Caibidil 6: Forbairt Eacnamaioch

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

6.1 Cúlra

Déanann an Dréacht-Phlean cur síos ar an bhfís eacnamaíoch don Chontae i rith thréimhse an Phlean atá le teacht, agus beartais i gceist ar fud réimse earnálacha gnó agus tionscail, agus cuspóirí ar leith a chinnteoidh go dtacófar agus go n-éascófar gníomhaíocht eacnamaíoch agus cruthú fostaíochta inbhuanaithe.

Ullmhaíodh an Chaibidil agus aird ar na dálaí athraitheacha a bhí ann nuair a glacadh leis an bPlean Forbartha roimhe sin in 2011, agus ar na comharthaí dearfacha téarnaimh atá ag le tabhairt faoi deara go méadaitheach. Féachann an straitéis eacnamaíoch a bhfuil cur síos air thíos le próifíl eacnamaíoch reatha Fhine Gall a neartú, uasmhéadú a dhéanamh ar réimse leathan buntáistí suímh, bonneagair agus iomaíochais an Chontae, freagairt ar threochtaí eacnamaíocha, déimeagrafacha agus fostaíochta, agus a bheith i gcomhréir leis na struchtúir nua rialachais ag leibhéil an rialtais réigiúnaigh agus áitiúil.

Forbhreathnú ar Phróifíl Eacnamaíoch Fhine Gall

Is ceantar riaracháin ríthábhachtach é Fine Gall de Thionól nuabhunaithe Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre (EMRA) agus tá ról láidir aige ag tacú le Tairseach Chathair Átha Cliath, rud arb é lárionad fáis eacnamaíoch na tíre. Is é Fine Gall suíomh roghnaithe na mílte gnó ar fud na bpríomhearnálacha gníomhaíochta eacnamaíche go léir. Tá cuid mhaith fostóirí éagsúla sa Chontae, amhail cuideachtaí móra ilnáisiúnta, fiontair bheaga agus mheánmhéide Éireannacha (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe i bhFine Gall ina bhfuil líon beag fostaithe. Tá méadú seasta tagtha ar líon na ngnóthas a cruthaíodh sa Chontae ó bhí 2011 ann, agus [1] 5,876 taifeadta i 2014. Is léiriú é an ráta fáis ar na dálaí eacnamaíocha feabhsaithe, treochtaí a bhfuil sé tuartha ina leith go leanfaidh siad ar aghaidh.

Éiríonn go han-mhaith leis an gContae in earnáil Theicneolaíocht na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC), agus ionaid ag cuideachtaí móra amhail Synopsys, IBM, PayPal agus Symantec i gceantar Bhaile Bhlainséir. Ar an gcaoi chéanna, tá an earnáil Chógaisíochta/Cúram Sláinte seanbhunaithe i bhFine Gall agus cuideachtaí amhail Bristol Myers-Squibb, Alexion, Helsinn Birex, Organon agus Mylan lonnaithe ann. Fostóir mór é an earnáil Eitlíochta a chuimsíonn Aer Lingus, Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath, Cityjet, Servisair agus Ryanair. Cuimsíonn an earnáil Agraibhia, earnáil fostaíochta lárnach do phobail tuaithe, fiontair mar Keelings, Country Crest, Sam Dennigan agus Donnellys. Tá an Earnáil Mhiondíola, agus gnéithe eile den bhonn fiontraíochta a bhíonn ag trádáil sa tír seo, ina bhfoinse thábhachtach fostaíochta chomh maith, áit a bhfuil ionaid siopadóireachta a bhfuil tábhacht réigiúnach ag baint leo i mBaile Bhlainséir agus Sord, páirceanna miondíola agus miondíoltóirí a bhfuil tarraingt náisiúnta ag baint leo, amhail Ikea[2].

Tá bonn mór fostaíochta seirbhíse poiblí i bhFine Gall chomh maith i gComhairle Contae Fhine Gall, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), dream a bhfuil ionad mór fostaíochta acu ag Ospidéal Uí Chonghaile i mBaile Bhlainséir, agus an Roinn Oideachais, dream a bhfuil ionad mór fostaíochta acu ag an Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir.

Is deiseanna uathúla do gheilleagar áitiúil Fhine Gall iad na hearnálacha Eitlíochta agus Agraibhia go háirithe, toisc go bhfuil Aerfort Bhaile Átha Cliath sa Chontae agus mar gheall ar cháil mhór earnáil ghairneoireachta agus gnó talmhaíochta an Chontae. Tá cuid mhaith deiseanna sa dá earnáil seo le haghaidh forbairt agus leathnú amach anseo. Díríonn an straitéis eacnamaíoch sa Phlean Forbartha ar uasmhéadú na n-earnálacha atá ag feidhmiú cheana, deiseanna fáis a chothú agus réimsí le haghaidh cruthú fostaíochta a aithint.

Treochtaí Eacnamaíocha

Tar éis do chrapadh agus marbhántacht tarlú roimhe seo i ngeilleagar na tíre, léiríonn feidhmíocht gheilleagar na hÉireann le déanaí go bhfuil biseach mór ag teacht air. Tuairiscíonn sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh (POS) fás OTI 1.4% in 2013 agus 5.2% in 2014, rud a chiallaíonn gurb í Éire an geilleagar is mó fás i limistéar an Euro. Is é dearcadh na Roinne Airgeadais, na hinstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta (ITES) agus Bhanc Ceannais na hÉireann ná go leanfaidh an fás láidir ar aghaidh go meántéarmach. Ríomhann an POS méadú 6.7% ar an olltáirgeacht intíre (OTI) agus méadú 5.3% ar an olltáirgeacht náisiúnta (OTN) sa bhliain idir R4 2014 agus R2 2015[3]. Is é réamhaisnéis oifigiúil an Rialtais ná ráta fáis 6.2% in 2015, 4.3% in 2016 agus thart ar 3% in aghaidh na bliana ina dhiaidh sin.

Treocht ríthábhachtach in 2015 a d'aithin an POS agus an ESRI ná an méadú ar thomhaltas pearsanta, rud atá á léirmhíniú mar theaghlaigh ag baint leasa as an téarnamh eacnamaíoch. Chomh maith leis sin, tá biseach mall tagtha ar an ngné infheistíochta de OTI. Beidh impleachtaí soiléire ag baint leis seo d'fhorbairt eacnamaíoch i bhFine Gall agus don gheilleagar i gcoitinne.

Treochtaí Déimeagrafacha

Tugann figiúirí daonáirimh an POS le haghaidh 2011 le fios gurbh ionann daonra iomlán Fhine Gall agus 273,991 duine, méid arbh ionann é agus ráta fáis 14% i gcomparáid le hiomlán 239,992 in 2006. Ba é seo an tríú ráta fáis ab airde ar bhonn contae, agus tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil an méadú seo níos mó ná an ráta fáis náisiúnta 8.1% i rith na tréimhse céanna idir dhaonáirimh. Bhí sé mar thoradh ar na rátaí arda fáis daonra seo (tar éis na gceann siúd a taifeadadh sa daonáireamh roimhe sin in 2002) go bhfuil difríochtaí móra idir próifíl aoise Fhine Gall agus an phróifíl náisiúnta.

Tugann anailís ar fhigiúirí 2011 le fios go bhfuil cohórt i bhfad níos mó de dhaoine atá 20 go 40 bliain d'aois i bhFine Gall i gcomparáid leis an gcoibhéis náisiúnta, daoine arb ionann iad agus beagnach 20% de dhaonra Fhine Gall. Chomh maith leis sin, tá cohórt níos mó de pháistí faoi bhun 10 mbliana i bhFine Gall chomh maith. Caithfear a bheith ag súil le riachtanais eacnamaíocha na n-aoisghrúpaí seo agus freagairt a dhéanamh orthu i dtréimhse an Phlean Forbartha, mar shampla, trí chinntiú go gcruthófar meascán deiseanna fostaíochta, go mbeidh réimse leathan deiseanna oideachais tríú leibhéal ar fáil, agus go bhfreastalófar ar riachtanais mhiondíola leanaí agus teaghlach óg.

Treochtaí Fostaíochta agus Oideachais

Tugann sonraí a bhí eisithe ag an POS le déanaí le fios go bhfuil feabhas ag teacht ar na figiúirí náisiúnta dífhostaíochta, agus iad ag meas go raibh an ráta dífhostaíochta tite go 8.9% i nDeireadh Fómhair 2015[4], méid arb ionann é agus an céatadán is ísle le seacht mbliana anuas. Tá tuartha ag an ITES go dtitfidh na leibhéil dífhostaíochta go 9% faoi dheireadh 2015 agus go 8% faoi dheireadh 2016[5].

Is ionann na figiúirí seo ó 2015 agus feabhsú suntasach ar an ráta a taifeadadh in 2011. Thug figiúirí daonáirimh an POS le haghaidh 2011 le fios go bhfuil daonra gníomhach oibre 119,276 duine i bhFine Gall agus go bhfuil an ráta rannpháirtíochta sa lucht saothair is airde sa tír ann. Maidir le dífhostaíocht, tá ráta 16% i gceist i bhFine Gall, agus is é an dara ráta dífhostaíochta is ísle sa tír agus é i bhfad níos lú ná an meán náisiúnta 19%[6]. Cé go dtugann na figiúirí seo le fios go bhfuil ag éirí níos fearr le Fine Gall i gcomparáid leis na meáin náisiúnta, taifeadadh ceantair áirithe ina bhfuil ráta ard dífhostaíochta go fóill i mBaile Brigín agus Baile an Tirialaigh.

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar na figiúirí fostaíochta sa daonáireamh ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha le haghaidh 2006 agus 2011, d'éirigh go han-mhaith le Fine Gall in earnálacha ardoilte den bhonn fostaíochta, amhail seirbhísí gairmiúla, iompar agus cumarsáid, tráchtáil agus trádáil.

Ó thaobh gnóthachtáil oideachais de, d'éirigh go réasúnta maith le pobal Fhine Gall, ós rud é go bhfuil oideachas tríú leibhéal bainte amach ag 37.9% de dhaonra Fhine Gall, agus próifíl bhunaithe ann de ghrúpaí socheacnamaíocha a bhaineann le gairmeacha oilte, gairmiúla, bainistíochta agus teicniúla go príomha.

Athchóiriú an Rialtais Áitiúil agus Forbairt Eacnamaíoch

Thug an tAcht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil 2014 socruithe struchtúrtha, pleananna agus straitéisí nua isteach ag leibhéil an rialtais áitiúil agus réigiúnaigh. Tá ceangal ar na húdaráis áitiúla Pleananna Áitiúla Eacnamaíocha agus Pobail (PÁEPanna) a ullmhú, fad is gur gá do thionóil réigiúnacha Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha (SRSEanna) a ullmhú. Tá Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (CFPÁ), Coistí um Beartais Straitéiseacha (CBSanna), agus Oifigí Fiontair Áitiúil (OFÁnna) bunaithe taobh istigh d'údaráis áitiúla, agus tá struchtúr nua tionóil réigiúnaigh bunaithe chomh maith, agus tá Fine Gall suite taobh istigh de Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre (EMRA).

Mar chuid de phróiseas an athchóirithe, tá freagrachtaí méadaithe bronnta ar na socruithe struchtúrtha nua seo as forbairt eacnamaíoch. Tá Roinn Eacnamaíoch Fhine Gall agus an CBS le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht, tá siad freagrach as gnéithe eacnamaíocha an PÁEP. Tá a PÁEPanna ullmhaithe ag an gComhairle, rud ar ghlac na comhaltaí tofa leis i Nollaig 2015. Tá achar ama sé bliana ag an PÁEP agus is gá don mhéid atá ann teacht leis an bPlean Forbartha. Tá sé beartaithe go gcuirfidh an PÁEP béim dhírithe ar fáil ar fhorbairt áitiúil eacnamaíoch, ina mbeidh gníomhartha agus bearta le cinntiú go mbeidh sé á chur chun cinn agus á éascú.

Táthar ag súil le hullmhú an SRSE ag an EMRA go luath. Beidh ar Phlean Forbartha Fhine Gall agus údaráis áitiúla eile an EMRA a bheith i gcomhréir leis an SRSE chomh luath is a bheidh sí críochnaithe agus glactha.

Ról an Phlean Forbartha i bhForbairt Eacnamaíoch

In ainneoin go n-oibríonn an Plean Forbartha taobh istigh de líonra pleananna agus straitéisí tionchair eile, tá roinnt ról tábhachtach le cur i gcrích ag an bPlean chun an straitéis eacnamaíoch don Chontae a cheapadh. Maidir le geilleagar Fhine Gall, tá an Plean Forbartha freagrach as roinnt príomhfheidhmeanna. Ina measc seo, tá:

  • Candam imleor de thailte atá criosaithe go cuí a chur ar fáil chun deiseanna fiontraíochta agus cruthú fostaíochta a éascú;
  • Cinntiú go bhfuil a leithéid de thailte suite go loighciúil agus go comhleanúnach chun uasmhéadú a dhéanamh ar an mbonneagar atá ann cheana agus atá pleanáilte, go háirithe maidir le hiompar poiblí, seirbhísí uisce agus teileachumarsáid;
  • Na príomhearnálacha gnó agus tionscail a aithint, a riachtanais a réamh-mheas maidir le cineálacha, formáidí agus méideanna foirgneamh, in éineacht le réimse na seirbhísí tacúla agus coimhdeacha;
  • Cruthú braislí in earnálacha a spreagadh chun uasmhéadú a dhéanamh ar bharainneachtaí gaolmhara scála;
  • Pobail dhearfacha a chothú agus áiteanna tarraingteacha fíor-rathúla a chruthú mar áiteanna cónaithe agus oibre do dhaoine, fad is a mhealltar gnóthaí agus fostaithe éagsúla a bhfuil tacair shainscileanna dhifriúla acu; agus
  • Cur chuige comhsheasmhach i leith forbairt eacnamaíoch a chur ar fáil, rud a chruthóidh cinnteacht agus soiléire d'iarratasóirí, forbróirí agus infheisteoirí atá páirteach sa phróiseas forbartha.

Tá na caighdeáin agus riachtanais a bhaineann le foirmeacha eacnamaíocha forbartha sa phróiseas bainistíochta forbartha san áireamh i gCaibidil 12.

 

6.2 Straitéis le haghaidh Forbairt Eacnamaíoch

Forbhreathnú

Tá cúig phríomhghné sa straitéis le haghaidh fhorbairt eacnamaíoch Fhine Gall i rith thréimhse an Phlean amach anseo, rudaí a bhfuil achoimre orthu mar seo a leanas:

  1. Forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach, foirmeacha cuí fostaíochta atá suite gar d'fhorbairtí cónaitheacha a chinntiú, braislí eacnamaíocha a chur chun cinn agus tailte as feidhm nó atá neamhéifeachtúil go heacnamaíoch a athnuachan;
  2. Uasmhéadú a dhéanamh ar na buntáistí iomaíocha a bhaineann le bheith mar chuid de Réigiún Bhaile Átha Cliath agus suíomh míreanna bonneagair a bhfuil tábhacht réigiúnach agus náisiúnta leo;
  3. Príomhearnálacha eacnamaíocha a aithint ina bhfuil deiseanna do chruthú fiontraíochta agus fás fostaíochta, agus díriú ar na cinn siúd a bhaineann le Fine Gall go háirithe;
  4. Lucht saothair ardoilte agus a bhfuil oideachas maith acu a fhorbairt agus a éascú; agus
  5. Cinntiú go bhfreastalaítear ar thograí le haghaidh forbairt eacnamaíoch le bonneagar tacúil ardchaighdeáin a bhfuil acmhainn imleor aige.

Forbairt Eacnamaíoch Inbhuanaithe

Ar an gcéad dul síos, leanann an straitéis prionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inbhuanaithe trína mbeidh Fine Gall ag iarraidh réimse leathan cineálacha fostaíochta a mhealladh, ar fud earnálacha gnó agus tionscail, agus ag na suíomhanna is oiriúnaí agus is inrochtana, rud a dhéanfaidh íoslaghdú ar chomaitéireacht gan ghá agus a fheabhsóidh cáilíocht bheatha mhuintir Fhine Gall.

Is féidir forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach chomh maith trí bhraisliú. Coincheap ríthábhachtach beartais eacnamaíoch trína dtagann fiontair agus tionscail a bhfuil comhthréithe acu le chéile mar bhraislí in áiteanna áirithe d'fhonn barainneachtaí scála a bhaint amach agus na tairbhí a bhaineann le deiseanna líonraithe, nuálaíocht, sineirgí, lucht saothair oilte a roinnt, agus úsáid a bhaint as bonneagar forbartha a bhaint amach. Tarlaíonn gráigiú i bhFine Gall ar fud réimse leathan earnálacha agus i gcuid mhaith áiteanna, amhail an earnáil TFC i mBaile Bhlainséir, an earnáil Chógaisíochta i gceantar Shoird agus Bhaile Bhlainséir/Mhullach Eadrad, an earnáil Eitlíochta gar d'Aerfort Bhaile Átha Cliath, agus an earnáil Agraibhia i gceantair thuaithe, go háirithe i dtuaisceart an Chontae. Ós rud é go bhfuil buntáistí cruthaithe ag baint le braislí eacnamaíocha, leanfar den chur chuige seo i leith suíomh fiontraíochta agus fostaíochta.

Is cuid lárnach é ról an bhraislithe den bheartas náisiúnta fiontraíochta. D'fhonn tacú leis an aidhm athléimneacht a fhorbairt agus athrú céime a dhéanamh i bhfeidhmíocht fiontraíochta, tá gealltanas sa ráiteas beartais mheántéarmaigh den Rialtas le déanaí, mar atá, Enterprise 2025, do bhearta áirithe maidir le gráigiú a chur chun cinn[7]. Is éard a bheidh i gceist leis an mbeartas go háirithe ná cur i bhfeidhm Tionscnaimh Gráigithe Náisiúnta sna príomhearnálacha forbartha nirt d'fhonn cur leis na tionscnaimh atá ann cheana. Is é an cuspóir a bheidh ann ná ‘gráigiú breise a spreagadh ar bhonn inbhuanaithe ar scála agus doimhne a bhaineann spriocanna beartas fiontraíochta amach agus atá le feiceáil agus a bhfuil meas air i gcomhthéacs idirnáisiúnta.’ Nuair a chuirtear earnálacha láidre Fhine Gall i láthair na huaire san áireamh, beidh an cur chuige beartais náisiúnta bainteach go mór ag leibhéal áitiúil.

Má chuirtear chuig forbairt eacnamaíoch ar bhealach inbhuanaithe, cinnteofar go mbainfear an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as talamh agus seirbhísí, rudaí ar acmhainní teoranta iad. Má táthar chun athnuachan ceantar tréigthe nó tearcúsáide a bhaint amach go héifeachtúil, tá gá le beartais chuí a bhaineann le láithreáin ar leith chun a n-athfhorbairt a chur chun cinn. Is maith an seans go mbeidh tábhacht le tionscnaimh, amhail na cinn siúd atá pleanáilte faoin Acht um Athnuachan Uirbeach agus Tithíocht 2015, rudaí atá mar dhreasacht d'fhorbairt agus a spreagann athfhorbairt agus infheistíocht, agus iad mar bhealach leis na treochtaí seo a fhreaschur i rith thréimhse an Phlean atá le teacht.


Cuspóir FE01

Cinntiú go bhfuil candam imleor tailte criosaithe ar fáil chun réimse forbartha fiontraíochta agus meascán cruthaithe fostaíochta a éascú ar fud na n-earnálacha gnó agus tionscail go léir i bhFine Gall.


Cuspóir FE02

Cinntiú go mbíonn criosuithe forbartha eacnamaíche suite go loighciúil agus go comhsheasmhach chun an soláthar bonneagair a uasmhéadú, go háirithe maidir le fiontraíocht agus tionscal a chruthaíonn cuid mhór fostaíochta a shuí gar do líonraí agus naisc iompair phoiblí a bhfuil toilleadh mór acu, rud a laghdóidh an spleáchas ar iompar carranna poiblí.


Cuspóir FE03

Tosaíocht a dhéanamh d'fhorbairtí fostaíochta agus cónaitheacha ardchaighdeáin a shuí gar dá chéile d'fhonn an gá le taisteal a laghdú, agus a chinntiú go mbeidh cóiríocht oiriúnach áitiúil ar fáil le freastal ar riachtanais na n-oibrithe sa Chontae.


Cuspóir FE04

Tacú le braislí a bhfuil rath orthu cheana i bhFine Gall, amhail na cinn siúd sna hearnálacha cógaisíochta, eitlíochta agus agraibhia, chomh maith le deiseanna nua agus éiritheacha gráigithe ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha go léir sa Chontae a chur chun cinn.


Cuspóir FE05

Athnuachan foirgneamh tréigthe agus/nó tearcúsáidte agus tailte a d'fhéadfadh tairbhí eacnamaíocha a chur ar fáil a chur chun cinn, in éineacht le húsáidí cuí agus faoi réir phleanáil agus forbairt chuí an cheantair.


Cuspóir FE06

Páirceanna gnó agus eastáit thionsclaíocha is gá a athnuachan agus a athbheochan i gcomhréir le bearta inbhuanaithe a aithint, agus teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara go léir chun a n-athnuachan agus a n-athbheochan a spreagadh.


Cuspóir FE07

Leas a bhaint as na bearta agus cumhachtaí atá ar fáil d'Fhine Gall chun athnuachan ceantar a bhfuil gá léi a spreagadh agus a chur chun cinn, mar shampla, i gceantair thráchtála agus/nó ceantair thionsclaíocha tearcfheidhmíochta nó as feidhm, agus i láir bailte agus sráidbhailte ina bhfuil rátaí folúntais níos airde.


Cuspóir FE08

Tionchar forbairtí suntasacha tionsclaíocha i gceantair uirbeacha agus chónaitheacha ar leith a aithint. Tá na hionaid thionsclaíocha seo ríthábhachtach d'fhorbairt eacnamaíoch an Chontae agus an stáit agus is foinse shuntasach ioncaim iad don údarás áitiúil. Ba chóir soláthar a dhéanamh d'infheistíocht mhéadaithe sna réimsí ar leith seo mar aitheantas ar a dtábhacht chun bonn beoga rátaí a chothabháil.

Suíomh Straitéiseach Réigiúnach

Tá roinnt buntáistí iomaíocha ag Fine Gall a mbeidh straitéis eacnamaíoch an Chontae ag iarraidh uasmhéadú a dhéanamh astu. Ar na buntáistí atá ann, tá suíomh straitéiseach Fhine Gall san EMRA, agus é mar chuid de Réigiún Chathair Átha Cliath agus san áireamh i gConair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste.

Tá réigiúin chathrach ríthábhachtach d'fhorbairt eacnamaíoch agus is é Baile Átha Cliath an t-aon chathair sa tír a bhfuil scála idirnáisiúnta ag baint léi[8]. Agus é ina aonar, chuimsigh réigiún Bhaile Átha Cliath (limistéar na gceithre údarás áitiúil) 41.9% den OTI náisiúnta in 2012.

Tá roinnt príomhshócmhainní bonneagair a bhaineann le Fine Gall agus a bhfuil tábhacht réigiúnach agus fiú náisiúnta leo. Tá siad suite taobh istigh de agus/nó tá siad suite thar an gContae, agus ina measc tá Aerfort Bhaile Átha Cliath; líonraí mótarbhealaí M50, M1 (rud a chuireann teacht ar fáil chomh maith ar Chalafort Bhaile Átha Cliath trí Thollán an Chalafoirt), N2/ M2 agus N3/ M3; agus naisc iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, an DART agus seirbhísí iarnróid fobhailteacha.

Is coincheap spásúil agus eacnamaíoch é Conair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste atá san áireamh i Straitéis Náisiúnta Spásúil 2002-2020 agus i bPlean Forbartha 2011-2017, agus tá sé bainteach le Fine Gall go fóill. Feabhsaítear acmhainneacht na Conaire tuilleadh trí fheidhmíocht láidir réigiún chathair Bhéal Feirste i dtéarmaí tarraingt infheistíochta agus cruthú fostaíochta ardchaighdeáin. Baineann tairbhí na Conaire leis na lonnaíochtaí atá ar feadh a faid a bheith ina n-ionaid le haghaidh forbairt dhírithe. Is féidir sláine eacnamaíoch na Conaire a fheabhsú trí mhais chriticiúil a éascú i bhfoirm fhisiceach agus eacnamaíoch sna lonnaíochtaí atá ann cheana. Ag leibhéal straitéiseach, cuireann coincheap na Conaire féidearthacht ar fáil do shraith deiseanna forbartha i mbailte ar feadh mhótarbhealach M1 agus líne iarnróid Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste faoi réir na riachtanas pleanála cuí agus forbartha inbhuanaithe, an ordlathais lonnaíochta agus cur ar fáil bonneagar iompair. D'fhonn sláine na Conaire a chothú agus a chosaint, ní cheadófar ach forbairtí cuí ag áiteanna áirithe de réir Straitéis Lonnaíochta Fhine Gall.


Cuspóir FE09

Uasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht inbhuanaithe eacnamaíoch Fhine Gall trí mhodhanna inbhuanaithe, agus é mar chuid de Réigiún Chathair Átha Cliath, buanna uathúla an Chontae agus a shuíomh buntáisteach i dTionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre.


Cuspóir FE10

Uasmhéadú a dhéanamh ar dheiseanna inbhuanaithe eacnamaíocha a bhaineann le príomhshóchmhainní bonneagair a bheith sa Chontae amhail Aerfort Bhaile Átha Cliath, an líonra náisiúnta mótarbhealaí, seirbhísí iarnróid agus a ghiorracht do Chathair Átha Cliath agus Calafort Bhaile Átha Cliath trí Thollán an Chalafoirt.


Cuspóir FE11

Cinntiú go mbeidh ról lárnach ag Fine Gall i gcur chun cinn Bhaile Átha Cliath mar phríomhthairseach Réigiún an Oirthir agus Lár na Tíre trí theagmháil agus comhoibriú leis na húdaráis áitiúla eile i mBaile Átha Cliath agus le Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár na Tíre.


Cuspóir FE12

Na tairbhí a bhaineann le Conair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste a bhaint amach trí thacú le foirmeacha cuí forbartha ag áiteanna ríthábhachtacha i gcomhréir le Straitéis Lonnaíochta Fhine Gall.


Cuspóir FE13

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus tionóil réigiúnacha chóngaracha, de réir mar is cuí, chun forbairt eacnamaíoch leanúnach Chonair Eacnamaíoch Bhaile Átha Cliath-Bhéal Feirste a chur chun cinn.

Deiseanna Earnála agus Rannpháirtíocht Páirtithe Leasmhara

Tá téarnamh eacnamaíoch na tíre agus dul i ngleic leis na leibhéil dífhostaíochta mar phríomhchuspóirí an Rialtais ó tharla an cor eacnamaíoch chun donais. D'ullmhaigh an Rialtas roinnt creata beartais le dul i ngleic leis na ceisteanna seo, lena n-áirítear Plean Náisiúnta Téarnaimh 2011-2014 and Straitéis Fáis 2014-2020. Thosaigh an Rialtas próiseas spriocdhírithe tiomáinte an Phlean Ghníomhaíochta do Phoist (PGP) in 2012, agus tá Plean náisiúnta curtha i gcrích acu go bliantúil, agus an Plean Gníomhaíochta do Phoist 2015 eisithe in Eanáir 2015. Chomh maith leis sin, tá modúil réigiúnacha le haghaidh an Phlean Ghníomhaíochta do Phoist á gceapadh, agus é mar aidhm acu díriú ar cheisteanna ar leith a bhíonn ann go réigiúnach. Táthar ag súil leis go mbeidh Plean Gníomhaíochta Réigiún Bhaile Átha Cliath ar fáil ag tús 2016.

Aithníonn PGP 2015 cúig uaillmhian straitéiseacha[9] a bhainfear amach:

  • Le tacú le 100,000 post breise faoi 2016;
  • Chun go mbeidh Éire ar na cúig thír is fearr ar domhan ó thaobh iomaíochais de arís;
  • An geilleagar baile a spreagadh agus fostaíocht a chruthú in earnáil na trádála áitiúla;
  • Inneall dúchasach fáis a fhorbairt a mhéadaíonn sciar margadh onnmhairí cuideachtaí Éireannacha; agus
  • Braislí den chéad scoth a chruthú i bpríomhearnálacha deise.

Tá Fine Gall suite go láidir mar phríomhúdarás taobh istigh den EMRA chun an beartas náisiúnta a athrú ina straitéis a chuirtear i bhfeidhm go háitiúil, agus chun ról ríthábhachtach a bheith aige i mbaint amach spriocanna a leagtar amach go náisiúnta, go háirithe maidir le cruthú fostaíochta, spreagadh an gheilleagair bhaile agus braislí den chéad scoth a thógáil.

Déanann próiseas bliantúil an PGP cur síos ar fhócas an Rialtais maidir le tosaíochtaí beartais agus leithdháileadh rollach maoiniúcháin a dhéanamh ar na hearnálacha éagsúla den gheilleagar. Tá gnéithe éagsúla ag baint leis an straitéis PGP agus cuimsíonn sé fás allmhairí a thiomáint ar fud an gheilleagair, tacú le fiontair atá bunaithe in Éirinn i margaí idirnáisiúnta, agus an geilleagar baile a spreagadh trí fhostaíocht áitiúil agus athchóiriú struchtúrtha. Tá tacaí breise aitheanta amhail soláthar scileanna a fheabhsú, fiontraíocht a bhreisiú, agus méadú a dhéanamh ar na leibhéil taighde, forbartha agus nualaíochta chun leas na fiontraíochta ar fud an gheilleagair[10].

Tugann straitéis eacnamaíoch Fhine Gall aird ar an gcomhthéacs náisiúnta eacnamaíoch atá ann faoi láthair, rud a aithníonn príomhearnálacha an gheilleagair agus réimsí féideartha fáis amach anseo i rith thréimhse an Phlean. Tá straitéis gheilleagar áitiúil Fhine Gall ag díriú mar sin ar chur i bhfeidhm an bheartais náisiúnta eacnamaíoch do na príomhearnálacha seo, go háirithe na cinn siúd a bhfuil baint ar leith acu le Fine Gall agus buntáiste ag baint leo dó, agus féachann sí le riachtanais earnála a réamh-mheas agus freastal orthu. Tá sé seo i gcomhréir chomh maith le beartas meántéarmach fiontraíochta an Rialtais, Fiontraíocht 2025. Ar na príomhearnálacha atá ann, tá: Geilleagar Glas (le díriú ar Theicneolaíocht Ghlan); Seirbhísí Airgeadais; Teicneolaíocht  na Faisnéise agus na Cumarsáide (TFC); Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht; Déantúsaíocht (Bithchógaisíocht san áireamh); Seirbhísí Eitlíochta; Miondíol; Turasóireacht; Agraibhia; agus Muir. Cé go bhfuil na hearnálacha go léir tábhachtach do gheilleagar Fhine Gall, tá baint ar leith le Fine Gall ag na deiseanna fáis atá aitheanta go náisiúnta sna hearnálacha seirbhísí trádála idirnáisiúnta, déantúsaíochta, eitlíochta agus agraibhia.

Trí aithint na bpríomhearnálacha eacnamaíocha seo, cuirtear beartais agus cuspóirí cuí san áireamh sa Phlean Forbartha atá in ann riachtanais gach earnála a réamh-mheas agus atá solúbtha go léir le freastal ar na deiseanna agus dúshláin i ngach aon earnáil.

Éireoidh le cur i bhfeidhm na straitéise trí theagmháil, comhoibriú agus comhpháirtíocht le roinnt príomhpháirtithe leasmhara. Cuimsíonn siad seo na struchtúir nua i bhFine Gall atá dírithe ar an ngeilleagar áitiúil, an CBS um Fhorbairt Eacnamaíoch agus Fiontraíocht agus an OFA. Chomh maith leis sin, tá gníomhaireachtaí náisiúnta tacaíochta fiontraíochta ann, mar atá, ÚFT Éireann agus Fiontraíocht Éireann (EI). Tacaíonn ÚFT Éireann le réimse mór cuideachtaí thar lear amhail gnóthaí beaga fáis mhóir go cuideachtaí móra ilnáisiúnta, agus díríonn sé ar infheistíocht dhíreach eachtrach (IDE) a mhealladh. Tá Fiontraíocht Éireann freagrach as forbairt agus fás fiontar Éireannach i margaí an domhain agus as gnólachtaí nuathionscanta idirnáisiúnta a bhaint amach.


Cuspóir FE14

Fás cuimsitheach a chruthaíonn cuid mhór post a chur chun cinn trí thacú le cruthú fostaíochta ar fud an Chontae agus ar fud earnálacha fostaíochta agus tionscail.


Cuspóir FE15

Uasmhéadú a dhéanamh ar mhéid an fháis fostaíochta agus cruthú fostaíochta ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha go léir, agus cinntiú go mbíonn an fás dáilte ar bhealach inbhuanaithe ar fud an Chontae i gcomhréir leis an Straitéis Lonnaíochta.


Cuspóir FE16

Teagmháil agus comhordú a dhéanamh le Coiste Fhine Gall um Fhorbairt Pobail Áitiúil, an CBS Forbartha Eacnamaíche agus Fiontraíochta agus an Oifig Fiontair Áitiúil le cinntiú go dtacaíonn beartais agus cuspóirí sa Phlean Forbartha le téamaí agus spriocanna atá san áireamh sa Phlean Áitiúil Eacnamaíoch Pobail, de réir mar is cuí.


Cuspóir FE17

Deiseanna leanúnacha a lorg agus a éascú le haghaidh infheistíochta i, agus forbairt IDE agus fiontar dúchasach ag áiteanna cuí sa Chontae trí theagmháil agus comhoibriú leis na gníomhaireachtaí bainteacha náisiúnta fiontraíochta.

Naisc Oideachais

Tá sé ríthábhachtach d'fhorbairt an gheilleagair áitiúil agus do gheilleagar an réigiúin i gcoitinne go mbeidh lucht saothair i bhFine Gall a bhfuil oideachas maith acu, go háirithe cáilíochtaí tríú leibhéal. Príomhchuid de bhonneagar oideachais an Chontae ná an Institiúid Teicneolaíochta i mBaile Bhlainséir (ITBB). Beidh ITBB mar chuid d'Ollscoil nua Theicneolaíoch Bhaile Átha Cliath (OTBÁC), aontas beartaithe idir Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) agus Institiúid Teicneolaíochta Thamhlachta (ITT). Anuas air sin, tá Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, (CTBÁC) díreach taobh amuigh de limistéar riaracháin Fhine Gall agus tá siad mar chuid den bhonneagar oideachais atá ar fáil do mhuintir Fhine Gall dá bharr.


Cuspóir FE18

An nasc láidir idir lucht saothair a bhfuil oideachas maith acu agus rath eacnamaíoch a aithint, tacú le hinfheistíocht leanúnach oideachais sa Chontae agus comhoibriú le hinstitiúidí tríú leibhéal atá taobh amuigh d'Fhine Gall a chur chun cinn.


Cuspóir FE19

Sineirgí a éascú agus a chur chun cinn idir lucht oideachais, teicneolaíochta agus tionscail agus béim ar rannpháirtíocht i mbearta gníomhachtaithe margadh saothair maidir le rannpháirtíocht san oideachas, d'fhonn forbairt eacnamaíoch agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fheabhsú i bhFine Gall.

Bonneagar Tacúil

Bíonn geilleagar áitiúil rathúil inbhuanaithe ag brath ar bhonneagar tacúil ardchaighdeáin a bhfuil acmhainn imleor aige. Tá sé seo bainteach go háirithe le soláthar iompair phoiblí, seirbhísí uisce agus fuíolluisce, leathanbhanda, nascacht idirnáisiúnta agus an soláthar fuinnimh. Déanfaidh Fine Gall teagmháil le soláthraithe seirbhíse le cinntiú go gcuirtear an bonneagar riachtanach ar fáil sna háiteanna cuí atá aitheanta le haghaidh fás fiontraíochta agus fostaíochta. Ach braithfidh féidearthacht a leithéid d'fhorbairt ar an bhfáil atá ar sheirbhísí agus seans go mbeadh cur chuige seicheamhach i leith forbairt eacnamaíoch cuí, agus é bunaithe ar láithreacht an bhonneagair thacúil.


Cuspóir FE20

Teagmháil a dhéanamh leis na soláthraithe bainteacha seirbhíse poiblí go léir le cinntiú go ndéantar seirbhísiú ar thailte criosaithe chun críocha forbartha eacnamaíche ar bhealach tráthúil chun deiseanna fostaíochta agus cruthaithe fiontraíochta a éascú.


Cuspóir FE21

Ceangal a dhéanamh go bhfreastalaítear ar thograí le haghaidh forbairt eacnamaíoch le bonneagar tacúil ardchaighdeáin a bhfuil acmhainn imleor aige. D'fhéadfaí cur chuige seicheamhach a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar fhorbairtí eacnamaíocha le cinntiú go gcuirtear ar fáil iad go cuí agus go hinbhuanaithe.

6.3 An Geilleagar Glas

Is ionann an Geilleagar Glas agus cur chuige atá ag éirí níos inbhuanaithe agus atá á mholadh le roinnt blianta anuas chun gníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh agus a chur i gcrích. ‘cuimsíonn sé réimse leathan gníomhaíochtaí, agus iad scaipthe ar fud earnálacha difriúla den gheilleagar, agus comhchuspóir acu earraí agus seirbhísí a chur ar fáil ar bhealach inbhuanaithe a laghdaíonn an tionchar ar an gcomhshaol[11]. Tá creata éagsúla Rialtais ann a thacaíonn leis an nGeilleagar Glas agus a mholann cur i bhfeidhm a phríomhphrionsabal. Tá cur chuige an Gheilleagair Ghlais i leith forbairt eacnamaíoch aitheanta mar réimse fáis mhóir ina bhfuil acmhainneacht d'fhiontraíocht agus cruthú fostaíochta mór. Tá an acmhainneacht 'ghlas' tar éis a bheith aitheanta in earnálacha agus/nó gníomhaíochtaí amhail taighde agus forbairt, nuálaíocht, éifeachtúlacht fuinnimh, iompar, talmhaíocht, táirgeadh bia, cúrsaí mara, turasóireacht agus soláthar.

Sampla de thionscadal den Gheilleagar Glas is ea an Bealach Glas, rud a bhfuil Fine Gall ar na sé dhream a chur tús leis[12]. Tacaíonn an tionscnamh le teicneolaíochtaí glana nuálaíocha agus nascann sé eagraíochtaí a bhfuil táirgí teicneolaíochta glaine agus réitigh a bhfuil deiseanna fáis ag baint leo forbartha acu.


Cuspóir FE22

Cinntiú go mbíonn cur chuige inbhuanaithe á leanúint i leith forbairt fiontraíochta agus cruthú fostaíochta ar fud na n-earnálacha go léir de gheilleagar Fhine Gall i gcomhréir le creata náisiúnta an Gheilleagair Ghlais a bhaineann le gach earnáil.


Cuspóir FE23

Teagmháil a dhéanamh leis na páirtithe leasmhara rialtais, gníomhaireachtaí fiontraíochta agus ionadaithe earnála go léir chun bealaí cuir chuige i leith forbairt eacnamaíoch a chur i bhfeidhm, agus comhoibriú go gníomhach le príomhchomhlachtaí tionscail agus oideachais chun tionscnaimh atá bunaithe i bhFine Gall ar fud na n-earnálacha eacnamaíocha a chur chun cinn.


Cuspóir FE24

Tacú le tionscadal an Bhealaigh Ghlais agus acmhainní a chur ar fáil dó mar shárthaispeántas de thionscnaimh den Gheilleagar Glas atá ar siúl i gceantar Fhine Gall.

6.4 Seirbhísí Airgeadais

Is earnáil luachmhar í earnáil na seirbhísí airgeadais den gheilleagar náisiúnta, agus tuairim is 35,000 duine á bhfostú inti, agus í aitheanta mar réimse fáis[13]. Tá foirmeacha fostaíochta ardluacha ag baint leis an earnáil seirbhísí airgeadais agus baincéireachta, agus bíonn gá le lucht saothair ardoilte agus timpeallachtaí fostaíochta ardchaighdeáin lena n-aghaidh. Go réigiúnach, is é Baile Átha Cliath, go háirithe ceantar na nDugthailte, príomhionad na hearnála seo. I láthair na huaire, tá bonn measartha seirbhísí airgeadais i bhFine Gall agus tá an chuid is mó acu bunaithe i Sord agus Baile Bhlainséir, go háirithe sna páirceanna gnó agus campais fiontraíochta atá ann cheana.

Caithfidh Fine Gall uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna fáis atá aitheanta don earnáil seo, agus a bheith breithnithe mar shuíomh malartach fostaíochta d'fhostaithe san earnáil seo a bhfuil cónaí orthu i bhFine Gall. D'fhonn an earnáil seirbhísí airgeadais a mhealladh agus a éascú i bhFine Gall, tá gá le coinníollacha áirithe, amhail timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil in éineacht le bonneagar tacúil.


Cuspóir FE25

Fás na hearnála airgeadais agus baincéireachta a chur chun cinn i bhFine Gall trí na dálaí atá fabhrach dá leithéid d'fhorbairt a éascú, amhail cruthú timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin ina dtairgtear réimse leathan cineálacha foirgneamh agus cóiríochta oifigí, agus é tacaithe trí chur ar fáil na seirbhísí agus an bhonneagair iompair phoiblí riachtanaigh.

6.5 Teicneolaíocht  Faisnéise agus Cumarsáide

Cuimsíonn an earnáil Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) bogearraí, seirbhísí TF, leictreonaic, crua-earraí agus seirbhísí cumarsáide[14]. Tá gné dhéantúsaíochta ag baint leis an earnáil le haghaidh  leathsheoltóirí, crua-earraí ríomhaireachta, trealamh agus gléasanna micrileictreonaice agus teileachumarsáide, in éineacht le fócas láidir ar thaighde agus forbairt. Tá sé aitheanta le blianta beag anuas go bhfuil tábhacht náisiúnta eacnamaíoch ag baint leis an earnáil, agus creata náisiúnta ann chun beartais a chur i bhfeidhm le cuideachtaí móra ilnáisiúnta a mhealladh, agus tá tionscal láidir dúchasach bogearraí tar éis forbairt in éineacht léi. Tá an beartas náisiúnta le déanaí tar éis díriú ar scileanna TFC a fhorbairt ionas go mbeidh an tír mar rogha ionad le haghaidh infheistíocht TFC shoghluaiste agus d'fhiontraithe chun gur féidir leo a ngnóthaí TFC a bhunú, a fhás agus a lonnú in Éirinn[15].

Tá Fine Gall chun tosaigh i bhfiontair ríthábhachtacha san earnáil TFC a mhealladh, agus le deich mbliana anuas, tá gráig láidir dhinimiciúil TFC tar éis forbairt i gceantar Bhaile Bhlainséir/Bhaile Átha Cliath 15, áit a bhfuil cuideachtaí ilnáisiúnta amhail Synopsys, IBM, PayPal agus Symantec.

Caithfidh Fine Gall leanúint d'fhorbairt an tionscail TFC sa Chontae agus uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna fáis atá aitheanta san earnáil seo. D'fhonn an earnáil TFC a mhealladh agus a éascú i bhFine Gall, tá gá le coinníollacha áirithe, amhail timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil in éineacht le bonneagar tacúil.

Beidh deiseanna ann amach anseo cur leis an mbonn fiontraíochta atá ann cheana agus buanna a fhorbairt i ndáileoga éiritheacha digiteacha agus i réimse straitéiseach fáis na hanailísíochta agus sonraí móra. Beidh gá le gníomhartha lena aghaidh seo amhail bearta chun caipiteal daonna oiriúnach a fhorbairt agus a mhealladh agus bonneagar teicneolaíoch cuí a éascú.


Cuspóir FE26

Fás leanúnach na hearnála TFC a chur chun cinn i bhFine Gall trí thimpeallachtaí tógtha ardchaighdeáin a chruthú ina dtairgtear réimse leathan méideanna, cineálacha agus formáidí foirgneamh, agus iad tacaithe ag soláthar spriocdhírithe an bhonneagair riachtanaigh.


Cuspóir FE27

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála chun an earnáil TFC a fhorbairt i bhFine Gall le cinntiú go mbainfidh an geilleagar áitiúil agus náisiúnta leas as acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála.

6.6 Déantúsaíocht

Tá curtha síos sa bheartas náisiúnta ar fhorbairt déantúsaíochta amach anseo ar an earnáil mar rud a chuimsíonn réimse leathan gníomhaíochtaí amhail taighde agus forbairt trí dhearadh, táirgeadh, lóistíocht agus dáileadh[16], agus déanann sé tagairt do ghníomhaíochtaí táirgthe bia, gléasanna leighis, cógaisíochta, innealtóireachta agus teicneolaíochtaí glasa. Measann Forfás go bhfuil tuairim is 206,000 duine fostaithe ar fud na hearnála[17], agus táirgiúlacht déantúsaíochta ag méadú go leanúnach le blianta beaga anuas.

Rinne an POS anailís le haghaidh 2012 ar tháirgeadh tionsclaíoch, go háirithe gníomhaíochtaí déantúsaíochta. Taifeadadh tuairim is 21% nó luach €21bn den aschur comhlán náisiúnta tionscail i réigiún Bhaile Átha Cliath. As an líon iomlán daoine a bhí páirteach in aonaid thionsclaíocha go náisiúnta, bhí 54.7% acu fostaithe in aonaid faoi úinéireacht Éireannach, agus an 45.3% eile faoi úinéireacht fiontar eachtrach, agus bhí réigiún Bhaile Átha Cliath go mór i gcomhréir leis na meáin náisiúnta seo. Anuas air sin, as líon iomlán na ndaoine atá fostaithe i réigiún Bhaile Átha Cliath, d'oibrigh 7.3% nó 39,800 duine acu san earnáil tionscail, gníomhaíochtaí déantúsaíochta san áireamh. Tá 19,400 duine fostaithe i gcuideachtaí tionsclaíocha FBM i Réigiún Bhaile Átha Cliath, agus is é seo an réigiún ina bhfuil an méid is airde acu sa tír[18]. D'fhonn an leas is fearr a bhaint as na treochtaí seo, bheadh buntáiste ar leith ag baint le deiseanna fáis san earnáil déantúsaíochta a chur chun cinn agus a fhorbairt tuilleadh do ghnóthaí beaga agus meánmhéid in Éirinn agus i bhFine Gall araon.

Caithfidh Fine Gall na deiseanna san earnáil déantúsaíochta a spreagadh, rud a chuirfidh an Contae chun cinn mar rogha ionad do réimse mór fiontair déantúsaíochta. Ar aon dul le cás na n-earnálacha eile eacnamaíocha, is gá don Chomhairle timpeallachtaí tógtha ardchaighdeáin a chruthú ina dtairgtear réimse leathan méideanna agus formáidí foirgneamh, agus iad tacaithe ag soláthar ordúil an bhonneagair riachtanaigh.

Anuas air sin, tá cuid mhaith den fhócas náisiúnta ar an earnáil déantúsaíochta ar bhonn scileanna comhchodanna éagsúla san earnáil sin agus an tábhacht atá lena bhforbairt seo[19]. Tá deiseanna ann trí chóras oideachais tríú leibhéal Fhine Gall i leithéidí ITBB agus líonrú le hinstitiúidí tríú leibhéal eile, amhail ITBÁC, IIT, OCBÁC agus CTBÁC, chun gur féidir le Fine Gall cur leis an bpróiseas seo, rud a éascóidh fiontraíocht agus cruthú fostaíochta. Tá cur síos thuas i Rannán 6.2 ar na cuspóirí bainteacha a bhaineann le forbairt eacnamaíoch agus naisc oideachais.


Cuspóir FE28

Fás na hearnála déantúsaíochta a chur chun cinn i bhFine Gall trí fhreastal ar riachtanais éagsúla na gcomhchodanna éagsúla den earnáil, agus trí thimpeallachtaí tógtha ardchaighdeáin a chruthú ina dtairgtear réimse leathan méideanna agus formáidí foirgneamh, agus iad tacaithe ag soláthar spriocdhírithe an bhonneagair riachtanaigh.

6.7 An Earnáil Eitlíochta

Agus é mar limistéar riaracháin ina bhfuil Aerfort Bhaile Átha Cliath suite, tá an earnáil eitlíochta ar na comhchodanna is tábhachtaí de gheilleagar áitiúil Fhine Gall. Tá gnéithe éagsúla ag baint leis an earnáil eitlíochta, fad is atá sí gaolmhar go príomha le taisteal paisinéirí, agus í ag cuimsiú réimsí amhail sábháilteacht eitlíochta, slándáil, rialáil, rialachas, maoiniú, aerlasta, cothabháil/deisiú/athchóiriú aerárthaí (CDA), léasú aerárthaí, láimhseáil talún, iompar talún, lónadóireacht agus seirbhísí do chustaiméirí.

An Beartas Náisiúnta Eitlíochta

Go náisiúnta, is tír imeallach muid san Eoraip, agus tá iompar aeir riachtanach dá bharr do thrádáil, infheistíocht isteach agus turasóireacht. Tá na riachtanais le haghaidh nascacht mhéadaithe, forbairt fhorghníomhach a dhéanamh ar fhiontraíocht eitlíochta agus uasmhéadú a dhéanamh ar an méid a chuireann an earnáil eitlíochta leis an ngeilleagar, tá siad aitheanta sa bheartas náisiúnta. D'eisigh an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt Beartas Náisiúnta Eitlíochta d'Éirinn i Lúnasa 2015. Déanann an Beartas cur síos ar ghnéithe difriúla den earnáil amhail sábháilteacht, inbhuanaitheacht, nascacht, líonraí agus bonneagar aerfoirt, rialáil, maoiniú agus oiliúint.

Aithníonn an Beartas an earnáil eitlíochta mar rud a chuireann go mór leis an ngeilleagar náisiúnta, agus é ag cruthú €4.1bn go díreach don OTI ina bhfuil €1.9bn ag teacht ó eitlíocht, €1.3bn tríd an slabhra soláthair agus €0.9bn ó chaitheamh gaolmhar ag daoine atá fostaithe san eitlíocht. Cuireann an earnáil 26,000 post ar fáil go díreach agus 16,000 breise ar fáil sa slabhra soláthair[20]. In ainneoin an mhéid thábhachtaigh a chuireann sí ar fáil trí aschur díreach agus indíreach, is é an bealach is mó a chuireann sí le geilleagar na hÉireann ná trí nascacht idirnáisiúnta a chur ar fáil. Ar na gnéithe is uathúla de gheilleagar na hÉireann, tá sciar an gheilleagair náisiúnta a thagann ó thrádáil. In 2014, b'ionann luach comhcheangailte na n-onnmhairí agus na n-allmhairí agus breis agus €140 billiún[21]. Tá tábhacht mhór le hAerfort Bhaile Átha Cliath i gcumasú trádála, rud atá ríthábhachtach do gheilleagar beag oscailte na hÉireann. Ina leith seo, tá ríthábhacht leis an Aerfort chomh maith do rath an tionscail turasóireachta go náisiúnta.

Tá an Beartas tiomanta do thimpeallacht a chruthú ina féidir leis an earnáil uasmhéadú a dhéanamh ar a acmhainneacht don gheilleagar i gcoitinne. Aithnítear trí phríomhsprioc i leith forbairt náisiúnta eacnamaíoch agus de bharr an róil atá beartaithe d'Aerfort Bhaile Átha Cliath, tá impleachtaí tábhachtacha i gceist do straitéis eacnamaíoch Fhine Gall le haghaidh na tréimhse Plean atá le teacht.

Seo a leanas na spriocanna:

  • Feabhsú a dhéanamh ar nascacht na hÉireann trí theacht sábháilte slán iomaíoch a chinntiú, agus é sofhreagrach i leith riachtanais ghnó, turasóireachta agus tomhaltóirí;
  • Fás na fiontraíochta eitlíochta in Éirinn a chothú le tacú le cruthú post agus Éire a shocrú mar cheannaire aitheanta domhanda san eitlíocht; agus
  • An méid a chuireann an earnáil eitlíochta le fás agus forbairt eacnamaíoch na hÉireann a uasmhéadú.[22]

Go bunúsach, baintear amach nascacht mhéadaithe trí líon iomaíoch oibreoirí aerlíne a éascú atá in ann toilleadh paisinéirí a mhéadú agus réimse cinn scríbe gearraistir agus cianaistir níos mó agus níos leithne a thairiscint. Aithnítear an acmhainneacht mhéadaithe le haghaidh fiontraíocht eitlíochta trí fhás i réimsí amhail seirbhísí aerlasta, léasú aerárthaí agus cothabháil aerárthaí; agus ar na bealaí eile inar féidir leis an earnáil cur léi, tá deiseanna 'eitlíochta ginearálta', taighde agus forbairt i dteicneolaíocht inneall glan agus breoslaí inbhuanaithe, oideachas agus nualaíochtaí oiliúna.

Aerfort Bhaile Átha Cliath mar Mhol Tánaisteach

Tá tábhacht straitéiseach le hAerfort Bhaile Átha Cliath don bheartas náisiúnta sóisialta agus eacnamaíoch. Tá fás láidir ar sheirbhísí aeir agus trácht paisinéirí i rith shaolré an Phlean Forbartha á thuar[23], agus freastalófar ar chuid mhaith de sin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar bheartas ag an Rialtas forbairt a dhéanamh ar Aerfort Bhaile Átha Cliath mar aerfort moil beoga tánaisteach, agus é san iomaíocht go héifeachtach leis an Ríocht Aontaithe agus aerfoirt eile na hEorpa le haghaidh mhargadh méadaitheach domhanda na seirbhísí eitlíochta[24]. D'fhéadfadh leathnú ar naisc seirbhísí aeir chun críocha gnó, turasóireachta, cultúrtha agus oideachais tairbhí eacnamaíocha a bhaint amach.

Má tá Aerfort Bhaile Átha Cliath le bheith forbartha mar mhol tánaisteach, tá gá aige le leibhéal imleor bonneagar aerfoirt, áiseanna ardchaighdeáin teirminéil, toilleadh rúidbhealaigh agus rochtain dromchla san áireamh. Dírítear aird ar shainghné shrianta an líonra rúidbhealaí atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath faoi láthair nuair a bhítear ag úsáid loingis aerárthaí atá ann faoi láthair, sa chaoi nach féidir cuid mhaith margaí éiritheacha agus cinn scríbe nua cathrach a shroicheadh ón rúidbhealach atá ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i láthair na huaire[25]. Caithfidh Aerfort Bhaile Átha Cliath toilleadh agus rúidbhealaí imleora a fháil atá fada go leor chun gur féidir seirbhísí a chumasú le hoibriú go margaí éiritheacha domhanda gan srian meáchain. Maidir leis sin, tá gá leis an dara rúidbhealach a chur ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath chun nascacht a chinntiú agus fás a chothú amach anseo. Is gné thábhachtach é seo d'iomaíochas na hÉireann mar cheann scríbe infheistíochta.


Cuspóir FE29

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh leis na príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála le cinntiú go bhforbrófar Aerfort Bhaile Átha Cliath agus go gcuirfear chun cinn é mar mhol tánaisteach chun leas a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha i gcoitinne d'Fhine Gall agus don réigiún i gcoitinne.


Cuspóir FE30

Cinntiú go bhfuil an bonneagar agus áiseanna riachtanacha curtha ar fáil ag Aerfort Bhaile Átha Cliath ionas gur féidir leis an earnáil eitlíochta forbairt agus oibriú tuilleadh go dtí a hacmhainneacht uasta inbhuanaithe, fad is a chuirtear an tionchar ar cheantair áitiúla chónaitheacha san áireamh, in éineacht le tionchar diúltach ar bith a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid d'fhorbairtí ar inbhuanaitheacht forbairtí comhchosúla atá sa cheantar máguaird cheana.

Tá eolas breise faoi na riachtanais bhonneagair a bhaineann le soláthar an dara rúidbhealach ag Aerfort Bhaile Átha Cliath i rannán Aerfort Bhaile Átha Cliath de Chaibidil 7 Bonneagar agus Gluaiseacht.

Aerfort Bhaile Átha Cliath: Tionchar Eacnamaíoch

Tá anailís ar na tionchair eacnamaíocha a bhaineann le hAerfort Bhaile Átha Cliath san áireamh in Dublin Airport Economic Impact Study, rud a bhí déanta d'Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (DAA). Baineann na tionchair seo le fostaíocht, ioncam/pá agus oll-bhreisluach (OBL), agus tomhaistear iad maidir le gníomhaíocht eitilte agus nascacht dhomhanda; tionchair dhíreacha, indíreacha, spreagtha agus catalaíocha; an méid a chuireann sé leis an ngeilleagar náisiúnta; agus tuartha faoi thionchair eacnamaíocha a bhainfeadh le fás leanúnach, an dara rúidbhealach agus forbairt eacnamaíoch in aice leis an aerfort.

Is ionann an fhostaíocht dhíreach a bhaineann le hoibriú Aerfort Bhaile Átha Cliath (an DAA, aerlínte, rialú trácht aeir, láimhseálaithe talún, slándáil aerfoirt, inimirce, custam, miondíol aerfoirt) agus 15,700 post nó 1,4000 post coibhéiseach lánaimseartha (PCLanna). Is ionann ioncam/pá iomlán na bhfostaithe seo agus €639 milliún, agus meastar gurb ionann an OBL iomlán díreach a bhíonn ginte ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus beagnach €1.3 billiún, méid arbh ionann é agus 0.7% den OTI in 2013. Réamh-mheasann an Staidéar tionchair iolraitheora (indíreacha agus spreagtha) a bhaineann leis na figiúirí díreacha fostaíochta agus measann sé gurb ionann an fhostaíocht iomlán atá tacaithe ag gníomhaíochtaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus 37,300 post (33,100 CLA), agus iad ag tuilleamh iomlán €1.4 billiún[26]. Cuireann an Staidéar na meastacháin seo i gcomhthéacs trí aird a dhíriú ar an gcaoi gurb ionann líon na bpost díreach, indíreach agus spreagtha a bhaineann le hAerfort Bhaile Átha Cliath agus baile iomlán Shoird a fhostú[27].

Léiríonn an anailís ar leith go mbíonn tionchair eacnamaíocha aerfort níos airde in Éirinn ar an meán i gcomparáid le hAerfoirt eile Eorpacha, nuair a thomhaistear iad mar sciar den OTI[28]. Anuas air sin, tá meastacháin déanta ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ar an méid dóchúil fostaíochta a bheadh mar thoradh ar na foirmeacha éagsúla infheistíochta caipitiúla[29]. Tá sé seo tábhachtach i gcomhthéacs leathnú féideartha acmhainne ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Seo a leanas na meastacháin:

  • Méadú €1 mhilliún ar infheistíocht foirgníochta a mbeidh méadú thart ar 12 bhliain phoist dhíreacha agus indhíreacha mar thoradh uirthi[30]
  • Méadú €1 mhilliún ar infheistíocht in innealra agus trealamh a mbeidh méadú thart ar 0.05 air - 3 bhliain phoist dhíreacha agus indhíreacha mar thoradh uirthi
  • Bíonn sé mar thoradh ar mhéadú €1 mhilliún ar chaiteachas ar dheisiú agus suiteáil innealra, seirbhísí ríomhaireachta agus gníomhaíochtaí coimhdeacha eile go mbeidh méadú thart ar 8-10 bliain phoist dhíreacha agus indhíreacha i gceist

Mar sin, meastar Aerfort Bhaile Átha Cliath a bheith ina chomhchuid riachtanach de gheilleagar áitiúil Fhine Gall ar gá tacú leis, agus is áit é ar féidir teacht air go héasca le haghaidh fostaíocht reatha agus amach anseo do mhuintir Fhine Gall. In ainneoin thábhacht eacnamaíoch Aerfort Bhaile Átha Cliath mar atá mínithe thuas, caithfidh an Chomhairle cothromaíocht a bhaint amach idir acmhainneacht na hearnála eitlíochta a chur chun cinn agus príomhról oibriúcháin Aerfort Bhaile Átha Cliath mar phríomhaerfort idirnáisiúnta na tíre a chosaint.

Cé go mbaineann príomhról an aerfoirt le tacú le nascacht, trádáil agus turasóireacht, baineann tábhacht an aerfoirt don gheilleagar áitiúil le soláthar réimse deiseanna fostaíochta a chuimsíonn réimse leathan leibhéil scileanna chomh maith. Tá sé seo ríthábhachtach chun cothromaíocht a chur i réim i ngeilleagar Fhine Gall.


Cuspóir FE31

Cinntiú go mbainfear cothromaíocht chuí amach idir forbairt acmhainneacht uathúil Aerfort Bhaile Átha Cliath mar ghineadóir eacnamaíoch agus fostóir mór sa Chontae agus a phríomhfheidhm oibriúcháin mar phríomh-aerfort na tíre a chosaint.


Cuspóir FE32

Tionchar leathnú na heitlíochta a chothromú le ceist thábhachtach straitéiseach laghdú na n-astaíochtaí carbóin.


Cuspóir FE33

Teagmháil agus tacú leis an DAA agus soláthraithe fostaíochta eile in úsáidí eitlíochta a bhaineann le hAerfort Bhaile Átha Cliath chun deiseanna fostaíochta ardchaighdeáin ar féidir teacht orthu go héasca a chruthú do mhuintir Fhine Gall.

6.8 An Earnáil Miondíola

Forbhreathnú

Baineann an tábhacht eacnamaíoch leis an earnáil mhiondíola den gheilleagar le tuairim is 270,000 post san earnáil, agus is ionann seo agus an sciar fostaíochta is mó sa gheilleagar náisiúnta[31]. Is dlúthchuid den gheilleagar baile í an earnáil agus í bainteach go díreach le gach uile cheantar agus pobal. Ina leith seo, tá ríthábhacht leis an earnáil i gcothromaíocht a chur i réim sa téarnamh eacnamaíoch. Tacaíonn miondíol le deiseanna indíreacha fiontraíochta agus fostaíochta chomh maith a bhaineann le réimsí amhail lóistíocht agus dáileadh.

Tá cur síos déanta i Rannán 6.1 ar threochtaí ríthábhachtacha eacnamaíocha, daonra agus déimeagrafacha i bhFine Gall, rudaí a bhfuil impleachtaí díreacha ag baint le cuid mhaith acu don bheartas miondíola sa Phlean Forbartha. Tháinig méadú suntasach 14.2% ar dhaonra an Chontae idir 2006 agus 2011, ráta fáis atá i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta agus limistéir na n-údarás pleanála eile i mBaile Átha Cliath, agus táthar ag súil leis go leanfar den treocht seo. Anuas air sin, taifeadadh in 2011 go bhfuil an daonra is óige sa tír i bhFine Gall, agus é níos airde ná an chomhréir mheánach páistí san aoisghrúpa 0 - 14 bliana, agus comhréir níos ísle ná an meán de theaghlaigh duine aonair. In éineacht leis na treochtaí daonra agus déimeagrafacha seo, tá príomhthreochtaí eacnamaíocha a bhfuil impleachtaí ag baint leo don bheartas miondíola. Tar éis roinnt blianta craptha éileamh baile, rud a rinne laghdú mór ar ghníomhaíocht mhiondíola agus caiteachais, tugann réamhaisnéis le déanaí feabhsú ar rátaí fostaíochta agus méaduithe ar leibhéil ioncaim indiúscartha tomhaltóirí le fios.

Maidir le treochtaí miondíola, d'aithin anailís náisiúnta[32] gur tharla leathnú mór sa mhiondíola grósaeireachta idir 2001 agus 2011; níl an chuma air gur chuir teorainn náisiúnta a cuireadh i bhfeidhm ar spás urláir ceadaithe ollmhargaí srian ar an earnáil; bhí an margadh earraí áise faoi smacht nach mór ag líon beag cuideachtaí (Tescos, Dunnes Stores, agus Supervalu); aithníodh gné nua den mhargadh miondíola, mar atá, Lidl agus Aldi; is gné bhunaithe í an tsiopadóireacht ar líne den mhargadh miondíola agus miondíoltóirí éagsúla ag baint úsáide as seirbhísí ar líne le teacht ar mhargadh tomhaltóirí níos mó.


Cuspóir FE34

Tacú le forbairt inbhuanaithe na hearnála miondíola agus í a chur chun cinn ar fud an Chontae, agus aitheantas ar leith do thábhacht FBManna don earnáil bhaile seo den gheilleagar áitiúil.

Comhthéacs an Bheartais Náisiúnta Phleanála Miondíola

Cuirtear le comhthéacs an bheartais pleanála miondíola don Dréacht-Phlean Forbartha le doiciméid treorach miondíola go náisiúnta agus go réigiúnach. Cuimsíonn siad seo faoi seach Guidelines for Planning Authorities: Retail Planning rudaí a bhí eisithe in 2012 ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil; agus an Retail Strategy for the Greater Dublin Area, 2008-2016, rud a foilsíodh in 2008 ar son Údaráis Réigiúnacha Bhaile Átha Cliath agus an Oirthir Láir. Ina theannta sin, is gá d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall a bheith i gcomhréir leis an ordlathas lonnaíochta atá aitheanta don Chontae sna Treoirlínte Pleanála do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2010-2022 (TPRanna), rudaí a bhí eisithe in 2010 ag Údaráis Réigiúnacha Bhaile Átha Cliath agus an Oirthir Láir.

Comhthéacs an Bheartais Náisiúnta Phleanála Miondíola

Tá cúig mhórchuspóir beartais sna Treoirlínte Pleanála Miondíola is gá d'údaráis phleanála a leanúint agus a chur i bhfeidhm ionas gur féidir le pleanáil tacú leis an earnáil mhiondíola, fad is a chinntítear cur ar fáil forbairtí inbhuanaithe miondíola agus beogacht láir uirbeacha an Chontae chomh maith. I measc na gcuspóirí seo, tá:

  • Cinntiú go mbíonn forbairt miondíola á stiúradh le plean;
  • An cur chuige seicheamhach i leith forbairt miondíola a úsáid chun beogacht láir bailte a chur chun cinn;
  • Iomaíochas a bhaint amach san earnáil mhiondíola trí thionscadail ar ardchaighdeán a dhearadh agus a lonnú go cuí;
  • Teacht ar dheiseanna miondíola a mhéadú trí fhoirmeacha iompair atá níos inbhuanaithe ná carranna príobháideacha; agus
  • Torthaí deartha uirbigh ardchaighdeáin a chur ar fáil.

Tá Lámhleabhar Deartha Miondíola in éineacht leis na Treoirlínte Pleanála Miondíola, rud a leagann béim mhór ar cháilíocht an deartha foirgneamh agus ar an méid a chuireann eispéireas láidir dearfach miondíola leis an réimse poiblí i mbailte agus sráidbhailte. Is féidir le cur i bhfeidhm na mbeart praiticiúil atá molta sa Lámhleabhar a chinntiú gur áiteanna tarraingteacha siopadóireachta, cuartaíochta agus caithimh aimsire iad láir uirbeacha Fhine Gall.

Straitéis Mhiondíola do MCBÁC

Tháinig an Straitéis Mhiondíola le haghaidh MCBÁC i bhfeidhm in 2008 agus tá sí le dul in éag in 2016. Mar sin ón tús, dírítear aird ar an gcaoi go bhfuil an Straitéis, rud a bhí bunaithe ar dhálaí eacnamaíocha roimh an gcúlú eacnamaíoch, go bhfuil sí ag druidim le deireadh a saolré. Tá ceangal sna Treoirlínte Pleanála Miondíola gur gá Straitéis Mhiondíola i measc na n-údarás áitiúil go léir a ullmhú do na húdaráis pleanála i MCBÁC. Mar thoradh ar an riachtanas seo agus dul in éag na Straitéise reatha go luath, táthar ag súil leis go mbeidh gá le Straitéis Mhiondíola don EMRA a cruthaíodh le déanaí taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha. Mura bhfuil Straitéis Mhiondíola nuashonraithe ann, beidh an Straitéis atá ann cheana i bhfeidhm go fóill le haghaidh ullmhú an Dréacht-Phlean Forbartha.

Cuireann an Straitéis Mhiondíola le haghaidh MCBÁC riachtanais réamh-mheasta spás urláir ar fáil do mhiondíol áise agus comparáide i bhFine Gall suas go dtí 2016 agus sainmhíníonn sé an t-ordlathas miondíola sa Chontae trí shuíomhanna a aithint agus moltaí a dhéanamh ar an gcineál agus scála cuí soláthair miondíola ag na háiteanna éagsúla seo. Tá an t-ordlathas miondíola don Chontae mar atá sainmhínithe sa Straitéis Mhiondíola mar bhonn le hOrdlathas Miondíola Fhine Gall, rud atá léirithe thíos i dTábla 6.1.

Ordlathas Miondíola Fhine Gall

Tá Ordlathas Miondíola Fhine Gall curtha le chéile agus aird ar an aicmiú atá sa Straitéis Miondíola i gcomhair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus trína áirithiú go bhfuil sé i gcomhréir leis an ordlathas lonnaíochta atá sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí i leith Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath. Cuimsíonn Ordlathas Miondíola Fhine Gall catagóiriú ionad uirbeach sa Chontae ina leibhéil mhiondíola, aithníonn sé suíomh gach leibhéil, agus an cineál formáid mhiondíola a mheastar a bheith oiriúnach do gach leibhéal den ordlathas. Agus Ordlathas Miondíola Fhine Gall á cheapadh, meastar é a bheith cuí go bhfuil bailte Dhomhnach Bat, Lusca agus an Rois ardaithe ón aicmiú leibhéil sa Straitéis Mhiondíola go dtí an chéad leibhéal eile toisc na bailte seo a bheith aitheanta mar láir uirbeacha ardfheidhmíochta sna TPRanna. Is é sin, go bhfuil Domhnach Bat, Lusca agus an Rois aicmithe mar Leibhéal 4 san Ordlathas Miondíola: Bailte Beaga sa Straitéis Mhiondíola, ach iad aicmithe a bheith mar Bhailte Fáis Mheasartha sna TPRanna.


Cuspóir FE35

Cinntiú go bhfuil beartais maidir le cineál, candam agus suíomhanna an tsoláthair spás urláir miondíola i gcomhréir le ceanglais agus moltaí na gcreataí ábhartha beartais réigiúnaigh agus na dtreoirlínte náisiúnta pleanála.

Tábla 6.1: Ordlathas Miondíola Fhine Gall





Leibhéal Miondíola

Suíomh Ionaid Uirbigh

Cuspóir Criosaithe

Cineálacha Seirbhísí

Formáid Chuí Mhiondíola

Leibhéal 2*:

Lár Bailte Móra

* Is ionann Leibhéal 1 agus Lár Bhaile Átha Cliath

Sord

Baile Bhlainséir

Lár Baile Mhóir 'LM'

Ba chóir go dtairgfeadh Ionaid Leibhéal 2 réimse iomlán de gach cineál seirbhís mhiondíola amhail siopaí nuachtán, siopaí speisialtóra agus búitíceanna; siopaí móra ilranna, siopaí aise de gach cineál, ionaid siopadóireachta agus ardleibhéal úsáidí measctha amhail na healaíona agus cultúr chun áit bheoga bhríomhar a chruthú. Ba chóir go mbeadh Ionaid Leibhéal 2 nasctha go maith agus freastal á dhéanamh orthu ag iompar poiblí ardchaighdeáin, agus ceantair daonra os cionn 60,000 duine ag baint leo.

Comparáid Oird Aird

Comparáid Ord Meáin

Comparáid Oird Ísil

Ollstór

Ollmhargadh

Leibhéal 3:

Láir Baile

Baile Brigín

Mullach Íde

Na Sceirí

Baile Shéarlais

Domhnach Bat

Lusca

An Ros

Lár Baile Mhóir 'LM'

Lár Baile ‘LB’

Beidh scálaí soláthair éagsúla agus méideanna ceantair éagsúla ag baint le hIonaid Leibhéal 3 agus iad bunaithe ar a gcóngaracht d'Ionad de chuid Leibhéal 2. Go ginearálta, nuair atá ceantar mór ag baint leis an ionad (amhail Baile Brigín) agus nach bhfuil sé gar do lár baile mhóir, ba chóir go mbeadh réimse maith siopadóireachta comparáide ann (gan siopa ilrannach san áireamh), chomh maith le meascán úsáidí agus seirbhísí, roinnt gníomhaíochtaí caithimh aimsire agus réimse caiféanna agus bialann. Seans go mbeidh ollmhargadh amháin agus siopa ilrannach ar scála níos lú de dhíth le freastal ar riachtanais an phobail áitiúil. I gcás go bhfuil Ionad de chuid Leibhéal 3 cóngarach do lár baile mhóir atá ann cheana, ba chóir go mbeadh scála an tsoláthair mhiondíola agus úsáide measctha níos ísle, agus an réimse beartaithe siopaí ag freastal ar riachtanais níos bunúsaí ó lá go lá, agus gan ach réimse beagscála aonaid chomparáide ag trádáil. Ba chóir go ndéanfadh ionaid Leibhéal 3 freastal go ginearálta ar dhaonra idir 10,000 agus 40,000.

Comparáid Ord Meáin

Comparáid Oird Ísil

Ollstór

Ollmhargadh

Leibhéal 4:

Láir Bailte Beaga agus Sráidbhailte; agus Ionaid Áitiúla

Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir, Mullach Eadrad, Cluain Saileach, Caisleán Cnucha, Binn Éadair, Port Mearnóg, Baile Dúill, Ongar, Cill Fhionntain, Baile an Ridire

Coill na nÚll, Steach Póilín, An Ráschúrsa, Diméin Sheantraibh, Cois Bá, Castlemills, Cnoc na Carraige, Baile an Tirialaigh, Plásóg na Rós agus Ráth Béil

Lár Baile ‘LB’

Ionad Áitiúil ‘IÁ’

Ba chóir go ndéanfadh Ionaid Leibhéal 4 soláthar go ginearálta d'ollmhargadh amháin atá idir 1,000 agus 2,500 méadar cearnach agus a bhfuil réimse teoranta siopaí tacúla ag baint leis (comparáid oird ísil), agus iad ag tacú le seirbhísí, áiseanna pobail nó clinicí sláinte atá cruinnithe le chéile chun fócas a chruthú don daonra áitiúil. Ba chóir go bhfreastalódh an leibhéal ionaid seo ar riachtanais laethúla an daonra áitiúil agus an cheantair máguaird.

Comparáid Oird Ísil

(faoi theorainn líon beag siopaí agus iad ag freastal ar riachtanais áitiúla)

Ollmhargadh

Leibhéal 5:

Siopaí Áitiúla agus

Sráidbhailte Beaga

Sráidbhaile Chionn Sáile, Cionn Sáile/Faoldroim, Baile Breacáin, An Tobar Naofa, Gleann na hAbhann, Seabury, Fearann an Chaisleáin, Radharc an Chnocáin, Baile an Hartaigh, Baile an Huntaigh, Baile an Chairpintéaraigh, Boroimhe, Coill an Droma, Lóiste an Labhrais, an Chorr Dhubh agus Loch Sionnaigh

Baile Scadán, An Aill, Baile Gháire, An Seanbhaile, Baile Bachaille, Baile an Rólaigh, Cúil Chaoith agus Móinéar na hAbhann

Ionad Áitiúil ‘IÁ’

Sráidbhaile Tuaithe ‘ST’

Ba chóir go bhfreastalódh Ionaid Leibhéal 5 ar riachtanais laethúla na gcónaitheoirí máguaird, bídís mar phointí fócais tuaithe atá gar d'áiseanna pobail eile amhail na bunscoileanna, oifig phoist agus cumann CLG áitiúil, nó mar ardán siopaí i mbruachbhaile. Is iad na rudaí a mbítear ag súil leo ná siopa áise beag nó dhó, siopa nuachtán, agus seirbhísí tacúla eile más féidir ar a mhéad.

Siopaí áitiúla

Spás Breise Urláir Miondíola

Mar atá mínithe thuas, leithdháil an Straitéis Mhiondíola iomláin spás urláir don am amach anseo do gach ceann de na seacht n-údarás áitiúla pleanála atá suite i MCBÁC, Fine Gall san áireamh, le haghaidh miondíol áise [33] agus comparáide[34] suas go dtí 2016. Tá an leithdháileadh iomlán ann do spás comhlán urláir inligthe[35] i miondíol áise agus chomparáide agus cuimsíonn siad, faoi seach, coigeartú 20% agus 25% suas chun éileamh amach anseo a éascú, go héifeachtach, chun aird a thabhairt ar an gcaoi go bhféadfadh roinnt blianta a bheith i gceist sula mbeadh forbairtí móra miondíola tógtha agus á n-oibriú go hiomlán tar éis dóibh a bheith ceadaithe. Tá na riachtanais réamh-mheasta spás urláir d'Fhine Gall agus iomlán MCBÁC, chun léargas a thabhairt ar an gcomhthéacs réigiúnach, tá siad i dTábla 6.2:

Tábla 6.2: Sleachta as Tábla 5.10 de Straitéis Mhiondíola Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2008



Comhairle/

Ceantar

Áisiúlacht

Riachtanas comhlán spás urláir inligthe (méadair chearnacha)

Le coigeartú suas 20% san áireamh

Comparáid

Riachtanas comhlán spás urláir inligthe (méadair chearnacha)

Le coigeartú suas 25% san áireamh[36]

 

Fine Gall

58,115 sq m

110,181 sq m – 150,248 sq m

Iomlán MCBÁC

248,744 sq m

756,145 sq m – 1,031,109 sq m

Tá anailís déanta ag Roinn Pleanála Fhine Gall ar iarratais pleanála agus treochtaí miondíola sa Chontae le roinnt blianta anuas, agus chríochnaigh siad suirbhéanna ar an láthair ar ionaid éagsúla uirbeacha agus tuaithe ar fud an chontae a bhfuil tairiscint agus feidhm miondíola dhifriúil ag baint leo. Bhí sé mar chonclúid ag anailís na n-imscrúduithe agus na n-athbhreithnithe seo go bhfuil an soláthar miondíola i bhFine Gall ag cloí leis an leithdháileadh a bhí tugtha don am amach anseo sa Chontae sa Straitéis Miondíola le haghaidh spás urláir áise agus comparáide suas go dtí 2016.

Mar atá mínithe thuas i gComhthéacs an Bheartais le haghaidh Pleanáil Mhiondíola, tugann na Treoirlínte Pleanála Miondíola ar na húdaráis áitiúla i MCBÁC straitéis mhiondíola idir na húdaráis éagsúla a ullmhú. Táthar ag súil leis go mbeidh gá le Straitéis Mhiondíola don EMRA taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha. Mar gheall ar an riachtanas seo de chuid an Aire agus aird ar na gnéithe réigiúnacha a bhaineann le pleanáil miondíola, meastar é a bheith cuí go mbeadh comharthaí cainníochtúla ar bith ar spás urláir miondíola breise d'Fhine Gall i dtréimhse an Phlean atá le teacht, go mbeidís treoraithe agus cinnte ag straitéis nua mhiondíola don EMRA.

Measúnú ar Thograí Forbartha Miondíola

Is é an cur chuige beartais sáraitheach maidir le pleanáil mhiondíola sa Phlean Forbartha ná gur chóir forbairt nua shuntasach mhiondíola a threorú go príomha isteach sna láir baile mhóir agus láir bailte sa Chontae (Leibhéal 2 agus Leibhéal 3) agus iad i gcomhréir leis an scála, cineál agus formáidí miondíola atá san áireamh in Ordlathas Miondíola Fhine Gall thuas. Ba chóir go mbeadh forbairt nua miondíola do bhailte beaga, láir sráidbhailte, ionaid áitiúla agus sráidbhailte beaga (Leibhéal 4 agus Leibhéal 5) i gcomhréir ar an gcaoi chéanna le hOrdlathas Miondíola Fhine Gall, le béim láidir ar bheith ar scála agus mar thairiscint oiriúnach a fhreastalóidh go himleor ar riachtanais áitiúla mhiondíola.

I gcás láir uirbeacha Leibhéal 2 agus Leibhéal 3, ba chóir forbairt nua mhiondíola a shuí taobh istigh de na príomhcheantair mhiondíola atá aitheanta le haghaidh na gceantar seo. Ní bhreithneofar tograí forbartha miondíola nua taobh amuigh de phríomhcheantair shainithe mhiondíola ach i gcásanna eisceachtúla nuair a bhíonn an t-údarás pleanála sásta nach bhfuil láithreáin ná láithreáin fhéideartha ar fáil sa phríomhcheantar miondíola nó ar imeall an phríomhcheantair, agus go bhfuil gá leis an bhforbairt bheartaithe mhiondíola le freastal ar riachtanais an cheantair. Tá na príomhcheantair mhiondíola le haghaidh láir uirbeacha Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 luaite i bhFíoracha 6.1 go 6.9, rudaí atá faighte ag deireadh na Caibidle seo.

Déanann Caibidil 4 de na Treoirlínte Pleanála Miondíola cur síos mionsonraithe ar an gcur chuige riachtanach is gá do na húdaráis pleanála a leanúint i measúnú forbairtí miondíola trí phróiseas bainistíochta a fhorbairt. Agus cur chuige seicheamhach tugtha mar ainm air, cuimsíonn an cur chuige measúnú ar thograí miondíola le cinntiú gurb iad na suíomhanna beartaithe na cinn is oiriúnaí agus is fearr atá ar fáil le haghaidh an chineáil mhiondíola atá beartaithe.

Mar bhonn leis an gcur chuige, tá baint amach phríomhchuspóirí na dTreoirlínte, rudaí a bhfuil tagairt dóibh thuas, go háirithe beogacht na lár uirbeach atá ann cheana a chinntiú. Deir na Treoirlínte go gcaithfidh tograí forbartha nach bhfuil i gcomhréir leis an gcuspóir bunúsach tacú le beogacht láir bailte, go gcaithfidh siad cloí leis an gcur chuige seicheamhach a léiriú sular féidir leo a bheith ceadaithe[37].

Gné thábhachtach a bhaineann le tacú le cáilíocht, comhthimpeallacht agus beogacht láir uirbeacha agus sráidbhailte ná cur chun cinn meascán cuí úsáidí lae agus oíche, lena n-áirítear úsáidí tráchtála, caithimh aimsire, cathartha, cultúrtha, fóillíochta agus cónaitheacha. Ina leith seo, spreagtar soláthar úsáidí cónaitheacha i láir bailte agus sráidbhailte, i gcás go gcuireann forbairt bheartaithe go dearfach leis an gceantar ó thaobh cur le saibhreas agus éagsúlacht na n-úsáidí.


Cuspóir FE36

Ceangal a bheith ann go mbeidh forbairt nua shuntasach mhiondíola dírithe go príomha ar na Leibhéil is airde in Ordlathas Miondíola Fhine Gall agus ar na príomhlimistéir mhiondíola atá aitheanta do na láir  seo go sonrach. Ní bhreithneofar tograí forbartha miondíola nua taobh amuigh de na ceantair seo agus/nó na príomhcheantair mhiondíola de na ceantair seo go dearfach ach i gcásanna eisceachtúla (nuair a bhíonn an t-údarás pleanála sásta nach bhfuil láithreáin ná láithreáin fhéideartha ar fáil sa phríomhcheantar miondíola nó ar imeall an phríomhcheantair, agus go bhfuil gá leis an bhforbairt bheartaithe mhiondíola le freastal ar riachtanais an cheantair).


Cuspóir FE37

Cinntiú go mbeidh iarratais ar fhorbairt nua mhiondíola i gcomhréir leis na beartais mhiondíola atá sa Phlean Forbartha, go háirithe le hOrdlathas Miondíola Fhine Gall, agus go ndéanfar measúnú orthu de réir riachtanais na dTreoirlínte do na hÚdaráis Phleanála: Pleanáil Miondíola, lena n-áirítear, nuair is cuí, an Cur Chuige Seicheamhach a chur i bhfeidhm, agus ceanglais i dtaobh measúnachtaí um thionchar ar mhiondíol agus measúnachtaí um thionchar ar iompar i gcás forbraíochtaí miondíola a bhféadfadh, de bharr a méide nó na háite ina bhfuil siad, tionchar a bheith acu ar bheogacht agus ar inmharthanacht láir na mbailte móra, láir na mbailte, ionaid áitiúla agus láir na sráidbhailte, fad is a bhíonn aird ar an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag a leithéid de threonna/forbairtí ar na gnóthaí reatha atá ag oibriú sa cheantar.

Beartas Miondíola agus Príomhcheantair Miondíola

Lár Bailte Móra

Ag Leibhéal 2, an ciseal is airde d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall agus i gcomhréir le hOrdlathas Lonnaíochta an Chontae, tá Sord agus Baile Bhlainséir. Is láir uirbeacha iad seo a bhfuil tábhacht réigiúnach ag baint leo ó thaobh a bhfeidhm mhiondíola agus fairsinge a soláthar miondíola áise, comparáide, páirc miondíola agus spás urláir trádstórais. Is é beartas na Comhairle maidir leis na Láir Baile Mhóir seo ná a bpríomhfheidhmeanna miondíola a fheabhsú, a neartú, agus a chomhdhlúthú go forghníomhach, in éineacht leis na feidhmeanna caithimh aimsire, pobail agus cathartha atá ar tairiscint acu.


Cuspóir FE38

Sord agus Baile Bhlainséir a fhorbairt agus a chur chun cinn mar Láir Baile Mhóir inbhuanaithe bheoga rathúla atá ag oibriú ag an Leibhéal miondíola is airde in Ordlathas Miondíola Fhine Gall, agus chun feidhmíocht mhiondíola Shoird agus Bhaile Bhlainséir a neartú, a fheabhsú agus a éagsúlú tuilleadh i gcomhthéacs réigiúnach.


Cuspóir FE39

Feabhsuithe ar chandam agus cáilíocht na tairisceana agus na feidhme miondíola i Sord agus Baile Bhlainséir a éascú, agus a bhforbairt inbhuanaithe a chinntiú trí na príomhcheantair mhiondíola atá iontu cheana a chomhdhlúthú, a dhianú agus a fheabhsú, agus trí dheiseanna nua miondíola a threorú isteach sna príomhcheantair mhiondíola atá aitheanta do gach ceann acu.

Town Centres

Cuimsíonn Leibhéal 3 d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall príomhláir uirbeacha atá dáilte go maith go geolaíoch ar fud an Chontae, ina bhfuil daonraí móra cónaitheoirí agus iad ag freastal chomh maith ar cheantair níos leithne, ceantair thuaithe san áireamh. Cuimsíonn an ciseal miondíola seo Baile Brigín, Mullach Íde, Na Sceirí, Baile Shéarlais, Domhnach Bat, Lusca agus an Ros. Cé go bhfuil na bailte seo uathúil agus sainghnéithe agus forbairt stairiúil ar leith ag baint leo, éiríonn go maith leo agus tá tuilleadh acmhainneachta feidhmíochta ag baint leo thar thréimhse an Dréacht-Phlean go leibhéal miondíola níos airde mar gheall ar oiread a ndaonra cónaitheoirí agus daonra ceantair. Tá siopa áise amháin, réimse miondíoltóirí comparáide ord meáin agus réimse seirbhísí tacúla miondíola sna suíomhanna Lár Baile seo ar a laghad. Tá sé mar bheartas ag an gComhairle maidir leis na Láir Bhaile seo comhdhlúthú agus feabhsú a dhéanamh ar a bhfeidhmeanna miondíola, agus iad cothromaithe leis an réimse níos leithne d'fheidhmeanna caithimh aimsire, pobail agus cathartha a bhaineann leo.


Cuspóir FE40

Cinntiú go bhforbraítear Baile Brigín, Mullach Íde, na Sceirí, Baile Shéarlais, Domhnach Bat, Lusca agus an Ros mar Láir Bhaile inbhuanaithe bheoga rathúla, agus iad ag feidhmiú ar ardleibhéal miondíola in Ordlathas Miondíola Fhine Gall le freastal ar riachtanais mhiondíola a ndaonra áitiúil agus ceantair agus chun rogha imleor mhiondíola a thairiscint dóibh.


Cuspóir FE41

Feabhsuithe ar scála cuí ar chandam agus cáilíocht na tairisceana agus na feidhme miondíola i mBaile Brigín, Mullach Íde, na Sceirí, Baile Shéarlais, Domhnach Bat, Lusca agus an Ros a éascú, agus a bhforbairt inbhuanaithe a chinntiú trí na príomhcheantair mhiondíola atá iontu cheana a chomhdhlúthú, a dhianú agus a fheabhsú, agus trí dheiseanna nua miondíola a threorú isteach sna príomhcheantair mhiondíola atá aitheanta do gach ceann acu.


Cuspóir FE42

Cinntiú go bhfuil tairiscint mhiondíola ag Láir Bhaile Leibhéal 3 ar leor í ó thaobh scála, cineáil agus réimse de, gan tionchar díobhálach a bheith á imirt aici ná í ag atreorú trádála ó na suíomhanna miondíola oird níos airde.

Láir Bailte Beaga agus Sráidbhailte agus Ionaid Áitiúla

Cuimsíonn Leibhéal 4 d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall roinnt bailte beaga, láir sráidbhailte uirbeacha agus ionad áitiúil a bhfuil tábhacht leo. Tá siad seo scaipthe ar fud an Chontae mar láir uirbeacha amhail Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir, Mullach Eadrad, Cluain Saileach, Caisleán Cnucha, agus Ongar in iarthar an Chontae, Baile an Ridire ó thuaidh, agus Binn Éadair, Port Mearnóg, Baile Dúill agus Cill Fhionntain san oirthear (tá liosta iomlán de Láir Leibhéal 4 san áireamh in Ordlathas Miondíola Fhine Gall thuas).

Ar aon dul le Láir Leibhéal 3, cé go bhfuil Láir Leibhéal 4 sainiúil ó thaobh sainghné de, ó thaobh miondíola de, tá feidhm chomhchosúil agus riachtanach acu, agus iad ag freastal ar dhaonraí cónaitheoirí agus daonraí ceantair atá níos lú ach iad níos bunaithe. Meastar é a bheith cuí go mbeadh ollmhargadh amháin i láir Leibhéal 4 de ghnáth, chomh maith le réimse teoranta aonaid chomparáide thacúla le freastal ar riachtanais laethúla an daonra áitiúil agus an cheantair máguaird. Is é beartas na Comhairle maidir le hIonaid Leibhéil 4 ná feabhsú a dhéanamh ar a bhfeidhmeanna miondíola i gcomhréir leis an ról atá acu i bhfreastal ar riachtanais an daonra áitiúil agus daonra ceantair níos lú.


Cuspóir FE43

Forbairt Láir Leibhéal 4 a chinntiú mar Bhailte Beaga, Láir Shráidbhaile agus Ionaid Áitiúla inbhuanaithe bheoga rathúla atá ag feidhmiú ag leibhéal taobh istigh d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall le freastal ar riachtanais mhiondíola an daonra áitiúil agus an daonra ceantair i gcoitinne.


Cuspóir FE44

I gcás go n-aithnítear agus go mbunaítear bearna i soláthar miondíola Láir de chuid Leibhéal 4, feabhsuithe ar an scála cuí ar thairiscint agus feidhm mhiondíola Láir Leibhéal 4 a éascú agus a bhforbairt inbhuanaithe a chinntiú trí fheabhsú a dhéanamh ar an Lár atá ann cheana do gach ceann acu agus deiseanna nua miondíola a stiúradh isteach sna Láir.


Cuspóir FE45

Cinntiú go bhfuil tairiscint mhiondíola ag Bailte Beaga, Láir Sráidbhailte agus Ionaid Áitiúla Leibhéal 4 ar leor í ó thaobh scála, cineáil agus réimse de, gan tionchar díobhálach a bheith á imirt aici ná í ag atreorú trádála ó na suíomhanna miondíola oird níos airde.

Siopaí Áitiúla agus Sráidbhailte Beaga

Cuimsíonn Leibhéal 5 d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall réimse ionaid áitiúla agus grúpaí beaga siopaí áitiúla tearcfheidhmíochta i gceantair uirbeacha agus sna sráidbhailte tuaithe. Ar aon dul le Láir Leibhéal 5, tá Láir Leibhéal 5 suite go forleathan de réir a sainghné ar fud an Chontae, agus cuimsíonn siad Sráidbhailte Tuaithe Bhaile Scadán, na hAille, Bhaile Gháire, an tSeanbhaile, Bhaile Bachaille, Bhaile an Rólaigh, Chúil Chaoith agus Mhóinéar na hAbhann (tá liosta iomlán de Láir Leibhéal 5 san áireamh in Ordlathas Miondíola Fhine Gall thuas).

Ó thaobh miondíola de, tá Láir Leibhéal 5 beartaithe le freastal ar riachtanais laethúla na gcónaitheoirí máguaird, bídís mar phointí fócais tuaithe atá gar d'áiseanna pobail eile amhail na bunscoileanna, oifig phoist agus cumann CLG áitiúil, nó mar ardán siopaí i mbruachbhaile. Meastar é a bheith cuí do Láir Leibhéal 5 siopa áise beag nó dhó, siopa nuachtán, agus seirbhísí tacúla eile a bheith iontu más féidir ar a mhéad. Is é beartas na Comhairle maidir le Láir Leibhéal 5 ná a bhfeidhmeanna miondíola cisil níos ísle a chothabháil ar mhaithe le freastal ar riachtanais an daonra áitiúil agus daonra ceantair níos lú.


Cuspóir FE46

Forbairt Láir Leibhéal 5 a chinntiú mar Shiopaí Áitiúla agus Sráidbhaile Beaga inbhuanaithe beoga rathúla atá ag feidhmiú ag leibhéal taobh istigh d'Ordlathas Miondíola Fhine Gall le freastal ar riachtanais mhiondíola an daonra áitiúil agus an daonra ceantair i gcoitinne.


Cuspóir FE47

I gcás go n-aithnítear agus go mbunaítear bearna i soláthar miondíola Láir de chuid Leibhéal 5, feabhsuithe ar an scála cuí ar thairiscint agus feidhm mhiondíola Láir Leibhéal 5 a éascú agus a bhforbairt inbhuanaithe a chinntiú trí fheabhsú a dhéanamh ar an Lár atá ann cheana do gach ceann acu agus deiseanna nua miondíola a stiúradh isteach sna Láir.


Cuspóir FE48

Cinntiú go bhfuil tairiscint mhiondíola ag Siopaí Áitiúla agus Sráidbhailte Beaga Leibhéal 5 ar leor í ó thaobh scála, cineáil agus réimse de, gan tionchar díobhálach a bheith á imirt aici ná í ag atreorú trádála ó na suíomhanna miondíola oird níos airde.

Tarlú Folúntas

Príomhchuspóirí den bheartas miondíola sa Dréacht-Phlean Forbartha ná cinntiú go bhfeidhmíonn láir uirbeacha agus thuaithe an Chontae go leibhéal cuí le réimse soláthair agus tairiscint mhiondíola a léiríonn a n-aicmiú in Ordlathas Miondíola Fhine Gall, agus go bhfuil an bheogacht agus inmharthanacht mhiondíola sna ceantair seo cosanta agus feabhsaithe de réir mar a bhíonn na deiseanna sin ar fáil.

Bhí dúshlán ar leith ag baint le folúntais ar phríomhshráideanna, in ionaid siopadóireachta agus ionaid áitiúla bhailte agus sráidbhailte an Chontae le blianta beaga anuas toisc an cor eacnamaíoch chun donais agus laghduithe suntasacha ar ioncam indiúscartha. In obair shuirbhé a bhí déanta ag Roinn Pleanála Fhine Gall in 2015, aithníodh Baile Brigín mar áit a raibh leibhéil folúntais thar a bheith ard ina phríomhcheantar miondíola, agus é thar a bheith leochaileach i leith na ndroch-iarmhairtí a bhaineann le folúntas amhail caillteanas tairiscint miondíola, díghrádú stoc foirgneamh agus díobháil dá réir don eispéireas réimse phoiblí. Is é beartas na Comhairle maidir le folúntas i láir an Chontae ná na bearta uile atá ar fáil le dul i ngleic leis an bhfadhb a úsáid, agus tacú le bearta agus gníomhartha a aithníodh i gcreata gníomhaíochta amhail an Local Authority Retail Support: Improving our Cities and Towns, Meitheamh 2015.


Cuspóir FE49

Beogacht, inmharthanacht agus athnuachan Láir Bhaile Mhóir, Bhaile, Áitiúla agus Sráidbhaile a chothabháil agus a neartú trí chur ar fáil a dhéanamh do nithe is díol spéise cathartha, caithimh aimsire, cultúrtha agus turasóireachta, fad is a chinntítear go bhfanfaidh miondíol mar phríomhfheidhm na lár seo.


Cuspóir FE50

Tacú leis na bearta agus na gníomhartha a aithníodh in Local Authority Retail Support: Improving our Cities and Towns, Meitheamh 2015 le dul i ngleic leis na rudaí diúltacha a bhaineann le folúntas agus le cinntiú go mbaintear amach na tairbhí féideartha a bhaineann le gníomhaíochtaí miondíola do láir uirbeacha agus thuaithe an Chontae.

Úsáidí Neamh-mhiondíola, Asraonta Mearbhia, Siopaí Beir Leat, Siopaí Eischeadúnais agus Oifigí Gealltóireachta

Gné a bhaineann le beogacht agus inmharthanacht láir uirbeacha agus thuaithe an Chontae a chosaint agus a fheabhsú ná dul i ngleic le húsáidí neamh-mhiondíola (amhail ionaid agus stuaraí siamsaíochta), asraonta mearbhia, siopaí eischeadúnais agus oifigí gealltóireachta. D'fhéadfadh tionchair dhiúltacha a bheith ag rósholáthar nó ceannas na gcineálacha úsáidí seo ar na príomhshráideanna, in ionaid siopadóireachta agus in ionaid áitiúla i láir Fhine Gall ar thaitneamhachtaí na lár seo agus ar a gcumas a bhfeidhmeanna miondíola a chur i gcrích i gcomhréir lena n-aicmiú in Ordlathas Miondíola Fhine Gall.


Cuspóir FE51

Rialú a dhéanamh ar sholáthar úsáidí neamh-mhiondíola, go háirithe ag leibhéal urlár na talún, ar phríomhshráideanna na mbailte agus na sráidbhailte, in ionaid siopadóireachta agus ionaid áitiúla le cinntiú nach ndéantar díobháil do thaitneamhachtaí na sráideanna agus na lár seo trí dheiseanna miondíola a chailleadh.


Cuspóir FE52

Rósholáthar nó ceannas asraonta mearbhia, siopaí beir leat, siopaí eischeadúnais agus oifigí gealltóireachta a chosc ar phríomhshráideanna na mbailte agus na sráidbhailte, in ionaid siopadóireachta agus ionaid áitiúla le cinntiú nach ndéantar díobháil do thaitneamhachtaí na sráideanna agus na lár seo trí dheiseanna miondíola a chailleadh.

Trádstóráil Mhiondíola agus Páirceanna Miondíola

Tá freastal maith á dhéanamh ar Fhine Gall ag trádstóráil mhiondíola agus páirceanna miondíola[38], go háirithe na cinn atá suite i gceantair Shoird, Bhaile Bhlainséir, Bhaile Brigín agus Bhaile Munna. D'aithin obair shuirbhé a bhí déanta ag Roinn Pleanála Fhine Gall in 2015 leibhéil ísle folúntais sna suíomhanna seo, go háirithe i bPáirc Mhiondíola Airside agus Páirc Mhiondíola Bhaile Bhlainséir, cás a léiríonn sláinte na comhchoda seo den earnáil mhiondíola i bhFine Gall. Tá sonraí breise ar an gcriosú úsáide talún Trádstóráil Mhiondíola 'TM' i Rannán 6.13 thíos maidir le suíomhanna na gcriosuithe seo sa Dréacht-Phlean Forbartha.

Díríonn na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí aird ar an gcaoi go bhfuil cuid mhór trádstórais mhiondíola curtha ar fáil le blianta beaga anuas, agus molann siad gur chóir do na húdaráis pleanála breithniú cúramach a dhéanamh ar an riachtanas spás urláir breise le haghaidh trádstóráil mhiondíola. Agus straitéis nuashonraithe mhiondíola in easnamh i gcás an EMRA, meastar é a bheith cuí go bhfanfaidh an criosú reatha Trádstórála Miondíola i bhfeidhm agus go leanfar cur chuige forálach i leith measúnú a dhéanamh ar thograí le haghaidh trádstóráil mhiondíola agus/nó páirceanna miondíola nua, agus gur chóir go mbeadh measúnú tionchar miondíola in éineacht le togra ar bith dá leithéid.


Cuspóir FE53

Éileamh ar thrádstóráil mhiondíola agus/nó páirceanna miondíola nua a stiúradh isteach sna tailte criosaithe Lár Baile Mhóir 'LBM' de na suíomhanna miondíol oird níos airde de Leibhéal 2 agus isteach i gcriosú Trádstórála Miondíola TM, más féidir, ar an gcéad dul síos, chun na braislí trádstórais mhiondíola agus/nó páirceanna miondíola atá ann cheana a chomhdhlúthú.


Cuspóir FE54

Cinntiú go bhfuil iarratais ar thrádstórais nua mhiondíola agus/nó páirceanna miondíola i gcomhréir le riachtanais na Guidelines for Planning Authorities: Retail Planning, lena n-áirítear, nuair is cuí, an Cur Chuige Seicheamhach a chur i bhfeidhm, agus ceanglais i dtaobh measúnuithe tionchar miondíola agus measúnuithe tionchar iompair i gcás forbairtí miondíola a bhféadfadh, de bharr a méide nó na háite ina bhfuil siad, tionchar a bheith acu ar bheocht agus ar inmharthanacht na bpáirceanna miondíola atá ann cheana.

Figure 6.1  Sord Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Swords Core Retail Area

Figure 6.2 Baile Bhlainséir Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Blanchardstown Core Retail Area

Figure 6.3 Baile Brigín Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Balbriggan Core Retail Area

Figure 6.4 Mullach Íde Príomhcheantar Mhiondíola 

Map -  Malahide Core Retail Area

Figure 6.5 Na Sceirí Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Skerries Core Retail Area

Figure 6.6 Baile Shear Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Charlestown Core Retail Area

Figure 6.7 Domhnach Bat Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Donabate Core Retail Area

Figure 6.8 Lusca Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Lusk Core Retail Area

Figure 6.9 An Ros Príomhcheantar Mhiondíola 

Map - Rush Core Retail Area

6.9 An Earnáil Turasóireachta

Tá an turasóireacht aitheanta mar cheann amháin de na hearnálacha eacnamaíocha is tábhachtaí sa tír agus tá ról suntasach luaite léi sa téarnamh eacnamaíoch le blianta beaga anuas[39]. Tá tábhacht ar leith leis an turasóireacht sa chaoi gur féidir leis cabhrú le deiseanna gnó agus fostaíochta a chur ar fáil ar fud na réigiún agus poist a chruthú ar fud speictream na riachtanas scileanna. Foilsíodh creat náisiúnta beartais in 2015 don earnáil turasóireachta darb ainm People, Place and Policy: Bhí Growing Tourism to 2025 foilsithe le béim mhór ar an earnáil a fhorbairt chun deich milliún cuairteoir ón iasacht a mhealladh go hÉirinn, réimse deiseanna fiontraíochta díreacha agus neamhdhíreacha a chruthú agus fostaíocht a fhás san earnáil go 250,000 duine faoi 2025.

Bunaíodh Comhghuaillíocht Turasóireachta 'Grow Dublin' in 2014 chun straitéis nua chomhoibríoch a stiúradh chun réigiún Bhaile Átha Cliath a mhargú go hidirnáisiúnta. Seoladh - ‘Dublin – A breath of Fresh Air’, feachtas nua margaíochta turasóireachta i nDeireadh Fómhair 2015. Bhí an feachtas seo comhordaithe ag ‘Comhghuaillíocht Turasóireachta Grow Dublin’ (CTGD) agus spreagann sé cuairteoirí le breathnú níos faide ná Lár na Cathrach, agus Baile Átha Cliath á shuí mar chathair chósta a bhfuil sléibhte agus an fharraige in aice leis.

Tá Fine Gall suite go han-mhaith le cur le baint amach na spriocanna náisiúnta seo toisc go bhfuil Aerfort Bhaile Átha Cliath sa Chontae, toisc go bhfuil Fine Gall gar do Chathair Átha Cliath, príomhthiománaí thionscal turasóireachta na tíre, agus saibhreas tairiscint oidhreachta nádúrtha, cultúrtha agus tógtha Fhine Gall. Tá cáilíocht agus ilghnéitheacht na tairisceana turasóireachta atá i bhFine Gall thar a bheith láidir maidir leis na Maoine Oidhreachta atá faoi úinéireacht na Comhairle, amhail Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde, áit arb é an ní is mó is díol spéise do chuairteoirí i bhFine Gall; Ócáidí a bhíonn á reáchtáil ag an gComhairle amhail Seó Contae 'Flavours of Fingal' i nDiméin an Droichid Nua; agus ócáidí atá tacaithe ag an gComhairle amhail an Mórchluiche Idirnáisiúnta Cruicéid i gCaisleán Mhullach Íde. Déanfaidh an Chomhairle teagmháil agus comhoibriú leis na páirtithe leasmhara bainteacha go léir le cinntiú go mbainfear amach acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála turasóireachta chun leas an gheilleagair áitiúil.

Measann Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2015-2018 go bhfuil luach €500m ar thurasóireacht go bliantúil i ngeilleagar áitiúil Fhine Gall agus go dtacaíonn sí le tuairim is 20,000 post[40]. Aithníonn an Straitéis príomhshócmhainní, príomhdhíolta spéise agus príomhghníomhaíochtaí is féidir a fhorbairt agus a chur chun cinn tuilleadh. Ina measc seo, tá caomhnú oidhreacht nádúrtha Fhine Gall; oidhreacht eolaíoch a chur chun cinn; gnó, spórt agus turasóireacht bhia a bhreisiú; leathnú réimse eispéireas na gcuairteoirí; agus feabhsú eispéiris ag maoine oidhreachta na Comhairle.

Cé gur féidir leis an mbeartas agus na cuspóirí sa Dréacht-Phlean Forbartha tacú leis na cuspóirí agus gníomhartha atá aitheanta agus san áireamh sa Straitéis, d'fhéadfadh oidhreacht shaibhir agus ilghnéitheach Fhine Gall, idir nádúrtha, chultúrtha agus thógtha, d'fhéadfadh sí a bheith íogair agus caithfear tograí forbartha eacnamaíche a rachaidh i bhfeidhm ar oidhreacht an Chontae a bheithe deartha agus déanta ar bhealach leochaileach.

Tá na cuspóirí agus beartas turasóireachta faoin tuath maidir le, mar shampla, siúl, agus gníomhaíochtaí ar fheirmeacha, tá cur síos mionsonraithe déanta orthu i gCaibidil 5.


Cuspóir FE55

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha, ionadaithe earnála agus pobail áitiúla chun an earnáil turasóireachta a fhorbairt i bhFine Gall agus le cinntiú go mbainfidh an geilleagar áitiúil leas as acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála .


Cuspóir FE56

Cur i bhfeidhm na gcuspóirí agus na ngníomhartha atá aitheanta in Fingal Tourism Strategy 2015-2018 a éascú agus cur leo ar mhaithe le leas eacnamaíoch an Chontae.


Cuspóir FE57

Forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar riachtanach turasóireachta, díolta suime do chuairteoirí agus áiseanna tacúla ag áiteanna cuí sa Chontae ar bhealach nach mbeidh tionchar díobhálach acu ar na ceantair glactha agus an timpeallacht glactha.


Cuspóir FE58

Soláthar áiseanna a bhaineann le turasóirí a threorú, amhail oifigí eolais agus ionaid chultúrtha, isteach i suíomhanna baile agus sráidbhaile le tacú leis an mbonneagar eacnamaíoch a bhaineann lena leithéid de láir cheana agus é a neartú.


Cuspóir FE59

Cinntiú go bhfuil na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le cur chun cinn oidhreacht nádúrtha, chultúrtha agus thógtha an Chontae ag teacht leis an mbreithniú cuí ar a gcaomhnú agus a gcosaint.


Cuspóir FE60

Tacú le hócáidí agus ceolchoirmeacha ag áiteanna cuí i bhFine Gall faoi réir na socruithe cuí ceadúnaithe, i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara a rachaidh siad i bhfeidhm orthu, amhail grúpaí pobail, gnóthaí áitiúla agus cónaitheoirí sa cheantar atá i gceist, pé áit ar féidir, agus taitneamhachtaí an cheantair agus an oidhreacht nádúrtha agus thógtha a chosaint.


Cuspóir FE61

Deiseanna líonra comhtháite siúil agus rothaíochta a chruthú a nascfaidh príomhchinn scríbe turasóireachta sa Chontae a chur chun cinn agus a éascú trí Bhealach Cósta beartaithe Fhine Gall a chur chun cinn, trí staidéar measúnaithe bealaigh a dhéanamh taobh istigh de dhá bhliain tar éis don Phlean a bheith glactha, cinntiú go mbainfear cothromaíocht amach idir caomhnú dúlra agus úsáid ag an bpobal, agus trí chearta bealaigh poiblí a aithint i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara go léir, agus trí sheanlíonraí iarnróid a úsáid mar bhealaí nua féideartha siúil le haghaidh caitheamh aimsire agus turasóireachta.


Cuspóir FE62

Deiseanna a chur chun cinn d'fhiontraíocht agus cruthú fostaíochta sa turasóireacht tuaithe, áit ar féidir a léiriú nach mbeidh tionchar díobhálach ag an bhforbairt a bheidh i gceist ar an timpeallacht tuaithe glactha.

Líonra Conairí Caithimh Aimsire

Tá deiseanna ag baint le tírdhreach álainn ilghnéitheach Fhine Gall le haghaidh gníomhaíochtaí caithimh aimsire, go háirithe forbairt líonra conairí siúil caithimh aimsire ag leibhéal straitéiseach agus áitiúil. Is ceann scríbe siúil den chéad scoth é Fine Gall mar gheall ar a thuath, a chonairí cósta agus canála agus a oidhreacht shaibhir. Tá cuid mhaith cineálacha éagsúla siúlóide is féidir a dhéanamh ann, amhail siúlóidí cósta/canála, siúlóidí cnoic/tuaithe, siúlóidí cois abhann agus siúlóidí sráidbhaile. Tá an siúl ar na gníomhaíochtaí caithimh aimsire is mó a bhíonn ar siúl ag daoine anois.

Tairgeann líonra dea-fhorbartha agus dea-bhainistithe conairí caithimh aimsire i bhFine Gall deis uathúil áilleacht agus oidhreacht an Chontae a chur i láthair, agus tá sé de chumas aige príomhnithe is díol spéise a spreagadh agus feasacht agus tuiscint ar ár sócmhainní nádúrtha a mhéadú ar bhealach rialaithe go háirithe. Is gineadóir forbartha eacnamaíche agus turasóireachta nach bhfuil leas ceart bainte as í forbairt líonraí conairí caithimh aimsire i bhFine Gall.

Seoladh Straitéis Chonairí na hÉireann in Eanáir 2007 agus tá sé mar aidhm aici córas conairí caithimh aimsire den chéad scoth a fhorbairt in Éirinn do shaoránaigh uile na hÉireann agus do chuairteoirí a thagann chuig an tír seo. Díríonn an straitéis aird ar an gcuid mhór tairbhí ó dhearcadh sláinte, caithimh aimsire, turasóireachta agus eacnamaíoch a chruthaítear trí úsáid conairí agus leagann sí amach spriocanna agus tascanna is gá a chur i gcrích i rith tréimhse deich mbliana. Bhí sé mar thoradh ar an straitéis seo gur bunaíodh Coiste Comhairleach Náisiúnta Conairí (CCNC) agus gur bunaíodh Oifig Náisiúnta Conairí taobh istigh de Chomhairle Spóirt na hÉireann. Tá roinnt foilseachán cruthaithe ag an ONC faoi fhorbairt conairí in Éirinn. Cé go bhfuil réimse cineálacha conairí aicmithe ag an Oifig Náisiúnta Conairí, lena n-áirítear conairí siúil, rothaíochta, curachóireachta agus marcaíochta capall, is í an chonair siúil is mó a bhfuil ag éirí leis ar fud an chontae le blianta beaga anuas.

Ar na tionscadail conairí atá ar siúl ag Comhairle Contae Fhine Gall, tá Glasbhealach na Canála Ríoga agus Conairí Oidhreachta Shoird agus an Rois. Cuspóir straitéiseach fadbhunaithe atá i bPlean Forbartha Fhine Gall ná go bhforbrófaí 'Bealach Cósta Fhine Gall', rud ar glasbhealach straitéiseach é do choisithe agus do rothaithe ar feadh na conaire cósta ó Bhinn Éadair go Baile Brigín. Tá sé tugtha faoi deara go bhfuil an chuid is mó den chonair chósta ann cheana agus is féidir le daoine siúl ó Chluain Tarbh, thart timpeall ar Bhinn Éadair agus ar aghaidh go Baile Dúill [ar an Trá], Port Mearnóg, Mullach Íde, Sord agus Domhnach Bat. Beidh na siúlóidí seo, na ceithre Shiúlóid Lúbtha agus chonair thart timpeall ar Bhinn Éadair san áireamh, mar chuid de ‘Bhealach Cósta Fhine Gall’ ina iomláine. Beidh iniúchadh ar na conairí seo atá ann cheana, cearta slí san áireamh, beidh sé mar chuid de phleanáil agus forbairt ghlasbhealach straitéiseach ‘Bhealach Cósta Fhine Gall’. Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag bogadh ar aghaidh i láthair na huaire leis an bpleanáil agus na measúnuithe timpeallachta a bhfuil gá leo le haghaidh an naisc is ríthábhachtaí den bhealach cósta thart timpeall ar tharbhealach Mhullach Íde, rud atá mar cheangal idir Diméin Mhullach Íde agus Diméin an Droichid Nua. tá grúpaí éagsúla pobail sna sráidbhailte agus bailte i dtuaisceart Fhine Gall ag forbairt conairí siúil go gníomhach chomh maith i gcomhar le Comhairle Contae Fhine Gall. Eagraíonn Club Siúil Fhine Gall agus bíonn sé páirteach i siúlóidí rialta ar feadh na gconairí cósta, gleannta abhann, bailte, sráidbhailte agus tuath oscailte i bhFine Gall.

Aithníonn Comhairle Contae Fhine Gall go n-éilíonn forbairt conairí caithimh aimsire agus seirbhísí gaolmhara comhordú agus comhoibriú le, agus idir páirtithe leasmhara agus úinéirí talún. Tá rath fadtéarmach agus forbairt an líonra conairí seo ag brath ar chur chuige atá go hiomlán comhtháthaithe.

D'fhonn forbairt líonra conairí caithimh aimsire sa Chontae a chur chun cinn, ullmhóidh Comhairle Contae Fhine Gall Plean Conairí Caithimh Aimsire i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, úinéirí talún agus grúpaí sainleasa éagsúla taobh istigh de shaolré an phlean seo. Leagfaidh an plean seo amach an creat le haghaidh forbairt conairí caithimh aimsire sa Chontae amach anseo. Tá Coiste Conairí Caithimh Aimsire beartaithe, agus Comhairle Contae Fhine Gall mar phríomhghníomhaireacht, chun an líonra conairí caithimh aimsire a phleanáil, a fhorbairt, a chur i bhfeidhm agus a mhargú sa chontae. Rachaidh an coiste seo go gníomhach ar lorg maoiniú chun an líonra straitéiseach conairí a chur i bhfeidhm. D'fhéadfaí maoiniú a fháil ó líon mór gníomhaireachtaí éagsúla amhail Comhpháirtíocht 'Leader' i bhFine Gall, Fáilte Éireann, an Chomhairle Oidhreachta, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, an Crannchur Náisiúnta agus an tÚdarás Áitiúil.

Tá forbairt líonra na gconairí caithimh aimsire sa Chontae beartaithe ag trí leibhéal; i) an leibhéal straitéiseach [m.sh. Bealach Cósta Fhine Gall, ceantar Ghleann na Life, agus Glasbhealach na Canála Ríoga], ii) conairí bailte amhail Slí na Sláinte agus iii) conairí sráidbhailte. Braitheann rath na gconairí seo ar chreat comhordaithe straitéiseach atá leagtha amach sa Phlean Conairí Caithimh Aimsire.

Cuirfidh an Plean Conairí Caithimh Aimsire leis an obair atá á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall i láthair na huaire ar fhorbairt conairí caithimh aimsire agus comharthaíocht ghaolmhar chaighdeánaithe dá leithéid de chonairí. Agus aird ar leochaileacht chonair an chósta agus na gceantar intíre, beidh gá le suíomh agus dearadh na gconairí a bhreithniú go cúramach. Má dhéantar iad a shuí, a dhearadh, a shonrú agus a bhainistiú go cúramach ó thaobh teachta de, tá sé d'acmhainneacht ag conairí brúnna ar láithreáin íogaire bhithéagsúlachta/éiceolaíocha ar fud an chontae a mhaolú. Ligfidh an Plean Conairí Caithimh Aimsire do mheasúnú a bheith déanta ar na tionchair chomhshaoil níos leithne a bheidh ag líonra conairí caithimh aimsire ar fud an Chontae.


Cuspóir FE63

Coiste Conairí Caithimh Aimsire a bhunú i gComhairle Contae Fhine Gall chun líonra conairí caithimh aimsire a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ar fud an Chontae i gcomhar le páirtithe leasmhara, úinéirí talún agus grúpaí sainleasa pobail éagsúla sa Chontae.


Cuspóir FE64

Plean Conairí Caithimh Aimsire a fhorbairt don Chontae i gcomhar le páirtithe leasmhara, úinéirí talún agus grúpaí éagsúla sainleasa pobail bainteacha taobh istigh de shaolré an phlean seo. Leagann an plean seo amach creat comhordaithe straitéiseach le haghaidh forbairt conairí caithimh aimsire sa Chontae amach anseo.


Cuspóir FE65

Forbairt Bhealach Cósta Fhine Gall taobh thuaidh de Bhaile Brigín go Binn Éadair a chur chun cinn agus a éascú, agus aird iomlán ar an ngá le hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an chósta a chosaint, agus an gá atá le tionchair shuntasacha dhíobhálacha ar láithreáin Eorpacha agus speicis faoi chosaint an dlí a sheachaint, agus cinntiú go ndéanfar Bealach Cósta Fhine Gall a chomhtháthú le conairí straitéiseacha eile i gCathair Átha Cliath agus contaetha in aice leis sin. Tosaíocht a dhéanamh den chuid idir Baile Dúill agus Port Mearnóg, áit a bhfuil an dearadh bóthair atá ann faoi láthair thar a bheith mí-oiriúnach do choisithe agus rothaithe.


Cuspóir FE66

Forbairt Ghlasbhealach na Canála Ríoga a chur chun cinn agus a éascú, agus aird iomlán ar an ngá le hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha bhealach na canála a chosaint, agus an gá atá le tionchair shuntasacha dhíobhálacha ar láithreáin Eorpacha agus speicis faoi chosaint an dlí a sheachaint, agus cinntiú go ndéanfar Glasbhealach na Canála Ríoga a chomhtháthú le conairí straitéiseacha eile i bhFine Gall agus i limistéir na n-údarás áitiúil in aice leis.


Cuspóir FE67

Tacú le grúpaí siúil agus pobail áitiúla chun conairí siúil a fhorbairt i mbailte agus sráidbhailte do thaitneamh mhuintir na háite agus mar dhíol spéise do chuairteoirí a thagann chuig an gceantar, agus chun forbairt áitiúil eacnamaíoch a chur chun cinn.

Coimpleácsanna Comhtháite Turasóireachta

Spreagfaidh an Chomhairle forbairt a leithéid de choimpléacsanna comhtháite turasóireachta/caithimh aimsire i dtírdhreacha de chineál diméin i gcásanna go bhfuil an leithéid d'úsáidí i gcomhréir le coinneáil a leithéid de thírdhreacha. Tá caomhnú na sócmhainní seo amach anseo riachtanach agus aithníonn an Chomhairle an gá atá le hathúsáid inbhuanaithe chuí na bhfoirgneamh.

Ba chóir go gcuimseodh coimpléacs comhtháite turasóireachta/fóillíochta/caithimh aimsire roinnt de na nithe seo a leanas:

  • Áiseanna óstáin agus gaolmhara, ionad comhdhálacha, galfchúrsa, ionad eachrach, ionad falróide, ionad aclaíochta, áis uisce taobh istigh/amuigh, áis iascaireachta, músaeim, conairí dúlra, bealaí siúil agus áiseanna gaolmhara.
  • D'fhéadfadh sé áiteanna cónaithe do thurasóirí agus miondíol caithimh aimsire atá mar fhoghné den phríomhní is díol spéise do thurasóirí a chuimsiú. Beidh an fhorbairt chónaitheach do thurasóirí sna foirgnimh atá ann cheana agus í coinnithe faoi úinéireacht cuideachta amháin agus ní dhíolfar iad ina n-aonar.

Beidh gá le hiarratas foriomlán pleanála don choimpléacs iomlán, rud a chuimseoidh tograí, pé áit ar cuí, le haghaidh:

  • Taitneamhachtaí nádúrtha ar an láithreán a chaomhnú,
  • Caomhnú na ndéanmhas oidhreachta ar an láithreán,
  • Sainghné oscailte na dtailte a choinneáil
  • Tírdhreachú suntasach agus dian an láithreáin

Abbeyville

Tá coimpléasc comhtháite turasóireachta agus caithimh aimsire á spreagadh i nDiméin Abbeyville. Cuimseoidh sé seo áiseanna amhail: Óstán / Ionad Comhdhálacha, Galfchúrsa, Ionad Aclaíochta agus áis chuimsitheach turasóireachta/chaithimh aimsire eile ar a laghad. Beidh teorainn dhocht le líon na n-aonad cónaitheach, agus iad cruinnithe le chéile i bhfoirm chlóis más féidir, rud a bheidh curtha ar leataobh d'úsáid turasóireachta. Beidh sainghné agus fairsinge na n-áiseanna a chuirfear ar fáil cinnte go príomha ag an ngá atá ann an teach agus an áit máguaird a chaomhnú, rudaí a bhfuil tábhacht mhór ailtireachta leo, in éineacht le sainghné speisialta tírdhreacha agus gnéithe oidhreachta na diméine.

Caisleán Dhún Sochlaigh

Déanfar breithniú ar fhorbairt a bhainfeadh le turasóireacht ag Caisleán Dhún Sochlaigh, i gcomhairle leis na gníomhaireachtaí rialtais cuí, agus an aird chuí ar shuntas speisialta an láithreáin agus i gcás nach bhfuil gné chónaitheach ar bith ag baint leis an bhforbairt.

 

 

 

Baile Uí Rócháin

Tá sé beartaithe an coimpléacs comhtháite turasóireachta agus caithimh aimsire atá ag Baile Uí Rócháin cheana a éascú. Tá sainghné agus fairsinge na n-áiseanna a chuirfí ar fáil faoi theorainn phríomhúsáid an láithreáin le haghaidh úsáid chaithimh aimsire agus turasóireachta agus an gá atá le sainghné thírdhreacha speisialta agus gnéithe oidhreachta an láithreáin a chaomhnú.

Teach Bhaile an Tirialaigh

Tá óstán agus/nó forbairt caithimh aimsire á spreagadh ag Teach Bhaile an Tirialaigh. Ba chóir go gcosnódh forbairt ar bith an coillearnach agus suíomh an Déanmhais Chosanta seo agus Ordú Caomhnaithe Crann agus/nó comhaontú bainistíochta a chur san áireamh maidir le crainn leochaileacha i mBaile an Tirialaigh.


Cuspóir FE68

Athchóiriú seandiméinte agus seaneastát agus a bhfoirgneamh amuigh ina bhforbairtí comhtháite turasóireachta, caithimh aimsire agus fóillíochta de chineál coimpléasc a éascú, pé áit ar cuí, agus iad faoi réir an chleachtais is fearr ó thaobh caomhnú ailtireachta de, pleanáil cuí agus forbairt inbhuanaithe.

6.10 An Earnáil Agraibhia

Tá ról lárnach luaite leis an earnáil agraibhia sa téarnamh náisiúnta eacnamaíoch le blianta beaga anuas. Is í an earnáil seo an tionscal dúchasach is mó sa tír, agus láimhdeachas measta €26 billiún á dhéanamh aici, chomh maith le 170,000 post nó 9% den fhigiúr iomlán fostaíochta a bheith á gcur ar fáil aici[41]. Cuireann an earnáil go mór le fostaíocht i gceantair thuaithe agus í mar fhoinse ríthábhachtach chruthaithe fiontraíochta agus deiseanna. Tá gnéithe thar a bheith tarraingteach ag an earnáil sa chaoi go bhfuil a slabhra soláthair thar a bheith dian ó thaobh saothair de sa gheilleagar áitiúil, agus go bhfuil a aschur mar rud a onnmhairítear go príomha. Fágann sin go gcuireann sí cuid mhaith fostaíochta ar fáil go háitiúil agus go bhféadfadh sí leas a bhaint as deiseanna fáis go domhanda chomh maith.

Mar léiriú ar thábhacht mhéadaitheach agus acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála, tá béim mhór bheartais leagtha ar an earnáil le blianta beaga anuas trí roinnt creat náisiúnta a bhí eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, lena n-áirítear Food Harvest 2020: A Vision for Irish agri-food and fisheriesMilestones for Success 2014, rud a rianaíonn na rudaí a baineadh amach sa cheann roimhe sin, agus an ceann is déanaí, mar atá, Food Wise 2025: A 10-year Vision for the Irish agri-food industry. Leagann Food Wise 2025 amach plean straitéiseach do na deich mbliana amach romhainn, agus é ag cuimsiú thréimhse an Dréacht-Phlean, agus díríonn sé ar dheiseanna atá ann méadú a dhéanamh ar tháirgeadh príomha, líon na n-onnmhairí, luach a chur leis na táirgí san earnáil, agus 23,000 post breise a chruthú ar fud na hearnála. Cuirtear síos ar an earnáil go ginearálta mar rud a chuimsíonn gach rud ó thalmhaíocht phríomha go táirgeadh bia agus deochanna, iascaigh agus próiseáil éisc go foraoiseacht agus aschuir fhoraoiseachta[42]. Maidir le sainghné uathúil na hearnála, bhí sé seo le rá ag Food Wise: ‘Tábhacht straitéiseach do gheilleagar na hÉireann, a fréamhacha i bpobail áitiúla agus an méadú ar a sroicheadh domhanda (cuireann an tionscal bia ardchaighdeáin sábháilte cothaitheach ar fáil do thomhaltóirí i 175 tír ar fud na cruinne ar a laghad), rud a chiallaíonn nach bhfuil sí cosúil le hearnáil ar bith eile’[43].

Is é Fine Gall an príomhchontae i réigiún Bhaile Átha Cliath le haghaidh gníomhaíochtaí talmhaíochta, agus tá cáil náisiúnta air mar gheall ar a earnáil ghairneoireachta. Is éard atá i gceist le próifíl talmhaíochta an Chontae ná curaíocht agus oibreoirí táirgthe mairteola go príomha, agus táirgeadh speisialtóra torthaí agus glasraí ar siúl i bhfeirmeacha gairneoireachta áirithe. Aithníodh Baile Átha Cliath in 2009 mar an gContae is tábhachtaí i gcomhthéacs náisiúnta (agus Fine Gall mar phríomhtháirgeoir ceithre údarás Bhaile Átha Cliath) maidir le táirgeadh glasraí páirce, agus 2,157 heicteár á n-úsáid le haghaidh glasraí páirce, líon arbh ionann é agus 47% den táirgeadh náisiúnta[44]. Tá tábhacht Bhaile Átha Cliath maidir le táirgeadh torthaí boga agus glasraí cosanta (trátaí, leitís, cúcumair, piobair agus glasraí eile a fhástar faoi ghloine agus faoi dhéanmhais atá cosanta ag polaitéin), tá sí le feiceáil chomh maith sa chaoi gurbh ionann táirgeadh Bhaile Átha Cliath agus 25% den táirgeadh torthaí boga go léir agus 69% den táirgeadh glasraí cosanta go léir sa tír in 2012.[45]

Rud a bhfuil tábhacht leis agus breithniú á dhéanamh ar riachtanais foirgníochta na hearnála ná gur aithníodh Baile Átha Cliath chomh maith mar an gceantar ina bhfuil an líon is mó tithe gloine sa tír, agus 72 heicteár clúdaithe leo ann (73% den achar iomlán faoi thithe gloine); tá an t-achar is mó tolláin pholaitéine ann, agus 50 heicteár polaitéine i gceist (37% den achar iomlán polaitéine)[46] agus an toilleadh stórála is airde le haghaidh leithéidí tithe pacála agus aonaid fuarstórála.

Tá cuid de na gnóthaí agus braislí gníomhaíochta gairneoireachta is rathúla sa tír suite i bhFine Gall. Ina measc seo, tá Keelings ag Roslin, taobh thuaidh d'Aerfort Bhaile Átha Cliath, Country Crest i Lusca agus Dennigan's ag an Seanbhaile. Tá Keelings ar an ngnó gairneoireachta is mó in Éirinn, agus tá an bonn atá acu mar fhócas le haghaidh gnó mór comhtháite inbhuanaithe atá dírithe ar bhia agus é mar mhol lóistíochta do mhargaí baile agus idirnáisiúnta. Is gnó agraibhia é Country Crest agus tá sé ar na saothróirí agus soláthraithe prátaí agus oinniún is mó do phríomh-ollmhargaí na hÉireann. Tá Dennigan's ar na soláthraithe prátaí is mó sa tír agus tá gnó suntasach dáileacháin agus lóistíochta forbartha acu. Agus aird ar phróifíl ghairneoireachta an Chontae mar atá mínithe thuas, tá Fine Gall suite go maith leis na spriocanna atá in Food Wise 2025 a bhaint amach ar mhaithe le leas an gheilleagair náisiúnta agus leas suntasach gheilleagar áitiúil Fhine Gall chomh maith.


Cuspóir FE69

Teagmháil agus comhoibriú a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha, ionadaithe earnála agus pobail áitiúla chun an earnáil agraibhia a fhorbairt i bhFine Gall, d'fhonn an earnáil agrabhia a chur chun cinn agus a chur i láthair go forleathan, lena n-áirítear tacú le hócáidí amhail 'Flavours of Fingal', agus le cinntiú go mbainfidh an geilleagar áitiúil agus náisiúnta leas as acmhainneacht eacnamaíoch na hearnála.


Cuspóir FE70

Cinntiú go bhfuil na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann le cur chun cinn earnáil agraibhia an Chontae ag teacht leis an mbreithniú cuí ar chaomhnú agus cosaint na timpeallacht tuaithe.


Cuspóir FE71

Fás na hearnála agraibhia a chur chun cinn i bhFine Gall trí fhreastal ar riachtanais éagsúla na gcomhchodanna éagsúla den earnáil, agus trí thimpeallachtaí tógtha ardchaighdeáin a chruthú ina dtairgtear réimse leathan méideanna agus formáidí foirgneamh, agus iad tacaithe ag soláthar spriocdhírithe an bhonneagair riachtanaigh.


Cuspóir FE72

Deiseanna a spreagadh agus a chur ar fáil a bhaineann go sonrach le bia, gairneoireacht, talmhaíocht agus forbairt deiseanna breisluacha sna réimsí seo..

Déanann Rannán 6.11 thíos cur síos ar bheartais agus cuspóirí a bhaineann leis an earnáil eacnamaíoch Mhuirí, iascaigh san áireamh. Agus tá eolas, beartais agus cuspóirí níos mionsonraithe i gCaibidil 5 An Tuath i bhFine Gall ar na gnéithe eile den gheilleagar tuaithe amhail talmhaíocht agus feirmeoireacht, turasóireacht tuaithe, éagsúlú eacnamaíoch tuaithe agus fiontraíocht i sráidbhailte tuaithe.


Cuspóir FE73

Straitéis a fhorbairt do bhia sláintiúil a bheith á ithe ag daoine óga i gcomhar le saothróirí áitiúla i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath agus í ag díriú airde ar oidis agus nósanna bia shláintiúil atá costéifeachtúil agus áisiúil do dhaoine óga chun gur féidir ceangal a chruthú idir daoine óga agus an tionscal áitiúil fáis agus chun maireachtáil shláintiúil agus ghníomhach a chur chun cinn.

6.11 An Earnáil Mhuirí

Tá an earnáil mhuirí aitheanta mar ghné thábhachtach den gheilleagar náisiúnta agus acmhainneacht fáis ag baint léi. Tá cuid de na hiascaigh is mó agus is luachmhaire san Eoraip sa tír seo, agus is suíomh den chéad scoth í le haghaidh dobharshaothrú sliogéisc agus feamainne, agus tá deiseanna turasóireachta agus caithimh aimsire den chéad scoth inti, chomh maith le cultúr agus oidhreacht shaibhir mhara[47].

Tá an earnáil mhara i ngeilleagar áitiúil Fhine Gall ilghnéitheach, agus cuimsíonn sí gníomhaíochtaí a bhaineann le hiascaireacht thraidisiúnta agus táirgeadh bia, amhail próiseáil agus leasú éisc agus táirgí éisc, in éineacht le miondíol agus dáileadh mhórdhíola éisc, crústach agus moileasc. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an earnáil gníomhaíochtaí a bhaineann le tógáil, deisiú agus cothabháil árthaí iascaireachta agus trealamh mara, seirbhísí iompair uisce, agus seirbhísí caithimh aimsire agus oideachais a bhaineann le huisce.

Thaifead Bord Iascaigh Mhara (BIM) réimse mór fiontar san earnáil mhuirí in 2013, go háirithe i mbailte cósta: mar shampla, d'éirigh go maith le Binn Éadair agus Baile Brigín i ngníomhaíochtaí iascaireachta, próiseála, miondíola agus caithimh aimsire, agus bhí fiontair mhiondíola agus phróiseála sna Sceirí, bhí déantúsaíocht mhara/cheardaíochta agus gnóthaí iompair mara i Mullach Íde, agus bhí gnó déantúsaíochta mara/ceardaíochta i nDomhnach Bat. Bhí roinnt fiontair mhara intíre ann chomh maith, amhail dáileadh mórdhíola, rud a aithníodh i Sord, Lusca, Ráth Béil agus Baile Gháire[48]. Is ionad fadbhunaithe próiseála éisc atá ar thús cadhnaíochta é Rockabill Seafood Ltd. i mBaile Brigín, dream a bhíonn ag soláthar éisc do mhargaí baile agus idirnáisiúnta.

In éineacht leis na fiontair mhara, tá an bonneagar amhail mairíní, calafoirt iascaireachta agus áiseanna cuain ina sócmhainní tábhachtacha eacnamaíocha don Chontae. Cé gurb é an straitéis eacnamaíoch atá ann don earnáil mhuirí ná cruthú fiontraíochta agus fás fostaíochta a spreagadh, ós rud é go bhfuil suíomhanna cósta ar na cinn is leochailí i bhFine Gall, beidh gá le tograí le haghaidh forbairt eacnamaíoch a chothromú le gnéithe timpeallachta. Mar shampla, tá méadú ar an éileamh ar mhuiríní agus lamairní le freastal ar riachtanais chaithimh aimsire, agus beidh gá lena n-úsáid a bhainistiú go cúramach ionas nach mbeidh gníomhaíochtaí caithimh aimsire ag teacht salach ar phríomhfheidhm chuanta an Chontae.


Cuspóir FE74

Tacú le sainghné ilghnéitheach reatha na hearnála muirí i bhFine Gall, agus deiseanna fáis inbhuanaithe a aithint agus a chur chun cinn, fad is a chosnaítear láithreáin Eorpacha. Bainfear seo amach trí theagmháil agus comhpháirtíocht leis na gníomhaireachtaí, ionadaithe earnála agus pobail áitiúla bainteacha.


Cuspóir FE75

Straitéis a fhorbairt le haghaidh forbairt cuanta i bhFine Gall amach anseo le freastal ar an tionscal bia mara in éineacht le gach páirtí leasmhar. Beidh an Straitéis faoi réir Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí agus MST.


Cuspóir FE76

Cinntiú go bhfuil tograí le haghaidh forbairt eacnamaíoch a bhaineann leis an earnáil mhuirí eolach ar leochaileacht cuid mhór suíomhanna cósta i bhFine Gall agus go ndéanfar breithniú cuí ar na ceisteanna bainteacha comhshaoil.


Cuspóir FE77

Deiseanna a chur chun cinn d'fhiontraíocht agus cruthú fostaíochta sa turasóireacht mhuirí, áit ar féidir a léiriú nach mbeidh tionchar díobhálach ag an bhforbairt a bheidh i gceist ar an timpeallacht mhuirí glactha.


Cuspóir FE78

Staidéar féidearthachta a dhéanamh ar imeallbhord Fhine Gall chun láithreáin fhéideartha a aithint inar féidir freastal ar fhorbairtí mairíní a bhaineann le himeachtaí agus riachtanais chaithimh aimsire. Mar chuid den staidéar, déanfar measúnú ar an tionchar ar an timpeallacht mhuirí glactha, an t-imeallbhord san áireamh, agus déanfar Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí.

6.12  Suíomh na Fostaíochta

Forbhreathnú

Bíonn roghnú áiteanna cuí le haghaidh úsáidí fostaíochta i bhFine Gall cinnte ag prionsabail na pleanála cuí agus forbartha inbhuanaithe, rudaí atá ina bpríomhchodanna de straitéis eacnamaíoch an Chontae. Tá cur síos i Rannán 6.2 thuas ar bheartas agus cuspóirí an Phlean maidir le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch agus cuimsíonn sé úsáidí diana fostaíochta a shuí go cuí in aice le líonraí iompair phoiblí, agus pé áit ar cuí, forbairtí cónaitheacha, braislí eacnamaíocha atá ann cheana a spreagadh agus deiseanna nua gráigithe a fhorbairt, chomh maith le hathnuachan a dhéanamh ar pháirceanna, talamh agus foirgnimh ghnó agus thionsclaíoch atá ag feidhmiú go neamhéifeachtúil.

Cuirtear leis na suíomhanna le haghaidh forbairt fostaíochta trí riachtanais na dTreoirlínte Pleanála Réigiúnaí do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath, 2010-2022 (TPRanna), rudaí a chuireann Ordlathas Lonnaíochta an Chontae ar fáil.

Ordlathas Lonnaíochta

Tá Ordlathas Lonnaíochta an Chontae agus riachtanais shonracha na TPRanna d'Fhine Gall léirithe i gCaibidil 2 den Phlean. Aithníonn na TPRanna Ceantar na Cathrach agus Ceantar Cúltíre i bhFine Gall, agus sainmhíníonn siad beartais ar leith do gach Ceantar.


Cuspóir FE79

Cinntiú go bhfuil candaim imleora agus cineálacha cuí tailte criosaithe le haghaidh úsáidí tráchtála, fiontraíochta agus/nó tionsclaíocha i láir uirbeacha agus thuaithe i gcomhréir leis an Ordlathas Lonnaíochta.

Ceantar na Cathrach

Cuimsíonn Ceantar na Cathrach an chuid is mó den chuid theas den Chontae, ó Bhaile Bhlainséir san iarthar go Binn Éadair san oirthear. Cuimsíonn an Ceantar príomhláir uirbeacha i bhFine Gall i Sord, Baile Bhlainséir agus Domhnach Bat, chomh maith leis na lonnaíochtaí atá in aice leis an teorainn riaracháin le Cathair Átha Cliath atá faoi thionchar shainiú Thairseach Bhaile Átha Cliath sna TPRanna. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite sa Cheantar chomh maith.

Tá Sord agus Baile Bhlainséir aitheanta mar Bhailte Comhdhlúthaithe Cathrach. Tá cuid de na fostóirí is mó i bhFine Gall sna bailte seo i láthair na huaire agus tá siad mar fhócas straitéiseach réimse mór seirbhísí amhail miondíol, cúram sláinte, riarachán agus ardoideachas.

Mar léiriú ar fheidhmíocht reatha an dá ionad fostaíochta ardfheidhmíochta seo, tá roinnt páirceanna gnó agus tionsclaíocha i gceantar Shoird agus Bhaile Bhlainséir. Is iad na cinn atá i Sord ná Ionaid Fiontraíochta Airside agus Shoird, Ionad Corparáideach Bhaile Átha Cliath Thuaidh, Páirceanna Gnó Shoird agus Bhaile na Mara, in éineacht le Páirceanna Tionsclaíocha Bhaile Anraí, Fhaoldroma agus Shoird. Éiríonn go han-mhaith le mórcheantar Bhaile Bhlainséir/Bhaile Átha Cliath 15, áit a bhfuil braislí ionaid fostaíochta ann cheana i mBaile Bhlainséir, sa Chorr Dhubh agus Mullach Eadrad. Ina measc seo tá Páirceanna Gnó Bhaile Cúlann, na Mílaoise, na Coille Naofa, Chnocán na Rós, an Oirthuaiscirt agus Westpoint, Páirceanna Teicneolaíochta Gnó Coláiste agus Bhaile Dama, agus Páirceanna Tionsclaíocha Bhaile Dama, Chúil Mhín agus Bhaile Bhlainséir.

Sainítear Domhnach Bat mar Bhaile Fáis Mheasartha Inbhuanaithe, agus tá fás daonra tarlaithe ann le blianta beaga anuas, agus freastalaíonn naisc iompair phoiblí le Baile Átha Cliath a bhfuil toilleadh mór ag baint leo air. Tá ról tábhachtach beartaithe do Dhomhnach Bat le haghaidh fás leanúnach amach anseo mar ionad comaitéireachta a ndéantar freastal maith air. Tá roinnt páirceanna ann cheana i nDomhnach Bat, lena n-áirítear Páirceanna Gnó Redleaf, Roseville, Shoird Thuaidh agus Thuirbhe.

Ar na háiteanna atá mar cheantar comhdhlúthaithe a bhaineann le Tairseach Bhaile Átha Cliath, tá suíomhanna amhail Baile Dúill, Cill Fhionntain, Port Mearnóg agus Mullach Íde, áiteanna a bhfeidhmíonn go príomha mar lonnaíochtaí féinchothaitheacha ina bhfuil na gníomhaíochtaí eacnamaíocha dírithe ar fhreastal ar an éileamh atá ann go háitiúil ar sheirbhísí, agus tá réimse níos leithne d'fheidhmeanna eacnamaíocha léirithe i mBinn Éadair agus Mullach Íde mar gheall ar a bhfeidhmíocht mar ionaid gníomhaíochtaí turasóireachta agus muirí. Tá dhá phríomhionad fostaíochta i mBaile Dúill ag Eastát Tionsclaíoch Bhaile Dúill agus Eastát Tionsclaíoch Chill Bharróg, dhá ionad a chuireann cuid mhór fostaíochta ar fáil sa cheantar i gcoitinne. Is é an príomhlimistéar fostaíochta le haghaidh gníomhaíocht tráchtála i Mullach Íde ná Páirc Ghnó Ghort na Giolcaí.

Cuimsíonn an chuid theas den Chontae áiteanna amhail Baile Shéarlais, Baile Maidheac, Baile Munna, Seantrabh, Cluain Seach, Belcamp agus is ceantar atá i mbéal forbraíochta é Baile Ghrífín, áit a bhfuil meascán pobal cónaitheach agus suíomhanna fostaíochta borraí. Ní bhaineann a fhás fostaíochta le lonnaíocht fhadbhunaithe atá ann cheana, agus tá páirceanna fostaíochta ann mar sin thar theorainn Fhine Gall agus Chathair Átha Cliath. Pátrún fáis líneach atá ann agus naisc láidre fheidhmiúla le M50 i gceist. Tá roinnt páirceanna ann cheana sa chuid theas seo den Chontae, lena n-áirítear Páirc Ghnó Chluain Seach, agus Páirceanna Tionsclaíocha Chluain Seach, Airways agus Halla Sheantraibh.

Maidir leis an straitéis eacnamaíoch do Cheantar na Cathrach, leanfaidh Sord agus Baile Bhlainséir d'fheidhmiú mar phríomhionaid forbartha eacnamaíche agus le haghaidh soláthar bonneagair riachtanaigh thacúil. Neartófar bonn eacnamaíoch Dhomhnach Bat agus déanfar é a éagsúlú, agus leanfar dá fhás agus feidhmiú mar ionad comaitéireachta mar Bhaile Fáis Mheasartha atá ar líonra iarnróid. Leanfar beartas comhdhlúthaithe i gceantair comhdhlúthaithe Thairseach Bhaile Átha Cliath agus sna tailte sa chuid theas den Chontae, agus a bhfeidhmíocht eacnamaíoch á neartú chun uasmhéadú a dhéanamh ar a mbuntáistí iomaíocha mar gheall ar shuíomh geografach, tréithe uathúla agus soláthar bonneagair.


Cuspóir FE80

Tacú le fás eacnamaíoch i gCeantar na Cathrach trí chomhdhlúthú, neartú agus cur chun cinn thábhacht straitéiseach ionaid mhóra uirbeacha Shoird agus Bhaile Bhlainséir agus na bpríomhionad fostaíochta amhail Aerfort Bhaile Átha Cliath agus Bhaile Átha Cliath 15.


Cuspóir FE81

Cinntiú go mbíonn beartais comhdhlúthaithe forbartha á leanúint i lonnaíochtaí agus áiteanna i gCeantar na Cathrach, agus uasmhéadú a dhéanamh ar a mbuanna eacnamaíocha agus a mbuntáistí iomaíocha amhail gníomhaíochtaí na n-earnálacha turasóireachta agus muirí i Mullach Íde agus Binn Éadair, fad is a dhéantar uasmhéadú ar acmhainneacht eacnamaíoch na dtailte sa chuid theas den Chontae trí naisc fheidhmiúla láidre le M50.

Ceantar Cúltíre

Cuimsíonn an chúltír an chuid thuaidh den Chontae agus an chuid is mó de cheantair thuaithe Fhine Gall. Is é an baile is mó sa cheantar ná Baile Brigín, áit atá sainithe mar Bhaile Fáis Mhóir II, rud a fheidhmíonn mar phríomhbhaile do sholáthar seirbhísí agus fostaíochta do cheantar fadbhunaithe, lena n-áirítear ceantar leathan tuaithe i dtuaisceart an Chontae. Tá roinnt páirceanna gnó agus tionsclaíocha i gceantar Bhaile Brigín cheana, lena n-áirítear Campas Gnó Bhaile Brigín, Páirceanna Gnó Bhá Fhine Gall, KVS agus M1, chomh maith le Páirceanna Tionsclaíocha Bhaile Brigín agus Bhaile Stiofáin. Is ionad gortha é Ionad Fiontraíochta agus Forbartha Beat (BEAT) d'fhiontair nua ghnó agus cuireann sé réimse seirbhísí ar fáil do ghnóthaí nuathionscanta agus gnó i mbéal forbraíochta.

Is iad na príomhbhailte eile sa Cheantar Cúltíre ná Lusca, an Ros agus na Sceirí. Tá fás mór daonra tarlaithe sna bailte seo go léir, agus is toisc thábhachtach é an nasc iarnróid le Cathair Átha Cliath de mhéid a bhforbartha. Go tábhachtach, níl na leibhéil forbartha fostaíochta inbhuanaithe tarlaithe sna bailte seo a bheadh inmhianaithe tar éis a leithéid d'fhás daonra. Tá bailte beaga Bhaile an Ridire agus Loch Sionnaigh agus sraith sráidbhailte tuaithe sa cheantar.

Maidir le straitéis eacnamaíoch an Cheantair Chúltíre, leanfaidh Baile Brigín d'fheidhmiú mar phríomhionad forbartha eacnamaíche agus le haghaidh soláthar bonneagair riachtanaigh thacúil. Neartófar agus déanfar éagsúlú ar bhoinn eacnamaíocha Lusca agus an Rois, agus leanfaidh siad d'fhás agus feidhmiú mar ionaid chomaitéireachta agus iad mar Bhailte Fáis Mheasartha atá in aice le nasc iarnróid. Leanfaidh forbairt eacnamaíoch sna Sceirí beartas comhdhlúthaithe, agus a fheidhmíocht eacnamaíoch á neartú chun uasmhéadú a dhéanamh ar a mbuntáistí iomaíocha mar gheall ar shuíomh cósta agus oidhreacht shaibhir ailtireachta. Déanfar forbairt eacnamaíoch na mbailte agus sráidbhailte tuaithe atá fágtha ar scála cuí chun go mbeidh siad féinleorga.


Cuspóir FE82

Tacú le fás eacnamaíoch sa Cheantar Cúltíre trí neartú agus cur chun cinn thábhacht Bhaile Brigín mar ionad mór uirbeach agus deiseanna scála fáis cuí a threorú isteach sna hionaid eile uirbeacha sa Cheantar.


Cuspóir FE83

Cinntiú go leanfar beartais sna lonnaíochtaí agus suíomhanna sa Cheantar Cúltíre maidir le forbairt threoch le cinntiú go mbainfear amach na barainneachtaí scála cuí in ionaid ar leith amhail Baile Brigín, agus go bhfeidhmeoidh lonnaíochtaí eile cisil níos ísle de réir a mbuanna eacnamaíocha agus a mbuntáistí iomaíocha, amhail na Sceirí agus an Ros i gcás gníomhaíochtaí turasóireachta agus muirí.

6.13 Criosú Úsáide Talún agus Riachtanais Foirgníochta Earnála

Cineálacha Criosuithe Forbartha Eacnamaíche

Tá an fhís, na cuspóirí agus maitrísí a bhaineann le gach criosú úsáide talún i gCaibidil 11 Criosuithe Úsáide Talún den Dréacht-Phlean Forbartha. Tá 21 criosú úsáide talún ann, agus éascóidh 9 gcinn acu foirmeacha difriúla cruthaithe fiontraíochta agus fostaíochta. Tá na criosuithe úsáide talún seo luaite i bPlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017, agus meastar iad a bheith bainteach agus infheidhme go leanúnach maidir le tréimhse an Dréacht-Phlean atá le teacht. Cuimsíonn na criosuithe gaolmhara forbartha eacnamaíche seo:

  1. Fostaíocht Ghinearálta FG
  2. Ardteicneolaíocht AT
  3. Tionscal Trom TT
  4. Aerfort Bhaile Átha Cliath ABÁC
  5. Conair Eacnamaíoch an Mheitreo CE
  6. Trádstóráil agus Dáileadh TD
  7. Trádstóras Miondíola TM
  8. Gnó Tuaithe GT
  9. Páirc Bia PB

In éineacht leis na criosuithe úsáide talún forbartha eacnamaíche seo, tá acmhainneacht shuntasach ann do ghiniúint fiontraíochta agus fostaíochta do na hearnálacha seirbhísí gnó agus gairmiúla agus san earnáil mhiondíola, rudaí ar féidir freastal orthu sna criosuithe úsáide talún Ionaid Mhóir IM, Lár Baile LB agus Ionaid Áitiúil IÁ.

Léiríonn Tábla 6.3 thíos na criosuithe forbartha eacnamaíche, an cuspóir criosaithe a bhaineann le gach ceann acu, agus méid iomlán gach aon chriosú le haghaidh thréimhse an Dréacht-Phlean.

Tábla 6.3 Criosú Forbartha Eacnamaíche



Criosú

Cuspóir

Méid Iomlán

Criosaithe (Heicteáir)

ABÁC – Aerfort Bhaile Átha Cliath

Cinntiú go ndéantar an t-aerfort a oibriú agus a fhorbairt go héifeachtúil agus go héifeachtach de réir Plean Limistéir Áitiúil faofa.

1024.5

PB – Páirc Bia

Soláthar a dhéanamh d'fhorbairt Páirc Thionscail Bia agus forbairt na páirce a éascú.

188.62

FG – Fostaíocht Ghinearálta

Deiseanna a chur ar fáil d'fhiontraíocht agus d'fhostaíocht ghinearálta.

1829.7

TT – Tionscal Trom

Soláthar do thionscal trom.

293.5

AT – Ardteicneolaíocht

Soláthar d'fhostaíocht oifige, taighde agus forbartha chomh maith le fostaíocht de chineál ardteicneolaíochta/déantúsaíochta ardteicneolaíochta i dtimpeallacht ardchaighdeáin thógtha thírdhreachtaithe.

690.8

CE – Conair Eacnamaíoch an Mheitreo

Deiseanna a éascú d'fhostaíocht úsáide measctha ard-dlúis a ghineann gníomhaíocht agus forbairt tráchtála, agus tacaíocht a thabhairt do sholáthar candaim chuí d'fhorbairt chónaitheach i gConair Eacnamaíoch an Mheitreo.

390.3

GT – Gnó Tuaithe

Soláthar do ghnó a bhaineann leis an tuath a bhfuil sé cruthaithe aige go bhfuil gá aige le hionad tuaithe agus an gnó sin a éascú.

92.6

TM - Trádstóráil Mhórdhíola

Soláthar d'fhorbairt na trádstórála mórdhíola

31.4

TD – Trádstóráil agus Dáileadh

Soláthar d'áiseanna dáilte, trádstórais, stórála agus lóistíochta a bhfuil gá acu le teacht maith ar mhórlíonra bóithre i dtimpeallacht ardchaighdeáin.

21.9


Cuspóir FE84

Pleananna Limistéir Áitiúil nó Máistirphleananna a ullmhú nuair a bhíonn a leithéid luaite ar thailte ginte forbartha eacnamaíche i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála. Ba chóir Scagthástáil MST a dhéanamh ar PLAnna agus Máistirphleananna ar bith atá le teacht.


Cuspóir FE85

Na Pleananna Limistéir Áitiúil seo a leanas a ullmhú agus/nó a chur i gcrích i rith shaolré an Phlean seo:

  • An Ruán Beag (féach Bileog Léarscáile 2, PLÁ 2.A)
  • Halla an Leasáin Thoir (féach Bileog Léarscáile 8, PLÁ 8.B)
  • Aerfort Bhaile Átha Cliath (féach Bileog Léarscáile 11, PLÁ 11.A)
  • Clochrán (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, PLÁ 11.B)
  • Turnapain (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, PLÁ 11.C)
  • Baile an Dairdisigh (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, PLÁ 11.D)
  • Cherryhound (Féach ar Bhileog Léarscáile 12, PLÁ 12.A)
  • Ollpháirc Bhóthar na hUaimhe (Féach ar Bhileog Léarscáile 13, PLÁ 13.B)

Cuspóir FE86

Na Máistirphleananna seo a leanas a ullmhú agus/nó a chur i gcrích i rith shaolré an Phlean seo:

  • Baile Mhic Dhoinn (Féach ar Bhileog Léarscáile 3, MP 3.A)
  • Cúil an tSratha (Féach ar Bhileog Léarscáile 3, MP 3.B)
  • Baile an Bhearbóraigh (Féach ar Bhileog Léarscáile 3, MP 3.C)
  • Baile an Phúcaigh Beag (Féach ar Bhileog Léarscáile 4, MP 4.C)
  • Baile Stiofáin (Féach ar Bhileog Léarscáile 4, MP 4.D)
  • Baile an Mhiolbhardaigh (Féach ar Bhileog Léarscáile 5, MP 5.B)
  • Tuirbhe (Féach ar Bhileog Léarscáile 7, MP 7.A)
  • An Bhruach Naofa/An tInbhear Thiar (Féach Bileog Léarscáile 8, MP 8.A)
  • An tInbhear Thoir (Féach ar Bhileog Léarscáile 8, MP 8.B)
  • Lána an Uisce (Féach ar Bhileog Léarscáile 8, MP 8.C)
  • Baile na Mara (Féach ar Bhileog Léarscáile 8, MP 8.D)
  • Caisleán na bPréachán (Féach ar Bhileog Léarscáile 8, MP 8.F)
  • Máistirphlean an Aerfoirt (Féach ar Bhileog 11, MP 11.D)
  • Dúbóthar (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, MP 11.B)
  • Cluain Seach (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, MP 11.C)
  • An Choill Thuaidh (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, MP 11.A)
  • Cill Sheáin (Féach ar Bhileog Léarscáile 12, MP 12.A)

Cuspóir FE87

Breithniú a dhéanamh ar leithdháileadh méideanna éagsúla míreanna talún le haghaidh criosuithe úsáide talún forbartha eacnamaíche d'fhonn freastal ar réimse leathan formáidí fostaíochta agus fiontraíochta.

Suíomhanna Criosuithe Forbartha Eacnamaíche

Tá cuspóirí breise sna rannáin seo a leanas in éineacht leis na cinn siúd i gCaibidil 11 Criosuithe Úsáide Talún le haghaidh criosuithe forbartha eacnamaíche, agus aird ar na suíomhanna ar leith ina gcuirtear na criosuithe seo i bhfeidhm.

Fostaíocht Ghinearálta

Is é cuspóir an chriosaithe Fostaíochta Ginearálta ná deiseanna úsáidí fostaíochta ginearálta a éascú in éineacht le foirmeacha comhoiriúnacha tionscail, lóistíochta agus trádstórála. Is é an criosú FG an criosú forbartha eacnamaíche is mó i bhFine Gall, agus breis is 1,829 heicteár de thailte criosaithe FG suite go príomha i mBaile Bhlainséir agus Baile Brigín, agus criosuithe ar fiú aird a thabhairt orthu in áiteanna amhail Baile an Dairdisigh, Clochrán agus Baile Dúill.

I rith shaolré an Phlean Forbartha, tá sé i gceist PLÁnna a ullmhú ar thailte criosaithe FG ag Cherryhound agus Clochrán (agus ar thailte ag an Ruán Beag atá comhchriosaithe mar FG agus AT), agus Máistirphleananna a ullmhú do thailte criosaithe FG atá suite ag Tuirbhe, Dúbóthar, Cill Sheáin, Baile an Phúcaigh Beag, Baile Stiofáin, Baile an Mhiolbhardaigh agus Baile Mhic Dhoinn (Cill Dhéagláin).


Cuspóir FE88

PLÁnna agus Máistirphleananna a ullmhú taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha do thailte criosaithe tábhachtacha Fostaíochta Ginearálta i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála. Cuimseoidh na Máistirphleananna ag Tuirbhe, Baile an Mhiolbhardaigh agus Baile Mhic Dhoinn measúnú mionsonraithe ar riosca tuile.


Cuspóir FE89

Dearadh ardchaighdeáin inbhuanaithe, tréscaoilteacht agus timpeallachtaí atá oiriúnach do choisithe agus/nó rothaithe a spreagadh taobh istigh de limistéir chriosaithe Fostaíochta Ginearálta.

Ardteicneolaíocht AT

Is é cuspóir an chriosaithe Ardteicneolaíochta ná deiseanna a éascú d'fhostaíocht mhór oifige, eolaíochta agus teicneolaíochta, agus taighde/forbartha i suíomhanna ardchaighdeáin de chineál campais ar féidir teacht orthu go héasca. Tá an criosú AT ar na criosuithe forbartha eacnamaíche is tábhachtaí i bhFine Gall agus beagán os cionn 690 heicteár de thailte criosaithe AT suite go príomha i mBaile Bhlainséir agus Sord, agus criosuithe suntasacha in éineacht leis ag Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar feadh theorainn theas an Chontae le Cathair Átha Cliath.

Taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha, tá sé i gceist PLÁ a ullmhú do thailte atá criosaithe mar AT agus FG ag an Ruán Beag (luaite thuas), agus Máistirphlean a ullmhú le haghaidh tailte criosaithe AT ag Cluain Seach.

Ullmhófar Máistirphlean le haghaidh na gceantar seo a leanas:

  • Cluain Seach (Féach ar Bhileog Léarscáile 11, MP 11.B)
  • Máistirphlean an Aerfoirt (Féach ar Bhileog 11, MP 11.A)
  • Caisleán na bPréachán (Féach ar Bhileog 8, MP 8.F)

Cuspóir FE90

Plánna agus Máistirphleananna a ullmhú i rith shaolré an Phlean Forbartha do thailte criosaithe Ardteicneolaíochta atá tábhachtach go straitéiseach i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála.


Cuspóir FE91

Forbairt oifigí corparáideacha agus fiontraíochta atá bunaithe ar fhaisnéis a spreagadh sa Chontae ar thailte criosaithe Ardteicneolaíochta agus obair a dhéanamh le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála chun a leithéid d'fhorbairt a bhaint amach.

Príomh-mháistirphlean Aerfort Bhaile Átha Cliath

In éineacht leis sin, ullmhóidh an Chomhairle Máistirphlean Lárnach Aerfort Bhaile Átha Cliath i gcomhar leis an DAA le haghaidh tailte atá suite go straitéiseach in aice leis an aerfort ar thailte criosaithe AT. Beidh an Máistirphlean mar chreat chun forbairt tráchtála ardchaighdeáin a chruthú ina mbeidh cóiríocht oifigí go príomha, agus úsáidí óstáin agus coimhdeacha in éineacht leis sin, agus iad curtha ar fáil de réir a chéile.

Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath 15

Is tionscnamh de chuid na Comhairle é Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath 15 ina bhfuil tailte i mBaile Bhlainséir, Mullach Eadrad, Baile Dama, Baile Chúlann agus Cherryhound ina bhfuil tuairim is fiche Páirc Ghnó agus ITBB. Cuimsíonn Crios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath meascán tailte criosaithe Ardteicneolaíochta AT agus Fostaíochta Ginearálta FG. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d'infheistíocht leanúnach i, bainistíocht agus cur chun cinn Chrios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath 15.


Cuspóir FE92

Tacú le hinfheistíocht leanúnach i, bainistíocht agus cur chun cinn Chrios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath 15 i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála.

Tionscal Trom TT

Is é cuspóir an chriosaithe Tionscail Throim ná deiseanna a éascú d'úsáidí, gníomhaíochtaí agus próisis thionsclaíocha a d'fhéadfadh dálaí díobhálacha a chruthú sna háiteanna atá i gceist. Sa Dréacht-Phlean Forbartha, tá 293 heicteár talún criosaithe do chuspóirí TT, agus iad suite go príomha in aice le Cairéal Bhaile an Huntaigh in oirthuaisceart Bhaile Bhlainséir.

Aerfort Bhaile Átha Cliath ABÁC

Is criosú uathúil forbartha eacnamaíche é criosú Aerfort Bhaile Átha Cliath ABÁC i bhFine Gall, agus achar mór ina bhfuil tuairim is 1,024 heicteár i gceist. Cuimsíonn criosú ABÁC na foirgnimh agus tailte oibriúcháin go léir a bhaineann leis an aerfort agus na rúidbhealaí. Ullmhóidh an Chomhairle PLÁ d'Aerfort Bhaile Átha Cliath i rith shaolré an Phlean Forbartha a dhéanfaidh cur síos ar fhís don aerfort amach anseo, scrúdú ar a riachtanais oibriúcháin agus na héifeachtaí gaolmhara comhshaoil.


Cuspóir FE93

Plean Limistéir Áitiúil Aerfort Bhaile Átha Cliath a ullmhú i rith shaolré an Phlean Forbartha i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha, ionadaithe earnála agus pobail áitiúla.

Eacnamaíoch Meitreo EM

Is criosú ar leith é criosú Eacnamaíoch Meitreo a cruthaíodh le freastal ar sholáthar nasc iarnróid an Mheitreo ó Chathair Átha Cliath go Sord trí Aerfort Bhaile Átha Cliath. Is é cuspóir an chriosaithe ná deiseanna a éascú le haghaidh úsáidí measctha ard-dlúis fostaíochta, tráchtála agus cónaitheacha ar feadh agus in aice le bealach an Mheitreo tríd an gContae. Tá an criosú EM ar cheann de na criosuithe forbartha eacnamaíocha is mó i bhFine Gall, agus 389 heicteár de thailte criosaithe EM suite go príomha i Seantrabh, Baile Munna agus in áiteanna straitéiseacha i gceantar Shoird, lena n-áirítear an cúlsoláthar talún straitéiseach ag Halla an Leasáin.

I rith shaolré an Phlean Forbartha, tá sé i gceist PLÁ a ullmhú ag Halla an Leasáin agus roinnt Máistirphleananna le haghaidh tailte criosaithe EM atá suite ag an mBruach Naofa/an tInbhear Thiar, an tInbhear Thoir, an Choill Thuaidh, Baile na Mara agus Lána an Uisce. Ullmhófar Plean Limistéir Áitiúil do Halla an Leasáin.

Ullmhófar Plean Ceantair Áitiúil le haghaidh an cheantair seo a leanas:

  • Halla an Leasáin (Féach Bileog Léarscáile 8: PCÁ 8.A)

Ullmhófar Máistirphleananna le haghaidh na gceantar seo a leanas:

  • An Bhruach Naofa/An tInbhear Thiar (Féach Bileog Léarscáile 8: MP 8.A)
  • An tInbhear Thoir (Féach Bileog Léarscáile 8: MP 8.B)
  • Baile na Mara (Féach Bileog Léarscáile 8: MP 8.D)
  • Lána an Uisce (Féach Bileog Léarscáile 8: MP 8.C)
  • An Choill Thuaidh (Féach Bileog Léarscáile 11: MP 11.D)

Cuspóir FE94

Pleananna Limistéir Áitiúil agus Máistirphleananna a ullmhú i rith shaolré an Phlean Forbartha do thailte criosaithe Eacnamaíocha Meitreo atá tábhachtach go straitéiseach i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála.


Cuspóir FE95

Sláine na conaire Eacnamaíche Meitreo a chosaint ar fhoirmeacha míchuí forbartha agus acmhainneacht forbartha a bharrfheabhsú ar bhealach inbhuanaithe de réir a chéile.


Cuspóir FE96

Tograí deartha uirbigh ar ardchaighdeán sa chriosú Eacnamaíoch Meitreo a chinntiú, agus spásanna poiblí, ailtireacht chomhaimseartha agus áiteanna inbhuanaithe eiseamláireacha a chuimsiú i suíomh glas tírdhreacha.

Trádstóráil agus Dáileadh TD

Is é cuspóir an chriosaithe Trádstórála agus Dáileacháin ná deiseanna fiontraíochta a bhaineann le gníomhaíochtaí dáileacháin, trádstórála, stórála agus lóistíochta a éascú.


Cuspóir FE97

Máistirphlean a ullmhú taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha do thailte criosaithe Trádstórála agus Dáilte i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála.


Cuspóir FE98

Gníomhaíochtaí dáileacháin mórscála a spreagadh le lonnú sna ceantair atá criosaithe mar TD.


Cuspóir FE99

Cinntiú go bhfuil go leor talún curtha ar leataobh thart timpeall ar theorainneacha láithreáin, i láithreáin aonair agus páirceanna tionsclaíocha, le freastal ar thírdhreachú a mhaolóidh an tionchar amhairc agus a laghdóidh caillteanas bithéagsúlachta na forbartha agus a fheabhsóidh cáilíocht na timpeallachta.

Trádstóras Miondíola TM

Is é cuspóir an chriosaithe Trádstóras Miondíola ná deiseanna fiontraíochta a bhaineann le díol earraí toirtiúla comparáide i suíomhanna ardchaighdeáin ar féidir teacht orthu go héasca a éascú. Sa Dréacht-Phlean Forbartha, tá breis is 31 heicteár tailte criosaithe do chuspóirí TM, agus iad suite i Sord agus Baile Munna. Tá cur síos níos mionsonraithe ar an mbeartas maidir le suíomh trádstórála miondíola nua i Rannán 6.8 Miondíol thuas.

Gnó Tuaithe GT

Is é cuspóir an chriosaithe le haghaidh Gnó Tuaithe ná deiseanna fiontraíochta a bhaineann le gnóthaí tuaithe agus a bhfuil suíomh tuaithe de dhíth orthu a éascú. Sa Dréacht-Phlean Forbartha, tá breis is 92 heicteár de thailte criosaithe do chuspóirí GT agus iad suite in áiteanna amhail Lusca, an Ros, an Barda Íochtarach agus Crois an Bhlácaigh. Tá cur síos níos mionsonraithe ar an mbeartas maidir le suíomh fiontair ghnó faoin tuath i gCaibidil 5 Fine Gall na Tuaithe.

Páirc Bia PB

Is é cuspóir an chriosaithe Páirc Bia ná deiseanna fiontraíochta a bhaineann le hullmhú, próiseáil, stóráil agus dáileadh táirgí gairneoireachta go príomha a éascú. Sa Dréacht-Phlean Forbartha, tá breis is 188 heicteár tailte criosaithe do chuspóirí PB, agus iad suite taobh thuaidh agus taobh thiar thuaidh d'Aerfort Bhaile Átha Cliath go príomha. I rith shaolré an Phlean Forbartha, tá sé beartaithe Máistirphleananna a ullmhú le haghaidh tailte criosaithe PB ag Cúil an tSratha agus Bhaile an Bhearbóraigh.

Ullmhófar Máistirphleananna le haghaidh na gceantar seo a leanas:

  • Cúil an tSratha (Féach Bileog Léarscáile 3: MP 3.B)
  • Baile an Bhearbóraigh (Féach Bileog Léarscáile 3: MP 3.C)

Cuspóir FE100

Máistirphleananna a ullmhú taobh istigh de shaolré an Phlean Forbartha do thailte criosaithe Páirceanna Bia i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, gníomhaireachtaí bainteacha agus ionadaithe earnála. Cuimseoidh an Máistirphlean le haghaidh tailte ag Cúil an tSratha measúnú mionsonraithe riosca tuile.

Riachtanais Foirgníochta Earnála

Tá riachtanais éagsúla foirgníochta ar na hearnálacha eacnamaíocha a bhfuil cur síos orthu thuas agus is gá don Phlean Forbartha a bheith in ann a bheith ag súil leo agus freagairt orthu.

Cóiríocht Oifige

Tá gá ag earnálacha eacnamaíocha áirithe le cóiríocht oifige, lena n-áirítear an earnáil thraidisiúnta ghnó, in éineacht le seirbhísí gairmiúla, airgeadais, TFC, gnéithe deartha agus taighde de dhéantúsaíocht, TF agus N, agus gnéithe éagsúla den earnáil eitlíochta. Agus é faoi réir mhéid an fhiontair, d'fhéadfadh gá a bheith le cóiríocht oifige i réimse leathan formáidí, méideanna, socruithe agus suíomhanna.

Is é an fhís le haghaidh scéimeanna níos mó de chóiríocht oifige, lena n-áirítear na cinn siúd a bhíonn ag gráigiú chun páirceanna gnó a chruthú ná timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil do ghnó, feabhsú a dhéanamh ar tharraingteacht ionaid oibre i bhFine Gall agus iomaíochas an Chontae a fheabhsú dá réir. Ba chóir go ndéanfadh tograí le haghaidh cóiríocht oifige tagairt do na caighdeáin forbartha a bhfuil cur síos orthu i gCaibidil 12. Féachann na caighdeáin forbartha le dearadh ardchaighdeáin, leanúnachas amhairc agus timpeallachtaí atá oiriúnach do choisithe agus rothaithe a bhaint amach, fad is a chinntítear feidhmiú éifeachtúil a leithéid de shuíomhanna gnó.


Cuspóir FE100

Cinntiú go bhfuil réimse leathan cóiríochta oifige curtha ar fáil, ó thaobh méid, scála formáide agus socruithe de, le freastal go himleor ar riachtanais fiontraíochta in earnálacha difriúla eacnamaíocha.


Cuspóir FE102

Cinntiú go dtugann tograí le haghaidh forbairt oifigí aird ar na caighdeáin bhainteacha forbartha.

Aonaid Gortha, Ceardlanna, Aonaid Tionscnaimh agus Obair sa Bhaile

Tá tábhacht le soláthar bonneagar imleor forbartha eacnamaíche chun dálaí a chruthú atá fabhrach do ghiniúint fiontraíochta agus cruthú fostaíochta. In éineacht le gnáthchóiríocht oifige, d'fhéadfadh foirgnimh speisialaithe amhail aonaid gortha, ceardlanna agus aonaid tionscnaimh gnó bonn cuí a chur ar fáil do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta chun gur féidir leo a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí táirgthe, taighde agus fiontraíochta in earnálacha amhail déantúsaíocht, taighde agus forbairt, an geilleagar glas agus teicneolaíocht ghlan.

Anuas air sin, d'fhéadfadh gníomhaíocht eacnamaíoch ar scála beag sa bhaile a bheith oiriúnach do dhaoine féinfhostaithe nó do ghnó ina bhfuil líon beag fostaithe. Fad is nach mbíonn tionchar díobhálach ag na fiontair seo ar thaitneamhachtaí an cheantair, tacóidh an Chomhairle lena soláthar mar chuid de na formáidí foirgnimh atá ar fáil le freastal ar riachtanais cineálacha difriúla fiontar. Ba chóir go ndéanfadh tograí le haghaidh na bhformáidí foirgníochta seo tagairt do na caighdeáin forbartha a bhfuil cur síos orthu i gCaibidil 12.


Cuspóir FE103

Soláthar aonaid spás oibre atá oiriúnach do FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta go ginearálta a chur chun cinn, le béim ar leith ar a soláthar a chinntiú taobh istigh de scéimeanna níos mó chun deiseanna a thairiscint a bhaineann le gráigiú agus líonrú.


Cuspóir FE104

Tacú le soláthar gníomhaíochta eacnamaíche atá bunaithe sa bhaile agus í mar fhoghníomhaíocht de phríomhúsáid chónaitheach na háite cónaithe agus nach ndéanann dochar do thaitneamhachtaí an cheantair.

Aonaid Thionsclaíocha agus/nó Déantúsaíochta

Tá gá ag earnálacha eacnamaíocha áirithe le haonaid thionsclaíocha agus/nó déantúsaíochta, amhail an earnáil déantúsaíochta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le cúram sláinte agus cógaisíocht. Agus é faoi réir mhéid an fhiontair, d'fhéadfadh gá a bheith le cóiríocht thionsclaíoch agus déantúsaíochta i réimse leathan formáidí, méideanna, socruithe agus suíomhanna. Go deimhin, i rith thréimhse an Phlean Forbartha atá le teacht, is dóchúil go mbeidh an t-éileamh ag baint le gníomhaíochtaí ionaid sonraí, bithchógaisíochta, táirgthe bia agus lóistíochta a bhfuil gá acu le háiseanna ar leith le freastal ar a riachtanais bheachta.

Ar aon dul leis an bhfís do pháirceanna gnó a bhfuil tagairt di thuas, tá sé ar intinn ag an gComhairle timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil do thionscal, feabhsú a dhéanamh ar tharraingteacht ionaid oibre i bhFine Gall agus iomaíochas an Chontae a fheabhsú dá réir. Ba chóir go ndéanfadh tograí le haghaidh cóiríocht thionsclaíoch agus/nó déantúsaíochta tagairt do na caighdeáin forbartha a bhfuil cur síos orthu i gCaibidil 12.


Cuspóir FE105

Cinntiú go bhfuil réimse leathan aonaid thionsclaíocha agus/nó déantúsaíochta curtha ar fáil, ó thaobh méid, scála formáide agus socruithe de, le freastal go himleor ar riachtanais fiontraíochta in earnálacha difriúla eacnamaíocha.


Cuspóir FE106

Freastal go forghníomhach ar riachtanais fiontar a bhfuil gníomhaíocht chógaisíochta, ionad sonraí, táirgthe bia agus lóistíochta ar siúl acu agus a bhfuil gá acu le háiseanna foirgnimh ar leith le freastal ar a riachtanais déantúsaíochta ar leith.


Cuspóir FE107

Cinntiú go dtugann tograí le haghaidh foirgnimh thionsclaíocha agus/nó déantúsaíochta aird ar na caighdeáin bhainteacha forbartha.


Cuspóir FE108

Comhtháthú feabhsaithe ceantar tionsclaíoch le creatlach uirbeach an Chontae a spreagadh, teannas idir úsáidí a réiteach agus slándáil/tréscaoilteacht ceantar tionsclaíoch a fheabhsú do choisithe agus rothaithe agus do ghnóthaí.

Aonaid Dáileacháin agus/nó Lóistíochta

Tá gá le haonaid dáileacháin agus/nó lóistíochta ag earnálacha eacnamaíocha áirithe, amhail an earnáil déantúsaíochta, gnéithe den earnáil eitlíochta agus gnéithe den earnáil mhiondíola. Agus é faoi réir mhéid an fhiontair, d'fhéadfadh gá a bheith le haonaid dáileacháin agus/nó lóistíochta i réimse leathan formáidí, méideanna, socruithe agus suíomhanna.

Ar aon dul leis an bhfís do pháirceanna tionsclaíocha a bhfuil tagairt di thuas, tá sé ar intinn ag an gComhairle timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil, agus iad gaolmhar leis na gníomhaíochtaí dáileacháin agus lóistíochta. Ba chóir go ndéanfadh tograí le haghaidh cóiríocht dáileacháin agus/nó lóistíochta tagairt do na caighdeáin forbartha a bhfuil cur síos orthu i gCaibidil 12.

 


Cuspóir FE109

Forbairtí ar dóchúil go gcruthóidís leibhéil shuntasacha trácht lastais a spreagadh lena lonnú féin gar don líonra bóithre Contae nó náisiúnta atá ann cheana, agus aird ar bheartas TII.

Áiseanna Áitiúla

Tá sé cuí go mbeadh áiseanna tacaíochta ar scála beag suite sna ceantair fostaíochta. Tá siad seo dírithe ar sheirbhísí agus áiseanna inrochtana a chur ar fáil d'fhostaithe sa cheantar láithreach agus bheidís faoi shrian an mhéid riachtanaigh le freastal ar na fostaithe áitiúla. Meastar úsáidí amhail bialanna, caiféanna, áiseanna cúram leanaí agus aonaid mhiondíola áisiúlachta a bheith oiriúnach. Tá sé tábhachtach nach mbeidh scála ná réimse a leithéid d'áiseanna rómhór ionas nach rachaidh siad i bhfeidhm go díobhálach ar inmharthanacht na n-ionad áitiúil atá ann cheana.


Cuspóir FE110

Áiseanna Tacaíochta Áitiúla ag suíomhanna aitheanta a chuireann réimse beag úsáidí ar fáil le freastal ar riachtanais na bhfostaithe a éascú.


Cuspóir FE111

Soláthar Áiseanna Tacaíochta Áitiúla le freastal ar riachtanais na bhfostaithe i gceantair mhóra fostaíochta a spreagadh.

  • [1] Plean Corparáideach 2015-2019, Comhairle Contae Fhine Gall, Márta 2015 Tábla 1 Gnóthais Inrátáilte, lch 5.
  • [2] Economic Development Strategy 2014-2017, Comhairle Contae Fhine Gall, Tábla 2: Na 25 Fhostóir Tráchtála is mó i bhFine Gall, lch 6.
  • [3] Quarterly National Accounts, Quarter 2 2015, Meán Fómhair 2015, an Phríomh-Oifig Staidrimh, lch 2.
  • [4] Monthly Unemployment October 2015, Statistical Release, an Phríomh-Oifig Staidrimh
  • [5] Quarterly Economic Commentary, Fómhar 2015, Meán Fómhair 2015, An Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta, lch 2.
  • [6] Ba chóir dúinn a thabhairt dár n-aire go ríomhtar na rátaí dífhostaíochta seo ar bhonn difriúil leis na cinn a luadh roimhe seo agus léiríonn siad meastachán dífhostaíochta níos airde.
  • [7] Enterprise 2025 – Ireland’s National Enterprise Policy 2015 – 2025, Samhain 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta.
  • [8] Dublin Economic Monitor, Earrach 2015, DKM Economic Consultants, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Fine Gall, Dún Laoghaire Ráth an Dúin agus Comhairlí Contae Bhaile Átha Cliath Theas, lch 13.
  • [9] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, Eanáir 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, lch. 8.
  • [10] Mar atá luaite thuas, lch 9.
  • [11] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2015, lch. 135.
  • [12] Is iad na baill bunaithe atá fágtha ná Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (DAA), Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC), Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath (ITBÁC), Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC), Comhlachas Tráchtála Bhaile Átha Cliath Thuaidh (CTBÁCT) agus Ballymun Regeneration Ltd (BRL).
  • [13] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2015, lch. 132.
  • [14] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2012, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2012, lch. 87.
  • [15] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2013, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2013, lch. 27.
  • [16] Making it in Ireland: Manufacturing 2020, 2014, Forfas, lch vi.
  • [17] Mar atá luaite thuas, lch 21.
  • [18] Census of Industrial Production – Local Units, Regional and County Data 2012, Eisiúint Staidrimh, Iúil 2014, an POS.
  • [19] Amhail The Future Skills Needs of the Manufacturing Sector to 2020, Grúpa Saineolach ar Riachtanais Scileanna Amach Anseo agus Forfás, 2013.
  • [20] Beartas Náisiúnta Eitlíochta d'Éirinn, Lúnasa 2015, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, lch 6.
  • [21] Anailís ar shonraí trádála an POS
  • [22] Mar atá luaite thuas, lch 7.
  • [23] Deirtear sa Bheartas go mbeidh aerfoirt na hÉireann ag plé le tuairim is 33 milliún paisinéir in aghaidh na bliana faoi 2020, líon arb ionann é agus méadú i gcomparáid leis na 25 milliún paisinéir a taifeadadh in 2013. As an bhfigiúr sin, d'fhreastail Aerfort Bhaile Átha Cliath ar 20.2m paisinéir in 2013, agus 21.7m in 2014.
  • [24] Beartas Náisiúnta Eitlíochta d'Éirinn, Lúnasa 2015, An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, lch 42. Cuimsíonn aerfort moil paisinéirí áitiúla le paisinéirí á n-aistriú, rud a chuireann ar chumas na n-aerlínte seirbhísí a oibriú go tuilleadh cinn scríbe agus ar ráta níos minice ná mar a d'fhéadfaí a dhéanamh leis an éileamh áitiúil amháin.
  • [25] Mar atá luaite thuas, lch 47.
  • [26] Dublin Airport Economic Impact Study, Aibreán 2015, InterVISTAS, lgh 25-34.
  • [27] Mar atá luaite thuas, lch 31.
  • [28] InterVISTAS Economic Impact of European Airports, Eanáir 2015
  • [29] Cur le Téarnamh: Infheistíocht Bhonneagair agus Chaipitil 2016 – 2021, Meán Fómhair 2015, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
  • [30] Is ionann 'bliain phoist' agus duine amháin a bheith fostaithe ar feadh tréimhse bliana amháin
  • [31] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, Eanáir 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, lch. 121.
  • [32] Guidelines for Planning Authorities: Retail Planning, Aibreán 2012, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, leathanaigh 3-4.
  • [33] Cuimsíonn earraí áise bia, deochanna, tobac agus earraí neamh-mharthanacha teaghlaigh.
  • [34] Cuimsíonn earraí comparáide, mar shampla, éadaí, coisbhearta, troscán, rothaí, trealamh tí, táirgí leighis agus cógaisíochta, trealamh oideachais agus caithimh aimsire, agus earraí téagartha a chuimsíonn earraí a dhíoltar i dtrádstórais mhiondíola, fearais tí, cairpéid, troscáin, uirlisí agus trealamh don teach agus don ghairdín.
  • [35] Sainmhínítear Gá Comhlán Inligthe Spás Urláir mar rud a chuimsíonn gach limistéar atá ar fáil le bheith ligthe ar cíos seachas comhlimistéir mheal/limistéir dáileacháin.
  • [36] Rinneadh botún i dTábla 5.10 den Straitéis Mhiondíola (lch 63) nuair a cuireadh coigeartú suas 20% i bhfeidhm ar na figiúirí spás urláir Comparáide seachas coigeartú 25%, mar a bhí luaite sa téacs. Tá na figiúirí ar an tábla seo ríofa i gceart le haghaidh coigeartú 25%.
  • [37] Guidelines for Planning Authorities: Retail Planning, Aibreán 2012, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, leathanach 28.
  • [38] Sainmhínítear Trádstóras Miondíola mar shiopa mór leibhéil amháin ina ndéantar earraí toirtiúla teaghlaigh a dhíol go háirithe, agus sainmhínítear Páirc Mhiondíola mar fhorbairt ina bhfuil trí nó níos trádstóras miondíola sna Guidelines for Planning Authorities: Retail Planning, Aibreán 2012, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, leathanach 54.
  • [39] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, Eanáir 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, lch. 119.
  • [40] Fingal Tourism Strategy 2015-2018, Bealtaine 2015, Comhairle Contae Fhine Gall, lch 4.
  • [41] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2015, lch. 115.
  • [42] Food Wise 2025: A 10-year Vision for the Irish agri-food industry, Iúil 2015, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, lch 1.
  • [43] Mar atá luaite thuas.
  • [44] National Field Vegetable Census 2009, 2009, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Bord Bia.
  • [45] National Soft Fruit and Protected Vegetable Census 2013, 2013, An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus Bord Bia, lch 6.
  • [46] Mar atá luaite thuas, lch 27.
  • [47] Plean Gníomhaíochta do Phoist, 2015, An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, Eanáir 2015, lch. 118-119.
  • [48] Strategy for Small and Fishing Dependent Communities in counties Louth, Meath and Dublin, Bord Iascaigh Mhara, Samhain 2013, lgh 30-31.

Clár ábhair

Baile