Caibilil 10: Oidhreacht Chultúrtha

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

10.1 Cúlra

D'fhág na glúnta a chuaigh romhainn a lorg fisiciúil ar an tírdhreach i bhfoirm séadchomharthaí agus láithreán seandálaíochta chomh maith le foirgnimh stairiúla, bailedhreacha agus déanmhais dhúchasacha. Is cuid d'oidhreacht chultúrtha inbhraite Fhine Gall é an lorg sin a nascann an t-am atá thart leis an am i láthair. Is cuid dár bhféiniúlacht é - gné dár gcarachtar sainiúil féin a d'eascair ón áit álainn bheoga seo arb as muid, a gcuirimid fúinn nó a n-oibrímid ann - agus is mór an ról a imríonn sé ag mealladh cuairteoirí chun an cheantair. Tuigeann an Chomhairle a thábhachtaí atá sé oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta Fhine Gall a aithint, a mheas agus a chosaint le haghaidh na nglúnta atá le teacht, agus gur féidir sin a bhaint amach ach an acmhainn seo a bhainistiú i gceart, a fheabhsú go stuama agus/nó a fhorbairt más cuí.

Ráiteas Beartais

Tá an Chomhairle tiomanta do na nithe seo a leanas a dhéanamh chun foirgnimh, ceantair, déanmhais, láithreáin agus gnéithe tábhachtacha seandálaíochta, ailtireachta, stairiúla, ealaíne, cultúrtha, eolaíochta nó teicniúla a chosaint agus a chaomhnú:

  • Cosaint a dhéanamh ar láithreáin, séadchomharthaí agus réada seandálaíochta, ar na ceantair mórthimpeall orthu atá liostaithe sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) agus ar iarsmaí breise seandálaíochta nár aimsíodh ach le déanaí, agus aitheantas a thabhairt do thírdhreacha stairiúla atá íogair ó thaobh na seandálaíochta de.
  • Oidhreacht ailtireachta Fhine Gall a chosaint trí bheith ag aithint na Déanmhais Chosanta atá ann, Limistéir Chaomhantais Ailtireachta a ainmniú, tírdhreacha deartha agus gairdíní stairiúla a chosaint agus aitheantas a thabhairt do dhéanmhais agus do ghnéithe a chuireann go dearfach le hoidhreacht dhúchasach agus thionsclaíoch an Chontae.
  • Bheith i bhfách le caomhnú in situ gach láithreáin agus gach gné a bhfuil tábhacht staire agus seandálaíochta leo (nó lena gcaomhnú trína gcur ar taifead, ar a laghad).
  • É a dhéanamh níos éasca teacht ar ár n-oidhreacht chultúrtha agus an leas is mó is féidir a bhaint aisti mar acmhainn foghlama.
  • Tuiscint ar shainghnéithe oidhreacht chultúrtha Fhine Gall a chur chun cinn agus na codanna di ba cheart a bhuanú, a chaomhnú, nó a fheabhsú a aithint.
  • Cuspóirí agus bearta Phlean Oidhreachta Fhine Gall a chur i bhfeidhm d'fhonn cur le próifíl na hoidhreachta sin agus feasacht a ardú ina leith.

Tá an Chomhairle tiomanta d'oidhreacht shaibhir chultúrtha an Chontae a chosaint, a chaomhnú agus a chur i láthair in éineacht le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe agus feabhsú comhshaoil a chur chun cinn.

10.2 Oidhreacht Seandálaíochta

Cosaint ar an Acmhainn Seandálaíochta

Foráiltear le hAchtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta 1930-2004 go gcosnaítear láithreáin seandálaíochta, séadchomharthaí, déantáin agus longa báite atá liostaithe sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ). Cé gur acmhainn theoranta í an acmhainn seandálaíochta (féach Aguisín 3) bítear i gcónaí ag aimsiú láithreáin nua. Dá bharr sin, i gcás go bhfuil breithniú á dhéanamh ar fhorbairt nua, is inmholta acmhainneacht seandálaíochta an láithreáin a mheas trí Bhunachar Sonraí Seandálaíochta Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta a chuardach ar www.archaeology.ie.


Cuspóir OC01

Bheith i bhfách le caomhnú in situ a dhéanamh ar láithreáin seandálaíochta, séadchomharthaí, gnéithe nó réada san áit a bhfuil siad nó, ar a laghad, lena gcaomhnú trína gcur ar taifead. Agus an Chomhairle i mbun an chaomhnaithe sin, beidh aird aici ar chomhairle agus ar mholtaí Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ina leith, ar cuid den Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta í.


Cuspóir OC02

Gach séadchomhartha agus láithreán seandálaíochta, gach cuid den tseandálaíocht faoi thoinn, agus gach réad seandálaíochta atá liostaithe sa Taifead Séadchomharthaí agus Áiteanna a chosaint, mar aon le gach láithreán agus gné a bhfuil tábhacht seandálaíochta agus staire leo a aimsítear i ndiaidh fhoilsiú an Taifid Séadchomharthaí agus Áiteanna, agus a gcaomhnú in situ (nó a gcaomhnú trína gcur ar taifead ar a laghad) a lorg i gcaitheamh an phróisis pleanála.


Cuspóir OC03

Bainistíocht agus cothabháil iomchuí ar oidhreacht seandálaíochta an Chontae, ionaid adhlactha stairiúla san áireamh, a spreagadh agus a chur chun cinn i gcomhréir le prionsabail chaomhantais agus treoirlínte dea-chleachtais.

Forbairt agus an Acmhainn Seandálaíochta

Is acmhainn neamh-inathnuaite í an tseandálaíocht; a luaithe is a thochlaítear nó a bhaintear láithreáin nó gnéithe seandálaíochta den talamh ní fheicfear sa tírdhreach arís choíche iad. Ba chóir go ndéanfaí breithniú, mar sin, ar an tionchar a d'fhéadfadh aon fhorbairt bheartaithe a imirt ar an tseandálaíocht, agus sin a dhéanamh i bhfíorthosach na forbartha sa chaoi nach n-imreofar drochthionchar ar ghnéithe nó láithreáin seandálaíochta ná ar a gceantar máguaird. Áirítear leis sin forbairt feadh aibhneacha, inbhir thaoide agus imeallbhord Fhine Gall, nó istigh sna haibhneacha agus na hinbhir sin. Tá thart ar 40% de na láithreáin seandálaíochta thaifeadta i bhFine Gall thíos faoi dhromchla na talún faoi láthair. Mar sin, d'fhéadfadh forbairt ar bith láithreáin seandálaíochta a nochtadh nárbh eol dúinn a bheith ann roimhe seo.


Cuspóir OC04

Cinnte a dhéanamh de go n-aithnítear iarsmaí seandálaíochta agus go ndéantar iad a bhreithniú go hiomlán i bhfíorthosach an phróisis forbartha agus go mbeidh scéimeanna á gceapadh ar shlí nach n-imreoidh siad drochthionchar ar an oidhreacht seandálaíochta.


Cuspóir OC05

I gcás tograí i gcomhair forbairt líneach atá breis agus aon chiliméadar ar fad; tograí i gcomhair forbairt nach mór breis agus leath-heicteár talún a réiteach lena haghaidh; nó tograí i gcomhair forbairtí atá i bhfoisceacht limistéar arb eol dúinn scata maith séadchomharthaí a bheith iontu nó a mbaineann stair fhionnachtana leo; é a éileamh go gcuimseofar iontu Measúnachtaí Tionchair Seandálaíochta agus na hiarratais sin a chur faoi bhráid na gComhlachtaí Forordaithe ábhartha.


Cuspóir OC06

Cinnte a dhéanamh de nach gcuirfidh forbairt a bheadh i bhfoisceacht shéadchomhartha thaifeadta nó chrios fógrúcháin seandálaíochta isteach go dona ar shuíomh na gné sin, agus go ndéanfar an fhorbairt a lonnú agus a dhearadh go hiomchuí.


Cuspóir OC07

Beartas a fhorbairt maidir leis an gcaoi a gcaithfear le séadchomharthaí seandálaíochta atá suite i spás oscailte fhorbairtí. Cuirfear sonrú eile seachas 'spás oscailte' i bhfeidhm i gcás go bhfuil iarsmaí seandálaíochta faoin talamh ann freisin chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu.


Cuspóir OC08

Aitheantas a thabhairt do thábhacht na seandálaíochta agus na dtírdhreach stairiúil agus don nasc idir láithreáin, más ann dó, chun iad a chosaint ar fhorbairtí a scarfadh óna chéile iad go míchuí nó a chuirfeadh isteach ar an ngaol nó ar an idirléargas eatarthu.


Cuspóir OC09

Bheith ag comhoibriú le gníomhaireachtaí eile chun measúnacht a dhéanamh ar a mhéad a d'fhéadfadh an t-athrú aeráide drochthionchar a imirt ar láithreáin cois cósta agus in aibhneacha, ar láithreáin idirthaoideacha agus fhothaoideacha agus ar an gcomhshaol ina bhfuil siad suite, longa báite san áireamh.


Cuspóir OC10

Spreagadh a thabhairt chun fríotha tábhachtacha seandálaíochta a tharraing isteach i scéimeanna forbartha, más cuí sin agus más íogair a ndearadh, nó tagairt a dhéanamh dóibh trí leaganacha amach, taispeántais, comharthaíocht, plaiceanna agus painéil eolais a úsáid chomh maith leis an nGaeilge agus logainmneacha stairiúla.

Feasacht ar an Acmhainn Seandálaíochta

Tá 1,015 láithreán agus séadchomhartha seandálaíochta i bhFine Gall faoi láthair, go bhfios dúinn. Tá cur amach maith againn ar chuid acu - eaglaisí, reiligí, caisleáin, muilte gaoithe agus toibreacha beannaithe ina measc - ach is ann freisin do láithreáin nach maireann ach faoi dhromchla na talún, idir lonnaíochtaí, ionaid adhlactha, dhíoga agus chlaiseanna. Tá scéal faoi leith le hinseacht ag na láithreáin seo ar fad faoi na laethanta atá thart agus na daoine a chuaigh romhainn anseo i bhFine Gall. Is acmhainní oideachais iad freisin don phobal agus do thurasóirí araon. Tá beagnach 20% de na láithreáin seandálaíochta uile i bhFine Gall i seilbh nó faoi chúram na Comhairle.


Cuspóir OC11

An dea-chleachtas a chur chun cinn i dtaca le tochailtí seandálaíochta trína chinntiú go dtugtar fúthu de réir an dea-chleachtais atá leagtha amach ag Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag Ard-Mhúsaem na hÉireann agus ag Institiúid Seandálaithe na hÉireann.


Cuspóir OC12

Bheith ag tacú go gníomhach le scaipeadh torthaí na n-imscrúduithe agus na dtochailtí seandálaíochta trí thuarascálacha tochailte a fhoilsiú a chuirfidh le feasacht an phobail i leith acmhainní seandálaíochta agus lena dtuiscint ar a luach.


Cuspóir OC13

Limistéir Acmhainneachta Seandálaíochta a aithint, a bhfuil grúpaí de Shéadchomharthaí Taifeadta iontu nó ar aimsíodh láithreáin, gnéithe agus réada seandálaíochta iontu minic go leor roimhe seo, d'fhonn iad a shainiú agus an ceantar mórthimpeall orthu a chosaint.


Cuspóir OC14

Feasacht an phobail i leith na hoidhreachta cultúrtha a ardú agus a dteacht ar eolas soléite fúithi a fheabhsú trí chomharthaíocht chuí nó léirmhíniú a chur ar fáil i limistéir, láithreáin, sráidbhailte agus i bhfoirgnimh atá tábhachtach ó thaobh na seandálaíochta agus na staire de.


Cuspóir OC15

Torthaí Straitéis Seandálaíochta Pobail Fhine Gall a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.


Cuspóir OC16

Bheith ag tacú le fás na turasóireachta cultúrtha sa chontae, lena n-áirítear, cuir i gcás, saintáirgí turasóireachta a bheadh bunaithe ar an oidhreacht, trí éascaíocht a dhéanamh d'fhorbairt imeachtaí oidhreachta, do bhonneagar amhail bealaí oidhreachta, idir shiúlbhealaí agus rotharbhealaí, agus do ghníomhaíochtaí ar nós na tochailte pobail.


Cuspóir OC17

Bainistíocht a dhéanamh ar shéadchomharthaí agus láithreáin seandálaíochta atá i seilbh nó faoi chúram Chomhairle Contae Fhine Gall de réir dea-chleachtais agus de réir Phleananna Caomhnaithe más ann dóibh.

10.3 Oidhreacht Ailtireachta

Cúlra

Tá an stoc foirgneamh i bhFine Gall ilchineálach go maith. Cuimsítear ann feirmeacha, teachíní beaga agus tithe móra, chomh maith le gnéithe d'ailtireacht na príomhchathrach, aerfort idirnáisiúnta, ionaid mhóra siopadóireachta agus bloic oifige nua-aimseartha ina measc. Ar ghnéithe den réimse mhór cineálacha agus úsáidí foirgnimh sin tá déanmhais, sráid-dreacha, agus láir bhailte agus shráidbhailte atá chomh sainiúil speisialta sin nó chomh tábhachtach ó thaobh na hailtireachta de go meastar gur fiú iad a chosaint, ina n-aonar nó ina ngráigeanna, nó iad a shainiú de réir téama nó cineál foirgnimh ar leith ar comharthaí sóirt iad de shaincharachtar Fhine Gall.

Is é Cuid IV den Acht um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú a leagann síos an bunús dlí do chaomhnú agus d'fheabhsú na hoidhreachta ailtireachta. Cuimsíonn an reachtaíocht an dá phríomhshásra seo faoina gcaomhnaítear na sócmhainní sin: an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (TDC) agus Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCA). Tugtar saintreoir maidir le cur i bhfeidhm agus bainistiú na gcosaintí reachtúla sin i bhfoilseachán de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dar teideal Architectural Heritage Protection: Guidelines for Planning Authorities (2011). Tá an Roinn tar éis réimse foilseachán eile a eisiúint sa tsraith Advice Series chun treoir agus comhairle níos mionsonraithe a thabhairt maidir le hábhair stairiúla foirgníocht agus saincheisteanna a bhaineann leo, m.sh. cúrsaí cothabhála, teacht isteach, fuinneoga, iarann-obair agus bríc-obair.

Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (TDC)

Tá freagracht dlí ar gach Údarás Áitiúil Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (TDC) a chur i dtoll a chéile. Is féidir déanmhais, nó codanna díobh, a chur leis an Taifead má mheastar tábhacht speisialta ailtireachta, seandálaíochta, stairiúil, chultúrtha, ealaíne, eolaíochta, shóisialta agus/nó theicniúil a bheith leo. Mura sonraítear a mhalairt, cuimsíonn Déanmhas Cosanta a thaobh istigh agus amuigh, an talamh laistigh dá chúirtealáiste, aon déanmhais eile atá laistigh den chúirtealáiste sin agus a dtaobhanna istigh agus amuigh féin, mar aon leis na feistí agus na gnéithe ar fad ar cuid de thaobhanna istigh nó amuigh aon cheann de na déanmhais sin. Ciallaíonn cúirtealáiste an dáileacht talún a bhaineann go díreach leis an Déanmhas Cosanta agus is ionann é de ghnáth agus teorainn úinéireachta na réadmhaoine. D'fhéadfadh píosaí móra réadmhaoine amhail eastáit tuaithe, ionaid institiúide agus láithreáin tionsclaíocha tailte fairsinge a bheith acu a chuimsíonn déanmhais bhreise laistigh dá gcúirtealáiste nó dá dtailte coimhdeacha a bhfuil nasc feidhme nó staire acu leis an bpríomhfhoirgneamh. Is minic a rinneadh suíomh na ndéanmhas breise sin agus leagan amach na dtailte mórthimpeall orthu a dhearadh go cúramach sa tslí is go rachaidís chun leas an Déanmhais Chosanta ó thaobh radhairc nó feidhme de. Is féidir mar sin go gcuirfeadh suíomh an Déanmhais Chosanta, is é sin an áit a bhfuil sé suite agus an chaoi a bhfuil sé suite ann, go mór lena shainghné speisialta. Ní mór cead pleanála a fháil le haghaidh aon oibreacha a dhéanfadh athrú ábhartha ar shainghné an déanmhais chosanta.

Tá an TDC reatha iniata leis an Dréachtphlean seo in Aguisín 2. Is féidir an TDC a athrú am ar bith ach déanamh de réir na nósanna imeachta a leagtar amach in Alt 55 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000. Beidh an TDC nuashonraithe, a chuimseoidh aon rud a cuireadh leis nó a baineadh de le linn shaolré an Phlean Forbartha reatha, á choimeád ar shuíomh idirlín na Comhairle, nó d'fhéadfaí é a cheadú ag an gcabhantar poiblí in Oifigí na Comhairle.


Cuspóir OC18

Athbhreithniú a dhéanamh ar an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta ar bhonn leanúnach agus déanmhais sainleasa a chur leis mar is iomchuí, lena n-áirítear gnéithe tábhachtacha den oidhreacht thionsclaíoch, mhuirí nó dhúchasach agus aon déanmhas fiúntais de chuid na fichiú haoise.


Cuspóir OC19

Maidir le forbairt nó athrú ar bith a dhéantar ar Dhéanmhas Cosanta agus/nó ar a shuíomh, agus maidir le síneadh ar bith a chuirtear leis, é a chinntiú go lonnófar agus go ndearfar go híogair iad, go mbeidh siad oiriúnach dá shainghné speisialta, agus gur ag teacht leis an Déanmhas Cosanta atá ann cheana a bheidh scála, méid, airde, dlús, leagan amach agus ábhair na bhforbairtí, na n-athruithe nó na síntí sin atá beartaithe, chomh maith leis an tionchar a bheadh acu ar ghnéithe seandálaíochta nó stairiúla agus an dóigh a nascfaí leis an Déanmhas Cosanta bunaidh iad.


Cuspóir OC20

Féachaint leis go ndéanfar cruth agus sláine struchtúrtha an Déanmhais Chosanta a choinneáil in aon athfhorbairt agus go gcaomhnófar an caidreamh idir an Déanmhas Cosanta, foirgnimh atá tadhlach leis agus gnéithe deartha den tírdhreach nó de radharcanna ar an déanmhas nó amach uaidh.


Cuspóir OC21

Spreagadh a thabhairt le Déanmhais Chosanta agus a gcuid tailte a athúsáid, a athchóiriú agus a choinneáil go báúil iomchuí, lena n-áirítear teacht a bheith ag an bpobal orthu, ar mhaithe le caomhnú ardchaighdeáin an Déanmhais Chosanta mar aon lena leas, lena shainghné agus lena shuíomh speisialta. I gcásanna áirithe, d'fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar shrianta criosaithe láithreáin a mhaolú d'fhonn buanchoimeád agus caomhnú an Déanmhais Chosanta a éascú má oireann an úsáid bheartaithe don déanmhas atá ann cheana. Ní cheadófar sin ach amháin sa chás go bhfuil an fhorbairt i gcomhréir le beartais chaomhnaithe agus le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair.


Cuspóir OC22

Úsáid nó athúsáid na nDéanmhas Cosanta go léir in ionad agus diméin Ospidéil Naomh Íde i bPort Reachrann a chur chun cinn mar thosaíocht de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. In ainneoin na maitríse den aicme úsáide LMÁ (Criosú i gCeantar Líon Mór Áiseanna), beidh na húsáidí iomchuí a bhaintear as na Déanmhais Chosanta agus na tailte coimhdeacha a ghabhann leo, lena n-áirítear úsáidí atá bainteach agus comhsheasmhach leis an úsáid a bhaintí go stairiúil as an ionad ina iomláine (arna bhunú roimh bhunadh an Stáit Éireannaigh), á gcur chun cinn go gníomhach agus á ligean dul ar aghaidh faoi réir toiliú iomchuí i gcásanna ina n-éireoidh leis na gníomhaíochtaí sin an t-ionad a chur chun athúsáide amach anseo, ar shlí fheidhmiúil inbhuanaithe, agus a mbeidh caomhnú cuí agus forbairt inbhuanaithe Ospidéal Naomh Íde de thoradh orthu.


Cuspóir OC23

É a chinntiú go ndéanfaidh tograí ar fhorbairtí móra agus ar thionscadail bonneagair breithniú ar an tionchar a bheadh acu ar an oidhreacht seandálaíochta agus go bhféachfaidh siad lena sheachaint. Ba chóir go mbeadh fad agus bealach na dtionscadal sin, agus na seirbhísí agus comharthaíocht a ghabhann leo, sách fada ó Dhéanmhais Chosanta, lonnaithe lasmuigh de theorainneacha thírdhreacha stairiúla a dearadh, agus nach gcuirfidh siad isteach ar radharcanna saindeartha. Nuair nach féidir sin, ní mór an tionchar físiúil a laghdú oiread agus is féidir trí bhearta maolaithe iomchuí a ghlacadh amhail dearadh ardchaighdeáin agus/nó scáthphlandáil.


Cuspóir OC24

Scartáil nó athrú míchuí ar Dhéanmhais Chosanta a chosc.


Cuspóir OC25

Dea-chleachtas bainistíochta, cúraim agus cothabhála ar Dhéanmhais Chosanta a léiriú ach leanúint de bheith ag coimisiúnú Pleananna Caomhnaithe le haghaidh na bpríomhphíosaí réadmhaoine oidhreachta atá i seilbh na Comhairle agus beartais agus bearta na bPleananna Caomhnaithe sin atá ann cheana a chur i bhfeidhm.


Cuspóir OC26

Iniúchóireacht agus measúnacht a dhéanamh ar an mbail atá ar gach Déanmhas Cosanta atá i seilbh na Comhairle agus plean bainistíochta/cothabhála le haghaidh na ndéanmhas sin a cheapadh.


Cuspóir OC27

Cinnte a dhéanamh de go mbeidh na bearta a ghlacfar chun éifeachtúlacht fuinnimh Dhéanmhas Cosanta agus fhoirgneamh stairiúil a uasghrádú báúil do mhodhanna agus d'ábhair tógála traidisiúnta agus nach n-imreoidh siad drochthionchar fisiciúil, aeistéitiúil ná físiúil ar an déanmhas. Ba chóir go leanfaidh siad na prionsabail agus an treoir a thugtar san fhoilseachán de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta dar teideal Energy Efficiency in Traditional Buildings.

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCA)

Skerries Mills aerial photo

Is é atá i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) áit, ceantar, grúpa déanmhas nó bailedhreach a bhfuil leas nó luach speisialta ailtireachta, stairiúil, seandálaíochta, ealaíne, cultúrtha, eolaíochta, sóisialta nó teicniúil aige, nó a chuireann leis an léirthuiscint ar dhéanmhais chosanta.

D'fhéadfaí sraith tithe nó sráid-dreach iomlán a bheith ina LCA, mar shampla, nó lár baile nó gráig bheag déanmhas a bhaineann le foirgneamh ar leith amhail muileann nó teach mór. Tá an chuid is mó de na déanmhais i Limistéar Caomhantais Ailtireachta tábhachtach i gcomhthéacs a gcuireann siad leis an sráid-dreach nó le sainiúlacht an cheantair. Fágann sin nach mbaineann an stádas cosanta de ghnáth ach le taobh amuigh na bhfoirgneamh nó leis an sráid-dreach, seachas más Déanmhais Chosanta laistigh den LCA atá i gceist óir tá taobh istigh agus cúirtealáistí na réadmhaoine sin faoi chosaint chomh maith. Ní mór cead pleanála a fháil le haghaidh aon oibreacha a dhéanfadh athrú ábhartha ar shainghné an Limistéir.

Tábla 10.1 Limistéir Chaomhantais Ailtireachta i bhFine Gall

An Aill
An Seanbhaile
Baile Brigín – Uimh. 14 go 28 Sráid Hampton (ré-uimhreacha amháin)
Baile Dúill
Baile Gháire
Baile Scadán
Baile an Ridire
Baile an Rólaigh
Binn Éadair – Ardán Neasáin, Ardán Pheadair, Ardán Radharc na Mara & an tAgard
Binn Éadair – Bóthar & Páirc Nashville
Caisleán Cnucha
Cill Fhionntain – Ardán Martello, Bóthar na Trá
Cill Fhionntain – Crois Chill Fhionntain & an ceantar máguaird
Cill Fhionntain – Uimh. 20a go 26 Bóthar na Trá
Diméin Abbeville
Diméin Ard Giolláin
Diméin Bhaile an Mhiolbhardaigh
Diméin Chaisleán Bhinn Éadair
Diméin Chaisleán Mhullach Íde
Domhnach Bat – Diméin an Droichid Nua & An Chearnóg
Lusca
Lár Stairiúil Bhaile Brigín
Lár Stairiúil Bhinn Éadair
Lár Stairiúil Mhullach Íde
Mullach Íde – An Bábhún, Iostáin Parnell & Bailtíní San Sailbheastar
Na Sceirí
Port Reachrann – An Chearnóg Dhearg
Port Reachrann – An Chearnóg Liath
Port Reachrann – Ionad Ospidéil Naomh Íde
Seanbhóthar Phort Mearnóg (Bóthar Dhroimeanaigh)

Diméin Bhaile LotrailTaispeántar teorainn gach Limistéir ar léarscáileanna an Dréachtphlean Forbartha a ghabhann leis an ráiteas scríofa seo.


Cuspóir OC28

Limistéir nua a d'fhéadfadh a bheith ann a aithint agus na Limistéir atá ann cheana a mheas agus a athrú más gá le linn shaolré an Phlean.


Cuspóir OC29

Miontreoir faoi gach Limistéar a thabhairt mar Ráiteas Sainghné, agus athbhreithniú a dhéanamh air nuair is gá, ina sonraítear sainghné speisialta gach limistéir agus a dtugtar treoir maidir le hoibreacha a d'imreodh tionchar air sin.


Cuspóir OC30

Gan déanmhais agus gnéithe suaithinseacha díobh a chuireann go dearfach le sainghné LCA a bhaint (amhail an chaoi ar déileáladh le teorainneacha, troscán sráide, pábháil agus tírdhreachú).

Soláthar Foirgneamh Stairiúil agus an Oidhreacht Dhúchasach

Tá soláthar fairsing d'fhoirgnimh agus de dhéanmhais mhodhúla stairiúla scaipthe ar fud na tuaithe agus i mbailte agus sráidbhailte Fhine Gall, cuid acu arna ndearadh ag ailtire nó innealtóir agus cuid eile ina ndéanmhais dhúchasacha nár tógadh de réir pleananna foirmeálta ach le hábhair agus modhanna traidisiúnta tógála. Is féidir nach sásaíonn na seanfhoirgnimh sin an critéar go mbeadh leorthábhacht speisialta leo chun iad a shainiú mar Dhéanmhais Chosanta, ach cuireann a gcruth, a scála, a gcuid ábhar agus a dtreoshuíomh go dearfach le tírdhreach na tuaithe agus le bailte agus sráidbhailte stairiúla Fhine Gall, agus dá réir sin le sainiúlacht an cheantair ina bhfuil siad. Is eiseamláir den fhorbairt inbhuanaithe é coinneáil agus athúsáid na bhfoirgneamh agus na ndéanmhas sin, mar sin tabharfaidh an Chomhairle spreagadh don phobal foirgnimh dhúchasacha a athúsáid go hiomchuí seachas cinn nua a chur ina n-áit nó iad a fhágáil in anchaoi.


Cuspóir OC31

Cothabháil, cur in oiriúint agus athúsáid bháúil an tsoláthair foirgneamh stairiúil a chur chun cinn agus an pobal a spreagadh chun creatlach bhunaidh na bhfoirgneamh sin a choinneáil, lena n-áirítear fuinneoga, doirse, cineálacha rindreála ballaí, clúdaigh dín, aghaidheanna siopa, aghaidheanna theach tábhairne agus gnéithe tábhachtacha eile d'fhoirgnimh stairiúla, bídís faoi chosaint nó ná bíodh.


Cuspóir OC32

Féachaint le méideanna stairiúla na gceapach talún atá fós ann agus leagan amach stairiúil na sráideanna i mbailte agus sráidbhailte Fhine Gall a choinneáil, mar aon le seanteorainneacha nó leaganacha amach, amhail ceapacha burgáiste agus teorainneacha bhaile fearainn, a thabhairt isteach arís in athfhorbairtí.


Cuspóir OC33

É a éileamh go mbeadh sé mar choinníoll ag oibreacha beartaithe bonneagair nó fóntais phoiblí i bhFine Gall gan troscán sráide stairiúil a bhaint, amhail colbhaí aolchloiche nó eibhir, clocha duirlinge, bosca poist d'iarann teilgthe, caidéil uisce, clocha míle agus soilse sráide, seachas i gcás ina gcruthaítear go soiléir gá eisceachtúil a bheith leis.


Cuspóir OC34

Troscán sráide nua-aimseartha agus gnéithe díobh, amhail boscaí fóntais, cáblaí, cuaillí, aeróga agus comharthaí, a dhearadh agus a lonnú i gcead don oidhreacht dhúchasach agus an gá atá leo a mhíniú.


Cuspóir OC35

Féachaint le soláthar foirgneamh stairiúil agus oidhreacht dhúchasach Fhine Gall, idir cheantair uirbeacha agus tuaithe an Chontae, a choinneáil, a léirthuiscint agus a athchóiriú go hiomchuí trí bheith ag tabhairt ar an bpobal gan déanmhais nua-aimseartha a chur in ionad seanfhoirgneamh a bhfuil dea-bhail orthu agus trí bheith ag cosaint na bhfoirgneamh sin (trí úsáid a bhaint as Limistéir Chaomhantais Ailtireachta agus an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta, chomh maith le gnáthnósanna Bainistíochta Forbartha) má chuireann siad le sainghné an cheantair nó an bhaile agus/nó más eiseamláirí neamhchoitianta iad de chineál áirithe déanmhais.


Cuspóir OC36

É a éileamh go mbeadh méid, scála, dearadh, cruth, leagan amach, agus ábhair na síntí a chuirtear le háitribh dhúchasacha nó a úsáidtear chun sciobóil stairiúla a athchóiriú ag freagairt don soláthar foirgneamh stairiúil i bhFine Gall agus go gcuirfidh siad go báúil leis an déanmhas bunaidh.


Cuspóir OC37

Staidéar ar fhoirgnimh cheann tuí i bhFine Gall a choimisiúnú le go dtuigfimid na bearta is gá a dhéanamh chun a chinntiú go mairfidh siad i bhfad.

Ceathrúna Cultúrtha

Tá an Chomhairle i ndiaidh ceathrú chultúrtha a shainiú gar do Chaisleán Shoird mar a bhfuil sé beartaithe dlús gníomhaíochtaí cultúrtha a fhorbairt agus a spreagadh. Tá glactha le Máistir-phlean um Cheathrú Chultúrtha Chaisleán Shoird.


Cuspóir OC38

Bheith ag tacú le forbairt chultúrtha Cheathrú Chultúrtha Chaisleán Shoird.

Oidhreacht Thionsclaíoch

Is cuid dár n-oidhreacht thionsclaíoch iad na láithreáin, déanmhais, innealra, déantáin agus gléasra a bhaineann le cúrsaí déantúsaíochta, iompair, cumarsáide, fóntais phoiblí, eastósctha amhábhair agus táirgeachta. De bharr a scafánta atá cúrsaí innealtóireachta agus teicneolaíochta ag dul chun cinn agus ag forbairt, tá cuid mhór dár n-oidhreacht thionsclaíoch stairiúil imithe as úsáid agus fágtha i mbaol tréigin, scartála, nó oiriúnaithe neamhbháúil. Tógadh foirgnimh thionsclaíocha sa chaoi is go bhfreastalóidís ar riachtanais fheidhmeanna ar leith. Fágann sin go bhféadfadh toisí a gcuid spáis, a leagan amach agus, uaireanta, an áit a bhfuil siad lonnaithe a bheith neamhghnách agus deacair a chur in oiriúint d'úsáidí eile. Ba cheart go mbeadh dearadh athfhorbartha ar bith a bheith múnlaithe ag tuiscint ar a thábhachtaí atá an déanmhas agus aon innealra nó gléasra atá fágtha ann. Ar chuid d'oidhreacht thionsclaíoch Fhine Gall tá déanmhais stairiúla iarnróid, calafoirt, tithe solais, droichid, clocha míle, monarchana, muilte, coraí, áitheanna aoil, ceártaí agus muilte gaoithe atá scaipthe ar fud an chontae. Táthar i ndiaidh Suirbhé ar Oidhreacht Thionsclaíoch Fhine Gall a choimisiúnú, a chuimsíonn suirbhé deisce agus allamuigh araon, chun stair fhorbairt na tionsclaíochta sa chontae a ríomh agus déanmhais thábhachtachta ba cheart a chosaint a shainiú.


Cuspóir OC39

Déanmhais nó gnéithe tábhachtacha den oidhreacht thionsclaíoch a shainítear sa Suirbhé ar Oidhreacht Thionsclaíoch Fhine Gall a chosaint, nuair is iomchuí sin, trína gcur leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta le linn shaolré an Phlean Forbartha.


Cuspóir OC40

An t-eolas sa Suirbhé ar Oidhreacht Thionsclaíoch Fhine Gall a úsáid chun measúnacht a dhéanamh ar thograí chun láithreáin oidhreachta tionsclaíche atá fós ann a fhorbairt.


Cuspóir OC41

Oidhreacht thógtha agus nádúrtha na Canálach Ríoga a chosaint agus a fheabhsú agus cinnte a dhéanamh de go ndearfar aon fhorbairt ina foisceacht go híogair agus ar dhóigh nach ndéanfaidh sé drochthionchar ar shainghné na Canálach, ar na codanna di a tógadh ná ar luach na hoidhreachta nádúrtha ann, agus go gcloífidh sé leis an (DRAFT) Waterways Irelands Heritage Plan 2016-2020.


Cuspóir OC42

Féachaint le droichid agus calafoirt stairiúla an chontae a choinneáil agus a dheisiú/chothabháil go hiomchuí, bídís ina nDéanmhais Chosanta nó ná bíodh.

Tírdhreacha Deartha – Gairdíní Stairiúla, Diméinte & Eastáit Tuaithe

Baineann tírdhreacha deartha stairiúla le gairdíní, fearainn pháirce, coillearnach, eastáit, agus páirceanna poiblí a leagadh amach go healaíonta d'aon ghnó. Comhdhéanamh ailtireachta agus garraíodóireachta atá iontu a cruthaíodh chun spás áineasa a chur ar fáil d'úinéirí na talún nó don phobal mór, ag baint leas as gnéithe tógtha agus nádúrtha araon, amhail crainn, toir, bláthanna, plásóga, linnte, uiscebhealaí, radhairc/léargais, baoiseanna, dealbha, garraithe daingne, geataí nó tithe geata. Uaireanta is tírdhreacha nó gairdíní foirmeálta iad inar cuireadh plandaí ornáideacha de réir patrúin shocraithe, patrúin gheoiméadracha go minic. Uaireanta eile is fearainn pháirce “nádúraithe” iad a bhfuil cuma na tuaithe orthu ach a dearadh go cúramach tríd a bheith ag pleanáil cá gcuirfí crainn, ina n-aonar nó i ngrúpaí, plásóga fairsinge oscailte agus ballaí teorann a dtugtaí ‘há hás’ orthu toisc go raibh siad báite sa tírdhreach sa chaoi nach gcuirfidís isteach ar radhairc na tuaithe.

Ar ghnéithe ailtireachta ghairdíní stairiúla, idir bheag agus mhór, tá:

  • Plean agus topagrafaíocht
  • Fásra, m.sh. speicis, coibhneas méide agus airde, scéimeanna dathanna agus spásáil
  • Gnéithe struchtúrtha agus ornáideacha
  • Uisce (reatha nó ciúin)

 

Walled Garden Ardgillan Demesne

Ós rud é nach bhfuil traidisiún de pháirceanna poiblí uirbeacha ná gairdíní reilige i bhFine Gall, is iad diméinte agus tailte eastáit a bhí faoi úinéireacht phríobháideach ó thús is mó atá ar thírdhreacha deartha an chontae, mar shampla Diméin Chaisleán Mhullach Íde, Diméin Chaisleán Bhaile Lotrail, Diméin an Droichid Nua, Diméin Chaisleán Bhinn Éadair agus Páirc an Fhionnuisce. Rinne an Fardal Náisiúnta ar Oidhreacht Ailtireachta (NIAH) measúnacht ar léarscáileanna stairiúla den 19ú céad ónar sainíodh thart ar 130 diméin nó tírdhreach deartha a bhí laistigh de dhlínse Fhine Gall ag an am, ach seans nach maireann siad uile sa lá inniu.


Cuspóir OC43

Suirbhéanna atá ann cheana a úsáid chun a bhfuil fágtha den tírdhreach deartha stairiúil i bhFine Gall a shainiú agus a mheas agus caomhnú a sainghnéithe bunúsacha, idir thógtha agus nádúrtha, a chur chun cinn.


Cuspóir OC44

É a éileamh go gcuimseofaí i dtograí forbartha i dtírdhreacha deartha stairiúla breithmheas ar an tírdhreach deartha (measúnacht éiceolaíochta san áireamh) sula dtosófar ag dearadh forbairt ar bith. Ar an gcaoi sin, múnlóidh an measúnú seo dearadh a chaithfidh íogaireacht agus meas a léiriú do ghnéithe tógtha na hoidhreachta agus do luach spásanna glasa an láithreáin.


Cuspóir OC45

Cinnte a dhéanamh de go mbeidh aon fhorbairt i bhFine Gall a dhéantar feadh imlíne Pháirc an Fhionnuisce ag cloí leis an bhfoilseacheán de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí dar teideal Páirc an Fhionnuisce: Plean um Bainistiú Caomhnaithe, nach n-imreoidh sé drochthionchar ar an bPáirc, nach ndéanfaidh sé damáiste d'aon cheann de na gnéithe tógtha feadh a himlíne agus nach gcuirfidh sé isteach ar aon cheann de na léargais thábhachtacha uirthi nó amach uaithi.


Cuspóir OC46

Tá Comhairle Contae Fhine Gall agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) tar éis staidéar indéantachta a dhéanamh i gcomhar a chéile ar Ospidéal Naomh Íde d'fhonn a fhiosrú cén úsáid inbhuanaithe is fearr a bhaint as an ionad sin amach anseo agus chun breithniú a dhéanamh ar shaoráidí nua-aimseartha a fhorbairt le haghaidh cúram sláinte síciatrach agus úsáidí coimhdeacha (saoráidí lena bhféadfaí Ospidéal de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Meabhairshláinte Fóiréinsí a áireamh), ag tabhairt aird chuí ar íogaireacht chultúrtha, fhísiúil agus éiceolaíochta an láithreáin. Is aidhm le Comhairle Contae Fhine Gall a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm na cuspóirí a leagtar síos sa staidéar indéantachta sin a bhaineann leis na nithe seo a leanas: an soláthar foirgneamh stairiúil agus na Déanmhais Chosanta atá ann cheana a athúsáid go hiomchuí agus cothabháil agus bainistíocht leanúnach a dhéanamh orthu; na crainn agus an choillearnach atá ann cheana a chothabháil agus a bhainistiú go leanúnach agus bealaí rochtana a sholáthar agus a chothabháil le go mbeidh cead gluaiseachta iomchuí ag an bpobal tríd an láithreán.

Feasacht agus Teacht ar an Acmhainn Seandálaíochta

Má aithníonn agus má thuigeann gach cuid den tsochaí an tábhacht atá leis an oidhreacht ailtireachta, sin an chaoi is fearr a chosnófar agus a chaomhnófar í. Tá sé tábhachtach feasacht an phobail i leith thábhacht na láithreán agus na ndéanmhas cosanta a ardú, go mbeidh a fhios acu cá bhfuil na nithe sin, agus go dtuigfidh siad a luachmhaire atá an soláthar foirgneamh stairiúil ó thaobh na inbhuanaitheachta agus na haeistéitice de araon. Féadfaidh an Chomhairle cabhrú le fíorú na físe sin ach foilseacháin ábhartha agus nótaí treorach a tháirgeadh, nó tacaíocht a thabhairt chuige sin, taispeántais agus seimineáir a reáchtáil, táirgí turasóireachta cultúrtha a fhorbairt agus feabhas a chur ar an teacht ar láithreáin atá faoi úinéireacht na Comhairle. Ní féidir leis an gComhairle ceadú don phobal dul isteach ar réadmhaoin phríobháideach ach, má iarrtar é, féadfaidh sí comhairle agus treoir a thabhairt dóibh siúd ar leo láithreáin agus déanmhais phríobháideacha atá oscailte don phobal maidir leis an gcaoi ar féidir leo a réadmhaoin a chur in oiriúint go híogair agus feabhas a chur ar chúrsaí rochtana do chách.


Cuspóir OC47

Tuiscint ar oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta Fhine Gall a chur chun cinn trí tháirgí turasóireachta cultúrtha a fhorbairt, cainteanna a thabhairt, taispeántais a dhéanamh agus foilseacháin a tháirgeadh.


Cuspóir OC48

Teacht atá oiriúnach do chách ar láithreáin oidhreachta seandálaíochta agus ailtireachta a chur ar fáil nuair is iomchuí. Agus an teacht sin á cur ar fáil, cinnte a dhéanamh de go gcuirfear san áireamh a thábhachtaí atá oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta an láithreáin.


Cuspóir OC49

Féachaint le freastal don phobal uile agus feabhas a chur ar a dteacht ar na láithreáin oidhreachta seandálaíochta agus ailtireachta úd de chuid na Comhairle atá oscailte don phobal i gcoitinne trí eolas a scaipeadh ar shuíomh idirlín na Comhairle a mhíníonn an teacht atá ar na láithreáin agus, nuair is iomchuí agus tar éis dúinn measúnú a dhéanamh a léiríonn nach ndéanfar damáiste do thábhacht an láithreáin, clár oibreacha a bhunú chun feabhas a chur ar an teacht fhisiciúil a bheidh ag an bpobal ar réadmhaoin de chuid na Comhairle ina gcloífear le dea-chleachtais chaomhantais.

Malahide Castle

10.4 Oidhreacht Teanga

Spreagaimid don phobal an Ghaeilge a labhairt mar chuid de ghnáthchúraimí an lae. Dúirt thart ar 38% de mhuintir Fhine Gall go raibh Gaeilge acu in 2011 (www.cso.ie). Tá ról tábhachtach le himirt ag an gComhairle dá bharr leis an teanga a chur chun cinn sa chontae. Tá an Dréachtphlean Forbartha in ann oidhreacht chultúrtha agus teanga an cheantair a chur chun cinn agus a chosaint trí bheith ag díriú ar chúrsaí spásúla agus úsáide talún le haghaidh an chuspóra sin. Leanfaidh an Chomhairle de bheith ag tacú le tionscnaimh ag leibhéal an chontae chun an dátheangachas a neartú ann.


Cuspóir OC50

Próifíl na Gaeilge a ardú i gceantair uirbeacha agus tuaithe araon agus tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge trí éascaíocht a dhéanamh do sholáthar saoráidí Gaeilge.


Cuspóir OC51

Cinnte a dhéanamh de go dtabharfar ainmneacha Gaeilge ar eastáit chónaithe agus ar scéimeanna úsáide measctha atá bunaithe ar an stair áitiúil, ar an mbéaloideas áitiúil agus/nó ar logainmneacha áitiúla agus go luafar na hainmneacha Gaeilge sin leo.


Cuspóir OC52

Spreagadh a thabhairt le húsáid agus cur chun cinn ainmneacha na mbailte fearainn, idir Ghaeilge agus Bhéarla, a bhí agus atá fós le fáil i gceantair uirbeacha agus tuaithe, d'fhonn comharthaí a bhfuil na hainmneacha sin orthu a sholáthar.


Cuspóir OC53

Bheith ag tacú le húsáid na Gaeilge ar aghaidheanna siopa.


Cuspóir OC54

An Ghaeilge agus an cultúr traidisiúnta Gaelach a chur chun cinn, chomh maith le hoidhreacht chultúrtha agus teanga na nÉireannach nua/na n-inimirceach i bhFine Gall, agus imeachtaí a reáchtáil a dhéanfaidh ár n-oidhreacht chultúrtha a cheiliúradh.


Cuspóir OC55

Ní bheimid in ann ár gcontae a fhorbairt gan ár dteanga agus ár gcultúr a chur chun cinn. Bunaíodh Coiste Gaeilge Comhairle Fhine Gall chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn, Seachtain na Gaeilge a fhorbairt agus úsáid na Gaeilge ar aghaidheanna siopa a spreagadh. Tá an coiste sin á chur cinn arís i bPlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023.

Clár ábhair

Baile