Caibidil 1: Réamhrá agus Comhthéacs Straitéiseach

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

An Dréachtphlean Forbartha

I nDréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 leagtar amach beartais agus cuspóiríbeartaithe na Comhairle um fhorbairt an Chontae i gcaitheamh thréimhse an Phlean. Is í aidhm an Phlean ná sócmhainní sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha an Chontae a fhorbairt agus a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe.

Clúdaíonn ceantar riaracháin Fhine Gall os cionn 450 ciliméadar cearnach agus cuimsítear 88km d'imeallbhord sciamhach. Síneann an Contae ó Abhainn na Life agus teorainn Chathair Bhaile Átha Cliath sa deisceart go teorainn na Mí thuaidh ó Bhaile Brigín, agus soir ón gcósta go teorannacha na Mí agus Chill Dara san iarthar. Tá cónaí ar an daonra is óige sa Stát (273,999 duine i nDaonáireamh 2011) i bhFine Gall, agus is príomhthréith den Chontae é sin agus é ag freastal ar dhaonra méadaitheach Bhaile Átha Cliath.

Tá nádúr éagsúil ag an gContae a chuimsíonn idir ceantair uirbeacha agus tuaithe, an cósta, gleannta abhann agus ceantair ardtalún. I measc na bpríomhcheantar uirbeach tá Sord, Baile Bhlainséir, Baile Brigín, Lusca, An Ros, Domhnach Bat, Mullach Íde, Port Mearnóg, Baile Dúill, Cill Fhionntain, Binn Éadair, Baile Ghrífín, Belcamp, Seantrabh, Baile Shéarlais agus Baile Maidheac. Tá nádúr tuaithe ag an gcuid eile den Chontae agus cuimsítear na sráidbhailte Baile Scadán, an Aill, Baile Gháire, an Seanbhaile, Baile Bachaille, Baile an Rólaigh, Móinéar na hAbhann, Cúil Chaoith agus Cionn Sáile.

1.1 Réamhphróiseas Comhairliúcháin le haghaidh Dhréacht-Phlean Forbartha Fhine Gall, 2017-2023

Faoi Alt 11(1) den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar atá leasaithe) ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar an bplean reatha, Plean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 agus plean nua a ullmhú, chun an tréimhse 2017-2023 a chlúdach, ceithre bliana ar a dhéanaí tar éis Plean Forbartha a dhéanamh.

Leis an bpróiseas forordaithe tugtar tréimhse 99 seachtaine chun an Plean Forbartha a dhéanamh. San Acht Pleanála agus Forbartha 2000 foráiltear do thréimhse ama breise i gcás go mbeadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) nó Measúnacht Chuí (MC) ag teastáil le haghaidh aon leasú ábhartha. Déantar foráil san Acht do thrí thréimhse de chomhairliúchán poiblí.

Seo a leanas a bhí mar chuid den phróiseas réamhcomhairliúcháin:

  • Cuireadh tús leis an bpróiseas athbhreithnithe foirmiúil ar an 20ú Márta 2015 agus bhí tréimhse réamhchomhairliúcháin ar siúl ón 20 ú Márta 2015 go dtí an 15ú Bealtaine 2015. Ullmhaíodh páipéir ar shaincheisteanna cúlra a raibh nádúr straitéiseach ag baint leo agus scaip an tÚdarás Pleanála iad siúd chun feasacht a mhúscailt faoi na saincheisteanna éagsúla, lenar áiríodh straitéis lonnaíochta, comhfhorbairt áite agus pobail, bonneagar agus gluaiseacht, forbairt eacnamaíochta, bonneagar glas agus oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha. Rinneadh Leabhrán Réamhdhréachta dar teideal‘Plean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 – Be Part of It’, (a foilsíodh i mBéarla agus i nGaeilge araon) agus rinneadh é a sheachadadh chuig gach teaghlach i Márta / Aibreán.
  • Ar an 20ú Márta 2015, cuireadh fógra san Irish Times inar tugadh le fios go rabhthas chun tús a chur leis an athbhreithniú ar Phlean Forbartha Fhine Gall. Ina theannta sin scríobh an Chomhairle chuig gach comhlacht forordaithe chun iad a chur ar a n-eolas faoin athbhreithniú agus tugadh cuireadh dóibh aighneachtaí agus breathnóireachtaí a chur faoina bráid. Seoladh preaseisiúintí chuig na nuachtáin áitiúla agus náisiúnta go léir i Márta, in Aibreán agus i Meán Fómhair 2015. Foilsíodh ailt sa Fingal Independent, North County Leader, Swords Gazette, Blanchardstown Gazette agus sa Northside People East in Aibreán 2015 inar fógraíodh próiseas athbhreithnithe an Phlean Forbartha agus cruinnithe poiblí.
  • Iarradh aighneachtaí faoi shaincheisteanna straitéiseacha agus reáchtáladh roinnt cruinnithe ceardlainne in Aibreán agus i mBealtaine 2015, agus tugadh cuireadh do bhaill den phobal, do ghrúpaí áitiúla pobail agus gnó, do pháirtithe leasmhara agus do chomhlachtaí forordaithe freastal orthu. Reáchtáladh Ceithre hOíche Comhairliúcháin Phoiblí mar seo a leanas:
    • Port Mearnóg / Mullach Íde / Binn Éadair agus Fine Gall Theas (Marine Hotel, Cill Fhionntain, 14ú Aibreán 2015)
    • Sord agus Fine Gall Láir (Carnegie Court Hotel, Sord, 21ú Aibreán 2015)
    • Baile Brigín agus Fine Gall Thuaidh (Bracken Court Hotel, Baile Brigín, 23ú Aibreán 2015)
    • Baile Bhlainséir agus Fine Gall Thiar (Oifigí Cathrach, Baile Bhlainséir, 28ú Aibreán 2015)

Reáchtáladh trí chruinniú páirtí leasmhair i mí Aibreáin agus mí Bhealtaine 2015 le haghaidh páirtithe leasmhara Gnó agus comhlachtaí Pobail, Deonacha, Comhshaoil agus Pobail agus Stáit.

Cuireadh os cionn 2,380 dearcadh agus tuairim aonair in iúl ag na cruinnithe sin. Fuarthas 325 aighneacht san iomlán le linn na tréimhse réamhchomhairliúcháin sin.

  • Chuaigh an Chomhairle i mbun próisis chomhairliúcháin fhairsing trí mheáin éagsúla lenar áiríodh fógraí nuachtáin foilsithe, tuairiscí chun dáta ar an láithreán gréasáin, leabharlanna áitiúla, agus taispeántais eolais in Oifigí na Comhairle i mBaile Bhlainséir agus i Sord. Foilsíodh sonraí faoi Athbhreithniú an Phlean, i dteannta le doiciméid ábhartha eile lenar áiríodh na Páipéir Saincheisteanna Cúlra ar láithreán gréasáin na Comhairle. Chomh maith leis sin, cuireadh áis ar fáil chun aighneachtaí a dhéanamh ar líne. Baineadh úsáid as na meáin shóisialta chun eolas a scaipeadh ar Twitter agus Facebook, chomh maith le póstaeir traidisiúnta i gceantair phoiblí chun feasacht faoin bpróiseas agus rannpháirtíocht ann a chur chun cinn.
  • Ullmhaíodh Tuarascáil Príomhfheidhmeannaigh (Tuarascáil PF) (de réir Alt11(4)(a) den Acht Pleanála agus Forbartha (mar atá leasaithe), a scaipeadh chuig comhaltaí tofa le breithniú i mí Iúil 2015. Gné eile a chuir le hullmhú Thuarascáil an PF ná tuairimí na mball den phobal a d'fhreastail ar na hoícheanta cheardlann comhairliúcháin phoiblí agus na n-ionadaithe a d'fhreastail ar na cruinnithe do pháirtithe leasmhara, chomhlachtaí forordaithe agus ghrúpaí pobail agus gnó.
  • Rinne na Comhaltaí breithniú ar Thuarascáil an PF ag dhá chruinniú ar an 4ú agus an 11ú Meán Fómhair 2015 agus threoraigh siad an Príomhfheidhmeannach chun an Dréachtphlean Forbartha a ullmhú.

Tríd an bpróiseas réamhchomhairliúcháin sin, ligeadh don phobal páirt a ghlacadh in ullmhú an Phlean ag céim luath, agus tugadh deis do gach páirtí leasmhar a raibh spéis acu i bhforbairt an Chontae, lenar áiríodh cónaitheoirí, soláthraithe seirbhíse, cuairteoirí agus infheisteoirí, a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le déanamh Phlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023.

Léiríonn Figiúr 1.1. próiseas athbhreithnithe an Phlean Forbartha agus an t-amscála táscach.

Figiúr 1.1 Próiseas Athbhreithnithe an Phlean Forbartha agus Amfhráma Táscach

1.2 Cúlra Reachtúil Phlean Forbartha Fhine Gall, 2017-2023

Ullmhaíodh an Dréachtphlean seo de réir cheanglais an Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar atá leasaithe). Sna hAchtanna seo leagtar amach ceanglais sainordaitheacha le cuimsiú i bPlean Forbartha. Tá siad siúd déanta suas, inter alia, de chuspóirí um chriosú talún, sholáthar bonneagair, caomhnú agus cosaint an chomhshaoil, agus pleanáil agus forbairt inbhuanaithe a chomhtháthú i gceanglais sóisialta, phobail agus chultúrtha an cheantair agus a dhaonra. Cuimsíonn sé freisin an ceanglas ‘straitéis lárnach’ a fhorbairt don Chontae, nach mór bheith i gcomhréir, an oiread is féidir, leis na cuspóirí forbartha Náisiúnta agus Réigiúnacha mar atá leagtha amach sa Straitéis Náisiúnta Spásúil (SNS) agus sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (TPRanna).

De réir na reachtaíochta Eorpaí agus Náisiúnta, rinne an Chomhairle Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus Measúnacht Chuí (MC) faoin Treoir maidir le Gnáthóga, a threoraigh ullmhú an Dréachtphlean Forbartha seo. Déantar na measúnuithe sin ionas gur féidir tionchar chuspóirí beartaithe an Dréachtphlean ar an gcomhshaol a mheas, agus úsáidtear iad chun an Dréachtphlean a threorú chun déanamh cinnte go bhfreagraíonn ár dtimpeallacht thógtha d'íogaireachtaí agus do riachtanais na timpeallachta tógtha leithne.

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta

Rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) mar a éilíodh faoi na Rialacháin Phleanála agus Forbartha (Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta) 2004, mar chuid d'ullmhú an Dréachtphlean seo. Is é atá i MST ná an próiseas trína gcuimsítear ábhair chomhshaoil in ullmhú pleananna agus clár. Cuimsíodh go hiomlán torthaí an phróiseas MST in ullmhú agus i ndéanamh an Dréachtphlean seo. Foilsíodh an Tuarascáil Comhshaoil a tháinig chun cinn uaithi mar dhoiciméad ar leithligh i dteannta leis an Dréachtphlean seo.

Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte

Tugadh faoi Mheasúnú Straitéiseach Baol Tuilte (MSBT) do cheantar an phlean agus treoirlínte pleanála an Aire ar An Córas Pleanála agus Bainistíocht Tuilte á dtógáil san áireamh. Cuimsíodh Measúnú Baol Tuilte sa phróiseas. Foilsíodh an Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte mar dhoiciméad ar leithligh i dteannta leis an Dréachtphlean seo.

Measúnacht Chuí

I dTreoir 92/43/CEE ó Chomhairle an AE ar Caomhnú Gnáthóg Nádúrtha agus Fána agus Flóra Fhiáin, ar a dtugtar 'An Treoir i leith Gnáthóg' uirthi go coitianta, déantar foráil um chosaint dlíthiúil do ghnáthóga agus speicis a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh na hEorpa, trí líonra láithreán a bhunú agus a chaomhnú ar fud an AE ar a dtugtar láithreáin Eorpacha (Natura 2000). Is é atá iontu siúd ná Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta iarrthóra (LCaSinna) a ainmníodh faoin Treoir i leith Gnáthóg agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCoSanna) a ainmníodh faoin Treoir maidir le hÉin Fhiáine a Choimeád (79/409/CEE). In Airteagal 6(3) bunaítear an ceanglas um Measúnacht Chuí (MC) ar phleananna agus thionscadail ar cosúil go mbeidh tionchar acu ar láithreáin Eorpacha (Natura 2000). Rinneadh Measúnacht Chuí mar chuid d'ullmhú an Dréachtphlean seo. Foilsíodh Tuarascáil Tionchair Natura mar dhoiciméad ar leithligh i dteannta leis an Dréachtphlean seo.

Treoirlínte ón Aire

Tógadh san áireamh Treoirlínte ón Aire a eisíodh chuig Údaráis Phleanála maidir lena gcuid feidhmeanna faoi na hAchtanna Pleanála agus an Plean seo á dhéanamh agus tá siad curtha i bhfeidhm anois sna caibidlí éagsúla, de réir Alt 28 den Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar atá leasaithe).

1.3 Foirm agus Ábhair Phlean Forbartha Fhine Gall

Ullmhaíodh Dréachtphlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 de réir cheanglais an Acht Pleanála agus Forbartha 2000 (mar atá leasaithe). Téann an Plean seo in ionad Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 agus tá sé déanta suas de Ráiteas Scríofa, de Léarscáileanna agus d'Aguisíní.

Tá an Ráiteas Scríofa roinnte ina 12 chaibidil ar leithligh agus i gCaibidil 1 agus 2 leagtar amach fís, comhthéacs straitéiseach, aidhmeanna, spriocanna agus na straitéisí lonnaíochta agus lárnacha don Chontae. I gCaibidil 3 go 10 leagtar amach na beartais, na cuspóirí agus na gníomhartha a theastaíonn faoi réimse ábhar lena n-áirítear comhfhorbairt áite agus pobail, bonneagar glas, forbairt eacnamaíochta, bonneagar agus gluaiseacht, Fine Gall uirbeach agus tuaithe, agus oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha. I gCaibidil 11 agus 12 leagtar amach na beartais um chriosú úsáide talún agus na caighdeáin bainistíochta forbartha don Chontae.

  • Caibidil 1: Réamhrá agus Comhthéacs Straitéiseach
  • Caibidil 2: Príomhstraitéis agus Straitéis Lonnaíochta
  • Caibidil 3: Comhfhorbairt Áite
  • Caibidil 4: Fine Gall Uirbeach
  • Caibidil 5: An Tuath i bhFine Gall
  • Caibidil 6: Forbairt Eacnamaíoch
  • Caibidil 7: Bonneagar agus Gluaiseacht
  • Caibidil 8: Bonneagar Glas
  • Caibidil 9: Oidhreacht Nádúrtha
  • Caibidil 10: Oidhreacht Chultúrtha
  • Caibidil 11: Cuspóirí Criosaithe le haghaidh Úsáid Talún

Sna hAguisíní tá Straitéis Tithíochta na Comhairle, an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta agus Séadchomharthaí Taifeadta, Treoracha Úsáide Teicniúla d'Aicmí Úsáide, ráiteas ina dtugtar sonraí faoi chur i bhfeidhm Treoirlínte ón Aire, agus Cuspóirí Áitiúla bunaithe ar Léarscáileanna (le léamh i dteannta leis na Léarscáileanna Plean Forbartha).

Sna Léarscáileanna tugtar léiriú grafach ar thograí an Phlean a shonraíonn cuspóirí criosaithe na Comhairle um úsáid talún chomh maith le cuspóirí eile. Níor cheart a mheas gur léarscáileanna suirbhé cruinne iad ónar féidir toisí láithreáin nó sonraí suirbhé eile a shocrú.

I gcás go dtiocfadh aon choimhlint chun cinn idir an Ráiteas Scríofa agus na Léarscáileanna, ba cheart tús áite a thabhairt don Ráiteas Scríofa. I gcás go dtiocfadh aon choimhlint chun cinn idir an leagan prionta agus leictreonach den Phlean ba cheart tús áite a thabhairt don leagan prionta.

Is iad na Léarscáileanna atá san áireamh ná:

  • Bileog 1: Straitéis Contae
  • Bileog 2: Fine Gall Thuaidh
  • Bileog 3: Fine Gall Láir
  • Bileog 4: Baile Brigín
  • Bileog 5: Na Sceirí
  • Bileog 6: An Ros
  • Bileog 7: Domhnach Bat/Port Reachrann
  • Bileog 8: Sord
  • Bileog 9: Mullach Íde/Port Mearnóg
  • Bileog 10: Baile Dúill/Binn Éadair
  • Bileog 11: Fine Gall Theas
  • Bileog 12: Baile Bhlainséir Thuaidh
  • Bileog 13: Baile Bhlainséir Theas
  • Bileog 14: Bonneagar Glas 1
  • Bileog 15: Bonneagar Glas 2
  • Bileog 16: Bonneagar Glas 3

Déanfar níos mó forbartha ar bheartais an Dréachtphlean ar leibhéal áitiúil trí Phleananna Limistéir Áitiúil, Máistirphleananna, Pleananna do Chreat Uirbeach agus Straitéisí Réimse Poiblí a ullmhú.

1.4 Fís Straitéiseach

Leis an bPlean Forbartha tugtar deis chun fás Fhine Gall sa todhchaí a mhúnlú le gur féidir pleanáil i gcomhair fhorbairt fhadtéarmach inbhuanaithe an Chontae agus tacú léi. Is í aidhm an Phlean ná tógáil ar an rath a bhí againn roimhe seo agus ár mbuntáiste straitéiseach mar Chontae a neartú, chun cinntiú go mbainimid an leas is mó agus is féidir as buanna ár gcuid saoránach, pobal, oidhreachta tógtha agus nádúrtha, bonneagair agus turasóireachta.

Is í an Fhís Straitéiseach don Chontae ná:

  • Ceantair uirbeacha a chomhdhlúthú chun timpeallacht bheoga, tharraingteach a chur ar fáil um chónaí agus obair, agus gluaiseacht éifeachtúil trí mhodhanna inbhuanaithe iompair a éascú ar fud an Chontae.
  • Timpeallacht thógtha ardchaighdeáin a chruthú a dhéanann caomhnú oidhreachta tógtha Fhine Gall a chomhtháthú i ndearadh dea-chleachtais nua-aimseartha ailtireachta agus uirbeach.
  • Tacú le sráidbhailte tuaithe agus tuath tharraingteach a thacaíonn le talmhaíocht, gairneoireacht, caitheamh aimsire agus turasóireacht agus iad a chosaint. Sráidbhailte tuaithe beoga a chur chun cinn ar féidir iad a úsáid ar bhealaí éagsúla, trí chreat dinimiciúil a chruthú ina mbíonn cónaí ar dhaoine agus ina mbíonn siad ag obair agus ag idirghníomhú ar chúiseanna sóisialta agus pobail.
  • Cinntiú go bhfuil comhsheasmhacht ann le Straitéisí Láir, Lonnaíochta agus Tithíochta na Comhairle chun tithíocht ardchaighdeáin de scála agus de mheascán sásúil a chur ar fáil, agus í suite in ionaid bharrmhaithe agus taobh le dóthain bonneagair, seirbhísí agus áiseanna.
  • Éileamh tithíochta a eascraíonn ón tuath a threorú chuig sráidbhailte agus gráigeanna tuaithe agus athúsáid agus athshlánú an stoc tithíochta atá ann cheana féin i gceantair tuaithe a chur chun cinn in ionad tithe nua chun carachtar sainiúil thuath Fhine Gall a chaomhnú agus a fheabhsú.
  • Úsáid níos fearr a bhaint as acmhainní lárnacha mar bhonneagar talún, uisce, fuinnimh, dramhaíola agus iompair;
  • Timpeallacht ghnó iomaíoch a chruthú a thacaíonn le forbairt eacnamaíoch, cruthú post agus rath do chách;
  • Athrú aeráide a laghdú trí phatrúin lonnaíochta agus taistil agus trí úsáid acmhainní neamh-inathnuaite a laghdú;
  • Bonneagar Glas a chosaint agus feabhas a chur ar acmhainní nádúrtha Fhine Gall mar atá uisce glan, bithéagsúlacht, limistéir chaomhantas dúlra, tírdhreach, líne cósta, creasa glasa, páirceanna poiblí agus spáis oscailte agus talamh talmhaíochta;
  • Feabhas a chur ar tháscairí lárnacha sóisialta, cultúrtha, eacnamaíocha agus comhshaoil;
  • Stíl mhaireachtála ghníomhach agus fholláin a chur chun cinn trí dheiseanna méadaithe um shiúl, rothaíocht agus spórt agus chaitheamh aimsire gníomhach;
  • Áit tharraingteach agus bheoga um chónaí, obair agus chuairt a dhéanamh d'Fhine Gall;
  • Pobail inbhuanaithe chuimsitheacha agus ghníomhacha a spreagadh atá bunaithe ar líonra láidir d'áiseanna pobail.

1.5 Príomh-Aidhmeanna an Phlean Forbartha

Is iad aidhmeanna Dhréachtphlean Forbartha Fhine Gall Draft Fingal Development Plan 2017-2023 ná:

  1. Pleanáil i gcomhair fhorbairt fhadtéarmach inbhuanaithe Fhine Gall mar líonra comhtháite de lonnaíochtaí uirbeacha agus de phobail tuaithe atá rathúil go sóisialta agus go heacnamaíoch, de chreasa glasa straitéiseacha agus de thuath oscailte, tacú agus cur le forbairt eacnamaíochta an Chontae agus Réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath.
  2. Soláthar do leas chónaitheoirí an Chontae amach anseo trí:
    • Tacú le gníomhaíocht eacnamaíochta agus deiseanna fostaíochta a mhéadú.
    • Caighdeán timpeallachtaí tógtha agus nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú.
    • Cinntiú go soláthraítear dóthain tithíochta, an bonneagar riachtanach agus áiseanna pobail.
    • Cáilíocht na beatha agus sláinte phoiblí a chur chun cinn agus a fheabhsú.
    • Tógáil ar an dul chun cinn a rinneadh sa Chontae tar éis dheireadh ré an phlean forbartha roimhe sin.
  3. Forbairt inbhuanaithe, maolú athrú aeráide agus dul i dtaithí air, cuimsiú sóisialta, dearadh ardchaighdeáin agus athléimneacht a chuimsiú mar phrionsabail bhunúsacha a chrosghearrann an Plean Forbartha agus a thacaíonn leis.
  4. Cothrom forbartha cuí a chur chun cinn ar fud an Chontae, trí ordlathas a fhorbairt d'ionaid uirbeacha ardchaighdeáin, bheoga agus de cheantair fáis atá léirithe go soiléir, agus tús áite a thabhairt do mhéadú sna ceantair is gaire do nóid iompair phoiblí atá ann cheana féin nó atá beartaithe.
  5. Cinntiú go bhfuil dóthain tailte criosaithe ann chun freastal ar riachtanais eacnamaíocha agus sóisialta tuartha agus mheasta, agus rósholáthar a sheachaint a mbeadh forbairt ilroinnte, soláthar bonneagair maolaithe agus sraoilleáil uirbeach mar thoradh uirthi.
  6. Forbairt pobal inbhuanaithe a bhfuil cothrom sóisialta agus eacnamaíoch ag baint leo a chothú.
  7. Gníomhartha agus cur i bhfeidhm an Phlean Eacnamaíoch agus Pobail Áitiúil a éascú, mar is cuí.
  8. An acmhainn um fás sa turasóireacht a éascú trí Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2015-2018 a chur i bhfeidhm, mar is cuí.
  9. Leanúint ar aghaidh ag dul i bhfeidhm ar bheartais réigiúnacha agus náisiúnta um pleanáil agus forbairt ar mhaithe leis an gContae.
  10. Comhoibriú le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus an Lár Tíre, le hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara chun freastal ar riachtanais go háirithe riachtanais fhorbartha an Chontae agus Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath (MBÁC) de réir na Straitéise Náisiúnta Spásúla agus na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí do MBÁC agus aon doiciméad beartais a thiocfaidh ina ndiaidh.
  11. Nuálaíocht a éascú agus a spreagadh chun forbairt inbhuanaithe a stiúradh, agus cosaint i gcoinne tionchar diúltach féideartha.

1.6 Beartas Straitéiseach

Comhlíonfaidh an Beartas Straitéiseach na Príomhaidhmeanna trí fhéachaint chuig:

  1. Forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí sholáthar do chuimsiú saincheisteanna eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus cultúrtha i gcuspóirí agus i spriocanna an Phlean Forbartha, agus leas a bhaint chuige sin as próisis an Mheasúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MST) agus an Mheasúnacht Chuí (MC).
  2. Cur le sochaí atá níos cuimsithí, comhionainne agus éagsúla ó thaobh cultúir a chruthú trí sholáthar do bhonneagar poiblí ardchaighdeáin, do réimse phoiblí ardchaighdeáin agus trí rochtain ar eolas agus acmhainní a fheabhsú. Bealaí úrnua a lorg le feabhas a chur ar chuimsiú sóisialta agus cinntiú go bhféadann an Plean tionscnaimh a éascú a eascraíonn ón gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Ghníomhachtú Pobal (Social Inclusion and Community Activation Programme/SICAP), áit is cuí.
  3. Cáilíocht a chur leis na háiteanna ina bhfuil cónaí ar phobail Fhine Gall, ina bhfuil siad ag obair agus ina mbíonn caithimh aimsire ar siúl acu trí dearadh ardchaighdeáin a chuimsiú i ngach gné den Phlean a chuireann chun cinn foirgnimh chónaitheacha inoiriúnaithe agus trí chinntiú go gcuireann forbairtí le hómós áite agus le sainiúlacht áitiúil ceantair.
  4. Comhdhlúthú agus fás fadtéarmach Bhaile contae Shord a chur chun cinn mar a dhéantar soláthar dó i Swords Strategic Vision 2035.
  5. Fás na mórionad Baile Bhlainséir agus Baile Brigín a chomhdhlúthú trí fhorbairt inlíonta a spreagadh agus trí fhorbairt a dhianú in ionaid chuí.
  6. Forbairt a chomhdhlúthú agus féiniúlachtaí uathúla na lonnaíochtaí Binn Éadair, Cill Fhionntain, Baile Dúill, Port Mearnóg, Mullach Íde, Domhnach Bat, Lusca, An Ros agus Na Sceirí a chosaint.
  7. Straitéis a fhorbairt chun féiniúlacht fheabhsaithe a chur chun cinn agus a sheachadadh chomh maith le nasc níos fearr le Fine Gall do na pobail leithne Sheantraibh, Bhaile Munna, Baile Maidheac/Baile Shéarlais, Fionnghlas agus Béal Átha Liag.
  8. Beogacht lár baile a chur chun cinn trí sholáthar do bhealaí úsáide éagsúla, lena n-áirítear úsáid chultúrtha agus pobail agus úsáid chónaitheach urláir uachtaraigh, mar is cuí.
  9. Riachtanais oibriúcháin, sábháilteachta agus teicniúla reatha Aerfort Bhaile Átha Cliath agus na riachtanais don todhchaí a chosaint agus soláthar dá fhorbairt leanúnach i gcreat forbartha inbhuanaithe an Phlean Limistéir Áitiúil. Tógfaidh an plean san áireamh aon tionchar féideartha ar phobail áitiúla chomh maith le haon saincheisteanna leithne comhshaoil.
  10. Fiontraíocht agus fostaíocht a chur chun cinn ar fud an Chontae, go háirithe sna hionaid fáis mar atá Sord, Baile Bhlainséir, Baile Brigín agus oibriú le hÚdaráis Áitiúla Bhaile Átha Cliath chun Réigiún Chathair Bhaile Átha Cliath a chur chun cinn mar stiúrthóir fáis eacnamaíoch don Réigiún agus don tír.
  11. Oidhreacht nádúrtha agus thógtha an Chontae a chosaint, a chothabháil agus a fheabhsú, go háirithe na ceantair chósta a leagann lucht cónaithe réigiún Bhaile Átha Cliath agus cuairteoirí air go leor tábhachta orthu.
  12. Féiniúlacht ‘talmhaíocht ghlas’ Fhine Gall Thuaidh a chosaint, carachtar tuaithe an Chontae a chur chun cinn agus tacú leis na hearnálacha táirgthe talmhaíochta agus gairneoireachta.
  13. Roghanna tithíochta eile atá inmharthana a chur ar fáil don phobal tuaithe trí fhás rialaithe sráidbhailte agus gráigeanna tuaithe a chur chun cinn agus cothrom bainte amach idir é sin agus srianadh cúramach na forbartha cónaithí faoin tuath agus aitheantas a thabhairt do luach uathúil na bpobal tuaithe i bhFine Gall.
  14. Creasa glasa a neartú agus a chomhdhlúthú timpeall lonnaíochtaí lárnacha.
  15. Forbairt chóras iompair phoiblí ardchaighdeáin a lorg ar fud an Chontae agus é a nascadh le contaetha taobh leis, lena n-áirítear forbairt a dhéanamh ar an Meitreo Thuaidh agus an Meitreo Thiar nua mar atá beartaithe, feabhsúcháin ar bhonneagar iarnróid lena n-áirítear an Clár um Méadú an Dart, Mórlánaí Bus (MBanna) agus córais Iompair Bus Gasta (BG) i dteannta le háiseanna feabhsaithe do shiúl agus rothaíocht.
  16. Córas bonneagair bóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla dea-nasctha a chur chun cinn, a fheabhsú agus a fhorbairt; bheadh an córas sin oiriúnach chun freastal ar riachtanais an Chontae agus an Réigiúin, agus dhéanfadh sé soláthar do gach úsáideoir bóthair, agus tús áite á thabhairt do shiúl, rothaíocht agus d'iompar poiblí.
  17. Oibriú le hUisce Éireann chun soláthar tráthúil bhonneagar soláthair uisce agus draenála a bhaint amach, tá sé sin ag teastáil chun deireadh a chur le scaoileadh truaillithe chuig dobharlaigh, chun cloí le ceadúnais reatha agus le dlí na hÉireann agus an AE, chun forbairt inbhuanaithe an Chontae agus an Réigiúin a éascú.
  18. Soláthar tráthúil an bhonneagair atá riachtanach d'fhorbairt inbhuanaithe an Chontae a bhaint amach, go háirithe sna réimsí bainistíocht acmhainní agus dramhaíola, soláthar fuinnimh, giniúint fuinnimh inathnuaite agus TFC.
  19. Soláthar tráthúil bhonneagar pobail a chinntiú lena n-áirítear scoileanna, caitheamh aimsire, áiseanna spóirt agus seirbhísí éigeandála, agus é ag brath ar líon na n-aonad tithíochta a bhfuil sé beartaithe a thógáil ar thailte atá criosaithe um forbairt chónaitheach.
  20. Cinntiú go dtógann forbairtí nua san áireamh riachtanais na dTreoirlínte ar Bhaol Tuilte.
  21. An t-aistriú go soláthar fuinnimh inathnuaite amach is amach sa todhchaí a chur chun cinn, a stiúradh agus a éascú.
  22. Ról an Chontae in athrú aeráide a mhaolú, agus dul i dtaithí ar éifeachtaí an athrú aeráide, agus go háirithe maidir le húsáid talún, fuinneamh, iompar, acmhainní uisce, tuile, bainistíocht dramhaíola agus bithéagsúlacht, agus a mhó bonneagar glas agus is féidir a sholáthar lena n-áirítear crainn agus réitigh tírdhreachta bhoig a chur ar fáil.
  23. Cur chun cinn agus uasmhéadú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le cáilíocht na beatha, sláinte phoiblí agus bithéagsúlacht ag eascairt ó chur i bhfeidhm beartas a dhéanann dul i dtaithí ar athrú aeráide agus maolú athrú aeráide a chur chun cinn.
  24. Nuálaíocht a spreagadh agus forbairt scéimeanna píolótacha a éascú a thacaíonn le maolú athrú aeráide agus le dul i dtaithí air .
  25. Straitéis Fuinnimh Inbhuanaithe don Chontaea ullmhú i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha agus grúpaí leasmhara a leagann amach straitéisí, beartais agus gníomhartha chun laghdú ar astaíochtaí gáis ceaptha teasa a éascú chomh maith le leas a bhaint as na hacmhainní fuinnimh inathnuaite is oiriúnaí don Chontae.

1.7 Comhthéacs Faoi Láthair

Agus an Dréachtphlean á ullmhú, tógadh san áireamh na doiciméid bheartais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla atá leagtha amach i bhFig 1.2. Ba iad na doiciméid sin a ndearnadh machnamh orthu agus aidhmeanna agus treoir straitéiseach fhoriomlán an Phlean á cheapadh, lenar áiríodh úsáid éifeachtúil talún a uasmhéadú agus úsáid talún agus iompar a chomhtháthú.

Figiúr 1.2 An comhthéacs idirnáisiúnta, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil agus Plean Forbartha Fhine Gall á ullmhú

Diagram of contexts in preparing the FIngal Development Plan

1.8 Téamaí Trasrannacha

Tá an Dréachtphlean tacaithe ag prionsabail na forbartha inbhuanaithe, an t-oiriúnú d'athrú aeráide, an chuimsithe shóisialta agus an deartha ardchaighdeáin.

Forbairt Inbhuanaithe (tógtha ó Chairt Aalborg na gCathracha agus na mBailte Eorpacha i dtreo na hInbhuanaitheachta)

Mar gheall ar ár stíl mhaireachtála faoi láthair, go háirithe ár bpatrúin de roinnt saothair agus feidhmeanna, úsáid talún, iompar, táirgeadh tionsclaíoch, tomhaltas, agus gníomhaíochtaí fóillíochta, agus ár gcaighdeán beatha dá bharr sin, is amhlaidh gur muidne go bunúsach atá freagrach as cuid mhór de na fadhbanna comhshaoil a bhfuil an cine daonna ag tabhairt aghaidhe orthu. Ní féidir na leibhéil reatha de chaitheamh acmhainní sna tíortha tionsclaithe a choimeád ag na daoine atá beo faoi láthair, gan trácht ar na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, gan an caipiteal nádúrtha a scriosadh.

Ní féidir beatha dhaonna inbhuanaithe a bhaint amach ar an domhan seo gan phobail áitiúla inbhuanaithe. Tá rialtas áitiúil gar don áit a mbraitear fadhbanna comhshaoil agus is é atá is gaire do na saoránaigh agus mar sin roinneann sé an fhreagracht le rialtais ar gach leibhéal as leas an chine daonna agus an dúlra. Mar sin tá ról lárnach ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le stíleanna maireachtála, táirgeadh, tomhaltas agus pátrúin spásúla a athrú. Cuimseoidh an Chomhairle prionsabail na hinbhuanaitheachta i ngach beartas agus treoróidh sé sin gníomhartha na Comhairle ar feadh thréimhse an Phlean.

Chun go mbeadh an comhshaol inbhuanaithe ní mór nach sáródh an ráta ag a gcaithimid acmhainní inathnuaite ábhair, uisce agus fuinnimh an ráta ag a bhféadann na córais nádúrtha iad a athsholáthar, agus nach sáródh an ráta ag a gcaithimid acmhainní neamh-inathnuaite an ráta ag a ndéantar acmhainní inathnuaite inbhuanaithe a athsholáthar. Ciallaíonn inbhuanaitheacht comhshaoil freisin nach sáraíonn an ráta de thruailleáin a chuirtear amach cumas an aeir, an uisce agus na hithreach iad a ghlacadh isteach agus a phróiseáil.

Sa bhreis air sin, chun go mbeadh inbhuanaitheacht chomhshaoil againn ní mór bithéagsúlacht a choimeád; sláinte dhaonna; chomh maith le cáilíocht an aeir, an uisce agus na hithreach a choimeád ag caighdeáin ar leor iad chun beatha an duine, chomh maith leis na hainmhithe agus na plandaí go léir a choimeád, go deo. Tá ról lárnach ag beartas agus rialuithe um úsáid talún chun inbhuanaitheacht a bhaint amach ar leibhéal áitiúil.

Gné atá ag croílár an chomhfhorbairt áite ná forbairt pobal inbhuanaithe, áit a bhféadann pobail forbairt agus áit ar féidir freastal ar riachtanais an lae inniu gan teacht salach ar chumas na nglúnta amach anseo freastal ar a gcuid riachtanas féin. Is é atá i gceist le comhfhorbairt áite ná cur chuige ilghnéitheach i dtreo forbairt nua agus spáis phoiblí a phleanáil, a dhearadh agus a bhainistiú. Baineann sé go bunúsach le freagairt do chomhthéacs áite, trí thuiscint ar fhorbairt agus stair na háite, a feidhmiúlacht, a tionchair orthu siúd atá ina gcónaí agus ag obair ann chomh maith leis an gcaoi a n-idirghníomhaíonn sé leis an gcomhshaol. Tá an tábhacht chéanna ag baint le hiompar poiblí, le hoideachas, áiseanna pobail, fóillíocht, miondíol, seirbhísí sláinte agus poist agus atá ag cuma áite.

Tá ról lárnach ag an bPlean Forbartha maidir le hómós áite, féiniúlacht agus nádúr dúchasach Fhine Gall a fheabhsú agus a fhorbairt, agus é ag cinntiú go gcoimeádfaidh ár gcuid pobal aonair a gcuid tréithe sainiúla agus go mbeidh rochtain ag cónaitheoirí ar raon de chóiríocht, d'áiseanna agus ar thimpeallacht chun taitneamh a bhaint as an stíl mhaireachtála a theastaíonn uathu inti.

Ba cheart go mbeadh comhfhorbairt áite agus pobail inbhuanaithe ag croílár ár smaointeoireachta ó thaobh pleanála, agus an Dréachtphlean go sonrach, a chuimsíonn na tréithe lárnacha a chuireann le forbairt áite mhaith agus pobail mhaithe.

Trí phleanáil agus dearadh maith tugtar deiseanna laghdú a dhéanamh ar ár n-úsáid acmhainní nádúrtha trí fhoinsí fuinnimh inathnuaite a chur chun cinn. Cé go leagann na Rialacháin Tógála reatha amach caighdeáin agus go ndéileálann siad le saincheisteanna mar chaighdeáin tógála, saoirseacht, caomhnú breosla agus fuinnimh, agus rochtain do dhaoine faoi mhíchumas, tá saincheisteanna eile ann ar féidir plé leo trí phleanáil agus dearadh uirbeach maith, .i. is féidir micreaeráid a chruthú trí dhearadh agus shocrú foirgneamh, a bhféadfadh go mbeadh tionchar aici ar theocht, sholas gréine agus ghluaiseacht na gaoithe. Féadann treoshuíomhanna agus dearadh áirithe feabhas a chur ar chompord ar láithreáin nochta agus an leas is fearr a bhaint as acmhainn sholas an lae agus an ghrian-neartaithe.

Ba cheart cuimsiú na héifeachtúlachta fuinnimh i ndearadh agus i dtógáil a spreagadh agus i dteicneolaíochtaí fuinnimh mhalartaigh mar bhithfhuinneamh, fhuinneamh gréine, caidéil teasa, aisghabháil teasa agus fuinneamh gaoithe áit is féidir. Féadann sé sin cabhrú lenár mbrath ar bhreoslaí iontaise a laghdú agus le hastaíochtaí dé-ocsaíd charbóin agus gás ceaptha teasa eile a íoslaghdú a chuireann le téamh domhanda agus le hathrú aeráide.

Ábhar machnaimh tábhachtach é ábhair fuinnimh chorpraithe ísil, teicneolaíochtaí inbhuanaithe tógála, agus úsáid acmhainní laghdaithe a chur chun cinn agus foirgnimh á dtógáil.

Gné thábhachtach den tsraith forbartha inbhuanaithe i bPlean Forbartha Fhine Gall 2017-2013 í an MST agus MC. Mar atá sonraithe thuas tá na measúnuithe sin ina gceangal faoi reachtaíocht na hEorpa agus tugann siad leibhéal ard cosanta don chomhshaol.

Ghlac an Dréachtphlean le prionsabal na forbartha inbhuanaithe trí chuimsiú saincheisteanna eacnamaíocha, comhshaoil, sóisialta agus cultúrtha i mbeartais agus i gcláir áitiúla a spreagadh.

Athrú Aeráide

Tá Athrú Aeráide ar cheann de cheithre théama crosghearrtha sa Phlean Forbartha. Tuigeann an Chomhairle gur dúshlán sáraitheach é athrú aeráide atá os ár gcomhair ar leibhéal áitiúil agus a eascraíonn ó dhúshlán domhanda an athrú aeráide. Tá gealltanas tugtha ag an AE agus ag Éirinn cheana féin chun beartais mhaolaithe atá ceaptha chun astaíochtaí carbóin a laghdú agus a chuimsíonn rialacháin ar ábhair mar éifeachtúlacht carranna agus rialacháin tógála. Agus é ag déileáil leis an dúshlán seo agus ag freagairt dó, beidh ar Fhine Gall dul i dtaithí ar athrú aeráide agus maolú a dhéanamh air trí laghdú a dhéanamh ar astaíochtaí agus ar thomhaltas fuinnimh neamhinbhuanaithe.

I Mí na Nollag 2015 achtaíodh An tAcht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin 2015 . Leis an Acht bunaítear an cuspóir náisiúnta mar atá aistriú go geilleagar ísealcharbóin, seasmhach ó thaobh na haeráide agus inbhuanaitheacht ó thaobh an chomhshaoil sa tréimhse suas go dtí an bhliain 2050 agus an bhliain sin san áireamh. I measc phríomhfhorálacha an Achta tá Pleananna Náisiúnta um Aistriú go hÍsealcharbón agus Maolú, nó Pleananna Maolaithe Náisiúnta, a ullmhú gach cúig bliana. Tá na Pleananna sin ag teastáil chun cuntas a thabhairt ar na bealaí trína laghdófar astaíochtaí náisiúnta gás ceaptha teasa, de réir riachtanais reachtaíochta reatha an AE agus de réir gealltanas leathan idirnáisiúnta.

Toisc go n-eascraíonn an chuid is mó d'astaíochtaí gás ceaptha teasa na tíre ó thalmhaíocht, iompar, fuinneamh agus ón timpeallacht thógtha, samhlaíonn an DoECLG gurb iad na hearnálacha sin is mó ina mbeidh iarracht mhaolaithe ag teastáil. Tá impleachtaí ag baint le ceanglais an Achta d'Údaráis Phleanála agus maidir leis na bealaí ina mbeidh cúrsaí athrú aeráide níos tábhachtaí ina gcuid pleananna úsáide talún, a gcuid Pleananna Forbartha ach go háirithe.

Chun déileáil leis an mbaol a bhaineann le hathrú aeráide beidh oiriúnú agus maolú ag teastáil. Cuireann oiriúnú síos ar ghníomhartha a dearadh chun déileáil le torthaí an athrú aeráide lena n-áirítear teochtaí níos teo, imeachtaí frasaíochta níos géire agus ardú leibhéal farraige. Tá bearta ummaolú ceaptha chun na stiúrthóirí athrú aeráide a bhfuil daoine freagrach as a chúiteamh nó chun deireadh a chur leo; is iad sin ná astaíochtaí gás ceaptha teasa agus athrú ar úsáid aeráide.

Aithnítear mar gheall ar nádúr gheilleagar Fhine Gall, chomh maith lena phátrúin lonnaíochta, a bhonneagar (lena n-áirítear bóithre, líonraí leictreachais, soláthar uisce agus córais séaraigh), a gheografacht fhisiceach (m.sh. achar iomlán, imeallbhord fairsing agus aibhneacha) agus an meascán d'úsáid talún ann (m.sh gairneoireacht agus uirbeach/bruachbhailteach) go bhfuil sraith uathúil dúshlán ag baint leis an bhfreagra ar athrú aeráide. Trí mheán pleanáil cheart, forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, oibreoidh an Chomhairle i dtreo astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I nDréachtphlean 2017-2023 tá forálacha a phléann le maolú athrú aeráide agus oiriúnú dó ar fud an Phlean, i réimsí mar bhainistíocht riosca i gcás tuilte, iompar, uisce dromchla, bainistíocht dramhaíola, seirbhísí uisce, dearadh uirbeach, fuinneamh, oidhreacht nádúrtha agus bonneagar glas. Tá sé mar chuspóir ag an bplean go bhforbróidh Comhairle Contae Fhine Gall Straitéis um Fuinneamh Inathnuaite a chuimseoidh beartais agus gníomhartha a phléifidh le hathrú aeráide agus a bhainfidh an leas is fearr as saothrú an fhuinnimh inathnuaite ar leibhéal áitiúil. Forbróidh an Chomhairle Plean Oiriúnaithe Earnála d'Fhine Gall freisin de réir an Chreat Oiriúnaithe Náisiúnta um Athrú Aeráide atá le teacht, de réir mholtaí na Comhdhála i bPáras de chuid Chomhdháil na bPáirtithe (CP) 21 agus ar aon dul leis an reachtaíocht atá le teacht agus treoirlínte atá le déanamh ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, áit is cuí.

Freisin smaoineodh an Chomhairle ar dhul isteach i gCúnant na Méaraí , a thacaíonn le hÚdaráis Áitiúla tríd an aitheantas, na hacmhainní agus na deiseanna líonraithe a thabhairt dóibh atá riachtanach chun a gcuid gealltanas i leith fuinnimh agus aeráide a thógáil go dtí an chéad chéim eile. Tacaíonn Fine Gall le comhar idirnáisiúnta Údarás Áitiúil atá ag tabhairt aghaidhe ar an dúshlán a bhaineann le maolú athrú aeráide agus le hoiriúnú dó.

Cuimsiú Sóisialta

Is é atá i gcuimsiú sóisialta ná an próiseas trína nglactar sraith de ghníomhartha dearfacha chun rochtain chomhionann ar earraí agus sheirbhísí a bhaint amach, chun cabhrú le daoine aonair páirt a ghlacadh ina bpobal agus a sochaí, chun spreagadh do gach duine páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha agus bheith eolach faoi gach cineál idirdhealaithe agus cur ina choinne. Is í aidhm an chuimsithe shóisialta ag deireadh an lae ná glacadh páirte i bpríomhshruth na sochaí a cheadú do gach duine ar mian leo páirt a ghlacadh ann. Ní mór go gcuimseodh gach próiseas comhairliúcháin, déanta beartais agus cleachtas tuairimí agus riachtanais na ngrúpaí eisiata agus ní hamháin é sin ach ní mór go mbeidís stiúrtha acu. Baineann cuimsiú sóisialta le leas daoine aonair, teaghlach, grúpaí sóisialta agus pobal. Tá dúshlán mór i gceist le sochaí a chruthú atá níos cuimsithí trí eisiamh sóisialta, bhochtaineacht agus díothacht a mhaolú. I measc na gcéimeanna a d'fhéadfaí a ghlacadh i dtreo sin tá bonneagar agus caithimh aimsire agus pobail a sholáthar agus feabhas a chur ar rochtain ar eolas agus acmhainní. Tá cuimsiú sóisialta cumhdaithe sa Dréachtphlean Forbartha agus beartais ach go háirithe dírithe ar rochtain ar gach dream sa tsochaí a fheabhsú.

Tá an Chomhairle geallta chun sochaí níos cuimsithí a chruthú agus chun rannpháirtíocht agus rochtain do chách a chur chun cinn. Is iad an Plean Forbartha Náisiúnta 2007-2013, an Straitéis Náisiúnta in Aghaidh na Bochtaineachta, Building An Inclusive Society 2002, an Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Chuimsiú Sóisialta agus I dTreo 2016 na doiciméid náisiúnta a threoraíonn forbairt Fhine Gall atá cuimsitheach ar bhonn sóisialta. D'fhorbair an tAonad um Chuimsiú Sóisialta (ACS) sa Chomhairle próifíl de bhochtaineacht agus d'eisiamh sóisialta.

Aithníodh daonraí sprice don phróifíl, a chuimsíonn:

  • Leanaí agus daoine óga
  • Teaghlaigh tuismitheora aonair
  • Daoine dífhostaithe
  • An Lucht Taistil
  • Pobail eitneacha nua
  • Daoine faoi mhíchumas
  • Daoine scothaosta

I 2011 shínigh Bord Forbartha Fhine Gall agus an Chomhairle i dteannta a chéile an Dublin Declaration on Age Friendly Cities and Communities, Tionscnamh de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS). Seoladh an Fingal Age Friendly County Strategy i 2011, ina n-aithnítear na saincheisteanna lárnacha do dhaoine scothaosta i bhFine Gall. I 2013 roghnaigh an Chomhairle, i dteannta le hAoisbhá Éireann na Sceirí mar an mbaile chun píolótú a dhéanamh ann ar an bpróiseas Baile Aoisbhách i bhFine Gall, agus ba é an toradh air sin ná Plean Gníomhaíochta don bhaile.

Mar thoradh ar an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 rinneadh athstruchtúrú ar gach fóram Pobail agus Deonach ar fud na tíre agus is é an líonra nua, an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (LRP) a fheidhmeoidh mar nasc trína mbeidh ceangal agus plé ag Údaráis Áitiúla leis na hearnálacha pobail, cuimsithe sóisialta agus comhshaoil ar fud na tíre, um chomhairliúchán agus roinnt eolais.

Is é Líonra Pobail Fhine Gall an Líonra Rannpháirtíochta Poiblí agus is é creat nua Fhine Gall le haghaidh plé leis an bpobal. Tógann sé le chéile na grúpaí agus na heagraíochtaí go léir atá ag obair ar bhonn pobail agus deonach i bhFine Gall agus cuirfidh sé struchtúr ar fáil chun sreabhadh dhá bhealach eolais a éascú idir an t-Údarás Áitiúil agus grúpaí Pobail, Deonacha agus Comhshaoil. Cuirfidh an líonra seo ar chumas chónaitheoirí Fhine Gall agus eagraíochtaí pobail dul i bhfeidhm ar phleananna agus bheartais um fhorbairt an Chontae sa todhchaí.

Tá ról ag an Dréachtphlean Forbartha i dtionscnaimh den sórt sin a éascú trí chomhfhorbairt áite mhaith a chur chun cinn, mar shampla trí chinntiú go dtógtar san áireamh nascacht agus tréscaoilteacht mhaith agus forbairtí nua á ndearadh. Beidh cuimsiú sóisialta fós ina théama crosghearrtha sa Dréachtphlean Forbartha, agus an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobal (SICAP), á thógáil san áireamh, a bhfuil sé mar aidhm aige dul i ngleic le bochtaineacht agus cuimsiú sóisialta idir daoine faoi mhíbhuntáiste, eagraíochtaí pobail agus eagraíochtaí earnála poiblí.

Sa Ráiteas ar Bheartas Pleanála 2015 a d'eisigh an DoECLG le déanaí dearbhaítear gur cheart an próiseas pleanála a dhéanamh ar bhealach a chothaíonn leibhéal ard muiníne, áit a bhfuil an deis ag daoine páirt a ghlacadh sa phróiseas straitéiseach um dhéanamh pleananna, agus in iarratais phleanála aonair. Níl aon treoirphlean ar leith ann chun pobail inbhuanaithe a bhaint amach agus teastaíonn straitéisí éagsúla i réimsí agus i sochaithe éagsúla. Baineann gach straitéis leas as córais rialála éifeachtacha, rannpháirteacha agus as spéis, cruthaitheacht agus fuinneamh gach saoránaigh a chothú. Tugann siad siúd mothú úinéireachta agus spreagann siad bród as pobail áitiúla, rud a chabhraíonn le comhtháthú sóisialta.

Rinneadh profú ar an Dréachtphlean Forbartha chun cinntiú go bhfuil díriú láidir ann ar chuimsiú sóisialta, agus é ag féachaint ach go háirithe do na daonraí sprice aitheanta agus do na ceantair faoi mhíbhuntáiste sa Chontae. Is í aidhm an Dréachtphlean ná déanamh cinnte go bhfuil cuimsiú sóisialta fós mar bhonn do gach beartas agus cuspóir. I measc na n-impleachtaí agus na ndúshlán don Phlean nua tá:

  • Cinntiú go n-oibríonn an Chomhairle i gcomhpháirt le heagraíochtaí agus le gníomhaireachaí eile chun timpeallacht mhaireachtála thacaitheach a chur ar fáil do dhaoine as gach cúlra agus ag gach céim dá saolré;
  • Bealaí nua a lorg le cuimsiú sóisialta a fheabhsú; agus
  • Cinntiú go n-éascaíonn an Plean tionscnaimh a eascraíonn ón SICAP, áit is cuí.

Dearadh Ardchaighdeáin

Cuireann dearadh maith le cáilíocht na n-áiteanna ina bhfuil cónaí ar dhaoine, ina mbíonn siad ag obair agus a mbaineann siad taitneamh astu. Trí dhearadh ardchaighdeáin a chinntiú cuirtear luach le bailte, sráidbhailte agus leis an tuath agus cuirtear feabhas ar cháilíocht beatha daoine. Tá dearadh uirbeach maith ríthábhachtach chun áiteanna tarraingteacha, ardchaighdeáin a bhaint amach ina mbeidh daoine ina gcónaí, ag obair agus ag ligean a scíthe.

Déanann Polasaí an Rialtais ar Ailtireacht 2009-2015 cur chun cinn ar thábhacht na hailtireachta maithe maidir le háiteanna ardchaighdeáin a chruthú. Déanann an Chomhairle cur chun cinn ar ailtireacht chomhaimseartha dea-chleachtais agus ar oidhreacht ailtireachta an Chontae ar fud an Phlean.

Téama crossghearrtha sa Phlean Forbartha é dearadh maith a éascú agus a chur chun cinn. Tá dearadh maith, maidir le leaganacha amach foriomlána agus foirgnimh aonair ríthábhachtach don chomhfhorbairt áite agus d'fhorbairt pobal inbhuanaithe a bhfuil 'ómós áite' agus 'sainiúlacht áitiúil' ag baint leo’. Tá "comhfhorbairt áite" an próiseas trína gcruthaítear áiteanna iontacha agus pobail láidre riachtanach chun earnálacha fiontraíochta agus fostaíochta láidre a tharraingt agus a choimeád. Tógann comhfhorbairt áite an bonn riachtanach ar ar féidir fiontair nua a fhorbairt agus ar ar féidir leo fás, agus iad ag cruthú rathúnas marthanach, inbhuanaithe do phobail áitiúla. Féadann ceantair uirbeacha ina bhfuil ómós áite ríthábhachtach agus dearadh ardchaighdeáin leas a bhaint as athruithe ar an gcaoi a ndéantar gnó.

Trí phróisis an Phlean Limistéir Áitiúil, an Mháistirphlean agus na Bainistíochta Forbartha, cuireann an Chomhairle chun cinn dearadh ardchaighdeáin chomh maith le caighdeán ard forbartha cónaithí. I gceantair tuaithe den Chontae féachann an Chomhairle chuig pátrúin inbhuanaithe fhorbartha a chinntiú chomh maith le dearadh ardchaighdeáin ionas go bhfanann na ceantair sin tarraingteach agus go gcoimeádann siad a nádúr tuaithe. Sa Dréachtphlean leagtar amach réimse cuspóirí atá dírithe ar thimpeallachtaí dea-dheartha a chruthú do shuíomhanna tuaithe agus uirbeacha. Aidhm sháraitheach atá ag an Dréachtphlean ná áiteanna a thacaíonn le daoine a chruthú agus a choimeád ar mhaithe le cónaitheoirí agus gnóthais Fhine Gall, agus tacaíocht á tabhairt d'fhorbróirí atá ag iarraidh réitigh deartha den chaighdeán is airde a sheachadadh. Trí infheistiú i ndearadh uirbeach maith is féidir forbairt eacnamaíoch rathúil a chruthú a fheidhmíonn go maith agus a mbeidh tionchar buan aige sa todhchaí.

Athléimneacht

Prionsabal eile atá mar bhonn don Dréachtphlean Forbartha é athléimneacht agus cuirtear síos uirthi mar ''cumas córais, pobail nó sochaí atá nochta do ghuaiseacha cur in aghaidh éifeachtaí guaise,iad a ghlacadh isteach, athrú dá réir, nó téarnamh uathu ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil, lena n-áirítear trína chuid struchtúr agus feidhmeanna bunúsacha a chaomhnú agus a thógáil ar ais". (Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaiste (UNISDR), 2009).

Tá an coincheap lárnach mar atá 'athléimneacht' mar bhonn don Phlean Forbartha agus tá sé cuimsithe sna beartais straitéiseacha agus i moltaí gach ceann de na ceithre théama crossghearrtha: forbairt inbhuanaithe, athrú aeráide, cuimsiú sóisialta agus dearadh ardchaighdeáin.

Dúshláin um forbairt áiteanna inbhuanaithe, dea-dheartha, cuimsitheach ar bhonn sóisialta, tarraingteacha a mbeidh daoine ag iarraidh cónaí agus bheith ag obair iontu;

  • Treoir shoiléir agus treoir bheartais a sholáthar maidir le critéir agus gnéithe a aithint i ndáil leis na nithe a chuireann le háit speisialta a dhéanamh;
  • Trí phrionsabail deartha a chur ar fáil chun forbairt nua 'creasa ghlais' a chinntiú cothaítear ómós áite agus cuimsítear isteach é i bpobail atá ann cheana féin, ba cheart go mbeadh aird aici ar na gnéithe atá ann cheana féin a chuireann le sainiúlacht áitiúil ceantair;
  • Bealaí nua a lorg le dlúis níos airde a bhaint amach agus áiteanna a chruthú a mbeidh daoine ag iarraidh bheith ina gcónaí agus ag obair iontu;
  • Bailte, sráidbhaile agus comharsanachtaí beoga agus tarraingteacha a spreagadh;
  • Bealaí nua a lorg le timpeallacht maireachtála thacaitheach a chur ar fáil do dhaoine as gach cúlra agus ag gach céim dá saolré;
  • Cinntiú go bhfuil foirgnimh nua de dhearadh ardchaighdeáin agus gur féidir iad a chur in oiriúint d'éilimh athraitheacha teaghlaigh; agus
  • Cinntiú go sanntar na huirlisí beartais is oiriúnaí, mar Phleananna Limistéir Áitiúil agus Máistirphleananna ar áiteanna ar leithligh chun cinntiú go bhfuil an freagra beartais is fearr i bhfeidhm chun forbairt a éascú ar bhealach pleanáilte, comhordaithe agus inbhuanaithe.

1.9 Forbhreathnú Daonra

Treochtaí Déimeagrafacha

Ba é daonra Fhine Gall i nDaonáireamh 2011 ná 273,991 duine, atá comhionann le 21.5% de dhaonra iomlán Bhaile Átha Cliath. Tá méadú seasmhach tagtha ar sciar Fhine Gall de dhaonra Bhaile Átha Cliath ó bhí 1986 ann; bhí sé comhionann le díreach 14% ansin. Meastar go dtiocfaidh méadú de os cionn 303,000 ar dhaonra Fhine Gall faoi 2016 agus go dtiocfaidh méadú eile air le linn thréimhse an Phlean Forbartha suas go 2023.

Léiríonn Figiúir 1.3 agus 1.4 thíos comparáid dhéimeagrafach ar phróifílí Fhine Gall agus an Stáit.

Tá an cion ard daoine d'aois oibre freagrach freisin as na leibhéil mhóra comaitéireachta sa Chontae agus laistigh de. Tá impleachtaí ag baint leis an daonra óg freisin maidir le méid an teaghlaigh i bhFine Gall, áit a bhféadfadh sé tarlú nach leanfadh méid an teaghlaigh na treochtaí síos atá tuartha chomh tapa le contaetha eile Bhaile Átha Cliath, mar gheall ar an gcóhort aoise óg sa Chontae. Ábhar machnaimh tábhachtach é sin agus riachtanas tithíochta don todhchaí á mheas agus leagann an Straitéis Lonnaíochta (Caibidil 2) an treoir d'fhás i bhFine Gall sa todhchaí.

Figiúr 1.3: Próifíl Daonra Fhine Gall 2011

Fingal's Population Profile in 2011

Figiúr 1.4: Próifíl Daonra an Stáit 2011

The State's population profile in 2011

Thug Daonáireamh 2011 ráta fáis ard leanúnach i bhFine Gall le fios in ainneoin an chúlaithe eacnamaíoch agus laghdú ar thógáil tithíochta go háirithe. Tharla an fás seo go príomha mar gheall ar an ráta ard breithe agus an ráta báis réasúnta íseal sa chontae. Bhí tionchar ag imirce air seo chomh maith, cé gur dócha gur tharla cuid mhaith de seo idir 2006 agus 2008. Léiríonn Figiúr 1.5 na Gnéithe d'Athrú Daonra agus tugann sé comparáid idir Fine Gall, contaetha eile Bhaile Átha Cliath (Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin, Baile Átha Cliath Theas) agus an Stát.

Figiúr 1.5: Gnéithe d'Athrú Daonra

 Components of Population Change

1.10 Forbhreathnú Eacnamaíoch

Is é Fine Gall an t-ionad a roghnaíonn go leor gnóthas éagsúil ar fud na bpríomhearnálacha gníomhaíochta eacnamaíche. Tá réimse éagsúil fostóirí lonnaithe sa Chontae, agus scálaí éagsúla ann ó chuideachtaí ilnáisiúnta móra go fiontair bheaga agus meánmhéide (FBManna) dúchasacha agus gnóthais nua bheaga áitiúla. Tá méadú seasta tagtha ar líon na ngnóthas a cruthaíodh sa Chontae ó bhí 2011 ann, agus [1] 5,876 taifeadta i 2014.

Is léir go bhfuil geilleagar áitiúil Fhine Gall láidir agus éagsúil toisc go bhfuil na hearnálacha eacnamaíocha lárnacha a aithnítear sa gheilleagar náisiúnta le feiceáil ann. Feidhmíonn an Contae go han-mhaith in earnáil Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), agus ionadaíocht ag cuideachtaí móra mar Synopsys, IBM, PayPal agus Symantec i gceantar Bhaile Bhlainséir. Ar an gcaoi chéanna, tá an earnáil Cógaisíochta/Cúram Sláinte seanbhunaithe i bhFine Gall agus cuideachtaí ar Bristol Myers-Squibb, Organon agus Mylan lonnaithe ann. Fostóir mór é an earnáil Eitlíochta a chuimsíonn Aer Lingus, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Cityjet, Servisair agus Ryanair. Cuimsíonn an earnáil Agraibhia, earnáil fostaíochta lárnach do phobail tuaithe, fiontair mar Keelings, Country Crest, Sam Dennigan agus Donnellys. Tá an Earnáil Mhiondíola ina foinse thábhachtach fostaíochta ina bhfuil ionaid siopadóireachta a bhfuil tábhacht réigiúnach ag baint leo i bhFine Gall agus Sord, trádstóráil mhiondíola agus mórdhíoltóirí a bhfuil tarraingt náisiúnta ag baint leo mar Ikea[2]. Ina theannta sin tá bonn mór fostaíochta seirbhíse poiblí ag Fine Gall atá léirithe ag fostóirí lárnacha mar Chomhairle Contae Fhine Gall, Ospidéal Connelly agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

Tá roinnt criosuithe úsáide talún a ghineann fostaíocht sa Dréachtphlean a éascóidh gnó, fiontar agus cruthú post i gcaitheamh thréimhse an Dréachtphlean atá romhainn. Leis na criosuithe sin a chlúdaíonn idir fostaíocht ghinearálta agus ardteicneolaíocht, tionscal trom, conair eacnamaíoch an mheitreo, trádstóráil agus dáileadh, páirc bia agus gnó tuaithe, ceadaítear deiseanna um fiontraíocht agus fás fostaíochta ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha éagsúla. Tá candam mór de thailte atá criosaithe d'fhostaíocht in ionaid bharrmhaithe ar fud an Chontae. Tuigeann an Chomhairle, áfach, go bhfuil gá le cothrom a bhaint amach idir forbairt fostaíochta nua agus an gá leanúnach le timpeallachtaí nádúrtha agus tógtha an Chontae a chosaint agus a fheabhsú.

Rinneadh leasú ar an gcomhthéacs beartais d'fhorbairt eacnamaíoch an Chontae le blianta beaga anuas, agus an doiciméad Rialtais ‘Tús Áite do na Daoine Clár Gnímh do Rialtas Áitiúil Éifeachtach’ (2012) róil níos soiléire agus feabhsaithe don rialtas áitiúil i réimse na forbartha eacnamaíche. Ceanglaítear ar an gComhairle Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (PÁEP, nach mór a bheith ag teacht leis an straitéis spásúil Náisiúnta agus Réigiúnach agus le Plean Forbartha Fhine Gall. D'fhaomh an Chomhairle PÁEP Fhine Gall i mí na Nollag 2015.

Tá roinnt dúshlán eacnamaíoch lárnach romhainn maidir le pleanáil um fás eacnamaíoch ar fud an Chontae agus ní mór go bhfreagródh beartais an Phlean do na dúshláin a bhaineann le geilleagar athraitheach.

Príomhdhúshláin Eacnamaíocha

  • Bonneagar Iompair – Cinntiú gur féidir rochtain a fháil go héasca ar thailte a ghineann fostaíocht trí líonra iompair phoiblí ardchaighdeáin, go háirithe go mbeadh córas iompair phoiblí inrochtana ann chun freastal ar Shord agus Aerfort Bhaile Átha Cliath.
  • Patrúin chomaitéireachta chun oibre – Taistealaíonn an chuid is mó de shaoránaigh Fhine Gall chun oibre lasmuigh den Chontae.
  • Scileanna meaitseáilte le fostaíocht – I nach mór gach earnáil eacnamaíoch i bhFine Gall tá níos mó saothair ná poist áitiúla ar fáil agus bíonn tionchar aige sin ar an ngá le taisteal lasmuigh den Chontae le haghaidh oibre. Freisin tá próifíl ard scileanna ag Fine Gall, agus baineann ceist na meaitseála scileanna le pleanáil eacnamaíoch fhadtéarmach an Chontae. Bheadh sé níos éasca inbhuanaitheacht don todhchaí a bhaint amach dá mbeadh scileanna áitiúla agus deiseanna fostaíochta earnála ag teacht le chéile níos mó.
  • Dífhostaíocht – Tá rátaí dífhostaíochta (déantar rátaí a ríomh trí dhaoine dífhostaithe a léiriú mar chéatadán de dhaoine d'aois oibre) éagsúla i bhfeidhm ó 37% i gcodanna den Chontae go níos lú ná 1% i gcodanna eile.
  • Ceisteanna soláthair uisce agus draenála – Ní mór d'Fhine Gall oibriú i ndlúthpháirt le hUisce Éireann chun cinntiú go gcuirtear bonneagar dóthanach ar fáil chun déanamh cinnte nach mbeidh seirbhísí dramhuisce agus uisce ina fhachtóir teorannach maidir le spriocanna fáis tuartha a bhaint amach sa todhchaí.
  • Rátaí Folúntais – Ó thaobh gnóthas miondíola agus tionsclaíoch i bhFine Gall meastar gurb é an ráta folúntais ná 12.6% (ag deireadh 2014), agus bearta ag teastáil chun úinéirí aonad réadmhaoine tráchtála nach bhfuil áitithe a spreagadh chun úsáid a bhaint astu.

Príomhbhuanna agus Príomhdheiseanna Eacnamaíocha

I dteanna le príomhdhúshláin eacnamaíocha, tá roinnt buanna agus deiseanna ag Fine Gall, a chiallaíonn go bhfuil cumas uathúil aige deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta a spreagadh agus a chothú. Leanfaidh Fine Gall ar aghaidh ag baint leasa as a ionad i dTionól Réigiúnach an Oirthir agus an Lár Tíre atá nuabhunaithe chun forbairt eacnamaíoch a uasmhéadú agus chun neartú a dhéanamh ar na hionaid fáis Sord, Baile Bhlainséir agus Baile Brigín, arb iad príomhionaid fáis an Chontae.

  • Feabhsuithe eacnamaíocha le déanaí – Ó glacadh leis an bPlean Forbartha i 2011, rinneadh roinnt fógraí móra faoi phoist i bhFine Gall agus tharla cor chun feabhais ginearálta sa gheilleagar áitiúil agus náisiúnta.
  • Bonn láidir eacnamaíoch – Tá geilleagar áitiúil Fhine Gall láidir agus éagsúil agus feictear na hearnálacha eacnamaíocha lárnacha ann a aithníodh sa gheilleagar áitiúil. Orthu sin tá: Geilleagar Glas (le díriú ar Theicneolaíocht Ghlan); Seirbhísí Airgeadais; Teicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC); Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht; Déantúsaíocht (Bithchógaisíocht san áireamh); Seirbhísí Eitlíochta; Miondíol; Turasóireacht; Agraibhia; agus Muir. Aithnítear deiseanna um ghiniúint fiontraíochta agus fás fostaíochta i ngach earnáil do thréimhse an Dréachtphlean atá le teacht.
  • Tailte fostaíochta – Tá candam barrmhaith de thailte atá criosaithe don fhostaíocht ag Fine Gall a chuirtear ar fáil in ionaid chuí ar fud an Chontae. Déantar soláthar do réimse leathan criosuithe chun freastal ar dheiseanna fostaíochta ar fud earnálacha eacnamaíocha trí ardteicneolaíocht, fiontraíocht agus fostaíocht ghinearálta, tionscal bia, tionscal trom, fostaíocht úsáide measctha, gnó a bhaineann leis an tuath, trádstóráil mhórdhíola, trádstóráil agus scaipeadh agus forbairt a bhaineann leis an aerfort.
  • Ionad Straitéiseach – Tá ionad straitéiseach ag Fine Gall sa Tionól (EMRA), agus é gar do Chathair Bhaile Átha Cliath, d'Aerfort Bhaile Átha Cliath, don M50, don M1 agus don Tollán Calafoirt a dtugann siad go léir rochtana ar mhargaí náisiúnta agus idirnáisiúnta agus a chiallaíonn gur ionad tarraingteach é Fine Gall d'Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (IDE) agus do thionscal dúchasach.
  • Naisc iompair – Soláthraíonn Aerfort Bhaile Átha Cliath, Port Bhaile Átha Cliath, Mótarbhealaí an M1 agus M50 (a nascann leis an M2, M3, M4, M7 agus M8) naisc láidre ó Fhine Gall le margaí náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus Aerfort Bhaile Átha Cliath mar an bhfostóir is mó sa Chontae.
  • Timpeallacht fhisiceach ardchaighdeáin – Tá timpeallacht nádúrtha agus thógtha ardchaighdeáin ag Fine Gall a mheastar gur fachtóir lárnach é maidir le fostóirí agus fostaithe ardoilte a tharraingt.
  • Próifíl Dhéimeagrafach – Tá cion ard daoine óga agus teaghlach i gcomparáid leis an gcuid eile den tír ina shainghné d'Fhine Gall, agus mar gheall air sin is gá meascán de dheiseanna fostaíochta a chruthú, go bhfuil tairiscint éagsúil oideachais tríú leibhéal ar fáil, agus go ndéantar freastal ar riachtanais mhiondíola do theaghlaigh óga.
  • Acmhainneacht Turasóireachta – Mar gheall ar a thimpeallacht láidir, tarraingteach, tuaithe agus cósta, tá cumas idéalach ag an gContae bheith tarraingteach d'fhostóirí agus d'fhostaithe féideartha. Tá raidhse gnéithe agus áiseanna nádúrtha agus de dhéantús an duine ag Fine Gall a tharraingíonn turasóirí chuig an gContae. Tuartar go leanfaidh Baile Átha Cliath ar aghaidh ag tarraingt sciar méadaithe den éileamh turasóireachta d'Éirinn atá ag dul i méid. Mar ghné lárnach de cheann scríbe turasóireachta Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, tá Fine Gall in áit mhaith chun leas a bhaint as an méadú sin ar thurasóireacht. Is í an deis atá ag Fine Gall anois ná dul san iomaíocht le haghaidh sciar den líon méadaithe cuairteoirí ar Bhaile Átha Cliath agus na háiteanna timpeall air, a thuartar go mbeidh dúbláil an chaiteachas turasóireachta i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath go €2.5 billiún i 2020 mar thoradh air chomh maith le cruthú beagnach 20,000 post nua[3].

1.11 Forbhreathnú Comhshaoil

Tá réimse leathan acmhainní comhshaoil agus oidhreachta ag Fine Gall. Ina measc tá an cósta, an tuath, aibhneacha, tailte áise, agus oidhreacht shaibhir seandálaíochta agus ailtireachta a fhaightear ar fud an Chontae. Tá cáilíocht ard agus íogaireacht ard tírdhreacha sa chósta agus freisin is acmhainn thábhachtach caithimh aimsire é. Chomh maith leis sin tá sé ar cheann de na hacmhainní bithéagsúlachta is tábhachtaí sa Chósta agus tá cónaí ar raon leathan d'fhiadúlra ann lena n-áirítear líon éan atá tábhachtach go hidirnáisiúnta chomh maith le raon plandaí agus ainmhithe eile. Go háirithe tá láithreáin Europa (Natura 2000) ar an gcósta nach mór don Chomhairle a chosaint de bhun cheanglais na dTreoracha maidir le Gnáthógá agus Éin. Tá Limistéir Saináise i mBinn Éadair agus i nGleann na Life chomh maith le Tearmann Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath i bhFine Gall.

Chomh maith leis an tábhacht a bhaineann léi ó thaobh na talmhaíochta agus na gairneoireachta, tá an tuath tábhachtach mar gheall ar a tírdhreach éagsúil ardchaighdeáin agus a cuid acmhainní fiadhúlra ar áis iad a éiríonn níos tábhachtaí i gcónaí do dhaonra méadaitheach an Chontae. Ina theannta sin tá an tuath mar shuíomh do bhailte agus shráidbhailte an Chontae a bhfuil oidhreacht thógtha shainiúil agus shaibhir acu.

Trasnaíonn go leor aibhneacha móra an Contae lena n-áirítear an Life, an Tulcha, Abhainn an Bharda, Abhainn Ghabhra, agus an Delvin ar iascaigh agus acmhainní fiadúlra tábhachtacha iad agus atá tábhachtach freisin um sholáthar leanúnach seirbhísí uisce agus um bainistiú riosca tuile. Sprioc agus ceanglas lárnach ó thaobh an chomhshaoil é "dea-stádas" a bhaint amach do na huiscí go léir de réir aidhmeanna an Chreat-treoir Uisce . Acmhainní tábhachtacha do dhaoine iad páirceanna agus spáis oscailte agus soláthraíonn siad do chaitheamh aimsire gníomhach agus fulangach agus do chaomhnú sócmhainní oidhreachta tábhachtacha lena n-áirítear na fearainn pháirce stairiúla Caisleán Mhullach Íde, Caisleán Ard Giolláin agus Teach an Droichid Nua. Tá sé ina cheangal ar an gContae freagairt anuas do dhúshláin an athrú aeráide a thiocfaidh chun cinn sa todhchaí trí mheán fáis agus forbartha a laghdóidh an gá le húsáid fuinneamh, a thacóidh le bealaí inbhuanaithe iompair agus a laghdóidh lorg carbóin an Chontae.

Is féidir roinnt dúshlán comhshaoil lárnach a aithint d'Fhine Gall:

  • Sláine éiceolaíoch na láithreán Europa (Natura 2000), na Limistéar Saináise agus Tearmann Bithsféir Bhaile Átha Cliath a chosaint, agus fás agus forbairt leanúnach á ceadú.
  • Soláthar d'fhás agus d'fhorbairt a laghdaíonn tomhaltas fuinnimh, a dhéanann bealaí inbhuanaithe iompair a chur chun cinn agus a laghdaíonn spleáchas ar ghluaisteáin.
  • Beidh bainistíocht an imeallbhoird lena n-áirítear bainistiú riosca tuilte agus bearta um chaomhnú dumhcha níos tábhachtaí fós mar fhreagra ar thionchar an athrú aeráide tuartha agus brú méadaithe ó thaobh an daonra.
  • Cothabháil agus feabhsú cháilíocht chomhshaoil agus éiceolaíoch sruthchúrsaí agus uiscí cósta Fhine Gall de bhun cheanglais an Chreat-Treoir Uisce.
  • Riosca tuile a bhainistiú ar shruthchúrsaí an Chontae agus réamh-mheastacháin maidir le hathrú aeráide á dtógáil san áireamh.
  • Soláthar córas um chóireáil fuíolluisce a éascú chun cinntiú go gcomhlíontar ceanglais an Chreat-Treoir Uisce agus chun forbairt inbhuanaithe a éascú sa Chontae.
  • Oidhreacht shaibhir seandálaíochta agus ailtireachta an Chontae a chosaint, a fheabhsú agus a chur chun cinn.
  • Tírdhreacha éagsúla an Chontae a bhainistiú ionas go ndéantar tírdhreacha ardchaighdeáin a choimeád agus a fheabhsú de thoradh athraithe agus go bhfeabhsaítear tírdhreacha.
  • Soláthar leanúnach páirceanna poiblí agus spáis ardchaighdeáin inrochtana dár ndaonra méadaitheach.

Nuair a thógtar le chéile iad, is féidir cur síos ar acmhainní comhshaoil agus oidhreachta sa Chontae mar "Bonneagar Glas" an Chontae, acmhainn ríthábhachtach don todhchaí, a bhfuil ról lárnach aige maidir le cáilíocht an chomhshaoil a choimeád, tairbhí caithimh aimsire agus sláinte a chruthú do dhaoine, infheistíocht eacnamaíoch, turasóireacht agus poist a tharraingt agus áit tharraingteach um chónaí a chruthú i bhFine Gall. Sa Dréachtphlean Forbartha aithnítear bonneagar glas mar shócmhainn straitéiseach lárnach don Chontae agus cuimsítear beartais chun an acmhainn sin a chruthú agus a bhainistiú trí dhíriú ar théamaí lárnacha mar Bhithéagsúlacht; Páirceanna Poiblí, Spás Oscailte agus Caitheamh Aimsire; Tírdhreach; Bainistíocht Inbhuanaithe Uisce agus Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta. Agus iarracht á déanamh níos mó forbartha a dhéanamh ar an gcur chuige bonneagair ghlais tá gá faoi leith ann infheistíocht i dtionscadail agus in áiteanna bonneagair ghlais a mhéadú.

 

High Point Stich

 

Riachtanais na Treorach maidir le Gnáthóga a Chomhlíonadh

Leis an Treoir maidir na Gnáthóga cuirtear ceanglais dlí déine a i bhfeidhm ar bhallstáit chun cosaint, caomhnú agus bainistiú gnáthóg agus speicis suime i ngach láithreán Eorpach (Natura 2000) a chinntiú. Ní mór pleananna agus tionscadail a scagadh um Measúnacht Chuí agus ní mór MC iomlán a dhéanamh murar féidir a shocrú tar éis scagtha nach mbeidh éifeacht mhór ag an bplean nó an tionscadal atá i gceist ar aon láithreán Eorpach (Natura 2000). Mar sin tá sé tábhachtach a shocrú ag an gcéim is luaithe de dhéanamh plean nó de phleanáil tionscadal cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil MC ag teastáil (trí mheán scagtha) agus impleachtaí cosúlacha an MC don phlean nó tionscadal atá i gceist.

  • [1] Plean Corparáideach 2015-2019, Comhairle Contae Fhine Gall, Márta 2015 Tábla 1 Gnóthais Inrátáilte, lch 5.
  • [2] Economic Development Strategy 2014-2017, Comhairle Contae Fhine Gall, Tábla 2: Na 25 Fhostóir Tráchtála is mó i bhFine Gall, lch 6.
  • [3] Grow Dublin Taskforce : ‘Destination Dublin – A Collective Strategy for Growth to 2020’

Clár ábhair

Baile