Caibidil 9: Oidhreacht Nádúrtha

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

9.1 Cúlra

Cuimsíonn ár n-oidhreacht nádúrtha an ilghnéitheacht bheatha a fheicimid thart timpeall orainn féin gach lá, rudaí a ndéantar tagairt dóibh mar bhithéagsúlacht go minic, a bunsraith fhisiceach nó gheolaíoch, agus na tírdhreacha atá mórthimpeall orainn. Ar na rudaí atá i gceist le bithéagsúlacht, tá crainn agus fiailí, mamaigh agus éin, an cósta agus an tuath. Is cuid thábhachtach de na tírdhreacha ina bhfuil cónaí orainn í chomh maith, agus cruthaíonn sí an t-ómós áite a bhaineann le gach ceantar áitiúil. Tá sé ríthábhachtach do shláinte, folláine agus cáilíocht bheatha ár bpobal sa lá atá inniu ann ár mbithéagsúlacht agus tírdhreacha a chosaint agus a fheabhsú, agus beidh sé ríthábhachtach amach anseo i ndul in oiriúint d'athrú aeráide.

Tá oidhreacht nádúrtha an Chontae mar phríomhchuid de Bhonneagar Glas Fhine Gall chomh maith (Féach Caibidil 8). Is é cur chuige na Comhairle i leith an Bhonneagair Ghlais ná féachaint leis an oidhreacht bhithéagsúlachta agus gheolaíochta a chaomhnú agus a fheabhsú agus bainistiú inbhuanaithe an tírdhreacha agus an chósta a chur chun cinn.

Ráiteas Beartais

  • Bithéagsúlacht an Chontae a chaomhnú agus a fheabhsú
  • Oidhreacht gheolaíoch an Chontae a chaomhnú agus a fheabhsú
  • Cur chuige aontaithe a chur chun cinn i leith pleanáil agus bainistíocht tírdhreacha, tuiscint a chur ar fáil ar thírdhreach Fhine Gall ó thaobh a shainghné bhunúsach uathúil agus cinntiú go mbíonn tírdhreach Fhine Gall á chosaint, á bhainistiú agus á phleanáil go cuí.
  • An t-imeallbhord agus a acmhainní nádúrtha a chosaint, a fheabhsú agus a bhainistiú go hinbhuanaithe

Cuspóir ON01

Na gníomhartha oidhreachta nádúrtha atá i bPlean Oidhreachta Fhine Gall a chur i gcrích agus athbhreithniú a dhéanamh ar an bPlean sula rachaidh sé in éag.

9.2 Bithéagsúlacht

Cúlra

Tá Éire tar éis Coinbhinsiún domhanda ar Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CEB) a shíniú agus tá an Rialtas tiomanta tríd an bpróiseas seo bithéagsúlacht a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe. Tá sé mar aidhm ag an gCoinbhinsiún, i measc nithe eile, laghdú suntasach a dhéanamh ar an ráta reatha caillteanas bithéagsúlachta. Caithfidh gach páirtí den Choinbhinsiún straitéisí agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta bithéagsúlachta a fhorbairt agus iad seo a chomhtháthú le pleananna náisiúnta níos leithne. Ag leibhéal an AE, cosnaítear na gnáthóga agus speicis is tábhachtaí trí Natura 2000, rud atá ina líonra limistéar cosanta a bunaíodh faoi na Treoracha maidir le Gnáthóga agus Éin. Anuas air sin, glaoitear ar na ballstáit bearta tuaithe níos leithne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ina mbeartais pleanála úsáide talún agus forbartha a thacaíonn le comhleanúnachas líonra Natura 2000 de bhun Airteagal 10 den Treoir maidir le Gnáthóga agus Airteagal 3 den Treoir maidir le hÉin. Go náisiúnta, tá beartas bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB), rud a aithníonn díghrádú agus caillteanas gnáthóg mar phríomhthoisc atá ag laghdú bithéagsúlachta in Éirinn sa lá atá inniu ann. Is fadhb mhéadaitheach é scaipeadh na speiceas ionrach chomh maith (féach ar www.invasivespeciesireland.com chun tuilleadh eolais a fháil) agus tá baic i bhfeidhm maidir le tabhairt isteach nó scaipeadh speiceas ionrach áirithe mar atá leagtha amach sa Tríú Sceideal de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga) 2011 (I.R. 477/2011). Tá cuid mhaith de na forálacha beartais sa PNB á gcur i bhfeidhm tríd an gcreat reachtúil atá curtha ar fáil ag na hAchtanna Fiadhúlra, 1976-2000, agus trí chur i bhfeidhm na Treorach maidir le Gnáthóga, na Treorach maidir le hÉin agus na Creat-Treorach Uisce. I measc nithe eile, glaonn an PNB ar údaráis áitiúla pleananna áitiúla bithéagsúlachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun cur ar fáil a dhéanamh do chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe bithéagsúlachta go háitiúil.

Skylarks benefit from wildflower meadow habitats


Cuspóir ON02

Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall 2015 a chur i bhfeidhm in éineacht le leasuithe ar bith air sin i gcomhar leis na páirtithe leasmhara bainteacha go léir.


Cuspóir ON03

Suirbhéanna riachtanacha éiceolaíocha a dhéanamh agus léarscáiliú gnáthóg a chríochnú don Chontae i rith shaolré an Phlean, agus tosaíocht á déanamh de cheantair chósta leochaileacha.


Cuspóir ON04

Feasacht a mhúscailt faoi bhithéagsúlacht i measc an phobail.

Tá sé tábhachtach go gcuimseoidh gach togra forbartha bearta chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú. Bainfear seo amach trí phróiseas Bhainistíocht na Forbartha agus tabharfar aird ar Chaibidil 12 Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha – Rannán 12.12 Oidhreacht Nádúrtha.


Cuspóir ON05

Tacú go gníomhach le haidhmeanna agus cuspóirí an Phlean Uile-Oileáin Pailneoirí, 2015-2020, trí bheachaireacht agus bearta eile a spreagadh chun daonra na mbeach agus feithidí eile pailneora i bhFine Gall a chosaint agus a mhéadú.


Cuspóir ON06

Cinntiú nach ndéanann bainistíocht na Comhairle ar spásanna oscailte agus páirceanna poiblí díobháil do phailneoirí, go gcuireann sí níos mó deiseanna ar fáil do bhithéagsúlacht, agus nach dtugann sí isteach nó nach scaipfidh sí speicis ionracha.


Cuspóir ON07

Tacú leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus na Gaeltachta i gcothabháil, agus nuair is cuí, baint amach stádas fabhrach caomhantais do na gnáthóga agus speicis i bhFine Gall a mbaineann an Treoir maidir le Gnáthóga leo.


Cuspóir ON08

Cinntiú go dtabharfaidh an Chomhairle aird iomlán ar riachtanais na dTreoracha maidir le Gnáthóga agus Éin, ós rud é go mbíonn an dá cheann acu i bhfeidhm taobh istigh agus taobh amuigh de Láithreáin Eorpacha i gcur i gcrích a bhfeidhmeanna.


Cuspóir ON09

Cinntiú go dtugann an Chomhairle aird iomlán, agus a bhfeidhmeanna á cur i gcrích acu, ar na cuspóirí agus cleachtais bhainistíochta atá beartaithe i bpleananna bainistíochta nó gaolmhara ar bith do Láithreáin Eorpacha i, agus in aice le Fine Gall, atá foilsithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.


Cuspóir ON10

Tuarascálacha staidéir allamuigh a dhéanamh agus léarscáiliú a dhéanamh ar speicis ionracha ar fud an chontae agus tús a chur le cláir rialaithe leis na páirtithe leasmhara agus úinéirí talún bainteacha go léir d'fhonn na príomhspeicis ionracha a rialú.


Cuspóir ON11

Cinntiú nach scaipfear nó nach dtabharfar isteach speicis ionracha mar gheall ar thograí forbartha. Má tá forbairtí beartaithe ar láithreáin ar a bhfuil nó a raibh speicis ionracha, beidh ar na hiarratasóirí clár rialúcháin agus bainistíochta a sheoladh isteach le haghaidh an speicis ionraigh ar leith mar chuid den phróiseas pleanála agus le cloí le forálacha Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Éin agus Gnáthóga) 2011 (I.R. 477/2011).


Cuspóir ON12

Iascaigh intíre i bhFine Gall agus in aice leis a chosaint, agus aird iomlán a thabhairt ar Threoirlínte Iascaigh Intíre na hÉireann ina leith seo nuair a bhíonn forbairtí nó oibreacha á dtosú, á bhfaomhadh nó a n-údarú a d'fhéadfeadh dul i bhfeidhm ar aibhneacha, srutháin agus sruthchúrsaí agus na gnáthóga agus speicis a bhaineann leo.

Caomhnú Bithéagsúlachta i bhFine Gall

Tá cuid mhór fiadhúlra i bhFine Gall lena n-áirítear réimse gnáthóg agus speiceas atá faoi bhagairt agus atá faoi chosaint an dlí. Is féidir na láithreáin fiadhúlra is tábhachtaí a aimsiú ar feadh an chósta. Tá réimse gnáthóg agus speiceas tábhachtach in inbhir Bhaile Dúill, Mhullach Íde agus Bhaile Roiséir agus ar na hoileáin amach ó chósta Fhine Gall, agus tá siad mar áit chónaithe ag na mílte éan pórúcháin agus imirceach. Tá LCaS mara Chloch Dábhiolla go hOileán Dheilginse suite amach ó chósta Fhine Gall agus sainíodh é le haghaidh na sceireacha faoi uisce agus mar ghnáthóg do Mhuca Mara. In éineacht leis na láithreáin chósta, tá dhá láithreán bogaigh i bhFine Gall (Riasc Abhainn na Comhla agus Portach na Rinne) beartaithe le haghaidh sainiú mar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LON) faoi reachtaíocht náisiúnta fiadhúlra.

Ní hamháin i láithreáin faoi chosaint a bhíonn fána agus flóra atá faoi chosaint. Faightear éin, ialtóga, madraí uisce agus broic chosanta go minic, mar shampla, faoin tuath i gcoitinne, in éineacht le réimse leathan plandaí agus ainmnithe coitianta atá mar chuid de chreatlach idirghaolmhar nádúrtha an tírdhreacha. Tá cuid mhaith gnáthóg agus speiceas sna haibhneacha agus srutháin, éisc san áireamh. Feidhmíonn siad mar "chonairí" éiceolaíocha a chuireann ar chumas na speiceas éagsúil bogadh ó áit go háit. Tá cuid mhaith tairbhí ag baint le bogaigh a bhaineann le haibhneacha agus srutháin chomh maith, amhail tailte féaraigh fliucha agus riasca. Cuireann na "clocha cora" éiceolaíocha seo ar chumas na speiceas bogaigh bogadh tríd an tírdhreach.

Le caoga bliain anuas, tá an t-athrú ar úsáid talún maidir le talmhaíocht, bóithre, tithíocht agus caitheamh aimsire mar chúis le caillteanas gnáthóg, díghrádú gnáthóg agus bloghadh. Tá sé ríthábhachtach mar sin de réir mar a bhíonn talamh á forbairt, go gcosnóimid na láithreáin shainithe agus an talamh mórthimpeall orthu agus go gcumasóimid cothabháil agus feabhsú bithéagsúlachta sa tírdhreach i gcoitinne. Mura mbíonn bithéagsúlacht sa tírdhreach forleathan á cothabháil, beidh marthanacht fhadtéarmach na ngnáthóg agus na speiceas sna limistéir ar leith faoi chosaint i mbaol.

Chuige seo, tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall a fhorbairt, rud a leagann amach cuspóirí na Comhairle i leith caomhnú bithéagsúlachta san fhiche bliain amach romhainn. Gné mhór de Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall ná forbairt Líonra Éiceolaíoch Fhine Gall.

Leagann Líonra Éiceolaíoch Fhine Gall amach creat spásúil le haghaidh caomhnú agus bainistíocht bithéagsúlachta i bhFine Gall. Tá na gnéithe seo a leanas ag baint leis an líonra éiceolaíoch (Féach ar Léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais):

  • Príomhláithreáin Caomhnaithe Bithéagsúlachta
  • Criosanna Maolánacha Éiceolaíocha
  • Limistéir Forbartha Dúlra
  • Conairí agus Clocha Cora Éiceolaíocha le Crainn agus Fálta Sceach San Áireamh

Tá an cur chuige bunaithe go príomha ar na limistéir caomhnaithe bithéagsúlachta is tábhachtaí sa Chontae a chosaint go dian de réir an dlí, lena n-áirítear aithint agus cosaint criosanna éiceolaíocha maolánacha thart timpeall ar na ceantair seo, rud a chuireann deiseanna ar fáil don dúlra trí fhorbairt tionscnaimh caomhnaithe i limistéir forbartha dúlra agus trí chonairí agus clocha cora tábhachtacha gluaiseachta d'fhiadhúlra sa tírdhreach a chosaint. Ar fud na hEorpa agus níos faide anonn, tá líonraí comhchosúla éiceolaíocha á mbunú chun caomhnú agus bainistiú bithéagsúlachta a chomhtháthú le pleanáil spásúil agus pleananna/cláir earnála eile. Is dócha go mbeidh tairbhe ag baint leis an gcur chuige seo chomh maith ó thaobh méadú a dhéanamh ar chumas an fhiadhúlra dul in oiriúint do thionchair an athraithe aeráide. Spás a chur ar fáil do bhithéagsúlacht, agus méadú a dhéanamh ar thréscaoilteacht agus nascacht thírdhreacha an lae inniu d'fhiadhúlra, méadú a dhéanamh ar na deiseanna do bhithéagsúlacht dul in oiriúint d'athrú aeráide, fad is a chuirtear cuid mhaith tairbhí láithreacha ar fáil don tsochaí agus don gheilleagar.

Príomhcheantair Caomhnaithe Bithéagsúlachta

Is ionann na láithreáin caomhnaithe dúlra is tábhachtaí agus na príomhcheantair caomhnaithe bithéagsúlachta. Ina measc seo, tá láithreáin atá sainithe go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta ina bhfuil gnáthóga atá liostaithe in Aguisín I den Treoir maidir le Gnáthóga agus láithreáin ina bhfuil speicis neamhchoitianta agus a ngnáthóga.

Limistéir faoi Chosaint a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta leo: Natura 2000

Tá (nó beidh) réimse limistéar faoi chosaint ainmnithe faoi reachtaíocht náisiúnta agus Eorpach agus faoi Choinbhinsiún Ramsar ar bhogaigh. Tá Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCaSanna) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LCoSanna) á sainiú nó sainithe chun gnáthóga agus speicis a bhfuil tábhacht Eorpach ag baint leo a chaomhnú de bhun Threoracha an AE maidir le Gnáthóga agus Éin. Tá na láithreáin seo mar chuid de líonra uile-Eorpach darb ainm Natura 2000 (Féach ar Thábla BD01). D'fhéadfadh teorainneacha na limistéar faoi chosaint athrú i rith shaolré an phlean agus d'fhéadfaí limistéir bhreise a ainmniú. Cuireann suíomh gréasáin na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra eolas nuashonraithe ar fáil faoi na láithreáin seo (www.npws.ie).

Measúnacht Chuí

Tá sé mar cheangal in Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga gur gá don údarás pleanála measúnú a dhéanamh ar thionchair pleananna nó tionscadal ar bith a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm ar láithreáin Natura 2000. Tugtar Measúnacht Chuí ar an bpróiseas seo. Is ionann Measúnacht Chuí agus measúnú atá bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil faoi thionchair fhéideartha plean nó tionscadail, pé áit a bhfuil sé suite, ar chuspóirí caomhnaithe láithreáin ar bith de chuid Natura 2000 agus forbairt, pé áit ar gá, bearta maolaithe nó seachanta chun éifeachtaí diúltacha a mhaolú. Caithfidh na tionchair a ndéantar measúnú orthu tionchair indíreacha agus charnacha fhaomhadh an phlean nó an tionscadail a chur san áireamh. Nuair atá an fhreagracht as measúnacht chuí a dhéanamh ar an údarás pleanála, caithfidh iarratasóirí cead pleanála eolas imleor a chur ar fáil in éineacht leis an iarratas pleanála le cur ar chumas an údaráis an próiseas scagthástála a chríochnú agus measúnacht iomlán chuí a dhéanamh murar féidir leis an scagthástáil éifeachtaí suntasacha ar láithreáin de chuid Natura 2000 a chur as an áireamh. I gcás na dtionscadal a bhfuil measúnacht iomlán chuí de dhíth ina leith, tá sé mar fhreagracht ar mholtóirí an tionscadail Ráiteas Tionchair de chuid Natura (RTN) a ullmhú le cur faoi bhráid an údaráis pleanála mar chuid den iarratas pleanála. Ar mhaithe le cinntiú go mbíonn Measúnachtaí Chuí bunaithe ar an eolas eolaíoch is fearr atá ann, caithfidh saineolas agus taithí imleor a bheith ag na daoine siúd atá ag bailiú eolais le haghaidh Scagthástáil Measúnachta Cuí agus acu siúd atá ag ullmhú Ráitis Tionchair de chuid Natura maidir leis na ceisteanna éiceolaíocha nó eile (m.sh. hidreolaíocha) atá i gceist agus aird chuí a thabhairt ar an modheolaíocht eolaíoch agus nósanna imeachta measúnaithe is déanaí agus is oiriúnaí. Ba chóir do na daoine siúd a bhíonn ag bailiú eolais le haghaidh Scagthástáil Measúnachta Cuí agus na daoine siúd a bhíonn ag ullmhú Ráitis Tionchair Natura, ba chóir dóibh féachaint ar an Treoir a bhí eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Appropriate Assessment of Plans and Projects in Ireland – Guidance for Planning Authorities, 2009) agus doiciméid treorach bhainteacha den GCC agus an AE. I gcás go bhfuil gá le Measúnacht Chuí iomlán le haghaidh tionscadail, caithfidh breithniú foirmiúil ar an ngá atá le RTT a bheith déanta ag an Údarás Pleanála chomh maith. I gcás pleananna (pleananna ceantair áitiúil agus athruithe ar an bplean forbartha san áireamh) a bhfuil Measúnacht iomlán Chuí de dhíth ina leith, caithfidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta (MSC) a bheith déanta chomh maith.

Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle leis na Comhlachtaí Forordaithe, agus le gníomhaireachtaí Rialtais eile pé áit ar cuí, nuair a bhíonn pleananna nó tionscadail á measúnú a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar láithreáin Natura 2000 (nó na láithreáin sin atá beartaithe le bheith sainithe mar láithreáin de chuid Natura 2000). I gcomhréir le hAirteagal 6(3) den Treoir maidir le Gnáthóga, is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead ach i gcásanna ina bhfuil sé léirithe go soiléir nach rachaidh forbairt bheartaithe, ina haonar nó in éineacht le pleananna agus tionscadail eile, i bhfeidhm go díobhálach ar shláine éiceolaíoch láithreáin nó láithreán de chuid Natura. Tar éis do thoradh a bheith faighte a thugann le fios go rachaidh forbairt bheartaithe i bhfeidhm go díobhálach ar shláine láithreáin de chuid Natura 2000, ní thabharfar cead pleanála ach i gcásanna eisceachtúla, mura bhfuil roghanna eile ann, ar chúiseanna riachtanais a bhfuil leas sáraitheach an phobail ag baint leo, faoi réir na riachtanas dian in Airteagal 6(4) den Treoir maidir le Gnáthóga.


Cuspóir ON13

Láithreáin atá sainithe nó atá beartaithe a bheith sainithe mar láithreáin de chuid Natura 2000 a chosaint go dian (.i. Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta (LCaS) agus Limistéir faoi Chosaint Speisialta (LcoS); rudaí a dtugtar láithreáin Eorpacha orthu chomh maith) lena n-áirítear ceantair ar bith a d'fhéadfadh a bheith beartaithe le haghaidh sainiú nó a bheidh sainithe i rith thréimhse an Phlean seo.

Tábla BD01: Limistéir faoi Chosaint a bhfuil Tábhacht Idirnáisiúnta agus Náisiúnta ag Baint Leo [1]









Suíomh

LCaS

LCoS

LONb

LON

CCTULS

Ramsar

ADR

TF

Bá Bhaile Dúill

P

P

P

 

P

P

P

 

Oileán an Bhulla Thuaidh

 

P

   

P

P

P

 

Portach na Roinne

   

P

 

P

     

Cnoc Fhaoldroma

   

P

 

P

     

Binn Éadair

P

P

P

 

P

     

Inis Mac Neasáin

P

P

P

 

P

     

Reachrainn

P

P

P

 

P

     

Loch an Chnoic

   

P

 

P

     

Gleann na Life

   

P

 

P

     

Cósta Loch Sionnaigh

   

P

 

P

     

Mullach Íde/Sord

               

Inbhear Abhainn Ghabhra

P

P

P

 

P

P

   

Bá Bhaile Átha Cliath Thuaidh

P

 

P

 

P

     

Cladach Phort Reachrann

   

P

 

P

     

Oileán Chloch Dábhiolla

 

P

P

 

P

   

P

Cloch Dábhiolla go Deilginis

P

             

Inbhear Bhaile Roiséir

 

P

P

P

 

P

P

P

 

An Chanáil Ríoga

   

P

 

P

     

Dimeáin Sheantraibh

   

P

 

P

     

Oileáin na Sceirí

 

P

 

P

P

     

Riasc Abhainn na Comhla

   

P

 

P

     

LCaS            = Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta

LCoS            = Limistéar faoi Chosaint Speisialta

LONb           = Limistéar Oidhreachta Nádúrtha beartaithe

LON             = Limistéar Oidhreachta Nádúrtha

CCTULS       = Suíomh Chlár na Creat-Treorach Uisce de Limistéir faoi Chosaint

Ramsar        = Láithreán sainithe de bhun Choinbhinsiún Ramsar um Bogaigh

ADR            = Anaclann Dúlra Reachtúil

TF              = Tearmann Fána

Limistéir faoi Chosaint a bhfuil Tábhacht Náisiúnta Leo:

Faoin Acht Dúlra (Leasú), 2000, tá Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna) á sainiú chun speicis agus gnáthóga a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo a chaomhnú. Cuimsíonn sé seo Gleann na Life, an Chanáil Ríoga agus láithreáin bhogaigh amhail Riasc Abhainn na Comhla agus Portach na Rinne. Tá roinnt Anaclanna Dúlra Reachtúla agus Tearmainn Fána i bhFine Gall chomh maith. Is ionann na limistéir seo a bunaíodh faoi na hAchtanna Fiadhúlra 1976 agus 2000, agus limistéir ina bhfuil caomhnú dúlra mar phríomhchuspóir agus é chun tosaigh ar gach gníomhaíocht eile. Is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead ach i gcás go bhfuil sé léirithe go soiléir nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ag an togra ar na gnáthóga agus speicis atá ina díol spéise sa limistéar sainithe ná ar a shláine éiceolaíoch.

Limistéir Gnáthóg atá Liostaithe in Aguisín I den Treoir maidir le Gnáthóga agus iad Suite Taobh Amuigh de Limistéir Shainithe

ATá roinnt limistéar ina bhfuil gnáthóga atá liostaithe in Aguisín I den Treoir maidir le Gnáthóga tar éis a bheith aitheanta sa Chontae, ach iad taobh amuigh de Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta LCaS) (féach ar Léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais). Ina measc seo, tá dumhcha gainimh, scaineagán, múrtha agus cladaí gairbhéil, tailte féaraigh ina bhfuil cuid mhaith magairlíní, fuaráin chlochraithe agus aillte farraige ar a bhfuil fásra. Tá an chuid is mó de na gnáthóga seo ar feadh an chósta. Tá cuid de na gnáthóga seo tábhachtach mar chosaint cósta chomh maith. Is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead pleanála ach i gcás go bhfuil sé léirithe go soiléir nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ar bith ag an togra ar na gnáthóga agus speicis atá ina díol spéise sna limistéir seo ná ar a shláine éiceolaíoch.

Speicis Neamhchoitianta/Faoi Chosaint agus a nGnáthóga

Féach ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais agus ar Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall chomh maith

Tá speicis planda, ainmhí agus éin áirithe neamhchoitianta agus faoi bhagairt. Ina measc seo, tá plandaí atá neamhchoitianta go náisiúnta agus atá i bhFine Gall, plandaí atá liostaithe i Liostaí Sonraí Dearga Plandaí na hÉireann, an tOrdú Flora (Cosaint), 1999 (nó Orduithe eile dá leithéid) agus a ghnáthóga, éin atá liostaithe in Aguisín I den Treoir maidir le hÉin, agus ainmhithe/éin atá liostaithe san Acht um Fhiadhúlra, 1976 agus ionstraimí reachtúla ina dhiaidh sin. Tá cuid mhaith de na speicis seo faoi chosaint an dlí. Chomh maith leis sin, baineann cosaint dhian faoin Treoir maidir le Gnáthóga leis na speicis atá liostaithe in Aguisín IV den Treoir sin, lena n-áirítear gach speiceas ialtóige, an dobharchú agus gach céiticeach. Nuair a bhíonn speicis de chuid Aguisín IV i láthair, caithfear gach beart a dhéanamh chun dochar do, nó cur isteach orthu, a sheachaint i bhfoirmliú na dtograí forbartha. Cé nach féidir an baol go dtarlóidh dochar nó cur isteach a sheachaint, is ceadmhach iarratas ar cheadúnas maolaithe a sheoladh chuig an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Rialachán 54 nó 55 de na Comhphobail Eorpacha (Rialacháin maidir le hÉin agus Gnáthóga, 2011 (I.R. 477/2011). Ba chóir an ceadúnas maolaithe a fháil sula lorgaítear cead pleanála le haghaidh forbairt bheartaithe.

Féachfaidh an próiseas pleanála le speicis neamhchoitianta agus faoi bhagairt a chosaint, speicis faoi chosaint an dlí agus a ngnáthóga san áireamh. Caithfidh iarratasóirí a léiriú nach mbeidh tionchar díobhálach ag a dtograí ar a leithéid de speicis agus a ngnáthóga. Is féidir seo a dhéanamh go minic trí thionchair dhíobhálacha a sheachaint, mar shampla, tríd an bhforbairt bheartaithe a athdhearadh chun tionchair ar speicis chosanta agus a ngnáthóga a fhágáil as an áireamh, nó trí chinntiú go dtarlóidh an fhorbairt taobh amuigh den séasúr pórúcháin. I gcásanna eile, d'fhéadfadh sé a bheith iomchuí faraí malartacha a chur ar fáil (d'ialtóga, mar shampla), nó gnáthóg oiriúnach a chur ar fáil in áit eile. I gcásanna áirithe, seans go mbeidh gá leis an bhforbairt bheartaithe a athlonnú.

Rachfar i gcomhairle leis na Comhlachtaí Forordaithe, agus na gníomhaireachtaí rialtais cuí, nuair a bhítear ag breithniú dul i mbun forbartha, forbairt a fhaomhadh nó a údarú ar dócha go mbeadh tionchar aici ar na speicis atá luaite in Aguisín IV den Treoir maidir le Gnáthóga, Aguisín I den Treoir maidir le hÉin nó an tOrdú um Flora (Cosaint). I gcás na speiceas atá luaite in Aguisín IV den Treoir maidir le Gnáthóga, caithfidh cóip den cheadúnas maolaithe a bhíonn eisithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a bheith in éineacht le hiarratais ar chead pleanála. Cuirfidh an tÚdarás Pleanála tuairimí na gComhlachtaí Forordaithe agus riachtanais ceadúnaithe ar bith maidir le speicis chosanta san áireamh. Beidh gá le measúnú tionchair éiceolaíoch le haghaidh forbairt bheartaithe ar bith ar dóchúil go mbeadh tionchar suntasach aici ar speicis neamhchoitianta agus faoi bhagairt, lena n-áirítear speicis atá cosanta faoin dlí agus a ngnáthóga. Is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead pleanála ach sna cásanna go léirítear go soiléir nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ar bith ag an togra, nach féidir a sheachaint ná a mhaolú go sásúil, ar speicis agus gnáthóga gaolmhara ar díol spéise iad.


Cuspóir ON14

Sláine éiceolaíoch na Limistéar Oidhreachta Nádúrtha beartaithe (LONb), na Limistéar Oidhreachta Nádúrtha (LON), na nAnaclann Dúlra Reachtúil, Tearmainn d'Fhána, agus láithreáin Aguisín I faoin Treoir maidir le Gnáthóga a chosaint.


Cuspóir ON15

Cinntiú nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ag forbairt ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha bheartaithe (LONbanna), Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna), Anaclanna Dúlra Reachtúla, Tearmainn d'Fhána, láithreáin Aguisín I faoin Treoir maidir le Gnáthóga agus speicis Aguisín II sa Treoir chéanna, agus ar speicis neamhchoitianta agus faoi bhagairt, lena n-áirítear na cinn siúd atá faoi chosaint an dlí agus a ngnáthóga.

Criosanna Maolánacha Éiceolaíocha

Tá tailte aitheanta ag an gComhairle thart timpeall ar inbhir Mhullach Íde/Abhainn Ghabhra, Bhaile Roiséir agus Bhaile Dúill agus thart timpeall ar Riasc Abhainn na Comhla agus Portach na Rinne mar chriosanna maolánacha éiceolaíocha. Cosnaíonn na criosanna maolánacha seo sláine éiceolaíoch na láithreán atá sainithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, trí ghnáthóg a chur ar fáil do phríomhspeicis amhail éin, trí chur ar fáil a dhéanamh d'úsáidí comhoiriúnacha talún thart timpeall ar na láithreáin shainithe, agus i gcás na limistéar bogach fionnuisce, trí sholáthar leanúnach screamhuisce agus uisce dromchla glan a chinntiú. Thart timpeall ar na hinbhir, is féidir leis na criosanna maolánacha cur ar fáil a dhéanamh d'úsáidí caithimh aimsire agus tá siad tábhachtach chomh maith do chosaint cósta in aghaidh tuile agus le haghaidh dul in oiriúint d'athrú aeráide. Is ceantair iad criosanna maolánacha inar féidir úsáidí talmhaíochta a chomhcheangal le caomhnú dúlra agus úsáid ísealdéine caithimh aimsire, amhail siúl agus rothaíocht. Is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead ach i gcás go bhfuil sé léirithe go soiléir nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ag an togra ar na gnáthóga agus speicis atá ina díol spéise sa chrios maolánach ná ar a fheidhmeanna éiceolaíocha. Beidh gá le Measúnacht Chuí a dhéanamh ar thograí forbartha sna ceantair seo toisc go bhfuil siad chomh gar sin do láithreáin Natura 2000.


Cuspóir ON16

Feidhmeanna na gcriosanna maolánacha éiceolaíocha a chosaint agus a chinntiú nach mbeidh tionchar suntasach díobhálach ar bith ag tograí forbartha ar ghnáthóga agus speicis ar díol suime iad sna criosanna sin.


Cuspóir ON17

Máistirphleananna Éiceolaíocha a fhorbairt d'Inbhir Bhaile Roiséir, Mhullach Íde agus Bhaile Dúill agus iad dírithe ar a gcosaint éiceolaíoch agus cosaint éiceolaíoch na gcriosanna maolánacha thart timpeall orthu.

Limistéir Forbartha Dúlra

Tá daonraí cuid mhaith plandaí agus ainmhithe coitianta faoin tuath ag dul i laghad mar gheall ar chaillteanas gnéithe a fhreastalaíonn ar fhiadhúlra, amhail fálta sceach, tailte féaraigh ina bhfuil cuid mhaith bláthanna, ciumhaiseanna neamhshaothraithe páirceanna curaíochta agus limistéir bhogaigh. Anuas air sin, tá na coillearnacha i bhFine Gall beag agus scaipthe ar fud an Chontae go ginearálta. Tá roinnt ceantar agus úsáidí talún aitheanta ag an gComhairle a bhfuil acmhainneacht feabhsaithe bithéagsúlachta ag baint leo (féach ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais). Ina measc seo, tá:

  • Limistéir ina bhfuil Talamh Feirme
  • Diméinte
  • Galfchúrsaí
  • Fearann Páirce
  • Cairéil
  • Dobharlaigh
  • Ceantair oiriúnach do choillearnach nua nó foraoiseacht

Is áiteanna iad na ceantair seo, rudaí a dtugtar 'limistéir forbartha dúlra' orthu, is áiteanna iad inar féidir caomhnú dúlra a chomhcheangal le gníomhaíochtaí atá ar siúl cheana, amhail feirmeoireacht, foraoiseacht, cairéalú agus caitheamh aimsire (m.sh. galfchúrsaí). Roghnaíodh na ceantair agus na húsáidí talún toisc go bhfuil luach reatha nó féideartha fiadhúlra ag baint leo. Is taiscumair bhithéagsúlachta iad na limistéir forbartha dúlra faoin tuath go forleathan agus ligeann siad in éineacht leis na conairí agus na clocha cora do speicis bogadh tríd an tírdhreach. Forbraíodh cuspóirí ar leith do na limistéir forbartha dúlra i  bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall agus oibreoidh an Chomhairle le húinéirí talún chun tairbhí bithéagsúlachta a bhaint amach sna limistéir seo. Ó dhearcadh pleanála, tá sé mar aidhm ag an gComhairle a chinntiú go gcoinneofar agus go bhfeabhsófar luach bithéagsúlachta na limistéar seo. Caithfidh iarratais ar chead pleanála a léiriú conas a choinneoidh agus a fheabhsóidh an fhorbairt bheartaithe luach bithéagsúlachta an láithreáin.


Cuspóir ON18

Bithéagsúlacht na limistéar forbartha dúlra atá luaite ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais a chothabháil agus/nó a fheabhsú.


Cuspóir ON19

Láithreán léirithe a fhorbairt do gach limistéar forbartha dúlra.


Cuspóir ON20

Forbairt scéim bheag deontas a iniúchadh le cabhrú le húinéirí talún le bainistiú a dtalún féin sa líonra éiceolaíoch chun críocha caomhnaithe dúlra.

Conairí agus Clocha Cora Éiceolaíocha le Crainn agus Fálta Sceach San Áireamh

 

Is gnéithe líneacha tírdhreacha iad conairí éiceolaíocha, amhail aibhneacha, fálta sceach agus imill bhóithre a fheabhsaíonn gluaiseacht fiadhúlra ar fud an tírdhreacha. Is ionann clocha cora agus sraith gnéithe tírdhreacha níos lú amhail coillearnacha beaga, ceantair scrobarnaí, talamh fliuch féaraigh agus riasca. Tá na príomhchonairí i bhFine Gall ar feadh na n-aibhneacha móra, a dtuilemhánna agus an talamh feirme nó páirce poiblí in aice leo san áireamh. Is córais salmainidí iad Aibhneacha na Life, na Tulchann, an Bharda, Ghabhra, Bhaile Bachaille, na Coirre Duibhe agus na Comhla agus a bhfo-aibhneacha (sainithe de bhun Threoir 78/659/CEE) agus tá suntas ar leith ag baint leo dá bharr. Tá an Life agus roinnt dá craobh-aibhneacha eisceachtúil sa chaoi go dtacaíonn siad le daonraí Bradán Atlantach (liostaithe in Aguisín II den Treoir maidir le Gnáthóga), Breac Geal agus Breac Donn. D'fhonn a bheith éifeachtach go héiceolaíoch, caithfidh conairí a bheith 30m ar leithead ar a laghad, agus iad tomhaiste ó bharr gach bruach abhann. Ligeann an leithead seo do rath mór a bheith ar chuid mhaith speiceas a bhaineann le haibhneacha, amhail an Madra Uisce, Ialtóga, Cruidíní, Gaibhne Dubha agus speicis uisceacha sna haibhneacha amhail Bradáin, Breaca Geala, Breaca Donna agus Loimprí. Coinneofar gach abhainn agus sruthán i staid leath-nádúrtha, pé áit ar féidir, toisc an tábhacht atá leo. Cosnófar a gconairí agus gleannta agus déanfar iad a chothabháil mar gheall ar a luachanna bithéagsúlachta agus trídhreacha, cosaint in aghaidh tuile san áireamh.

Is gnách nach dtabharfaidh an Chomhairle cead pleanála ach sna cásanna go léirítear go soiléir nach mbeidh tionchar díobhálach ag an togra ar na gnáthóga agus/nó speicis is díol spéise sa chonair nó cloch chora ná a fheidhm mar chonair nó cloch chora éiceolaíoch a lagú. Ba chóir go bhféachfadh tograí forbartha a rachaidh i bhfeidhm ar na ceantair seo le luachanna éiceolaíocha na conaire nó na cloiche cora a fheabhsú mar chuid lárnach den togra chomh maith. Seans go mbeidh gá le measúnú éiceolaíoch le haghaidh forbairt bheartaithe ar bith ar dócha go mbeadh tionchar suntasach aige ar ghnáthóga agus speicis ar díol spéise iad i gconair nó cloch chora éiceolaíoch.

Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le hIascaigh Intíre na hÉireann, agus, nuair is cuí, leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) sula ndéanfar oibreacha nó forbairt ar bith a thosú, a fhaomhadh nó a údarú a d'fhéadfadh tionchar a imirt ar aibhneacha, srutháin agus sruthchúrsaí. Tabharfaidh an Chomhairle aird iomlán ar dhoiciméid treorach ar bith a bhíonn eisithe ag Iascaigh Intíre na hÉireann ina leith seo.


Cuspóir ON21

Feidhmeanna agus sláine éiceolaíoch na gconairí atá luaite ar léarscáileanna Bonneagair Ghlais an Phlean Forbartha a chosaint.


Cuspóir ON22

Aibhneacha, srutháin agus sruthchúrsaí eile a chosaint agus a chothabháil i staid oscailte inar féidir gnáthóg oiriúnach a chur ar fáil d'fhána agus flóra, éisc san áireamh.


Cuspóir ON23

Cur ar fáil a dhéanamh do thuiscint agus teacht an phobail ar aibhneacha, conairí sruthchúrsa agus bogaigh, pé áit ar féidir agus ar cuí, i gcomhar leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Uiscebhealaí Éireann agus páirtithe leasmhara eile, fad is a dhéantar iad a chothabháil agus iad saor ó fhorbairt mhíchuí agus faoi réir measúnú tionchair éiceolaíoch agus Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí de réir mar is cuí.


Cuspóir ON24

Úsáid na sruthchúrsaí, aibhneacha agus lochanna a chur chun cinn ar mhaithe le hiascaireacht slaite, trí obair a dhéanamh le hIascaigh Intíre na hÉireann chun cáilíocht uisce a fheabhsú, stoic éisc a fheabhsú agus chun teacht sábháilte ar iascaireacht a chur ar fáil, pé áit ar cuí, agus aird iomlán á tabhairt ar riachtanais na Treorach maidir le Gnáthóga agus reachtaíocht bhainteach eile.


Cuspóir ON25

Coillearnacha, crainn agus fálta sceach a bhfuil luach taitneamhachta nó bithéagsúlachta orthu agus/nó a chuireann le sainghné an tírdhreacha a chosaint agus cinntiú go ndéanfar soláthar cuí dá gcosaint agus dá mbainistiú.


Cuspóir ON26

Breithniú a dhéanamh ar Orduithe Caomhnaithe Crann a úsáid chun crainn, grúpaí crann nó coillearnach tábhachtacha a chosaint.


Cuspóir ON27

Scéimeanna Comharsanachta a chur chun cinn, a spreagadh agus tacú leo trí cheantair oiriúnacha a aithint agus tacú le tionscnaimh eile a bhfuil sé mar aidhm acu coillearnacha a bhunú agus a fheabhsú ar mhaithe le caitheamh aimsire i gcomhar le pobail áitiúla.

9.3 Geolaíocht

Láithreáin Gheolaíocha an Chontae

Tá Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (SGÉ) tar éis 21 Láithreán Geolaíoch Contae i bhFine Gall a aithint atá tábhachtach mar láithreáin oidhreachta geolaíochta. Seans go mbeidh cuid de na láithreáin seo sainithe in am trátha mar Limistéir Oidhreachta Náisiúnta (LONanna) toisc gur díolta spéise geolaíocha iad go náisiúnta. Féachfaidh an Chomhairle le hoidhreacht gheolaíoch na láithreán seo a chothabháil agus a fheabhsú, pé áit ar féidir, agus teacht ar na láithreáin seo a chur ar fáil pé áit ar féidir agus ar iomchuí. Rachaidh an Chomhairle i gcomhairle le Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann nuair a bhíonn siad ag smaoineamh ar ghabháil d'fhorbairtí áirithe, iad a fhaomhadh nó a údarú más dóchúil go mbeidh tionchar acu ar Láithreáin Gheolaíocha an Chontae.


Cuspóir ON28

Oidhreacht gheolaíoch agus gheomoirfeolaíoch Láithreáin Gheolaíocha an Chontae ar an liosta i dTábla OG01 agus atá luaite ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais a chosaint agus a fheabhsú.


Cuspóir ON29

Teacht sábháilte inbhuanaithe poiblí ar Láithreáin Gheolaíocha an Chontae a chosaint agus a chur chun cinn, pé áit ar cuí agus ar féidir, faoi réir riachtanais Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga.

Tábla OG01: Láithreáin Gheolaíocha an Chontae


Site Name

 

1. Bollán Theach Ard Giolláin

 

2. Cairéal Bhaile Riocaird

 

3. Bá Bhaile Scadán

 

4. Cé na mBuidéal

5. Trá Claremont

6. Cairéal Chnoc an Chuircín

7. Cladach Fancourt

8. Cairéal Fhaoldroma

9. Binn Éadair

10. Inis Mac Neasáin

11. Reachrainn

12. Cósta Mhullach Íde

13. Rinn Mhullach Íde

14. Cairéal Bhaile an Mhiolbhardaigh

15. Tobar Mhuire ag Mullach Eadrad

16. Cairéal Cheann an Chapaill

17. Cladach Phort Reachrann

18. Cloch Dábhiolla

19. Oileán Sionnaigh

20. An tImeallbhord ó na Sceirí go dtí an Ros

21. Cuid Shruthán Bhaile na mBreatnach

9.4 Tírdhreach

Féach ar Léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais agus Caibidil 5 chomh maith, An Tuath i bhFine Gall – Leagan Amach agus Dearadh Tithíochta faoin Tuath.

Cúlra

Tá an tírdhreach gach áit thart timpeall orainn – is é ár n-áit chónaithe, oibre agus súgartha – saibhríonn agus cothaíonn sé ár saol ar an iliomad bealaí. Tá gach gné dár n-oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha le chéile sna tírdhreacha seo, agus spreagann siad ómós láidir áite ionainn. Is ábhar mór bróid agus spreagtha iad ár gcósta agus tuath i bhFine Gall do chuid mhaith cónaitheoirí agus cuairteoirí araon. Tá Fine Gall ag athrú go tapa mar gheall ar rátaí arda fáis eacnamaíoch agus daonra. Is é an dúshlán atá romhainn ná ár dtírdhreacha a bhainistiú ionas go mbeidh an t-athrú dearfach ó thaobh éifeachta de, agus go mbeidh na tírdhreacha is mór againn cosanta agus go ndéanfar feabhsú orthu siúd atá díghrádaithe.

Tá an Coinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa, rud a bhí daingnithe ag Éirinn in 2002, tá sé mar bhonn le bainistíocht chuimsitheach agus rannpháirteach tírdhreacha. sainmhíníonn sé tírdhreach mar ‘…ceantar, mar a bhíonn sé braite ag daoine, a bhfuil a shainghné mar thoradh ar ghníomhú agus idirghníomhú tosca nádúrtha agus/nó daonna’ agus tá an sainmhíniú seo curtha san áireamh sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000-2014. Tá ceangal sa Choinbhinsiún an tírdhreach a chomhtháthú le beartais pleanála réigiúnacha agus bailte agus le beartais chultúrtha, comhshaoil, talmhaíochta, shóisialta agus eacnamaíocha, agus le beartais eile ar bith a d'fhéadfadh tionchair dhíreacha agus indíreacha a imirt ar an tírdhreach. In éineacht le tairbhí ríshoiléire comhshaoil ó chosaint, bainistiú agus pleanáil cheart an tírdhreacha, leagann an Coinbhinsiún béim ar na tairbhí eacnamaíocha agus sóisialta atá ann, amhail acmhainneacht turasóireachta, fás eacnamaíoch, fostaíocht agus feabhsú cáilíochta beatha. Cinnteoidh cur i bhfeidhm na Straitéise Náisiúnta Tírdhreacha, 2015-2025, rud a foilsíodh le déanaí, cinnteoidh sé cloí leis an gCoinbhinsiún um Thírdhreach na hEorpa in Éirinn.

Tá ceangal sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, mar a leasaíodh, cuspóirí a chur san áireamh sna pleananna forbartha maidir le tírdhreach agus a bhainistiú, lena n-áirítear caomhnú radharc agus amharc agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó díol spéise. Luann na Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí le haghaidh Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010 – 2022 gur chóir beartais agus bearta a chur i gcrích sa chontae chun tírdhreacha a chosaint, a bhainistiú agus a phleanáil.


Cuspóir ON30

Tacú le haidhmeanna agus cuspóirí an Choinbhinsiúin um Thírdhreach na hEorpa trí chuspóirí agus aidhmeanna bainteacha na Straitéise Náisiúnta Tírdhreacha, 2015-2025, a chur i bhfeidhm.

Measúnú Sainghné Tírdhreacha

Déanfar cur ar fáil i Measúnú Sainghné Tírdhreacha (MST) an Phlean Forbartha d'aicmiú thírdhreacha Fhine Gall sna (1) cineálacha agus luachanna agus (2) leochaileachtaí seo a leanas. Roinneann an MST an Contae i 6 Chineál Sainghné Thírdhreacha arb ionann iad agus ceantair chineálacha ina bhfuil sainghné ar leith a fhágann go bhfuil tírdhreach amháin difriúil le ceann eile, amhail na huachtair nó an cósta. Cuireann an MST luach ar gach cineál sainghné thírdhreacha, idir eisceachtúil agus íseal. Tar éis don chineál agus luach a bheith aitheanta, sainmhínítear íogaireacht gach cineál sainghné leis an gcumas foriomlán atá aige a shainghné a chothabháil agus athrú ag tarlú. Déantar meastóireacht ar íogaireacht de réir critéar idir ard agus íseal. Is mó an seans go mbeidh tírdhreach fíor-íogair leochaileach i leith athrú, agus is lú an seans go mbeidh tírdhreach nach bhfuil chomh híogair sin thíos le hathrú. Tá sé tábhachtach a thabhairt dár n-aire nach gá go mbeidh tírdhreach luacha eisceachtúil an-íogair i leith athrú ná nach mbeidh tírdhreach luacha ísil íogair i leith athrú. Cuirfidh an MST le cinnteoireacht maidir le cosaint an chomhshaoil, acmhainní nádúrtha agus oidhreacht agus úsáidfear é chun forbairt a threorú.

As na 6 Chineál Sainghné Tírdhreacha a aithníodh sa MST d'Fhine Gall, cuireadh luach ar gach ceann acu trí bhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe amhail aeistéitic, éiceolaíocht, stair, cultúr, reiligiún nó miotaseolaíocht. D'fhéadfadh luach a bheith idir íseal agus eisceachtúil. Is iad na Cineálacha Sainghné Thírdhreacha ná:

  • Cineál Sainghné Talún Réchnocaí
  • Cineál Sainghné Ard
  • Cineál Sainghné Íseal
  • Cineál Sainghné Inbhir
  • Cineál Sainghné an Chósta
  • Cineál Sainghné Gleannta Abhann agus Canálacha

Cineál Sainghné Thalún Réchnocaí

Talamh talmhaíochta is mó atá sa cheantar seo d'Fhine Gall, áit a bhfuil tírdhreach réchnocach ar fud ghleannta abhann an Bharda agus Abhainn Ghabhra. Tá tírdhreach ilghnéitheach ann mar gheall ar shainghné dhroimneach na tuaithe, agus toisc na maoine móra agus criosanna crann atá ann. D'fhéadfadh na crainn agus na conairí abhann cabhrú le tírdhreach saibhir a chruthú, ó thaobh radhairc de agus go héiceolaíoch. Is gnách go mbíonn na radhairc faoi shrian an tírdhreacha réchnocaigh, rud a chruthaíonn tírdhreach bunanna gearra spéire. Tá radhairc chosanta ann atá liostaithe sa Phlean Forbartha ó R108 (an bóthar ó Theampall Mhaighréide go dtí an Aill) agus R125 (an bóthar ó Shord go dtí Cill Dhéagláin). Is é Sord an phríomhlonnaíocht sa cheantar seo.

Is ionann an Cineál Sainghné Réchnocaigh go príomha agus talamh feirmeoireachta agus tá luach air mar gheall ar aibhneacha an Bharda agus Ghabhra agus na saintréithe éiceolaíocha agus amhairc a bhaineann leo siúd. Cuireann na radhairc chosanta, na criosanna crann agus tailte droimneacha luach leis an gceantar chomh maith. Gné thábhachtach atá ann ná oidhreacht seandálaíochta Shoird. Tá an Cineál Sainghné Réchnocaí aicmithe mar cheantar a bhfuil luach measartha air.

Cineál Sainghné Ard

Seo ceantar talún airde agus í chomh hard le 176 méadar ag Hillford Mound, taobh thoir theas den Aill. Tá radhairc lánléargais ó na cnoic seo ar na Beanna Boirche ó thuaidh, an t-imeallbhord san oirthear agus Sléibhte Chill Mhantáin ó dheas. Tá roinnt iomairí tábhachtacha radhairc ar na tailte arda seo, rudaí atá le feiceáil thar achar leathan d'Fhine Gall agus den Mhí. Is féidir an Contae go léir nach mór a fheiceáil ó na bóithre is airde. Tá sainghné na dtailte arda thar a bheith tarraingteach agus meascán féaraigh agus feirmeoireachta curaíochta ann in éineacht le fálta sceach láidre i dtírdhreach réchnocach.

Tá an Cineál Sainghné Ard aicmithe mar cheantar a bhfuil luach ard air. Tá an ceantar ard thar a bheith sciamhach, áit a bhfuil radhairc lánléargais agus fálta sceach láidre. Tá luach tábhachtach éiceolaíoch air chomh maith, go háirithe ós rud é go bhfuil Limistéir Oidhreachta Nádúrtha bheartaithe 'Phortach na Rinne' suite anseo. Is beag forbairt iomraill nó mhíchuí atá sa cheantar agus tá sé le tabhairt faoi deara go soiléir nach bhfuil coillearnach mór buaircíneach ann. Leagtar béim ar thábhacht an cheantair tríd an gcriosú i gCeantar Líon Mór Áiseanna, rud a chuimsíonn codanna móra den cheantar.

Cineál Sainghné Íseal

Seo ceantar arb é a shainghné ná meascán féaraigh agus feirmeoireachta curaíochta ar thalamh íseal, áit ar beag an líon radharc nó amharc cosanta. Tá sainghné oscailte ag baint leis an gCineál Sainghné Íseal in éineacht le pátrúin páirceanna móra, líon beag criosanna crann agus fálta sceach ísle le hais na mbóithre. Is iad na príomhlonnaíochtaí sa cheantar ná an Seanbhaile, Baile Bachaille, Lusca agus codanna de Mhullach Íde agus Domhnach Bat. Tá Aerfort Bhaile Átha Cliath suite sa cheantar seo.

Talmhaíocht agus roinnt lonnaíochtaí is mó atá le tabhairt faoi deara sa cheantar íseal seo. Tá an ceantar aicmithe mar cheantar a bhfuil luach measartha air. Tá ceantair áirithe ann a bhfuil luach tábhachtach orthu ar gá aird ar leith a dhíriú orthu, amhail séadchomharthaí seandálaíocha agus diméinte tábhachtacha, in éineacht le Limistéir Oidhreachta Nádúrtha bheartaithe Dhiméin Fhaoldroma agus Sheantraibh.

Cineál Sainghné Inbhir

Tá trí ghob gainimh mhóra ar feadh chósta Fhine Gall atá tar éis gnáthóga inbhearacha agus riasca goirt atá faoi chosaint a chruthú, rudaí ar díolta móra spéise éaneolaíocha agus éiceolaíocha iad, ag Baile Roiséir, Sord/Mullach Íde agus Baile Dúill. Is Láithreáin de chuid Natura 2000 iad na trí Inbhear (Limistéir faoi Chosaint Speisialta agus Limistéir faoi Chaomhnú Speisialta).

Tá na hinbhir sainithe chomh maith mar Láithreáin bheartaithe Oidhreachta Nádúrtha agus de chuid Ramsar. Níl forbairt déanta ar chiumhaiseanna na n-inbhear den chuid is mó, ach amháin Mullach Íde ar feadh thaobh theas inbhear Shoird/Mhullach Íde. Tá sé mar thoradh ar shainghné réidh chothrománach na n-inbhear gur gnách do na radhairc a bheith faoi shrian na gcnoc agus na ndumhcha ísle atá thart timpeall ar na ceantair seo. Tá roinnt braislí crann ar imill na gcriosanna inbhir, go háirithe taobh thuaidh d'inbhear Shoird/Mhullach Íde. Athraíonn sainghné na gcriosanna seo de réir na taoide.

Rud eile atá suite sa chrios seo chomh maith ná Coinicéar i bPort Reachrann. Gnéithe coitianta den cheantar seo ná forbairt neamhrialta, drochbhóithre rochtana, teorainneacha míshlachtmhara agus pointí rochtana doiléire ar láithreáin. Ós rud é go bhfuil traidisiún anseo tréimhsí cónaithe séasúracha a chaitheamh anseo agus síntí neamhrialta a chur le háiteanna cónaithe sealadacha, tá drochphátrún lonnaíochta tar éis forbairt anseo ar beag a ghaol leis an tírdhreach máguaird.

Tá luach eisceachtúil luaite leis an gCineál Sainghné Inbhir, agus é aitheanta ag sainiú an AE (limistéir iarrthóra faoi Chaomhnú Speisialta agus faoi Chosaint Speisialta) a bhaineann le gach ceann acu, in éineacht le sainiú náisiúnta, amhail Limistéir Oidhreachta Nádúrtha bheartaithe nó Ramsar. Tá cáilíocht aeistéitiúil na n-inbhear thar barr chomh maith.

Cineál Sainghné an Chósta

Tá an Cineál Sainghné Cósta mar theorainn thoir an Chontae agus tá roinnt tránna, oileáin agus cinn tíre thábhachtacha ann atá mar thírdhreach líon mór áiseanna agus luacha mhóir le chéile. Ar na lonnaíochtaí tábhachtacha atá sa cheantar seo, tá Baile Brigín, na Sceirí, an Ros, Mullach Íde, Port Mearnóg agus Binn Éadair. Tá an talamh íseal den chuid is mó, ach amháin roinnt ceann tíre agus cnoc feiceálach i dtuaisceart an cheantair, Binn Éadair agus na hoileáin amach ón gcósta. Tá an chuid is mó de Bhinn Éadair cumhdaithe faoin Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta (SAAO).

Tá roinnt diméinte nó tírdhreacha eastáit tábhachtacha ina bhfuil coillearnacha tábhachtacha i, nó in aice leis an gceantar seo, ag Ard Giolláin, Hampton, Baile an Mhiolbhardaigh agus Port Reachrann. Úsáidí coitianta eile a bhaintear as talamh sa cheantar ná gairneoireacht (thart timpeall ar an Ros), galfchúrsaí agus áiteanna cónaithe aonair. Is gnách go mbíonn radhairc ar feadh an chósta faoi shrian na gceann tíre, droimlínte agus cuanta, rud a chruthaíonn roinnt urranna amhairc.

Tá an Cineál Sainghné Chósta aicmithe mar chineál a bhfuil luach eisceachtúil tírdhreacha air. Tagtar ar an luach seo trí chomhcheangal gnéithe radhairc, éiceolaíocha, caithimh aimsire agus stairiúla. Tá radhairc den chéad scoth amach ar an bhfarraige, na hoileáin agus chomh fada leis na Beanna Boirche agus sléibhte Chill Mhantáin ón gceantar agus tá líon mór tránna agus cuanta ann. Leagtar béim ar thábhacht an cheantair tríd an gcriosú i gCeantar Líon Mór Áiseanna, rud a chuimsíonn codanna móra den cheantar. Tá oidhreacht shaibhir seandálaíochta, ailtireachta agus nádúrtha sa cheantar agus tá luach éiceolaíoch fíor-ard air.

Cineál Sainghné Gleannta Abhann agus Canálacha

Is iad gleannta na Tulchann agus na Life in éineacht le Conair na Canála Ríoga na príomhghnéithe tírdhreacha sa cheantar seo. Tá ceantair féaraigh i ngleannta na Tulchann agus na Life ar feadh gleannta lúbacha abhann, áiteanna a bhfuil cuid mhaith coillte ag imeall na tuilemhá agus ar feadh fhánaí na ngleannta, go háirithe i gcás na Life. Tá áiseanna caithimh aimsire i gcodanna den dá ghleann ar feadh a gconairí.

Tá sainghné thuaithe agus choillearnaigh an cheantair á coinneáil i roinnt diméintí institiúideacha agus príobháideacha ar feadh imill na ngleannta. Ach tá forbairt na n-eastát tithíochta ag tosú de chur isteach ar limistéir na gconairí. Mar aitheantas ar luach taitneamhachta speisialta an cheantair seo, rinneadh Ordú um Limistéar Taitneamhachta Speisialta do Ghleann na Life idir Leamhcán agus Séipéal Iosóid in 1990. Cuimsíonn an sainiú seo rialúcháin ar leith ar fhorbairt. Tá Gleann na Life ina Limistéar Oidhreachta Nádúrtha beartaithe (LONb) chomh maith.

Tá conair na Canála Ríoga sa chrios seo chomh maith. Tá an chanáil agus a conairí mar ghnáthóg luachmhar d'éisc agus speicis eile agus is LON beartaithe í. Tá an chanáil féin agus cuid mhaith droichead agus déanmhas eile a bhaineann léi mar dhlúthchuid d'oidhreacht ailtireachta an Chontae.

Tá an Cineál Sainghné seo aicmithe mar rud a bhfuil luach ard air mar gheall ar na cáilíochtaí amhairc agus caithimh aimsire atá ann. Tá sé seo le tabhairt faoi deara sa chriosú i gCeantair Líon Mór Áiseanna agus sa sainiú Limistéar Taitneamhachta Speisialta sa cheantar agus sna criosanna dlútha crann agus fánaí géara na ngleannta abhann. Tá na gleannta abhann agus an chanáil tábhachtach chomh maith ó thaobh a héiceolaíochta agus a bithéagsúlachta.

Cineálacha Sainghné Thírdhreacha - Íogaireacht

Nuair is féidir réimse leathan forbairtí a chur i dtírdhreach ar leith gan stró agus nach gcuireann siad isteach ar shainghné nó nach gcuireann siad isteach ar luach nó é a dhíchur, meastar íogaireacht íseal nó mheánach a bheith ag baint lena leithéid de thírdhreach. Ar an láimh eile, nuair a d'fhéadfadh forbairt bheartaithe ar bith dochar tromchúiseach a dhéanamh do shainghné nó dochar tromchúiseach a dhéanamh do luach nach féidir a athsholáthar nó é a dhíchur, mheasfaí a leithéid de thírdhreach a bheith thar a bheith íogair.

Cineálacha Sainghné a bhfuil Íogaireacht idir Íseal agus Mheánach ag Baint Leo

Tá an dá chineál sainghné seo a leanas aicmithe mar rudaí a bhfuil íogaireacht idir íseal agus mheánach i leith forbairt ag baint leo, mar atá

  • Cineál Sainghné Réchnocach – íogaireacht mheánach
  • Cineál Sainghné Íseal – íogaireacht íseal

Is féidir leis na tírdhreacha seo glacadh le méid áirithe forbartha fad is go mbíonn an scála agus na foirmeacha simplí agus teorainneacha imleora scáileáin thart timpeall orthu, agus tírdhreachú cuí déanta orthu chun an tionchar ar shainghné thuaithe na mbóithre máguaird a laghdú. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfar radhairc agus conairí bruachánacha a chosaint ar fhorbairt mhíchuí sna ceantair seo.

Prionsabail Forbartha
  • Ba chóir an spéirlíne a chosaint.
  • Ba chóir criosanna crann atá ann cheana a choinneáil agus a bhainistiú, chomh maith le crainn nua a chur leis na seanchlampaí crann. Ba chóir fálta sceach in aice leis na bóithre a choinneáil agus a bhainistiú. Níor chóir tograí inar gá cuid mhór fálta sceach páirce agus in aice le bóithre nó líon mór crann a bhaint a cheadú. Beidh gá le scéimeanna láidre curtha crann le crainn dhúchasacha chun forbairt ar bith a chomhtháthú leis na tírdhreacha oscailte seo.
  • Conairí bruachánacha atá saor ó fhorbairt nua ar feadh na sruthchúrsaí suntasacha go léir sa Chontae a bhunú. Stráice maolánach bruachánach 10 go 15 mhéadar ar leithead ó bharr an bhruaigh ar an dá thaobh de gach sruthchúrsa a chinntiú, ach amháin i gcás Aibhneacha na Life, na Tulchann, an Pinkeen, na Maighne, na Comhla, an Bharda, Ghabhra, na Coirre Duibhe, Mhata agus na hAilbhine, áiteanna a bhfuil stráice maolánach bruachánach 30m ar leithead ó bharr an bhruaigh ar an dá thaobh de gach sruthchúrsa taobh amuigh de cheantair uirbeacha de dhíth.
  • Ba chóir láithreáin a bhfuil teorainneacha nádúrtha leo a roghnú seachas codanna oscailte de pháirceanna móra.
  • Is fearr gráigiú a dhéanamh le teach feirme agus/nó foirgnimh feirme atá ann cheana i gcomparáid le suíomhanna aonair de ghnáth.

Cineálacha Sainghné atá Thar a Bheith Íogair

Tá na ceithre chineál sainghné seo a leanas aitheanta, go ginearálta, a bheith thar a bheith íogair i leith forbairt, mar atá:

  • Cineál Sainghné Ard
  • Cineál Sainghné Inbhir
  • Cineál Sainghné an Chósta
  • Cineál Sainghné Gleannta Abhann agus Canála

Rogerstown Estuary and M1

Is beag an acmhainn atá ag codanna áirithe de na ceantair seo glacadh le forbairt nua. Tá na ceantair atá sna ceithre chineál sainghné seo ar beag a n-acmhainn glacadh le forbairt nua, tá siad aitheanta mar cheantair atá thar a bheith íogair ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais. Ba chóir tabhairt faoi deara go bhféadfadh ceantair bheaga atá thar a bheith íogair a bheith i gCineálacha Sainghné Tírdhreacha a bhfuil íogaireacht íseal nó mheánach luaite leo, rud atá léirithe ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais. Is dúshlán é forbairt nua a dhéanamh sna ceantair seo gan cur isteach orthu go rómhór. Tá radhairc ar na ceantair arda le feiceáil i bhfad amach uathu agus is féidir radhairc lánléargais a fheiceáil ó na tailte arda go dtí na ceantair máguaird. Tá an chiumhais chósta thar a bheith leochaileach i leith forbairt toisc sainghné nochta coda móire de na ceantair chósta agus inbhearacha, rud a fhágann go bhfuil siad thart a bheith leochaileach i leith forbairt sháiteach. Beidh sé deacair láithreáin a aimsiú le haghaidh forbairt nua ar feadh an chósta ós rud é gur dóchúil go mbeidh forbairt nua ar bith feiceálach. Tá suíomh agus sainghné na gceantar cósta thar a bheith íogair agus d'fhéadfaí dochar a dhéanamh dóibh go héasca trí fhorbairt mhíchuí. Tá cáilíochtaí ar leith ag baint leis na gleannta abhann agus an chanáil, amhail bruacha arda agus coillearnach aibí, rudaí a fhágann go bhfuil siad seo thar a bheith íogair i leith forbairt.

Tá sé d'acmhainneacht ag úsáidí amhail tithe, foraoiseacht, cuaillí, oibríochtaí eastóscacha, líonadh talún, páirceanna carbhán agus aonaid mhóra talmhaíochta/gairneoireachta tionchair shuntasacha a imirt sna ceantair atá fíor-íogair atá léirithe ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais.

Prionsabail Forbartha
  • Ba chóir spéirlínte, fíor na spéire agus droimlínte a chosaint ar fhorbairt.
  • Ba chóir láithreáin a bhfuil teorainneacha nádúrtha leo a roghnú seachas codanna arda nó oscailte de pháirceanna. Ba chóir foirm na bhforbairtí móra a choinneáil simplí agus iad a shuí taobh istigh d'áiteanna foscaidh ina bhfuil crainn á gcur nó i gcomhréir le comhrianta na talún chun an tionchar amhairc a íoslaghdú.
  • Is fearr gráigiú a dhéanamh le teach feirme agus/nó foirgnimh feirme atá ann cheana i gcomparáid le suíomhanna aonair de ghnáth.
  • Ba chóir fálta sceach páirce agus in aice leis na bóithre a choinneáil. Níor chóir tograí inar gá cuid mhór fálta sceach páirce agus in aice le bóithre a bhaint a cheadú.
  • Ba chóir coinneáil agus bainistíocht ghníomhach crann agus blocanna crann a chur chun cinn.
  • Ba chóir úsáid crann agus coillearnach chun forbairt nua a chuimsiú a spreagadh. Beidh gá le scéimeanna láidre curtha crann le crainn dhúchasacha chun forbairt ar bith a chomhtháthú leis na tírdhreacha leochaileacha seo. Caithfear cur nua crann a shuí agus a roghnú go cúramach.
  • Ba chóir bainistíocht na gciumhaiseanna abhann a chur chun cinn, agus ba chóir srian a chur le forbairt le hais na habhann a chuirfidh isteach ar shainghné na ngleannta abhann.
  • Conairí bruachánacha atá saor ó fhorbairt nua ar feadh na sruthchúrsaí suntasacha go léir sa Chontae a bhunú. Stráice maolánach bruachánach 10 go 15 mhéadar ar leithead ó bharr an bhruaigh ar an dá thaobh de gach sruthchúrsa a chinntiú, ach amháin i gcás Aibhneacha na Life, na Tulchann, an Pinkeen, na Maighne, na Comhla, an Bharda, Ghabhra, na Coirre Duibhe, Mhata agus na hAilbhine, áiteanna a bhfuil stráice maolánach bruachánach 30m ar leithead ó bharr an bhruaigh ar an dá thaobh de gach sruthchúrsa taobh amuigh de cheantair uirbeacha de dhíth.
  • Ná cuirtear isteach ar chiumhaiseanna inbhir agus fálta sceach ar bith le hais na gciumhaiseanna.
  • Ba chóir sainghné speisialta an chósta a chosaint trí fhorbairt mhíchuí ar thaobh na farraige de bhóithre an chósta a chosc.
  • Ba chóir sainghné na n-urrann amhairc cósta a choinneáil trí fhorbairtí sáiteacha a chosc ar chinn tíre agus tailte cósta taobh istigh de na hurranna. Ba chóir spéirlíne an chósta a chosaint ar fhorbairt ionsáite.

Cuspóirí Measúnaithe Sainghné Thírdhreacha


Cuspóir ON31

Caomhnú uathúlachta cineál sainghné tírdhreacha a chinntiú trí aird a thabhairt ar shainghné, luach agus íogaireacht tírdhreacha nuair a bhíonn iarratas pleanála á chinneadh.


Cuspóir ON32

Cinntiú go léiríonn agus go dtreisíonn forbairt, pé áit ar féidir, sainiúlacht agus ómós áite na gcineálacha sainghné tírdhreacha, lena n-áirítear gnéithe nó cáilíochtaí tábhachtacha a choinneáil, agus na gnéithe éagsúla a chuireann lena sainiúlacht amhail geolaíocht agus tírghné, gnáthóga, cáilíocht áilleachta amhairc, pátrún lonnaíochta, oidhreacht stairiúil, oidhreacht áitiúil dhúchasach, úsáid talún agus suaimhneas á gcur san áireamh.


Cuspóir ON33

Cur in aghaidh forbairtí amhail tithe, crainn aeróige, oibríochtaí eastóscacha, líonadh talún, páirceanna carbhán agus aonaid mhóra talmhaíochta/gairneoireachta a d'fhéadfadh cur isteach ar shainghné na gceantar atá fíor-íogair, nó ar radharc nó amharc a bhfuil luach speisialta taitneamhachta air, rudaí is gá a chaomhnú.


Cuspóir ON34

Cinntiú nach mbíonn forbairtí nua ag cur isteach ar bhealach suntasach ar bith ar shainghné, sláine agus sainiúlacht na gceantar atá fíor-íogair agus nach mbaineann siad de luach amhairc an cheantair. Ní cheadófar forbairt nua i limistéir fíorleochaileacha:

  • má dhéanann sí dochar radhairc doghlactha,
  • má thugann sí gnéithe aisteacha tírdhreacha isteach,
  • Má tá sí mar chúis le cur isteach ar nó caillteanas (i) gnéithe tírdhreacha a chuireann le sainiúlacht áitiúil, (ii) gnéithe stairiúla a chuireann go mór le sainghné agus cáilíocht tírdhreacha amhail pátrúin páirceanna, (iii) fásra a bhaineann leis an tírdhreach sin agus (iv) staid amhairc na ngnéithe tírdhreacha.

Cuspóir ON35

Cinntiú go gcloíonn forbairt nua le hardchaighdeáin suite agus deartha.


Cuspóir ON36

Spéirlínte agus droimlínte a chosaint ar fhorbairt.


Cuspóir ON37

Riachtanas a bheith ann measúnuithe riachtanacha ar bith, measúnuithe tionchair amhairc san áireamh, a ullmhú sula gceadaítear forbairt i gceantair atá fíor-íogair

Tabla ST01: Achoimre measúnuithe Sainghné Tírdhreacha - Sainghné, Luach agus Íogaireacht 



Cineálacha Sainghné Thírdhreacha

Luach Tírdhreacha

Íogaireacht Tírdhreacha

Cineál Réchnocach

Measartha

Meánach

Cineál Ard

Ard

Ard

Cineál Íseal

Measartha

Íseal

Cineál Inbhir

Eisceachtúil

Ard

Cineál Cósta

Eisceachtúil

Ard

Cineál Gleann Abhann agus Canála

Ard

Ard

Radhairc agus Amhairc

Féach ar Léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais agus Criosaithe chomh maith

Tá cuid mhaith ceantar i bhFine Gall ina bhfuil tírdhreach ardchaighdeáin, go háirithe ar feadh an chósta, na ngleannta abhann agus sa cheantar talún airde ó thuaidh ar feadh na teorann le Contae na Mí. Mar thoradh air seo, tá cuid mhaith pointí amhairc sa Chontae óna bhfuil radhairc agus amhairc a bhfuil fíor-áilleacht nádúrtha ag baint leo thar an bhfarraige agus thar an tuath. Tá luach ollmhór taitneamhachta ar radharc tíre agus tírdhreach an Chontae do chónaitheoirí agus turasóirí agus is ionann iad agus sócmhainn luachmhar eacnamaíoch. Tá ríthábhacht le cosaint na sócmhainne seo chun acmhainneacht an Chontae a fhorbairt. Ós rud é go bhfuil cuid mhór fáis eacnamaíoch agus daonra ann faoi láthair, is é an dúshlán atá roimh mhuintir an Chontae ná an tírdhreach a bhainistiú ionas go mbeidh tionchar dearfach ag athrú ar bith, sa chaoi go gcosnófar na tírdhreacha is mór againn. Tá gá ann mar sin radhairc agus amhairc in aice le bóithre poiblí ar fud an Chontae a chosaint agus a chaomhnú do na glúine amach anseo. Agus measúnú á dhéanamh ar radhairc agus amhairc, níl sé beartaithe go mbeadh sé mar thoradh orthu seo go gcuirfí cosc ar fhorbairtí ar feadh na mbealaí seo, ach níor chóir go gcuirfeadh forbairt ar bith, má cheadaítear a leithéid, bac ar na hamhairc agus na radhairc seo, agus ba chóir í a dhearadh agus a shuí chun a tionchar a íoslaghdú. Tá na radhairc agus amhairc atá le bheith cosanta luaite ar léarscáileanna agus léarscáileanna criosaithe an Bhonneagair Ghlais.


Cuspóir ON38

Radhairc agus amhairc a chuireann le sainghné an tírdhreacha a chosaint ar fhorbairt mhíchuí, go háirithe na cinn siúd atá aitheanta sa Phlean Forbartha.

Tréithriú Tírdhreacha Stairiúil

Léiríonn gach tírdhreach an t-idirghníomhú idir fórsaí nádúrtha agus cultúrtha. Ó tháinig na chéad lonnaitheoirí go Fine Gall beagnach 10,000 bliain ó shin, tá daoine ag cabhrú leis an tírdhreach atá mórthimpeall orainn anois a mhúnlú. Féachann Tréithriú Tírdhreacha Stairiúil (TTS) le forbairt stairiúil thírdhreach an lae inniu a aithint agus a thuiscint trí bhéim a leagan ar an méid a chuir próisis stairiúla roimhe seo le sainghné an tírdhreacha ina iomláine, agus ní 'láithreáin speisialta' roghnaithe amháin. Cuireann sé mar sin le measúnú agus tuiscint níos leithne ar sainghné thírdhreacha. Is próiseas dhá chéim é TTS, agus é ag tosú le haithint agus cur síos ar chineálacha sainghné tírdhreacha stairiúil. Ansin bíonn céim mheasúnachta i gceist a d'fhéadfadh scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna bainistíochta, ceisteanna suntais agus íogaireachta. Ar an gcaoi seo, is féidir le TTS cabhrú le cinntí ar athrú agus bainistíocht tírdhreacha amach anseo a threorú agus cabhraíonn sé le cinntiú go n-athrófar an tírdhreach ar bhealach a choinneoidh a shaibhreas agus a éagsúlacht amach anseo.

Tá trí staidéar TTS déanta ag an gComhairle go dtí seo i Sord, Domhnach Bat, Port Reachrann agus Baile Brigín. Tá teorainneacha na limistéar staidéir ar taispeáint ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais. Bhí sé mar thoradh ar an bpróiseas seo gur aithníodh 38 cineál sainghné tírdhreacha stairiúil a raibh gach ceann acu fíoraithe allamuigh. Ar na haschuir a bhí ann, bhí an Tréithriú Tírdhreacha Stairiúil a bhí bunaithe ar CFG (GIS), rud a bhí comhtháthaithe le córas CFG na Comhairle. Cruthaíodh cur síos mionsonraithe ar fhorbairt stairiúil Shoird, Bhaile Brigín agus Dhomhnach Bat/Phort Reachrann chomh maith, in éineacht le cur síos ar chineálacha leathana sainghné thírdhreacha stairiúil. Nuair a chuirtear seo le chéile leis an léarscáiliú CFG, cuirtear ar chumas an úsáideora tuiscint mhionsonraithe a fhorbairt ar fhorbairt stairiúil na gceantar seo agus tuiscint a fháil ar eolas stairiúil maidir le láithreán ar leith agus é a chur i gcomhthéacs. Anuas air sin, tá treoir curtha ar fáil ar bhainistíocht gach cineál leathan sainghné thírdhreacha amach anseo. Tá iniúchadh déanta chomh maith ar acmhainneacht TTS a bheith úsáidte mar uirlis thuarthach chun suíomh láithreán seandálaíoch nach raibh ar eolas roimhe seo a lua, agus tá measúnú déanta ar íogaireacht seandálaíocha chomh maith i gcás Bhaile Brigín.


Cuspóir ON3

Cinntiú go gcuirtear torthaí na dtuarascálacha staidéir ar Shainghné Tírdhreacha Stairiúil sa Chontae san áireamh i bhforbairt pleananna agus i measúnú tionscadal go leanúnach.


Cuspóir ON4

Cinntiú go léiríonn agus go dtreisíonn forbairt sainiúlacht agus ómós áite cineálacha sainghné tírdhreacha stairiúil aitheanta, lena n-áirítear gnéithe nó cáilíochtaí tábhachtacha a choinneáil, agus torthaí an tréithrithe tírdhreacha stairiúil a rinneadh sa Chontae á gcur san áireamh.

Limistéir Taitneamhachta Speisialta

Tá Orduithe Limistéir Taitneamhachta Speisialta i bhfeidhm i gcás Bhinn Éadair agus Ghleann na Life. Bhí an tOrdú le haghaidh Ghleann na Life idir Droichead Leamhcáin agus Séipéal Iosóid deimhnithe ag an Aire Comhshaoil i Márta 1990 agus bhí Ordú Bhinn Éadair deimhnithe ag an Aire in 1999. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil Gleann na Life agus Binn Éadair ar dhá cheann de na sócmhainní nádúrtha is mó atá i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath, áiteanna a bhfuil oidhreacht shaibhir nádúrtha, thógtha agus chultúrtha. Cinnteoidh an Chomhairle go mbeidh na ceantair seo cosanta agus feabhsaithe, agus go n-éascófar taitneamh an phobail iontu.


Cuspóir ON41

Sainghné, oidhreacht agus áiseanna Limistéir Taitneamhachta Speisialta Bhinn Éadair agus Ghleann na Life a chosaint agus a fheabhsú, i gcomhréir leis na hOrduithe bainteacha.


Cuspóir ON42

Coiste bainistíochta Limistéar Taitneamhachta Speisialta Abhainn na Life a athbhunú le clár bliantúil cruinnithe ráithiúla i gcomhar le Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas go leanúnach agus clár oibreacha cúig bliana a fhorbairt mar chuid den phlean feidhmithe don LTS taobh istigh de dhá bhliain tar éis don Phlean Forbartha seo a bheith glactha.


Cuspóir ON43

Na Pleananna Bainistíochta agus cláir oibre do na Limistéir Taitneamhachta Speisialta a chur i bhfeidhm agus athbhreithniú a dhéanamh orthu de réir mar is gá i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara bainteacha go léir.


Cuspóir ON44

Comhoibriú leis an Rialtas agus na húdaráis áitiúla chóngaracha d'fhonn féachaint le Páirc Réigiúnach do Ghleann na Life a bhunú.

Tearmann Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath

Is áiteanna iad Bithsféir ina ndéantar ceangal idir an dúlra agus daoine. Is ceantair iad a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu as a n-éagsúlacht bhitheolaíoch, agus iad á mbainistiú go gníomhach chomh maith chun caidreamh dearfach idir daoine agus an dúlra a chur chun cinn. Is sainiú speisialta é Anaclann Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath a bhí bronnta ag Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA/UNESCO). Tá sé mar chuid de líonra domhanda 651 Tearmann Bithsféir i 120 tír. Ní chuireann an sainiú Bithsféir le, agus ní bhaineann sé den chreat rialaitheach atá i bhfeidhm don Bhá cheana, ach tá sé ceaptha le cabhrú le páirtithe leasmhara teacht ar réitigh inbhuanaithe ar bhainistíocht an Bhá a chinntíonn dea-thorthaí do dhaoine agus don dúlra araon. Tá an Bithsféar á bhainistiú ag Comhpháirtíocht Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath, rud a chuimsíonn Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Calafort Bhaile Átha Cliath, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, grúpaí pobail áitiúla agus eagraíochtaí neamhrialtasacha. Tá an chomhpháirtíocht ag obair chun cosaint gnáthóg agus speiceas a chur chun cinn, tacú le hoideachas agus taighde sa láithreán agus le tacú le geilleagar inbhuanaithe do dhaoine a bhfuil cónaí orthu agus atá ag obair sa cheantar.


Cuspóir ON45

Páirt a ghlacadh i, agus tacú go gníomhach le hobair Chomhpháirtíocht Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath.


Cuspóir ON46

Clár oibre Bithsféir a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm sa Chontae le tacú le hobair Chomhpháirtíocht Bithsféir Bhá Bhaile Átha Cliath.

Na hOileáin

Tá roinnt oileán i bhFine Gall, mar atá, Reachrainn, Inis Mac Neasáin, Oileán Sionnaigh, Inis Coilt, Inis Pádraig agus Cloch Dábhiolla. Is í Reachrainn an t-aon oileán ar a bhfuil daoine ina gcónaí. Tá na hoileáin go léir criosaithe mar Limistéir ina bhfuil Go Leor Áiseanna agus tá siad go léir ainmnithe mar láithreáin caomhnaithe dúlra a bhfuil tábhacht náisiúnta nó idirnáisiúnta ag baint leo. Tá tábhacht leo chomh maith ó thaobh oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta de.


Cuspóir ON47

Sainghné thírdhreacha speisialta agus luach eisceachtúil tírdhreacha na n-oileán a chosaint agus a fheabhsú, a n-oidhreacht bhithéagsúlachta, seandálaíochta agus ailtireachta san áireamh.

Criosú i gCeantar Líon Mór Áiseanna

Tá Criosú i gCeantar Líon Mór Áiseanna déanta i gceantair den Chontae a bhfuil luach ard tírdhreacha orthu. Is ceantair iad seo ina bhfuil tírdhreacha sainghné speisialta ina ndéanfadh forbairt mhíchuí laghdú suntasach ar luach tírdhreacha sa Chontae. Cloíonn na ceantair tírdhreacha seo le ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

  • Is áiteanna iad ina bhfuil tírdhreach sciamhach ardcháilíochta
  • Tá radhairc leathana nó shuimiúla uathu ar na ceantair máguaird
  • Is codanna iad de radhairc agus amhairc thábhachtacha
  • Tá siad uathúil nó speisialta sa Chontae
  • Is gnéithe tábhachtacha iad i sainiú sainghné chósta an Chontae
  • Tá siad mar chúlra radhairc thábhachtacha chósta
  • Tá grúpaí tábhachtacha crann nó coillearnach iontu
  • Is láithreáin arda nó droma iad ar a mbeadh forbairt ar bith sáiteach
  • Tá siad mar theacht poiblí ar thírdhreacha tarraingteacha suimiúla nó ceantair leath-nádúrtha

Cuspóir ON48

Limistéir ina bhfuil Go Leor Áiseanna a chosaint ar fhorbairt mhíchuí agus a sainghné, sainiúlacht agus ómós áite a threisiú.


Cuspóir ON49

Cinntiú go léiríonn agus go dtacaíonn forbairt le sainiúlacht agus ómós áite Ceantar ina bhfuil Líon Mór Áiseanna, lena n-áirítear gnéithe nó cáilíochtaí tábhachtacha a choinneáil, agus na gnéithe éagsúla a chuireann lena sainiúlacht amhail geolaíocht agus tírghné, gnáthóga, cáilíocht áilleachta amhairc, pátrún lonnaíochta, oidhreacht stairiúil, oidhreacht áitiúil dhúchasach, úsáid talún agus suaimhneas á gcur san áireamh.

9.5 An Cósta

Réamhrá

Síneann imeallbhord Fhine Gall ó Shruthán Chill Bharróg i ndeisceart an Chontae go dtí an Ailbhine, rud atá suite taobh thuaidh de Bhaile Brigín. Is éard atá i gceist leis ná sraith bánna éadoimhne idir chinn tíre ina bhfuil roinnt góilíní, oileán, cuanta agus tránna éagsúla. Is é an acmhainn nádúrtha aonair is tábhachtaí sa Chontae. Is éard atá i gceist leis ná cáilíocht ard tírdhreacha, a luachanna oidhreachta agus taitneamhachta agus é tábhachtach mar acmhainn eacnamaíoch do na tionscail iascaireachta, fóillíochta agus turasóireachta. Tá ceantar an chósta suntasach ó thaobh na hoidhreachta cultúrtha agus seandálaíochta toisc go bhfuil lonnaíocht agus gníomhaíocht dhaonna dírithe ar an imeallbhord leis na mílte bliain. Tá sé tar éis tionchar suntasach a imirt ar fhorbairt Fhine Gall trí mhodh iompair a chur ar fáil do dhaoine agus d'earraí, nó mar fhoinse bhia agus fostaíochta tríd an tionscal iascaireachta. D'fhás an chuid is mó de na bailte agus sráidbhailte cósta thart timpeall ar chuanta nó bánna nádúrtha foscaidh agus bhí na cuanta mar phointí imeachta go calafoirt i bhfad i gcéin. Bhí gá le déanmhais cosanta chun muintir na háite a chosaint ar ionsaithe agus ina measc tá dúnta ceann tíre ársa (amhail na cinn ag Droim Meánach nó The Bailey) agus Túir cháiliúla Martello ón 19ú haois. Rinneadh monatóireacht ó stáisiúin agus iostáin an gharda cósta ar ghluaiseacht long agus soithí, fad is gur léirigh tithe solais bealaí pasáiste sábháilte. Tá cuid mhaith éiceachóras ar an gcósta chomh maith, amhail córais dumhcha gainimh agus inbhir ina bhfuil cuid mhaith dúlra mara agus éan. Tá tábhacht an chósta léirithe i líon na limistéar cosanta a bhfuil tábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta ag baint leo, amhail Bá Bhaile Dúill, Inbhear Mhullach Íde agus Inbhear Bhaile Roiséir, láithreáin a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leo do lachain, géanna agus lapairí agus a ngnáthóga i rith an gheimhridh. Anuas air sin, tá codanna móra den imeallbhord íogair ó thaobh amhairc de, mar atá léirithe leis an líon mór radharc agus amharc faoi chosaint, criosú i gceantair ina bhfuil líon mór áiseanna, agus ceantair a bhfuil luach eisceachtúil tírdhreacha ag baint leo agus atá fíor-íogair i leith forbairt. Tá codanna áirithe den imeallbhord nach bhfuil forbartha go fóill, agus atá iargúlta agus síochánta go fóill.

 

Aithníonn an Chomhairle gur sócmhainn ríthábhachtach é an cósta agus go bhfuil teorainn lena acmhainn glacadh le forbairt. Ós rud é go bhfuil sainghné uathúil ag baint leis, is gá aird ar leith a thabhairt ar a bhainistiú le cinntiú gur féidir é a úsáid go hinbhuanaithe agus go fadtéarmach. Tá sé tábhachtach an cósta a bhainistiú agus a fhorbairt ar bhealach a chosnaíonn agus a fheabhsaíonn a oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha agus a thírdhreach. Ciallaíonn sé seo gur gá béim a leagan ar scála agus ráta na forbartha is féidir a dhéanamh gan díobháil a dhéanamh do cháilíocht agus tarraingteacht an chósta.

An Cósta Athraitheach agus Cosaint an Chósta

Is timpeallacht dhinimiciúil atá ag athrú de shíor é an cósta, agus é á mhúnlú go leanúnach ag próisis nádúrtha leanúnacha amhail creimeadh agus sil-leagan. Cé gur gnáthrud é creimeadh i gceantair an chósta, d'fhéadfadh rátaí creimthe a bheith luathaithe mar gheall ar stoirmeacha, forbairt mhíchuí, brúnna ó ghníomhaíochtaí caithimh aimsire nó fóillíochta, nó toisc oibreacha cosanta saorga a bheith ann. Anuas air sin, caithfear breithniú a dhéanamh ar thionchair an ardaithe ar leibhéal na farraige atá á thuar mar gheall ar athrú aeráide. Méadóidh an méadú tuartha ar mhinicíocht stoirmeacha agus ardtaoide fairsinge, anróiteacht agus atarlú tuile chósta agus d'fhéadfadh rátaí méadaithe creimthe cósta a bheith mar thoradh uirthi chomh maith. Aithnítear nach mbeidh sé inbhuanaithe go teicniúil agus go heacnamaíoch achair fhada de chladaí boga a chosaint ar chreimeadh agus tuile chósta mar thoradh ar na dálaí athraithe aeráide.

Tá dhá chur chuige leathana ann le dul i ngleic le creimeadh cósta agus tuile cósta; déanmhais cosanta cósta a bhfuil innealtóireacht déanta orthu a chur ar fáil nó straitéisí oiriúnaithe cósta a chur i bhfeidhm.

Is féidir soláthar déanmhais cosanta cósta a bhfuil innealtóireacht déanta orthu a roinnt ina mbealaí cuir chuige innealtóireachta boga agus crua. Úsáideann an cur chuige innealtóireachta boige prionsabail agus cleachtais éiceolaíocha a thacaíonn leis an bpróiseas nádúrtha creimthe agus sil-leagain chun córais nádúrtha a chothabháil agus a fheabhsú (amhail dumhcha gainimh, tránna, riasca goirt, réileáin láibe). Go bunúsach, úsáideann innealtóireacht bhog na gnáthóga agus fásra atá ann cheana chun an comhéadan talún-uisce a dhéanamh níos boige, fad is a choinnítear sláine an chladaigh. Ar an láimh eile, is gnách innealtóireacht chrua a shainiú mar chur isteach rialaithe ar phróisis nádúrtha trí dhéanmhais shaorga a úsáid. Ós rud é go bhfuil costais mhóra ar dhéanmhais innealtóireachta crua agus ar a gcothabháil, is gnách a leithéid de réitigh a úsáid in áiteanna ina bhfuil dlús ard daonra amháin, áiteanna a meastar é a bheith riachtanach bonneagar suntasach poiblí a chosaint. Chomh maith leis sin, d'fhéadfadh cosaintí crua pátrúin sil-leagain, creimthe nó dríodrúcháin a athrú áit éigin eile ar feadh an chósta agus tionchair gan choinne a imirt in áiteanna eile. Tugann na tosca seo in éineacht leis an gcaoi nach bhfuil mórán eolais ann faoi dhinimic phróisis an chósta i bhFine Gall, tugann siad le fios gur chóir soláthar cosaintí crua ar an gcósta a shrianú chomh fada agus is féidir.

Ligeann oiriúnú cósta do phróisis nádúrtha tarlú agus do thuilte tarlú ar thailte nó iad a bheith creimthe gan idirghabháil. D'fhéadfaí seo a dhéanamh in éineacht le déanmhais a bheadh thíos le tuile nó creimeadh a bhaint. Cuireann an cur chuige seo deireadh leis an ngá le déanmhais cosanta cósta, ach bíonn sé mar thoradh air go bhfuil gá le go leor spáis chun gur féidir leis na próisis chósta tarlú. Is céim eile é cúlú bainistithe trína mbaintear nithe cosanta cósta le ligeann do thuilleadh tuile cósta tarlú agus/nó nuair nach bhfuil sé féideartha go barainneach a thuilleadh na déanmhais cosanta atá ann cheana a choinneáil. Is gnách go gcruthaíonn cúlú bainistithe tuilleadh spás maolúcháin le déileáil le fadhbanna tuile ar an gcósta agus cabhraíonn sé le maolán nádúrtha a chur ar fáil in aghaidh creimeadh cósta.

Ordaíonn an cleachtas is fearr sa bhainistíocht crios cósta gan cur isteach ar an gcósta ná ar phróisis an chósta, más féidir in aon chor. Tarlaíonn sé seo go príomha mar gheall ar na hiarmhairtí gan choinne ar nithe cosanta ar chodanna eile den chósta agus na costais a bhaineann le suiteáil agus cothabháil déanmhais cosanta cósta amach anseo.


Cuspóir ON50

Cinntiú go mbíonn cosaintí nádúrtha cósta an Chontae á gcosaint, amhail tránna, dumhcha gainimh, riasca goirt agus tailte inbhir, agus nach mbíonn dochar á dhéanamh dóibh trí oibreacha nó forbairt mhíchuí.


Cuspóir ON51

I gcásanna go meastar creimeadh cósta a bheith mar bhagairt ar mhaoine atá ann cheana, féidearthacht theicniúil agus bharainneach roghanna oiriúnaithe cósta agus bainistíochta cúlaithe cósta a iniúchadh.


Cuspóir ON52

Teicnící boga innealtóireachta a úsáid mar mhalairt ar oibreacha crua cosanta cósta, pé áit ar féidir.


Cuspóir ON53

Oibreacha cosanta cósta riachtanacha a aithint, tosaíocht a dhéanamh díobh agus iad a chur i bhfeidhm faoi réir fáil a bheith ar acmhainní, fad is a chinntítear ardleibhéal cosanta do ghnáthóga agus gnéithe nádúrtha, agus cinntiú go dtugtar an aird chuí ar chúrsaí amhairc agus comhshaoil eile nuair a bhíonn a leithéid d'oibreacha cosanta cósta á ndearadh.


Cuspóir ON54

Tuarascálacha staidéir bainistíochta riosca creimthe a dhéanamh do cheantair ardriosca, ionas gur féidir na rioscaí fadtéarmacha creimthe maoine a aithint go soiléir i bhfad sula mbeifí ag súil leis go dtitfeadh an riosca amach.


Cuspóir ON55

Beartas ar chreimeadh cósta a fhorbairt d'Fhine Gall agus é bunaithe ar an gcleachtas idirnáisiúnta is fearr le cur síos ar an gcaoi a bpléifidh an Chomhairle le maoine atá ann cheana agus atá i mbaol creimthe agus conas a bhainisteofar fadhbanna creimthe cósta amach anseo, agus aird ar reachtaíocht náisiúnta um athrú aeráide, beartais maolaithe agus oiriúnaithe, agus an gá atá leis an gcomhshaol a chosaint.

Forbairt Nua i gCeantair Chósta

Caithfidh forbairt cósta sainghné athraitheach dhinimiciúil an chósta agus an gá atá le cosaint cósta mar atá luaite thuas a chur san áireamh. Tá crios an chósta á chur faoi bhrú mór ó mhéadú ar an daonra agus méadú ar úsáidí sóisialta, eacnamaíocha agus caithimh aimsire, rudaí a bhíonn ag teacht salach ar a chéile uaireanta. Meastar an t-imeallbhord go háirithe a bheith mar áit chónaithe tharraingteach i gcónaí. De réir mar a fhásann daonra an Chontae, tiocfaidh méadú ar na héilimh ar an imeallbhord, a ghnáthóga agus a uiscí. Mar phrionsabal ginearálta, ba chóir forbairt i gceantair chósta a dhéanamh, pé áit ar féidir, i gceantair a forbraíodh roimhe seo, sula ndéanfar breithniú ar fhorbairt a dhéanamh i láithreáin úrnua.

I ngach aon chás, caithfidh tograí forbartha cósta an gá le cosaint cósta a bhreithniú. Ní cheadófar forbairt ach sa chás go bhfuil an Chomhairle sásta nach mbeidh an fhorbairt ag cur leis an riachtanas, má tá sé ann, go ndéanfaí oibreacha cosanta cósta sa cheantar i rith shaolré na forbartha. Caithfear cur ar fáil a dhéanamh chomh maith chun cosaintí boga atá ann cheana a choinneáil, amhail tránna, dumhcha gainimh, riasca goirt agus tailte inbhir. Ba chóir d'fhorbairt ar bith a bheith suite siar fada go leor ó chosaintí boga agus imeallbhord inchreimthe le ligean do phróisis nádúrtha, amhail creimeadh agus tuile, tarlú sna ceantair seo. Tá roinnt ceantair imeallbhoird atá i mbaol creimeadh cósta, tá siad aitheanta sa Chontae i bhfianaise eolas agus taithí reatha (féach ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais). Beifear ag déanamh talamh slán de sna ceantair seo nach ceadmhach forbairtí nua a dhéanamh, ach amháin más féidir a thaispeáint leis an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil gur beag an dóchúlacht atá ann go dtarlóidh creimeadh cósta i rith shaolré na forbartha. Cinnteoidh sé seo nach dtarlóidh forbairt nua ar bith i gceantair ina bhfuil dóchúlacht go dtarlóidh creimeadh cósta amach anseo. Ba chóir clár monatóireachta cósta a fhorbairt chomh maith chun sonraí níos fearr a chur ar fáil ar chreimeadh cósta amach anseo.


Cuspóir ON56

Sainghné speisialta an chósta a chosaint trí fhorbairt mhíchuí ar feadh an chósta a chosc, go háirithe ar thaobh na farraige de bhóithre an chósta. Pé áit ar féidir, nuair a bhíonn suíomh cósta ag teastáil le haghaidh forbairt nua, freastalófar air i gceantair atá forbartha cheana.


Cuspóir ON57

Sainghné agus pátrún na forbartha a rialú go dian i gceantair chósta agus a chinntiú go bhfuil sí deartha agus tírdhreachaithe de réir na gcaighdeán is airde, agus í suite go cuí ionas nach gcuirfidh sí isteach ar thaitneamhacht amhairc an cheantair. Beidh cosc ar fhorbairt má tá an fhorbairt ina bhagairt shuntasach nó fhéideartha ar ghnáthóga nó tréithe cósta, agus/nó nuair is dóchúla go mbeidh sé mar thoradh ar an bhforbairt go mbeidh pátrúin athraithe creimthe nó sil-leagain áiteanna eile ar feadh an chósta.


Cuspóir ON58

Cosc a chur ar fhorbairt ar feadh an chósta taobh amuigh de na ceantair uirbeacha atá ann cheana nuair nach féidir a leithéid d'fhorbairt a chosaint go himleor i rith shaolré na forbartha, gan gá a bheith le cosaintí breise cósta a thógáil.


Cuspóir ON59

Clár monatóireachta cósta a bhunú taobh istigh de bhliain amháin tar éis don Phlean Forbartha seo a bheith ceaptha, chun eolas a chur ar fáil ar chreimeadh cósta go leanúnach.

Turasóireacht agus Caitheamh Aimsire Cósta

Is ceantar fadbhunaithe caithimh aimsire agus taitneamhachta é an cósta. Tá acmhainneacht mhór ag baint le ceantair an chósta le haghaidh tionscadal a bhaineann le turasóireacht a d'fhéadfadh deiseanna fostaíochta inbhuanaithe a chruthú. Cuimsíonn siad seo gníomhaíochtaí atá bunaithe ar thalamh, amhail siúl agus rothaíocht ar Bhealach Cósta Fhine Gall agus gníomhaíochtaí uisce amhail snámh, cadhcáil, surfáil, surfáil eitleoige agus iascaireacht slaite ar feadh chósta Fhine Gall. D'fhéadfadh an bonneagar a bhaineann lena leithéid de ghníomhaíochtaí teacht salach ar shainghné leochaileach an chósta. Anuas air sin, tá buarthaí ar leith ag baint le foirmeacha innealta spórt uisce, amhail mótarbháid, ó thaobh cur isteach ar an taitneamh a bhaineann daoine eile den phobal as taitneamhachtaí cósta agus d'fhéadfadh tionchair dhíobhálacha a bheith acu ar an oidhreacht nádúrtha. Beidh gá le háiteanna a aithint ar an gcósta ag ar féidir freastal ar na gníomhaíochtaí seo gan iad a bheith ag teacht salach ar chuspóirí eile nó i gcontrárthacht le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair. Aithníonn an Chomhairle gur gá do na gníomhaíochtaí seo a bheith suite in aice leis an gcósta, ach gur gá iad a rialú agus a threorú go hiomchuí toisc sainghné leochaileach an chósta.


Cuspóir ON60

Úsáidí de chineál caithimh aimsire agus taitneamhachta a spreagadh ar feadh an chósta fad is nach mbíonn a leithéid d'úsáidí ag imirt tionchair dhíobhálacha shuntasacha ar an gcomhshaol, taitneamhacht amhairc agus oidhreacht.


Cuspóir ON61

Bealach Cósta Fhine Gall a phleanáil agus a fhorbairt taobh thuaidh de Bhaile Brigín go Binn Éadair, agus aird iomlán á tabhairt ar an ngá atá le hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an chósta a chosaint, agus an gá atá le tionchair shuntasacha dhíobhálacha ar Láithreáin Eorpacha agus ceantair/speicis eile atá cosanta de réir na dlí a sheachaint.


Cuspóir ON62

Cinntiú go bhfuil teacht cuí ag an bpobal ar an gcósta, lena n-áirítear cur ar fáil conairí agus rianta rothaíochta cósta, fad is a thugtar aird iomlán ar an ngá atá le hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha an chósta a chaomhnú agus a fheabhsú, agus ar an ngá atá le tionchair shuntasacha dhíobhálacha ar Láithreáin Eorpacha agus speicis atá cosanta de réir dlí a sheachaint, trí Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí agus scrúdú a dhéanamh ar shainiú bealaí traidisiúnta siúil atá mar chearta bealaigh poiblí go dtí seo.


Cuspóir ON63

Forbairt áiseanna d'iascaireacht mhara agus forbairtí caithimh aimsire a spreagadh i gcásanna nach mbeidh tionchar díobhálach ag suí a leithéid d'áiseanna agus a mbonneagar tacaíochta ar an oidhreacht nádúrtha nó chultúrtha, nó nach mbainfidh siad de thaitneamhacht amhairc agus cáilíocht/cobhsaíocht comhshaoil ceantair áirithe, ná teacht poiblí ar thrá.


Cuspóir ON64

Tránna, teacht ar thránna agus limistéir shainithe snámha a chosaint mar thaitneamhachtaí áitiúla luachmhara agus mar acmhainn turasóireachta.


Cuspóir ON65

Uiscí snámha a chosaint, lena n-áirítear na cinn siúd atá liostaithe i gClár na Creat-Treorach Uisce de Limistéir Chosanta i gCeantar Abhantraí an Oirthir, ag Cill Fhionntain, Mullach Íde, Domhnach Bat, Port Reachrann, an Ros, Loch Sionnaigh, na Sceirí agus Baile Brigín, chun gur féidir leo cloí leis na caighdeáin riachtanacha uisce snámha agus torthaí/moltaí na dtuarascálacha ar Cháilíocht an Uisce Snámha in Éirinn mar atá foilsithe a chur i bhfeidhm.

Uiscí Sliogéisc

Féach ar léarscáileanna an Bhonneagair Ghlais

Tá dhá limistéar amach ó chósta Fhine Gall atá sainithe mar Uiscí Sliogéisc de bhun Airteagal 5 den Treoir maidir le Sliogiasc (2006/113/EC) agus rannán 6 de na Rialacháin um Cháilíocht Uiscí Sliogéisc (I.R.  Uimh. 268 de 2006), rudaí ina bhfuil riachtanas Cláir Laghdaithe Truaillithe (CLTanna) a fhorbairt le haghaidh limistéir shainithe sliogéisc d'fhonn tacú le sliogéisc maireachtáil agus fás agus le cur le hardchaighdeán na dtáirgí sliogéisc is féidir a ithe go díreach. Baineann CLTanna sliogéisc le moilisc dhébhlaoscacha agus ghastrapódacha, lena n-áirítear oisrí, diúilicíní, ruacain, muiríní agus breallaigh. Ní chuimsíonn siad seo crústaigh sliogéisc amhail portáin, cráifisc agus gliomaigh.


Cuspóir ON66

Cáilíocht na n-uiscí sainithe sliogéisc amach ó chósta Fhine Gall a chosaint.


Cuspóir ON67

Cinntiú go gcloíonn an Chomhairle, i gcur i gcrích a bhfeidhmeanna, le riachtanais na Treorach maidir le Sliogiasc (2006/113/EC), rialacháin reachtúla de bhun na Treorach maidir le Sliogiasc agus Chláir Laghdaithe Truaillithe na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil do Limistéar Sliogéisc Bhaile Brigín/na Sceirí agus Limistéar Sliogéisc Mhullach Íde.

  • [1]  I gcás go bhfuil breis is sainiú amháin ag baint le ceantar áirithe, d'fhéadfadh an ceantar atá cuimsithe ag gach sainiú a bheith difriúil.

Clár ábhair

Baile