí atá sa Phlean Bainistíochta Dramhaíola. Is gnó feidhmiúcháin é glacadh an Phlean Bainistíochta Dramhaíola.

Aithnítear i bPlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015-2021 go ndéanann Rialúcháin (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) an Aontais Eorpaigh 2014 éascaíocht maidir le ráta athúsáide agus tarrthála de 95% ar a laghad a bhaint amach de réir mheánmheáchan na feithicle agus de réir na bliana agus chun 85% ar a laghad d'athúsáid agus tarrtháil de réir mheánmheáchan na feithicle agus de réir na bliana ó Eanáir.


Cuspóir BD01

Leathnú inbhuanaithe a éascú maidir le Saoráidí Chóireála Údaraithe d'fheithiclí a bhfuil a ré caite chun cloí le Rialúcháin (Feithiclí a bhfuil a Ré Caite) an Aontais Eorpaigh 2014, agus aon reachtaíocht eile ábhartha agus an Plean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015-2021.

Ráiteas Beartais

  • Bheith i gcomhréir bheartas an Aontais Eorpaigh, Náisiúnta agus Réigiúnach maidir leis na cúrsaí uile a bhaineann le táirgeacht, láimhseáil, cóireáil agus diúscairt dramhaíola.​

Cuspóir BD02

Cur i bhfeidhm reachtaíocht náisiúnta agus bheartais réigiúnacha bhainistíochta dramhaíola a éascú tar éis aird a thabhairt don ordlathas dramhaíola.


Cuspóir BD03

Forálacha Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 a chur i bhfeidhm nó aon Phlean Bainistíochta Dramhaíola ina dhiaidh sin a bheadh infheidhme laistigh de shaolré an Phlean Forbartha. Beifear ag súil go dtabharfar aird i ngach forbairt mholta sa chontae ar fhorálacha an Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach agus go gcloífear le héilimh an Phlean sin.


Cuspóir BD04

An t-athrú ó gheilleagar um bainistiú dramhaíola go dtí geilleagar glas ciorclach a éascú d'fhonn fostaíocht a threisiú agus chun luach, tarrtháil agus athchúrsáil acmhainní a mhéadú.

Cosc agus Íoslaghdú

Ar aon dul le prionsabail na forbartha inbhuanaithe, leanfaidh an Chomhairle ag cur clár coisc agus íoslaghdaithe dramhaíola chun cinn d'fhonn dul i ngleic leis na gnéithe uile dramhaíola sa Chontae, á dhíriú ar tháirgeoirí dramhaíola idir lucht tráchtála agus lucht teaghlaigh. Meastar go bhfuil sé ríthábhachtach saoránaigh agus gnóthaí a chur ar an eolas maidir lena gcuid freagrachtaí mar tháirgeoirí dramhaíola.


Cuspóir BD05

Táirgeacht dramhaíola a chosc agus a íoslaghdú de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 - 2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin).


Cuspóir BD06

Feasacht chomhshaoil a ardú maidir le dramhaíl a chosc agus a íoslaghdú trí leanúint le tograí na Comhairle. Ba cheart béim ar leith a leagan ar rannpháirtíocht na scoileanna áitiúla, eagraíochtaí pobail, theaghlaigh aonair agus gnóthaí.

Ullmhú le haghaidh Athúsáide

Cuirfidh an Chomhairle méadú chun cinn sa mhéid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 - 2021 agus an ordlathais dhramhaíola. Féadann gníomhaíochtaí athúsáide, ullmhaithe le haghaidh athúsáide agus deisithe tairbhe a dhéanamh don phobal agus don gheilleagar áitiúil. Bunriachtanas is ea athúsáid ábhar le nach mbeidh siad ina ndramhaíl.


Cuspóir BD07

Níos mó athúsáide dramhaíola a chur chun cinn de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin).


Cuspóir BD08

Bunú gníomhaíochtaí athúsáide, ullmhaithe le haghaidh athúsáide agus deisithe a spreagadh agus a chur chun cinn de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin).

Athchúrsáil

Leagtar amach sa doiciméad dar teideal ‘Deis Acmhainne - Beartas Bainistithe Dramhaíola in Éirinn’ na bearta ina ndéanfaidh Éire tuilleadh dul chun cinn i dtreo bheith ina sochaí athchúrsála. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Éirinn le déanaí maidir lena cuid feidhmíocht athchúrsála rud ar comhartha é ar deireadh den fheasacht atá ag fás i measc an phobail. Réimse amháin a aithnítear gur gá suntas a thabhairt dó is ea réimse na dramhaíola orgánaí. Measann An Ghníomhaireacht Chaomhnú Comhshaoil gur féidir méid suntasach den dramhaíl orgánach a scaradh ó bhoscaí bruscair thí. D'fhéadfaí an bruscar seo a athchúrsáil ina n-earraí mar mhúirín agus a tharrtháil trí theicneolaíocht fuinnimh a úsáid amhail díleá anaeróbach.

Tá dhá ionad athchúrsála á bhfeidhmiú i bhFine Gall, ceann amháin ag Bóthar an Inbhir i Sord agus ceann ag Cúil Mhín i mBaile Bhlainséir. Glacann na hionaid seo le dramhaíl tí amháin agus i measc na nithe a nglactar leo saor in aisce cuimsítear páipéar, buidéil gloine/ crúscaí, cadhnraí gluaisteáin agus tí agus Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL). Tá roinnt ionad fág anseo ar fud an Chontae, a dhéanann freastal ar bhuidéil, channaí agus theicstílí. Leanfaidh Fine Gall ag spreagadh feasachta agus méadú maidir leis an méid dramhaíola a athúsáidtear agus a athchúrsáiltear d'fhonn cuspóirí an ordlathais dhramhaíola a shásamh.

 

Cuspóir BD09

Níos mó athúsáide dramhaíola a chur chun cinn de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin).


Cuspóir BD10

Leanúint den mhúiríniú tí a chur chun cinn agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcumas mhúirnithe i gceantair tuaithe.


Cuspóir BD11

Forbairt ionaid mhúirnithe le haghaidh dramhaíl sholadach orgánach a chur chun cinn (díleáiteoir) ag suíomhanna oiriúnacha laistigh den Chontae faoi réir thaitneamhachtaí na timpeallachta a chosaint.


Cuspóir BD12

Forbairtí a chur chun cinn chun dramhaíl bia a bhainistiú de réir riachtanais na Rialachán Bainistíochta Dramhaíola (Dramhaíl Bia).


Cuspóir BD13

Iarracht a dhéanamh láithreáin oiriúnacha a aithint le haghaidh ionaid fhág anseo chun a chinntiú go bhfuil ar chumas na lonnaíochta forbraíochta áiseanna mar seo a rochtain thar thréimhse an Phlean, faoi réir maoiniú agus acmhainní bheith ar fáil.

Tarrtháil

Tá gás á bhailiú ag líonta talún Bhaile Amhlaoibh agus Dhún Sinche agus úsáidtear é chun leictreachas a ghiniúint a chuirtear isteach sa ghreille náisiúnta. Nuair a bheidh Tionscnamh Dramhaíl go dtí Fuinneamh Bhaile Átha Cliath ag an bPoll Beag feidhmeach faoi dheireadh 2017, beidh an acmhainn ann fuinneamh a ghiniúint ó suas le 600,000 tona dramhaíola sa bhliain a rachadh sa líonadh talún murach sin agus déanfaidh leictreachas a ghiniúint do suas le 80,000 teach gach bliain. Tá foráil á déanamh freisin chun téamh ceantair a éascú le haghaidh 50,000 teach eile. Meastar go ndéanfadh gach tonna dramhaíola a chóireáltar ag an ionad a oiread fuinnimh is a sholáthródh bairille ola 200 lítear. Maidir le bainistíocht dramhaíola sloda, moltar sa Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnach go ndéanann na húdaráis áitiúla teagmháil le hUisce Éireann maidir le huisce agus fuíolluisce sloda agus le geallsealbhóirí ábhartha eile chun a chinntiú go ndéantar bainistiú ar shlodaí ar bhealach sábháilte.


Cuspóir BD14

Tarrtháil (lena n-áirítear tarrtháil fuinnimh) ó dhramhaíl a chur chun cinn de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin).


Cuspóir BD15

An Plean Bainistíochta Sloda a chur i bhfeidhm don Chontae agus uasdhátú a dhéanamh ar an bplean mar a éilítear.

Oibriú i gcomhar le hUisce Éireann agus geallsealbhóirí ábhartha eile chun a chinntiú go ndéantar áiseanna le haghaidh bhainistiú shábháilte agus inbhuanaithe shlodaí a sholáthar (séaracht, oibreacha uisce, dabhcha séarachais agus tionsclaíoch) a tháirgtear laistigh den Chontae tar éis aird a thabhairt ar Phlean Bainistíochta Sloda Fhine Gall agus an reachtaíocht chomhshaoil ábhartha.

 

Diúscairt

Le blianta beaga anuas táthar ag bogadh ó dhiúscairt dhramhaíola sa líonadh talún. I bhFine Gall, ní ghlactar le dramhaíl ag líonadh talún Bhaile Amhlaoibh agus glactar le hithir le haghaidh cuspóirí athchóirithe/ barrchaidhpeála. Tá líonadh talún Dhún Sinche dúnta ó dheireadh na nóchaidí.


Cuspóir BD16

A chinntiú go ndéantar athchóiriú iomlán ar láithreán líonta Bhaile Amhlaoibh agus an láithreán sin chomh maith le hiar-láithreán líonta Dhún Sinche a fhorbairt ina dtaitneamhachtaí le haghaidh áineasa agus chaomhnú an dúlra. A thabhairt faoin bpróiseas seo i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha uile agus ceanglais reachtaíochta agus rialúcháin uile a chomhlíonadh.


Cuspóir BD17

Cuspóirí an Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015 -2021 (nó aon phlean ina dhiaidh sin) a spreagadh agus a chur chun cinn maidir le hathchóiriú na líonta talún stairiúla dúnta agus tosaíocht á tabhairt do na láithreáin sin lena mbaineann an baol is mó don timpeallacht agus do shláinte an duine. Déanfar íogaireacht an chomhshaoil a chur san áireamh i gcás aon fhorbairt ar thailte ar a bhfuil líonta talún stairiúla dúnta agus leanfar an cód cleachtais náisiúnta maidir le measúnú agus athchóiriú láithreán mar seo. D'fhéadfaí go n-áireofar leis seo údarás cuí a fháil ón GCC d'fhonn an t-athchóiriú molta a rialú.

Dramhaíl Tógála agus Scartála

Deir Plean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir-Lár Tíre 2015-2021 gurb é an dramhaíl uile a eascraíonn as gníomhaíochtaí Tógála agus Scartála atá sa Dramhaíl Tógála agus Scartála (T&S) lena n-áirítear ithir tochailte as láithreáin éillithe. Bailíonn bailitheoirí údaraithe an cineál dramhaíola seo de ghnáth agus déantar bainistiú ar tharrtháil na dramhaíola trína chur in úsáidí talún éagsúla amhail aislíonadh. Meastar go bhfuil na láithreáin a roghnaítear le haghaidh aislíonta ina dtalamh talmhaíochta imeallach ach d'fhéadfaí go n-áirítear leo seo bogaigh agus na gnáthóga a bhaineann leo. Aithnítear sa Phlean Bainistíochta Dramhaíola Réigiúnaí gurb é sil-leagan seachas feabhsú an bunghníomh atá ag tarlú ag go leor de na láithreáin seo agus d'fhéadfadh sé seo castacht a chruthú do ghnáthóga. Nuair a chuirtear an bogadh ó líonadh talún san áireamh freisin, ar asraon suntasach dramhaíola T&S é, beidh gá le roghanna eile tarrthála chun dramhaíl T&S a éascú sna blianta amach anseo.

 

Sna Rialúcháin (Treoir Dramhaíola) AE 2011, leagtar amach sprioc 70% le haghaidh athúsáid, athchúrsáil agus tarrtháil dhramhaíl T&S de dhéantús an duine in Éirinn faoi 2020.


Cuspóir BD18

A chinntiú go gcloíonn pleananna bainistíochta dramhaíola don tógáil agus scartáil leis na spriocanna ábhartha athchúrsála/ tarrthála don chineál dramhaíola seo de réir reachtaíocht náisiúnta agus bheartas bainistíochta dramhaíola réigiúnach.


Cuspóir BD19

Tuilemhánna agus bithéagsúlacht a chosaint nuair atá dramhaíl tógála agus scartála á tarrtháil trí mhíntíriúchán talún.

Dramhaíl Ghuaiseach

Táirgeann gach réimse den phobal dramhaíl ghuaiseach agus den chuid is mó is iad oibreoirí údaraithe a dhéanann bainistiú uirthi. Tá leagan leasaithe den Phlean Náisiúnta um Bainistiú Dramhaíola Guaisí 2014-2020 curtha ar fáil ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Cuirtear san áireamh ann an dul chun cinn atá déanta ón bplean roimhe seo agus na hathruithe atá tarlaithe maidir le beartas dramhaíola agus reachtaíocht.


Cuspóir BD20

Forálacha an Phlean Náisiúnta um Bainistiú Dramhaíola Guaisí 2014-2020 a chur i bhfeidhm laistigh de shaolré an phlean forbartha.


Cuspóir BD21

Feasacht phoiblí a chur chun cinn maidir leis an gcontúirt a bhaineann le diúscairt mhíchuí de dhramhaíl ghuaiseach.


Cuspóir BD22

Úsáid teicneolaíocht ghlan agus íoslaghdú ar an táirgeacht dramhaíola guaisí a chur chun cinn san earnáil tionsclaíochta, lena n-áirítear Fiontar Beag agus Meanmhéide (FBManna)


Cuspóir BD23

Leanúint ag cur áiseanna ar fáil ag na hIonaid Athchúrsála Dramhaíola le haghaidh dramhaíl ghuaiseach a dhiúscairt mar shampla cadhnraí, dramh-ola agus dramh-phéint.

 

Bruscar

Is fadhb comhshaoil í an bruscar a chuireann isteach go mór ar chuma na gceantar uirbeach agus tuaithe. Aithníonn an Chomhairle an tábhacht a bhaineann le ceantair uirbeacha agus tuaithe a chosaint ó dhumpáil agus fógraíocht fhánach agus an timpeallacht a choimeád saor ó bhruscar. Cosúil le húdaráis eile, tá dualgas ar an gContae Plean Bainistíochta Bruscair a ullmhú don cheantar. Ullmhófar Plean Bainistíochta Bruscair nua le haghaidh na tréimhse 2016-2018. Leagfar amach sa Phlean seo cuspóirí ar mhaithe le feasacht phoiblí a ardú agus bruscar a chosc agus a rialú.


Cuspóir BD24

Cuspóirí an Phlean Bainistíochta Bruscair a ghlacfar a chur i bhfeidhm.


Cuspóir BD25

Iarracht a dhéanamh teagmháil éifeachtach a dhéanamh leis na pobail áitiúla i bhFine Gall maidir le hathchúrsáil dramhaíola agus dul i ngleic leis na ceisteanna a bhaineann le dumpáil mhídhleathach laistigh den Chontae.


Cuspóir BD26

Leanúint de chur chuige comhpháirtíoch na Comhairle le Comhlachais na mBailte Slachtmhara, grúpaí pobail, eagraíochtaí feirmeoireachta, ceardchumainn, an pobal gnó, comhlachais turasóireachta agus na Gardaí chun tograí frith-bhruscair a spreagadh agus a chothú sa Chontae.

7.6 Aer, Solas agus Torann

Cúlra

Féadann fadhbanna maidir le droch-chaighdeán aeir, truailliú solais agus truailliú torainn i gceantar tuaithe agus sa timpeallacht tuaithe fadhbanna móra comhshaoil a chruthú agus a chur isteach go mór ar shláinte shaoránaigh an Chontae. Aithnítear gur gá ardchaighdeáin aeir a chinntiú, chomh maith lena chinntiú go gcoimeádtar an truailliú torainn agus an truailliú solais ag leibhéil inghlactha. Tugtar aghaidh ar chaighdeán aeir, truailliú solais agus truailliú torainn go príomha sa reachtaíocht a bhaineann le gach ceann dóibh.

Ráiteas Beartais

  • Aird a thabhairt ar bheartas an Aontais Eorpaigh, Náisiúnta agus Réigiúnach sna hábhair uile a bhaineann le caighdeán an aeir, truailliú solais agus truailliú torainn agus nuair is cuí céimeanna a thógáil chun iarmhairtí truailliú aeir, torainn agus solais a laghdú ar chaighdeán an chomhshaoil agus ar na taitneamhachtaí cónaitheach mórthimpeall.​

Cuspóir CA01

Forálacha reachtaíocht an AE agus reachtaíocht Náisiúnta maidir le ceanglais reachtaíochta aeir, solais agus torainn agus eile a chur i bhfeidhm, mar is cuí agus i gcomhar leis na geallsealbhóirí ábhartha eile.

Caighdeán an Aeir

Thar na blianta tá meath ag teacht ar chaighdeán an aeir a análaimid, de bharr gníomhaíochtaí an duine.

Tugann na ceithre údarás i Réigiún Bhaile Átha Cliath faoi mhonatóireacht ar chaighdeán an aeir chomhthimpeallaigh faoi threoir an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC). Déanann an GCC bainistiú ar an líonra monatóireachta náisiúnta ar chaighdeán an aeir. Na truailleáin is mó díobhála is ea na cinn a eascraíonn as brú tráchta lena n-áirítear Ábhar Cáithníneach agus Dé-ocsaíd Nitrigine.

Ghlac an Chomhairle lePlean Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i mBaile Átha Cliath2009-2012 (le hathbhreithniú in 2015) agus tugtar aird ar an bPlean Bainistithe seo i gcomhar le reachtaíocht ábhartha eile nuair atá iarratais phleanála á meas.

Tugann an Chomhairle tacaíocht don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as agus tabharfar aird ar Chreat-Treoir maidir le Measúnú agus Bainistiú an Chaighdeáin Aeir agus an Treoir Bheartas Ghinearálta (Pleanáil agus Forbairt) d'Údaráis Áitiúla 1988 (nó de réir mar a leasaítear ó am go ham í) a d'eisigh an t-Aire Comhshaoil maidir le caighdeáin an aeir go náisiúnta.


Cuspóir CA02

Moltaí an Phlean Bainistithe do Chaighdeán an Aeir i mBaile Átha Cliath(nó aon phlean ina dhiaidh sin) agus aon doiciméad beartais agus reachtaíocht ábhartha eile chun caighdeán an aeir maith a chaomhnú nuair atá sé ann cheana nó chun caighdeán an aeir a fheabhsú nuair nach bhfuil sé sásúil.

Truailliú Solais

Cé gur riachtanas é soilsiú leordhóthanach bheith ann le haghaidh timpeallacht shábháilte agus shlán, aithnítear de réir a chéile gur féidir leis an doirteadh solais ó shoilsiú iomarcach nó drochdhearadh a chur isteach ar fhoirgnimh mórthimpeall agus bheith ina bhagairt don fhiadhúlra. Féadann "truailliú solais" mar a thugtar air bheith mar thoradh ar dhian-shoilsiú. Solas a chuirtear amú is ea truailliú solais go bunúsach. Cuireann an truailliú aeir isteach ar Fhine Gall ar Contae tuaithe é den chuid is mó é ó bhreo na spéire a mbíonn tionchar aige ar shuaimhneas na tuaithe. Féadann truailliú solais drochthionchar a imirt ar an mbithéagsúlacht trí chur isteach ar ghnáth-threochtaí laethúla na bplandaí agus na n-ainmhithe.

Féadann an fhadhb seo cur isteach ar cheantair tuaithe agus uirbeacha ar an mbealach céanna. Féadann colúin shoilsithe agus daingneáin eile tionchar suntasach a imirt ar chuma foirgneamh agus ar an timpeallacht. Nuair a bhíonn gá le cead pleanála i gcomhair tograí soilsiú nua, cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh dearadh cúramach agus íogair orthu. Ba cheart go gcuirfidh daingneáin soilsiú an méid solais ar fáil a bhfuil gá leis don bheart ar leith agus go mbeadh scáth ar an solas a chuirtear amach chun dallrú nó solas a ligtear amach thar phlána cothrománach a sheachaint. Ba cheart do thograí forbartha a bhfuil soilsiú seachtrach mar chuid dóibh a chinntiú go bhfuil an scéim shoilsiú mholta ar íosmhéid an cheanglais mar gheall ar shábháilteacht agus shláinte phoiblí níl aon doirteadh solais thar an gcothromán, níl aon drochthionchar doghlactha ar fhoirgnimh in aice láimhe nó béal dorais ná ar an tuath mórthimpeall, níl aon dallrú nó cur isteach ar úsáideoirí bóthair lena n-áirítear rothaithe, eachaithe agus coisithe; agus go dtagann soilsiú bóthair agus cosáin le caighdeán na Comhairle.

Maidir leis na tailte atá mar chuid de na Pleananna Limistéir Áitiúil (PLAanna) agus na Máistirphleananna nó i gcás na bhforbairtí cuimsitheacha atá ar bun ar chonair talún níos mó tá sé tábhachtach ordlathas de dhéine na soilsithe a bhunú chun a chinntiú go ndéantar na hiarmhairtí comhshaoil a íoslaghdú a oiread agus is féidir. Lena leithéidí d'ordlathais á mbunú cinnteofar nach gcuirfear isteach ar cheantair a bhfuil beagán solais nó gan aon solas iontu ó thaobh carachtair agus trédhearcachta tar éis thitim na hoíche. Beidh rath dhearadh an tsoilsithe ag brath go mór ar chothromaíocht a aimsiú idir gile agus dorchadas sna ceantair éagsúla de na tailte ábhartha agus na ceantair thart orthu.

Féadfar an cur chuige seo a bhunú de réir déine oiriúnach an tsolais a mheas le haghaidh leithéidí tailte agus ba cheart machnamh a dhéanamh ar 'Chriosanna Comhshaoil' a ainmniú (mar a leagtar amach i bhfoilsiúchán Institiúid na nInnealtóirí Soilsithe, Guidance Notes for the Reduction of Light Pollution a foilsíodh sa RA). Is iad seo a leanas na hainmnithe;





Crios

Mórthimpeall

Timpeallacht Soilsiú

Samplaí

E1

Nádúrtha

Dorcha go bunúsach

Páirceanna Nádúrtha

E2

An Tuath

Gile Ceantair Íseal

Tuath, sráidbhaile beag, suíomhanna uirbeacha cuíosach dorcha

E3

Bruachbhailteach

Gile Ceantair Meánach

Láir bhailte beaga nó Suíomhanna uirbeacha

E4

Uirbeach

Gile Ceantair Ard

Láir bhailte/ chathracha a bhfuil leibhéil arda de ghníomhaíocht oíche iontu


Cuspóir TS01

A éileamh go ndéanfaidh dearadh na scéimeanna soilsithe an méid doirteadh solais nó truailliú solais sa cheantar mórthimpeall a íoslaghdú. Cinnteofar sna scéimeanna nua nach bhfuil aon drochthionchar doghlactha ar fhoirgnimh chónaitheach béal dorais nó i bhfoisceacht; ar thaitneamhacht amhairc agus ar bhithéagsúlacht sna ceantair mórthimpeall orthu.


Cuspóir TS02

Ordlathas de dhéine na soilsithe a bhunú ar na tailte atá mar chuid de na Pleananna Limistéir Áitiúil (PLAanna) agus na Máistirphleananna nó i gcás na bhforbairtí cuimsitheacha atá ar bun ar chonair talún níos mó tá sé tábhachtach ordlathas de dhéine na soilsithe a bhunú chun a chinntiú go ndéantar na hiarmhairtí comhshaoil a íoslaghdú a oiread agus is féidir de réir ainmniú na gCriosanna Comhshaoil.

Truailliú Torainn

D'ullmhaigh Comhairle Contae Fhine Gall i gcomhar leis na húdaráis áitiúla eile de chuid Bhaile Átha CliathAn Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath2013-2018, de réir na ceanglais sna Rialacháin um Thorann Comhshaoil, 2006 I.R uimh. 140 de 2006 a thugann éifeacht do Threoir 2002/49/CE an AE a bhaineann le measúnú torainn. Is é príomhfheidhm an Phlean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn seo ná drochthionchair, lena n-áirítear leibhéal bearráin de thoradh nochtadh fadtéarmach na torann thimpeallachta, a sheachaint, a chosc agus a laghdú nuair is gá ar bhonn tosaíochta.

D'fhéadfaí torainn a shainmhíniú mar 'fuaim iomarcach' nó 'fuaim atá ard, míthaitneamhach nó gan choinne' agus ar féidir leis ar deireadh cur isteach ar shláinte, nó dochar nó damáiste a dhéanamh di.

Is iad modhanna iompair aeir agus bóthair na foinsí torainn is tréine sa Chontae, féadann modhanna eile torainn mar thorann ríogach nó tonúil bheith ina núis níos mó. Féadann an córas pleanála cuidiú le drochthionchair truailliú torainn a íoslaghdú trí choinníollacha pleanála a úsáid nó trí fhorbairt a threorú le go mbeidh foinsí suntasacha torainn suite amach ó shuíomhanna torann íogair i dtreo ceantair nach mbeidh tábhacht chomh mór sin ag baint leis an torann. Agus iarratais le haghaidh forbairtí nua nó le haghaidh úsáidí lena gcuirfí is dócha leis an méid torainn agus go gcruthófaí méid doghlactha clampair á meas, déanfaidh an Chomhairle iarracht torann a theorannú agus a íoslaghdú. Is cúis imní ar leith é seo sna ceantair uirbeacha áit a mbíonn tionchar suntasach ag gníomhaíochtaí oíche amhail tithe tábhairne, clubanna agus bialanna agus úsáidí laethúla amhail monarchana ar an taitneamhacht chónaitheach. Anuas air sin leanfaidh an Chomhairle ag cur treochtaí oiriúnacha úsáid talún chun cinn i bhfoisceacht an aerfoirt agus ruthaig eitilte agus déanfaidh a seacht ndícheall faoi mar is cuí forbairtí tithíochta a laghdú chun torann iomarcach a nochtar do na cónaitheoirí a theorannú. Déanann gnéithe dearaidh amhail tógáil/ treoshuíomh aghaidhe, úsáid seomra, tógáil fuinneoige, úsáid ghaothaire aeir ghníomhacha agus éighníomhacha agus bearta maolaithe torainn ar imeall láithreáin an nochtadh do thorann a íoslaghdú.


Cuspóir TT01

Na moltaí ábhartha maidir le pleanáil spásúil agus gníomhaíochtaí An Plean Gníomhaíochta in aghaidh Torainn do Cheirtleán Bhaile Átha Cliath2013-2018 (nó aon phlean ina dhiaidh sin) a chur i bhfeidhm, ag obair i gcomhar leis na gníomhaireachtaí reachtaíochta ábhartha.


Cuspóir TT02

Leanúint ag cur i bhfeidhm treochtaí úsáid talún oiriúnach i bhfoisceacht Aerfort Bhaile Átha Cliath chun líon na gcónaitheoirí a bhfuil thíos le torann neamh-inmhianaithe á nochtar do chónaitheoirí a íoslaghdú.


Cuspóir TT03

A éileamh go ndeartar agus go bhfeidhmítear na forbairtí uile ar bhealach ina ndéanfar leibhéil torainn a íoslaghdú agus a theorannú.


Cuspóir TT04

A chinntiú go ndeartar agus go dtógtar forbairtí sa todhchaí le go laghdaítear an clampar torainn agus go dtugtar aird ar úsáidí il-fheidhme sráideanna lena n-áirítear gluaiseacht agus fóillíoch sa Lámhleabhar Dearaidh Uirbigh (2009) agus sa Lámhleabhar Deartha do Bhóithre agus Sráideanna Uirbeacha(2013)


Cuspóir TT05

A chinntiú go gcloíonn forbairt le spriocanna dearaidh an TII maidir le torann tráchta bóthair a nochtar do ghabhdóirí íogair nó mar a leasaítear aon treoirlíne ina dhiaidh sin a fhoilsíonn Bonneagar Iompair Éireann.

Clár ábhair

Baile