Caibidil 2: Príomhstraitéis agus Straitéis Lonnaíochta
2.1 Comhthéacs Reachtúil
Leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt(Leasú) 2010 tugadh isteach ceangaltas maidir le 'Príomhstraitéis' bunaithe ar fhianaise le bheith i bPleananna Forbartha Contae.Is é príomhchuspóir na bpríomhstraitéisí ná chun a chinntiú go n-aimseoidh agus go gcoinneoidh údaráis áitiúla achar oiriúnach talún sna láithreacha cearta le go mbainfear spriocanna tithíochta agus daonra amach. Déanfar seo trí straitéis chainníochtúil mheántéarmach go fadtéarmach a chur i bhfeidhm, ar mhaithe le forbairt spásúil i réimse an údaráis phleanála atá comhsheasmhach le cuspóirí beartais náisiúnta agus réigiúnacha a leagtar amach sa Straitéis Náisiúnta Spásúil (SNS) agus sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (TPRanna).
Faoin Acht, díríonn Príomhstraitéis ar:
- Ordlathas lonnaíochta don Chontae atá comhsheasmhach leis an SNS agus na TPRanna a shainmhíniú .
- Na spriocanna tithíochta agus daonra forordaithe a leagadh amach ag leibhéal an Chontae a mhalartú i bhfabhar ionaid tuaithe agus uirbeacha a aithnítear san ordlathas lonnaíochta.
- Réasúnaíocht atá bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil maidir leis an talamh a bheartaítear a chriosú le haghaidh forbartha cónaithe agus úsáide measctha ag tabhairt aird ar acmhainn na talún atá criosaithe cheana agus ar chéimniú na forbartha agus a chur san áireamh áit a bhfuil córas iompair phoiblí agus seirbhísí lonnaithe.
- A léiriú mar ar a thugann an tÚdarás Pleanála aird ar na Treoirlínte Pleanála Miondíola reachtúla agus spriocanna a leagan amach maidir le forbairt miondíola (féach Caibidil 6: Forbairt Eacnamaíoch).
Cé nach bhfuil ceangaltas sainráite san Acht maidir le heolas faoi úsáidí talún eile amhail criosanna fostaíochta agus tráchtála bheith sna príomhstraitéisí, molann an Treoirnóta ar Phríomhstraitéisí, RCORA(2010) go dtugann údaráis phleanála faoi leibhéal anailís cuí chun a chinntiú go ndéantar a dhóthain tailte a chriosú ar láithreacha oiriúnacha, agus aird a thabhairt ar bheartais phleanála ardleibhéil agus ar an mbonneagar fisiciúil riachtanach .
2.2 Comhsheasmhacht leis an Straitéis Náisiúnta Spásúil
Áirítear na Pleananna Forbartha in ordlathas de phleananna spásúil náisiúnta agus réigiúnacha. Ag barr an ordlathais seo tá an Straitéis Náisiúnta Spásúil. Tá sé mar aidhm cothromaíocht níos fearr a bhaint amach ó thaobh fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus fhisiciúil agus fháis daonra trasna na tíre. I mBaile Átha Cliath, is é a rogha ná comhdhlúthú fisiciúil ar Cheantar na Cathrach mar cheanglas fíor-riachtanach le go mbeidh réigiún na cathrach iomaíoch. Tá sé mar aidhm freisin go mbeidh Baile Átha Cliath ina hinneall don gheilleagar náisiúnta agus go neartóidh sí tarraingt na gceantar eile, ag cur daoine, deiseanna fostaíochta agus seirbhísí níos gaire le chéile chun caighdeán maireachtála níos airde a chruthú. Cuideoidh sé seo le brú tráchta a sheachaint, ní bheidh gá le cianchomaitéireacht, tiocfaidh feabhas ar an timpeallacht, agus beidh fáil níos forleithne ar sheirbhísí sláinte, oideachais agus fóillíochta. Is é is dóichí go ndéanfaidh an Rialtas achoimre ar an Straitéis Náisiúnta Spásúil taobh istigh de dhá bhliain eile, i gcomhthráth le hullmhú Phlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023. Go dtí go mbeidh Straitéis nua ann, áfach, glacfar sa Phlean Forbartha leis an gcomhairle beartais atá sa SNS reatha.
2.3 Comhsheasmhacht leis na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010-2022
Cuireadh an Straitéis Náisiúnta Spásúil i bhfeidhm i Réigiúin Bhaile Átha Cliath agus an Lár-oirthir leis na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010-2022. Is iad na Treoirlínte seo is mó a théann i bhfeidhm ar bheartas réigiúnach maidir le hullmhúcháin an Phlean Forbartha. Tar éis achtachán an Achta um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014, tháinig trí Thionól Réigiúnach nua in éifeacht i mí Eanáir 2015, a ghabhann ionad na nÚdarás Réigiúnach roimhe seo. Tá Fine Gall ina ball anois de Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre anois ina bhfuil contaetha Laighean seachas Ceatharlach, Cill Chainnigh agus Loch Garman. Cuirfidh an Tionól nua Straitéis Spásúil agus Eacnamaíoch Réigiúnach a ar fáil a ghabhfaidh, nuair a ghlactar leis, in ionad na TPRanna reatha. Cuirfear an straitéis nua ar fáil taobh istigh den tréimhse ullmhúcháin dhá bhliain le haghaidh Plean Forbartha Fhine Gall 2017-2023, agus beidh an Plean nua, a oiread agus is féidir taobh istigh den chreat ama, comhsheasmhach le haon athrú beartais a tharlaíonn. Má tharlaíonn sé go bhfoilsítear an Straitéis Spásúil agus Eacnamaíoch Réigiúnach tar éis ghlacadh le Plean Forbartha Fhine Gall, féadfaidh proiseas foirmeálta athraithe a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbeidh sé comhsheasmhach le haon sprioc nó cuspóir athbhreithnithe sa Straitéis Réigiúnach.
Go dtí go mbeidh Straitéisí Réigiúnacha nua ullmhaithe, leanfar le hullmhúcháin an Phlean Forbartha faoi stiúir na TPRanna. Tá sé mar aidhm ag na Treoirlínte seo beartais a chur i gcrích ina ndéantar comhtháthú ar úsáid talún, an córas iompair, fás eacnamaíoch agus infheistíocht - uisce, leathanbhanda, agus fuinneamh ionas go mbeidh Mórcheantar Bhaile Átha Cliath (MCBÁC) ina áit ardchaighdeáin inbhuanaithe do ghnónna, chónaitheoirí agus chuairteoirí. Saineofar sna TPRanna an t-ordlathas lonnaíochta agus mar a aithneofar ceantair fáis laistigh de MCBÁC. Sanntar spriocanna tithíochta do gach contae bunaithe ar réamh-mheastacháin daonra go dtí 2022. Tá sé d'oibleagáid ar Phlean Forbartha Fhine Gall bheith comhsheasmhach leis na spriocanna seo agus léirítear sa phríomhstraitéis seo conas agus cén áit a bhfuil a dhóthain talamh chriosach ann leis na spriocanna seo a bhaint amach.
Is ar Daonáireamh 2006 atá spriocanna reatha na TPRanna bunaithe agus, mar sin, tá siad as dáta. Léiríonn siad, áfach, cé nach “…..bhfuil sé leagtha amach ná nach bhfuiltear ag súil le críochnú suntasach tithíochta,sa ghearrthéarma” agus nach bhféadfaidh na spriocanna daonra “…a bhaint amach sa ghearrthéarma”, tá sé tábhachtach go “mbeidh Comhairlí i gcaoi mhaith le haghaidh téarnaimh gheilleagraigh agus go ndéanfar socruithe leordhóthanacha, fiú i gcás glactha mall” [aistriúchán neamhoifigiúil].
2.4 Straitéis Lonnaíochta na dTreoirlínte Náisiúnta Réigiúnaí
Leagtar amach an chreatlach uileghabhálach le haghaidh straitéis lonnaíochta Fhine Gall sna TPRanna agus tá an chreatlach bunaithe ar phríomhcheantair fáis a aithint laistigh de cheantair na Cathrach agus na Cúltíre de MCBÁC (féach Figiúr 2.3 Léarscáil Príomhstraitéis). Is é cuspóir shonraithe straitéis lonnaíochta na TPRanna ceantair uirbeacha timpeall Thairseach Bhaile Átha Cliath a chomhdhlúthú agus go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as infheistíocht sa bhonneagar trí bheartais pleanála úsáid talún a chomhtháthú. Aithnítear sna TPRanna go bhfuil ceantar mór cathrach agus chúltír láidir tuaithe laistigh d'Fhine Gall agus go gcuirfidh bealaí nua iompair phoiblí deiseanna nua ar fáil le go neartófaí an comhtháthú ar chóras iompair phoiblí ardchaighdeáin ardachmhainn agus fás tithíochta.
Maidir leis an méid sin, amach anseo, an t-aon bhealach ba chóir leathnú a dhéanamh ar an lorg tógála atá ann cheana sa cheantar cathrach ná dá dtarlódh sé in éineacht le forbairt phleanáilte, tiomanta do thograí iompair phoiblí bunaithe ar iarnród trom nó éadrom. Tacóidh sé seo le cur i bhfeidhm Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath de chuid UNI agus chun buntáiste na hinfheistíochta forleithne atá ar bun sa chóras iompair phoiblí i gceantar Bhaile Átha Cliath faoi láthair a uasmhéadú. Moltar sna TPRanna go mbeadh tromlach na tithíochta i bhFine Gall amach anseo laistigh de limistéir ghabhála an bhonneagair iompair straitéiseach seo, agus go mbeadh céimniú i gceist leis na bailte lasmuigh de na bealaí seo chun leibhéil níos ísle fáis a choimeád ag teacht le fás nádúrtha an phobail. Freisin, caithfidh aon leathnú a chloí le Pleananna Limistéir Áitiúil céimnithe, ardchaighdeán, comhtháite a dhéantar a mheas go cúramach nó laistigh de Chrios Forbartha Straitéisí ina thugtar tithe nua agus córas iompair phoiblí agus seirbhísí eile i gcrích ag an am céanna.
Áirítear sa cheantar Cúltíre réimse leathan de ionaid uirbeacha idir bhailte móra bríomhara agus bhailte beaga dúiche. Áirítear leis ceantar mór de thalamh thalmhaíochta agus nádúrtha chomh maith le pobail tuaithe ghníomhacha a bhfuil áiseanna ar fáil iontu. Aithnítear luach na gceantar seo sna TPRanna agus tugtar le fios gur chóir iad a bhainistiú go cúramach chun a chinntiú go ndéantar a bpríomhúsáid a chosaint ó chúngú, scoilteadh agus fhorbairt faoin tionchar uirbeach. Moltar talamh creasa ghlais oiriúnaigh a aithint leis an méid seo agus is cur chuige beartais é seo atá curtha i bhfeidhm ina iomláine sa Phlean seo.
Aithnítear in Ordlathas Lonnaíochta an TPR ordlathas de chineálacha lonnaíochtaí laistigh de Cheantar Cathrach agus Cheantair Chúltíre gach contae agus an beartas oiriúnach maidir le fás iontu (Féach Tábla 2.1 thíos). Tugtar sainmhíniú ar bhailte beaga agus shráidbhailte ag leibhéal an chontae sa Phlean Forbartha (féach Alt 2.7, Straitéis Lonnaíochta).
Tábla 2.1 Ordlathas Lonnaíochta na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí do MCBÁC
Hierarchy |
Description |
Locations |
---|---|---|
Príomh-Thairseach |
Príomhréimse Ghnó Idirnáisiúnta agus daonra ard-dlúis, miondíola & imeachtaí cultúrtha. |
Lár Bhaile Átha Cliatha & bruachbhailte thart uirthi |
Bailte Cathrach Comhdhlúthaithe |
Ceantair láidre ghníomhacha uirbeacha laistigh den cheantar cathrach a bhfuil nascanna láidre iompair acu. |
Sord, Baile Bhlainséir, Leamhcán, Cluain Dolcáin, Tamhlacht, Dún Droma, Dún Laoghaire, Bré |
Bailte Móra Fáis I |
Príomhsprioc, bailte gníomhacha eacnamaíocha a thacaíonn leis na ceantair mháguaird, lonnaithe ar Bhealach Ilchóracha Iompair i gCúltír Cathrach. |
An Uaimh, An Nás, Cill Mhantáin, Droichead Átha. |
Bailte Móra Fáis II |
Níos lú ó thaobh scála de ach ar bailte gníomhacha láidre fáis iad, bríomhar go heacnamaíoch agus nascanna iompair ardchaighdeáin acu go bailte/ cathracha móra. |
An Droichead Nua, Na Clocha Liatha, An tInbhear Mór, Coill na Silíní, Baile Brigín, Dún Búinne, Maigh Nuad, Léim an Bhradáin. |
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe |
(i) I gceantar Cathrach, ar imeall láidir na n-ionad seirbhísí dúiche den cheantar cathrach, nascanna ardchaighdeáin agus dlús méadaithe ag nóid na gconar iompair phoiblí (ii) I gceantair Chúltíre,10 ciliméadar ó bhaile mór ar chonair iompair phoiblí, freastalaíonn ar an gcúltír tuaithe mar bhaile margaidh |
Domhnach Bat, Cill Droichead, Lusca, An Ros, Cill Dhéagláin, Dún Seachlainn, Ceanannas, Baile Átha Troim, Cill Dara, Mainistir Eimhín, Cill Chuilinn, Cill Choca, Baile Coimín, Baile Átha Í, Baile an Chinnéidigh. |
Bailte Beaga |
Nascanna maithe bus nó iarnróid; 10 ciliméadar ó bhailte fáis mhóra. |
Le sainiú ag Pleananna Forbartha. |
Sráidbhailte |
Le sainiú ag Pleananna Forbartha. |
Figiúr 2.1 Straitéis Lonnaíochta do MCBÁC 2010-2022
2.5 Spriocanna Tithíochta agus Daonra
Daonra
Aistrítear sna TPRanna na spriocanna daonra náisiúnta agus réigiúnacha atá leagtha amach ag an SNS chuig leibhéal contae. Caithfidh Pleananna Forbartha bheith comhsheasmhach leis na spriocanna seo cé go dtugtar faoi deara go bhféadfaidh nach mbainfear amach iad taobh istigh den tréimhse ama a cheadaítear. Is ar shonraí a tógadh ó Dhaonáireamh 2006 le figiúirí a tugadh suas chun dáta sa SNS agus a chuir An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, a bhí ann ag an am, ar fáil i 2009. Ní hionann spriocanna agus réamh-mheastacháin. Cuirtear san áireamh i réamh-mheastacháin POS claontaí ó thaobh ráta báis, torthúlachta agus imirce, murab ionann is spriocanna SNS/ TPR, ní chuirtear san áireamh an tionchar atá i gceist leis an mbeartas réigiúnach ar chlaontaí daonra.
Leagtar amach spriocanna TPR do Réigiún Bhaile Átha Cliath, Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus Fhine Gall sna táblaí thíos. Léiríonn Tábla 2.2 meánráta fáis bhliantúil de 1.47% atá mar sprioc do Réigiún Bhaile Átha Cliath idir 2006 agus 2022 agus 1.7% do MCBÁC. B'ionann gnáthfhás iarbhír bhliantúil ó 2006 agus 2011 agus an sprioc a leagadh amach. Tugann meastacháin daonra POS ó 2015, i Tábla 2.2, le fios go raibh moilliú san fhás bliantúil i Réigiún Bhaile Átha Cliath ó 2011 go 0.63% sa bhliain agus 0.95% sa bhliain sa Lár-Oirthear.
Tábla 2.2 Spriocanna TPR do Réigiún Bhaile Átha Cliath agus MCBÁC
Daonáireamh 2006 |
TPR 2010 |
Daonáireamh 2011 |
Réamh-Mheastacháin POS 2015[1] |
Sprioc TPR 2016 |
Sprioc TPR 2022 |
|
---|---|---|---|---|---|---|
Réigiún Bhaile Átha Cliath |
1,187,176 |
1,256,900 |
1,273,069 |
1,305,300 |
1,361,200 |
1,464,200 |
MCBÁC |
1,662,536 |
1,796,900 |
1,804,156 |
1,856,700 |
1,955,800 |
2,103,900 |
Léiríonn spriocanna daonra TPR d'Fhine Gall i Tábla 2.3 méadú 13,555 duine ar leibhéil 2011 faoi 2016 agus méadú 35,293 duine faoi 2022. Is gnáthráta fáis é seo de 1% sa bhliain idir 2011-2016 agus 1.17% sa bhliain thar na blianta 2011-2022. Léireodh leis seo ráta fáis níos tapúla ná meastachán 0.63% POS 2015 don réigiún, ach ba mhoilliú shuntasach a bheadh i gceist ar na rátaí fáis a chonacthas i bhFine Gall thar an tréimhse 2002 go 2006 agus 2006 go 2011 nuair a tháinig fás ar an gContae de bheagnach 5.55% agus 2.84% sa bhliain thar na tréimhsí sin faoi seach.
Tábla 2.3 Spriocanna Daonra agus Tithíochta Iarbhír agus TPR d'Fhine Gall
Fine Gall |
Daonáireamh 2006 |
Daonáireamh 2011 |
Sprioc TPR 2016 |
Sprioc TPR 2022 |
Sprioc TPR 2023 (meastachán) |
---|---|---|---|---|---|
Daonra |
239,992 |
273,992 |
287,547 |
309,285 |
312,908 |
Tithíocht
Tháinig ardú ar sciar Fhine Gall de sholáthar tithíochta Bhaile Átha Cliath ó 18.8% in 2006 go dtí 19.5% in 2011. Tá sé mar sprioc sna TPRanna go mbeadh sciar 19.8% ag Fine Gall de thithíocht Bhaile Átha Cliath do na blianta 2016 agus 2022 faoi seach.
Tábla 2.4 Spriocanna Daonra agus Tithíochta Iarbhír agus TPR d'Fhine Gall
Fine Gall |
Daonáireamh 2006 |
Daonáireamh 2011 |
Sprioc TPR 2016 |
Sprioc TPR 2022 |
Sprioc TPR Measta 2023 |
---|---|---|---|---|---|
Daonra |
239,992 |
273,992 |
287,547 |
309,285 |
|
Soláthar Tithíochta |
89,909 |
102,793 |
118,646 |
142,144 |
145,340 |
Daoine in aghaidh an teaghlaigh* |
2.66 |
2.66 |
2.42 |
2.17 |
- *Tabhair faoi deara na tagairtí sa phríomhthéacs, is gaire an ráta áitíochta do 2.9 do na blianta is déanaí den Daonáirimh.
Tá gá le méadú de 15,853 aonad i bhFine Gall chun spriocanna TPR 2016 a shásamh bunaithe ar leibhéal 2011 . Léirítear leis seo riachtanas bliantúil de 3,170 aonad. Idir 2011 agus 2022 díríodh ar 39,351 aonad, cothrom le 3,577 aonad sa bhliain. Le gnáthdhálaí an mhargaidh bheadh sé indéanta d'Fhine Gall an sprioc níos ísle a bhaint amach.
Figiúr 2.2: Críochnuithe Cónaithe i bhFine Gall 1994-2014
De réir coinníollacha margaidh le déanaí, áfach, léirítear i bhfigiúirí maidir le críochnú ón RCPRA 2,599 aonad críochnaithe i bhFine Gall idir an Daonáireamh in Aibreán 2011 agus Iúil 2015 (na figiúirí is déanaí maidir le críochnú atá ar fáil), ina léirítear 650 aonad sa bhliain ar an meán. Is ionann seo agus soláthar tithíochta i bhFine Gall i lár-2015 de 105,392 aonad. De réir an tsoláthair reatha tithíochta, bheadh gá le 5,700 aonad sa bhliain thar tréimhse 7 mbliana 2016 go 2023 chun spriocanna TPR a chomhlíonadh. Leagann Tábla 2.5 amach an fás tithíochta ba ghá chun na spriocanna TPR a chomhlíonadh. I ndáiríre, is sprioc do-aimsithe é seo. Léiríonn taighde a rinneadh ar son na Gníomhaireachta Tithíochta in 2014 go bhfuil gá le táirgeacht bhliantúil dec.7,500 aonad sna lonnaíochtaí uirbeacha i gceantar Bhaile Átha Cliath idir 2014-2018[2]. Dá nglacfadh Fine Gall le 20% den fhás seo, chun cloí leis an sprioc soláthair TPR, bheadh gá le 1,500 aonad críochnaithe sa bhliain.
Tábla 2.5 Líon na nAonad Nua Cónaithe i bhFine Gall a bheidh riachtanach chun spriocanna TPR a shásamh
Líon Measta na nAonad Atá Ann Cheana Iúil 2015 |
Aonaid Sprice na TPRanna 2022 |
Aonaid Sprice na TPRanna 2023 (measta) |
Sprioc Aonad Nua 2016-2023 |
Riachtanas Spás Cloiginn 2023-2026 |
Sprioc Aonad Nua 2016-2026 |
---|---|---|---|---|---|
105,392 |
142,144 |
145,340 |
39,948 |
9,588 |
49,536 |
Déileáil le hÉiginnteacht
Tá athbhreithniú á dhéanamh ar an bPlean Forbartha le linn tréimhse ina bhfuil folús ann ó thaobh sonraí daonra agus na spriocanna a ghabhann leo. Léirítear sna figiúirí is déanaí ón POS nach bhfuil an fás céanna tagtha ar dhaonra Réigiúin Bhaile Átha Cliath lena rabhthas ag súil sna TPRanna. D'fhéadfadh sé go mbeifí ag súil leis seo i bhfianaise an leibhéil eisimirce ó 2007. Tugtar le fios, áfach, sna figiúirí a leagadh amach sna hailt thosaigh go bhféadfadh gur eisceacht í Fine Gall i Réigiúin Bhaile Átha Cliath. Má chloíonn Fine Gall leis an sciar de dhaonra Bhaile Átha Cliath a bhí aici in 2011 mar sin faoi 2016 beidh sí an-ghar do spriocanna daonra na TPRanna. Dá dtiocfadh méadú ar a sciar, rud a d'fhéadfadh a tharlú i bhfianaise na déimeagrafaice óige, d'fhéadfaí go sárófar spriocanna daonra.
An dúshlán atá os comhair Fhine Gall ná an riachtanas tithíochta a bhaineann le daonra atá ag dul i méad. Murab ionann is na spriocanna daonra, tá sé an-soiléir nach ndéanfar spriocanna tithíochta na TPRanna a shásamh sa ghearrthéarma. Cé go dtugtar tosaíocht do sholáthar tithíochta, má tá an fás daonra is déanaí ag teacht go príomha le fás sa líon teaghlaigh d'fhéadfadh nach mbeadh gá láithreach leis an soláthar tithíochta a mhéadú dá réir. Tugtar barr tosaíochta i bhFine Gall chun a chinntiú go bhfuil dóthain talún criosaí ann sna háiteanna cuí chun spriocanna tithíochta a shásamh go dtí 2023 ar an gcéad dul síos, ag tabhairt faoi deara go bhféadfaidh nach gcuirfear é seo i gcrích go dtí tar éis an dáta sin. Chuige sin déanfar ceantair uirbeacha timpeall ar Thairseach Bhaile Átha Cliath a chomhdhlúthú agus bainfear an úsáid is éifeachtúla as infheistíocht sa bhonneagar trí chomhcheangal a dhéanamh le beartas pleanála talún.
Cé go bhfuil sé an-tábhachtach a chinntiú go ndéantar a dhóthain talún a chriosú, caithfidh Fine Gall a thabhairt faoi deara nach bhfuil foráil sa bheartas réigiúnach reatha d'fhás suntasach maidir le sciar an Chontae de dhaonra ná de sholáthar tithíochta Réigiúin Bhaile Átha Cliath. Is beartas comhdhlúthaithe fós, an beartas pleanála, laistigh de cheantar na cathrach agus leathnú á dhéanamh in éineacht le forbairt phleanáilte, tiomanta do thograí iompair phoiblí bunaithe ar iarnród trom nó éadrom. Go dtí go bhfoilsíonn na Tionóil Réigiúnacha Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíoch nua bheadh sé místuama d'Fhine Gall athruithe ar an mbeartas réigiúnach reatha a chur i bhfeidhm.
2.6 Acmhainn Talamh Thithíochta faoi Phlean Forbartha 2011-2017
I lár 2015 bhí timpeall 1,461 heicteár de thalamh chriosach ar fáil agus an acmhainn ann timpeall 43,041 aonad cónaithe a sholáthar (féach Tábla 2.6 thíos). Áirítear leis seo sráidbhailte agus cuimsítear leis seo an acmhainn le haghaidh forbairt inlíonadh beag inbhuanaithe. Is mó an líon seo ná an sprioc de 39,948 aonad do thréimhse an Phlean Forbartha 2017-2023. Tá sé, áfach, 6,000 aonad gann ar an sprioc TPF measta, lena n-áirítear an 50% de spás cloiginn go dtí 2026, de 49,536. Leagtar amach i dTábla 2.6 dáileadh na hacmhainne soláthair thithíochta fágtha i bhFine Gall maidir le talamh chriosach chónaithe/ úsáid mheasctha sa Phlean Forbartha 2011-2017.
Tábla 2.6 Acmhainn Cónaithe Chriosach atá Fágtha ó Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017
Baile/Sráidbhaile |
An Soláthar Talún atá Fágtha (heicteáir) |
Acmhainn Fhágtha na nAonad Cónaitheach |
Ceantar na Cathrach-Cúltír % Talamh |
Ceantar na Cathrach-Cúltír % Aonaid |
---|---|---|---|---|
Ceantar na Cathrach |
||||
Bailte Comhdhlúthaithe |
||||
Sord |
293 |
9,328 |
||
Baile Bhlainséir |
320 |
11,757 |
||
Ceantair Comhdhlúthaithe sa Tairseach |
||||
Mullach Íde |
88 |
1114 |
||
Port Mearnóg |
57 |
1490 |
||
Binn Éadair |
16 |
498 |
||
Baile Dúill/Cill Fhionntain |
29 |
1498 |
||
Lonnaíochtaí Eile* |
71 |
2791 |
||
Baile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe |
||||
Domhnach Bat |
116 |
4056 |
||
Bailte Beaga/Sráidbhailte |
94 |
877 |
||
Iomlán Cheantar na Cathrach |
1,084 |
33,409 |
74% |
78% |
Ceantar Cúltíre |
||||
Baile Mór Fáis II |
||||
Baile Brigín |
153 |
4332 |
||
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe & Eile |
||||
An Ros |
58 |
1994 |
||
Lusca |
43 |
1218 |
||
Na Sceirí |
41 |
1175 |
||
Bailte Beaga & Sráidbhailte |
82 |
913 |
||
Iomlán na Cúltíre |
377 |
9,632 |
26% |
22% |
IOMLÁN Fhine Gall** |
1,461 |
43,041 |
100 |
100 |
-
*Áirítear leis seo Baile Shéarlais & Baile Maidheac, Seantrabh & Baile Munna, Baile Ghrífín & Belcamp, Baiscín agus cuid de Chionn Sáile.
**Ní áirítear sa líon iomlán aonad tithe tuaithe aonuaire a cheadaítear ná gráigeanna tuaithe.
Criosú Nua Cónaitheach
Leagfar béim sa Phlean seo ar chomhdhlúthú leanúnach ar na tailte criosaithe atá ann cheana agus ar lánúsáid éifeachtach a bhaint as an mbonneagar atá beartaithe agus atá ann cheana. Ar an dóigh seo tá ar chumas na Comhairle a chinntiú go mbeidh úsáid talún comhtháite agus straitéis iompair ar aon dul le beartas náisiúnta agus réigiúnach. Cinnteofar leis sin go mbeidh an Chomhairle i ndea-riocht chun dul i bhfeidhm ar sholáthróirí bonneagair ag an leibhéal náisiúnta, Uisce Éireann ina measc, lena mbeidh fianaise shoiléir ar thiomantas na Comhairle an infheistíocht bonneagair a uasmhéadú tríd an mbeartas comhdhlúthaithe. Ní thabharfar faoi fhorbairt cheantair mhóra cónaithe ná úsáid mheasctha ach amháin sa chás go bhfuil an bonneagar riachtanach ann agus chun na críche sin beifear faoi réir Phlean Limistéir Áitiúil. Trí proiseas an Phlean Limistéir Áitiúil (PLA), sna bailte agus sráidbhailte, cinntear an mion-chéimniú agus dáileadh na tithíochta ar aon dul leis na spriocanna daonra agus tithíochta a dheimhnítear ag leibhéal straitéiseach.
Tá candam suntasach de thalamh chriosaithe ag Fine Gall chun spriocanna na TPFanna a bhaint amach. Ar eagla, áfach, go dtiocfadh méadú ar an ráta glactha agus mar gheall ar chonstaicí maidir le cuid de na tailte criosaithe atá ann cheana, tá sé beartaithe bunachar talún straitéiseach a chriosú ag Halla an Leasáin. Cinnteofar mar sin go bhfuil Fine Gall i ndea-riocht chun an t-éileamh tithíochta a shásamh ar bhealach céimnithe agus chun an leas is mó a bhaint as éifeacht infheistíocht an Stáit sa bhonneagar iompair phoiblí atá ann cheana agus atá beartaithe. Tá an criosú seo lonnaithe i gCeantar na Cathrach, rud a chinntíonn nach dtarlóidh a thuilleadh imeachta dhiúltaigh ó spriocanna na TPFanna.
Halla an Leasáin, Sord
In oirchill ar fhorbairt an Mheitreo Thuaidh Nua atá beartaithe, aimsíodh bunachar talún straitéiseach a thabharfadh an deis ceantar uirbeach úsáid mheasctha a fhorbairt a bheadh inbhuanaithe, beoga, mealltach agus áiseanna maithe ann ar thaobh thuaidh Shoird ag Halla an Leasáin. Bheadh na tailte seo faoi réir Phlean Limistéir Áitiúil faomhaithe agus d'fhorbrófaí iad thar tréimhse ina mbeadh roinnt Pleananna Forbartha éagsúla ann i.e. thar 20-25 bliain eile.
Is é Sord lárionad riaracháin an Chontae agus príomhbhaile an Chontae. Tá ceangail dhíreacha ag an mbaile leis an ngréasán bóithre náisiúnta (M1 agus M50) agus tá sé suite ar Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath/Bhéal Feirste ar príomhchonair iompair náisiúnta í sa SNS. Tá Sord suite taobh le príomhthairsigh - Calafort Bhaile Átha Cliath, trí Thollán Chalafort Bhaile Átha Cliath, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath, dhá cheann de phíomhthairsigh na tíre. Nuair a fhógraítear an Meitreo Thuaidh nua atá beartaithe beidh nasc láidir idir Sord agus saol eacnamaíoch agus tráchtála Chathair Bhaile Átha Cliath agus beidh nasc níos láidre fós le hAerfort Bhaile Átha Cliath. Leis seo spreagfar fás geilleagrach suntasach agus leathnú ar an gceantar as a eascróidh réimse dúshlán lena n-áirítear:
- Tithíocht inbhuanaithe nua a chur ar fáil
- Áiseanna le haghaidh riachtanaisí pobail, sláinte agus fóillíochta a chur ar fáil
- Líon agus réimse gníomhaíochtaí fostaíochta a mhéadú
- Spásanna oscailte agus tírdhreach ar ardchaighdeán a chur ar fáil
- Ceangal agus fáil ar an méid thuas do na pobail nua agus dóibh siúd atá ann cheana
- Ardchaighdeáin d'ailtireacht agus de dhearadh uirbeach a chinntiú
Cuirfidh an Meitreo Thuaidh nua ar chumas Shoird forbairt ollmhór a dhéanamh go ceann i bhfad agus bainfidh an Chomhairle an buntáiste is mó agus an úsáid is éifeachtaí as an Meitreo ar mhaithe leo siúd atá ina gcónaí agus ag obair sa bhaile. Beidh sé mar aidhm ag an gComhairle, i gcomhréir le dea-chleachtais agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe, na deiseanna a chruthaíonn teacht an chloch choirnéil bhonneagair seo a uasmhéadú. Chun na críche seo beidh an-tábhacht ag baint le haithint agus cur chun cinn Chonair(í) Eacnamaíoch an Mheitreo do gheilleagar agus do shláinte an phobail chónaithe agus gnó/fostaíochta sa Chontae.
Is í fís straitéiseach fhadtéarmach do Shord ná cathair inbhuanaithe a chruthú a bhfuil leibhéal sásúil post agus seirbhísí agus bonneagair ann chun a thacú le pobal 100,000 duine. Agus iarracht á déanamh an fhís seo de chathair ghlas atá ag teacht chun cinn a bhaint amach le linn borradh faoin ngeilleagar tá sé ríthábhachtach go ndéanfar dóthain tailte a chriosú amach anseo le haghaidh réimse iomlán riachtanaisí an phobail chónaithe, an phobail ghnó agus na gcuairteoirí. Laistigh d'imchlúdach forbartha reatha Shoird, fiú dá dtabharfaí isteach dianchriosú úsáid mheasctha nua taobh leis an líne Meitreo, bheadh ar chumas Shoird freastal ar phobal de thart ar 65-70,000 duine.
D'fhéadfadh an Meitreo Thuaidh nua atá beartaithe dul chomh fada leis na tailte i Halla an Leasáin agus mar sin, is gá go mbeidh an criosú oiriúnach don cheantar. Anuas air sin, beidh cuid shuntastach de na tailte seo i bhfoisceacht 1 ciliméadar ón stad arna comhaontú, Inbhear. Is tírdhreach fairsing, íseal, tuaithe é Halla an Leasáin a bhfuil thart ar 221 heicteáir ann. Tá an ceantar, go ginearálta, timpeallaithe ag an M1 agus R132 san oirthear, Abhainn an Mhóinéir Leatha sa deisceart agus san iardheisceart, agus bealach beartaithe Cuarbhóthar Shoird Thiar sa tuaisceart. Tá na tailte seo taobh leis an M1 agus Conair Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste.
Agus Halla an Leasáin aimsithe mar phríomhcheantar forbartha amach anseo, beidh sé mar aidhm ag an gComhairle na deiseanna a chruthaíonn teacht an chloch choirnéil bhonneagair seo a uasmhéadú i gcomhréir le dea-chleachtais agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe. Cloítear i bhforbairt an cheantair seo freisin le fís straitéiseach fhadtéarma na Comhairle go mbeadh Sord ina chathair inbhuanaithe. Tá sé i gceist go bhféadfaí ceantar uirbeach úsáid mheasctha suntasach a fhorbairt le haghaidh leibhéal suntasach fostaíochta agus timpeall 6,000 – 7,000 aonad cónaithe. Déanfar Plean Limistéir Áitiúil a ullmhú le haghaidh na dtailte seo chun creat forbartha a chur ar fáil. Tá tuilleadh sonraí maidir le Halla an Leasáin le fáil i gCaibidil 4 Fine Gall Uirbeach, i gcomhthéacs Shoird.
Tábla 2.7 Criosú Nua Cónaitheach agus Úsáid Mheasctha atá Beartaithe 2017-2023
Ceantar na Cathrach |
Úsáid Nua Mheasctha (heicteáir) |
Iomlán Nua (heicteáir) |
Glanaonaid Fhéideartha Nua |
|
---|---|---|---|---|
ME |
MC/TC/LC/RV |
|||
Swords - Lissenhall |
221 |
221 |
6,000 – 7,000 |
Acmhainn Iomlán - Plean Forbartha Fhine Gall 2017- 2023
Leagtar amach i dTábla 2.8 thíos acmhainn iomlán na talún agus na tithíochta le haghaidh Plean Forbartha Fhine Gall 2017- 2023. Is é seo go bunúsach suim Thábla 2.6 ina dtugtar achoimre ar acmhainn na talún criosaí atá ann cheana agus Tábla 2.7 ina léirítear acmhainn na dtailte atá beartaithe a chriosú.
Tábla 2.8 Acmhainn Iomlán Cónaithe a chuirtear ar fáil faoi Phlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023
Baile/Sráidbhaile |
Soláthar Talún (heicteáir) |
Chónaitheach Fhéideartha Aonaid |
---|---|---|
Ceantar na Cathrach |
||
Bailte Comhdhlúthaithe |
||
Sord |
514 |
15,828 |
Baile Bhlainséir |
320 |
11,757 |
Ceantair Comhdhlúthaithe sa Tairseach |
||
Mullach Íde |
88 |
1114 |
Port Mearnóg |
57 |
1490 |
Binn Éadair |
16 |
498 |
Baile Dúill/Cill Fhionntain |
29 |
1498 |
Lonnaíochtaí Eile* |
71 |
2791 |
Baile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe |
||
Domhnach Bat |
116 |
4056 |
Bailte Beaga/Sráidbhailte |
94 |
877 |
Iomlán Cheantar na Cathrach |
1,305 |
39,909 (81% of total) |
Ceantar Cúltíre |
||
Baile Mór Fáis II |
||
Baile Brigín |
153 |
4332 |
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe & Eile |
||
An Ros |
58 |
1994 |
Lusca |
43 |
1218 |
Na Sceirí |
41 |
1175 |
Bailte Beaga & Sráidbhailte |
82 |
913 |
Iomlán na Cúltíre |
377 |
9,632 (19% of total) |
IOMLÁN Fhine Gall** |
1,682 |
49,541 |
-
*Áirítear leis seo Baile Shéarlais & Baile Maidheac, Seantrabh & Baile Munna, Baile Ghrífín & Belcamp, Baiscín agus cuid de Chionn Sáile.
**Ní áirítear sa líon iomlán aonad cead a thugtar tithe tuaithe aonuaire a thógáil ná gráigeanna tuaithe.
Cé go dtugtar achoimre i dTábla 2.8 ar an gcumas 49,541 aonad a sholáthar, caithfear é a mheas i gcomhthéacs Chontae Fhine Gall, ar an dóigh go mbeidh fáil ar an talamh ar bhonn céimnithe. Is é bunphrionsabal na Straitéise Lonnaíochta ná go gcuirfear chun cinn ar bhonn leanúnach forbairt inbhuanaithe trí chomhdhlúthú agus dhlúthú a spreagadh i gcás na foirme tógála uirbí atá ann cheana - agus ar an dóigh sin lántairbhe a bhaint as éifeacht an bhonneagair fhisiciúil agus shóisialta atá ann cheana.
Mar sin ní dócha go mbainfear amach an leibhéal seo d'fhorbairt thar saolré an Phlean Forbartha Contae seo (6 bliana mura leasaítear é faoi reachtaíocht) agus ina áit sin tugtar treoir maidir leis an straitéis forbartha inbhuanaithe don Chontae thar tréimhse níos faide ach caithfear an plean a fhorbairt in éineacht le teacht thráthúil an bhonneagair fhisiciúil riachtanach.
Tugtar faoi deara leis seo gur chóir an acmhainn tithíochta a leithdháiltear ar Chrios Forbartha Straitéisí (CFS) Páirc Hans a bhaint ó iomlán na bhfigiúirí, de réir threoirnótaí na RCORA. Tar éis aird a thabhairt ar Threoirnótaí ar Phríomhstraitéisí na RCORA a eisíodh i mí na Samhna 2010, mhol an RCORA nach ‘n-áirítear de ghnáth le farasbarr ar bith (de thailte ná acmhainn tithíochta) tailte a aithnítear le haghaidh forbairt straitéiseach fhadtéarmach mar chuid de na Criosanna Forbartha Straitéisí ná le mórláithreacha athnuachana laistigh de na príomhcheantair …’ [aistriúchán neamhoifigiúil]. D'ainneoin seo, chun lán cumas na dtailte criosaithe laistigh den Chontae a mheas áirítear na figiúirí seo i dTábla 2.5 agus 2.7.
Beidh forbairt na dtailte straitéiseacha ag Halla an Leasáin faoi réir Phlean Limistéir Áitiúil, MST agus Mheasúnú Cuí agus ag brath ar sholáthar comhreathach de sheirbhís uisce leordhóthaineach agus bonneagar iompair phoiblí uasghrádaithe/ pleanáilte.
Maidir le forbairt thailte eile laistigh den Chontae, bunófar leis na Pleananna Limistéir Áitiúil, an CFS ag Páirc Hans, agus Máistirphleananna, céimniú níos mionsonraithe nó beartú tosaíochta le haghaidh úsáidí cónaitheach, úsáidí eile, nó bonneagar a sholáthar, mar is iomchuí. Leagtar amach na cineálacha pleananna dírithe ar an gceantar agus na riachtanais a ghabhann leo i gCaibidil 4, Fine Gall Uirbeach.
2.7 Straitéis Lonnaíochta
Glactar i straitéis lonnaíochta Fhine Gall leis an gcur chuige straitéiseach a Moltar sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí chun tromlach an fháis amach anseo a chomhdhlúthú sna lárionaid uirbeacha láidre agus bhríomhara de cheantar na cathrach agus forbairt sa chúltír a threorú go dtí na bailte agus na sráidbhailte chun cur i gcoinne forbairt scoilte agus claontaí taistil neamh-inbhuanaithe. Chun an cuspóir seo a bhaint amach rinneadh dóthain tailte a chriosú le haghaidh fáis ionchais daonra trí mheascán de thithe éagsúla agus ar mhéid dhifriúla a chur i gceantair ina bhfuil nascanna maithe iompair phoiblí. Déanfar an cur chuige seo a chothromú leis an riachtanas cúiteach atá ann rósholáthar a chuirfeadh le forbairt scoilte, bonneagar neamheacnamaíoch agus sraoilleáil uirbeach a sheachaint.
Is é croí an Phlean go mbeadh forbairt agus fás i bhFine Gall amach anseo i gcomhréir le hordlathas uileghabhálach d' ionaid lonnaíochta. Tá sé beartaithe go leagfar candam ar gach ionad lonnaíochta le haghaidh forbairt todhchaí de réir a stádais san ordlathas.
Tábla 2.9 Straitéis Lonnaíochta Fhine Gall 2011-2017
Ceantar na Cathrach |
Ceantar Cúltíre |
---|---|
Bailte Comhdhlúthaithe den Chathair Sord Baile Bhlainséir |
Baile Mór Fáis– Leibhéal II Baile Brigín |
Ceantair Comhdhlúthaithe sa Tairseach Baile Dúill Caisleán Cnucha Cluain Saileach Binn Éadair Baiscín Sráidbhaile Mhullach Eadrad Port Mearnóg Cill Fhionntain Seantrabh (Baile Munna san áireamh) Baile Ghrífín & Belcamp Baile Shéarlais & Baile |
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe & Bailte Eile Lusca An Ros Na Sceirí |
Bailte/Sráidbhailte Eile na Cúltíre Baile an Ridire Loch Sionnaigh
|
|
Baile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe Domhnach Bat Mullach Íde
|
Sráidbhailte Baile Bachaille Baile Scadán Baile Gháire An Aill An Seanbhaile |
Baile Beag Port Reachrann |
|
Sráidbhailte Cúil Chaoith Cionn Sáile Móinéar na hAbhann Baile an Rólaigh |
|
Gráigeanna Tuaithe Féach an chaibidil dar teideal ‘An Tuath i bhFine Gall’ le haghaidh liosta iomlán de ghráigeanna tuaithe |
Figiúr 2.3 Léarscáil na Príomhstraitéise
Lonnaíocht Tuaithe
Tuigtear sa straitéis freisin go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do phobail tuaithe agus a chinntiú go bhfanfaidh siad bríomhar agus féinchothabhálach trí dhul i ngleic leis an bhfíor-riachtanas tithíochta a ghintear faoin tuath ar bhealach atá comhsheasmhach le cáilíocht Fhine Gall mar "ceantar atá faoi thionchar láidir uirbeach", mar chúiteamh i gcás cúngrachta ar thailte feidhmiúla talmhaíochta ar gá a laghdú. Bainfear seo amach go príomha trí fhorbairt sheasta ar shráidbhailte agus ghráigeanna tuaithe aitheanta, agus aird á tabhairt ar an difríocht idir sráidbhailte i gceantar na cathrach agus na cinn sa chúltír tuaithe. Cuirfidh an Chomhairle ath-úsáid agus athshlánú an tsoláthair thithíochta atá ann cheana chun cinn i gceantair tuaithe in áit tithe nua a thógáil ar mhaithe le féiniúlacht na tuaithe i bhFine Gall a chaomhnú agus a fheabhsú. Tá beartas mionsonraithe maidir le rialú fhorbairt tuaithe le fáil i gCaibidil 5 'An Tuath i bhFine Gall’.
Criosanna Glasa
Tabharfar tacaíocht don fhorbairt shonraithe i mbailte agus sráidbhailte aitheanta le beartas creasa ghlais agus cosnófar féiniúlacht tuaithe Fhine Gall leis. Beidh an criosú Creasa Ghlais mar bhonn den straitéis lonnaíochta ach a chinntiú:
- nach dtarlaíonn comhtháthú agus cumasc i measc na gceantar uirbeach i bFhine Gall a thabharfadh forbairt agus claontaí taistil neamhinbhuanaithe.
- go ndéanfar féiniúlacht agus cruth na gceantar tuaithe agus uirbeacha i bhfoisceacht na dteorainneacha riaracháin a chaomhnú sa chás go mbeadh buntáiste leis.
- Gur féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint as nádúr agus radharcanna taithneamhacha na tuaithe i ngaireacht do na ceantair uirbeacha ina bhfuil siad ina gcónaí.
- go léireofar go soiléir san fhorbairt atá beartaithe laistigh den Chrios Glas an riachtanas feidhmeach a bhaineann lena leithéid de láthair, agus go mbeadh comhsheasmhacht ann le cruth bunaithe thírdhreach an cheantair.
2.8 Straitéis Lonnaíochta do Cheantar na Cathrach
Bailte Cathrach Comhdhlúthaithe
Is iad Sord agus Baile Bhlainséir na hionaid uirbeacha is mó i bhFine Gall agus áirítear ar Bhailte Cathrach Comhdhlúthaithe iad sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí. Is cuid de Thairseach Bhaile Átha Cliath na bailte faoi mar a aithnítear sa Straitéis Náisiúnta Spásúil iad agus leanfar lena ról mar phríomhionaid fhorbartha an chontae le linn na tréimhse pleanála. Aithnítear gur príomhláithreacha iad na hionaid seo le haghaidh tithíochta, fiontraíochta agus fhorbairt miondíola, agus chuige sin meastar sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí go sroichfidh daonra fadtéarmach na gceantar seo c.100,000 duine. Tá an fhorbairt bheartaithe ag Halla an Leasáin (Sord) comhsheasmhach leis an straitéis seo agus neartaítear leis ról straitéiseach Shoird san ordlathas lonnaíochta.
Aithnítear Sord, príomhbhaile chontae Fhine Gall, mar 'Lár Baile Mhóir' Leibhéal 2 sa Straitéis Miondíola do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus tá tairiscint miondíola dea-fhorbartha ann lena n-áirítear Ionad Siopadóireachta Pavilions agus Páirc Miondíola Airfield. Tá de bhuntáiste ag an mbaile freisin go bhfuil sé an-ghar d'Aerfort Bhaile Átha Cliath agus gur bunáit tionsclaíoch í rud a neartaíonn a ról mar lárionad fostaíochta sa chontae. Ceann de na láidreachtaí is mó atá ag Sord ná mianach bhonneagar bóthair an bhaile. Cuirtear leis an mbonneagar ardchaighdeáin bhóthair réigiúnaigh (débhealaigh R125 & R132) leis an mbealach isteach díreach go dtí an M1 ar chonair eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste. Tá pleananna ar bun freisin ag an Údarás Náisiúnta Iompair (UNI) agus TII faoi láthair chun an Meitreo Thuaidh nua beartaithe frestail a dhéanamh ar an mbaile. D'fhoilsigh an Chomhairle máistirphlean le haghaidh forbairt fhadtéarmach Shoird in Eanáir 2009 agus is treoirdhoiciméad fónta i gcónaí é le haghaidh forbairt an cheantair amach anseo.
Is é Baile Bhlainséir, suite go straitéiseach ag crosbhealach na mbóithre náisiúnta N3 agus an M50, an t-ionad lonnaíochta is mó i bhFine Gall. Áirítear mar 'Lár Baile Mhóir' Leibhéal 2 sa Straitéis Miondíola do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath é, leis sin tá sé ar cheann de na hionaid miondíola is mó agus is tábhachtaí sa Stáit. Mar aon le Lárionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir, tá líon mór fostóirí ón earnáil phoiblí sa cheantar ina measc Comhairle Chontae Fhine Gall, Ospidéal Uí Chonghaile agus an Institiúid Teicneolaíochta (ITBB). Bhí rath ar leith ar an ÚFT agus Baile Bhlainséir á chur chun cinn mar phríomhionad le haghaidh infheistíocht dhíreach eachtrach agus tá roinnt mhaith comhlachtaí TFC agus cógaisíochta a bhfuil gnó acu sa cheantar le fada. Tá an Campas Náisiúnta Spóirt úrscothach in aice láimhe i mBaile an Aba. Áirítear tailte ag Páirc Hans mar Chrios Forbartha Straitéisí (CFS) agus déanfaidh an t-iarnród freastal ar an bpobal leis an stáisiún iarnróid nua-thógtha ag Páirc Hans ar rian caoch iarnróid an Pháircbhealaigh ó Chluain Saileach go dtí an M3.
Tugtar faoi deara suíomh straitéiseach agus féidearachtaí forbartha na dtailte i nDún Sinche sa Phlean Forbartha seo. Áirítear 125 heictéar sa talamh seo agus tá cuid di sna bailte fearainn Baile an Ásaigh, Caisleán Cnucha, Dún Sinche agus Baile Scriobail. Is é saintréith na dtailte ná go mbaintear úsáid talmhaíochta agus fóillíochta astu den chuid is mó faoi láthair. Téann An Chanáil Ríoga agus Gleann na Tulchan trí dheisceart na dtailte agus clúdaíonn Galfchúrsa Fhaiche an Leamháin sciar mór de chuid thiar na láithreach. Suite sé chiliméadar ó Lár Bhaile Átha Cliath, tugann an ceantar seo deis ar leith chun Tairseach Bhaile Átha Cliath a chomhdhlúthú ar bhonn inbhuanaithe agus á neartú ag córas iompair phoiblí ardchaighdeáin ó tharla gur buntáiste mór don láthair a foisceacht don chreat iarnróid atá ann cheana ag Baile an Ásaigh agus an síneadh atá beartaithe don Luas go dtí Fhionnghlaise. Anuas air sin, ba bhuntáiste d'fhorbairt tráchtála an bealach isteach go dtí an M50 atá in aice láimhe. Meastar go bhféadfaí 4,000 - 5,000 aonad cónaithe a thógáil ar na tailte seo. Cé go n-aithnítear na tailte seo mar chúlsoláthar talún straitéiseach féideartha don Chontae, tugtar faoi deara go gcaithfear iniúchadh mionsonraithe breise ar na constaicí a bhaineann leis na tailte seo faoi láthair a dhéanamh agus go rachadh an t-eolas sin i bhfeidhm ar aon chinneadh a dhéantar na tailte seo a chriosú le haghaidh dúiche uirbeach úsáid mheasctha amach anseo. Bheadh aon fhorbairt ar na tailte seo amach anseo faoi réir Phlean Limistéir Áitiúil chomh maith. Ar an dóigh seo, áirítear Cuspóir i gCaibidil 4, An Tuath i bhFine Gall, chun tabhairt faoi Staidéar Straitéiseach cuimsitheach ar na tailte i nDún Sinche taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha ina n-aithneofar an bonneagar fisiciúil riachtanach chun iomlán na féidearachtaí forbartha a bhaint amach.
Ceantair Comhdhlúthaithe sa Tairseach
Tá roinnt lonnaíochtaí trasna an chontae a bhfuil a gcarachtar agus a bhféiniúlacht áirithe féin ag baint leo ach ós rud é go bhfuil siad an-ghar do Bhaile Átha Cliath déantar ceantair chomhdhlúthaithe díobh de réir a chéile. Áirítear leis na ceantair seo: Baile Dúill, Caisleán Cnucha, Cluain Saileach, Binn Éadair, Mullach Eadrad, Port Mearnóg, Cill Fhionntain, agus cuid de na bruachbhailte gar do mhótarbhealach an M50.
Is é an cur chuige beartais sna ceantair seo lán buntáiste a bhaint as an mbonneagar iompair, sóisialta, agus pobail atá ann cheana trí chomhdhlúthú leanúnach den chathair agus na bruachbhailte. Tarlóidh forbairt amach anseo ar bhonn pleanáilte agus éifeachtúil agus tairbhe á bhaint as deiseanna chun cur leis an dlús sna háiteanna cuí.
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe
I gceantar na cathrach, cuirtear Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe ag an leibhéal fochontae san ordlathas lonnaíochta a thugann le fios go bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch dea-bhunaithe ann ach nach mbíonn cúrsaí tréan go leor leis an bpobal áitiúil a chothú go hiomlán. Mar gheall air seo is saintréith chomónta é sna bailte seo taisteal ar an gcóras iompar poiblí nó sa charr go dtí ionaid atá d'ord níos airde.
Ina mBailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe, beidh ról leanúnach tábhachtach ag Domhnach Bat agus Mullach Eadrad i gceantar na cathrach comhdhlúthaithe. Ba cheart go mbeadh ceangal idir an fhorbairt sna bailte seo agus an acmhainn le haghaidh nascanna iompair phoiblí ardchaighdeáin agus soláthar bhonneagar sóisialta agus pobail ar nós scoileanna agus áiseanna áineasa.
Bailte Beaga
Ionad ina bhfuil idir 1500 agus 5000 duine ina gcónaí iontu is ea Baile Beag, a bhfuil gnólachtaí beaga áitiúla agus soláthar réasúnta miondíola áise, den chuid is mó, mar shaintréith acu. Déanfar forbairt sna hionaid seo a bhainistiú de réir an chumais atá sna seirbhísí agus sa bhonneagar áitiúil déileáil le méadú, tar éis aird a thabhairt ar mholtaí do bhailte beaga i measc Threoirlínte ón Aire ar Fhorbairt Chónaitheach i gCeantair Uirbeacha agus na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
Is é Port Reachrann an t-aon 'Bhaile Beag' i bhFine Gall agus is áit shuntasach é mar gheall ar a oidhreacht nádúrtha agus ailtireachta. Tá trí cheantar ar leith ann: Sráidbhaile Phort Reachrann, An Coinicéar agus Ospidéal Naomh Íde. Caithfear bheith íogair don áit ard-luach seo i gcás aon fhorbairt a bheartaítear.
Sráidbhailte
Tá ceithre shráidbhaile i gceantar na cathrach. Cuidíonn agus tacaíonn siad seo le hionaid atá d'ord níos airde atá suite ar imeall an táirsigh.
Is gá dianmhachnamh a dhéanamh maidir le forbairt thodhchaí shráidbhailte Fhine Gall. I gceantar na cathrach déanfar fás sna sráidbhailte cosúil le Cúil Chaoith, Cionn Sáile, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh a bhainistiú chun a chinntiú nach dtarlaíonn méadú sciobtha sna hionaid seo, nach gcuirtear brú ar sheirbhísí agus an timpeallacht agus nach gcruthaítear claontaí féideartha taistil neamhinbhuanaithe. Leagtar amach na Cuspóirí le haghaidh fhorbairt shráidbhailte i gCaibidil 5, An tuath i bhFine Gall.
Gráigeanna Tuaithe
Is ceantair iad na Gráigeanna Tuaithe a thugann rogha eile do bhaill den phobal tuaithe seachas tithíocht amuigh faoin tuath. Tá ocht ngráig dá leithéid i gceantar na cathrach. Tá tuilleadh eolais ar ghráigeanna tuaithe le fáil i gCaibidil 5, An Tuath i bhFine Gall.
2.9 Straitéis Lonnaíochta don Chúltír
Bailte Mór Fáis– Leibhéal II
Is ionaid shuntasacha iad na Bailte Mór Fáis d'fhorbairt cónaithe agus eacnamaíoch idir thráchtáil agus thionsclaíoch. Bíonn tionchar tábhachtach féinchothabhálach acu ar chur chun cinn an gheilleagair réigiúnaigh de bharr nascanna ardchaighdeáin le Lár Bhaile Átha Cliath.
Is é Baile Brigín an t-aon Bhaile Mór Fáis i bhFine Gall agus is é an t-ionad uirbeach is mó sa cheantar cúltíre. Is é an pobal óg atá ag leathnú agus atá tar éis fás go níos mó ná 20,000 duine le fiche bliain anuas atá mar shaintréith. Rinne Comhairle Chontae Fhine Gall agus geallsealbhóirí eile mór-infheistiú i seirbhísí uisce agus sa bhonneagar bóthair a chuireann ar chumas an bhaile leanacht ag fás ar bhonn inbhuanaithe.
Tá candam suntasach de thalamh chriosach i mBaile Brigín le haghaidh ardteicneolaíochta agus forbairt thionsclaíoch i gcoitinne. Mar gheall ar bhealaí maithe an bhaile isteach go dtí na príomhchonair iompair, agus é in aice le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus na Calafoirt i nDroichead Átha agus Baile Átha Cliath is áit tharraingteach é Baile Brigín do lucht fiontraíochta.
Bailte Fáis Mheasartha Inbhuanaithe & Bailte Eile
Sa cheantar cúltíre, braitheann na bailte, Lusca, an Ros agus na Sceirí ar sholáthar sheirbhísí maithe áitiúla agus leis sin is iad na nóid tráchtála le haghaidh na ceantair tuaithe mháguaird atá níos faide ó na hionaid d'ord níos airde. Níor áiríodh na Sceirí sa straitéis lonnaíochta sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí ach is mó a thagann sé leis an gcur síos ar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe mar gheall ar an daonra suntasach, lár baile mhóir bríomhar agus na siopaí miondíola éagsúil atá ar fáil.
Beidh sé tábhachtach Lusca, an Ros agus na Sceirí a fhorbairt ar bhonn féinchothabhálach ionas nach ndéantar bailte dórtúir díobh. Ba cheart go mbeadh lán-réimse seirbhíse chun riachtanaisí áitiúla agus na gceantar máguaird a shásamh chun claontaí taistil níos cliste a spreagadh agus chun freastal ar thuilleadh fáis. Faoi láthair tá tarraingt tráchtála sna Sceirí chun cinn ar na trí bhaile, cé gur bhain an Ros buntáiste as infheistíocht a rinneadh le déanaí. Tabharfar tosaíocht i Lusca d'fhorbairt na seirbhísí miondíola agus áitiúla chun freastal ar an bhfás daonra sa bhaile.
Bailte/Sráidbhailte Eile na Cúltíre
Tá Baile an Ridire agus Loch an tSionnaigh difriúil ó na sráidbhailte eile sa chontae mar gur aithníodh an dá ionad le haghaidh leibhéal teoranta de thithíocht bhreise agus tá an criosú riachtanach cónaithe i bhfeidhm chun cúrsaí a éascú.
Is sráidbhaile stairiúil é Baile an Ridire suite ó dheas ó Bhaile Brigín. Cé go ndearnadh forbairt fhorleathan cónaithe le blianta beaga anuas, caomhnaíodh croílár an tsráidbhaile, ar Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) ainmnithe é, rud a raibh tionchar dearfach aige ar fhorbairt a rinneadh le déanaí. Cuirtear srian nádúrtha le lorg coise an tsráidbhaile leis na húsáidí talún taitneamhachta mórthimpeall agus tailte creatha ghlais ainmnithe.
Is sráidbhaile tarraingteach ar an gcósta é Loch an tSionnaigh ar saintréith aige na foirgnimh dhúchasacha traidisiúnta chomh maith lena chuan. Tá íogair ar leith ag baint le bunús an tírdhreacha a bhfuil saibhreas ann a bhaineann leis an oidhreacht seandálaíochta agus nádúrtha . Is gá aon fhorbairt nua a bheartaítear bheith ar scála atá oiriúnach de réir mhéid an tsráidbhaile agus go léireodh sé meas ar an gcarachtar uathúil.
Sráidbhailte Tuaithe
Tá cúig shráidbhailte sa cheantar cúltíre. Tá siad seo ina n-ionaid sheirbhíse a shásaíonn riachtanaisí laethúla gach ceann de na sráidbhailte seo agus an ceantar tuaithe mórthimpeall air.
Beidh an fhorbairt i mBaile Bachaille, Baile Scadán, Baile Gháire, An Aill agus An Seanbhaile á dtreorú de réir chuspóir a shráidbhaile féin mar phríomhionaid le haghaidh seirbhísí áitiúla agus fiontraíochta tuaithe. Leagtar amach na Cuspóirí le haghaidh fhorbairt sráidbhailte i gCaibidil 5, An tuath i bhFine Gall.
Gráigeanna Tuaithe
Tá fiche sé gráig tuaithe sa cheantar cúltíre. Beidh ról tábhachtach ag na lonnaíochtaí beaga seo freastal ar an riachtanas tithíochta i measc mhuintir na tuaithe sa chontae trí srian a chur leis an éileamh tithíochta amuigh faoin tuath. Tá tuilleadh eolais ar ghráigeanna tuaithe le fáil i gCaibidil 5, An Tuath i bhFine Gall.
2.10 Straitéis Tithíochta
Tá tithíocht shóisialta agus easpa dídine ar na dúshláin is mó ar gá don Chomhairle dul i ngleic leo sa tréimhse pleanála reatha. Is é Rannóg Tithíochta Chomhairle Chontae Fhine Gall a dhéanann bainistiú ar sholáthar tithíochta agus ar fhreagra an Údaráis áitiúil i leith easpa dídine trí thograí éagsúla. Is féidir eolas mionsonraithe a fháil i Straitéis Tithíochta (Aguisín 1) an phlean.