Caibidil 12: Caighdeán Bhainistíocha Forbartha

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

12.1 Cúlra

Tá Bainistíocht Forbartha ar cheann de na príomhuirlisí um chur i bhfeidhm an Dréachtphlean Forbartha. Sa Chaibidil seo tugtar cuntas ar na caighdeáin agus na critéir forbartha a chinntíonn go ndéantar forbairt ar bhealach eagraithe agus éifeachtúil. I ngach togra forbartha, is í aidhm an Údaráis Pleanála ná caighdeán ard deartha agus taitneamhachta a chur chun cinn agus cur leis an tsainghné atá ag áit ar leith cheana féin. Ní mór go gcomhlíonfadh tograí na caighdeáin agus na critéir a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha áirithe forbartha, ní mór go mbeidís i gcomhréir leis na treoracha atá leagtha síos sna caibidlí roimhe seo agus ní mór go gcomhlíonfaidís an treoir ábhartha reachtaíochta.

Réamhphleanáil

In Alt 247 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (mar atá leasaithe) cuirtear nós imeachta foirmiúil ar fáil d'iarratasóirí le gur féidir leo treoir réamhphleanála a lorg ón Údarás Pleanála maidir leis an bhforbairt atá beartaithe acu. Cuireann an tÚdarás Pleanála comhairliúcháin réamhphleanála ar fáil nuair a iarrtar air agus molann sé na comhairliúcháin sin a dhéanamh sula gcuirtear isteach iarratas pleanála.

Forfheidhmiú

Déanfar forbairt a rialú de réir na mbeartas agus na gcuspóirí atá leagtha amach sa Phlean Forbartha Contae agus de réir phrionsabail na pleanála cirte agus na forbartha inbhuanaithe. Maidir le forálacha forfheidhmithe Chuid VIII den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, mar atá leasaithe , is é ról an Údaráis Phleanála ná tabhairt faoi ghníomhartha forfheidhmithe áit is gá maidir le neamhchomhlíonadh coinníollacha a bhaineann le ceadanna pleanála agus maidir le forbairt neamhdhíolmhaithe a dhéanamh gan chead pleanála. Sa bhreis air sin, tá sainchumhachtaí rialaithe ag an údarás pleanála faoin reachtaíocht reatha a bhaineann le réimsí mar dhéanmhais chosanta agus orduithe caomhnaithe crann. Ina theannta sin, leanfaidh an tÚdarás Pleanála ar aghaidh ag deonú cead pleanála agus coinníollacha á gcur san áireamh a cheanglaíonn go n-íocfaí tobhaigh agus/nó bannaí chun cinntiú go gcomhlíontar coinníollacha an cheada. Féadfar forálacha Alt 35 den Acht a dhúiseacht pé áit ar cuí.

12.2 Prionsabail Choitianta do gach Iarratas Pleanála

Déanfaidh gach scéim forbartha prionsabail na hinrochtaineachta, an bhonneagair ghlais agus deartha inbhuanaithe a chur chun cinn i dteannta le dea-chleachtas sa dearadh ailtireachta agus sa chaomhnú.

Rochtain do Chách

Aithníonn an Chomhairle go bhfuil gá le comhionannas rochtana do chách ar gach gné den timpeallacht thógtha agus sheachtrach mar réamhriachtanas bunúsach an chomhionannais deiseanna agus chun sochaí chuimsitheach a fhorbairt. I gCuid M de na Rialacháin Tógála, leagtar amach caighdeáin chun cinntiú go bhfuil foirgnimh inrochtana agus gur féidir le gach duine iad a úsáid lena n-áirítear daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil leanaí acu. Sa Doiciméad Treoracha Teicniúla maidir le Cuid M, tugtar treoir i leith na riachtanas rochtana d'fhoirgnimh phoiblí agus d'áiteanna cónaithe. Féachfaidh an Chomhairle chuig cur i bhfeidhm chaighdeáin dea-chleachtais a mholadh maidir le rochtain i dtimpeallachtaí istigh agus amuigh araon. Agus iarratais phleanála á meas, a bhaineann le déanmhais chosanta, coimeádfar i gcuimhne stádas cosanta an déanmhais agus an gá leis an tsainghné speisialta a chosaint. Gné thábhachtach maidir le hinbhuanaitheacht a bhaint amach agus aonaid chónaitheacha á ndearadh ná cumas an deartha freastal ar riachtanais athraitheacha teaghlaigh. Trí mheán tithíochta a bhfuil inoiriúnaitheacht fhadtéarmach agus cumas solúbthachta aici, ceadaítear athrú de réir mar a thagann athrú ar chúinsí nó mar a fhásann teaghlaigh. Ábhair mhachnaimh atá lárnach agus teach á dhearadh ná inoiriúnaitheacht a cheadaíonn athrú a dhéanamh ar ábhar foirgnimh agus solúbthacht ionas gur féidir spásanna a úsáid ar réimse bealaí éagsúla. Ba cheart prionsabal treorach na hinrochtaineachta a léiriú go soiléir i dtograí forbartha.

Bonneagar Glas

Ba cheart bonneagar glas atá ann cheana féin a aithint ag na chéad chéimeanna den phróiseas pleanála um forbairt agus ba cheart go mbeadh sé mar threoir agus leagan amach oiriúnach do shuíomh á dhearadh. Cuirfear plean tírdhreachaithe isteach le hiarratas a léiríonn go soiléir an chaoi a bhfuil an leagan amach agus tograí bainistíochta forbartha treoraithe ag an mbonneagar glas atá ann cheana féin agus deiseanna chun áiseanna nádúrtha, spás oscailte agus naisc nua a chruthú agus go bhfuil an méid sin cuimsithe iontu.

Dearadh Inbhuanaithe

Ní mór go gcomhlíonfadh leagan amach agus dearadh an fhoirgnimh na caighdeáin is airde d'éifeachtúlacht fuinnimh agus is féidir. Déanfar foirgnimh a dhearadh ar bhealach a mbainfear úsáid as a laghad acmhainní agus is féidir, agus go laghdófar dramhaíl, uisce agus fuinnimh. Bainfear an leas is mó agus is féidir as aerú nádúrtha sa dearadh agus déanfar dallrú agus grian-neartú iomarcach chomh híseal agus is féidir, agus ceantair mhóra de ghloiniú á seachaint agus cothrom cuí a sholáthar idir gnéithe soladacha agus folmha.

Cuimseofar teicneolaíochtaí um shábháil fuinnimh agus giniúint fuinnimh, mar phainéil ghréine dín agus fuinneamh geoteirmeach ag an gcéim dheartha pé áit ar féidir. Úsáidfear ábhair ó fhoinsí inbhuanaithe agus ábhair athúsáidte/athchúrsáilte a bhí ann cheana féin pé áit ar féidir. Moltar bearta a cheadóidh d'áititheoirí dul i dtaithí ar thionchair an athraithe aeráide i bhforbairtí agus ina measc tá aerú nádúrtha, scáthú sa samhradh, fuinneoga is féidir a oscailt, díonta agus ballaí maireachtála, plandáil agus crainn a chuimsiú, chomh maith le córais draenála inbhuanaithe uirbeacha (CDib) agus dromchlaí tréscaoilteacha a chur san áireamh i spásanna taobh leo. Bainfear an leas is mó agus is féidir as aerú nádúrtha sa dearadh, beidh róscáthú, dallrú agus grian-neartú iomarcach chomh híseal agus is féidir. Beidh bearta chun tionchair an athraithe aeráide a mhaolú agus chun dul i dtaithí orthu oiriúnach do shainghné speisialta agus ailtireachta ceantair.

Cuirfear na gnéithe sin de dhearadh inbhuanaithe san áireamh ó thús an phróisis deartha toisc go bhfuil ról lárnach acu maidir le dlús, treoshuíomh foirgnimh, airde, foirm agus ábhair agus cuma agus feidhmiúlacht fhoriomlán scéime beartaithe.

Measúnachtaí a Éilítear do Thionscadail faoi Leith

Measúnacht Tionchair Timpeallachta

Sna Rialacháin Phleanála agus Forbartha ó 2001, sonraítear tairseacha éigeantacha a n-éilítear Ráitis Tionchair Timpeallachta

(RTT) tharstu maidir le cineálacha agus scála tograí forbartha. Áit a measann an tÚdarás Pleanála gur cosúil go mbeadh tionchair mhóra ag togra forbartha ar an gcomhshaol, is féidir RTT ''faoi bhun na tairsí/RTT roghnach a iarraidh trí fhógra a thabhairt i scríbhinn.

Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí

Faoi Airteagal 6 den Treoir maidir le Gnáthóga, tá ceanglas ann socrú, cibé acu maidir le pleananna agus tionscadail, an bhfuil Measúnacht Chuí (MC) ag teastáil. Má mheastar tar éis scagthástáil, go dteastaíonn MC, ní mór don té a mhol an plean nó an tionscadal Ráiteas Tionchair Natura a ullmhú. Ní thabharfar cead do phlean nó tionscadal go dtí go mbeidh Scagthástáil le haghaidh Measúnacht Chuí, agus Céim 2 deimhnithe ar bhonn fianaise eolaíochta ag an údarás inniúil

Measúnacht Chuí, pé áit ar gá, gurb amhlaidh:

  • Nach mbeidh drochthionchair dhíreacha, neamhdhíreacha nó thánaisteacha ag an bplean ná an tionscadal ar shláinte aon láithreá(i)n Eorpach(a) (Natura 2000) (ina aonar nó i dteannta le pleananna nó tionscadail eile); nó
  • Go mbeidh drochthionchair mhóra ag an bplean nó an tionscadal ar shláinte aon láithreá(i)n Eorpach(a) (Natura 2000) (nach bhfuil cineál gnáthóige nádúrtha tosaíochta agus/nó speiceas tosaíochta le fáil iontu) ach nach bhfuil aon réitigh eile ar fáil agus d'ainneoin sin nach mór an plean nó an tionscadal a dhéanamh ar chúiseanna éigeantacha a sháraíonn leas an phobail – lena n-áirítear cúiseanna de chineál sóisialta nó eacnamaíoch. Sa chás sin, beidh sé mar cheangal cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sa reachtaíocht agus aontú ar na bearta cúiteacha go léir a theastaíonn chun cinntiú go gcosnaítear comhtháiteacht iomlán na láithreán Eorpach (Natura 2000); nó
  • Go mbeidh drochthionchar suntasach ag an bplean nó tionscadal ar aon láithreá(i)n Eorpacha (Natura 2000) (ina bhfuil cineál gnáthóige nádúrtha agus/nó speiceas tosaíochta) ach nach bhfuil aon réitigh eile ar fáil agus nach mór d'ainneoin sin an plean nó tionscadal a chomhlíonadh ar chúiseanna práinneacha a sháraíonn leas an phobail - atá srianta do chúiseanna sláinte daonna nó sábháilteachta poiblí, do thorthaí tairbhiúla atá tábhachtach don chomhshaol go príomha, nó, tar éis barúil a fháil ón gCoimisiún, ar chúiseanna práinneacha eile a sháraíonn leas an phobail. Sa chás seo, beidh sé ina cheangal nósanna imeachta a leanúint atá leagtha amach sa reachtaíocht agus tabhairt faoi na bearta cúitimh go léir is gá chun cinntiú go gcosnaítear comhtháiteacht fhoriomlán na láithreán Eorpach (Natura 2000).

Measúnachtaí eile a d'fhéadfadh go measfaí go mbeidís riachtanach um Thograí Pleanála:

  • Measúnú Baol Tuilte
  • Measúnacht  Tionchair ar Thrácht
  • Measúnacht Tírdhreacha
  • Measúnacht Seandálaíochta
  • Measúnacht Ailtireachta

Ní liosta iomlán atá anseo.

Cuspóir CBF01

Cinntiú go mbeidh gach plean agus tionscadal sa Chontae, a bhféadfadh go mbeadh drochthionchar acu iontu féin nó i dteannta le pleananna agus tionscadail eile, ar láithreán nó láithreáin Eorpach(a) faoi réir Scagthástáil nó Measúnacht Chuí

Cuspóir CBF02

Cinntiú go mbeidh tograí forbartha an Údaráis Áitiúil faoi réir measúnacht timpeallacha de réir mar is cuí, lena n-áirítear Scagthástáil do Mheasúnacht Chuí agus Measúnacht Tionchair Timpeallachta

12.3 Critéir Deartha d'Fhorbairt Uirbeach

Dearadh Uirbeach Ardchaighdeáin

Tá ról lárnach ag dearadh uirbeach maidir le cathracha, bailte agus sráidbhailte beoga a chruthú. Tá an Chomhairle geallta chun cinntiú go gcuirfear prionsabail dea-chleachtais an deartha uirbigh i bhfeidhm ar gach forbairt. Trí dhearadh uirbeach ardchaighdeáin, cruthófar áiteanna ardchaighdeáin agus tarraingteacha ar mian le daoine bheith ina gcónaí agus ag obair iontu agus ag baint taitnimh astu. Tá sé mar bheartas don Chomhairle cinntiú go mbeidh an fhorbairt go léir de dhearadh ardchaighdeáin agus go ndéanfaidh sé cur chun cinn ar bhaint amach timpeallachtaí inrochtana, sábháilte agus inbhuanaithe, a léiríonn sainghné agus oidhreacht speisialta an Chontae agus a chuid bailedhreach agus tírdhreach éagsúil.

Ba cheart go mbeadh prionsabail deartha bunaithe ar Sustainable Residential Development in Urban Areas - Guidelines for Planning Authorities agus Best Practice Urban Design Manual [DoECLG 2009]. Sna treoirlínte seo, leagtar amach 12 phrionsabal deartha atá le cur i bhfeidhm i scéimeanna forbartha amach anseo.

Íomhá de tsráid nua atá molta

Cuspóir CBF03

Ráiteas deartha sonrach a chur isteach d'fhorbairtí ina bhfuil níos mó ná 5 aonad chónaitheacha nó 300 méadar cearnach d'fhorbairt mhiondíola/tráchtála i gceantair uirbeacha. Seo a leanas a éilítear maidir leis an ráiteas deartha:

  • Go míneofaí na prionsabail deartha agus coincheap an deartha.
  • Go léireofaí an chaoi ar tógadh san áireamh an dá chritéar déag um dhearadh uirbeach (de réir an Urban Design Manual - A Best Practice Guide’) agus scéimeanna á ndearadh i gceantair uirbeacha. Tá an tábhacht chéanna ag baint le gach ceann den dá chritéar déag agus ní mór é a mheas ar bhealach comhtháite.
  • Leagan amach cén chaoi a gcomhlíonann an fhorbairt Cuspóirí an Phlean Forbartha, agus cuspóirí aon Phlean Limistéir Áitiúil, Máistirphlean, Straitéise d'Ionad Uirbeach, Creatphlean nó plean eile cosúil leo siúd a bhaineann leis an láithreán.
  • Grianghraif den láithreán agus den áit timpeall air a chur san áireamh.
  • Léaráidí eile a chur san áireamh mar fhótamontáisí, peirspictíochtaí, sceitsí.
  • Cuntas a thabhairt ar thograí sonracha do spás oscailte agus cinntiú go gcuirtear soláthar spáis oscailte san áireamh ón tús amach agus scéim nua á dearadh.
  • Plean sonrach ardchaighdeáin a leagan amach um dhearadh spáis oscailte agus tírdhreacha agus sonraíochtaí san áireamh, agus é ullmhaithe ag foireann de dhaoine gairmiúla a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu.
  • Cuntas a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil Bonneagar Glas cuimsithe sa scéim.

Láir Bhaile agus Sráidbhaile

Tá láir bhaile, sráidbhaile agus ionaid dúiche agus áitiúla mar phríomhfhócas d'fhorbairt eacnamaíoch, pobail agus chónaitheach ar fud an Chontae. Chun cinntiú go ndéantar an fhorbairt sin ar bhealach inbhuanaithe agus éifeachtúil, tá forbairtí úsáide measctha riachtanach. Ba cheart go gcuirfeadh bealaí úsáide measctha lena chéile agus áit nach féidir, ba cheart bealaí úsáide a scaradh.

Cuspóir CBF04

Iarratais phleanála a mheas um athrú úsáide i ngach ionad uirbeach agus sráidbhaile de réir an róil dhearfaigh atá acu in éagsúlú an cheantair i dteannta lena gcuid éifeachtaí carnacha ar thrácht, oidhreacht, comhshaol, páirceáil agus áiseanna cónaitheacha áitiúla.

Línte Tógála

Is gnách go bhféachfaidh an Chomhairle chuig cinntiú nach ndéanfar forbairt os comhair línte bunaithe, ná i suíomh a thiocfadh salach ar líne tógála. Agus cinneadh á dhéanamh maidir le cá háit ar cheart líne tógála a shuí, tógfar san áireamh an cineál forbartha a mbaineann sé leis. Áit a bhfuil forbairt suite ar bhóithre atá tábhachtach ó thaobh tráchta, d'fhéadfadh go mbeadh línte tógála ag teastáil chun soláthar a dhéanamh do níos mó áiseanna agus do shábháilteacht úsáideoirí bóthair agus cónaitheoirí. Ar bhóithre atá ann cheana féin, d'fhéadfadh go mbeadh línte tógála ag teastáil chun an bóthar a leathnú sa todhchaí. I gcásanna den sórt sin, beidh línte tógála ag teastáil chun ceadú do riachtanais bhóthair sa todhchaí.

Ealaín Phoiblí

Cuspóir CBF05

Ceangal ar fhorbairtí cónaitheacha nua a bhfuil níos mó ná 100 aonad iontu agus forbairtí móra tráchtála/miondíola atá níos mó ná 200 méadar cearnach saothar ealaíne poiblí a sholáthar a n-aontófar air leis an gComhairle

Aghaidheanna siopa

Is é atá in aghaidh siopa, agus aon chomharthaí san áireamh, ná íomhá phoiblí an áitribh sin. Tá ról luachmhar ag dearadh maith aghaidh siopa i gcáilíocht ceantar siopadóireachta. Féadann aghaidheanna siopa drochchaighdeáin baint de shainghné sráid-dreach agus cur isteach ar an bhfís. Cuimsíonn aghaidheanna siopa ní hamháin siopaí ach aghaidheanna gnóthais eile mar bhialanna, bainc, oifigí agus aon ghníomhaíocht ar urlár na talún ar ár gcuid príomhshráideanna.

Ní mór bainistíocht chúramach a dhéanamh áit a bhfuiltear ag plé le haghaidheanna siopa. Molfar dearadh comhaimseartha ardchaighdeáin le haghaidh aghaidheanna siopa nua. Ní mór go gcoimeádfaí i gcuimhne sainghné agus oidhreacht ailtireachta na sráid-dreach atá ann cheana féin áfach, agus aon aghaidh siopa nua á dearadh.

D'fhéadfadh nach mbeadh lógónna corparáideacha, dearaí agus dathanna oiriúnach i ngach ionad. Molfar gan scannán ná sciathadh a úsáid a cheileann an chuid ghlónraithe d'fhuinneog aghaidh siopa. Áit a n-úsáidtear an t-ábhar sin, is minic go gcruthaítear mothú éadain mhairbh ar shráid-dreach. Foinse eile de thranglam físe iad comhlaí slándála agus tá sé riachtanach iad a láimhseáil go cúramach. Ba cheart comhlaí slándála nua a chur taobh thiar den ghloiniú fuinneoige ar mhaithe le taitneamhacht físe.

Dréachtaíodh doiciméad treorach maidir le haghaidheanna siopa ardchaighdeáin a chur ar fáil do Mhullach Íde. Sa dréachtdoiciméad sin, leagtar amach Ábhair Treoraithe um Dhearadh atá ábhartha do dhearadh gach aghaidh siopa agus atá leagtha amach thíos. Déanfar doiciméid treorach bhreise do cheantair eile ar fud an Chontae.

Straitéis Réimse Poiblí Mhullach Íde – Treoir Deartha d'Aghaidheanna Siopa

Straitéis Réimse Poiblí Mhullach Íde – Treoir Deartha d'Aghaidheanna Siopa

Ba cheart go dtógfaí san áireamh an tsráid-dreach, an foirgneamh é féin agus sonraí deartha an aonaid siopa agus gach aghaidh siopa á dearadh, is cuma cibé acu gur aghaidh siopa nua-aimseartha nó thraidisiúnta atá inti.

An tSráid-Dreach

Tá sé tábhachtach bheith feasach ar shainghné na sráide agus smaoineamh faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an dearadh ar an sráid-dreach. Ba cheart go léireodh aghaidheanna siopa an tsnáithe uirbeach stairiúil, na leithid foirgnimh agus go gcuirfidís le dearadh maith agus le sainghné thraidisiúnta an tsráidbhaile.

An Foirgneamh

Tá sé tábhachtach smaoineamh faoin tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag an aghaidh siopa ar an bhfoirgneamh é féin, chomh maith leis na foirgnimh agus na haghaidheanna siopa taobh leis. Chun aghaidh siopa a dhearadh go maith, ba cheart sainghné an fhoirgnimh a choimeád i gcuimhne, go háirithe áit a bhfuil sé laistigh den LCA, agus a aghaidh thraidisiúnta a choimeád. Tá sé tábhachtach béim cheartingearach a choimeád, agus gaol a choimeád le hailínithe agus comhréireacha na n-áiteanna fuinneoige/na bhfuinneog ar an gcéad urlár. Tá tábhacht ag baint freisin le méid agus dath na gcomharthaí/na n-éadan i gcoibhneas le balla an tsiopa

Na Sonraí

Tá sonraí deartha na haghaidhe siopa fíorthábhachtach. Bíonn ornáidí, fuinneoga, sonraí dorais agus dathanna bainteacha ina bpointe físe spéisiúil agus ba cheart iad a choimeád. Ba cheart smaoineamh go domhain ar dhath na haghaidhe siopa agus ba cheart go bhfeabhsódh sé an foirgneamh chomh maith leis an sráid-dreach.

Cuspóir CBF06

Treoir a dhéanamh do dhearaí ardchaighdeáin aghaidh siopa le haghaidh ionaid ainmnithe ar fud an Chontae agus é a shainiú i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha

Cuspóir CBF07

Cinntiú go dtógtar san áireamh sainghné agus oidhreacht ailtireachta an tsráid-dreacha atá ann cheana féin agus aghaidheanna siopa nua á ndearadh. Úsáid deartha chomhaimseartha um aghaidh siopa a mholadh, pé áit ar cuí.

Cuspóir CBF08

Úsáid scannáin nó sciathadh a cheileann an chuid ghloinithe d'fhuinneog aghaidh siopa a chosc áit a mbíonn tionchar diúltach aige ar an sráid-dreach

Cuspóir CBF09

Cinntiú nach mbaintear ón sráid-dreach agus lógónna corparáideacha, soilse, dearaí agus dathanna á n-úsáid.

Cuspóir CBF10

É a dhéanamh mar cheangal go gcuirfí comhlaí slándála ar aghaidheanna siopa taobh thiar den ghloiniú fuinneoige agus úsáid comhlaí slándála trédhearchacha a mholadh i ngach aghaidh siopa atá ann cheana féin agus stair na loitiméireachta á coimeád i gcuimhne.

Comharthaí Eile

Féadann comharthaí agus go háirithe ionad na gcomharthaí sin dul i bhfeidhm go mór ar thaitneamhacht físe ceantair. Féadann comharthaí nach bhfuil suite go maith agus nach bhfuil gá leo baint de chaighdeán físe foriomlán an cheantair.

Tabharfar aird faoi leith ar dhearadh agus ionad fógraíochta nua sna ceantair sin a bhfuil sé ar intinn ag an gComhairle scéimeanna um fheabhsú baile agus sráidbhaile a chur i bhfeidhm iontu chun an leas is mó agus is féidir a bhaint as na scéimeanna sin ó thaobh an chomhshaoil agus i gceantair atá ina n-ábhair Máistirphlean, Plean do Chreat Uirbeach nó Straitéis Réimse Poiblí chomh maith.

Ba cheart go mbeadh comharthaí fógraíochta, áit a bhfuil siad ceadaithe, simplí ó thaobh deartha, i gcomhréir lena dtimpeallacht, gan soilsiú agus ba cheart nach mbeidís rófheiceálach gan chúis leis sin. Tá sé mar aidhm ag an gComhairle laghdú a dhéanamh ar mhéid na gcomharthaí déanmhais sheasta agus cinntiú go mbaintear comharthaí agus fógraí nach bhfuil údaraithe agus nach bhfuil feidhm leo feasta.

Cuspóir CBF11

Measúnú a dhéanamh ar thograí um chomharthaí maidir le timpeallacht agus gnéithe na bhfoirgneamh agus déanmhas a bhfuil comharthaí le taispeáint orthu, ar líon agus méid comharthaí sa cheantar (idir comharthaí atá ann cheana féin agus iad siúd atá beartaithe) agus ar an seans go gcruthófaí tranglam físe nach dteastaíonn

Cuspóir CBF12

Moladh go dtaispeánfaí aon chomharthaí cultúrtha, pobail agus cathrach nua ar fud an Chontae i nGaeilge agus i mBéarla araon.

Cuspóir CBF13

Bearta um laghdú fuinnimh a léiriú i ndéanmhais fógraíochta nua chomh maith le déanmhais ionaid

Cuspóir CBF14

Cur i gcoinne clár fógraí nua agus déanmhais agus taispeántais fógraíochta móra eile.

Cuspóir CBF15

Bearta forfheidhmithe a dhéanamh chun baint fógraí neamhúdaraithe de réadmhaoin phríobháideach a bhaint amach agus chun fógraí neamhúdaraithe a bhaint d'áiteanna poiblí. Pé áit ar cuí, bainfidh an Chomhairle úsáid as na cumhachtaí atá ar fáil faoi Alt 209 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, mar atá leasaithe, chun déanmhais fógraí nó fógraí a dheisiú, chun slacht a chur orthu nó iad a bhaint, nó bainfidh siad úsáid as forálacha an Acht Bruscair.

Díonta agus Ballaí Glasa

Is é atá i ndíon nó i mballa glas ná cuid d'fhoirgneamh atá clúdaithe go hiomlán le fásra agus le hithir, nó le meán fáis, agus atá curtha os cionn scannán uiscedhíonaithe. Is gnách go mbíonn cisil bhreise ar nós bacainn dín agus córais draenála agus córais uiscithe curtha san áireamh mar chuid den chóras dín ghlais.

Tá go leor tairbhí ó thaobh an chomhshaoil ag baint le díonta glasa, lena n-áirítear ionsú agus scaoileadh rialaithe uisce báistí seachas rith láithreach chun córais draenála uisce dromchla. I limistéir uirbithe, soláthraíonn siad gnáthóg fiadhúlra, cuireann siad feabhas ar cháilíocht an aeir, cuireann siad feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh agus laghdaíonn siad éifeacht an "oileáin teasa uirbigh", a tharlaíonn nuair a shúnn agus a ghaistíonn foirgnimh teas, agus ar an mbealach sin go méadaíonn siad an teocht san áit timpeall orthu. Molfar díonta glasa a úsáid mar chuid de chur chuige comhtháite le haghaidh soláthar bonneagair ghlais, agus na tairbhí ó thaobh soláthar CDIb ach go háirithe á gcoimeád i gcuimhne.

Tugtar ballaí beo, bithbhallaí nó gairdíní ceartingearacha ar bhallaí glasa chomh maith agus tá go leor tairbhí ag baint leo lena n-áirítear:

  • Insliú teirmeach
  • Tá sé go maith d'fhuaimíocht - súnn sé fuaim agus cuireann sé bac le frithchaitheamh
  • Tá sé go maith d'fhiadhúlra
  • Soláthraíonn sé do cheapadh carbóin. Is é atá i gceist le ceapadh carbóin ná carbón a bhaint den atmaisféar agus é a stóráil i linnte dé-ocsaíd charbóin
  • Tairbhí ó thaobh físe trí phointe físe spéisiúil a chur ar fáil in éadan a bheadh bán murach sin.

Cuspóir CBF16

Úsáid ballaí agus díonta glasa a mholadh le haghaidh forbairtí nua a léiríonn tairbhí maidir le CDIb mar chuid de chur chuige comhtháite le haghaidh soláthar bonneagair ghlais.

Cuspóir CBF17

Úsáid ballaí agus díonta glasa a mholadh mar chuid de chur chuige comhtháite le haghaidh soláthar bonneagair ghlais.

Saoráidí Fóntais

Is minic gur tharla sé gur laghdaíodh caighdeán foirgneamh a raibh bailchríocha maith orthu agus scéimeanna tírdhreachaithe ardchaighdeáin mar gheall ar dhrochshuíomh saoráidí fóntais ar nós fostáisiún leictreachais agus easpa smaoinimh ó thaobh dhearadh na saoráidí sin, go háirithe iad siúd a bhíonn suite ag tús agus taobh foirgneamh. Aithnítear go bhfuil gá le saoráidí fóntais, go háirithe le haghaidh forbairtí mórscála. Ba cheart smaoineamh go cúramach ar a n-ionad, áfach.

Cuspóir CBF18

Pé áit ar féidir, gan déanmhais fóntais nua mar fhostáisiúin leictreachais agus caibinéid um threalamh teileachumarsáide a shuí taobh le nó chun tosaigh ó líne tógála tosaigh foirgneamh ná ar áiteanna spáis oscailte.

Cuspóir CBF19

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh dearadh ardchaighdeáin ar dhéanmhais fóntais nua mar fhostáisiúin leictreachais agus caibinéid um threalamh teileachumarsáide agus go ndéanfadh an soláthraí seirbhíse ábhartha iad a chothabháil de réir caighdeáin aird.

12.4 Critéir Deartha d'Fhorbairt Chónaitheach

Criosú Cónaitheach

Tá dhá phríomhchriosú Dréachtphlean ann do cheantair chónaitheacha Ar an gcéad dul síos is é an cuspóir criosaithe CÓ ná "soláthar d'fhorbairt chónaitheach agus taitneamhacht chónaitheach a fheabhsú”. Is í an fhís atá i gceist ná cinntiú go mbeidh tionchar chomh beag agus is féidir ag aon fhorbairt nua ar áiseanna atá ann cheana féin. Ar an dara dul síos is é an cuspóir criosaithe CC ná "soláthar do phobail chónaitheacha nua faoi réir sholáthar an bhonneagair shóisialta agus fhisicigh a theastaíonn”. Is í an fhís atá ann don chriosú seo ná cinntiú go gcuirtear forbairtí cónaitheacha nua ardchaighdeáin ar fáil a bhfuil leagan amach agus dearadh maith acu, agus iad gar d'áiseanna pobail, agus meascán cuí de mhéideanna, cineálacha agus tionachtaí acu.

Beidh roinnt ceantair criosaithe CÓ faoi réir Plean Limistéir Áitiúil nó Máistirphlean. Tá na suíomhanna sin marcáilte ar léarscáileanna an Dréachtphlean Forbartha.

Meascán de Chineálacha Áiteanna Cónaithe

Ba cheart go soláthródh an meascán d'áiteanna cónaithe in aon scéim chónaitheach raon cothrom de chineálacha agus méideanna áite cónaithe chun tacú le cineálacha tí éagsúla. Ar láithreáin inlíonta níos lú, ba cheart go gcuirfeadh an meascán d'áiteanna cónaithe leis an meascán foriomlán d'áiteanna cónaithe sa cheantar.

Beidh Ráitis Deartha um thograí forbartha cónaithí nó úsáide measctha a bhfuil gné chónaitheach ag baint leo ag teastáil chun déileáil leis an meascán de chineálacha áiteanna cónaithe.

Dlús Cónaitheach

Go ginearálta, ba cheart an líon áiteanna cónaithe atá le cur ar fáil ar láithreán a shainiú trí fhéachaint ar dhoiciméad Treoirlínte na RoinneSustainable Residential Development in Urban Areas – Guidelines for Planning Authorities (2009). Mar phrionsabal ginearálta agus chun cineálacha inbhuanaithe forbartha a chur chun cinn, déanfar dlúis chónaitheacha níos airde a chur chun cinn laistigh d'fhad siúil ó ionaid baile agus dúiche agus áiseanna ard-acmhainne iompair phoiblí.

Forbairt Árasán

Ba cheart go mbeadh dearadh ardchaighdeáin agus leagan amach ardchaighdeáin láithreáin ar fhorbairtí árasán agus sainghné agus áiseanna an cheantair á gcur san áireamh. Moltar d'fhorbairtí árasán aonaid déthreoíochta a chur ar fáil. Sa bhreis air sin, tá sé riachtanach go gcuirfeadh forbairtí árasán meascán aonad ar fáil chun freastal ar theaghlaigh de mhéideanna difriúla.

De réir threoirlínte na Roinne, tá sé ina cheangal gurb é an t-íosmhéid d'árasáin déthreoíochta a fhéadfar a chur ar fáil in aon scéim árasáin aonair ná 50%. I gcásanna áirithe, ar láithreáin uirbeacha istigh, atá gar d'ionaid chathrach nó baile de ghnáth, agus ceantair CFS san áireamh, áit a bhfuil sé riachtanach aghaidh sráide mhaith a chinntiú faoi réir dearadh ardchaighdeáin, d'fhéadfadh go laghdófaí é sin níos mó go 33% ar a laghad. Go hídéalach, ba cheart go mbeadh árasáin a bhfuil 3 sheomra leapa iontu de dhearadh déthreoíochta. Féadfar na ceanglais sin a dhéanamh níos boige áit a bhfuil sé beartaithe seanfhoirgneamh a athchóiriú i gcomhthéacs uirbeach srianta. Ní mheasfar árasáin aontreoíochta a bhfuil a n-aghaidh ó thuaidh, ach amháin áit a mbeidís ag féachaint thar áis thábhachtach mar pháirc phoiblí, gairdín nó spás foirmiúil, nó corp uisce nó gné thaitneamhachta eile.

In árasáin ar leibhéal na talún, beidh an airde ó urlár go síleáil 2.7m ar a laghad. Íosriachtanas daingean é sin agus ba cheart go smaoineodh iarratasóirí an bhféadfaí an íosairde ó urlár go síleáil a mhéadú go 2.7 méadar áit nach mbeadh sé riachtanach mar gheall ar shrianta airde, líon na n-urlár a laghdú agus ba cheart go smaoineoidís ar 3.0 méadar ar urlár talún foirgneamh ilstórach.

Sa bhreis air sin, tá sé riachtanach go soláthródh forbairtí árasán meascán aonad chun freastal ar theaghlaigh de mhéideanna éagsúla.

Féadfar suas le 8 n-árasán in aghaidh an urláir in aghaidh balla lárnach staighre/ardaitheora a chur ar fáil i scéimeanna árasán. Áit nach féidir é sin a dhéanamh, ba cheart d'iarratasóirí agus d'fhorbróirí an líon is mó árasán agus is féidir a chur ar fáil in aghaidh balla lárnach staighre/ardaitheora.

Cuspóir CBF20

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh dearadh déthreoíochta ar 50% d'árasáin ar a laghad in aon scéim árasán

Cuspóir CBF21

Gan céatadán laghdaithe d'árasáin déghné a cheadú ach in áit a bhfuil sé riachtanach aghaidh sráide mhaith a chinntiú agus faoi réir dearadh ardchaighdeáin. Ní bheidh an soláthar comhionann le níos lú ná 33% de líon na n-árasán sa scéim i gcás ar bith.

Cuspóir CBF22

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh an íosairde ó urlár go síleáil 2.7 méadar in aonaid árasáin, ar leibhéal an urláir talún.

Cuspóir CBF23

Suas le 8 n-árasán in aghaidh an urláir a cheadú in aghaidh balla lárnach aonair staighre/ardaitheora i scéimeanna árasán

Caighdeáin Chainníochtúla

Ba cheart go gcuirfeadh dearadh agus leagan amach áiteanna cónaithe aonair timpeallacht mhaireachtála ardchaighdeáin ar fáil do chónaitheoirí. Ba cheart do dhearthóirí na spriocanna agus na caighdeáin a thógáil san áireamh atá leagtha amach i dTábla 12.1, 12.2 agus 12.3. maidir le híosmhéideanna seomra, toisí agus achair urláir fhoriomlána agus cóiríocht chónaitheach á dearadh. Ba cheart áiteanna cónaithe a dhearadh chun méideanna seomra a chur ar fáil atá mór go leor le spásanna maireachtála ardchaighdeáin agus inoiriúnaithe a chruthú.

Chun forbairt dea-chaighdeáin a chinntiú, tá sé mar cheangalgo sáródh formhór na n-árasán in aon scéim bheartaithe um 100 árasán nó níos mó an caighdeán um íosachar talún le haghaidh meascáin ar bith de na cineálacha aonaid 1,2 nó 3 sheomra leapa, ag 10% ar a laghad  (ní mór aon árasáin stiúideo a chur san áireamh san iomlán, ach ní féidir iad a ríomh mar aonaid a sháraíonn an t-íosmhéid ag 10% ar a laghad). Le haghaidh forbairtí idir 10 agus 99 aonad, athraítear an ceangal sin chun níos mó solúbthachta a cheadú. I scéimeanna den sórt sin, tá sé inghlactha cuid den cheanglas um 10% de spás urláir ar a laghad a athscaipeadh ar fud na scéime, .i. chuig gach aonad beartaithe.

De ghnáth, ba cheart dóthain spáis a chur ar fáil don mhéid seo a leanas:

  • Gnáthraon agus gnáthshocrú troscáin le haghaidh gach seomra
  • Méid réasúnta saoirse chun bogadh timpeall, a bheadh oiriúnach do na gníomhaíochtaí ar cosúil go mbeidís ar siúl
  • Bogadh earraí móra troscáin isteach i seomraí agus eatarthu
  • Spás do chruinnithe clainne, agus cuairteoirí anois is arís san áireamh
  • Áit oibre agus saoráidí stórála atá oiriúnach do na gníomhaíochtaí ar cosúil go mbeidís ar siúl
  • Luascadh doirse nach gcuireann isteach ar dhoirse eile, ar throscán ná ar bhealaí timpeall
  • Radaitheoirí agus feistithe seirbhíse eile a shuí ar a bhealach nach gcuireann teorainn le socrú troscáin i seomra

Cuspóir CBF24

É a dhéanamh mar cheangal go gcomhlíonfadh nó go sáródh aonaid chónaitheacha nua na híoschaighdeáin mar atá leagtha amach i dTábla 12.1, 12.2 agus 12.3

Cuspóir CBF25

É a dhéanamh mar cheangal nach mór go sáródh formhór na n-árasán i scéim bheartaithe 100 árasán nó níos mó an caighdeán um íosachar urláir le haghaidh meascáin ar bith de na cineálacha ábhartha aonad 1, 2 nó 3 sheomra leapa, ag 10% ar a laghad.

Cuspóir CBF26

Le haghaidh scéimeanna árasán idir 10 agus 99 aonad, é a dhéanamh mar cheangal nach mór go sáródh na hárasáin go léir i scéim bheartaithe an caighdeán um íosachar urláir le haghaidh meascáin ar bith de na cineálacha aonad 1, 2 nó 3 sheomra leapa, ag 10% ar a laghad. Féadfar é sin a athdháileadh ar fud na scéime, .i. chuig gach aonad beartaithe.

Cuspóir CBF27

É a dhéanamh mar cheangal go gcuimseodh gach iarratas pleanála ar fhorbairt chónaitheach pleananna urláir le haghaidh gach seomra a shonraíonn gnáthleagain amach troscáin agus luascadh doirse

Tábla 12.1 Tithe







Cineál Áite Cónaithe

Líon na n-urlár

Ollachar Urláir Íosta (sq m)

Príomhsheomra Suí na hÁite Cónaithe (sq m)

Achar Cónaithe Comhiomlán na hÁite Cónaithe (sq m)

Achar Comhiomlán Sheomraí Leapa na hÁite Cónaithe (sq m)

Achar Stórála (sq m)

4 Sheomra Leapa/ Seachtar

3

120

15

40

43

6*

4 Sheomra Leapa/ Seachtar

2

110

15

40

43

6*

4 Sheomra Leapa/ Seachtar

1

100

15

40

43

6*

4 Sheomra Leapa/ Seisear

3

115

15

37

36

6*

4 Sheomra Leapa/ Seisear

2

105

15

37

36

6*

4 Sheomra Leapa/ Seisear

1

95

15

37

36

6*

4 Sheomra Leapa/ Cúigear

3

107

13

34

32

5*

4 Sheomra Leapa/ Cúigear

2

97

13

34

32

5*

4 Sheomra Leapa/ Cúigear

1

87

13

34

32

5*

3 Sheomra Leapa/ Cúigear

3

110

15

37

36

6*

3 Sheomra Leapa/ Seisear

2

100

15

37

36

6*

3 Sheomra Leapa/ Seisear

1

90

15

37

36

6*

3 Sheomra Leapa/ Cúigear

3

102

13

34

32

5*

3 Sheomra Leapa/ Cúigear

2

92

13

34

32

5*

3 Sheomra Leapa/ Cúigear

1

82

13

34

32

5*

3 Sheomra Leapa/ Ceathrar

3

93

13

30

28

4*

3 Sheomra Leapa/ Ceathrar

2

83

13

30

28

4*

3 Sheomra Leapa/ Ceathrar

1

73

13

30

28

4*

2 Sheomra Leapa/ Ceathrar

2

80

13

30

25

4.5*

2 Sheomra Leapa/ Ceathrar

1

70

13

30

25

4.5*

2 Sheomra Leapa/ Triúr

2

70

13

28

20

3.5*

2 Sheomra Leapa/ Triúr

1

64

13

28

20

3.5*

1 Seomra Leapa/ Beirt

1

50

11

23

11.4

2.5

Tábla 12.2 Árasáin / Árasán Dhá Urlár

Cineál Áit Chónaithe

Ollachar Urláir Íosta (sq m)

Achar Cónaithe Comhiomlán (sq m)

Achar Comhiomlán Seomra Leapa (sq m)

Achar Stórála (sq m)

3 Sheomra Leapa

90

34

31.5

9

2 Sheomra Leapa

73

30

24.4

6

1 Seomra Leapa Amháin

45

23

11.4

3

* Níor cheart go sáródh aon seomra stórála aonair in árasán/árasán dhá urlár 3.5sqm. Féadfar roinnt spás stórála a chur ar fáil in íoslach nó i gcarrchlós, is féidir é sin a úsáid chun suas go leath den íosriachtanas stórála a chomhlíonadh le haghaidh aonad árasáin aonair.

Tábla 12.3 Íosmhéideanna agus Íosleithid Seomra le haghaidh Tithe agus Árasán

Íosmhéid seomra leapa (Eisíonn íosachair urláir do sheomraí leapa spás stórála ionsuite)

 

Seomra leapa singil

7.1 sq m

Seomra leapa dúbailte

11.4 sq m

Seomra leapa dúbailte agus en-suite san áireamh

13 sq m

Íosleithid seomra

Seomra suí:

Aon seomra leapa amháin

Dhá sheomra leapa

Trí sheomra leapa

 

3.3 méadar

3.6 méadar

3.8 méadar

Seomra leapa dúbailte

2.8 méadar

Seomra leapa singil

2.1 méadar

Achair Scartha

Cloífear le híoschaighdeán de dheighilt 22 méadar idir fuinneoga cúil ar an gcéad urlár atá díreach os comhair a chéile, is é an toradh a bheidh air sin de ghnáth ná íosleithead 11 mhéadar don ghairdín cúil. Áit a bhfuil dóthain spáis oscailte príobháidigh eile ar fáil, áfach (m.sh. ag an taobh), féadfar é sin a laghdú - faoi réir príobháideacht a choimeád agus áiseanna cónaitheacha taobh leis a chosaint.

I ngach togra um fhorbairt chónaitheach, forbairtí árasán ach go háirithe, atá os cionn trí hurlár ar airde, déanfar soláthar d'achair scartha shásúla idir bloic chun éifeachtaí diúltacha a sheachaint mar éifeachtaí iomarcacha amhairc amach, ceannasachta agus róscáthaithe agus cuirfear coinníollacha inbhuanaithe áise cónaithí ar fáil chomh maith le spásanna oscailte. Beidh feidhm ag an íoschaighdeán 22 mhéadar idir fuinneoga atá os comhair a chéile i gcás árasán atá suas le trí hurlár ar airde. I mbloic níos airde, d'fhéadfadh go ndéanfaí achair scartha níos mó a fhorordú agus an leagan amach, an méid agus an dearadh á gcoimeád i gcuimhne. I gcásanna áirithe, ag brath ar threoshuíomh agus ionad i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta, d'fhéadfadh go nglacfaí le hachair scartha laghdaithe. Déanfar maolú caighdeán ar bith a mheas ar bhonn cáis agus níor cheart é a mheas mar réamhfhasach d'fhorbairt ina dhiaidh sin.

Cuspóir CBF28

Is gnách go gcloífear le hachar scartha 22 mhéadar ar a laghad idir fuinneoga cúil ar an gcéad urlár atá díreach os comhair a chéile mura bhfuil soláthar malartach deartha chun príobháideachas a chinntiú. I bhforbairtí cónaitheacha os cionn 3 urlár, méadófar íosachair scartha i gcásanna ina bhfuil amharc amach thar nó róscáthú ar siúl.

Ba cheart achar scartha 2.3 méadar ar a laghad a sholáthar idir ballaí taoibh gach balla, péire tithe leathscoite nó sraith tithe chun ceadú do dhóthain cothabhála agus rochtana.

Cuspóir CBF29

Cinntiú go gcuirtear achar scartha 2.3 méadar ar a laghad ar fáil idir ballaí taoibh aonad scoite, leathscoite nó deireadh sraithe.

Solas an Lae, Solas Gréine agus Róscáthú

Áit a bhfuil leibhéil arda sholas an lae agus solas gréine soláthraítear do leibhéil mhaithe taitneamhachta do chónaitheoirí. Ba cheart leagan amach inmheánach aonad cónaitheach a dhearadh ar bhealach go mbaintear an úsáid is mó agus is féidir as solas an lae agus solas na gréine nádúrtha. Ba cheart go mbeadh leibhéil sholas an lae agus solas gréine, mar íoschaighdeán, i gcomhréir leis na doiciméid dar teideal 'Site Layout Planning for Daylight and Sunlight: A Guide to Good Practice (B.R.E. 1991) and British Standard (B.S.). 8206 Lighting for Buildings, Part 2 2008: Code of Practice for Daylighting' nó le haon leagan nua de na doiciméid sin.

Cuspóir CBF30

Cinntiú go gcomhlíonann gach aonad cónaitheach nua moltaí an doiciméid Site Layout Planning for Daylight and Sunlight: A Guide to Good Practice (B.R.E. 1991) and B.S. 8206 Lighting for Buildings, Part 2 2008: Code of Practice for Daylighting' nó doiciméid ábhartha eile atá cothrom le dáta

Príobháideachas Fuaime

Is é atá i bpríobháideachas fuaime ná tomhas ar insliú fuaime idir áiteanna cónaithe agus spásanna amuigh agus istigh. Féadann tarchur iomarcach fuaime idir aonaid chónaitheacha atá taobh lena chéile go struchtúrtha cur isteach go mór ar chónaitheoirí. Ní mór aonaid chónaitheacha nua a thógáil de réir caighdeán ard chun cinntiú go bhfuil tarchur fuaime ag cloí le caighdeáin inghlactha. Ba cheart go bhféachfadh an fhorbairt chuig an treoir ar insliú fuaime agus laghdú torainn d'fhoirgnimh atá sa 2014 Building Regulations Technical Guidance Document Part E. Moltar na prionsabail seo a leanas ionas go mbeadh cur isteach mar gheall ar thorann chomh beag agus is féidir in aonaid chónaitheacha:

  • Leagan amach an tsuímh agus an fhoirgnimh a úsáid ar bhealach go ndéantar príobháideachas fuaime a uasmhéadú trí dheighilt mhaith foirgnimh a sholáthar laistigh den fhorbairt agus ó fhoirgnimh agus fhoinsí torainn in aice léi
  • Aonaid a shocrú san fhorbairt agus sa leagan amach inmheánach ar bhealach go ndéantar tarchur fuaime a íoslaghdú trí háiteanna gnóthacha, torannacha a chur in aice lena chéile agus áiteanna ciúine a chur in aice le háiteanna ciúine
  • Staighrí, ardaitheoirí agus áiteanna seirbhíse agus áiteanna cúrsaíochta a choimeád amach ó sheomraí a bhíonn íogair i leith torainn, amhail seomraí leapa. Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar shuíomh agus ar leithlisiú fuaim seomra an innill ardaitheora.

Cuspóir CBF31

É a dhéanamh mar cheangal go gcomhlíonfadh na leibhéil tarchurtha fuaime in aonaid leathscoite, sraith tithe, árasáin agus árasán dhá urlár mar íoschaighdeán na '2014 Building Regulations Technical Guidance Document Part E' nó aon chaighdeáin nuashonraithe agus ní mór go gcuirfí innealtóir fuaime cáilithe fianaise ar fáil chun tabhairt le fios gur baineadh amach na leibhéil sin.

Eastáit Plean Oscailte

Tá sé tábhachtach go gcoimeádfaí forbairt chónaitheach oscailte, go háirithe áit a bhfuil oscailteacht ina saintréith de chuid na forbartha. Is féidir é sin a bhaint amach trí chearta forbartha díolmhaithe a bhaint maidir le soláthar ballaí teorann, ráillí nó gnéithe eile os comhair tithe.

Pobail Gheataithe

Is é atá i bpobail gheataithe ná pobail nó forbairtí áit nach bhfuil rochtain éasca ar fáil don phobal toisc go bhfuil cineálacha éagsúla bacainní fisiceacha curtha in airde. Is é a dhéanann pobail gheataithe ná pobail a eisiamh agus a roinnt agus ní thacaíonn siad le forbairt ceantair uirbigh a bhféadann daoine bogadh tríd go héasca agus atá nasctha.

Cuspóir CBF32

Tograí a chosc a chruthódh pobal geataithe d'aon fhorbairtí cónaitheacha nua

Cuideachtaí Bainistíochta agus Áiseanna d'Fhorbairtí Árasáin

I gcás forbairt árasáin ard-dlúis, beidh cuideachta bhainistíochta ag teastáil chun ceantair roinnte a chothabháil. Ba cheart i gcás forbairt árasáin ard-dlúis go smaoineofaí ar cheantair seirbhíse roinnte a chur ar fáil mar sheomraí níocháin, áiseanna stórála, oifigí bainistíochta agus seomraí roinnte ar mhaithe le taitneamh na gcónaitheoirí go léir.

Cuspóir CBF33

É a dhéanamh mar cheangal go mbunófaí cuideachtaí forbartha i scéimeanna de chineál árasán agus go mbeadh na cuideachtaí bunaithe i gceart agus go gcuirfí na struchtúir bhainistíochta riachtanacha i bhfeidhm ar mhaithe leis na cónaitheoirí go léir.

Cuspóir CBF34

I gcás scéimeanna árasáin ard-dlúis a sháraíonn 100 aonad, áiseanna a chur ar fáil um úsáid roinnte cónaitheoirí de réir mar a mheasfaidh an Chomhairle a bheith cuí

Cuspóir CBF35

É a dhéanamh mar cheangal go gcuirfí ar fáil seomraí níocháin agus siléir stórála roinnte i bhforbairtí árasáin ard-dlúis áit a meastar a leithéid a bheith cuí.

Stóráil Bruscair agus Araidí

Féadann stóráil araidí bruscair bheith ina ceist chigilteach i scéimeanna cónaitheacha nua, áit a bhféadfadh go mbeadh sé riachtanach spás a chur ar fáil um áiteanna stórála, athchúrsála agus muirínithe atá mór go leor chomh maith le méadú ar dhiúscairt scartha dramhaíola sa todhchaí.

I gcás soláthair do stóráil bruscair roinnte, ba cheart go mbeadh an pointe bailiúcháin ar fáil don bhailitheoir seachtrach agus don chónaitheoir agus go mbeadh sé cosanta ó dhumpáil neamhdhleathach ag daoine nach bhfuil cónaí orthu san fhorbairt. I gcás tithe aonair, léireoidh an t-iarratasóir go soiléir in iarratas pleanála ionad agus dearadh beartaithe um stóráil araidí chun freastal ar gach áit chónaithe, agus líon na n-araidí aonair a bheidh ag teastáil chun freastal ar gach áit chónaithe aimsir an iarratais á thógáil san áireamh, chomh maith le haon riachtanais fhéideartha do stóráil/bailiú bruscair sa todhchaí.

Cuspóir CBF36

Cinntiú go gcuimsíonn gach scéim chónaitheach nua bearta cuí deartha um áiteanna stórála bruscair, ar cheart go mbeadh a gcuid sonraí taispeánta go soiléir ag an gcéim réamhphleanála agus ag céim an iarratais phleanála. Cinntiú nach bhfuil áiteanna stórála bruscair suite díreach in aice leis an doras tosaigh ná fuinneog an urláir talún, ach amháin má tá dóthain cuasáin scagtha nó bearta maolaithe eile den sórt sin curtha ar fáil.

Cuspóir CBF37

Cinntiú nach sáraíonn an t-uasfhad ón doras tosaigh chuig ceantar araidí roinnte 50 méadar.

Ceantair Chónaitheacha Nua a Ainmniú

Ba cheart smaoineamh go cúramach ar ainm ceantair chónaithigh agus ba cheart go mbeadh tábhacht áitiúil ag baint leis.

Cuspóir CBF38

Léireoidh ainmneacha sráide agus eastát cónaitheach na logainmneacha áitiúla agus na daoine áitiúla mór le rá, an oidhreacht, an teanga nó gnéithe topagrafacha de réir mar is cuí agus cuimseoidh siad seanlogainmneacha ón gceantar an oiread is féidir agus pé áit ar cuí, tabharfar ainmneacha Gaeilge orthu. Beidh úsáid comharthaí dátheangacha ina ceangal.

Áiléir Colúr

Ionad

Ba cheart áiléir colúr a shuí chomh fada agus is féidir ó áiteanna cónaitheacha in aice leo. De ghnáth, ba cheart go mbeidís suite ag íosfhad 10 méadar ó aonaid chónaitheacha atá taobh leo ach áit nach féidir é sin a dhéanamh, déanfar cúinsí faoi leith gach cáis a mheas.

Tógáil

Ba cheart go mbeadh áiléir colúr tógtha ar bhealach slán agus urlár nó fo-urlár coincréite orthu. Ba cheart iad a thógáil ar bhealach gur féidir cinntiú go mbeidh sé éasca iad a ghlanadh agus dóthain aeraithe a chur ar fáil, agus iad slán ó chreimirí.

Dearadh

Ba cheart go mbeadh dearadh seachtrach agus bailchríoch áiléir colúir de chaighdeán maith agus ba cheart riocht maith a choimeád orthu.

Airde agus Achar

Bheadh méid cuí áiléir ag brath ar nádúr an aonaid réadmhaoine agus ar a ghaire is atá comharsana dó. Mar riail ghinearálta, níor cheart go mbeadh achar áiléir colúr níos mó ná 25 sq m, agus ba cheart go mbeadh uasairde 3 mhéadar i gceist agus díon claonta acu, nó 2.5 méadar agus díon cothrom.

Srianta

Ní cheadófar áiléar oscailte i gcás ar bith. (Is é atá in áiléar oscailte ná áiléar a bhféadann colúir dul isteach ann nó imeacht uaidh uair ar bith).

Forbairt Chónaitheach Eile

Is gnách go moltar forbairt a dhéanamh ar inlíonadh agus coirnéal nach mbaintear dóthain úsáide astu agus i gceantair chónaitheacha atá ann cheana féin. Tuigtear, áfach, go bhfuil gá le cothromaíocht idir cosaint áiseanna, príobháideachais, shainghné bhunaithe an cheantair agus inlíonadh cónaitheach nua. Molfar réitigh deartha chomhaimseartha agus úrnua a úsáid don chineál forbartha sin.

Is é atá i gceist le forbairt láithreáin cúinne ná foroinnt cúirtealáiste tí atá ann cheana féin agus/nó láithreán athfhorbraíochta atá criosaithe go cuí chun áit chónaithe breise a chur ar fáil i gceantair a bhfuil go leor tógála déanta iontu.

Comhlíonfaidh gach áit chónaithe nua caighdeáin an Phlean Forbartha maidir le méid na cóiríochta, an láithreán gairdín agus páirceáil. Áit a bhfuil an airde atá beartaithe níos mó ná airde an cheantair mórthimpeall air, cuirfear gné idirthréimhseach ar fáil.

Cuspóir CBF39

Cuirfear san áireamh airde agus mórdhlúthú aonad cónaitheach atá ann cheana féin agus inlíonadh nua á fhorbairt. Coimeádfar sainghné fhisiceach an cheantair san fhorbairt inlíonta, lena n-áirítear gnéithe mar bhallaí teorann, colúin, geataí/geatabhealaí, crainn, tírdhreachú, agus fálta nó ráillí

Cuspóir CBF40

Cuirfidh forbairt nua láithreán cúinne na nithe seo san áireamh:

  • Méid, dearadh, leagan amach, gaol leis an áit chónaithe atá ann cheana féin agus le haonaid réadmhaoine atá díreach in aice leis.
  • Tionchar ar áiseanna cónaitheoirí in aice leis.
  • An líne tógála atá ann cheana féin agus freagróidh siad do phróifíl dín na n-áiteanna cónaithe atá taobh leo.
  • Sainghné na n-áiteanna cónaithe atá taobh leo agus mothú suaimhnis a chothú.
  • Forbairt dé-éadain a chur ar fáil chun éadain bhána a sheachaint agus maoirseacht ar an réimse poiblí a uasmhéadú.
  • Spás rochtana/cothabhála ag an taobh/binn agus ag an gcúl.
  • Leibhéal teacht le chéile ó thaobh físe, agus bailchríocha agus dathanna seachtracha san áireamh.

Méaduithe ar Áiteanna Cónaithe

Aithnítear agus admhaítear go mbíonn gá ag daoine lena gcuid áiteanna cónaithe a mhéadú agus a athchóiriú. Beifear i bhfabhar méaduithe áit nach mbeidh tionchar diúltach acu ar áiteanna cónaithe tadhlacha ná ar nádúr na háite mórthimpeall.

Déanfar méaduithe ag cúl na gcéad urlár ar bhonn a gcuid buanna, agus é á thabhairt faoi deara gur minic go bhféadann siad dul i bhfeidhm go diúltach ar áiseanna na n-aonad réadmhaoine atá taobh leo. Ní mór go mbeadh an tÚdarás Pleanála cinnte nach mbeidh aon tionchar mhóra dhiúltacha acu ar áiseanna cónaitheacha nó físe mórthimpeall orthu. Déanfar na fachtóirí seo a leanas a mheas:

  • Róscáthú, ceannasacht agus amharc amach, i dteannta le cóngaracht, airde agus fad ar theorainneacha roinnte.
  • An spás oscailte príobháideach atá fágtha ag an gcúl agus inúsáidteacht an spáis sin.
  • bailchríocha agus dearadh seachtrach, ar gnách go mbeidh siad ag réiteach leo siúd atá ann cheana féin.

Déanfar méaduithe ar an urlár talún a mheas de réir a bhfaid, a n-airde, a gcóngarachta do theorainneacha roinnte agus de réir an spáis oscailte phríobháidigh inúsáidte a bheidh fágtha ag an gcúl. Déanfar méaduithe taoibh a mheasúnú de réir cóngarachta do theorainneacha, méid agus teacht le chéile ó thaobh físe (an aghaidhchló tosaigh ach go háirithe), agus tionchair ar thaithneamhacht chónaitheach. Is gnách go nglacfar le méaduithe taoibh ar an gcéad urlár a thógfar os cionn déanmhas atá ann cheana féin agus a réiteoidh le dearadh agus airde na háite cónaithe atá ann cheana féin. I gcásanna áirithe, áfach, d'fhéadfadh go n-iarrfaí go mbogfaí siar éadan tosaigh méadaithe chomh maith lena phróifíl dín agus a mhullach chun áiseanna a chosaint, é a chuimsiú sa sráid-dreach agus éifeacht léibheannaithe a sheachaint. Is gnách go réiteoidh bailchríocha seachtracha leo siúd atá ann cheana féin.

Déanfar athruithe/méaduithe dín ar phríomhphróifílí dín, mar shampla díon deireadh gabhal éadain ar theach leathscoite a athrú go binn/'deireadh fráma 'A' nó 'leathghabhal éadain' a mheas de réir roinnt critéar lena n-áirítear:

  • Sainghné agus méid an déanmhais, a ionad ar an sráid-dreach agus gaire do dhéanmhais chóngaracha a chur san áireamh.
  • Athruithe dín atá ar an sráid-dreach cheana féin.
  • Fad/codarsnacht/infheictheacht an deiridh dín atá ann cheana féin.
  • Réiteach leis an gcuid eile den déanmhas, le déanmhais chóngaracha agus suíomh ar ard.

Déanfar méaduithe fuinneog dormánta ar dhíonta a mheas maidir leis na tionchair ar an tsainghné agus ar an bhfoirm reatha, agus ar phríobháideachas aonaid réadmhaoine chóngaracha. Is iad na hábhair mhachnaimh sháraitheacha a bheidh i gceist ná dearadh, toisí agus méid aon togra dín i gcoibhneas le méid foriomlán na háite cónaithe agus na ngairdíní. Is gnách nach mbeidh méaduithe ar fhuinneoga dormánta (cibé acu go bhfuil siad á ndéanamh ar mhaithe le spás dín feidhmiúil nó rochtain ar sholas) ina gcuid den chuid cheannasach de dhíon. D'fhéadfadh go smaoineofaí ar mhéaduithe ar fhuinneoga dormánta a bheadh beartaithe suas go leibhéal mullaigh tí, ach i ngach cás ní bheidh aon mhéadú ar fhuinneog dhormánta níos airde ná airde mullaigh reatha an tí. Déanfar machnamh cúramach ar chaighdeán beartaithe ábhar/bailchríoch d'fhuinneoga dormánta toisc go bhféadann siad siúd a gcuma a fheabhsú go mór. Ba cheart go dtógfadh leibhéal agus cineál an ghloinithe i ndéanmhas fuinneog dormánta san áireamh cóireálacha fuinneoige agus cóiriú reatha na bhfuinneog san áit chónaithe.

Cuspóir CBF41

Ní dhéanfar méaduithe fuinneoige dormánta ar dhíonta ach áit nach mbeidh aon tionchar diúltach acu ar an tsainghné agus ar an bhfoirm reatha, ná ar phríobháideachas aonaid réadmhaoine chóngaracha. Ní bheidh méaduithe fuinneoige dormánta ina gcuid cheannasach de dhíon. D'fhéadfadh go ndéanfaí méaduithe fuinneoige dormánta a mheas a bheadh beartaithe suas go leibhéal mullaigh tí agus ní bheidh siad níos airde ná airde mullaigh reatha an tí.

Cuspóir CBF42

Cur chuige deartha níos nuálaí a spreagadh do mhéaduithe tí.

Árasáin Muintire

Is bealach iad árasáin muintire le cóiríocht bhreise a chur ar fáil a bhfuil roinnt neamhspleáchais ag gabháil léi ar feadh tréimhse shealadach neamhshainithe. Ceadaíonn árasáin muintire cóiríocht leath-neamhspleách a sholáthar do bhall den neasteaghlach (ag brath ar phríomhchónaitheoirí na háite cónaithe). Beifear i bhfabhar iarratas ar árasáin muintire faoi réir na gcritéar atá leagtha amach i gCuspóir CBF 43 thíos.

Cuspóir CBF43

Cinntiú maidir le hárasáin muintire:

  • Go bhfuil siad ceaptha le haghaidh baill den teaghlach a bhfuil riachtanas cruthaithe aige/aici
  • Go bhfuil siad nasctha go díreach leis an áit chónaithe reatha trí mheán doras rochtana istigh agus nach bhfuil doras tosaigh ar leithligh acu
  • Áit nach bhfuil siad ag teastáil a thuilleadh don bhall teaghlaigh aitheanta, go gcuimsítear iad mar chuid den phríomhaonad ar an láithreán
  • Nach sáróidh a n-achar urláir 60 sq m
  • Go gcomhlíonfaidh siad na critéir deartha do mhéaduithe, mar atá thuas

Ceantair Chónaitheacha a bhfuil Sainghné Speisialta Acu

Tá ceantair chónaitheacha sa Chontae atá uathúil mar gheall ar a ndearadh, a sainghné, a ndlús agus a n-airde. Ba cheart go gcuirfí san áireamh sainghné fhoriomlán an cheantair i gcás forbairtí nua i gceantair chónaitheacha a meastar go bhfuil sainghné ar leith ag baint leo.

Cuspóir CBF44

Ceantair a chosaint a bhfuil ceantar cónaitheach uathúil aitheanta ag baint leo a chothaíonn ómós áite i gceantar trí mheán deartha, sainghné, dlúis agus/nó airde agus go gcoimeádtar i gcuimhne an tsainghné shainiúil sin agus aon fhorbairt nua ar siúl i gceantair den sórt sin.

Cóiríocht Mac Léinn

Ba cheart go gcloífeadh aon tograí do chóiríocht mac léinn leis na 'Department of Oideachas and Science Guidelines on Residential Development for Third Level Students (1999)', an doiciméad forlíontach a tháinig ina ndiaidh  (2005) agus an ‘Student Accommodation Scheme’, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim (2007). Sna doiciméid seo tugtar sainmhínithe ar 'mhic léinn' agus 'institiúidí oideachais' agus moltaí maidir le híospás leapa agus riachtanais eile cosúil leo.

Mar gheall ar an méadú le blianta beaga anuas ar líon na mac léinn tríú leibhéal, tá éileamh ann ar chóiríocht chónaitheach shonrach chun freastal ar an riachtanas sin.

Cuspóir CBF45

Tacú le soláthar cóiríochta ar an gcampas agus soláthar cóiríochta mac léinn lasmuigh den champas a mheas agus an méid seo a leanas á chur san áireamh:

  • An t-ionad agus inrochtaineacht Áiseanna Oideachais agus cóngaracht do dhromchlaí iompair phoiblí, bealaí rothaíochta agus coisithe agus bealaí glasa atá ann cheana féin nó atá beartaithe
  • An tionchar féideartha ar áiseanna cónaitheacha atá ann cheana féin.
  • Leibhéal agus caighdeán áiseanna ar an láthair, lena n-áirítear áiseanna stórála, bainistíocht dramhaíola, páirceáil agus áiseanna.
  • Ba cheart go smaoineofaí ar an ngá le solúbthacht d'athruithe úsáide féideartha sa todhchaí maidir le cáilíocht ailtireachta an deartha, agus leagain amach inmheánacha.
  • Líon na saoráidí atá cosúil leis sa cheantar.

I ngach scéim ceanglófar ar iarratasóirí dearbhú doiciméadach scríofa um 'Léas Cáilithe' a chur ar fáil mar atá sainithe sna 'Guidelines on Residential Developments for Third Level Students' a d'fhoilsigh an Roinn Oideachais agus Eolaíochta i 1999 agus - agus an doiciméad athbhreithnithe forlíontach i 2005 á thógáil faoi deara - chun cruthú go ligtear an chóiríocht ar cíos do mhic léinn le linn na bliana acadúla

Beidh coinníoll ag gabháil le gach cead le haghaidh tithe mic léinn ina n-éileofar cead pleanála le haghaidh athrú úsáide ó chóiríocht mac léinn go cineál eile cóiríochta. Cuirfear i gcoinne iarratas ar an gcineál athraithe úsáide sin sa todhchaí ach amháin áit a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil rósholáthar leanúnach cóiríochta mac léinn sa Chontae.

Tithe Cúram Cónaithe, Tithe Scoir, Tithe Altranais agus Sráidbhailte Scoir

Tuigeann an Chomhairle gur riachtanas bunúsach don phobal é soláthar cúraim do dhaoine scothaosta. Cé go raibh éileamh ar shaoráidí den sórt sin i gceantair tuaithe, táthar den bharúil nár cheart an cineál sin forbartha a dhéanamh sa tuath oscailte ar chúiseanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht, le heaspa inrochtaineachta agus easpa iompair phoiblí, eisiamh sóisialta agus scoiteacht.

Cuspóir CBF46

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh tithe cúram cónaithe, tithe scoir, tithe altranais agus sráidbhailte scoir suite i mbailte agus i sráidbhailte ar chúiseanna inbhuanaitheachta, inrochtaineachta, cuimsiú sóisialta, agus cóngaracht d'fháil seirbhíse, ach amháin áit ar féidir riachtanas cruthaithe le suíomh i dtimpeallacht tuaithe mar gheall ar nádúr an chúraim a theastaíonn a shocrú go soiléi

Cuspóir CBF47

É a dhéanamh mar cheangal go ndéanfaí an méid seo a leanas a mheas in iarratais ar thithe cúram cónaithe, tithe scoir, tithe altranais agus sráidbhailte scoir:

  • An tionchar féideartha ar áiseanna cónaitheacha na n-aonad réadmhaoine tadhlach.
  • Soláthar sásúil spáis oscailte
  • Soláthar áiseanna páirceála dóthanacha
  • An dearadh agus na hábhair bheartaithe
  • Ní mór go mbeadh méid agus scála an togra oiriúnach don cheantar.
  • Ionad atá gar do naisc iompair phoiblí ardchaighdeáin agus ba cheart go mbeadh naisc chosáin mhaithe ag freastal ar an láithreán.

Tá sé riachtanach go gcuirfí ceantar spáis oscailte sásúil agus oiriúnach ar fáil chomh maith le háiseanna eile do thithe cúram cónaithe, tithe altranais agus sráidbhailte scoir. Tuigtear go bhféadfadh go mbeadh caighdeáin cainníochta laghdaithe oiriúnach i roinnt cásanna mar gheall ar an leibhéal cúraim a chuirtear ar fáil nó de bhrí ionad na saoráide. Ba cheart pleananna sonracha um spás oscailte agus thírdhreachú a chur san áireamh in iarratais phleanála d'fhorbairt den sórt sin a thógann san áireamh ionad na saoráide, fáil / oiriúnacht an spáis oscailte atá ann cheana féin agus riachtanais chónaitheoirí na saoráide.

Cuspóir CBF48

Glacadh le caighdeáin chainníochta laghdaithe maidir le spás oscailte le haghaidh forbairtí áirithe, is iad sin ná tithe cúram cónaithe, tithe altranais agus sráidbhailte scoir áit a meastar go bhfuil laghdú cuí de bhrí riachtanas sonrach na gcónaitheoirí um spás oscailte agus áit a bhfuil spás oscailte inrochtana oiriúnach ar fáil. Cuirfear isteach pleananna ardchaighdeáin um spás oscailte agus tírdhreachú in éineacht leis na hiarratais phleanála le haghaidh na bhforbairtí sin.

12.5 Critéir do Shráidbhailte Tuaithe agus Gráigeanna Tuaithe

I gCaibidil 5, An Tuath i bhFine Gall, tugtar cuntas ar an gcur chuige forbartha le haghaidh Sráidbhailte Tuaithe agus na nGráigeanna Tuaithe. Sa straitéis um lonnaíocht tuaithe i gCaibidil 5 tugtar cuntas chomh maith ar na ceanglais chun freastal ar an riachtanas tithíochta do cheantair atá criosaithe mar Ghráig Tuaithe.

Is iad Sráidbhailte Tuaithe sainithe Fhine Gall ná Baile Bachaille, Baile Scadán, Cúil Chaoith, Baile Gháire, Cionn Sáile, An Aill, Móinéar na hAbhann agus Baile an Rólaigh. Lonnaíochtaí traidisiúnta de chineál sráidbhaile atá iontu siúd den chuid is mó, agus tá an cuspóir criosaithe ST ag gabháil leo a bhfuil sé mar aidhm aige sainghné speisialta Sráidbhailte Tuaithe a chosaint agus soláthar d'áiseanna sráidbhaile feabhsaithe agus do riachtanas tithíochta áitiúil de réir Pleananna Limistéir Áitiúil agus soláthar bonneagair. Beidh forbairt sráidbhailte treoraithe ag na Pleananna Limistéir Áitiúil agus na Creatphleananna um Fhorbairt Sráidbhailte ar glacadh leo.

Tá 34 Gráig Tuaithe i bhFine Gall atá suite sna háiteanna seo a leanas:

Baile Carraige, Crois Bhaile an Bhallúnaigh, Baile Caoith, Na Cnoic Dhubha (Ard Giolláin), Baile Choltraí, Baile Mhic Doinn, An Baile Trasna, Páirc an Chaisleáin (Cill Shalcháin), An Bhoth Fhuar, Dál Uí Chathasaigh (Baile Brigín), Baile Dhiarmada (Portach na Roinne), An Ghruagach, Lána Fhearann an Móna (An Aill), Crois Dhúbhóthair, Baile Eifil (stáisiún traenach Lusca/an Rois), Inis Pádraig, Baile Hoiste (Na Cúig Bhóthar), Baile Shiurdáin, Cill Fhaoláin, Baile Mhic Giolla, Mullach Onainn (Man O’ War), Baile an Mhiolbhardaigh, Bóthar na Maighne, New Haggard, An Cladach Thuaidh, Baile Phámar, Baile Stafaird/An Chorr Dhubh, An Ché (Port Reachrann), Baile na Sceach, Tobar Súl, An Coimín (Lusca), Lána Thuirbhe, Baile Uimbil (Baile Bachaille) agus Baile Bhuín (An Seanbhaile).

Is rogha eile iad Gráigeanna Tuaithe in áit tithíocht aonuaire faoin tuath agus forbairt chónaitheach tuaithe á comhdhlúthú i ngráigeanna beaga atá ann cheana féin. Trí na tithe nua sna Gráigeanna Tuaithe a leagan amach agus a dhearadh ar bhealach stuama, cinnteofar go gcuirfidh siad ar bhealach dearfach le sainghné thuaithe an cheantair. Ba cheart go mbeadh leagan amach agus dearadh tithe nua sna Gráigeanna Tuaithe i gcomhréir le hAlt 12.6 thíos – Tithíocht faoin Tuath.

12.6 Critéir Deartha do Thithíocht faoin Tuath

Is é atá i gceist leis an tuath chun críocha an ailt seo den Phlean ná na ceantair sin a bhfuil cuspóirí criosaithe tuaithe ag gabháil leo atá aitheanta mar Thalmhaíocht agus Áiseanna Tuaithe (RU), Crios Glas (GB), agus Líon Mór Áiseanna (LMÁ). Molfar athúsáid a bhaint as foirgnimh atá ann cheana féin faoin tuath le haghaidh forbairt chónaitheach.

Sa straitéis um lonnaíocht tuaithe i gCaibidil 5 An Tuath i bhFine Gall, tugtar cuntas ar na ceanglais chun freastal ar an riachtanas tithíochta i gceantair den Chontae atá Criosaithe mar TU, CG agus LMÁ.

Tá sé mar chuspóir sa Phlean Forbartha teorainn a chur le tionchar físe tithe nua ar an tuath. Roimh an gcinneadh faoi chead pleanála, ní mór measúnú a dhéanamh ar an tionchar físe a bheadh ag aon teach beartaithe ar an tírdhreach.

Ba cheart aon teach beartaithe nua a shuí ar bhealach a chuirfeadh teorainn le méadú bealaí isteach nua chuig aon bhóthar poiblí. Mar sin, pé áit ar féidir, déanfar tithe nuathógtha a threorú chuig suíomhanna atá suite taobh le tithe nó clóis feirme atá ann cheana féin agus a bhfuil muintir úinéir an tí nua ina n-úinéirí orthu. Ba cheart go mbeadh bealach isteach amháin don fhorbairt atá ann cheana féin agus don fhorbairt bheartaithe ag freastal ar láithreáin den sórt sin.

Cuspóir CBF49

Cinntiú go ndéantar áiteanna cónaithe nua sa cheantar tuaithe a shuí go stuama, go léiríonn siad comhréireacht leis an gCineál Sainghné Tírdhreacha atá díreach taobh leo, agus go mbaineann siad an leas is mó agus is féidir as an tírdhreach nádúrtha le haghaidh dearadh atá inbhuanaithe, éifeachtúil ó thaobh carbóin agus stuama. Éileofar anailís/staidéar indéantachta iomlán ar an láithreán beartaithe agus ar thionchar an tí bheartaithe ar an tírdhreach mórthimpeall chun tacú le hiarratais ar chead pleanála.

Cuspóir CBF50

Cinntiú maidir le haon iarratas pleanála le haghaidh tí i gceantar a bhfuil cuspóir criosaithe Creasa Ghlais nó Líon Mór Áiseanna ag gabháil leis go gcuirtear Ráiteas Tionchair Físe in éineacht leis chomh maith le Scagthástáil um Measúnacht Chuí, de réir mar is gá.

Cuspóir CBF51

Moladh go ndéanfaí áiteanna cónaithe nua sa cheantar tuaithe a shuí gar do theach an teaghlaigh áit a bhféadann na coinníollacha draenála déileáil go sábháilte le tionchar carnach an chruinnithe sin agus áit nach mbeidh tionchar diúltach ó thaobh físe ná áiseanna ag an gcruinniú sin ar an teach a bhí ann cheana féin. Áit a léirítear go soiléir nach bhfuil socrú den sórt sin ar fáil, cead a thabhairt an teach cónaithe nua a shuí ar láithreán eile atá laistigh de dhá chiliméadar ó theach an teaghlaigh, nó, i gcás iarratas a dhéantar faoi Chuspóir RF37 agus RF38, laistigh de dhá chiliméadar taobh amuigh den Chrios Torainn Istigh.

Tábla 12.4 – Treoirlínte Deartha d'Áiteanna Cónaithe Tuaithe

Treoirlínte Deartha d'Áiteanna Cónaithe Tuaithe

Bainfidh an Chomhairle úsáid as an treoir seo a leanas chun iarratais phleanála ar theach tuaithe a mheas:

Staidéar Measúnaithe Láithreáin

  • Ba cheart anailís/staidéar indéantachta iomlán a dhéanamh ar an láithreán beartaithe agus ar an tírdhreach mórthimpeall mar an gcéad chéim i dtreo dearadh a ullmhú, agus iarratas pleanála ina dhiaidh sin, le haghaidh tí faoin tuath.

Suíomh agus Dearadh

  • Ba cheart go dtógfaí an áit mórthimpeall san áireamh agus áit chónaithe nua á suí agus á dearadh in ionad tuaithe. Ba cheart go mbeadh an fhorbairt bheartaithe ag teacht le sainghné agus cuma na talún, lena n-áirítear cruth, airde agus foirm an fhoirgnimh, agus le héiceolaíocht, gnéithe nádúrtha, agus dathanna an cheantair, agus leis an mbealach ina dtagann na gnéithe sin le chéile.
  • Ba cheart treoir a thógáil ón timpeallacht atá ann cheana féin agus ba cheart leas a bhaint as gnéithe nádúrtha mar chrainn, fálta sceach, sruthchúrsaí, cnoic agus foirmithe talún eile chun foscadh, scáth agus seirbhís a chur ar fáil don teach.
  • Má tá aon déanmhais ann cheana féin ar an láithreán beartaithe, ba cheart smaoineamh ar athúsáid a bhaint astu, iad a athrú nó a mhéadú mar rogha níos fearr in ionad teach nua a thógáil.
  • Áit a bhfuil foirgnimh stairiúla nó dhúchasacha suite ar an láithreán nó ar an ngabháltas talún, ba cheart smaoineamh go cúramach ar na foirgnimh sin a choimeád, agus a chuimsiú i bhforbairt bheartaithe ar bith.
  • Is gnách gur fearr cruinniú le foirgnimh tuaithe atá ann cheana féin in áit ionad neamhspleách.
  • Ba cheart go bhféachfaí chuig an áit chónaithe a shníomh isteach sa tírdhreach an oiread is féidir ach nach mbeadh sí ina gné cheannasach a bheadh ina díol suntais físe sa timpeallacht tuaithe. Ba cheart go gcoimeádfaí i gcuimhne an comhthéacs tírdhreacha agus foirgnimh nua á dtógáil agus nach dtiocfaidís salach ar radhairc sciamhacha nó nach mbrisfidís fíor na spéire ná an t-uiscelíne mar a fheictear ó phointí radhairc nó ó phríomhbhóithre. Níl gearradh ná líonadh láithreán inmhianaithe.
  • Ba cheart smaoineamh ar an ngnóthachan agus an treoshuíomh gréine san fhorbairt bheartaithe chun éifeachtúlacht fuinnimh a dhéanamh chomh mór agus is féidir.
  • Ba cheart don iarratasóir a shainiú an bhfuil an fhorbairt bheartaithe suite ar aon láithreán sainithe oidhreachta nádúrtha, seandálaíochta nó oidhreachta ailtireachta. Má tá aon cheann de na láithreáin shainithe sin suite laistigh den láithreán forbartha beartaithe, d'fhéadfadh go mbeadh impleachtaí aige sin don áit chónaithe bheartaithe.

Ábhair agus Sonraí

  • Ba cheart go mbeadh sonraí, uigeacht, dath, pátrún agus inmharthanacht ábhair na forbartha beartaithe inbhuanaithe agus de chaighdeán ard, agus cuirfear san áireamh an t-ionad beartaithe.
  • Ba cheart go mbeadh áiteanna cónaithe nua treoraithe ag an raon ábhar a úsáideadh i bhFine Gall san am atá thart, agus áit a bhfuil ábhair chomhaimseartha beartaithe, ba cheart go mbeidís ag teacht leis na hábhair siúd a úsáideadh go traidisiúnta agus go mbeadh aontas eatarthu. I bhFine Gall, ba iad na hábhair ar ghnách gur úsáideadh iad san am atá thart chun áiteanna cónaithe agus tithe amuigh a thógáil ná cloch, láib, adhmad, tuí, scláta, iarann agus aol. Cé go raibh bríc-oibreacha i bhFine Gall san am atá thart, níor ghnách brící a úsáid le haghaidh bailchríocha balla.
  • Ba cheart teorainn a chur leis an méid ábhar agus bailchríoch a úsáidtear agus áit chónaithe nua agus déanmhais bhainteacha á dtógáil, mar bhealaí isteach d'fheithiclí, garáiste nó seid.
  • Ba cheart go mbeadh maisiú srianta in áiteanna cónaithe nua. Ba cheart gnéithe cosmaideacha mar bhréagcholúin chlasaiceacha, áirsí Spáinneacha, bréagshonraí Túdaracha agus balastráidí a sheachaint.
  • Is fearr foirmeacha deartha simplí agus dearaí dín a bhfuil réisí agus sciotaí/próifílí cúnga orthu.
  • Ba cheart aird faoi leith a thabhairt ar shonraí chóiriú na bhfuinneog, go háirithe oscailtí agus dearadh fuinneoige. Ba cheart go mbeadh fuinneoga i gcomhréir leis an bhforbairt agus go mbeidís ag teacht le stíl an fhoirgnimh.
  • Ba cheart an leas is mó agus is féidir a bhaint as an solas nádúrtha a shroicheann an foirgneamh.

Cóireálacha Teorann

  • Áit a bhfuil fálta sceach nó plandaí dúchasacha ann timpeall an láithreáin, ba cheart an fhorbairt bheartaithe a dhearadh ar bhealach go gcoimeádfaí iad agus go gcuirfí leo an oiread is féidir. Áit a bhfuil gá le baint theoranta chun caighdeáin infheictheachta a chomhlíonadh, cuirfear fál sceach nua laistigh den líne infheictheachta a bheidh déanta suas de speicis atá dúchasach don cheantar nó a bheidh measctha le speicis eile atá inghlactha don Chomhairle.
  • Ba cheart go léireodh cóireáil teorann traidisiúin áitiúla le haghaidh foirgneamh cosúlach pé áit ar infheidhme. Meastar go bhfuil ballaí cloiche agus iad déanta ar an mbealach traidisiúnta tógála tirime nó ballaí aolchloiche le moirtéal aoil, múrtha cré agus fálú dúchasach oiriúnach le haghaidh bealaí isteach. Ba cheart dearaí róscálaithe agus mionsaothraithe a sheachaint.
  • Ba cheart go mbeadh dearadh na ngeataí isteach ag teacht leis an suíomh tuaithe agus go gcloífí le foirmeacha agus stíleanna traidisiúnta um gheata talmhaíochta. Ní cheadófar bealaí isteach nach léirítear go bhfuil siad ag teacht le hionad tuaithe na forbartha beartaithe.
  • Ba cheart bealaí isteach, cabhsáin, agus ceantair dromchlaithe a shuí ar bhealach go ndéantar tionchair físe na ndéanmhas beartaithe sin chomh beag agus is féidir, mar shampla, trí comhrianta atá ann cheana féin a leanúint.
  • Ba cheart go gcuimseodh gach iarratas ar chead pleanála le haghaidh teach tuaithe tarraingtí sonracha agus sonraíochtaí  le haghaidh cóireálacha bealaí isteach, lena n-áirítear aon ghnéithe breise mar phlaiceanna ainm, boscaí poist, idirchumanna agus gnéithe slándála, ar cheart go mbeidís go léir scoite.

Rochtain agus Línte Láithreáin

  • Ní  mór don iarratasóir léiriú go gcuirtear rochtain shábháilte ar fáil d'fheithiclí chuig teach beartaithe agus uaidh ó thaobh infheictheachta ó bhealach isteach freisin, ach freisin ó thaobh an tionchair ar thrácht ar an mbóthar poiblí atá taobh leis, trí ghluaiseachtaí casta agus stoptha ag feithiclí atá ag imeacht ón láithreán beartaithe agus ag dul isteach ann a ghiniúint.
  • Ní mór go gcuimseodh gach iarratas ar chead pleanála (ag íoscála de 1:500) sonraí cuimsitheacha ar an mbealach inar féidir rochtain ar an láithreán a chur ar fáil ar bhealach sásúil. Áit nach féidir rochtain shásúil a chur ar fáil ach trí mheán codanna móra de theorainneacha fál sceach/claí/cloiche taobh an bhóthair a bhaint, ba cheart láithreán eile a lorg don fhorbairt bheartaithe.
  • Molfar bealach isteach d'fheithiclí a roinnt pé áit ar cuí chun nach mbeadh an t-uafás pointí rochtana ann. Áit a bhfuiltear chun teach nua a shuí taobh le háiteanna cónaithe atá ann cheana féin, ba cheart smaoineamh ar úsáid a bhaint as bealaí isteach, ascaillí agus cabhsáin atá ann cheana féin.

Cóireáil Uisce Dromchla agus Fuíolluisce

  • Ní mór go gcomhlíonfadh ionaid chóireála fuíolluisce tí agus ceantair síothlúcháin ceanglais an 'Code of Practice Wastewater Treatment Systems Serving Single Dwellings (GCC, 2009)' nó caighdeáin eile a ghabhann ina n-ionad. Ba cheart na sonraí sin a chur isteach in aon iarratas ar áit chónaithe nua nó ionaid nó ar aon mhéadú ar áit chónaithe atá ann cheana féin áit a dtiocfaidh méadú ar an éileamh ar acmhainn chóireála aon chórais atá ann cheana féin.

Tírdhreachú

  • Ní mór tograí tídhreachaithe a chur isteach le gach iarratas pleanála le haghaidh forbairt. Ba cheart go gcuimseoidís siúd an oiread is féidir speicis dhúchasacha nó speicis eile ar aontaíodh orthu leis an gComhairle.

Cuspóir CBF52

Cinntiú go gcloíonn dearadh agus suíomh aon tí nua le prionsabail na dTreoirlínte Deartha d'Áiteanna Cónaithe mar atá leagtha amach i dTábla12.4

Cuspóir CBF53

Cinntiú go gcloítear go daingean leis na ceanglais atá leagtha amach do chórais chóireála ar an láithreán, nó leis na ceanglais mar a d'fhéadfaí a leasú ag reachtaíocht náisiúnta, treoir nó Cóid Chleachtais amach anseo

Cuspóir CBF54

Is iad na ceanglais forbartha áit a bhfuil córais chóireála ar an láithreán beartaithe ná:

  • Cinntiú go bhfuil íosachar láithreáin 0.2ha ag gach áit chónaithe nua
  • Truailliú féideartha screamhuisce agus uisce dromchla a chosc mar seo a leanas:
  • An t-ionad cóireála dílsithe atá beartaithe a dhearadh agus a shuiteáil de réir caighdeáin chomhchuibhithe chuí, faomhadh teicniúil na hEorpa, sonraíocht theicniúil Náisiúnta, caighdeán Éireannach cuí, Teastas an Irish Agreement Board, nó sonraíocht theicniúil náisiúnta mhalartach de chuid Ballstáit Eorpaigh ar bith.
  • Ní mór an t-ionad beartaithe agus cóireáil thánaisteach a shuí de réir an Chóid Chleachtais: 'Wastewater Treatment and Disposal Systems serving Single Houses' (coibhéis daonra <=10) a d'fhoilsigh an GCC, 2009
  • Ní mór don iarratasóir dul isteach i gcomhaontú cothabhála don ionad cóireála beartaithe.
  • Ní mór do dhuine inniúil a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha aige/aici foirm um thástáil tréithrithe láithreáin a chomhlánú. D'ainneoin sin, d'fhéadfadh go n-iarrfadh an Chomhairle go ndéanfaí tástálacha breise faoina maoirseacht.
  • Ar feitheamh shuiteáil an ionaid chóireála agus an cheantair um scagaire snasaithe/síothlú, ceanglófar ar an iarratasóir airgead a chur i dtaisce leis an gComhairle. Aisíocfar an éarlais nuair a gheofar teastas ó dhuine inniúil a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige/aici ina ndearbhófar go bhfuil na hoibreacha riachtanacha go léir a theastaíonn déanta de réir threoracha an déantóra.

Cuspóir CBF55

Moltaí na Scéime um Chosaint Screamhuisce a chur i bhfeidhm.

12.7 Spás Oscailte

Tá soláthar spáis oscailte inrochtana ag croílár soláthair bonneagair ghlais ardchaighdeáin do phobail agus tá sé ina ghné lárnach sa Straitéis um Bonneagar Glas don chontae atá ag teacht chun cinn. Chun spás ardchaighdeáin oscailte a bhaint amach, tá cúig phrionsabal bhunúsacha ag Comhairle Contae Fhine Gall um sholáthar spáis oscailte:

Ordlathas, Inrochtaineacht, Cainníocht, Cáilíocht agus Spás Oscailte Príobháideach.

RobsWall

Ordlathas agus Inrochtaineacht

I dTábla 12.5, thíos, leagtar amach na caighdeáin um ordlathas agus inrochtaineacht spáis oscailte don phobal. Ceadaíonn na caighdeáin rogha leathan de spásanna oscailte poiblí inrochtana a chur ar fáil chun riachtanais éagsúla chónaitheoirí an Chontae a chomhlíonadh. I gcás gach forbartha a bhfuil gné chónaitheach ag baint léi, ba cheart meascán de chineálacha spásanna oscailte poiblí a sholáthar pé áit ar féidir é sin a bhaint amach.

Tábla 12.5 Ordlathas agus Inrochtaineacht Spáis Oscailte

Cineál Spáis Oscailte Phoiblí

Ceantair

Inrochtaineacht ó thithe

Tabhair do d'aire

Mionpháirceanna  (Aicme 2 de réir na Scéime do Ranníocaíocht Forbartha) Áiseanna do leanaí óga, ach ní gá gur áiseanna um shúgradh foirmiúil a bheadh iontu. Tá feidhm thábhachtach físe agus shóisialta ag baint leo chomh maith. Ní mór nach mbeadh mionpháirceanna ar thaobh nó cúl tithe agus ní mór go mbeadh radharc maith orthu.

Idir  500 sq m – 0.2 heicteár

Gach teach laistigh d'fhad siúil 150m

Mionpháirceanna a sholáthar i ngach cás.

Páirceanna Beaga (Aicme 2 de réir na Scéime do Ranníocaíocht Forbartha) Ag brath ar a méid, beidh spás iontu siúd d'áiseanna clóis súgartha, ceantair chun liathróid a chaitheamh, agus caitheamh aimsire éighníomhach.

Idir 0.2 – 2 heicteár

Laistigh d'fhad siúil 400km ó thithe

 

Páirceanna Poiblí  (Aicme 1 de réir na Scéime do Ranníocaíocht Forbartha) Spás a chur ar fáil d'áiseanna clóis súgartha agus roinnt páirceanna imeartha. Cuirfear spás ar fáil do cheantair caithimh aimsire éighníomhaigh agus bithéagsúlachta sna páirceanna sin.

Idir 2 heicteár – 20 heicteár.

400 méadar.

 

Páirceanna Comharsanachta Uirbí (Aicme 1 de réir na Scéime do Ranníocaíocht Forbartha). Is féidir réimse leathan áiseanna agus bealaí úsáide a chur ar fáil anseo mar gheall ar a méid. Cuirfear spás ar fáil do cheantair bhithéagsúlachta sna páirceanna sin.

Idir 20 heicteár – 50 heicteár

Laistigh de 1km

 

Páirceanna Réigiúnacha (Aicme 1 de réir na Scéime do Ranníocaíocht Forbartha) Soláthar do réimse leathan bealaí úsáide. Is minic go mbeidh ceantair spraoi fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, ceantair caithimh aimsire éighníomhaigh, ceantair bhithéagsúlachta agus tarraingt shainiúil ar fáil ar an láithreán.

Os cionn 50 heicteár

Laistigh de 5km

 

  • * I measc na gceantar nach gcuirtear san áireamh agus Spás Oscailte á ríomh tá:
    • Spás Oscailte Timpeallachta, .i. codanna fánacha nó cúnga de spás oscailte a úsáidtear chun crainn a chaomhnú nó mar fhaoiseamh físe agus scáthphlandáil m.sh. ar bhóithre.
    • Dromchlaí glasa
    • Ceantair spáis oscailte faoi bhun línte leictreachais ardvoltais.

Áit a bhfuil aon spás oscailte le cur ar fáil de bhun cead pleanála, ba cheart go mbeadh radharc maith ar an spás atá i gceist agus go mbeadh sé deartha agus suite ar bhealach a chuireann le leagan amach na forbartha ar bhealach báúil agus ba cheart go mbeifí in ann é a fheiceáil agus go mbeifí in ann rochtain a fháil air ón uasmhéid áiteanna cónaithe/aonad sa scéim bheartaithe. Ní ghlacfar le spás oscailte nach féidir rochtain a fháil air, atá ceilte nó ar spás talamh cúil é ar bhealach eile ná le stiallacha cúnga líneacha de spás oscailte. D'fhéadfadh nach gcuirfí san áireamh spásanna oscailte briste i leagan amach forbartha, a tháinig chun cinn go sonrach mar gheall ar an ngá le gnéithe an láithreáin a bhí ann cheana féin a chosaint (mar shampla clampa crann aibí) agus spás oscailte á ríomh, toisc go bhfuil siad riachtanach chun áiseanna atá ann cheana féin a chosaint.

Ba cheart go mbeadh radharc ar spásanna oscailte phoiblí agus/nó roinnte agus go ndearfaí iad chun cinntiú go gcoimeádfaí an deis um iompraíocht fhrithshóisialta chomh beag agus is féidir trí fhaireachas éighníomhach. I ‘Sustainable Residential Development in Urban Areas - Guidelines for Planning Authorities’ (2009) tugtar treoir shonrach maidir le spás oscailte a chur ar fáil d'fhorbairtí cónaitheacha nua agus sa ‘Retail Design Manual’ (2012), tugtar prionsabail treorach maidir leis an gcaoi ar féidir le tírdhreachú agus spásanna oscailte cabhrú le réimse poiblí níos fearr agus ionaid mhiondíola tarraingteacha a chur chun cinn.

Mar chuid de chur chuige comhtháite chun soláthar spásanna oscailte nasctha a dhéanamh, tá sé riachtanach go mbeifí in ann bogadh tríothu go héasca agus rochtain a fháil orthu. Áit a bhfuil deiseanna ar fáil do bhealaí coisithe agus rothaíochta, molfar naisc shubstaintiúla idir fhorbairtí. Áit a bhfuil forbairtí taobh lena chéile, cuirfear naisc ar fáil tríd an spás oscailte go léir a chur le chéile.

Cuspóir CBF56

Naisc a chomhtháthú agus a sholáthar trí spásanna oscailte atá taobh lena chéile chun ceantair inrochtana a chruthú ar féidir bogadh go héasca tríothu, faoi réir Scagthástáil um Measúnacht Chuí agus comhairliúchán, agus comhairliúchán poiblí san áireamh, de réir mar is cuí

Cainníocht

I gcás gach forbartha a bhfuil gné chónaitheach ag gabháil leo, is é an caighdeán foriomlán um sholáthar spáis oscailte phoiblí ná 2.5 heicteár ar a laghad in aghaidh 1000 duine den daonra. Chun dóthain deiseanna um chaitheamh aimsire agus fóillíocht a chur ar fáil do phobail an lae inniu agus na todhchaí, leanfaidh an Chomhairle cur chuige solúbtha chun spás oscailte poiblí agus áiseanna caithimh aimsire/taitneamhachta a sheachadadh. Tá sé de rún ag an gComhairle, áfach, cinntiú, ach amháin ar chúinsí eisceachtúla, go sáraíonn soláthar spáis oscailte phoiblí 10% d'achar an láithreáin forbartha. Níl cead ann tailte atá criosaithe mar TU, CG, OS nó LMÁ a áireamh i gceantar an láithreáin forbartha.

Cuspóir CBF57

É a dhéanamh mar cheangal go soláthrófaí spás oscailte poiblí 2.5 heicteár ar a laghad in aghaidh 1000 duine den daonra. Chun críocha an ríofa sin, beidh riachtanais um spás oscailte poiblí bunaithe ar aonaid chónaitheacha a bhfuil ráta áitíochta comhaontaithe 3.5 duine acu i gcás áiteanna cónaithe ina bhfuil 3 sheomra leapa nó níos mó agus 1.5 duine i gcás áiteanna cónaithe a bhfuil dhá sheomra leapa nó níos lú iontu

Cuspóir CBF57A

É a dhéanamh mar cheangal go ndéanfaí 10% ar a laghad d'achar an láithreáin forbartha bheartaithe a shainiú le húsáid mar spás oscailte poiblí.

Tá sé de rogha ag an gComhairle maidir leis an riachtanas spáis oscailte eile a theastaíonn faoi Thábla 12.5 cead a thabhairt páirceanna beaga, páirceanna áitiúla agus páirceanna comharsanachta uirbí agus/nó áiseanna caithimh aimsire/taitneamhachta a sholáthar nó a uasghrádú lasmuigh de cheantar an láithreáin forbartha, ar choinníoll go gcomhlíonann an spás oscailte nó na háiseanna na caighdeáin um inrochtaineacht spáis oscailte ó thithe maidir le gach cineál spáis oscailte phoiblí atá sonraithe i dTábla 12.5.

Tá sé de rogha ag an gComhairle maidir leis an riachtanas eile spáis oscailte atá ina cheangal faoi Thábla 12.5 soláthar nó uasghrádú Páirceanna Réigiúnacha a cheadú ar chúinsí eisceachtúla áit nach féidir páirceanna beaga, páirceanna áitiúla ná páirceanna comharsanachta uirbí agus/nó áiseanna caithimh aimsire taitneamhachta a sholáthar nó a uasghrádú, ar choinníoll go gcomhlíonann an Pháirc Réigiúnach an caighdeán um 'inrochtaineacht ó thithe' atá sonraithe i dTábla 12.5

Cuspóir CBF57B

É a dhéanamh mar cheangal go ndéanfaí 10% ar a laghad d'achar an láithreáin forbartha bheartaithe a shainiú le húsáid mar spás oscailte poiblí.

Tá sé de rogha ag an gComhairle glacadh le ranníocaíocht airgid in ionad an riachtanais atá fágtha um spás oscailte atá ina cheangal faoi Thábla 12.5, agus an ranníocaíocht sin a choimeád chun críocha páirceanna beaga, páirceanna áitiúla agus páirceanna comharsanachta uirbí agus/nó áiseanna caithimh aimsire/taitneamhachta a fháil nó a uasghrádú agus don chuspóir sin amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann an spás oscailte nó na háiseanna na caighdeáin um 'inrochtaineacht ó thithe' le haghaidh gach cineál spáis oscailte phoiblí atá sonraithe i dTábla 12.5.

Tá sé de rogha ag an gComhairle glacadh le ranníocaíocht airgid in ionad an riachtanais atá fágtha um spás oscailte chun soláthar nó uasghrádú Páirceanna Réigiúnacha a cheadú ar chúinsí eisceachtúla áit nach féidir páirceanna beaga, páirceanna áitiúla ná páirceanna comharsanachta uirbí agus/nó áiseanna caithimh aimsire/taitneamhachta a chur ar fáil, ar choinníoll go gcomhlíonann an Pháirc Réigiúnach an caighdeán um 'inrochtaineacht do thithe' maidir le spás oscailte atá sonraithe i dTábla.

Áit a nglacann an Chomhairle le ranníocaíochtaí airgid in ionad spáis oscailte, déanfar an ranníocaíocht a ríomh ar an mbonn 25% Aicme 2 agus 75% Aicme 1 i dteannta le costais forbartha an spáis oscailte.

Cuspóir CBF58

Ranníocaíocht airgid choibhéiseach a éileamh in ionad soláthar spáis oscailte i bhforbairtí beaga a bhfuil níos lú ná trí haonad iontu áit a mbeadh an spás oscailte a chruthófaí ag an bhforbairt chomh beag nach mbeadh sé feidhmiúil.

Áit a nglacfaidh an Chomhairle le ranníocaíocht airgid in ionad spáis oscailte, déanfar an ranníocaíocht a ríomh ar an mbonn 25% Aicme 2 agus 75% Aicme 1.

Cuspóir CBF59

Cinntiú go bhfuil gach scéim chónaitheach nua suite laistigh d'fhad siúil 150 méadar ó mhionpháirc, páirc bheag, páirc áitiúil, páirc comharsanachta uirbí nó páirc réigiúnach.

Cuspóir CBF60

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh an luach airgid in ionad spásanna oscailte ar aon dul le Scéim Fhine Gall do Ranníocaíocht Forbartha.

Cuspóir CBF61

Tailte institiúide, diméinte tírdhreachaithe agus aonaid réadmhaoine cosúil leo a bhfuil bealaí úsáide caithimh aimsire nó taitneamhachta bunaithe acu a choimeád le húsáid mar spás oscailte an oiread is féidir. I gcás go dtugtar cead um fhorbairt ar na tailte seo, áfach, beidh soláthar spáis oscailte a sháraíonn na gnáthchaighdeáin ag teastáil chun sainghné oscailte na gcodanna sin den talamh a choimeád a mheasann an Chomhairle a bheith riachtanach don chuspóir sin.

Cuspóir CBF62

Ní thógfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ceantair spáis oscailte atá níos lú ná 500 méadar cearnach i gcúram chun críocha cothabhála.

Cuspóir CBF63

Ní thógfar i gcúram mar spás oscailte poiblí ceantair spáis oscailte atá deartha de réir caighdeán fíormhaisithe nach féidir cloí leis.

Áiseanna um Chaitheamh Aimsire Dian

I gcásanna áirithe, áit nach féidir cloí leis na caighdeáin spáis oscailte nó áit a meastar go bhfuil úsáid caithimh aimsire níos déine inmhianaithe, féadfaidh an Chomhairle smaoineamh ar shocruithe trína bhféadfaí áiseanna diana cuí a chur ar fáil in ionad spáis oscailte nach mbainfí an méid sin úsáide as.

Cuspóir CBF64

É a dhéanamh mar cheangal go soláthrófaí íosmhéid spáis oscailte a bheadh comhionann le 70% den riachtanas spáis oscailte i dteannta le háiseanna diana um chaitheamh aimsire/thaitneamhacht.

Cáilíocht

Spásanna Oscailte Poiblí a Dhearadh

Ní mór spásanna oscailte a dhearadh de réir sonraíocht ard. Ní mór béim mhór a leagan ar cháilíocht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach spáis oscailte agus beidh sonraí thírdhreachaithe beartaithe na spásanna sin, idir thírdhreachú crua agus bog, ag teastáil ag céim an iarratais phleanála. Ba cheart go mbeadh radharc ar spásanna oscailte poiblí agus go ndearfaí iad ar bhealach go laghdófaí iompraíocht fhrithshóisialta trí mheán faireachais éighníomhaigh. Ní mór spásanna oscailte agus plandáil scagtha a dhearadh ar bhealach nach mbeadh deis um iompraíocht fhrithshóisialta ag gabháil leo.

Cuspóir CBF65

Cinntiú nach bhfuil spásanna oscailte suite ag taobh nó cúl aonaid tithíochta

Cuspóir CBF66

Cinntiú go bhfuil soláthar spáis oscailte i gcomhréir go hoiriúnach agus nach gcuirtear réimsí mí-oiriúnacha cúnga ar fáil.

Cuspóir CBF67

Cinntiú, pé áit ar féidir, go gcuirtear áiseanna comhlántacha, mar sheomraí gléasta agus áiseanna stórála, ar fáil mar chuid den soláthar spáis oscailte.

Cuspóir CBF68

Cinntiú go leagann forbróirí amach ceantair spáis oscailte agus go ndéanann siad cothabháil orthu de réir caighdeán ard, go dtí go dtógtar i gcúram iad agus aistriú luath ceantair spáis oscailte phoiblí chuig an gComhairle a éascú. Féadfaidh an Chomhairle, de réir a rogha féin, glacadh le ranníocaíocht airgid i gcásanna áirithe chun tírdhreachú agus forbairt na gceantar sin a chríochnú.

Cuspóir CBF69

É a dhéanamh mar cheangal go mbunófaí cuideachtaí bainistíochta agus go mbeidís bunaithe i gceart agus cinntiú go gcuirtear na struchtúir bhainistíochta riachtanacha i bhfeidhm áit a bhfuil sé beartaithe go gcoimeádfar spáis oscailte faoi úinéireacht phríobháideach. Ní mór go ndéanfaí socruithe a fhaomhadh ag an gComhairle sula gcríochnófaí an tionscadal agus ní mór go mbeidís i bhfeidhm sula scaoilfí na bannaí riachtanacha.

Dromchlaí Glasa

Is é atá i ndromchlaí glasa ná spásanna oscailte líneacha ar chosáin, sruthchúrsaí, plandáil nó gnéithe nádúrtha eile a thugann deiseanna um shiúl agus rothaíocht, caitheamh aimsire neamhfhoirmiúil, agus bithéagsúlacht agus imirce fiadhúlra. Is gnách nach gcuirfear san áireamh iad mar chuid den ríomh cainníochtúil do sholáthar spáis oscailte, ach amháin áit a n-aontaíonn an tÚdarás Pleanála leis sin. Ba cheart dromchlaí glasa a chuimsiú i ngach forbairt mhór nua, mar chuid den soláthar Bonneagair Ghlais, agus ceantair mhóra spáis oscailte á nascadh acu leis na ceantair lasmuigh den láithreán forbartha.

Cuspóir CBF70

Dromchlaí glasa a sholáthar i ngach forbairt nua áit a bhfuil an deis ann é sin a dhéanamh.

Díonta Glasa

I dteannta leis na tairbhí a bhaineann leo ó thaobh an chomhshaoil de, tugann díonta glasa an acmhainn do spás caithimh aimsire breise, i bhforbairt ard-dlúis ach go háirithe. Níl díonta glasa mar chuid den soláthar spáis oscailte phoiblí.

Cuspóir CBF71

Úsáid díonta glasa mar spás caithimh aimsire a mholadh.

Córais Draenála Inbhuanaithe

Is é an bealach is fearr le Córais Draenála Inbhuanaithe (CDIb) a shainiú ná réiteach iomlán um bainistíocht uisce báistí agus ní mór iad a chur san áireamh i ngach forbairt nua. Féadann linnte, bogaigh bhréagacha agus gnéithe uisce cur le soláthar Córas Draenála Inbhuanaithe (CDIb) agus le taitneamhacht ceantair. Is féidir gnéithe CDIb atá deartha agus suite i gceart a chuimsiú i spásanna oscailte agus féadann siad taitneamhacht agus luach aeistéitiúil na spásanna sin a chomhlánú. Níl ceantair CDIb ina gcuid den soláthar spásanna oscailte phoiblí, ach amháin áit a gcuireann siad go mór le dearadh agus cáilíocht spáis oscailte. Fágfar faoin Údarás Pleanála é an sainiú a dhéanamh.

Cuspóir CBF72

Cinntiú an oiread is féidir go bhfeabhsaíonn dearadh CDIb cáilíocht spásanna oscailte. Níl CDIb mar chuid den soláthar spáis oscailte phoiblí, ach amháin áit a chuireann sé ar bhealach suntasach agus dearfach le dearadh agus cáilíocht spáis oscailte. I gcásanna ina gcinneann an Chomhairle go bhfuil ról mór agus dearfach ag CDIb sa spás oscailte, tabharfar 10% ar a mhéad den soláthar spáis oscailte do CDIb. Smaoineoidh an Chomhairle ar CDIb a sholáthar ar spás oscailte atá ann cheana féin, pé áit ar cuí.

Cuspóir CBF73

Ní ghlacfar umair agus córais stórála faoi thalamh faoi spás oscailte poiblí, mar chuid de réiteach CDIb.

Áiseanna Clóis Súgartha

Ba cheart go ndéanfadh áiseanna clóis súgartha freastal ar aoisghrúpaí sainithe agus go ndéanfaidís soláthar d'áiseanna agus deiseanna súgartha éagsúla. Ba cheart go gcuimseodh gach scéim chónaitheach a bhfuil níos mó ná 50 aonad ann áiseanna clóis súgartha ba cheart a chur ar fáil ag ráta 4 sq m in aghaidh an aonaid chónaithigh.

Cuspóir CBF74

Áiseanna clóis súgartha do leanaí atá ar scála cuí a chur ar fáil i bhforbairt chónaitheach. Cuirfear áiseanna clóis súgartha ar fáil ar ráta 4sqm in aghaidh an aonaid chónaithigh. Cuimseoidh gach scéim chónaitheach a sháraíonn 50 aonad áiseanna clóis súgartha a bheidh marcáilte go soiléir ar líníochtaí an iarratais phleanála agus a bheidh léirithe agus tógtha, pé áit ar féidir agus ar cuí, sula ndíolfar aon aonaid

Cuspóir CBF75

Cinntiú sa chás go gcuirtear clós súgartha trealmhaithe san áireamh mar chuid de shaoráid shonrach, go mbeadh achar 0.2 heicteár ar a laghad ann. Cuirfear píosa trealaimh súgartha amháin ar a laghad ar fáil le haghaidh gach 50 sq m de chlós súgartha.

An Beartas i leith Crann

Áis luachmhar agus gnáthóg fiadhúlra luachmhar atá i gcrainn. Ar leibhéal físe, cuireann siad le ceantar, agus iad ag maolú thionchar na forbartha fisicí ar an tírdhreach agus tá ról tábhachtach acu freisin maidir le cáilíocht an aeir a fheabhsú i gceantair uirbeacha agus gnáthóga fiadhúlra a sholáthar. In ‘The Forest of Fingal – A Tree Strategy for Fingal’’, leagtar amach beartas na Comhairle um phlandáil, bainistíocht agus cothabháil crann ar shráideanna.

Cuspóir CBF76

Crainn a chosaint agus a chaomhnú agus cinntiú go ndéantar iad a bhainistiú go héifeachtach

Cuspóir CBF77

Cinntiú agus forbairt ar siúl, go gcosnaítear go hiomlán crainn a bhfuil sé mar choinníoll go gcoimeádfaí iad de réir ‘BS5837 (2012) Trees in relation to the Design, Demolition and Constructions – Recommendations’ nó an leagan is deireanaí de sin.

Cuspóir CBF78

É a dhéanamh mar cheangal go gcuirfí plandaí dúchasacha pé áit ar cuí i bhforbairtí i gcomhairle leis an gComhairle.

Cuspóir CBF79

Cinntiú go gcaomhnaítear crainn, fálta sceach agus gnéithe eile a léiríonn teorainneacha baile fearainn agus go gcuimsítear iad pé áit ar cuí i ndearadh forbairtí.

Cuspóir CBF80

Áit a bhfuil crainn á roghnú, machnamh a dhéanamh ar an achar fréamhaithe atá ar fáil agus cóngaracht d'áiteanna cónaithe nó d'áitribh ghnó go háirithe maidir le scáthú foirgneamh agus gairdíní..

Cuspóir CBF81

Cur crainn cheannbhrait mhóir ar spás oscailte poiblí a chur chun cinn pé áit ar féidir agus soláthar pé áit ar gá do phoill crainn tógtha mar chuid de shonraíocht an tírdhreacha.

Cuspóir CBF82

Cinntiú go bhfuil ciumhaiseanna taobh bóthair 2.4 méadar ar a laghad ar leithead in ionad ina bhfuil crainn mhóra beartaithe agus pé áit ar gá, soláthar a dhéanamh do phoill crainn thógtha mar chuid de shonraíocht an tírdhreacha. Beidh ciumhaiseanna bóthair 1.2 méadar ar a laghad ar leithead in ionaid ina bhfuil crainn cheannbhrait bheaga beartaithe.

Spás Oscailte Príobháideach

Cuirfear spás oscailte príobháideach ar fáil do gach aonad cónaitheach is cuma cibé acu gur tithíocht thraidisiúnta nó árasáin atá iontu. Sna caighdeáin um spás oscailte leagfar amach caighdeáin cháilíochtúla agus chainníochtúla chun cinntiú go mbainfear an leas is fearr as an spás oscailte.

Cuspóir CBF83

Áit a mbaintear crainn de cheantair chónaitheacha, cinntiú, pé áit ar cuí, go gcuirtear crainn nua ina n-ionad chomh luath is atá na hacmhainní ar fáil dó sin

Cuspóir CBF84

Cinntiú nach bhfuil róscáthú iomarcach déanta ar spásanna oscailte príobháideacha do gach cineál aonaid chónaithigh.

Cuspóir CBF85

Cinntiú go ndeartar an chóireáil teorann a bhaineann le spásanna oscailte príobháideacha ar bhealach go gcosnaítear taitneamhacht chónaitheach agus físe.

Tithe

Ceann de na tréithe a bhaineann le tithíocht thraidisiúnta ná spás oscailte príobháideach a sholáthar, ag cúl líne tógála tosaigh an tí de ghnáth.

Cuspóir CBF86

Soláthar íosta spáis oscailte a chinntiú do thithe cónaithe (gan ceantar páirceála san áireamh) mar seo a leanas:

  • Maidir le tithe ina bhfuil 3 sheomra leapa nó níos lú beidh 60 sq m ar a laghad de spás oscailte príobháideach iontu a bheidh suite taobh thiar de líne tógála tosaigh an tí
  • Maidir le tithe ina bhfuil 4 sheomra leapa nó níos mó beidh 75 sq m ar a laghad de spás oscailte príobháideach iontu a bheidh suite taobh thiar de líne tógála tosaigh an tí

Ní áireofar stiallacha cúnga spáis oscailte ag taobh tithe agus spás oscailte príobháideach á ríomh

Cuspóir CBF87

Gan caighdeán laghdaithe um spás oscailte príobháideach a cheadú do thithe cathrach 1 agus 2 sheomra leapa ach amháin áit a dteastaíonn réiteach deartha ar leithligh chun láithreáin bheaga inlíonta/cúinne a fhorbairt. Ní ghlacfar le soláthar níos lú ná 48 sq m de spás oscailte príobháideach  in aghaidh an tí i gcás ar bith

Árasáin agus Árasáin Dhá Urlár

Tá an spás oscailte príobháideach a ghabhann le hárasáin agus le hárasáin dhá urlár tábhachtach ionas go mbeadh a gcuid áititheoirí in ann taitneamh a bhaint astu. Is iad balcóiní agus áiteanna suí an príomchineál spáis oscailte le haghaidh scéimeanna árasán agus árasáin dhá urlár.

Chun freastal ar riachtanais taitneamhachta cónaitheoirí, tá sé tábhachtach spás taitneamhachta roinnte atá deartha go maith a chur ar fáil agus a chothabháil i gceart sa todhchaí. Cé go bhféadfadh go mbeadh spásanna taithneamhachta príobháideacha agus roinnte in aice lena chéile, is gnách gur cheart go mbeadh deighilt shoiléir eatarthu agus cóireáil teorann chuí agus/nó 'stiall príobháideachais' idir an dá spás.

Ba cheart do dhearthóirí féachaint chuig na spriocanna agus na caighdeáin atá leagtha amach i dTábla 12.6 maidir le híos-soláthar spáis.

Cuspóir CBF88

É a dhéanamh mar cheangal go gcomhlíonfadh nó go sáródh balcóiní príobháideacha, áiteanna suí dín nó gairdíní geimhridh do gach árasán agus árasán dhá urlár na híoschaighdeáin atá leagtha amach i dTábla 12.6.

Cuspóir CBF89

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh balcóiní, spás oscailte príobháideach ar urlár na talún, áiteanna suí dín nó gairdíní geimhridh scáthaithe ar bhealach a chuireann le dearadh an fhoirgnimh ionas go dtugtar dóthain príobháideachais agus foscaidh do chónaitheoirí.

Cuspóir CBF90

É a dhéanamh mar cheangal go gcomhlíonfadh nó go sáródh spás taitneamhachta roinnte i bhforbairtí árasán, i bhfoirm criosanna leathphríobháideacha mar thearmainn phríobháideacha agus ceantair um shuí lasmuigh, na híoschaighdeáin atá leagtha amach i dTábla 12.

Cuspóir CBF91

Soláthar meascáin de spásanna oscailte príobháideacha agus leathphríobháideacha a cheadú i leaganacha amach oiriúnacha (m.sh. leaganacha amach clóis).

Table 12.6 – Ceanglas Spáis Oscailte d'Árasáin agus d'Árasáin Dhá Urlár

 

Spás taitneamhachta príobháideach

Spás Taitneamhachta Roinnte

Stiúideo

4 sqm

4 sqm

Aon seomra leapa amháin

5 sqm

5 sqm

Dhá sheomra leapa

7 sqm

7 sqm

Trí sheomra leapa

9 sqm

9 sqm

12.8 BONNEAGAR, ÁISEANNA AGUS SEIRBHÍSÍ POBAIL

Foirgnimh an Phobail

Mar phrionsabal ginearálta, tá gá le suíomh agus soláthar áiseanna pobail chun pobail áitiúla inmharthana, inbhuanaithe agus rathúla a chruthú agus a fheabhsú.

Cuspóir CBF92

Féachfaidh aon iarratas ar áiseanna pobail mar: áiseanna fóillíochta, faichí spóirt, páirceanna imeartha, ceantair súgartha, hallaí pobail, áiseanna cruinnithe eagrúcháin, áiseanna cúram leanaí, soláthar scoile nua agus forbairtí eile atá dírithe ar an bpobal chuig an méid seo a leanas:

  • An gá foriomlán maidir le riachtanas, easnamh agus an deis áiseanna áitiúla nó Contae a fheabhsú nó a fhorbairt.
  • Gnéithe praiticiúla an láithreáin ó thaobh ionad an láithreáin maidir le bealaí úsáide, an tionchar ar áiseanna áitiúla, inmhianaitheacht agus inrochtaineacht.
  • Comhréireacht le ceanglais na dtreoirlínte reachtacha cuí.

Saoráidí Cúram Leanaí

Aithnítear nach mór go mbeadh cúram leanaí de chaighdeán ard. Féachfaidh an Chomhairle chuig soláthar áiseanna cúram leanaí a éascú in ionaid chuí ar fud an Chontae agus d'fhéadfadh go ndéanfaidís mar cheangal é go gcuirfí ar fáil iad i bhforbairtí móra cónaitheacha, pobail phoiblí, tráchtála agus miondíola de réir fhorálacha an DoEHLG ‘Childcare Facilities Guidelines for Planning Authorities’ (2001).

Cuspóir CBF93

Tógfar an méid seo a leanas in aon iarratas ar shaoráidí cúram leanaí:

  • Oiriúnacht an láithreáin do chineál agus méid na saoráide atá beartaithe.
  • Dóthain áiseanna codlata/scíthe.
  • Dóthain spás súgartha istigh agus amuigh.
  • Cóngaracht do nóid iompair phoiblí.
  • Rochtain shábháilte agus páirceáil eas-sráide áisiúil agus/nó áiteanna oiriúnacha leagan isteach agus bailithe do chustaiméirí agus baill foirne.
  • An méid tráchta sa cheantar áitiúil.
  • Uaireanta oibriúcháin beartaithe.

Déileálfar le hiarratais ar shaoráidí cúram leanaí i gceantair chónaitheacha atá ann cheana féin de réir a gcuid buanna féin, agus an éifeacht dhóchúil ar áiseanna na n-aonad réadmhaoine a bheadh taobh leo, agus comhlíonadh na gcritéar thuas á gcur san áireamh. Is iad tithe scoite nó aonaid réadmhaoine leathscoite móra is oiriúnaí chun áiseanna iomlána cúram lae a sholáthar. Le haghaidh forbairtí cónaitheacha nua, ba cheart gurbh é an tsaoráid is oiriúnaí chun cúram lae iomlán a chur ar fáil ná aonad réadmhaoine saintógtha, ar urlár talún agus ina aonar.

Cuspóir CBF94

Coimeádfaidh aonaid réadmhaoine cónaitheacha a bhfuil cúram leanaí ar fáil iontu gné chónaitheach shubstaintiúil san áit chónaithe, agus is é oibreoir na saoráide cúram leanaí a bheidh ina gcónaí iontu.

Agus iarratais ar shaoráidí cúram leanaí á meas, rachaidh an tÚdarás Pleanála i gcomhairle le Coiste Cúram Leanaí Chontae Fhine Gall chun measúnú a dhéanamh ar an ngá leis an gcineál saoráide atá beartaithe san ionad ceaptha.

Saoráidí Oideachasúla

Déanfaidh an Chomhairle forbairtí scoile a mheas agus iad ag féachaint chuig riachtanais sonracha an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an treoir atá leagtha amach in‘The Provision of Schools and the Planning System, A Code of Practice for Planning Authorities, the Department of Oideachas and Science, and the Department of the Environment, Heritage and Local Government, 2008’.

De ghnáth, déanfar Scoileanna nua a fhorbairt i gceantair ina bhfuil scoileanna nua/breise ag teastáil de réir mar a aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna agus/nó i láithreáin scoile/oideachais atá ann cheana féin.

Cuirfear an méid seo a leanas san áireamh in aon iarratas ar áiseanna oideachais, lena n-áirítear scoileanna nua agus/nó athfhorbairt/méadú scoileanna atá ann cheana féin:

  • An gá foriomlán ó thaobh riachtanais, easnaimh agus deiseanna chun scoileanna a fheabhsú nó a fhorbairt.
  • Ionad an láithreáin, cóngaracht na scoile don abhantrach, méid an láithreáin i gcoibhneas le riachtanais do spás lasmuigh agus riachtanais na scoile sa todhchaí (.i. dóthain spáis curtha ar fáil um méadú sa todhchaí).
  • Tionchar an tráchta agus an iompair ar an líonra bóithre mórthimpeall.
  • Dea-bhealaí sábháilte agus inrochtana do choisithe agus rothaithe chuig an scoil agus uaithi ó cheantair chónaitheacha agus tráchtála in aice léi.
  • Dóthain áiseanna rothaíochta
  • Rochtain shábháilte agus leagan amach dóthanach páirceála chun leagan isteach/bailiú a éascú.
  • Dóthain comharthaí, soilse agus cóireálacha teorann.
  • An tionchar ar áiseanna áitiúla agus úsáid na n-áiseanna scoile lasmuigh d'uaireanta scoile/défheidhmiú na n-áiseanna.
  • Comhréireacht le ceanglais na dtreoirlínte reachtacha cuí.
  • Comhréireacht le cuspóirí criosaithe le haghaidh úsáid talún.
  • I ngach cás, ba cheart go gcuirfí Plean Taistil Scoile isteach le hiarratas ar aon fhorbairt scoile agus ba cheart na riachtanais i ndáil leis an bplean sin a dhearbhú ag an gcéim réamhphleanála.
  • Molfar feidhm dhúbailte a bhaint as áiseanna spóirt/hallaí srl. lasmuigh d'uaireanta scoile áit a mbainfeadh an pobal mór leas as úsáid na n-áiseanna sin, níor cheart, áfach, go gcuirfí úsáid na scoile lasmuigh d'uaireanta scoile isteach ar na háiseanna cónaitheacha taobh léi, áfach. Ba cheart na sonraí go léir faoi na bealaí úsáide beartaithe a chur ar fáil leis an iarratas pleanála.

Déanfar seomraí ranga sealadacha a mheas ar bhonn cás aonair agus is gnách go nglacfar leo ar feadh tréimhse nach sáróidh cúig bliana agus ba cheart nach gcuirfeadh na seomraí ranga sin isteach ar spáis pháirceála do chairr / rothair ar an láithreán nach mbeadh tionchar rómhór acu ar inúsáidteacht áiseanna súgartha/spóirt lasmuigh.

Is gnách go nglacfar le méaduithe ar scoileanna áit a rachaidh siad in ionad déanmhais seomra ranga shealadacha atá ar an láithreán cheana féin. Ba cheart féachaint chuig na háiseanna a bheadh in aice leo agus na háiseanna i láithreán na scoile a chur san áireamh agus méaduithe scoile á suí.

Ionaid Adhartha

Déanfar tograí forbartha um ghnáthúsáid foirgnimh mar ionad adhartha nó ionad teagaisc creidimh a bhreithniú i gcomhthéacs an chriosaithe úsáide talún agus an gá leis na háiseanna a bhfuil úsáid bhunaithe á mbaint astu a chosaint ó thionchar a thagann chun cinn de thoradh tráchta, torainn nó cur isteach eile. Ba cheart sonraí faoi acmhainn na saoráide (m.sh. acmhainn suíochán), measúnú tráchta agus uaireanta oibriúcháin beartaithe a chur in éineacht le hiarratais phleanála.

Cuspóir CBF95

Forbairt ionad adhartha breise a éascú trí shainiú agus/nó criosú tailte le haghaidh riachtanas pobail den sórt sin agus féachaint ar ionaid adhartha a shuí in áiseanna poiblí roinnte

Cuspóir CBF96

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh ionaid adhartha nua nó mhéadaithe suite in ionaid áit nach gcruthóidís brú tráchta doghlactha nó deacrachtaí páirceála agus nach gcuirfidís isteach ar chónaitheoirí ná gnóthais atá ann cheana féin.

Ionaid/Seirbhísí Sláinte

Déanfaidh an tÚdarás Pleanála idirdhealú idir cleachtaí míochaine ar scála beag ina bhfuil príomhaí amháin nó beirt phríomhaithe (.i. dochtúir/fiaclóir/fisiteiripeoir atá ina n-úinéir ar an ngnó) agus a bhfuil duine nó beirt ar a mhéad fostaithe acu, agus cleachtaí míochaine móra ina bhfuil beirt chleachtóirí míochaine nó níos mó agus beirt bhall foirne tacaíochta nó níos mó.

Déanfaidh an tÚdarás Pleanála aon iarratais ar bhunú cleachtaí míochaine beaga, nó ar mhéadú/athchóiriú cleachtaí beaga atá ann cheana féin, i gceantair chónaitheacha, a mheas de réir a gcuid buanna féin. Ba cheart go mbeadh na gníomhaíochtaí míochaine gairmiúla (tráchtála) a dhéanann cónaitheoir an fhoirgnimh san áireamh in iarratais nó, ba cheart go gcuimseodh an t-áitreabh aonad cónaithe a bheadh áitithe ar bhealach eile. Ní bheidh tionchair dhiúltacha ag oibriú an áitribh sin ar áiseanna cónaitheacha an cheantair mórthimpeall. Cloífidh socruithe páirceála agus rochtana leis na ceanglais i dTábla 12.8, agus ní bheidh ceantair pháirceála ina ngné rófheiceálach ag cúirtealáiste tosaigh in aonaid réadmhaoine i gcodarsnacht le háiteanna cónaithe taobh leis, agus beidh an tírdhreachú céanna iontu.

Cuspóir CBF97

Cuirfidh cleachtaí míochaine i gceantair chónaitheacha le húsáid chónaitheach reatha na háite cónaithe agus beidh siad faoina réir.

Ar aon dul le háiseanna cúram leanaí i gceantair chónaitheacha –ba cheart go mbeadh cleachtaí míochaine beaga suite i dtithe móra scoite ar a gcuid tailte féin agus go mbeadh rochtain oiriúnach agus áisiúil ar fáil dóibh siúd atá ag teacht chucu sa charr, de shiúl na gcos nó ar iompar poiblí.

Cuspóir CBF98

Beidh cleachtaí míochaine móra agus grúpa suite sna criosuithe seo a leanas; Sráidbhaile Tuaithe, Ionad Áitiúil, Ionad Baile agus Dúiche, Conair Eacnamaíoch an Mheitreo Lár Baile Mhóir. Ní bheidh tionchair dhiúltacha acu maidir le sceitheadh páirceála, guais tráchta, tionchar diúltach ar úsáid chónaitheach taobh leo, agus cuirfidh siad leis na bealaí úsáide agus na foirgnimh atá ann cheana féin ach ba cheart nach mbeadh ach comharthaí de mhéid réasúnta acu.

I gcás clinicí tréidliachta, cuirfear isteach sonraí iomlána na seirbhísí go léir a chuirfear ar fáil ar an láithreán lena n-áirítear sonraí faoi áiseanna thar oíche (agus crónna/cóiríocht foirne san áireamh) agus seirbhísí lasmuigh de ghnáthuaireanta chomh maith le bearta um maolú torainn pé áit ar cuí.

Ionaid Adhlactha agus Créamatóiriaim

Tá freagracht reachtúil ar Údaráis Áitiúla soláthar d'áiseanna adhlactha. Tá cuid mhór de na hionaid adhlactha atá ann cheana féin sa Chontae lán nó beagnach lán. Mar sin, beidh sé riachtanach ionaid adhlactha bhreise a chur ar fáil sa Chontae sna blianta atá romhainn.

Cuspóir CBF99

Forbairt ionaid adhlactha a sholáthar agus a éascú, lena n-áirítear reiligí glasa / ionaid adhlactha nádúrtha i gceantar ar fud Fhine Gall de réir mar a bheidh ag teastáil le linn shaolré an Phlean Forbartha agus a mbeidh dea-naisc iompair phoiblí leo más féidir, agus riachtanais pobal ilchreidmheach agus neamhreiligiúnach á gcoimeád i gcuimhne.

Cuspóir CBF100

Cinntiú go ndéantar bainistíocht agus cothabháil ar ionaid adhlactha a choimeádann i gcuimhne a n-oidhreacht chultúrtha agus a sholáthraíonn sábháilteacht agus rochtain uilíoch

Cuspóir CBF101

Soláthar créamatóiriaim a éascú laistigh de shaolré an Dréachtphlean Forbartha , faoi réir measúnú timpeallachta agus Scagthástáil um Measúnacht Chuí de réir mar is cuí.

12.9 Fiontraíocht agus Fostaíocht

Molann an tÚdarás Pleanála dearadh, ábhair agus bailchríocha ardchaighdeáin agus tírdhreachú dea-chaighdeáin do gach forbairt tráchtála agus tionscail.

Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais phleanála, cuirfear roinnt ábhair mhachnaimh san áireamh:

  • Comhréireacht le beartais agus cuspóirí ábhartha an Phlean Forbartha maidir le húsáid talún.
  • An meascán de bhealaí úsáide atá beartaithe go háirithe i gceantair úsáide measctha .i. ceantair atá criosaithe mar IÁ,LBM, MEC, LB, ST áit nach mór forbairt agus athrú úsáide a dhíriú ar timpeallachtaí beoga a chruthú. Déine agus nádúr na húsáide beartaithe.
  • Dlús agus scála forbartha cuí a bhaint amach.
  • Spás oscailte agus pleananna tírdhreachaithe ardchaighdeáin a chur ar fáil.
  • Dearadh Ardchaighdeáin
  • Tionchar féideartha gluaiseachta tráchta agus soláthair páirceála
  • An tionchar ar áiseanna na gceantar mórthimpeall.
  • Éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht fhoriomlán na forbartha
  • Bearta um bainistíocht dramhaíola

Páirceanna Gnó agus Ceantair Tionscail

Tá páirceanna gnó agus ceantair tionscail i bhFine Gall ceaptha chun timpeallachtaí fisiceacha ardchaighdeáin a chur ar fáil do ghnóthais agus do thionscal a léiríonn sainghné an Chontae. Is iad príomhaidhmeanna na treorach ná dearadh ardchaighdeáin, leanúnachas físe agus timpeallachtaí ar leas coisithe/rothaíochta a bhaint amach agus cinntiú ag an am céanna go bhfeidhmíonn ionaid ghnó agus tionscail. Meastar freisin go gcabhróidh dearadh maith le marthanacht eacnamaíoch fhadtéarmach na gceantar sin.

Tábla 12.7 - Treoirlínte Deartha do Pháirceanna Gnó agus Ceantair Tionscail

DEARADH LÁITHREÁIN

ROCHTAIN AGUS BOGADH TIMPEALL

  • Ba cheart láithreáin a dhearadh ar bhealach go mbeadh a laghad coinbhleachtaí agus is féidir idir feithiclí agus coisithe/rothaithe
  • Ba cheart a laghad pointí rochtana don láithreán agus is féidir a chur ar fáil
  • Ba cheart pointí rochtana a dhearadh ar bhealach go dtabharfaí bealach isteach/amach sábháilte d'fheithiclí agus do choisithe
  • Moltar bealaí atá os comhair a chéile a ailíniú chun leanúnachas a chur chun cinn agus aonfhoirmeacht a sholáthar
  • Molfar Pleananna Bainistíochta Soghluaisteachta d'fhorbairtí a mbeidh go leor fostaithe iontu

NAISC COISITHE / ROTHAÍOCHTA

  • Ba cheart go ndéanfadh dearadh an láithreáin freastal ar bhogadh timpeall coisithe/rothar ar bhealach sábháilte agus éifeachtúil.
  • Ba cheart bealaí coisithe agus rothar a scaradh go fisiceach an oiread is féidir ó bhogadh timpeall feithiclí
  • Ba cheart crosbhealach áit a mbeidh an coisí/rothaí agus feithiclí ag teacht le chéile a mharcáil go soiléir le go mbeidh tiománaithe agus coisithe/rothaithe in ann é a aithint

TRÉSCAOILTEACHT

  • Bíonn tionchar ag roinnt fachtóirí ar thréscaoilteacht lena n-áirítear leagan amach foirgnimh, leagan amach bóthair, slánachair, páirceáil agus tírdhreachú agus teastaíonn cur chuige comhtháite chun tréscaoilteacht mhaith a bhaint amach.

SOILSIÚ

  • Cruthaíonn soilsiú timpeallacht shlán agus tharraingteach. Féadann soilsiú bheith ina fhoinse truaillithe freisin agus ba cheart é a dhearadh ar bhealach go ndéanfaí sceitheadh lasmuigh den láithreán a dhíbirt agus a íoslaghdú.
  • Molfar gan rabhcháin, soilse cuardaigh, soilse preabacha, soilse bladhmacha ná soilse a éiríonn níos déine a úsáid
  • Ba cheart soilsiú a úsáid ar bhealach nach gcuirfeadh isteach ar ghluaiseacht shábháilte feithiclí ná loingseoireacht aerárthaí.
  • Ba cheart soilsiú a threorú amach ó fhoirgnimh taobh leis agus ón mbóthar poiblí
  • Ba cheart soilsiú i gceantair seirbhíse a choimeád laistigh de theorainneacha clóis seirbhíse
  • Ba cheart soilsiú slándála a choimeád ag bealaí isteach agus i gceantair coisithe agus níor cheart go mbeadh sé ag teilgean ar an mbóthar poiblí
  • Ba cheart go mbeadh bealaí timpeall do choisithe soilsithe go sásúil

LÁITHREACHA LASTÁLA/SEIRBHÍSE

  • Ba cheart bánna lódála agus ceantair láthair seirbhíse a shuí ag cúl nó taoibh foirgnimh pé áit ar féidir, agus amach ó phríomhbhealach isteach an fhoirgnimh, nó ceantair atá réasúnta feiceálach
  • Pé áit ar féidir ba cheart ceantair seirbhíse, lódála, gineadóra agus stórála dramhaíola a chur in áit dhúnta san fhoirgneamh
  • Ba cheart go mbeadh ceantair lódála agus seirbhíse lasmuigh clúdaithe go cuí
  • Ba cheart ceantair lódála a dhearadh ar bhealach go gcuirtear spás ar fáil do bhogadh timpeall feithiclí ar an láithreán

DRAMHAÍL/ATHCHÚRSÁIL

  • Ba cheart gach ceantar dramhaíola agus athchúrsála a chlúdach/a chur in áit dhúnta agus a chosaint mar is cuí ón ngaoth agus ó radharc an phobail

SADHLANNA AGUS DÉANMHAIS CHOIMHDEACHA

  • Ba cheart sadhlanna agus déanmhais choimhdeacha a fholú an oiread is féidir agus a shuí ag taoibh agus cúl foirgneamh
  • Pé áit ar féidir, ba cheart go mbeadh na hábhair a úsáidtear chun sadhlanna agus déanmhais choimhdeacha a thógáil ag réiteach le hábhair an fhoirgnimh

STÓRÁIL (TREALAMH, ÁBHAIR, INNEALRA)

  • Ba cheart stóráil trealaimh, ábhar agus innealra a choimeád do chúl foirgneamh ionas nach mbíonn tionchar físe mór acu

SLÁNACHAIR

  • Cabhraíonn slánachair le leanúnachas físe a chruthú agus cabhraíonn siad le sráid-dreacha tarraingteacha a chruthú go ginearálta, de ghnáth:
    • Ba cheart slánachar 10 m ar a laghad atá déanta suas de thírdhreachú crua agus bog a sholáthar idir líne tógála gach foirgnimh atá ag síneadh le príomhbhóthar. Féadfar é sin a laghdú, ach ba cheart nach mbeadh an slánachar níos lú ná 7m de ghnáth, ar bhóithre inmheánacha
    • Ba cheart go soláthródh an slánachar crios maolánach tírdhreachaithe agus níor cheart é a úsáid le haghaidh páirceáil ná gníomhaíocht eile a bhaineann le gnó ná fógraíocht

COMHARTHAÍ

  • Ba cheart na comharthaí go léir a dhearadh ar bhealach go bhfuil siad ag teacht le sainghné an cheantair
  • Ba cheart na comharthaí go léir a dhearadh le pailéad ábhair a thagann le hábhar ceannasach agus le sainghné ailtireachta an fhoirgnimh a bhfuiltear á gcur ar fáil dó
  • Níor cheart go mbainfeadh ábhair, ionad, méid, dath, airde, soilsiú scála agus treoshuíomh comharthaí de thaitneamhacht físe ceantair
  • Ní cheadófar ach aon chomhartha 'aitheantais' scoite amháin in aghaidh an ionaid ionas nach mbeidh an iomarca comharthaí ann. Ba cheart a laghad faisnéis bhreise agus comharthaí treorach agus is féidir a chur ar fáil Áit a bhfuil go leor aonad i bhfoirgnimh, ní cheadófar ach aon chomhartha 'aitheantais' scoite amháin
  • Molfar gan na comharthaí seo a leanas a úsáid: Comharthaí a fhógraíonn táirgí nó seirbhísí ginearálta, Comharthaí beochana, gluaiste, rothlacha nó comharthaí a dtagann fuaim astu, Cláir fógraí, Comharthaí anuas ar dhíonta nó a theilgtear os cionn airde mhullaigh an fhoirgnimh, Díonbhrait atá soilsithe istigh, Comharthaí ar a bhfuil teachtaireachtaí athraithe, Comharthaí anuas ar chuaillí agus Comharthaí balla.

EALAÍN PHOIBLÍ

  • Moltar dealbha lasmuigh, saothar ealaíne cuí, agus gnéithe speisialta ailtireachta agus tírdhreacha agus láithreáin aonair á bhforbairt agus mar ghnéithe i gceantair phoiblí eastát. Cabhraíonn na gnéithe sin le haitheantas físe agus le mothú áite a chothú agus a threisiú.

INBHUANAITHEACHT

  • Agus foirgnimh á ndearadh agus á dtreoshuí ba cheart leas a bhaint as na coinníollacha aeráide sa cheantar áitiúil agus leas a bhaint as grian-neartú agus solas an lae
  • Ní mór CDIb a chur i bhfeidhm ag céim deartha gach forbartha
  • Ba cheart leas a bhaint as straitéisí cuí um chaomhnú fuinnimh agus foirgnimh á ndearadh lena n-áirítear cruth, mais, treoshuíomh an fhoirgnimh agus an rogha ábhar

íomhá charrchlós

DEARADH FOIRGNIMH

TREOSHUÍOMH AN FHOIRGNIMH AGUS ÉADANAS BÓTHAIR

  • Ba cheart foirgnimh a shuí agus a threoshuí ar bhealach go gcosnaítear agus go bhfeabhsaítear radhairc atá ann cheana féin, go mbaintear an leas is mó agus is féidir as solas agus uillinneacha gréine, go gcuirtear feabhas ar thírghnéithe agus gnéithe láithreáin atá ann cheana féin, agus go neartaítear an gaol idir foirgnimh
  • Ba cheart foirgnimh a leagan amach sa chaoi go bhfuil siad ina spásanna poiblí ardchaighdeáin agus leibhéal ard faireachais éighníomhaigh ag gabháil leo

MÓRDHLÚTHÚ AGUS CUMA

  • Molfar dearadh comhaimseartha foirgnimh. Ba cheart cóireálacha ailtireachta, ábhair agus bailchríocha comhaimseartha a chuimsiú i ngach gné de dhearadh foirgnimh
  • Ba cheart foirgnimh i gceantair ghnó tionscail agus ghinearálta a dhearadh ar bhealach a thagann leis na foirgnimh atá taobh leo ó thaobh airde agus scála
  • Áit a bhfuil ceantair chónaitheacha taobh le páirceanna tionscail agus gnó, ba cheart smaoineamh ar airdí a laghdú ag an gcuid den láithreán ina bhfuil an dá cheantar teoranta lena chéile ionas go ndéantar an chodarsnacht agus an tionchar idir an dá cheantar chomh beag agus is féidir
  • Ba cheart foirgnimh ollmhóra a sheachaint. Ba cheart mais foirgneamh mór a bhriseadh síos i ngrúpaí braisle nó fochodanna pé áit ar féidir chun an scála braite a laghdú
  • Molfar meascán de chineálacha foirgnimh a shínfidh ó aonaid ghorlainne go haonaid mhóra
  • Ba cheart go mbeadh dearadh foirgnimh chomh solúbtha agus chomh nuálach agus is féidir chun freastal ar riachtanais athraitheacha áititheoirí agus a gcuid próiseas

CUMA AN FHOIRGNIMH AGUS ÁBHAIR AGUS PAILÉAD DATHANNA

  • Ba cheart go mbeadh ábhair an fhoirgnimh taitneamhach ó thaobh físe agus marthanach
  • Ba cheart go mbeadh ceangal físe idir na foirgnimh go léir agus go réiteoidís le bealaí úsáide taobh leo
  • Cabhraíonn úsáid gnéithe ailtireachta cosúla mar chruthanna fuinneoige, cineálacha dín, ábhair, dathanna agus uigeachtaí cosúla le leanúnachas físe a bhaint amach
  • Ba cheart foirgnimh ar scála daonna a mholadh.

CUMA

  • Ba cheart foirgnimh a chur i suíomhanna tírdhreachaithe a bhfuil pláis/spásanna poiblí ardchaighdeáin iontu atá cruthaithe ag foirgnimh ardchaighdeáin.
  • Molfar foirgnimh sainchomhartha in ionaid straitéiseacha chun gníomhú mar phointí lárnacha
  • Ba cheart go mbeifí in ann foirgnimh a thuiscint; is féidir é sin a bhaint amach i bpáirt trí shuíomh gach urláir a léiriú i ndearadh an chraicinn amuigh agus úsáid á baint as teicnící mar léibheannú, gnéithe struchtúrtha sothuigthe, nó ábhair tógála athraitheacha. Féadann stiallchúrsaí, nó bannaí cóirithe cothrománacha eile a bhfuil dathanna agus/nó ábhair chodarsnacha orthu foirgneamh a chruthú is féidir a thuiscint

ÉADAIN

  • Moltar éadain a bhfuil leibhéal ard de spéis físe ag gabháil leo
  • Ba cheart go bhfeabhsódh sainghné sheachtrach foirgneamh sainghné an cheantair go léir agus taithí coisithe / rothaithe agus tiománaithe
  • Is féidir éadain chairdiúla a chruthú agus úsáid á baint as dromchlaí balla maisiúla agus ábhair tírdhreacha, ábhair mhodúlacha mar bhrící agus cloch agus fuinneoga a nochtann áiseanna agus gníomhaíocht istigh
  • Ní chuireann ceantair fhairsinge de bhallaí bána agus de ghloine scátháin le héadain chairdiúla agus ba cheart iad a sheachaint pé áit ar féidir
  • Ba cheart leanúnachas físe a bhaint amach trí dhathanna maothaithe a úsáid
  • Is gnách nár cheart dathanna dorcha a úsáid ach ar bhonn foirgneamh agus gur cheart dathanna níos éadroime a úsáid le haghaidh na leibhéal uachtair

DÍONDREACH

  • Ba cheart go gcuirfeadh díondreacha le leanúnachas físe páirceanna gnó agus ceantar tionscail
  • Ba cheart go mbeadh cruth simplí ar ghnéithe dín agus go mbeidís leanúnach
  • Moltar línte cothrománacha agus droimneacha
  • Molfar gan díonta cothroma, díonta gabhal éadain agus mansaradacha a úsáid
  • Ba cheart múcháin sceite, simléir agus gaothairí a chuimsiú isteach san fhoirgneamh, agus is fearr iad a shuí ag cúl nó taobh foirgneamh, agus iad folaithe de réir mar is cuí agus dath orthu a réitíonn le dearadh foriomlán an fhoirgnimh a bhfuil siad á gcur ar fáil dó

TREALAMH TEILEACHUMARSÁIDE AGUS AERÓIGE

  • Ba cheart trealamh anuas ar dhíonta a dhearadh ar bhealach a mheascann sé isteach ina fhoirgneamh óstaigh. Ba cheart trealamh anuas ar dhíonta a mbeifear in ann é a fheiceáil ón spéirlíne a phéinteáil chun meascadh le cúlra na spéire nuair atáthar ag féachaint air ó bhóithre agus foirgnimh taobh leis
  • Is gnách nach gceadófar seomraí innealra anuas ar dhíonta. Ba cheart an t-innealra sin a chuimsiú i ndearadh foriomlán foirgneamh
  • Ba cheart  go mbeadh trealamh anuas ar bhallaí chomh díreach in éadan an fhoirgnimh agus is féidir go teicniúil agus níor cheart go mbeadh sé ag síneadh thar líne dín an fhoirgnimh
  • Ba cheart go mbeadh clúdach fóntais déanta suas d'ábhair mharthanacha. Ba cheart gach líne fóntais (línte cumhachta agus teileafóin san áireamh) a shuiteáil faoi thalamh, pé áit ar féidir

TREALAMH GRÉINE, FÓNTAIS, LEICTREACH AGUS MEICNIÚIL

  • Ní mór aonaid leictreacha, gáis agus meicniúla talún, foirgnimh nó dín agus fearais cosúil leo a shuí i gceart chun mímhaiseacht nó fadhbanna sábháilteachta féideartha a sheachaint, agus ní mór iad a fholú ar bhealach atá i gcomhréir le dearadh an fhoirgnimh a bhfuil siad á soláthar dó.
  • Níl cead ann trealamh teasa ar bith (ach amháin teas gréine), trealamh aerchóirithe, leictreach ná trealamh eile a shuiteáil ar dhíon foirgnimh nó déanmhais ach amháin má tá sé folaithe le hábhair a réitíonn (nó atá mar an gcéanna go hídéalach) le príomhábhar an fhoirgnimh sheachtraigh.
  • Níor cheart fostáisiúin leictreachais a cheadú ar spás poiblí oscailte
  • Ba cheart fostáisiúin leictreachais a shuí ar leibhéal talún
  • Ba cheart daibhche stórála ola, fostáisiúin, méadair gáis agus seomraí seirbhíse eile a fholú agus níor cheart go mbeifí in ann iad a fheiceáil ó bhóithre poiblí

BEALAÍ ISTEACH FOIRGNIMH

  • Ba cheart go mbeifí in ann príombhealaí isteach a fheiceáil go soiléir trí húsáid ábhar agus scála cuí
  • Ba cheart go mbeifí in ann bealaí isteach a fheiceáil go soiléir
  • Ba cheart bealaí isteach a dhearadh ar bhealach go bhfeictear mar cheantair chodarsnacha iad ar éadan foirgnimh agus iad a threoshuí i dtreo spásanna poiblí, an príomhbhóthar nó an chéide feithiclí istigh

PÁIRCEÁIL

  • Ba cheart ceantair pháirceála a dhearadh ar bhealach gur féidir le feithiclí bogadh go sábháilte agus go héasca agus go gcuirtear teorainn le coinbhleachtaí feithicle/coisithe
  • Níor cheart go mbeadh páirceáil mar an ngné is mó de leagan amach forbartha agus ba cheart í a dhearadh mar ghné lárnach de gach foirgneamh
  • Moltar socruithe nuálacha um páirceáil lena n-áirítear páirceáil íoslaigh nó leathíoslaigh agus páirceáil faoin gcroit chun an tionchar físe a dhéanamh chomh beag agus is féidir
  • Ba cheart ceantair pháirceála a fholú go hoiriúnach agus maolú a dhéanamh ar an tionchar físe a bhíonn acu trí phlandáil agus gnéithe tírdhreacha a úsáid
  • Áit a bhfuil foirgnimh ina seomraí taispeántais taobh le bóthar, níor cheart go mbeifí in ann páirceáil os comhair na líne tógála. Mar rogha eile, ba cheart páirceáil ag tús foirgneamh a theorannú go páirceáil cuairteoirí amháin
  • Ba cheart go mbeadh dromchla tréscaoilteach/leath-tréscaoilteach ar cheantair pháirceála agus prionsabail CDIb á gcuimsiú
  • Moltar gan ceantair fhairsinge páirceála a chur ar fáil agus seachas sin ba cheart iad a bhriseadh síos i modúil níos lú le fásra/tírdhreachú
  • Ba cheart ceantair pháirceála a chosaint ón mbóthar le tírdhreachú, teorainneacha cré, leathbhallaí nó fálta chun a gcuma a dhéanamh níos boige
  • Ba cheart dóthain áiseanna páirceála slána a chur ar fáil do rothair     (Tábla 12.9).
  • Ba cheart páirceáil do ghluaisrothair a chur ar fáil i scéimeanna páirceála freisin.
  • D'fhéadfadh go mbeadh seicphointí ag teastáil i roinnt áiseanna chun maoirseacht a dhéanamh ar rochtain. Ba cheart tithe garda agus botháin slándála a dhearadh agus a shuí ar bhealach nach gcuirfear isteach ar ghluaiseacht coisithe/rothar nó nach gcruthóidh siad scuaine tráchta. Ba cheart go mbeadh dearadh bothán slándála i gcomhréir le dearadh ailtireachta an fhoirgnimh a bhfuil sé á chur ar fáil dó

TÍRDHREACHÚ AGUS CÓIREÁIL TEORANN

  • Moltar speicis dhúchasacha a chur
  • Feabhas a chur ar shainghné físe ceantair trí mholadh go gcuirfí crainn agus rosáin taobh le teorainneacha bóthair.
  • Pé áit ar féidir, ba cheart fásra atá ann cheana féin a chaomhnú, a fheabhsú agus a chuimsiú i ndearadh an tírdhreacha
  • Ba cheart cuma agus riachtanais chothabhála na rogha plandaí agus crann a mheas.
  • Pé áit ar féidir, agus cóireálacha teorann á ndéanamh, ba cheart go gcuirfí san áireamh an gá go ndéanfaidís torann a mhaolú áit a bhfuil an foirgneamh taobh le bóthar nó mótarbhealach gnóthach
  • Ba cheart úsáid a bhaint as tírdhreachú chun béim a chur ar bhealaí isteach agus ar bhealaí timpeall do choisithe
  • Ba cheart go mbeadh teorainneacha ar féidir iad a fheiceáil ón mbóthar poiblí (go háirithe teorainneacha a shíneann thar an líne tógála) de chaighdeán ard ailtireachta ann
  • Ní cheadófar sonnach ag tús aon líne tógála
  • Molfar linnte coimeádta a úsáid mar ghné deartha uirbigh i bpáirceanna gnó chun feabhas a chur ar shuíomh an champais

Cuspóir CBF102

Cinntiú go gcloíonn dearadh agus suíomh aon Pháirceanna Gnó agus Ceantar Tionscail nua le prionsabail na dTreoirlínte Deartha mar atá leagtha amach i dTábla12.7.

Forbairt Miondíola

Is minic go mbíonn béim shóisialta agus chathrach ag baint leis an miondíol i gcomharsanachtaí agus sráidbhailte áitiúla. Mar sin ní mór go mbainfeadh na forbairtí sin amach dearadh ardchaighdeáin. Ba cheart iad a dhearadh agus a thoisiú ar bhealach go mbeidh scála oiriúnach orthu i gcoibhneas leis an abhantrach atá beartaithe dóibh. Tá ionaid áitiúla agus sráidbhailte tuaithe ceaptha le freastal ar riachtanais laethúla siopadóireachta agus seirbhíse na gceantar atá mórthimpeall orthu agus dá bharr sin beidh siad beag de ghnáth. Agus iarratais in aon cheann de na hionaid áitiúla sin á láimhseáil, ba cheart go dtógfaí san áireamh in anailís ar bith treochtaí siopadóireachta athraitheacha, cúinsí sóisialta agus eacnamaíocha an cheantair agus an straitéis mhiondíola i gCaibidil 6.

Critéir Mhiondíola

Comhlíonfaidh iarratais ar fhorbairt mhiondíola nua na ceanglais atá leagtha amach i gCaibidil 6. 

Cuspóir CBF103

Cuirfear forbairt mhiondíola nua ar fáil de réir Straitéis Mhiondíola Fhine Gall i gCaibidil 6.

Cuspóir CBF104

Comhlíonfaidh forbairt mhiondíola ról agus feidhm an ionaid mhiondíola agus beidh sé i gcomhréir le scála agus cineál na miondíola a aithníodh don ionad sin.

Cuspóir CBF105

Ní mór go gcloífeadh forbairt mhiondíola leis an gcuspóir bunúsach, mar atá, tacú le beogacht agus le hinmharthanacht an ionaid mhiondíola agus ní mór go léireofaí go bhfuiltear ag cloí leis an gcur chuige seicheamhach. Déanfar tograí chun aonaid mhiondíola a mhalgamú a mheas go cúramach. I gcás tograí móra miondíola (a sháraíonn 1,000 méadar cearnach) tá sé mar cheangal go soláthrófaí Measúnacht Tionchair Mhiondíola (MTM) shonrach, Measúnacht Tionchair Tráchta (MTT) agus Scagthástáil um Measúnacht Chuí, de réir mar is cuí.

Cineálacha Forbartha Miondíola

Asraonta Mearbhia/Beir Leat

Féadann asraonta mearbhia cur isteach ar áiseanna ceantair agus baint díobh agus mar sin, déanfar tograí ar asraonta nua nó méadaithe a mheas go cúramach.

Cuspóir CBF106

Déanfar tograí forbartha d'asraonta mearbhia/beir leat a rialú go dian agus tá sé mar cheangal go bpléifí leis an méid seo a leanas i ngach togra:

  • Éifeacht charnach asraonta mearbhia ar áiseanna ceantair
  • Éifeacht na forbartha beartaithe ar an meascán reatha de bhealaí úsáide talún agus de ghníomhaíochtaí sa cheantar.
  • Uaireanta oscailte/oibriúcháin na saoráide 
  • Ionad gaothairí agus seirbhísí seachtracha eile agus an tionchar a bheadh acu ar áiseanna ó thaobh torainn/bolaidh/tionchar físe.

Cuspóir CBF107

Smaoineamh go cúramach ar oiriúnacht agus ar shuíomh asraonta mearbhia in aice le scoileanna agus, áit a meastar é a bheith cuí, srian a chur le hoscailt asraonta nua mearbhia/beir leat in aice le scoileanna chun sláinte agus leas leanaí scoile a chosaint

Stáisiúin Breosla

Cé go bhfuil gá leo, féadann stáisiúin peitril cur isteach ar áiseanna ceantair agus baint díobh agus dá bharr sin, déanfar tograí um asraonta nua nó méadaithe a mheas go cúramach. Is gnách nach molfar stáisiúin breosla i gcroícheantar miondíola ionad uirbeach ná i gceantair thuaithe.

Cuspóir CBF108

Pléifear leis an méid seo a leanas i dtograí forbartha do stáisiúin breosla:

  • Beidh sé mar cheangal go gcruthófar i dtograí forbartha nach mbeidh tionchar diúltach rómhór ag torann, trácht, cur isteach físe, múch ná boladh ar áiseanna ceantair agus go háirithe maidir le húsáid talún íogair mar fhorbairt chónaitheach.
  • Ba cheart go mbeadh dearadh ardchaighdeáin ar stáisiúin breosla agus go mbeidís ag teacht leis an timpeallacht thógtha mórthimpeall orthu. I láir uirbeacha, áit ar cosúil go mbeadh tionchar mór ag an bhforbairt ar shainghné stairiúil nó ailtireachta ceantair, d'fhéadfadh nach nglacfaí le húsáid dearaí agus comharthaí corparáideacha.
  • Ba cheart soilsiú an stáisiúin peitril, soilsiú ceannbhrait san áireamh, a choimeád laistigh den láithreán agus ba cheart nach gcuirfeadh sé isteach ar áiseanna an cheantair.
  • Ba cheart an siopa stáisiún peitril a dhearadh ar bhealach go mbeifear in ann é a bhaint amach de shiúl na gcos nó ar rothar, agus rochtain cheart ar fáil d'fheithiclí seachadta. Ba cheart na gnéithe sábháilteachta a bhaineann le bogadh timpeall agus páirceáil feithiclí sa stáisiún peitril a mheas go hiomlán Ba cheart gníomhaíochtaí miondíola a theorannú don cheantar urlár siopa, ach amháin i gcás díolacháin breosla tí, áit a bhféadfadh go mbeadh roinnt spás stórála seachtrach ceadaithe.
  • Ba cheart díolachán earraí miondíola ó stáisiúin peitril a shrianadh go hearraí áise agus tá sé ceadaithe mar áis choimhdeach bheag amháin. Ní sháróidh glanachar urlár shiopa an stáisiúin peitril 100 sqm. Áit a n-iarrtar cead um achar urlár miondíola a sháraíonn 100 sqm, beidh feidhm ag an gcur chuige seicheamhach i dtreo forbairt mhiondíola.
  • D'fhéadfadh go gceadófaí ceardlanna le haghaidh mionseirbhísí (m.sh. athrú bonn, deisiú poll, athrú ola) áit nach mbeadh drochthionchar acu ar phríomhúsáid an stáisiúin peitril agus áiseanna áitiúla, go háirithe maidir le gaire d'áiteanna cónaithe nó do cheantair chónaitheacha taobh leo.
  • Déanfar stáisiúin breosla agus ceantair seirbhíse atá gar don líonra Bóithre Náisiúnta a mheas i ndáil leis na Spatial Planning and National Roads Guidelines for Planning Authorities DECLG, 2012.
Trádstóráil Mhiondíola

Beidh an raon earraí a dhíoltar i bpáirceanna miondíola atá ann cheana féin agus in aon pháirceanna miondíola sa todhchaí rialaithe go docht agus teoranta d'earraí tí toirtiúla nó d'earraí nach féidir le custaiméirí a iompar agus iad ag taisteal de shiúl na gcos, ar an rothar, nó ar an mbus (Féach Aguisín 1 de na Treoirlínte um  Pleanáil Miondíola (2012) le haghaidh sainmhínithe ar earraí toirtiúla). Ba cheart nach sáródh táirgí tánaisteacha 20% de ghlanachar iomlán urlár miondíola an aonaid mhiondíola. I láir bhaile agus sráidbhaile, ba cheart go mbeadh méid agus scála gach forbairt nua trádstórála miondíola i gcomhréir le sainghné an cheantair. Treorófar éileamh ar thrádstóráil miondíola agus/nó páirceanna miondíola nua isteach i dtailte atá criosaithe mar Lár Baile Mhóir/LBM sna hionaid miondíola ardoird ar Leibhéal 2 agus isteach sa chriosú Trádstóráil Miondíola 'TM', ar an gcéad dul síos, más féidir chun na gráigeanna de thrádstórais mhiondíola agus/nó páirceanna miondíola atá ann cheana féin a thabhairt le chéile.

Cuspóir CBF109

Gan trádstóráil miondíola a cheadú ach ar thailte atá criosaithe don chuspóir sin (TM) nó le haghaidh Lár Baile Mhóir (LBM) agus áit a bhfuil fianaise shoiléir go bhfuil gá leis na bealaí úsáide sin. Ina theannta sin beidh sé mar cheangal go gcomhlíonfadh tograí cuspóirí Chaibidil 8 An Earnáil Mhiondíola den Phlean seo

Gníomhaíocht Eacnamaíoch Bhaile

Déanfar tograí forbartha do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha beaga bhaile áit a bhfuil cónaí ar an iarratasóir sa teach agus ar féidir leis/léi cruthú nach bhfuil an tábhacht chéanna ag baint leis an ngníomhaíocht bheartaithe agus atá le príomhúsáid chónaithe an tí. Is gnách nach mbeifear i bhfabhar tograí a mbeadh drochthionchar acu ar thaithneamhacht chónaitheach an cheantair trí mheán tráchta méadaithe, torann, múch, creathadh, deannach ná boladh. Déanfaidh an tÚdarás Pleanála measúnú ar oiriúnacht an láithreáin chónaithigh chun freastal ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch bheartaithe a bheidh bunaithe sa teach agus é ag cur san áireamh méid agus scála an láithreáin agus na háite cónaithe, dlús an cheantair mar atá, fáil dóthain páirceála sábháilte agus an chaoi a dtagann nádúr na húsáide go ginearálta le comhthéacs an láithreáin.

Is gnách go gceadófar gníomhaíocht eacnamaíocha bhaile ar bhonn gearrtéarmach nó sealadach chun gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar aon tionchar a bheadh ag an ngníomhaíocht ar thaitneamhacht chónaitheach

Cuspóir CBF110

Gníomhaíochtaí eacnamaíocha baile a cheadú áit nach bhfuil an tábhacht chéanna ag baint leis an ngníomhaíocht bheartaithe agus atá le príomhúsáid chónaitheach na háite cónaithe agus nach mbíonn drochthionchar aici ar thaithneamhacht chónaitheach an cheantair mar gheall ar thrácht méadaithe, torann, múch, creathadh, deatach, deannach nó boladh.

Cuspóir CBF111

Gníomhaíocht eacnamaíoch bhaile a cheadú ar bhonn gearrtéarmach nó sealadach chun gur féidir measúnú leanúnach a dhéanamh ar aon tionchar a bheadh ag an ngníomhaíocht ar thaithneamhacht chónaitheach, pé áit a dteastaíonn sé sin.

12.10 Bonneagar agus Gluaiseacht

Iompar

Úsáid Chomhtháite Talún agus Iompair

Is é atá i gceist le húsáid talún agus iompar a chomhtháthú ná úsáid talún atá dian ar thuras (m.sh. tithe, oifigí agus miondíol chomparáideach ard-dlúis) a shuí gar d'iompar poiblí ardacmhainne (mar an DART, Meitreo, Luas agus Bus Gasta). Is féidir úsáid tairbhiúil a bhaint as an talamh trí hiompar poiblí ardacmhainne a chur ar fáil don líon is mó cónaitheoirí agus fostaithe.

Cuimsíonn na Pleananna Forbartha do gach ceann de cheithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath faoi láthair caighdeáin a chuireann teorainn leis an méid páirceála i bhforbairtí nua, in áiteanna oibre agus oideachais ach go háirithe. Dá bharr sin, tá na caighdeáin pháirceála roinnte i gCrios 1 ina gceadaítear níos lú spásanna páirceála agus Crios 2, ina gceadaítear níos mó spásanna páirceála. Tá feidhm ag Crios 1 maidir le ceantair atá:

  • Laistigh de 1600m ó DART, Meitreo, Luas nó BG, (atá ann cheana féin nó beartaithe),
  • Laistigh de 800m ó Mhórlána Bus,
  • Criosaithe mar LMB nó Lár Baile Mhóir, nó
  • Faoi réir scéim Alt 49

Tá feidhm ag Crios  2 maidir le gach ceantar eile.

Cuspóir CBF112

Teorainn a chur le líon na spásanna páirceála in ionaid oibre agus oideachais chun comaitéireacht sa charr a dhéanamh chomh beag agus is féidir. Beidh an líon spásanna páirceála i bhforbairtí nua i gcomhréir leis na caighdeáin atá leagtha amach i dTábla 12.8.

Áit ar féidir an t-éileamh a láimhseáil trí mheán praghsála, .i. forbairtí miondíola, ba cheart go dtabharfaí tús áite sa phraghsáil do shiopadóirí, ar gnách go bhfanann siad ar feadh tréimhsí gairide, seachas fostaithe, ar gnách go bhfanann siad ar feadh tréimhsí fada.

Cuspóir CBF113

Beidh páirceáil íoctha ag forbairtí miondíola nua a bhfuil níos mó ná 50 spás páirceála acu a thabharfaidh tús áite do pháirceáil ghearrtéarmach seachas páirceáil fhadtéarmach. Beidh feidhm ag an gcuspóir sin freisin maidir le forbairtí miondíola atá ann cheana féin a bhfuil sé beartaithe acu méid na spásanna páirceála atá acu a mhéadú ag níos mó ná 50.

In ionaid bhaile agus sráidbhaile, áit a mbíonn ceapach talún beag, bíonn sé deacair páirceáil a chur ar fáil d'fhorbairtí nua. Áit a bhfuil córais Íoc agus Taispeáin i bhfeidhm, féadfar freastal ar an éileamh ar pháirceáil ar an tsráid. Toisc gurb amhlaidh áit a n-úsáidtear páirceáil sráide, páirceáil ceada ach go háirithe, nach sábhálann forbróirí an costas as a gcuid spásanna páirceála féin a chur ar fáil agus go laghdaítear ioncam na Comhairle ó Íoc agus Taispeáin, tá ranníocaíocht in ionad páirceála cuí.

Cuspóir CBF114

I mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil páirceáil Íoc agus Taispeáin, féadfaidh forbróirí ranníocaíocht in ionad páirceála ag ráta  €5000 (cúig míle euro) in aghaidh an spáis a íoc.

Pleananna um Bainistiú Iompair Inbhuanaithe

I bPleananna um Bainistiú Iompair Inbhuanaithe, leagtar amach bearta a chuireann chun cinn iompar inbhuanaithe le haghaidh áiteanna oibre nó oideachais áirithe.

Cuspóir CBF115

É a dhéanamh mar cheangal go mbeadh Plean um Bainistiú Iompair Inbhuanaithe ag gach forbairt ina bhfuil os cionn 100 fostaí agus gach scoil seo. Ceanglófar ar scoileanna atá ann cheana féin a dhéanfaidh iarratas chun freastal ar mhéadú Plean um Bainistiú Iompair Inbhuanaithe a chur ar fáil chomh maith.

Iompar Inbhuanaithe

Siúl agus Rothaíocht

Is iad siúl agus rothaíocht na bealaí taistil is éifeachtaí ó thaobh úsáid spás bóthair, agus na bealaí is inbhuanaithe ó thaobh an tionchair ar an gcomhshaol. Níl sé praiticiúil siúl, áfach, ach le haghaidh turas gearr agus níl rothaíocht praiticiúil ach le haghaidh turas gearr nó meánachair.

Cuspóir CBF116

É a dhéanamh mar cheangal go ndearfaí gach forbairt nua de réir an LDBSU. Beidh leaganacha amach agus dearaí orthu, ach go háirithe, a léiríonn go bhfuil tús áite á thabhairt do shiúl agus do rothaíocht trí rochtain shábháilte, áisiúil agus dhíreach a chur ar fáil ar sheirbhísí, fhostaíocht agus iompar poiblí áitiúil.

Braitheann cur chun cinn na rothaíochta mar bhealach iompair inbhuanaithe ar dóthain páirceála a chur ar fáil in ionaid fhostaíochta agus oideachais. Tá caighdeáin um páirceáil rothar, ar noirm iad, leagtha amach i dTábla 12.9

Cuspóir CBF117

Cinntiú go gcuimsíonn gach forbairt nua fostaíochta agus oideachais áiseanna páirceála dóthanacha, slána agus tirime do rothair, de réir na gcaighdeán atá leagtha amach i dTábla12.9.

Iompar Poiblí

Le haghaidh méideanna móra taistealaithe agus le haghaidh turas meánachair go fadachair, is iad na bealaí éagsúla iompair phoiblí na bealaí taistil is éifeachtúla ó thaobh úsáid spás bóthair agus na bealaí is inbhuanaithe ó thaobh an tionchair ar an gcomhshaol.

Cuspóir CBF118

Tacú le feabhsúcháin ar iompar poiblí tríd na dromchlaí um bealaí beartaithe a choimeád saor ó fhorbairt. Slánachair a chur ar fáil ar dhromchlaí iompair phoiblí chun soláthar d'fheabhas sa todhchaí chun go mbeifear in ann líonra sábháilte agus éifeachtach de bhonneagar iompair a chur ar fáil.

An Meitreo Thuaidh Nua Beartaithe

Bhí Meitreo Thuaidh nua beartaithe mar chuid de chláir caipitil an Rialtais a foilsíodh le déanaí. Nascfaidh sé Sord tríd an Aerfort, le Lár Chathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé ríthábhachtach an Meitreo Thuaidh nua beartaithe a sholáthar chun go leanfaidh an Baile Contae, Sord, ar aghaidh ag fás ar bhealach inbhuanaithe. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh teacht éasca ar stadanna meitreo i bhforbairtí atá dian ar thurais.

Cuspóir CBF119

Cinntiú go gcoimeádtar an Meitreo Thuaidh nua beartaithe agus a chuid stadanna saor ó fhorbairt. É a dhéanamh mar cheangal go gcuimseofaí an cumas bogadh tríd do choisithe, rothaithe agus d'iompar poiblí i ngach forbairt taobh le bealach an Mheitreo Thuaidh nua beartaithe chun go mbeidh sé chomh hinrochtana agus is féidir

Cuspóir CBF120

Forbairt ard-dlúis a cheadú ar dhromchla an Mheitreo Thuaidh nua beartaithe, de réir phleananna úsáide talún na Comhairle.

Meitreo Thiar

Cé nach bhfuil Meitreo Thiar mar chuid de chlár caipitil an Rialtais 2016 – 2021, tá cuid mhór oibre réamhdheartha déanta cheana féin. Dearadh an bealach le hoibriú ó Thamhlacht trí Chluain Dolcáin, Gleann na Life agus Baile Bhlainséir agus le nascadh leis an Meitreo Thuaidh nua beartaithe i mBaile an Dairdisigh, taobh theas d'Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Cuspóir CBF121

Cinntiú go gcoimeádtar bealaí féideartha Meitreo Thiar agus a chuid stadanna saor ó fhorbairt. É a dhéanamh mar cheangal go gcuimseofaí an cumas bogadh tríd do choisithe, rothaithe agus d'iompar poiblí i ngach forbairt taobh le bealach an Mheitreo Thiar nua beartaithe chun go mbeidh sé chomh hinrochtana agus is féidir.

Cuspóir CBF122

Forbairt ard-dlúis a cheadú ar dhromchla an Mheitreo Thiar nua beartaithe, de réir phleananna úsáide talún na Comhairle.

Seirbhísí Tacsaí agus Hacnaí

Gné thábhachtach sa mheascán iompair phoiblí iad seirbhísí inrochtana tacsaí agus hacnaí agus seirbhís ó dhoras go doras a fhreagraíonn ar éileamh á gcur ar fáil acu 24 uair sa lá.

Cuspóir CBF123

Forbairt sheirbhís inrochtana tacsaí agus hacnaí sa Chontae a éascú agus a chur chun cinn. Soláthar stadanna tacsaithe a éascú in ionaid oiriúnacha ar an tsráid nó i bhforbairtí tráchtála nua.

Bóithre

Freastalaíonn an líonra bóithre náisiúnta go maith ar Fhine Gall agus M1 Baile Átha Cliath go Béal Feirste, an N2/M2 Baile Átha Cliath go Doire, an N3 Baile Átha Cliath go Baile Uí Sheanáin, agus an M50 chomh maith ag dul trasna an Chontae. Chomh maith leis sin, tá roinnt bealaí réigiúnacha agus bóithre áitiúla ag freastal ar Fhine Gall. Tá ról eacnamaíoch tábhachtach acu agus freisin tá feidhmeanna luachmhara sóisialta agus pobail ag baint leo, is minic gurb iad an t-aon bhealach rochtana do ghníomhaíocht eacnamaíoch áitiúil. Braitheann an Contae go mór ar a bhonneagar bóithre do ghluaiseacht agus rochtain laistigh den chontae agus idir contaetha.

Le haghaidh forbairtí nua, ceist lárnach í rochtain a fháil ar an líonra bóithre, i gceantair tuaithe acu go háirithe. Is gnách gur fearr úsáid a dhéanamh níos déine ar bhealach rochtana atá ann cheana féin in ionad rochtain nua ar bhóthar tuaithe a chruthú. I gcás bealaí rochtana nua, ba cheart nach bhfaighfí réidh le páirceáil ar an tsráid.

Áit a bhfuil gá le bealaí isteach nua, cuirfear na caighdeáin ábhartha um dhearadh bóthair i bhfeidhm (LDBT i gceantair tuaithe agus LDBSU i gceantair uirbeacha).

I bhforbairtí móra nua, forbairtí tráchtála ach go háirithe, cruthaítear trácht breise carranna agus HGV. Tá sé tábhacht a chinntiú nach gcuirfidh forbairt le brú tráchta mór breise ar líonra bóithre an Chontae.

Cuspóir CBF124

Cosc a chur ar fhorbairt áit a mbeadh rochtain ar an Mótarbhealach ag teastáil agus toimhdiú i gcoinne rochtana ar Phríombhealaí Náisiúnta agus féachaint chuig acmhainn, éifeachtúlacht agus sábháilteacht an bhonneagar náisiúnta bóithre a chaomhnú agus acomhail san áireamh.

Cuspóir CBF125

Srian a chur le bealaí isteach nua díreach ó Bhóithre Réigiúnacha nach bhfuil gá leo Cinntiú nach rachaidh gach bóthar contae/áitiúil as feidhm ró-luath tríd an iomarca bealaí isteach aonair a sheachaint. Cinntiú go ndeartar gach bealach isteach nua riachtanach de réir LDBT nó LDBSU mar is cuí, ar an mbealach sin guaiseacha tráchta a sheachaint.

Cuspóir CBF126

Toimhdiú i gcoinne fáil réidh le spásanna páirceála sráide chun soláthar bealaí isteach feithiclí do theaghais aonair a éascú i gceantair a bhfuil nádúr cónaitheach ag baint leo go príomha áit a mbraitheann cónaitheoirí go mór ar spásanna páirceála sráide.

Cuspóir CBF127

Ceangal ar fhorbróirí Ráiteas Tionchair Tráchta a chur ar fáil áit a mbeidh éifeacht mhór ag forbairt nua ar éileamh taistil agus ar acmhainn an líonra iompair timpeall air.

Sábháilteacht ar Bhóithre

Áit a bhfuil bóithre á ndearadh agus/nó a bhfeabhsú agus áit a bhfuil iarratais phleanála ar fhorbairt nua á meas, tabharfar tús áite do shábháilteacht gach úsáideoir bóthair, coisithe, rothaithe agus tiománaithe san áireamh.

Cuspóir CBF128

Bearta um shábháilteacht ar bhóithre a chur chun cinn i dteannta leis na páirtithe leasmhara ábhartha agus cruthú guaiseacha tráchta a sheachaint.

Ceansú Tráchta

Ba cheart forbairtí cónaitheacha nua a dhearadh ar bhealach go gcruthaítear timpeallachtaí íseal-luais trí dhearadh innealtóireachta agus dearadh uirbeach a úsáid de réir LDBSU.

Cuspóir CBF129

Cinntiú go ndeartar gach forbairt chónaitheach nua de réir LDBSU chun timpeallachtaí íseal-luais a chruthú.

Bearta um Thógáil agus Feabhsú Bóithre

Aithnítear go bhfuil an bonneagar bóithre ag croílár an líonra iompair fhoriomláin, agus é ag freastal ar ghluaiseacht busanna, feithiclí earraí, coisithe, rothaithe, chomh maith leis an gcarr príobháideach. Teastaíonn roinnt feabhsuithe lárnacha bóthair chun gluaiseacht earraí agus daoine ar fud an Chontae a éascú agus chun rochtain éasca a chinntiú, le haghaidh mórcheantair forbartha nua ach go háirithe.

Objective DMS130

Féachaint chuig slánachair tógála a sholáthar ar Bhóithre Náisiúnta agus Mhótarbhealaí agus a gcuid acomhal, agus ar Bhóithre fochaighdeáin Réigiúnach agus Contae chun go mbeifear in ann iad a fheabhsú sa todhchaí chun soláthar líonra sábháilte agus éifeachtúil de Bhóithre Náisiúnta, Réigiúnacha agus Contae a chur ar fáil.

Caighdeáin Pháirceála

Soláthraíonn caighdeáin pháirceála treoir maidir le líon na spásanna páirceála eas-sráide riachtanacha a bheidh inghlactha d'fhorbairtí nua. Is é príomhchuspóir chur i bhfeidhm na gcaighdeán páirceála ná cinntiú, agus tograí forbartha á meas, go dtógtar san áireamh freastal ar fheithiclí a tharraingítear don láithreán i bhfianaise bheartas reatha an Rialtais atá dírithe ar aistriú córa iompair go bealaí inbhuanaithe iompair.

Beidh an méid seo a leanas mar chuid de na caighdeáin pháirceála.

  1. I gcás aon bhealach úsáide nach bhfuil sonraithe thuas, déanfaidh an tÚdarás Pleanála na riachtanais phleanála a shainiú, ar bhonn bealaí úsáide cosúla agus bunphrionsabail.
  2. Baineann Crios 1 le forbairtí laistigh de 500m ó MLB nó seirbhís bus ardchaighdeáin, nó 1000m ó stáisiún Luas/Dart/Meitreo/Iarnróid beartaithe nó i gceantar atá clúdaithe ag Scéim Alt 49, nó i dtailte atá criosaithe mar Lár Baile Mhóir. Baineann Crios 2 le gach ceantar eile sa Chontae.
  3. I bhforbairtí úsáide measctha, tógfar san áireamh na buaicéilimh pháirceála a bheidh ag baint le bealaí úsáide difriúla ag amanta difriúla den lá agus den tseachtain.
  4. Ba cheart aon spás amháin nó níos mó in aghaidh 100 spáis a choimeád le haghaidh bánna páirceála do thiománaithe faoi mhíchumas.
  5. Ba cheart aon spás amháin nó níos mó in aghaidh 100 spáis a choimeád le haghaidh feithiclí leictreacha a bhfuil áiseanna luchtaithe acu.

Maidir le spásanna páirceála atá beartaithe le freastal ar fhorbairt chónaitheach árasán/árasán dhá urlár ní dhéanfar iad a fholigean ná a leasú d'úinéirí neamhchónaitheacha ná do dhaoine nach bhfuil cónaí iontu san fhorbairt. Níor cheart spásanna páirceála atá curtha ar fáil i gcúrsaíocht ghinearálta forbartha a dháileadh go heisiach ar bhonn aonair nó grúpa ar bhealach a chuirfeadh cosc ar na ceantair sin a thógáil i gcúram mar bhóithre poiblí

Tábla 12.8 Caighdeáin Pháirceála

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Beartaithe

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid nó Uasmhéid

Teach - uirbeach/bruachbhailteach 1 nó 2 sheomra leapa

1

Aonad

1-2

Laistigh de chuirteálaiste

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Teach - uirbeach/bruachbhailteach 3 sheomra leapa nó níos mó

2

Aonad

2

Laistigh de chuirteálaiste

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Teach - tuaithe

3

Aonad

2-3

Laistigh de chuirteálaiste

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Árasán, teach cathrach 1 seomra leapa

4

Aonad

1

Móide 1 spás cuairteora in aghaidh 5 aonaid

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Árasán, teach cathrach 2 sheomra leapa

5

Aonad

1.5

Móide 1 spás cuairteora in aghaidh 5 aonaid

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Árasán, teach cathrach 3+ sheomra leapa

6

Aonad

2

Móide 1 spás cuairteora in aghaidh 5 aonaid

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Sciath-thithíocht

7

Aonad

0.5

Móide 1 spás cuairteora in aghaidh 5 aonaid

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Páirc carbhán/tithe soghluaiste

8

Seastán

1

 

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Óstán, Móstán, Carrósta, Teach Lóistín

9

Seomra leapa

1

 

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Beartaithe

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid nó Uasmhéid

Áiseanna réamhscoile / creche

10

Seomra ranga

0.5

 

Oideachas

Uasmhéid

Bunscoil

11

Seomra ranga

1.5

 

Oideachas

Uasmhéid

Aonad riachtanas speisialta

12

Seomra ranga

2

 

Oideachas

Uasmhéid

Iar-bhunscoil

13

Seomra ranga

1.5

 

Oideachas

Uasmhéid

Coláiste Ardoideachais

14

Léachtlann

5

 

Oideachas

Uasmhéid

Miondíol - Stór bia (stóir bia lascaine san áireamh)

15

OAU

1 in aghaidh 20

 

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Ionad Siopadóireachta

16

OAU

1 in aghaidh 20

Eisítear ceantair chúrsaíochta

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Club Trádstórais

17

OAU

1 in aghaidh 20

 

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Banc, Cumann Foirgníochta

18

OAU

1 in aghaidh 30

 

Miondíol

Uasmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Beartaithe

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid nó Uasmhéid

Miondíol - Comparáid

19

OAU

1 in aghaidh 30

 

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Miondíol Áise (<200sqm)

20

OAU

1 in aghaidh 30

 

Miondíol

Uasmhéid

Mindíol - Ionad Garraíodóireachta

21

OAU

1 in aghaidh 30

 

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Trádstóras (m.sh. troscán, earraí bána)

22

OAU

1 in aghaidh 30

 

Miondíol

Uasmhéid

Miondíol - Seomra Taispeántais Carranna

23

OAU

1 in aghaidh 50

 

Miondíol

Uasmhéid

Oifigí - Ginearálta

24

OAU

1 in aghaidh 30

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Oifigí -  Ionad glaonna

25

AOU

1 in aghaidh 30

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Oifigí - Eolaíocht agus Teicneolaíocht

26

AOU

1 in aghaidh 40

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Tionscal - ginearálta

27

AOU

1 in aghaidh 40

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Beartaithe

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid nó Uasmhéid

Tionscal - Bithmhíochaine

28

AOU

1 in aghaidh 50

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Tionscal - Ionaid Sonraí

29

AOU

1 in aghaidh 100

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Trádstóras agus dáileadh

30

AOU

1 in aghaidh 100

Laghdú 50% in aice le IP, DEMT, LB

Fostaíocht

Uasmhéid

Halla éisteachta, Amharclann, Pictiúrlann, Staid

31

Suíochán

1 in aghaidh 3

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Beár, Tolglann, Seomra Ócáide

32

AOU

1 in aghaidh 15

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Halla Damhsa, Dioscó, Club Oíche

33

AOU

1 in aghaidh 15

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Bialann, Caifé

34

AOU

1 in aghaidh 15

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Bialann beir leat

35

AOU

1 in aghaidh 30

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Leabharlann

36

AOU

1 in aghaidh 20

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Beartaithe

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid nó Uasmhéid

Galfchúrsa

37

Poll

6

 

Spórt

Gnáthmhéid

Cúrsa Galf Dhá Mhaide

38

Poll

3

 

Spórt

Gnáthmhéid

Club Spóirt, Giomnáisiam, Ionad folláine

39

AOU

1 in aghaidh 20

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Spórt

Gnáthmhéid

Faiche spóirt, páirceanna

40

LCagÚP

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

 

Spórt

Gnáthmhéid

Institiúid, Ionaid Phobail

41

OAU

1 in aghaidh 50

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Ionad Comhdhála

42

Suíochán

1 in aghaidh 5

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Eaglais, ionad adhartha

43

Suíochán

1 in aghaidh 5

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Clinic, Cleachtais Míochaine Ghrúpa

44

Seomra comhairliúcháin

2

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Ospidéal

45

Leaba

1.5

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Teach Altranais

46

Leaba

1 in aghaidh 4

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Teach Tórraimh

47

AOU

1 in aghaidh 20

 

Institiúid

Gnáthmhéid

  • * IP Iompar Poiblí
  • DEMT Conair Eacnamaíoch an Mheitreo Thuaidh
  • LBM Lár Baile Mhóir
Caighdeán um Páirceáil Rothar

Tugann caighdeáin um páirceáil rothar treoir maidir le líon na spásanna páirceála riachtanacha a bheidh inghlactha d'fhorbairtí nua.

Tábla 12.9 Caighdeáin um Páirceáil Rothar

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Rothar

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid no Uasmhéid

Árasán, teach cathrach 1 seomra leapa

4

Aonad

1

Móide 1 spás cuairteora in aghaidh 5 aonaid

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Óstán, Móstán, Carrósta, Teach Lóistín

9

Seomra leapa

0.1

 

Cónaitheach

Gnáthmhéid

Áiseanna réamhscoile / creche

10

Seomra ranga

0.5

 

Oideachas

Gnáthmhéid

Bunscoil

11

Seomra ranga

10

 

Oideachas

Gnáthmhéid

Aonad riachtanas speisialta

12

Seomra ranga

1

 

Oideachas

Gnáthmhéid

Iar-bhunscoil

13

Seomra ranga

15

 

Oideachas

Gnáthmhéid

Coláiste Ardoideachais

14

Léachtlann

30

 

Oideachas

Gnáthmhéid

Miondíol - Stór bia (stóir bia lascaine san áireamh)

15

OAU

1 in aghaidh 100

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Ionad Siopadóireachta

16

OAU

1 in aghaidh 100

Eisítear ceantair chúrsaíochta

Miondíol

Gnáthmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Rothar

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid no Uasmhéid

Miondíol - Club Trádstórais

17

OAU

1 in aghaidh 200

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Banc, Cumann Foirgníochta

18

OAU

1 in aghaidh 100

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Comparáid

19

OAU

1 in aghaidh 100

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Miondíol Áise (<200sqm)

20

OAU

1 in aghaidh 100

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Mindíol - Ionad Garraíodóireachta

21

OAU

1 in aghaidh 300

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Trádstóras (m.sh. troscán, earraí bána)

22

OAU

1 in aghaidh 300

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Miondíol - Seomra Taispeántais Carranna

23

OAU

1 in aghaidh 300

 

Miondíol

Gnáthmhéid

Oifigí - Ginearálta

24

OAU

1 in aghaidh 60

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Oifigí-  Ionad glaonna

25

OAU

1 in aghaidh 60

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Rothar

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid no Uasmhéid

Oifigí - Eolaíocht agus Teicneolaíocht

26

OAU

1 in aghaidh 80

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Tionscal - ginearálta

27

OAU

1 in aghaidh 80

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Tionscal - Bithmhíochaine

28

OAU

1 in aghaidh 100

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Tionscal - Ionaid Sonraí

29

OAU

1 in aghaidh 200

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Trádstóras agus dáileadh

30

OAU

1 in aghaidh 200

 

Fostaíocht

Íosmhéid

Halla éisteachta, Amharclann, Pictiúrlann, Staid

31

Suíochán

1 in aghaidh 30

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Bialann, Caifé

34

OAU

1 in aghaidh 150

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Leabharlann

36

OAU

1 in aghaidh 200

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Fóillíocht

Gnáthmhéid

Club Spóirt, Giomnáisiam, Ionad folláine

39

OAU

1 in aghaidh 100

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Spórt

Gnáthmhéid

Úsáid Talún

Ord

Critéar

Rothar

Nótaí

Catagóir

Gnáthmhéid no Uasmhéid

Faiche spóirt, páirceanna

40

LCagÚP

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

 

Spórt

Gnáthmhéid

Institiúid, Ionaid Phobail

41

OAU

1 in aghaidh 100

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Ionad Comhdhála

42

Suíochán

1 in aghaidh 50

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Eaglais, ionad adhartha

43

Suíochán

1 in aghaidh 50

Molfar bealaí úsáide comhlántacha

Institiúid

Gnáthmhéid

Clinic, Cleachtais Míochaine Ghrúpa

44

Seomra comhairliúcháin

1 in aghaidh 4

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Ospidéal

45

Leaba

1 in aghaidh 4

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Teach Altranais

46

Leaba

1 in aghaidh 10

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Teach Tórraimh

47

OAU

1 in aghaidh 200

 

Institiúid

Gnáthmhéid

Seirbhísí Uisce

Uisce Óil

Déanann an Chomhairle cur i bhfeidhm beart um shaothrú uisce báistí a chur chun cinn i bhforbairtí, go háirithe le haghaidh forbairtí tráchtála. Féadann ceisteanna casta teacht chun cinn maidir le soláthar córas um shaothrú uisce báistí i bhforbairtí cónaitheacha agus mar sin déanann an Chomhairle úsáid butaí uisce a chur chun cinn mar íoschaighdeán le haghaidh úsáide i bhforbairtí cónaitheacha ach déanfaidh siad bearta eile a mheas nuair a phléifear leis an gComhairle iad sula gcuirfear iarratas pleanála isteach. Tá an cuspóir seo a leanas ábhartha maidir le bearta um shaothrú uisce báistí;

Cuspóir CBF131

É a dhéanamh mar cheangal go gcuimseofaí córais um shaothrú uisce báistí i bhforbairtí cónaitheacha nua agus go n-úsáidfí butaí uisce mar íoschaighdeán le haghaidh úsáide i bhforbairtí cónaitheacha.

Critéir Bhreise um Measúnú

Déantar gach iarratas a mheas maidir le hinbhuanaitheacht, comhréireacht leIS an mbonneagar um draenáil uisce atá ann cheana féin agus atá beartaithe agus comhlíonadh na gceanglas um cháilíocht screamhuisce agus uisce talún agus cosaint ó thuilte i measc ceisteanna eile. Nuair a thugtar cead d'fhorbairt, déanann an Chomhairle cinnte go gcomhlíonann an tógáil caighdeáin sásúla um dhearadh agus thógáil sula 'dtógtar i gcúram' í’. Nuair atá sé críochnaithe, ní mór taifid den fhorbairt nua a chur faoi bhráid na Comhairle i bhfoirm is féidir a bhainistiú go sásúil.

Ba cheart d'iarratasóirí oibriú leis an gComhairle faoi shaincheisteanna a bhaineann le seirbhísí uisce trí chinntiú go nglacann siad páirt i gcruinnithe réamhphleanála agus go dtugann siad freagra dearfach ar an gcomhairle a chuirtear ar fáil. Ina theannta sin moltar d'iarratasóirí dul i gcomhairle le hUisce Éireann maidir le socruithe um sholáthar uisce agus fuíolluisce. Ar an mbealach sin laghdófar an gá le saincheisteanna comhlíontachta iarphleanála agus cinnteofar go ndéanfar bonneagar a sholáthar ar bhealach níos éifeachtúla agus tráthúla. Cuspóir lárnach ná cinntiú go ndéantar forbairt ar bhealach inbhuanaithe. I measc na saincheisteanna a mheastar tá:

  • Soláthar Uisce
  • Draenáil
  • Caomhnú Uisce
  • Screamhuisce agus Tuilte
  • Cáilíocht Uisce

Tá na cuspóirí seo a leanas, ach go háirithe, ábhartha;

Cuspóir CBF132

Cinntiú go gcomhlíonann gach forbairt riachtanais na Comhairle agus prionsabail na forbartha inbhuanaithe. Cuirfear i bhfeidhm dea-chleachtais bhainistíochta, de réir mar a aithneoidh an Chomhairle.

Cuspóir CBF133

Cinntiú go dtuigeann forbróirí na riachtanais um dhearadh, thógáil agus thógáil i gcúram forbartha nua.

Cuspóir CBF134

'Beartas um Thógáil i gCúram Forbairtí Cónaitheacha' a ullmhú laistigh de dhá bhliain ón bPlean Forbartha seo a dhéanamh.

Cuspóir CBF135

Cruthú stiallacha talún fuascailte a chosc.

Cuspóir CBF136

Cinntiú go gcuirtear gach taifead d'fhorbairt nua isteach don Chomhairle ar bhealach ar féidir é a láimhseáil go sásúil.

Fuinneamh Inathnuaite

Tá sé mar bheartas ag an gComhairle go mbeadh ról dearfach ag gach forbairt  in ídiú fuinnimh agus an lorg carbóin bainteach a laghdú. Cé go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfeadh Fine Gall fáilte roimh thograí um theicneolaíochtaí nua ó thaobh fuinneamh inathnuaite, tá sé riachtanach freisin cinntiú nach mbeadh tionchar diúltach ag na tograí sin ar an timpeallacht mórthimpeall orthu ó thaobh áiseanna cónaitheacha agus físe an cheantair araon. Baineann an cuspóir seo a leanas le soláthar fuinneamh inathnuaite;

Cuspóir CBF137

Forbairtí fuinnimh inathnuaite a cheadú áit nach gcruthódh an fhorbairt agus aon áiseanna nó fhoirgnimh choimhdeacha, agus iad measta ina n-aonar agus maidir lena n-éifeacht incriminteach, guais nó núis, agus áit a dtógfaí san áireamh an méid seo a leanas:

  1. Taithneamhacht chónaitheach agus sláinte an duine,
  2. Sainghné agus cuma an cheantair mhórthimpeall,
  3. Oscailteacht agus taitneamhacht físe na tuaithe,
  4. Rochtain an phobail ar an tuath, agus go háirithe, ceart slí agus bealaí siúil an phobail,
  5. Láithreáin agus tírdhreach atá sainithe de thoradh an luach a bhaineann leo ó thaobh chaomhnú an dúlra nó taitneamhacht,
  6. Bithéagsúlacht an Chontae,
  7. Láithreáin nó foirgnimh a bhfuil spéis ailtireachta, stairiúil, chultúrtha nó seandálaíochta ag gabháil leo, agus
  8. Cáilíocht screamhuisce agus uisce dromchla agus cáilíocht an aeir.

Cáblaí Lastuas

Is minic go bhféadann línte lastuas agus forbairt choimhdeach baint ó thaitneamhacht físe ceantar uirbeach agus tuaithe araon. Tá na cuspóirí seo a leanas ach go háirithe ábhartha;

Cuspóir CBF138

Féachaint chuig gach cábla leictreachais, teileafóin agus teilifíse a chur faoi thalamh i gceantair uirbeacha. Tá sé de rún ag an gComhairle oibriú as lámh a chéile le gníomhaireachtaí eile mar is cuí, agus úsáid a bhaint as a cuid cumhachtaí ó thaobh Bhainistíocht Forbartha agus an beartas seo á chur i bhfeidhm.

Cuspóir CBF139

É a dhéanamh mar cheangal, i ngach forbairt nua, go gcuirfí spás ar fáil do sheirbhísí iolracha i stiallacha talún roinnte agus go roinnfí clúdaigh rochtana áit ab fhéidir

Cuspóir CBF140

Ceangal ar iarratasóirí, an méid seo a leanas a chur isteach i gcás gach iarratais mhóir ar cháblaí lastuas de 110kV nó níos mó:

  1. Cur i láthair físe ar an togra i gcomhthéacs an bhealaigh chun cabhrú leis an gComhairle méid an tionchair físe a shocrú
  2. Sonraí faoi chomhlíonadh na gcaighdeán go léir atá aitheanta go hidirnáisiúnta maidir le cóngaracht d'áiteanna cónaithe agus do dhéanmhais eile a bhfuil cónaí iontu

Cuspóir CBF141

Agus cinneadh á dhéanamh faoi iarratais gar do línte cumhachta lastuas féachfaidh an tÚdarás Pleanála chuig na faid ghlanspáis de réir mar atá molta ag Bord Soláthair an Leictreachais (BSL) agus soláthraithe seirbhíse eile:

  • Le haghaidh forbartha atá gar do líne 10kv nó 38kv lastuas, ní éilítear aon ghlanspás sonrach.
  • Maidir le forbairt atá taobh le líne 110kv lastuas, moltar fad glanspáis de 20 méadar ar gach taobh den líne láir nó 23 mhéadar timpeall phiolón tarchur chumhachta.
  • Le haghaidh líne 220kv lastuas, teastaíonn fad glanspáis de 30 méadar ceachtar taobh den líne láir nó timpeall piolóin.

Aeróga Teileachumarsáide agus Déanmhais Tacaíochta

Tuigeann an Chomhairle go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh líonraí ardchaighdeáin cumarsáide agus theicneolaíocht na faisnéise ann chun iomaíochas gheilleagar an Chontae a dhearbhú chomh maith lena ról i dtacú le forbairt réigiúnach agus náisiúnta. Ní mór, áfach, cothrom a bhaint amach idir na buntáistí a bhaineann le bonneagar ardchaighdeáin TFC agus an gá leis an timpeallacht tuaithe agus uirbeach a chosaint. Tá na cuspóirí seo a leanas ach go háirithe ábhartha;

Cuspóir CBF142

É a dhéanamh mar cheangal go ndéanfaí aeróga a chomhshuí ar dhéanmhais tacaíochta atá ann cheana féin agus áit nach féidir é sin a dhéanamh fianaise dhoiciméadach a éileamh maidir le heaspa an rogha sin i dtograí le haghaidh déanmhais nua.

Cuspóir CBF143

Moladh go ndéanfaí seirbhísí bunaithe ar theileachumarsáid a shuí in ionaid chuí sa Chontae, faoi réir ceisteanna comhshaoil agus gan déanmhais a shuí i dtírdhreacha leochaileacha, i limistéir caomhantais dúlra, i dtírdhreacha fíor-íogaire agus áit a bhfuil radhairc le caomhnú.

Cuspóir CBF144

An fhaisnéis seo a leanas a dhéanamh mar cheangal maidir le déanmhais teileachumarsáide ag an gcéim iarratais:

  • Comhlíonadh a léiriú le Telecommunications Antennae and Support Structures – Guidelines for Planning Authorities issued by the Department of the Environment in July 1996 agus / nó aon leasuithe ina ndiaidh, an Cód Cleachtais ar Roinnt Láithreán Raidió a d'eisigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide agus le  haon fhoilseacháin agus ábhar eile mar a d'fhéadfadh a bheith ábhartha ar na cúinsí
  • Tábhacht na forbartha beartaithe mar chuid de líonra teileachumarsáide náisiúnta a chruthú
  • Ionad na ndéanmhas teileachumarsáide go léir atá ann cheana féin (cibé acu go bhfuil siad á n-oibriú ag an iarratasóir nó ag cuideachta iomaíoch) agus atá laistigh de 1km ón suíomh beartaithe a shonrú ar léarscáil
  • Áit nach bhfuil sé beartaithe áiseanna a roinnt, fianaise dhoiciméadach a chur isteach ina shonraítear go soiléir an fáth nach féidir áiseanna atá ann cheana féin a roinnt agus an Cód Cleachtais ar Roinnt Láithreáin Raidió a d'eisigh an Coimisiún um Rialáil Cumarsáide á choimeád i gcuimhne
  • Méid an tionchair ar shábháilteacht phoiblí, an tírdhreach, radhairc agus éiceolaíocht a léiriú
  • Aon bhearta maolaithe a aithint

Bainistíocht Dramhaíola

Tá bainistíocht dramhaíola in Éirinn rialaithe ag na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola 1996 go 2011, a cheanglaíonn ar údaráis áitiúla pleananna sonracha a ullmhú um bainistíocht dramhaíola. Faoi na hAchtanna um Bainistiú Dramhaíola, meastar go gcuimsíonn Plean Forbartha cuspóir an Phlean Bainistíochta Forbartha dá cheantar.

Cuspóir CBF145

Athchúrsáil mhéadaithe dramhaíola a chur chun cinn de réir Phlean Bainistíochta Dramhaíola 2015-2021 an Lár-Réigiúin Thoir (nó le haghaidh aon phlean a thiocfaidh ina dhiaidh).

Cuspóir CBF146

Cinntiú go gcuimsíonn gach forbairt chónaitheach mhórscála agus úsáide measctha áiseanna oiriúnacha um scagadh ag an bhfoinse agus um bailiú dramhaíola.

Cuspóir CBF147

Cinntiú go bhfuil áiseanna dea-dheartha i ngach forbairt nua chun gur féidir an córas bailiúcháin trí araide a chur ar fáil iontu

Cuspóir CBF148

Cinntiú go ndéantar soláthar d'ionaid fág anseo i ngach forbairt nua pé áit ar cuí.

Cuspóir CBF149

É a dhéanamh mar cheangal go gcuirfí pleananna um bainistíocht dramhaíola tógála agus scartála isteach mar chuid d'aon iarratas pleanála ar thionscadal a sháraíonn aon cheann de na tairseacha seo a leanas:

  • Forbairt chónaitheach nua ina bhfuil 10 n-aonad nó níos mó
  • Forbairtí nua seachas iad siúd thuas, lena n-áirítear áiseanna institiúide, oideachais, sláinte agus poiblí, ina bhfuil achar urláir comhiomlán de níos mó ná 1,250sqm.
  • Tionscadail scartála / athchóirithe a chruthaíonn toirt níos mó ná3 100m de dhramhaíl T&S.
  • Tionscadail innealtóireachta sibhialta áit a n-úsáidtear níos mó ná 500m3 d'ábhair dramhaíola um fhorbairt oibreacha ar an láithreán.

Truailliú Solais

Tuigeann an Chomhairle go bhfuil dóthain soilsithe riachtanach do thimpeallacht shlán shábháilte ach tá sceitheadh solais ó shoilsiú iomarcach nó soilsiú a dearadh go dona á aithint níos mó mar núis fhéideartha d'aonaid réadmhaoine mórthimpeall agus mar bhagairt don fhiadúlra.

Tá an cuspóir seo a leanas ach go háirithe ábhartha,

Cuspóir CBF150

Déanfar cinnte i dtograí do shoilsiú nua nach ndéanfar úsáideoirí bóthair lena n-áirithe rothaithe, eachaithe agus coisithe,  a dhalladh nó nach gcuirfear isteach orthu, agus go gcomhlíonann soilsiú bóthair agus cosáin caighdeáin na Comhairle.

Le haghaidh achar talún níos mó tá sé tábhachtach ordlathas de dhéine solais a shocrú chun cinntiú go mbíonn an tionchar ar an gcomhshaol chomh beag agus is féidir. Trí hordlathais den sórt sin a shocrú déanfar cinnte nach gcuirfear isteach ar cheantair agus ghnéithe atá soilsithe go fíneáilte agus nach bhfuil soilsithe ó thaobh a sainghné agus an cumas iad a fheiceáil tar éis go n-éiríonn sé dorcha. Beidh rath an dearadh soilsithe ag brath go mór ar an gcothrom ceart a bhaint amach idir solas agus dhorchadas thar na ceantair talún éagsúla atá i gceist agus a gcuid cúlraí díreacha.

Is féidir an cur chuige seo a ghlacadh trí mheán déine solais cuí a shocrú le haghaidh tailte den sórt sin agus ba cheart smaoineamh ar 'Criosanna Comhshaoil' a ainmniú (de réir mar atá sonraithe ag foilseachán an Institute of Lighting Engineers, Guidance Notes for the Reduction of Light Pollution a foilsíodh sa RA). Seo a leanas na sonruithe;





Crios

Timpeallacht

Timpeallacht Soilsithe

Samplaí

E1

Nádúrtha

Dorcha Ann Féin

Páirceanna nádúrtha

E2

An Tuath

Gile Íseal Dúiche

Tuath, sráidbhaile beag, ionaid uirbeacha réasúnta dorcha

E3

Bruachbhailteach

Gile Mheasartha Dúiche

Láir bhaile beaga nó ionaid uirbeacha

E4

Uirbeach

Gile Ard Dúiche

Láir bhaile / cathrach ina bhfuil leibhéil arda de ghníomhaíocht san oíche

Cuspóir CBF151

Ordlathas de dhéineachtaí solais a shocrú ar thailte atá faoi réir Phleananna Limistéir Áitiúil, Máistirphleananna agus i stiallacha móra talún faoi réir forbairtí cuimsitheacha chun cinntiú go maolaítear tionchair chomhshaoil an oiread agus is féidir trí Creasa Comhshaoil a shainiú.

12.11 Oidhreacht Seandálaíochta agus Ailtireachta

Site Assessment

Measúnú Láithreáin

Ba cheart measúnú láithreáin a dhéanamh sula ndéantar aon obair deartha chun cabhrú le leagan amach, cruth agus cóireáil ailtireachta na forbartha beartaithe a threorú agus chun saincheisteanna a aithint a bhféadfadh go mbeadh sé riachtanach iad a sheachaint, maolú a dhéanamh dóibh nó a mbeadh dearadh íogair agus saineolas gairmiúil ag teastáil mar gheall orthu. Sa mheasúnú láithreáin ba cheart na nithe seo a leanas a mheas:

  • Sainghné an láithreáin ina shuíomh (foirgnimh atá ann cheana féin san áireamh)
  • Rochtain ar an suíomh
  • Seirbhísí
  • Sonruithe Cosanta

Sainghné an láithreáin ina shuíomh: Cuntas a thabhairt ar chruth agus scála 
an láithreáin iomláin, 
a threoshuíomh agus a thopagrafacht; a threoshuíomh agus a thopagrafacht; cóireálacha teorann atá ann cheana féin teorainneacha stairiúla nó méideanna ceapaí m.sh. teorainneacha baile fearainn nó ceapacha burgáiste; gnéithe tírdhreacha mar chrainn aibí, fálta sceach, tírdhreacha deartha, agus gairdíní stairiúla; radhairc ar an láithreán nó uaidh; suíomh foirgneamh i gcoibhneas le spásanna stairiúla agus nua-aimseartha ar an láithreán; cáilíocht ailtireachta, stíl agus ábhair an fhoirgnimh (ba cheart é a shonrú go bhfuil sé mar chuspóir sa Phlean Forbartha stoc tógála stairiúil agus déanmhais dhúchais a choimeád agus a úsáid arís)

Rochtain ar an láithreán: Bealaí rochtana d'fheithiclí agus choisithe chuig an láithreán; Ceart Slí

Seirbhísí: Uisce, séarachas, leictreachas agus teileachumarsáid

Sonruithe Cosanta: Séadchomhartha Taifeadta nó Séadchomhartha Náisiúnta; Déanmhas Cosanta; Limistéar Caomhantais Ailtireachta; Limistéar Oidhreachta Nádúrtha nó Limistéar Oidhreachta Nádúrtha Beartaithe; Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta Limistéar faoi Chosaint Speisialta Anaclann Dúlra Reachtúil Tearmann Fána Láithreán Sainithe de bhun Choinbhinsiún Ramsar um Bogaigh; Suíomh Chlár na Creat-Treorach Uisce de Limistéir faoi Chosaint; Ceantar Saináiseanna

Cuspóir CBF152

Ba cheart measúnú láithreáin a dhéanamh sula ndéantar aon obair deartha chun cabhrú le leagan amach, cruth agus cóireáil ailtireachta na forbartha beartaithe a threorú agus chun saincheisteanna a aithint a bhféadfadh go mbeadh sé riachtanach iad a sheachaint, maolú a dhéanamh dóibh nó a mbeadh dearadh íogair agus saineolas gairmiúil ag teastáil mar gheall orthu. Ba cheart an méid seo a leanas sa mheasúnú láithreáin:

  • Sainghné an láithreáin ina shuíomh (foirgnimh atá ann cheana féin san áireamh)
  • Rochtain ar an láithreán
  • Seirbhísí
  • Sonruithe Cosanta

Oidhreacht Seandálaíochta

Ba cheart imscrúdú seandálaíochta a dhéanamh roimh chéim deartha aon láithreáin atá ar Thaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) nó i gCrios Fógartha Seandálaíochta. Moltar imscrúdú seandálaíochta le haghaidh tailte atá gar do láithreán mór seandálaíochta, áit a bhfuil gráigeanna de láithreáin seandálaíochta aitheanta sa cheantar timpeall air, nó le haghaidh forbartha mórscála ar nós scéimeanna bóthair nó draenála, feirmeacha gaoithe, eastáit tithíochta, páirceanna tionscail nó ionaid siopadóireachta. Ba cheart na himscrúduithe seandálaíochta a chur i láthair mar Mheasúnacht Tionchair Seandálaíochta.

Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh i Measúnacht Tionchair Seandálaíochta :

  • Staidéar deisce ar an gceantar glactha
  • Cigireacht láithreáin/suirbhé siúil
  • Scrúdú ar ghnéithe nó dhéanmhais seasta nó infheicthe
  • Measúnacht thopagrafach
  • Cur síos fisiceach ar an ngné, láithreán nó mír seandálaíochta agus taifead grianghraif de
  • Scrúdú ar aerfótagraif nó shaitailít nó íomhánna cianbhraiteacha a bhí ann cheana féin nó ar chinn nua
  • Tionchair díreacha agus indíreacha fhéideartha a aithint
  • Bearta maolaithe chun feabhas a chur ar aon tionchar den sórt sin a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar oidhreacht seandálaíochta an cheantair ghlactha

Ina theannta sin d'fhéadfadh go mbeadh gá le measúnú a dhéanamh ar láithreáin áirithe chun na nithe seo a leanas a chuimsiú:

  • Suirbhé geofisiceach
  • Tochailt seandálaíochta trialach

Tabharfar tús áite i gcónaí d'iarsmaí seandálaíochta a chaomhnú in situ in áit iad a chaomhnú trí thaifead.

Ní féidir caomhnú trí thaifead ar láithreán TSÁ, arb é atá i gceist leis ná láithreán nó gné seandálaíochta a thochailt agus a bhaint, a cheadú ach le ceadúnas ó Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Áit a dtugtar cead tochailtí seandálaíochta a dhéanamh ní mór go ndéanfaí na himscrúduithe sin ag seandálaí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu agus atá ceadúnaithe agus ní mór iad a thaifeadadh go hiomlán de réir an dea-chleachtais. Chomh maith leis an tuarascáil seandálaíochta a chur faoi bhráid an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ba cheart cóip de na fionnachtana a sheoladh chuig an gComhairle freisin.

Cinntiú áit a dtagtar ar earra nó láithreán seandálaíochta nach bhfuil taifeadta go gcuirtear oibreacha a bhagraíonn ar an mír nó láithreán ar fionraí ar an bpointe boise go dtí go bhfaightear treoir ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i leith an ábhair.

Má thagann séadchomhartha atá ar Thaifead na Séadchomharthaí agus Áiteanna (TSÁ) laistigh de riachtanas spáis oscailte aon fhorbartha, d'fhéadfadh go n-iarrfaí plean caomhnúcháin don séadchomhartha sin mar chuid den phlean tírdhreacha foriomlán don spás oscailte beartaithe.

Cuspóir CBF153

Cuirfear Measúnacht Tionchair Seandálaíochta agus Ráiteas Modha in éineacht le gach togra forbartha a bhféadfadh go mbeadh impleachtaí acu   (mar gheall ar a n-ionad, a méid nó a nádúr) don oidhreacht seandálaíochta.

Oidhreacht Seandálaíochta

Déanmhais Chosanta

Is féidir déanmhais, nó codanna de dhéanmhais, a chur leis an Taifead ar Dhéanmhais Chosanta (TDC), má mheastar go bhfuil spéis ar leith ag baint leo de nádúr ailtireachta, seandálaíochta, staire, cultúrtha, ealaíne, eolaíochta, sóisialta agus/nó teicniúil. Cuimsíonn an sonrú an taobh amuigh agus an taobh istigh den déanmhas, an talamh atá laistigh dá chúirtealáiste (teorainn), aon déanmhais eile agus a gcuid taobhanna amuigh agus istigh atá laistigh den chúirtealáiste sin, chomh maith le gach daingneán nó gné atá mar chuid den taobh amuigh nó den taobh istigh de na déanmhais sin. Is é éifeacht stádas an Déanmhais Chosanta ná féachaint chuig an tsainghné, an suíomh agus na gnéithe speisialta a choimeád a chuireann le tábhacht na ndéanmhas sin.

Cead Pleanála agus Déanmhais Chosanta

Ní mór cead pleanála a fháil le haghaidh aon oibreacha a bheadh éifeacht ábhartha (.i. tionchar) acu ar shainghné déanmhais chosanta. Ní chiallaíonn sé sin nach féidir aon mhéaduithe ná athruithe a dhéanamh ar Dhéanmhas Cosanta ach seachas sin nach mór na hoibreacha sin a mheasúnú tríd an bpróiseas pleanála agus gur cheart go ndéanfaí iarracht na gnéithe a chuireann le nádúr speisialta an déanmhais a choimeád agus bheith íogair ina leith, ó thaobh scála agus deartha. Níl feidhm ag rialacháin i leith forbartha díolmhaithe a cheadaíonn oibreacha áirithe gan chead pleanála i gcás Déanmhas Cosanta áit a mbeadh éifeacht ábhartha ag na hoibreacha ar an tsainghné. Féadann úinéirí agus/nó áititheoirí iarratas scríofa a dhéanamh ar Dhearbhú Alt 57 (faoi Alt 57 den Acht Pleanála agus Forbartha) ón gComhairle chun liosta a dhéanamh de na cineálacha oibreacha a mbíonn agus nach mbíonn éifeacht acu ar shainghné Déanmhais Chosanta ar leith ina dhlínse, agus mar sin go bhfuil nó nach bhfuil gá le cead pleanála lena n-aghaidh. Is gnách gur mionoibreacha mar dheisiúchán agus gnáthchothabháil a bhíonn iontu siúd.

Treoir maidir le Forbairt Bheartaithe Déanmhas Cosanta

Áit a bhfuil oibreacha á mbeartú a bhfuil cead pleanála ag teastáil dóibh mar athrú leagain amach, athruithe ar ábhar stairiúil, mhéadú, athrú úsáide, leagan nua ba cheart go mbeadh an dearadh beartaithe treoraithe ag an méid seo a leanas:

  • Ní mór go dtuigfeadh an forbróir nádúr agus méid na tábhachta nó na spéise ar leith a bhaineann leis an Déanmhas Cosanta toisc gurb é sin a shocróidh an leibhéal athraithe inghlactha a d'fhéadfadh go gceadófaí é.
  • Ba cheart go gcloífí le prionsabail dea-chleachtais an chaomhantais agus athruithe agus idirghabhálacha á ndéanamh ar Dhéanmhais Chosanta agus ní bhainfidh siad óna dtábhacht nó a luach.
  • Ba cheart na hoibreacha go léir a dhéanamh de réir an chaighdeáin is airde agus is féidir, faoi mhaoirseacht gairmí cháilithe a bhfuil saineolas caomhantais acu. Ba cheart go mbeadh taithí ag oibritheoirí/conraitheoirí ar an láithreán ar fhoirgnimh stairiúla a láimhseáil.
  • Ní mór bunghnéithe a bhfuil spéis ar leith ag baint leo a choimeád
  • Ba cheart go mbeifí in ann cruth agus leagan amach bunaidh an Déanmhais Chosanta a fheiceáil fós
  • Ní mór ábhair agus modheolaíochtaí  a úsáid atá oiriúnach don ábhar stairiúil agus d'fhéadfadh go mbeadh sainscileanna ag teastáil mar gheall air sin.
  • Ba cheart go gcomhlánódh méaduithe ar scála cuí leis an bpríomhdhéanmhas agus go gcabhróidís leis agus is gnách gur cheart iad a shuí ag an gcúlchló nó ag an gcló nach bhfuil chomh feiceálach. Is gnách nach gceadófar méaduithe leithid iomláin toisc gur cheart go mbeadh méid agus cruth bunaidh an Déanmhais Chosanta fós le feiceáil.
  • Áit a bhfuil Déanmhas Cosanta mar chuid d'fhorbairt mhór an láithreáin fhoriomláin is gá na hoibreacha a dhéanamh i gcéimeanna ar bhealach a chinntíonn go ndéantar iad siúd go léir a bhaineann leis an Déanmhas Cosanta go luath, nó ar dtús más féidir, ionas go gcinntítear caomhnú agus úsáid an Déanmhais Chosanta ag tús an tionscadail.
  • Ní mór feistithe nua ar an taobh amuigh (mar bhoscaí méadair, grílí aeraithe, ceamaraí slándála, aláraim bhuirgléireachta, cáblaí ) ar bhealach go mbíonn a dtionchar físe chomh beag agus is féidir. De gnáth níor cheart na gnéithe sin a dhaingniú leis an bpríomhchló. Áit nach bhfuil aon rogha ann beidh sé riachtanach fáth a thabhairt leis an ngá leis an daingneán agus na feistis bhainteacha a chur leis an bhfoirgneamh agus bheadh sé riachtanach go mbeadh dearadh discréideach orthu a mheascfadh isteach sa chló mar shampla d'fhéadfaí línte ceartingearacha nó cothrománacha a dhéanfaí ag earraí báistí nó múnláil a úsáid chun sreanga a cheilt.
  • Ba cheart go mbeadh comharthaí ag taobh amuigh Déanmhais Chosanta discréideach agus deartha go híogair ionas nach mbeadh drochthionchar acu ar an tsainghné speisialta. Ba cheart a laghad gnéithe tráchtála nó daingneán eile lasmuigh agus is féidir a úsáid.
  • Áit a bhfuil sé beartaithe foirgneamh nach bhfuil in úsáid a úsáid le haghaidh cuspóra nua nó úsáid a bhaint as arís ní mór a chinntiú go bhfuil an bealach úsáide nua ag teacht le sainghné agus gnéithe sainspéise an déanmhais agus go bhfuil an leibhéal tionchair a theastaíonn inghlactha maidir leo.
  • D'fhéadfadh go mbeadh éifeacht ag tionchar carnach athruithe incriminteacha nó móra a rinneadh roimhe sin ar inghlacthacht na n-oibreacha beartaithe toisc go bhféadfadh go socrófaí go bhfuil an candam forbartha cuí ar an láithreán bainte amach cheana féin.
  • Níor cheart gnéithe sainspéise an Déanmhais Chosanta a chur i mbaol agus ceanglais na Rialachán Tógála á gcomhlíonadh. Beidh iarratais ar oibreacha chun ceanglais na Rialachán Tógála a chomhlíonadh treoraithe ag prionsabail na hidirghabhála íosta don ábhar stairiúil. Agus tograí á meas chun Cuid M a chomhlíonadh ba cheart féachaint chuig sraith comhairle an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ‘Access: Improving the Accessibility of Historic Buildings and Places’ (2011).

Teastaíonn cur chuige íogair i dtreo deartha freisin le haghaidh forbartha atá taobh le Déanmhas Cosanta nó gar dó toisc go bhféadfadh go mbeadh tionchar físe díobhálach aige air, agus go mbeadh drochthionchar aige ar a shuíomh agus ar tharraingteacht an déanmhais. Is gá go dtabharfaí aird ar an déanmhas agus a shuíomh agus go ndéanfaidís a chomhlánú áit a bhfuiltear ag socrú scála, airde, mais, líne tógála, ailíniú agus ábhair aon fhorbartha atá beartaithe laistigh de chuirtealáiste Déanmhais Chosanta, ina chuid tailte nó gar dó.

Tábla 12.10 Doiciméid atá le cur in éineacht le hIarratais Phleanála ar Dhéanmhais Chosanta

Moltar comhairliúchán réamhphleanála a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais sula gcuirtear isteach iarratas pleanála toisc go mbeidh an méid eolais a bheidh ag teastáil ag brath ar thábhacht an déanmhais agus ar mhéid agus nádúr na n-oibreacha atá beartaithe. Go ginearálta ba cheart na doiciméid seo a leanas a chur in éineacht le hiarratais ar fhorbairt a chuimsíonn Déanmhas Cosanta:

  • Fógraí Poiblí (.i. fógra nuachtáin agus láithreáin ) - Ní mór an stádas cosanta a shonrú ar na fógraí i gcás aon iarratais phleanála a bhaineann le Déanmhas Cosanta nó Déanmhas Cosanta Beartaithe.
  • Cóipeanna de Phleananna agus Shonraí – Éilíonn Comhairle Contae Fhine Gall deich gcóip de gach léaráid, plean agus doiciméad tionlacain le haghaidh iarratais a bhaineann le Déanmhas Cosanta nó Déanmhas Cosanta Beartaithe toisc nach mór cóipeanna a chur timpeall chuig na húdaráis fhorordaithe.
  • Plean láithreáin – a thaispeánann an Déanmhas Cosanta ina shuíomh, gaol an déanmhais lena chúirtealáiste, lena thimpeallacht uirbeach agus tuaithe agus leis an talamh taobh leis a bhfuil an t-iarratasóir ina n-úinéir air.
  • Léaráidí den Suíomh Reatha
    • Pleananna, codanna, ingearchló agus léaráidí comhthéacs den/de na  Déanmha(i)s C(h)osanta atá ann féin agus de na foirgnimh taobh leis, ar leibhéal atá mór go léir le socrú ginearálta an déanmhais a shonrú.
    • Beidh léaráidí de gnéithe ilchasta nó sonraithe mar thinteáin, staighrí, coirnisí nó siúinéireacht mar atá ag scála 1:10 nó 1:5 áit a mbeidh tionchar díreach ag na hoibreacha beartaithe orthu siúd.

  • Léaráidí de na hAthruithe Beartaithe
    • Pleananna, codanna, ingearchló agus léaráidí ingearchló a thaispeánann na hathruithe beartaithe don/do na Déanmh(a)is C(h)osanta agus na foirgnimh taobh leis, pé áit ar cuí. Ní mór na hathruithe a haitseáil nó a aibhsiú go soiléir. Is é an scála is fearr do na léaráidí sin ná 1:50 nó 1: 100.
    • Beidh léaráidí de na hathruithe beartaithe ar ghnéithe ilchasta nó saothraithe mar thinteáin, staighrí, choirnísí nó shiúinéireacht ar scála cuí ag teastáil áit a mbeidh tionchar ag na hoibreacha beartaithe orthu.
    • Léaráidí sonraithe ina leagtar amach tionchar na landairí beartaithe agus an modh ina gcuirfear isteach iad
    • Léaráidí sonraithe de na cumair bhall agus dín idir an déanmhas atá ann cheana féin agus aon mhéaduithe nó foirgnimh naisc nua áit a bhfuil sé sin beartaithe.

  • Údar leis na hIdirghabhálacha Beartaithe – Ba cheart ráiteas scríofa gairid a chur isteach ina dtugtar cur síos ar na hoibreacha beartaithe agus údar leo chomh maith leis an bhfealsúnacht a threoraíonn a modheolaíocht.
  • Suirbhé Grianghraif
    • Ba cheart grianghraif a chur isteach ar leor iad chun cur síos a dhéanamh ar chuma fhoriomlán thaobh amuigh an déanmhais lena n-áirítear gach taobh nochta, a shuíomh agus a ghaol leis na déanmhais timpeall air.
    • Ba cheart grianghraif a chur isteach d'aon ghnéithe istigh a bhfuil sé beartaithe iad a athrú. Ba cheart grianghraif den taobh istigh a mharcáil agus uimhreacha a chur orthu ionas gur féidir iad a cheangal le léaráid suirbhé.

Cuspóir CBF154

Féachfaidh gach iarratas pleanála ar oibreacha ar Dhéanmhas Cosanta chuig an bhfaisnéis atá leagtha amach i dTábla 12.10.

Measúnacht Tionchair ar Oidhreacht Ailtireachta

Le haghaidh foirgneamh a bhfuil nádúr casta ag gabháil leo nó áit ar cosúil go mbeidh tionchar mór ag tograí ar an oidhreacht ailtireachta beidh Measúnacht Tionchair sonrach ar Oidhreacht Ailtireachta ag teastáil, ar cheart go mbeadh an méid seo a leanas ann:

  • Cur Síos Scríofa ar an Déanmhas Cosanta (agus a shuíomh): Cur síos a dhéanamh ar chruth, scála, stíl ailtireachta agus ábhair an Déanmhais Chosanta i dteannta lena shuíomh lena n-áirítear aon fhoirgnimh ábhartha taobh leis, gnéithe tírdhreacha deartha, cóireálacha teorann agus radhairc a mbeidh tionchar ag an bhforbairt bheartaithe orthu.
  • Measúnú Staire: Ba cheart go gcuimseodh sé sin anailís ghairid ar aois an ábhair atá ann cheana féin agus míniú ar chéimeanna éagsúla an fhoirgnimh curtha i láthair in ord croineolaíoch agus iad crostagartha do ghrianghraif a bhfuil nótaí curtha leo ar léaráid(í) suirbhé. Ba cheart tagairt a dhéanamh sa chuntas do cheangail shóisialta agus stairiúla an déanmhais agus béim curtha ar an bhfianaise atá ar fáil in ábhar fisiceach an fhoirgnimh agus a thimpeallachta. Ba cheart go gcuimseodh an cuntas achoimre ar thábhacht chomparáideach an déanmhais. Ba cheart an stair a bhunú ar imscrúduithe ar an ábhar fisiceach, anailís ar ábhar cartagrafach stairiúil agus foinsí eile mar ghníomhais nó léaráidí stairiúla.
  • Fardal agus Taifead Sonrach Grianghraif: Ba cheart fardal ailtireachta sonrach le haghaidh gach seomra a chur isteach i dteannta le suirbhé grianghraf atá cuimsitheach agus de chaighdeán ard. Ba cheart teidil mhíniúcháin a chur ar gach grianghraf agus iad a chrostagairt don chuntas stairiúil agus do na pleananna. Ba cheart go gcuimseodh an suirbhé taobhanna amuigh, taobhanna istigh agus grianghraif shonracha de na gnéithe ailtireachta agus stairiúla fiúntacha agus na gnéithe tírdhreacha deartha pé áit ar cuí. Ba cheart go dtaispeánfaí na déanmhais ina gcomhthéacsanna sa suirbhé grianghraif.
  • Measúnú Reachta: Ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar bhonn gné aonair agus ba cheart go gclúdófaí an méid seo a leanas pé áit ar cuí: taobh amuigh - díon, ballaí, doirse, fuinneoga; taobh istigh - staighrí, doirse, fuinneoga, siúnéireacht eile, ballaí, urláir, síleálacha agus coirnisí san áireamh, bailchríocha maisiúla, dealbha ailtireachta agus ealaíon, codanna simléir, déanmhas agus córais mheicniúla. Ba cheart measúnú a dhéanamh freisin ar ghnéithe láithreáin mar fhoirgnimh atá taobh leis an déanmhas, baoiseanna agus cóireálacha teorann.
  • Ráiteas faoi Thábhacht: Ba cheart achoimre a dhéanamh ar mheasúnú ar cháilíocht agus thábhacht an déanmhais.
  • Measúnacht Tionchair: Sa mheasúnú ba cheart cuntas a thabhairt ar impleacht na forbartha beartaithe ar shainghné an déanmhais agus a shuíomh agus béim á cur ar an gcaoi a ndéanfaí athrú de thoradh na forbartha ar na gnéithe a chuireann lena ghnéithe sainspéise. Ba cheart ráiteas modha agus sonraíocht le haghaidh oibreacha a chur san áireamh

Cuspóir CBF155

Áit is gá, éileoidh an tÚdarás Pleanála Measúnacht Tionchair sonrach ar an Oidhreacht Ailtireachta le haghaidh iarratais ar oibreacha ar Dhéanmhas Cosanta. Déanfar é sin de réir Aguisín B de na Architectural Heritage Protection Guidelines for Planning Authorities. de chuid an DoAHG.

Déanmhas Scartála

Ní cheadaíonn an reachtaíocht Déanmhas Cosanta a scartáil ach ar chúinsí eisceachtúla agus mar sin déanfar toimhdiú i gcónaí i dtreo Déanmhas Cosanta a choimeád agus a dheisiú. Ar na cúinsí eisceachtúla sin áit a bhfuil scartáil beartaithe éileofar na doiciméid seo a leanas ag an gComhairle chun cúrsaí a mheas:

  • Údar scríofa sonrach leis an scartáil bheartaithe
  • Suirbhé iomlán ar riocht an déanmhais chosanta agus suirbhé grianghraif air
  • Léaráidí sonracha de gach plean urláir agus d'ingearchlónna

Ní leor riocht nó drochbhail Déanmhais Chosanta ann féin mar chúis mhaith le scartáil agus mar sin áit a gcuirtear é sin ar aghaidh mar an mbunús éileofar an fhaisnéis seo a leanas chomh maith leis an méid atá ar an liosta thuas:

  • Míniú ar an gcaoi ar ligeadh drochbhail teacht ar an déanmhas
  • Grianghraif agus léaráidí atá marcáilte go soiléir a thaispeánann ionad na lochtanna
  • Tuarascáil reachta ag ailtire nó innealtóir a bhfuil saineolas caomhantais acu ina mínítear cén fáth nach féidir deisiúcháin ná oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh sa chás seo
  • Áit nach bhfuil sé beartaithe ach scartáil pháirteach a dhéanamh ar ghnéithe nach gcuireann le tábhacht an déanmhais ní mór a chruthú gur féidir é a dhéanamh gan aon drochthionchar ó thaobh struchtúir ná ailtireachta ar an Déanmhas Cosanta.

Cuspóir CBF156

Scartáil nó athrú mí-oiriúnach Déanmhas Cosanta a chosc.

Limistéir Chaomhantais Ailtireachta

Is é atá i Limistéar Caomhantais Ailtireachta (LCA) ná áit, ceantar, grúpa déanmhas nó bailedhreach a bhfuil spéis nó luach ar leith ag baint leis ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, cultúir, eolaíochta nó maidir leis an ngné shóisialta nó theicniúil de, nó a chuireann leis an tuiscint ar dhéanmhais chosanta. Is gnách go gcruthaítear sainghné shainiúil LCA ag stíl agus gnéithe ailtireachta an stoc foirgneamh, a shuíomh (cibé acu go bhfuil sé nádúrtha agus deartha) agus oidhreacht a fhorbartha le himeacht ama lena n-áirítear an chaoi ar úsáideadh ar dtús é agus an chaoi a n-úsáidtear faoi láthair é. I measc na ngnéithe aonair a thagann le chéile chun cabhrú le nádúr speisialta áite a chruthú tá línte tógála, airdí, línte, mais agus toisí, an pailéad ábhair agus bailchríocha, móitífeanna agus sonraí maisiúla, díondhreacha agus próifílí, troscán sráide stairiúil (m.sh. clocha colbha bunaidh, pábháil, boscaí poist, soilsiú sráide), cóireálacha teorann, crainn agus scéimeanna plandála, tírdhreacha deartha, agus spásanna poiblí.

Ní mór cead pleanála a fháil le haghaidh aon oibreacha a mbeadh tionchar ábhartha acu ar shainghné speisialta LCA agus mar sin ní bheidh feidhm ag na gnáthdhíolmhuithe ó phleanáil áit a meastar go mbeidh tionchar acu ar ghnéithe agus inghearchlónna uathúla nó speisialta LCA.

Tábla 12.11 Treoir d'Fhorbairt Bheartaithe i Limistéir Caomhantais Ailtireachta

Ba cheart athruithe agus forbairt i LCAnna a dhéanamh ar bhealach atá báúil lena sainghné shainiúil agus mar sin ba cheart go mbeadh oibreacha nua i LCAnna treoraithe ag an méid seo a leanas:

Coimeád agus Athúsáid

  • Ba cheart foirgnimh agus déanmhais atá ann cheana féin a choimeád agus a athúsáid seachas cinn nua a chur ina     n-ionad Ní dheonófar cead i gcás iarratas ar scartáil foirgneamh a chuireann le sainghné LCA ach ar chúinsí eisceachtúla. Is é an t-iarratasóir a mbeidh dualgas orthu as údar a thabhairt le scartáil an fhoirgnimh. Beidh sé mar bhunphrionsabal don Chomhairle gur cheart an déanmhas a choimeád.
  • Ábhair tógála, bailchríocha agus gnéithe bunúsacha a choimeád lena n-áirítear fuinneoga, doirse, clúdaigh dín, cóireálacha teorann (mar bhallaí cloiche, fhálta agus ráillí) agus gnéithe spéise eile a chuireann leis an tsainghné speisialta agus a chuireann fuinneamh sa sráid-dreach.
  • Aon cholbhaí/phábháil agus míreanna troscáin sráide atá fós ann agus a chuireann le sainghné an LCA a choimeád.
  • Tabharfar tacaíocht chun bunábhair agus bunghnéithe a thabhairt ar ais áit ar cailleadh iad nó ar cuireadh cinn nua ina n-ionad agus molfar é sin a dhéanamh. Ba cheart fianaise dhoiciméadach nó samplaí atá ann fós a úsáid chun dearadh na nithe sin a threorú.

Athruithe agus Leagan Nua

  • Is gá cur chuige íogair i dtreo deartha a ghlacadh i dtograí forbartha agus sainghné bhunaithe an LCA a thógáil san áireamh ó thaobh scála, maise, toirte, mhéideanna ceapaí, toisí agus ábhair na bhfoirgneamh atá taobh leis an láithreán forbartha. Is féidir treoir a fháil ó chruthanna agus toisí traidisiúnta a léirítear ansin ar bhealach comhaimseartha nó le gnéithe aimseartha seachas macasamhail bheacht de stíl foirgnimh stairiúil. Áit a nglactar cur chuige atá go hiomlán comhaimseartha ní mór na sonraí, na hábhair, agus an dearadh foriomlán a láimhseáil go cúramach agus ní mór go mbeidís de chaighdeán ard chun cinntiú nach gcuirtear isteach ar shláine ná  sainghné an cheantair.
  • Is gnách ngach gceadófar déanmhais a scartáil a bhfuil ról dearfach acu i sainghné an tsráid-dreacha.
  • Tá sé tábhachtach go mbeadh snáithe uirbeach stairiúil sráid-dreacha nó bailedhreacha fós le feiceáil agus mar sin áit a bhféachann forbairt chuig roinnt ceapach tógála éagsúil a chur le chéile ba cheart, agus dearadh á cheapadh, smaoineamh ar dheighiltí bunúsach na gceapach a léiriú i dtoirt an fhoirgnimh nua. Áit a bhfuil sé beartaithe foirgnimh atá ann cheana féin a cheangal go hinmheánach ba cheart go mbeadh feidhm ag éadain fós agus ba cheart a laghad athruithe agus is féidir a dhéanamh ar an ábhar stairiúil.
  • Ba cheart go mbeadh méaduithe ar fhoirgnimh i LCAnna ar féidir iad a fheiceáil ó áiteanna poiblí ar scála agus de mhéid a thógann san áireamh an bunfhoirgneamh. De gnáth ba cheart go mbeadh méaduithe níos lú agus ábhair, bailchríocha agus próifílí dín acu a chuireann leis an bpríomhdéanmhas.
  • Ba cheart nach mbeadh drochthionchar ag athruithe ar aghaidheanna, oscailtí, díondreacha srl. atá ann cheana féin ar shainghné an LCA agus ba cheart nach ndéanfaidís dochar don fhoirgneamh
  • Níl sé ceadaithe an bailchríoch rindreála ná plástair a bhaint ó bhrat síonchaithimh bunaidh foirgnimh chun an chloch faoi a nochtadh
  • Áit a bhfuil bailchríoch rindreála nó plástair ar fhoirgneamh nach bhfuil péinteáilte níor cheart é a phéinteáil
  • Ba cheart cur isteach díonta dormánta nó soilse dín a dhéanamh ar chlaontaí ceilte agus is gnách nár cheart iad a chur ar chlaonadh tosaigh an dín
  • D'fhéadfadh go n-athrófaí toisí foirgnimh nó sráid-dreacha mar atá ann dá méadófaí oscailtí fuinneoige nó dorais agus mar sin is gnách gur cheart buntoisí a choimeád
  • Ba cheart a laghad comharthaí agus is féidir a úsáid i LCA agus ba cheart é a dhearadh go discréideach ionas nach mbeidh drochthionchar acu ar shainghné speisialta ceantair. Ba cheart a laghad úsáide agus is féidir a bhaint as eilimintí nó feistis tráchtála seachtracha eile ar nós ceannbhrat, soilsiú agus boird bhiachláir

Oibreacha Réimse Poiblí

  • Ba cheart gnéithe de throscán sráide atá ann cheana féin ar nós buncholbhaí, pábháil, seiteanna, boscaí poist, ráillí, mullaird srl. a aithint agus a choimeád
  • Ba cheart go mbeadh aon troscán sráide nua (mar araidí, soilse, cuaillí comharthaí srl.) deartha de réir caighdeáin aird agus ar bhealach comhaimseartha agus machnamh déanta ar a suíomh agus a n-ionad. Ba cheart a laghad troscáin sráide agus is féidir a úsáid agus aon troscán sráide nach bhfuil in úsáid a bhaint.
  • I gcásanna áit nach bhfuil smacht dhíreach ag an gComhairle ar throscán sráide, oibreoidh siad as lámh a chéile leis an ngníomhaireacht/na gníomhaireachtaí ábhartha, pé áit ar féidir, chun moladh dóibh cloí leis an beartais um Limistéar Caomhantais Ailtireachta.
  • Tógfar san áireamh sainghné bhunúsach an LCA agus cuirfear feabhas air áit a ndéanfar oibreacha chun feabhas a chur ar an réimse poiblí ar nós dromchlaí nua, cosáin leacaithe, bearta um ceansú tráchta lena n-áirítear comharthaí agus rampaí.
Doiciméid le cur in éineacht le hIarratais Phleanála i LCAnna

Sonraítear sna Rialacháin Phleanála maidir le hiarratais phleanála chun oibreacha a dhéanamh ar thaobh amuigh déanmhais i LCA gur cheart grianghraif, pleananna agus sonraí eile a chur leis atá riachtanach chun léiriú cén tionchar a bheadh ag an togra ar shainghné an déanmhais. Mar sin moltar comhairliúchán réamhphleanála a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais sula gcuirtear isteach iarratas pleanála toisc go mbeidh an méid eolais a bheidh ag teastáil ag brath ar thábhacht an déanmhais agus ar mhéid agus nádúr na n-oibreacha atá beartaithe.

Cuspóir CBF157

Cinntiú go bhfeabhsóidh aon fhorbairt nua nó athrú ar fhoirgneamh i LCA nó taobh leis sainghné an cheantair agus go bhfuil sé cuí ó thaobh an deartha bheartaithe, lena n-áirítear: scála, mais, airde, toisí, dlús, leagan amach, ábhair, cóimheas ceapaí agus línte tógála.

Cuspóir CBF158

Féachfaidh gach iarratas pleanála ar oibreacha i Limistéar Caomhantais Ailtireachta chuig an bhfaisnéis atá leagtha amach i dTábla 12.11.

Tírdhreacha Deartha- Gairdíní Stairiúla, Diméinte agus Eastáit Tuaithe

Le roinnt blianta anuas tá roinnt brú á chur ar sheaneastáit tuaithe nó eastáit stairiúla chun forbairt a dhéanamh, ar minic go gceaptar í gan measúnú ceart a dhéanamh ar an tionchar ar an tírdhreach deartha ná acmhainn iompair na dtailte a shocrú. Féadann na tograí bheith i bhfoirm athfhorbairt fhairsing aonuaire ar an diméin stairiúil nó sraith de scéimeanna beaga. I gcás an dara rud is gá tionchar carnach gach gné breise a mheas toisc go bhféadfadh go mbeadh claochlú incriminteach ach suntasach ar an tírdhreach mar thoradh orthu nuair a thógfaidís le chéile iad.

  • Ba cheart an gaol idir an phríomháit chónaithe agus na tailte taobh léi a thógáil san áireamh agus forbairt á déanamh agus níor cheart an gaol sin a bhriseadh.
  • Níor cheart diméinte a fhoroinnt i ndáileachtaí éagsúla talún.
  • Ní mór bheith cúramach chun cinntiú nach gcuireann forbairt lasmuigh de theorainneacha forbartha isteach ar radhairc thábhachtacha a fhéachann amach ón tírdhreach deartha nó isteach ann.

Is gnách gur Déanmhas Cosanta atá sa phríomháit chónaithe i ndiméin nó i dtírdhreach deartha, agus is minic go mbíonn cuid de na foirgnimh a ghabhann leis cosanta freisin. Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cuid mhór de na diméinte móra i bhFine Gall ainmnithe mar Limistéir Chaomhantais Ailtireachta. Ina theannta sin cuireann tírdhreacha deartha gnáthóga ar fáil le haghaidh go leor speicis flóra agus fána agus ní mór impleachtaí aon togra don oidhreacht nádúrtha a mheas go cúramach.

Cuspóir CBF159

Ba cheart Measúnacht ar Thírdhreach Deartha a chur in éineacht le haon togra forbartha le haghaidh diméinte stairiúla agus/nó tírdhreacha deartha, a chuimseoidh:

  • Forbairt bhunúsach, stair, déanmhais, gnéithe agus teorainneacha an tírdhreacha deartha a aithint agus cur síos orthu
  • Measúnacht éiceolaíocht, lena n-áirítear aon ghnáthóga nó speicis chosanta a aithint
  • Measúnú a dhéanamh ar thábhacht an tírdhreacha stairiúil
  • Acmhainn iompair na dtailte nár cheart dul thairis a shocrú, é sin le haontú leis an gComhairle
  • Measúnú a dhéanamh ar an togra forbartha agus ar a thionchar ar an tírdhreach deartha
  • Moltaí um maolú agus bainistíocht na hoidhreachta tógtha agus nádúrtha

Stoc Foirgneamh Stairiúil & Oidhreacht Dhúchasach

Tacaíonn an Chomhairle le coimeád agus athúsáid an stoc foirgneamh stairiúil a chuireann le sainghné shainiúil ceantair tuaithe nó uirbeacha Fhine Gall agus molann siad é. Is gnách gur tógadh na foirgnimh sin agus úsáid á baint as modheolaíochtaí agus ábhair traidisiúnta mar aol, chloch, láib, tuí, scláta agus adhmad. Cheadaigh na hábhair sin taise a shú agus a scaoileadh go héasca, chun go mbeadh in foirgneamh in ann "análú" agus mar sin tá feidhm thábhachtach ag aerú spásanna istigh. D'fhéadfadh go mbeadh tionchar díobhálach nach raibh beartaithe ar an stoc foirgneamh stairiúil ag idirghabhálacha a d'fhéadfadh go mbeidís oiriúnach do chleachtaí tógála an lae inniu, ar nós táirgí tógála neamhscagacha nó spásanna aer-obacha.

Cuspóir CBF160

Áit a bhfuil forbairt á mbeartú do láithreáin ina bhfuil foirgnimh agus/nó déanmhais stairiúla a chuireann le sainghné shainiúil ceantar tuaithe nó uirbeach Fhine Gall an méid seo a leanas a thógáil san áireamh:

  • Ba cheart measúnacht a dhéanamh ar na foirgnimh atá ar an láithreán cheana féin trí hanailís ar léarscáileanna stairiúla agus measúnú ar an ábhar stairiúil agus na gnéithe stairiúla. Ba cheart go bhféachfadh tograí forbartha chuig foirgnimh fhiúntacha atá ann cheana féin a choimeád agus a chuimsiú chomh maith le haon eilimintí a chuireann lena shainghné shainiúil
  • Ba cheart ábhair agus modhanna cuí a úsáid chun na deisiúcháin a dhéanamh ar an ábhar stairiúil
  • Ní mór go mbeadh aon athruithe beartaithe báúil le gnéithe agus sainghné speisialta an fhoirgnimh atá ann cheana féin tríd an suíomh, an fhoirm, an scála agus na hábhair atá ann cheana féin a thógáil san áireamh
  • Níor cheart go mbainfeadh tograí um méaduithe ar fhoirgnimh stairiúla nó dhúchasacha ó shuíomh ná cáilíochtaí deartha an déanmhais bhunaidh a chuireann lena tharraingteacht agus ba cheart go mbeidís i gcomhréir leis an bhfoirgneamh atá ann cheana féin nó níos lú lá é.
  • Ba cheart treoir don dearadh a thógáil as stoc foirgneamh stairiúil an cheantair ach is féidir é a chur in iúl i dteanga ailtireachta chomhaimseartha.
  • Ba cheart gnéithe nó ábhair bhunúsacha foirgnimh a choimeád lena n-áirítear fuinneoga, doirse, clúdaigh din, cóireálacha teorann agus gnéithe láithreáin (mar bhallaí cloiche, fhálta, ráillí, gheataí,  piaraí geata, duirleoga agus clóis)
  • Áit a bhfuil togra ag féachaint chuig athfhorbairt a dhéanamh ar réadmhaoin atá dearóil nó nach raibh áitithe le fada an lá mar sin i dteannta leis an méid thuas
  • Ba cheart go mbeadh dóthain iarsmaí seasta fós ann a fhéadann, ó thaobh déanmhais, athfhorbairt a sheasamh. Ba cheart tuarascáil scríofa ó ghairmí a bhfuil na cáilíochtaí oiriúnacha acu a chur in éineacht leis an togra agus é ag míniú nach gcuirfidh an togra isteach ar dhéanmhas an fhoirgnimh agus ag tabhairt achoimre ar na bearta atá le glacadh chun an foirgneamh a chosaint ó thitim anuas roimh oibreacha tógála agus lena linn

Comharthaí

Déanmhais Chosanta agus i LCAnna

Ní mór cead pleanála a fháil (ach amháin ar chúinsí fíortheoranta) le haghaidh fógraí agus comharthaí ar Dhéanmhais Chosanta nó ar thaobhanna amuigh déanmhas i Limistéir Chaomhantais Ailtireachta (LCAnna).

Table 12.12 - Treoir i leith Comharthaí ar Dhéanmhais Chosanta nó i LCAnna
  • Méid na gComharthaí atá ann Cheana Féin- Trí ghnéithe seachtracha a chur isteach ar Dhéanmhas Cosanta nó ar áitreabh tráchtála i LCA is féidir dochar incriminteach a dhéanamh do shainghné speisialta an cheantair trí thranglam físe a chruthú agus ní ghlacfar leo ach ar chúinsí teoranta. Ní mór méid na gcomharthaí atá ann cheana féin a thógáil san áireamh i dtograí um chomharthaí chomh maith le gnéithe seachtracha eile mar shoilsiú, cheannbhrait, díonbhrait, boird taispeána, amanna oscailte, plaiceanna ainm srl. a d'fhéadfadh a bheith ar an déanmhas cheana féin. I roinnt cásanna d'fhéadfadh go mbeadh sé riachtanach bunús a thabhairt le comharthaí nó gnéithe seachtracha atá ann cheana féin nó iad a bhaint chun spás a chur ar fáil d'aon ghnéithe nua.
  • Dearadh Comharthaí – Ba cheart go mbeadh comharthaí nua nó ionaid chomh beag agus is féidir, discréideach agus deartha go híogair. Ba cheart go gcuirfidís le sainghné foirgnimh a mbeidh sé ceangailte dó. Ní mór sonraí na modhanna crochta a mheas go cúramach freisin chun nach ndéanfar dochar do shonraí maisiúla, d'obair chloiche ná obair bhrící. I gcásanna áirithe ba cheart comharthaí stairiúla a choimeád fiú nuair atá úinéirí nua ag an ngnóthas nó nuair atá sé á úsáid le haghaidh cuspóir nua. D'fhéadfadh gur cheart é a sin a dhéanamh toisc go bhfuil na comharthaí mar chuid lárnach de dhearadh an fhoirgnimh, go mbaineann siad le duine nó le himeacht thábhachtach, go bhfuil siad ina sainghné de chuid tréimhse ar leith, gur eiseamláir den scoth iad d'ealaíon déantóir comharthaí, nó gur sainchomhartha áitiúil atá i gceist. Tá bealaí ann, áfach, gur féidir leis an ngnó nua na comharthaí sin a athrú, a chlúdach nó a bhogadh chun a gcuid seirbhísí féin a fhógairt. Ba cheart dul i gcomhairle leis an Oifigeach Caomhantais sna cásanna sin.
  • Suíomh Comharthaí – Ba cheart de ghnáth go mbeadh comharthaí teoranta go leibhéal an urlár talún .i. faoi bhun na leac fuinneoige ar an gcéad urlár. Le haghaidh gnóthais ar leibhéal na chéad urlár nó os a chionn nó ar leibhéal íoslaigh ba cheart comharthaí a shuí ag a mbealach isteach seachas ar bhallaí seachtracha ar leibhéal uachtair nó íoslaigh.
  • Éadan – Iompraíonn an painéal éadain nó boird ainm an tsiopa os cionn fhuinneog an tsiopa. Níl comharthaí atá soilsithe istigh nó beoite, boscaí éadain plaisteacha, boird mhiotail nó phlaisteacha oiriúnach ar Dhéanmhais Chosanta ná i LCAnna. Is gnách gur fearr litreacha péinteáilte de lámh ar bhoird éadain adhmaid nó litreacha atá curtha suas astu féin. Ba cheart nach mbeadh éadain ceannasach ó thaobh físe agus ba cheart de ghnáth go mbeidís 600mm ar airde. Ba cheart go mbeadh stíl agus scála na scríbhneoireachta ar aon dul le tréimhse an fhoirgnimh agus scála an spáis atá ar fáil. Níor cheart go síneodh éadain gan bhriseadh thar roinnt foirgneamh.
  • Comharthaí Teilgin – Féadann comharthaí teilgin nó crochta tranglam físe a chruthú ar ingearchlónna seachtracha agus baineann sé sin de shainghné speisialta an cheantair nó an fhoirgnimh. Áit a bhfuil comharthaí nó litreacha éadain os cionn an aonaid tráchtála ba cheart gur leor é sin agus mar sin ní bheadh gá le comharthaí teilgin agus níor cheart iad a úsáid. Áit a bhfuil siad ceadaithe níor cheart riamh go mbeadh níos mó ná ceann amháin ar ingearchló agus níor cheart iad a úsáid chun táirge a fhógairt. Tá sé de nós ag roinnt ceirdeanna ó thaobh traidisiúin, comharthaí teilgin a úsáid ar nós cógaslann, geallbhróicéirí agus bearbóirí ach ba mhinic gur siombail nó comharthaí a bhain leis an gceird a bhí iontu m.sh. cros uaine, trí liathróid nó cuaille a bhfuil stríoca dearga agus bána air. Mar sin is fearr siombail a bhaineann le bealach úsáide ar leith a úsáid le haghaidh comharthaí teilgin áit a bhfuil siad ceadaithe agus faoi réir ábhar agus dearadh ardchaighdeáin a úsáid, níor cheart go mbeidís beoite ná soilsithe.
  • Soilsiú Comharthaí – Ba cheart an gá le soilsiú sonrach comharthaí tráchtála a mheas toisc go bhféadfadh go mbeadh dóthain soilse sráide ann cheana féin chun an t-áitreabh a shoilsiú agus mar sin ba cheart gan comharthaí a shoilsiú pé áit ar féidir é a sheachaint. Áit a bhfuil gá le scéimeanna soilsithe ba cheart go mbeidís fíneálta agus discréideach. Ba cheart tuilsoilse, soilse neoin agus soilsiú feadánach cothrománach a sheachaint. Níor cheart soilsiú an fhoirgnimh go léir a cheadú.
  • Comharthaí Corparáideacha – Ba cheart comharthaí agus lógónna corparáideacha caighdeánacha a bhainfeadh de shainghné an LCA a athrú ó thaobh scála, datha, ábhar agus deartha.
  • Meirgí agus Bratacha – Meastar nár cheart glacadh le suiteáil crann brataí buan, bratach agus meirgí ar thaobhanna amuigh Déanmhas Cosanta nó déanmhas i LCA. D'fhéadfadh go gceadófaí bratacha agus meirgí sealadacha le haghaidh imeachtaí sonracha a bheadh fad teoranta agus sonraithe ag baint leo, mar imeacht spóirt, cuairt ag duine mór le rá nó ócáid tiomsaithe airgid srl.
  • Ceannbhrait, Dallóga agus Díonbhrait – Ba cheart an gá le ceannbhrait nó díonbhrait a mheas go cúramach. Áit a bhfuil siad ceadaithe, tá gá lena ndearadh a mheas go cúramach. Is é an t-ábhar is fearr ná cadás láidir in éineacht le crua-earraí péinteáilte miotail nó adhmaid. Ba cheart go mbeidís oscailte agus an bosca dallóg cuasaithe. Ní ghlactar le plaisteach mar ábhar. Níl sé ceadaithe táirgí a fhógairt ar cheannbhrait nó dhíonbhrait i LCA nó ar Dhéanmhas Cosanta. Níor cheart ceannbhrait ná díonbhrait a cheadú ar urláir uachtair ach ba cheart iad a shrianadh (áit a meastar a bheith cuí) don urlár talún amháin.
  • Comharthaí nó Fógraí ar Fhuinneoga agus Chomhlaí – Ní mór bheith cúramach maidir le méadú líon na gcomharthaí ar áitreabh agus mar sin is gá comharthaí ar fhuinneoga agus/nó comhlaí slándála a rialú.
  • Comharthaí Uainíochta – Is gnách gur comharthaí móra iad siúd agus ní ghlactar leo mar chomharthaí i LCA ná ar Dhéanmhas Cosanta.
  • Comharthaí Fógraíochta nó Ollmhóra – Is gnách go mbaineann na cineálacha sin comhartha le praghsáil breosla a thaispeáint i stáisiúin pheitril ach úsáideadh ag roinnt ollmhargaí iad freisin nó mar chomharthaí le haghaidh grúpa gnóthas in aon áitreabh/ionad miondíola amháin. Is gnách nach nglactar leis an gcineál sin comharthaí i LCA nó laistigh de chuirteálaiste Déanmhais Chosanta mar gheall ar mhéid.
  • Cláir Fógraí – Comharthaí fíormhóra iad sin ar gnách go gcuirtear ar thaobh nó ar bhinn foirgneamh iad. Níor cheart cead a thabhairt clár fógraí nua a chur isteach i LCA ná ar Dhéanmhas Cosanta agus áit a bhfuil siad ann cheana féin ba cheart moladh go mbainfí iad.
  • Comharthaí Binne – Ba cheart cur in aghaidh comharthaí de chineál ar bith ar bheann agus ba cheart comharthaí a theorannú go ceantar isteach an áitribh nó ceantar an aghaidh siopa
  • Comhlaí Rollála/Grílí Slándála- Níl sé oiriúnach comhlaí rollála ná grílí slándála a chur ar fáil ar thaobh amuigh foirgnimh ar aonaid tráchtála nua nó orthu siúd atá ann cheana féin ach seachas sin ba cheart iad a shuí go hinmheánach taobh thiar den taispeántas fuinneoige. Ba cheart go mbeadh an comhla nó an gríl deartha ar nós gríl slabhraigh oscailte seachas comhlaí soladacha nó bréifneacha agus níor cheart go gclúdódh sé an t-éadan tráchtála iomlán ach seachas sin níor cheart é a shuí ach ar na hoscailtí ábhartha. Áit a bhfuil comhlaí adhmaid nua i bhfoirgneamh is féidir iad siúd a úsáid chun críocha na slándála seachas aon rud nua a chur isteach.

Cuspóir CBF161

Féachfaidh gach iarratas pleanála le haghaidh comharthaí ar Dhéanmhas Cosanta nó i Limistéar Caomhantais Ailtireachta chuig na treoirlínte atá leagtha amach i dTábla 12.12.

12.12 Oidhreacht Nádúrtha

Bithéagsúlacht

Shínigh Éire an Coinbhinsiún domhanda ar Bhithéagsúlacht (CDB) agus tá an Rialtas tiomanta tríd an bpróiseas sin chun bithéagsúlacht a chaomhnú agus úsáid inbhuanaithe a bhaint aisti. Tá an beartas i leith bithéagsúlachta leagtha amach sa Phlean Náisiúnta Bithéagsúlachta (PNB) a aithníonn dul i léig agus caillteanas gnáthóg mar an bpríomhfhachtóir a bhaineann ó bhithéagsúlacht in Éirinn sa lá atá inniu ann. I measc nithe eile, iarrann anPNB ar údaráis áitiúla pleananna áitiúla bithéagsúlachta a ullmhú agus a chur i bhfeidhm chun soláthar do chaomhnú agus d'úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta ar leibhéal áitiúil.

Cuspóir CBF162

Cinntiú go ndéanann gach togra forbartha bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú.

Caomhnú Bithéagsúlachta i bhFine Gall

Príomhcheantair Caomhnaithe Bithéagsúlachta

Tá príomhcheantair caomhnaithe bithéagsúlacha déanta suas de na láithreáin caomhantais dúlra is tábhachtaí. Ina measc siúd tá láithreáin atá ainmnithe go hidirnáisiúnta agus go náisiúnta agus a óstálann gnáthóga atá liostaithe in Aguisín I den Treoir i leith Gnáthóg agus láithreáin a óstálann speicis thearca agus chosanta agus a gcuid gnáthóg.

Cuspóir CBF163

Cinntiú go ndéantar Scagadh um Measúnacht Chuí agus, áit a theastaíonn, Measúnacht Chuí iomlán le haghaidh gach plean agus tionscadail sa Chontae ar cosúil go mbeadh tionchar mór díreach nó indíreach acu, ina n-aonar nó i dteannta le pleananna agus tionscadail eile, ar aon láithreán nó láithreáin Eorpacha.

Cuspóir CBF164

Cinntiú go gcuirtear dóthain faisnéise ar fáil mar chuid de thograí forbartha chun cur féidir tabhairt faoi Scagadh um Measúnacht Chuí agus chun gur féidir measúnú eolasach iomlán a dhéanamh ar thionchair ar bhithéagsúlacht.

Cuspóir CBF165

Cinntiú go ndéanann gairmithe a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu Ráitis Tionchair Natura agus aon mheasúnuithe tionchair éiceolaíoch eile a chuirtear isteach mar thacaíocht do thograí forbartha agus go ndéantar aon obair suirbhé a theastaíonn le linn séasúir oiriúnaigh.

Cuspóir CBF166

I gcás iarratas pleanála le haghaidh forbairtí beartaithe ar cosúil go mbeidh tionchair mhóra díreacha nó indíreacha acu ar aon Láithreán nó Láithreáin Eorpach(a) cinntiú go gcuirtear Ráiteas Tionchair Natura in éineacht leo a ullmhaíodh de réir na Treoracha a d'eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Appropriate Assessment of Plans and Projects in Ireland – Guidance for Planning Authorities, 2009).

Cuspóir CBF167

Cinntiú go ndéantar measúnacht tionchair éiceolaíochta le  haghaidh aon fhorbartha beartaithe ar cosúil go mbeidh tionchar mór aici ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha Beartaithe (LONbanna), ar Limistéir Oidhreachta Nádúrtha (LONanna), Anaclanna Dúlra Reachtúla, Tearmainn Fhána, láithreáin Iarscríbhinn I den Treoir i leith Gnáthóg agus speicis Iarscríbhinn II atá istigh iontu, nó speicis tearca agus bhagartha lena n-áirítear na speicis siúd atá cosanta ag an dlí agus a gcuid gnáthóg. Cinntiú go gcuimsítear bearta cuí um sheachaint agus maolú i dtograí forbartha mar chuid d'aon mheasúnacht tionchair éiceolaíochta

Cuspóir CBF168

Cinntiú go gcuimsíonn tograí le haghaidh forbairtí a bhaineann le hoibreacha ar láithreáin agus ghnéithe seandálaíocha seasta nó oibreacha ar an stoc foirgneamh stairiúil measúnacht ar láithreacht ialtóg in aon láithreán nó déanmhas den sórt sin agus, pé áit ar cuí, cinntiú go bhfuil bearta cuí um sheachaint agus/nó maolú beartaithe chun ialtóga a chosaint i gcomhairle leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.

Limistéir Forbartha Dúlra

D'aithin an Chomhairle roinnt ceantar agus bealaí úsáide talún sa Chontae a bhféadfaí feabhsú bithéagsúlachta a dhéanamh ina leith (féach léarscáileanna Bonneagair Ghlais). Ina measc siúd tá:

  • Ceantair Feirme
  • Diméinte
  • Galfchúrsaí
  • Fearann Páirce
  • Cairéil
  • Dobharlaigh
  • Ceantair oiriúnach do choillearnach nó d'fhoraoiseacht nua

Tugtar 'limistéir forbartha dúlra' ar na limistéir sin.

Cuspóir CBF169

Treoirlínte pleanála a chur i bhfeidhm le haghaidh limistéir agus conairí forbartha dúlra mar atá leagtha amach i bPlean Gníomhaíochta Fhine Gall um Bithéagsúlacht.

Conairí Éiceolaíocha agus Clocha Cora lena n-áirítear Crainn agus Fálta Sceach

Is é atá i gconairí éiceolaíocha ná gnéithe tírdhreacha líneacha ar nós aibhneacha, fálta sceach agus ciumhaiseanna bóthair a chabhraíonn le gluaiseacht an fhiadhúlra timpeall an tírdhreacha.

Cuspóir CBF170

Na conairí éiceolaíocha a chosaint agus a fheabhsú ar na haibhneacha seo a leanas sa Chontae trí chinntiú nach ndéantar aon fhorbairt, lasmuigh d'ionaid uirbeacha, laistigh d'íosfhad 30m ó gach bruach abhann: An Life, An Tulcha, Pinkeen, Abhainn na Maighne, Abhainn na Comhla, Abhainn an Bharda, Abhainn Ghabhra, Abhainn Bhaile Bachaille, Abhainn an Choirr Dhuibh, Abhainn Mhata agus an Ailbhine  (féach ar léarscáileanna Bonneagair Ghlais).

Cuspóir CBF171

Cinntiú nach ndéantar aon fhorbairt, lena n-áirítear glanadh agus stóráil ábhar, laistigh de  10m – 15m mar íoschaighdeán, agus é tomhaiste ó gach bruach, srutha nó sruthchúrsa ar bith sa Chontae.

Cuspóir CBF172

É a dhéanamh mar cheangal i gcás forbartha taobh le haibhneacha go gcuirfí talamh i leataobh le haghaidh aon bhealaí coisithe a d'fhéadfaí a nascadh leis an gceantar mór agus aon lonnaíochtaí bunaithe in aice leo, faoi réir mheasúnacht tionchair éiceolaíochta agus Scagadh um Measúnacht Chuí mar is cuí.

Geolaíocht

I Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann (SGÉ) aithníodh 21 Láithreán Geolaíoch Contae i bhFine Gall ar láithreáin tábhachtacha oidhreachta geolaíochta iad.

Cuspóir CBF173

Féachaint chuig Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÉireann nuair atáthar ag smaoineamh faoi fhorbairtí ar cosúil go mbeidh tionchar acu ar Láithreáin Gheolaíocha an Chontae a dhéanamh, a fhaomhadh nó a údarú

Forbairt Nua i gCeantair Chósta

Ní mór nádúr athraitheach agus dinimiciúil an chósta agus an gá le cosaint chósta a thógáil san áireamh agus forbairt chósta ar siúl. Mar phrionsabal ginearálta, ba cheart spás a chur ar fáil d'fhorbairt i gceantair chósta pé áit ar féidir i gceantair a bhí forbartha roimhe sin sula smaoinítear ar fhorbairt i láithreáin úrnua.

I ngach cás ní mór an gá le cosaint chósta a thógáil san áireamh i dtograí um forbairt chósta. Ní cheadófar forbairt ach áit a bhfuil an Chomhairle cinnte nach gcuirfidh an fhorbairt leis an ngá, más ann dó, le haon oibreacha cosanta cósta sa cheantar le linn shaolré na forbartha.

Cuspóir CBF174

Cosc a chur ar fhorbairt nua lasmuigh de cheantair uirbeacha laistigh de na ceantair atá sonraithe ar léarscáileanna Bonneagair Ghlais, atá laistigh de 100m ó líne cósta atá i mbaol chreimeadh cósta, ach amháin más féidir a chruthú go hoibiachtúil ar bhunús an fhaisnéis eolaíochta is fearr atá ar fáil aimsir an iarratais, nach mór an dóigh go dtarlóidh creimeadh in ionad sonrach agus aon tionchair a bheadh ag an bhforbairt bheartaithe ar chreimeadh agus shil-leagan á thógáil san áireamh, inter alia, chomh maith le tionchair tuartha an athrú aeráide ar an imeallbhord.

Cuspóir CBF175

Cosc a chur ar fhorbairt a fhéadann tuile cósta tarlú iontu de réir  The Planning System and Flood Risk Management – Guidelines for Planning Authorities 2009 a d'eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus Oifig na nOibreacha Poiblí

12.13 Tionscal Eastóscach

Cuspóir CBF176

Féachfaidh tograí don chineál forbartha sin chuig an méid seo a leanas:

  • Alt 261 agus Alt 261A de na hAchtanna Pleanála agus Forbartha 2000 go 2015.
  • Treoirlínte 2004 ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maidir le Cairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha 2004.
  • Treoirlínte an GCC um Bainistíocht Comhshaoil san Earnáil Eastóscach 2006.
  • Áit a bhféadfadh go mbeadh tionchar ag forbairtí eastóscacha ar oidhreacht seandálaíochta nó ailtireachta, ba cheart féachaint chuig Treoirlínte 2004 an DoEHLG ar Chaomhnú Ailtireachta agus ar an gCód Cleachtais Seandálaíochta 2002 agus iarratais phleanála chomh maith le ceanglais an Phlean Forbartha seo á meas.
  • Áit a bhféadfadh go mbeadh tionchar mór ag forbairt eastóscach ar thimpeallacht láithreáin nó láithreán Eorpaigh/Eorpach. féachfar chuig treoirlínte i leith MTT agus Measúnacht Chuí Pleananna agus Tionscadal, Treoir d'Údaráis Phleanála, DEHLG, 2009 agus ceanglais an Phlean Forbartha seo.
  • Ba cheart féachaint freisin ar na Treoirlínte Oidhreachta Geolaíochta don Tionscal Eastóscach.
  • Cuirfear isteach eolas faoi thionchar físe na forbartha, measúnú sonrach tírdhreacha agus físe.
  • Cuirfear isteach scéim athshlánúcháin agus iarchúraim don láithreán nuair a thréigfear an acmhainn / nuair a bheidh sí caite. I measc na sonraí ar cheart a chur isteach tá tuarascáil ina mbeadh pleananna agus léaráidí gearrtha, agus sonraí tugtha faoin méid seo a leanas:
    • An tírghné chríochnaithe agus na cóireálacha dromchla/tírdhreacha atá beartaithe (maidir le gach céim agus don tochailt iomlán),
    • Cáilíocht agus riocht na barrithreach agus na scraithe uachtair,
    • Oibreacha athshlánúcháin atá beartaithe,
    • Cineál agus ionad aon fhásra atá beartaithe,
    • An modh atá beartaithe chun oibreacha athchóirithe a chistiú agus a sheachadadh srl.

Ina theannta beidh banna ag teastáil chun athchóiriú sásúil an láithreáin a chinntiú. Beidh an banna sin innéacsnasctha.

12.14 Talamh Éillithe

Mar gheall ar mheasáin de láithreáin líonta talún agus de mhíntíriú talún san am atá thart, tá roinnt ionad sa Chontae áit a dtagann talamh éillithe chun cinn. Beidh sé riachtanach leasúchán cuí a dhéanamh ar aon talamh éillithe roimh athfhorbairt lena n-áirítear, i roinnt cásanna, ábhar a bhaint ó láithreán agus d'fhéadfadh go mbeadh ceadúnas ina cheangal faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996, sula dtabharfaí faoi na hoibreacha sin.

I ngach cás ina bhfuil talamh éillithe i gceist, tá sé mar bheartas do Chomhairle Contae Fhine Gall na caighdeáin is airde de leasúchán a éileamh agus pé áit ar cuí dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus le comhlachtaí ábhartha eile chun an truailliú comhshaoil a chruthaigh an talamh éillithe a leigheas.

Ba cheart a chinntiú agus gníomhaíochtaí dí-éillithe ar siúl nach n-aistrítear éilleán amach ón láithreán trí mheán rith chun srutha, ithreacha nó screamhuisce agus go bhfuil an ceantar ar fáil le húsáid. Tugtar faoi deara go bhfuil láithreáin líonta talún Bhaile Amhlaoibh agus Dhún Sinche chomh maith á bhforbairt mar Pháirceanna Réigiúnacha.

12.15 Forbairt Talmhaíochta

Féadann forbairtí talmhaíochta dul i bhfeidhm go mór ar an gcomhshaol agus an tírdhreach. Tá deireadh ag teacht leis an bhfoirm thraidisiúnta d'fhoirgnimh talmhaíochta agus ardmhodhanna tógála ag teacht chun cinn chomh maith le raon níos leithne ábhar. Tá cuma foirgneamh tionscail ar roinnt foirgneamh feirme nua agus mar gheall ar a scála agus a mais d'fhéadfadh go mbeadh drochthionchair fhíse acu.

Objective DMS177

Agus foirgnimh talmhaíochta á dtógáil agus á leagan amach, tá sé mar cheangal ag an gComhairle go suífí foirgnimh ar bhealach chomh neamhfheiceálach agus ab fhéidir agus go n-úsáidfí bailchríocha agus dathanna a mheascfadh an fhorbairt isteach ina timpeallacht.

Glacann an Chomhairle leis nach mór go mbeadh foirgnimh talmhaíochta agus na hoibreacha a ghabhann leo (ballaí, fálta, geataí, bealaí isteach, clóis srl.) feidhmiúil, ach beidh sé mar cheanglas go mbeidís báúil lena dtimpeallacht ó thaobh scála, ábhar agus bailchríoch. Ba cheart go mbeadh gaol idir foirgnimh agus an tírdhreach seachas an spéirdhreach. Ba ghnáth go mbaintí é sin amach tríd an díon a dhéanamh níos duibhe ná na ballaí;

Objective DMS178

Is iad na dathanna cuí do dhíonta ná liath dorcha, donnrua dorcha nó dúghlas. Áit a n-úsáidtear cumhdra ar an taobh amuigh d'fhoirgnimh fheirme, is gnách go mbeidh dathanna dorcha (is fearr dúghlas, donnrua nó liath dorcha) ag teastáil in éineacht le bailchríocha neamhlonracha.

Moltar foirgnimh talmhaíochta a chur i ngrúpaí chun a dtionchar foriomlán a laghdú ar mhaithe le tarraingteacht;

Objective DMS179

Sábháilteacht tráchta, rialú truaillithe, agus cóireáil shásúil eisilteach, boladh agus torainn a thógáil san áireamh agus forbairt talmhaíochta á meas. Ba cheart soláthar ceart a dhéanamh do dhiúscairt dramhaíola leachta agus soladaí. Ina theannta sin, beidh méid agus cruth na bhfoirgneamh agus a mhó agus is féidir iad a chuimsiú isteach sa tírdhreach, mar fhachtóirí a chinnfidh an féidir nó nach féidir glacadh le forbairt den sórt sin

12.16 Mórthionóiscí – Ionaid Seveso

Glacadh leis an Treoir AE (96/82 CE) ar rialú guaiseacha mórthionóisce, ar minic go dtugtar Treoir Seveso II uirthi, ar an 3 Feabhra 1999. Tugadh isteach i nDlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach(Rialú Guaiseacha Mórthionóiscí lena mbíonn baint ag Substaintí Contúirteachta ) 2000 (I.R.Uimh. 476 de 2000), ar an 21 Nollaig st 2000.

Tá sé mar aidhm ag an Treoir guaiseacha mórthionóisce a chosc a bhaineann le substaintí agus ceimiceáin chontúirteacha agus teorainn a chur leis na torthaí a bhíonn orthu do dhaoine agus don chomhshaol. Ní mór na cuspóirí sin a ghnóthú trí mheán rialuithe i ndáil leis an méid seo a leanas:

  • Suíomh bunaíochtaí nua
  • Athruithe ar bhunaíochtaí atá ann cheana féin
  • Forbairt i gceantar timpeall bunaíochta ar cosúil, mar gheall ar chineál nó suíomh na forbartha sin, go méadófaí baol mórthionóisce nó na torthaí a bheadh uirthi .

Cuireann an tÚdarás Sláinte & Sábháilteachta comhairle ar údaráis phleanála, pé áit ar cuí, i dtaobh iarratas pleanála ar fhorbairt laistigh d'fhad áirithe ó theorainn na láithreán sin. Sa doiciméad, dar teideal ‘Policy & Approach of the Health & Safety Authority to COMAH Risk-based Land-use Planning (September 2009)’, leagtar amach beartas an Údaráis i leith na gceanglas um Pleanáil Úsáide Talún de chuid Treoir 'Seveso' na hEorpa ar rialú mórthionóiscí.

Glacadh Treoir  2012/18/CE, agus na hathruithe ar reachtaíocht an AE i leith aicmiú ceimiceán agus cearta méadaithe do shaoránaigh chun rochtain a fháil ar fhaisnéis agus an gcóir á dtógáil san áireamh, i measc fachtóirí eile. Ar mhaithe le héascaíocht tugtar Treoir SEVESO III ar an Treoir seo. Rinneadh Treoir  2012/18/AE a thrashuí  i reachtaíocht na hÉireann trí I.R. Uimh. 209 de 2015 Rialacháin (Acht na gCeimiceán (Rialú Guaiseacha Mórthionóisce a Bhaineann le Substaintí Contúirteacha) 2015.

Tháinig I.R. Uimh. 209 de 2015 i bhfeidhm ar an 1 Meitheamh 2015.

Ar mhaithe le soiléireacht, chuaigh Treoir SEVESO III in ionad Threoir SEVESO II (96/82/CE). Ceann de cheanglais I.R. Uimh. 209 de 2015 ná go gcuirfeadh an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta comhairle ar an údarás pleanála ábhartha maidir le fad comhairliúcháin do bhunaíocht SEVESO III, tar éis fógra a fháil ón oibreoir, agus go ndéanfaidís athbhreithniú agus nuashonrú tréimhsiúil ar an bhfad comhairliúcháin de réir  mar is gá.

Déantar foráil sa Treoir nach mór faid chomhairliúcháin chuí a chur i bhfeidhm le cinntiú sula nglacfaí cinntí, go mbeadh comhairle theicniúil ar fáil d'údaráis phleanála i dtaobh bunaíochtaí ábhartha. Cuireann an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta an chomhairle sin ar fáil, pé áit ar cuí, i dtaobh iarratas pleanála laistigh d'fhad áirithe ó theorann na láithreán sin.

Sa tábla thíos tá liosta de na láithreáin SEVESO III i gceantar Chomhairle Contae Fhine Gall

Taispeántar na láithreáin ar na léarscáileanna criosaithe ábhartha.

Tábla 12.13: LIOSTA DE LÁITHREÁIN SEVESO I BHFINE GALL

Bunaíocht

Sraith

Fad Comhairliúcháin

Barclay Chemicals Manufacturing Ltd, T/A Barclay Corp Protection, Páirc Tionscail Bhaile Dama, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15

Sraith Uachtair

 

Chemco (Ire) Ltd. T/A Macetown North, Páirc Tionscail Bhaile Dama, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15h

Sraith Uachtair

700m

Contract & General Warehousing Ltd. Páirc Ghnó Westpoint, Bóthar na hUaimhe. Mullach Eadrad

Sraith Uachtair

700m

Mallinckrodt Medical Imaging-Ireland T/A Convidien Baile Dama, Mullach Eadrad

Sraith Uachtair

1,000m

Astellas Ireland Co., Ltd., Baile Dama, Mullach Eadrad

Sraith Íochtair

1,000m

Clarochem Ireland Ltd., (Helsinn a bhí air roimhe sin), Baile Dama, Mullach Eadrad

Sraith Íochtair

1,000m

Gensys Power Ltd., T/A Stáisiún Cumhachta Bhaile an Huntaigh, Cairéal Bhaile an Huntaigh, Fionnghlas, BÁC11

Sraith Íochtair

300m

Swords Laboratories, Lána an Uisce, Sord

Sraith Íochtair

1,000

Saotharlanna Shord T/A Bristol Myers Squibb, Bóthar Ráth an Chrúisigh. Mullach Eadard BÁC15

Sraith Íochtair

1,000m

(Foinse HSA Meán Fómhair 2015)

Cuspóir CBF180

Féachaint chuig foráil an 'Treoir i leith Mórthionóiscí' (Seveso II) (Treoir 96/82/CEE ó Chomhairle na hEorpa mar atá leasaithe ag Treoir 105/2003/CE ) agus srianta a chur i bhfeidhm i gcomhairle leis an HSA, ar fhorbairtí atá teoranta le láithreán Seveso nó gar dó. Beidh méid na srianta ar fhorbairt ag brath ar an gcineál riosca atá i gceist agus méid agus cineál na substainte contúirtí atá ann nó ar cosúil go mbeidh sí ann

Objective DMS181

Gan forbairt nua Seveso a cheadú ach in ionaid íseal-riosca amach ó fhorbairt leochaileach chónaitheach, miondíola agus tráchtála.

Objective DMS182

Cosc a chur ar mhéaduithe Seveso atá ann le fada an lá áit a bhfuil úsáid neamhchomhlíontach i gceist agus áit a bhfuil baol tionóisce doghlactha don phobal ag baint leo.

Objective DMS183

I gceantair ina bhfuil láithreáin Seveso in ionaid chuí ina bhfuil dlúis ísle daonra, cinntiú nach gcuirfidh bealaí úsáide molta i láithreáin taobh leo isteach ar an acmhainn chun an bealach úsáide Seveso atá ann cheana féin a leathnú agus go háirithe forbairtí a eisiamh a d'fhéadfadh líon mór ball den phobal a tharraingt.

Objective DMS184

Coinníoll chun úsáid/stóráil substaintí SEVESO a cheangal nuair a dheonaítear cead do thrádstórais nua nó d'fhoirgnimh tionscail chosúla (nó cead pleanála ar leith a éileamh lena aghaidh).

Objective DMS185

Féachaint chuig comhairle an Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta áit a bhfuil tograí um láithreáin Seveso nua á meas agus le haghaidh gach iarratas pleanála laistigh de na faid chomhairliúcháin atá sonraithe i dTábla 12.13.

Objective DMS186

Ceangal ar fhorbróirí measúnacht shonrach torthaí agus riosca a chur isteach in éineacht le gach Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus/nó iarratas ar cheadúnas reachtúil do gach láithreán Seveso.

Clár ábhair

Baile