Aguisín 5: Cur chun feidhme na dTreoirlínte Pleanála ón Aire

Dúnta19 Fea, 2016, 10:00am - 29 Aib, 2016, 5:30pm
I gcás neamhréitigh ar bith, beidh tosaíocht ag an mBéarla ar an nGaeilge.

 Taispeáin leagan PDF

 

Cúlra

Faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 ceanglaítear ar Chomhairle Contae Fhine Gall ráiteas a iarcheangail leis an bPlean Forbartha ina léirítear conas ar chuir an Chomhairle chun feidhme na beartais agus na cuspóirí atá sna Treoirlínte Pleanála ón Aire. Nó, más infheidhmithe, go bhfuil an Chomhairle ar an tuairim nach féidir beartais agus cuspóirí áirithe de chuid an Aire a chur chun feidhme ar chúiseanna atá sonraithe.

Cur chun feidhme na dTreoirlínte ón Aire i bPlean Forbartha Fhine Gall

Sa chuid seo a leanas, leagtar amach conas a dhéantar cur chun feidhme i bPlean Forbartha Fhine Gall 2017-2023 ar Threoirlínte Pleanála infheidhmithe ón Aire a eisíodh faoi Alt 28 den Acht.

Cosaint Oidhreachta Ailtireachta - Treoirlínte d'Údaráis Phleanála

 

  • Tá Taifead cuimsitheach ar Dhéanmhais Chosanta curtha leis an bPlean Forbartha in Aguisín 2.
  • Sainaithníodh 31 Limistéar Caomhantais Ailtireachta ar fud an Chontae.
  • I gCaibidil 10 den Phlean Forbartha, geallann an Chomhairle go ndéanfaidh sí foirgnimh, limistéir, déanmhais, láithreáin agus gnéithe is díol spéise ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, cultúir, eolaíochta, nó cúrsaí sóisialta nó cúrsaí teicniúla a chosaint agus a chaomhnú.
  • Déanann Oifigeach Caomhantais Ailtireachta an Chontae maoirseacht ar chur chun feidhme an bheartais náisiúnta um Chosaint na hOidhreachta Ailtireachta ar an leibhéal áitiúil.

 

Saoráidí Cúraim Leanaí - Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

 

  • I gCaibidil 3 den Phlean, aithnítear go bhfuil soláthar saoráidí cúraim leanaí ina thoisc thábhachtach i dtaobh folláine eacnamaíoch agus folláine shóisialta. Tugtar aitheantas sa chaibidil sin gurb amhlaidh go bhfuil gá le cúram leanaí ionas gur féidir le tuismitheoirí páirt a ghlacadh sa lucht saothair agus ioncam a thuilleamh a fhágann go bhfuil caighdeán inghlactha maireachtála acu féin agus ag a gcuid leanaí.
  • I gcuspóir CA67, spreagtar soláthar saoráidí cúraim leanaí in áiteanna cuí, lena n-áirítear ceantair chónaithe, láir bhailte agus láir sráidbhailte, ceantair fostaíochta agus gar don iompar poiblí. I gcuspóir TFG09, cuirtear chun cinn soláthar Cúraim Leanaí i Sráidbhailte Tuaithe.
  • I gCuspóir CA 69, ceanglaítear, mar chuid d'iarratais ar chead pleanála i gcomhair forbraíochtaí cónaithe agus forbraíochtaí tráchtála nua, go ndéanfaí soláthar do shaoráidí saintógtha cúraim leanaí i gcás ina measann an t-údarás pleanála go bhfuil gá leis na saoráidí sin.
  • Agus measúnú á dhéanamh ar iarratais ar shaoráidí nua cúraim leanaí, geallann an Chomhairle sa Phlean Forbartha go rachaidh sí i gcomhairle le Coiste Contae Fhine Gall um Chúram Leanaí chun measúnú a dhéanamh ar an ngá atá leis an gcineál saoráide atá beartaithe ag an láthair atá beartaithe.
  • I gCuspóir CBF 87, leagtar síos ceanglais maidir le saoráidí cúraim leanaí i dtaca le hoiriúnacht an tsuímh, saoráidí codlata/scíthe, spás súgartha, rochtain agus pleanáil.
  • Aithnítear saoráidí cúraim leanaí mar chinn atá “ceadaithe i bprionsabal” i bhformhór mór na gcuspóirí criosaithe talamhúsáide atá sa Phlean Forbartha. Is amhlaidh nach bhfuil siad “neamhcheadaithe” ach amháin i limistéir atá criosaithe i gcomhair Trádstóráil Mhórdhíola, Tionscal Trom agus Spás Oscailte.
  • Déantar tagairt do na Treoirlínte um Shaoráidí Cúraim Leanaí do na hÚdaráis Phleanála mar ábhar breithnithe i gCaibidil 12, Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha.

Bainistíocht Forbartha – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

 

  • I gCaibidil 12, “Caighdeáin Bhainistíochta Forbartha”, leagtar síos na caighdeáin agus critéir bhainistíochta lena n-áirithítear go ndéanfar forbairt ar fud an Chontae ar shlí thráthúil, éifeachtúil, mar atá samhlaithe faoi na Treoirlínte.
  • Ní mór go gcomhlíonfadh tograí na caighdeáin agus na critéir a bhfuil feidhm acu maidir le cineálacha áirithe forbartha, ní mór dóibh a bheith i gcomhréir leis na cuspóirí atá leagtha síos sna caibidlí roimhe seo den Phlean agus ní mór go gcomhlíonfaidís an treoir ábhartha reachtaíochta.

Pleananna Forbartha – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Ullmhaíodh Plean Forbartha Fhine Gall agus aird ar an mbeartas atá sna Treoirlínte thuasluaite i dtaobh an phróisis um ullmhú plean agus i dtaobh fhormáid an Phlean.
  • Bhí an rannán de na Treoirlínte dar teideal “Factors in Determining Zoning” ina bhonn eolais maidir le criosú talún sa Chontae. Rinneadh breithniú iomlán ina dtaobh seo a leanas: Riachtanas, Comhthéacs Beartais, Acmhainneacht an Bhonneagair Uisce, Draenála agus Bóithre, Bonneagar agus Saoráidí Tacaíochta, Oiriúnacht Fhisiceach, Cur Chuige Seicheamhach, Beartas Comhshaoil agus Oidhreachta, lena n-áirítear caomhnú gnáthóg agus limistéar íogair eile.
  • Thairis sin, bhí aird ag an gComhairle ar leasuithe a rinneadh ar an reachtaíocht le déanaí a raibh tionchar acu ar phróiseas ullmhaithe an Phlean Forbartha, ón uair a foilsíodh na Treoirlínte in 2007. Ar na hathruithe is suntasaí díobh sin tá an ceanglas i dtaobh Croístraitéise (Caibidil 2), a tugadh isteach faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010.
  • Agus an Plean á ullmhú, tugadh aird freisin ar leasuithe eile a bhaineann le Pleananna Forbartha a cuireadh i bhfeidhm de bharr achtú a bheith déanta ar an Acht um Athnuachan Uirbeach agus Tithíocht, 2015, ar an Acht um Athchóiriú Rialtais Áitiúil, 2014, agus ar an Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 i measc eile.

Soláthar Scoileanna agus an Córas Pleanála – Cód Cleachtais do na hÚdaráis Phleanála

  • Tá sé sonraithe sa Phlean Forbartha go bhfuil sé ina bheartas straitéiseach soláthar tráthúil a dhéanamh ar bhonneagar pobail, lena n-áirítear scoileanna.
  • Geallann Comhairle Contae Fhine Gall sa Phlean Forbartha leanúint ar aghaidh ag obair i ndlúthpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna d'fhonn suíomhanna scoile a shainaithint agus a sholáthar sa chás ina n-aithnítear go bhfuil ganntanas áiteanna scoile ann.
  • I gcuspóir CA71, geallann an Chomhairle éascú d'fhorbairt thráthúil a dhéanamh ar a thuilleadh scoileanna, ar an mbunleibhéal agus an meánleibhéal araon, i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus/nó comhlachtaí eile.
  • I gcuspóir TFG08, geallann an Chomhairle measúnú a dhéanamh ar an ngá atá le tuilleadh scoileanna a sholáthar mar chuid den obair ullmhúcháin ar Phleananna Limistéir Áitiúil i dtaobh Sráidbhailte Tuaithe.
  • Sonraítear i gCaibidil 12 go mbreithneoidh an Chomhairle forbraíochtaí scoile agus aird aici ar na ceanglais shonracha de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna agus ar an treoir atá leagtha amach sa doiciméad “The Provision of Schools and the Planning System, A Code of Practice for Planning Authorities, the Department of Education and Science, and the Department of the Environment, Heritage and Local Government”.

Cairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • I gCaibidil 5 den Phlean Forbartha, aithníonn an Chomhairle an tábhacht atá le tionscail eastóscacha don gheilleagar áitiúil agus don gheilleagar náisiúnta ina gcáil mar fhoinsí luachmhara amhábhair don tionscal foirgníochta agus mar fhoinse thábhachtach fostaíochta.
  • Ceanglaítear faoi Chuspóir TFG83 nach mór go n-áireofaí le haon tograí amach anseo maidir le heastóscadh tathagaithe agus le tograí míntírithe talún measúnacht ar an tionchar ar an oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha, agus ar chreimeadh, sil-leagan, breisiú agus tuile, ar próiseas iad a théann i bhfeidhm ar an gcósta. D'fhéadfadh sé go mbeadh ar Ráiteas Tionchair Timpeallachta agus/nó Scagadh le haghaidh Measúnacht Chuí a bheith ag gabháil le tograí den sórt sin.
  • Tá Cuspóir TFG84 dírithe ar a áirithiú go ndéantar próiseáil agus stóráil tathagaithe eastósctha ar shlí lena n-íoslaghdaítear an tionchar ar an dúlra agus ar thaitneamhachtaí cónaithe.
  • I gCuspóir CBF 169, leagtar síos ceanglais mhionsonraithe um bainistíocht forbartha maidir le gnéithe teicniúla agus gnéithe beartais atá le breithniú i dtograí forbartha a bhfuil baint acu leis an tionscal eastóscach. Tá na Treoirlínte um Chairéil agus Gníomhaíochtaí Coimhdeacha liostaithe mar ábhar tábhachtach breithnithe.

 

Pleanáil Miondíola – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Tá Ordlathas Miondíola Fhine Gall curtha le chéile agus aird ar an aicmiú atá sa Straitéis Miondíola i gcomhair Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath agus trína áirithiú go bhfuil sé i gcomhréir leis an ordlathas lonnaíochta atá sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí i leith Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath.
  • Le Cuspóir ED31, áirithítear go bhfuil beartais maidir le cineál, candam agus suíomhanna an tsoláthair spáis urláir miondíola i gcomhréir le ceanglais agus moltaí na gcreataí ábhartha beartais réigiúnaigh agus na dtreoirlínte náisiúnta pleanála.
  • Ceanglaítear faoi Chuspóir FE32 nach mór forbraíochtaí miondíola suntasacha nua a bheith dírithe den chuid is mó ar na Leibhéil arda in Ordlathas Miondíola Fhine Gall agus, go sonrach, ar na croílimistéir mhiondíolta atá sainaitheanta i leith na lárionad sin, ach amháin in imthosca eisceachtúla (a dtugtar breac-chuntas orthu).
  • Áirithítear le Cuspóir FE33 go mbeidh iarratais ar fhorbairt nua mhiondíola i gcomhréir leis na beartais mhiondíola atá sa Phlean Forbartha, go háirithe le hOrdlathas Miondíola Fhine Gall, agus go ndéanfar measúnú orthu de réir cheanglais na dTreoirlínte do na hÚdaráis Phleanála: Pleanáil Miondíola, lena n-áirítear, nuair is cuí, an Cur Chuige Seicheamhach a chur i bhfeidhm, agus ceanglais i dtaobh measúnachtaí um thionchar ar mhiondíol agus measúnachtaí um thionchar ar iompar i gcás forbraíochtaí miondíola a bhféadfadh, de bharr a méide nó na háite ina bhfuil siad, tionchar a bheith acu ar bheocht agus ar inmharthanacht láir na mbailte móra, láir na mbailte, ionaid áitiúla agus láir na sráidbhailte.
  • Tá croílimistéir mhiondíola i gcomhair na n-ionad uirbeach ar Leibhéal 2 agus Leibhéal 3 leagtha amach i bhFíor 6.1 go dtí Fíor 6.9 den Phlean Forbartha.

Pleanáil Spásúlachta agus Bóithre Náisiúnta – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Mótarbhealach is ea 82% den ghréasán bóithre náisiúnta i bhFine Gall. In Alt 43(2) d'Acht na mBóithre, 1993, sonraítear nach bhfuil aon cheart chun dír-rochtain ar mhótarbhealach ó thalamh tadhlach agus nach ndeonófar dír-rochtain den sórt sin. Ina theannta sin, tá cosc ar an gComhairle rochtain den sórt sin a dheonú faoi Alt 46 den Acht agus faoi Alt 8 d'Acht na mBóithre, 2007. I dtaca leis sin, tá 82% den ghréasán bóithre náisiúnta i bhFine Gall faoi chosaint cheana ar chruthú pointí rochtana nua.
  • Faoi Chuspóir CBF 117, tá cosc ar fhorbairt lena n-éilítear rochtain ar Mhótarbhealach agus glactar leis sa ghnáthchúrsa nach bhfuil cead rochtana ar Phríomhbhealaigh Náisiúnta, agus féachtar chun acmhainn, éifeachtúlacht agus sábháilteacht an bhonneagair náisiúnta bóithre, lena n-áirítear acomhail, a chaomhnú.
  • Faoi Chuspóir CBF 120, ceanglaítear ar fhorbróirí Measúnacht Tionchair ar Thrácht a sholáthar sa chás ina mbeidh tionchar suntasach ag forbraíocht nua ar an éileamh ar thaisteal agus ar acmhainn an líonra iompartha sa cheantar máguaird.
  • Faoi Chuspóir CBF 121, cuirtear chun cinn bearta sábháilteachta ar bhóithre i gcomhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha ionas nach gcruthófar guaiseacha tráchta.
  • I gCuspóir CBF 101, sonraítear go ndéanfar measúnacht ar stáisiúin bhreosla agus limistéir seirbhíse atá gar don ghréasán Bóithre Náisiúnta maidir leis na Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála i dtaobh Pleanáil Spásúlachta agus Bóithre Náisiúnta atá eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, 2012.
  • Faoi Chuspóir FE103, spreagtar forbraíochtaí ar dócha a mbeidh ina gcúis le leibhéil shuntasacha tráchta lastais chun lonnú gar don ghréasán bóithre náisiúnta nó do bhóithre contae atá ann cheana, agus aird ar an mbeartas atá ag Bonneagar Iompair Éireann.

Cur chun feidhme Threoir SEA (Measúnacht Tionchair Timpeallachta) (2001/42/CE): Éifeachtaí Pleananna agus Clár Áirithe ar an gComhshaol a Mheasúnú – Treoirlínte do na hÚdaráis Áitiúla agus na hÚdaráis Phleanála.

  • Rinneadh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta mar chuid d'ullmhúchán an Phlean Forbartha. Tá torthaí an phróisis ionchorpraithe go hiomlán sa Phlean. Tá an Tuarascáil Comhshaoil (SEA) a ullmhaíodh dá bharr sin foilsithe mar dhoiciméad ar leithligh.

Forbairt Cónaithe Inbhuanaithe i Limistéir Uirbeacha

  • I gCaibidil 3 “Comhfhorbairt Áite” sonraítear go bhfuil Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do phobail inbhuanaithe, a bhfuil rath orthu, a bhaint amach ar fud an Chontae. Tá sé ina aidhm sa Phlean Forbartha feabhas a chur ar cháilíocht na dtimpeallachtaí uirbeacha agus tuaithe i bhFine Gall agus ardchaighdeán dearaidh a spreagadh i ngach forbraíocht nua. Trí chloí le prionsabail na comhfhorbartha áite, bainfear amach timpeallachtaí tógtha agus timpeallachtaí nádúrtha atá inrochtana, sábháilte agus inbhuanaithe, agus ina léirítear an sainghné agus an oidhreacht atá ag an gContae agus ag a chuid bailedhreach agus tírdhreach éagsúil.
  • I gcuspóir CA34, geallann an Chomhairle aird a thabhairt ar an doiciméad Sustainable Residential Development in Urban Areas agus ar an doiciméad a ghabhann leis, Urban Design Manual – A Best Practice Guide agus dlúsanna á gcinneadh aici.
  • I gCuspóir TFG01, geallann an Chomhairle forbairt gach sráidbhaile a bhainistiú, laistigh de theorainneacha reatha na sráidbhailte tuaithe, agus aird aici orthu seo a leanas:

-Treoirlínte Rialtais atá leagtha síos sa doiciméad ar Fhorbairt Cónaithe Inbhuanaithe in Limistéir Uirbeacha;

-An straitéis lonnaíochta do shráidbhailte tuaithe atá leagtha síos sna Treoirlínte Pleanála Réigiúnaí, agus;

-Croístraitéis an Phlean Forbartha.

 

Treoirlínte Forbartha maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe

  • I gCaibidil 4, “An Tuath i bhFine Gall”, sonraítear gurb amhlaidh, agus aird ar na Treoirlínte maidir le Tithíocht Tuaithe Inchothaithe 2005, gur féidir an tuath i bhFine Gall a aicmiú mar limistéar ‘Faoi Thionchar Láidir Uirbeach’ mar gheall ar an áit a bhfuil sé, an-ghar do Chathair Bhaile Átha Cliath agus do chonairí móra iompair.
  • Is é cuspóir na Comhairle don limistéar sin éascú do riachtanais de bhunadh tuaithe an phobail áitiúil tuaithe (mar a shainítear sa Chaibidil sin) agus, ar an láimh eile, tithíocht tuaithe de bhunadh uirbeach a threorú chuig limistéir atá criosaithe le haghaidh forbairt nua tithíochta i mbailte agus i sráidbhailte.
  • Tá an Plean dírithe ar phobail tuaithe dhea-fhorbartha, stuama a chun cinn, ar féidir seirbhísí oideachais, pobail agus sóisialta a chur ar fáil iontu, mar aon le taitneamhachtaí feabhsaithe agus deiseanna i dtaobh fostaíocht inbhuanaithe.
  • De bhun Chuspóir TFG51 i limistéir atá faoi réir ceann ar bith de chuspóirí criosaithe TU, CG, nó LMÁ, ní ghlactar sa ghnáthchúrsa le forbairt a d'fhéadfadh cur le forbairt ribíneach atá ann cheana, nó dlús a chur faoi fhorbairt den sórt sin, de réir mar a shainítear í sna Treoirlínte.

Caighdeáin Dearaidh i dtaca le Tithíocht Uirbeach Inchothaithe d'Árasáin Nua – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Tá aicmiú déanta ag an Aire ar na Caighdeáin Dearaidh i dtaca le Tithíocht Uirbeach Inchothaithe d'Árasáin Nua – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála mar ‘ceanglais shonracha i dtaobh beartas pleanála’ [aistriúchán neamhoifigiúil] de réir bhrí Alt 2 den Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2015. Dá bhrí sin, ceanglaítear ar Chomhairle Contae Fhine Gall na Treoirlínte a chur chun feidhme agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aici.
  • Dá réir sin, sonraítear i gCuspóir CA36 “Ceanglaítear ar an Údarás Pleanála na Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála ‘Sustainable Urban Housing : Design Standards for New Apartments’, a d'eisigh an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil faoi Alt 28 den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú), a chur chun feidhme agus a chuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aige.”
  • I gCuspóir CBF 19 go dtí Cuspóir CBF 25, leagtar amach na ceanglais shonracha atá sna Treoirlínte maidir le méid agus leagan amach árasán. Tugtar na ceanglais i dtaobh spás oscailte i gCuspóir CBF 81 go dtí Cuspóir CBF 85.

Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Sonraítear i gCuspóir TF05 “soláthar a dhéanamh ar an mbonneagar teileachumarsáide atá riachtanach ar fud an Chontae de réir cheanglais na dTreoirlínte do na hÚdaráis Phleanála i dtaobh Aeróga Teileachumarsáide agus Struchtúir Tacaíochta, Iúil 1996, ach amháin nuair atá siadsan ag teacht salach ar Chiorclán PL07/12, a dtabharfar tús áite dó, agus aon leasuithe ina dhiaidh sin nó aon treoirlínte breise sa réimse sin.”
  • Ceanglaítear i gCuspóir TF07 go gcuirfí i bhfeidhm an dea-chleachtas i dtaca le suíomh agus dearadh maidir le haeróga cumarsáide a chur in airde.
  • Geallann an Chomhairle i gCuspóir TF08 ardcháilíocht dearaidh a bhaint amach maidir le crainn, túir agus aeróga agus aon bhonneagar eile dá leithéid ar mhaithe leis an taitneamhacht amhairc agus le cosaint tírdhreach íogair, faoi réir paraiméadair raidió agus innealtóireachta.

An Córas Pleanála agus Bainistíocht Baol Tuilte – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Tugadh faoi Mheasúnú Straitéiseach Baol Tuilte i leith limistéar an phlean agus aird ar na treoirlínte atá eisithe ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus ag Oifig na nOibreacha Poiblí maidir le limistéir i mbaol tuilte a aithint. Rinneadh Measúnú Baol Tuilte a chomhtháthú sa phróiseas SEA. Tá an Measúnú Straitéiseach Baol Tuilte foilsithe mar dhoiciméad ar leithligh i gcomhar leis an bPlean Forbartha.
  • Geallann an Chomhairle i gCuspóir UD01 tuilemhánna, bogaigh agus ceantair chósta atá faoi réir tuilte a chosaint agus a fheabhsú ina gcáil mar bhonneagar glas bunriachtanach ina bhfuil áit ar fáil chun uisce tuile a stóráil agus a iompar, rud a fhágann gur féidir bainistiú níos éifeachtaí a dhéanamh ar an mbaol tuilte agus gur lú an gá a bheidh ann cosaint in aghaidh tuilte a chur ar fáil san am atá le teacht.

 

  • Sonraítear i gCuspóir UD02 “ní cheadófar aon fhorbairt nua laistigh de thuilemhánna cé is moite d'fhorbairt lena sásaítear an tástáil réasúnaithe, mar atá leagtha síos sna Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála i dtaobh an Chórais Pleanála agus Bainistíocht Baol Tuilte 2009 (nó aon treoirlínte nuashonraithe).”

 

  • Geallann an Chomhairle i gcuspóir UD03 córais draenála uisce dromchla atá ann faoi láthair agus atá i mbaol tuilte a shainaithint agus tograí a fhorbairt i dtaobh tuilte a mhaolú sna limistéir ar a bhfreastalaíonn na córais sin.
  • Faoi Chuspóir UD04, ceanglaítear córais draenála inbhuanaithe a úsáid agus faoi Chuspóir UD05 díspreagtar úsáid dromchlaí agus cosán atá crua agus neamhphóiriúil. Faoi Chuspóir UD06, spreagtar Díonta Glasa a úsáid ar fhoirgnimh árasán, foirgnimh thráchtála, foirgnimh fóillíochta agus foirgnimh oideachais.

 

  • I gCuspóir UD07, sainaithnítear áiteanna ina bhfuil gá le Measúnú Baol Tuilte atá sonrach do shuíomh ar leith, atá chomh mionsonraithe agus is cuí, ina dtugtar aghaidh ar gach foinse féideartha baol tuilte.

 

  • Geallann an Chomhairle i gCuspóir UD08 agus UD09 na moltaí atá i Measúnú Baol Tuilte agus Staidéar Bainistíochta Fhine Gall agus Oirthear na Mí (FEMFRAMS) a chur chun feidhme, agus measúnú a dhéanamh ar na moltaí atá i Measúnú Baol Tuilte agus Staidéar Bainistíochta Abhantraí (CFRAMS) an Oirthir agus iad a chur chun feidhme nuair a bheidh sé críochnaithe.

Slánchoimeád Crann – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Rinneadh sainaithint ar Chrainn, Coillearnacha agus Fálta Sceach atá le slánchoimeád agus le cosaint sna léarscáileanna criosaithe um thalamhúsáid.
  • Faoi Chuspóir ON23 tugtar cosaint do choillearnacha, crainn agus fálta sceach atá ann cheana a bhfuil luach taitneamhachta nó luach bithéagsúlachta acu agus/nó a chuireann le sainghné an tírdhreacha, agus áirithítear leis go ndéantar soláthar cuí dá gcosaint agus dá mbainistiú.
  • Geallann an Chomhairle i gCuspóir ON24 smaoineamh ar leas a bhaint as Orduithe Slánchoimeádta Crann chun crainn, grúpaí crann nó coillearnacha tábhachtacha a chosaint.
  • Tugtar gealltanas i gCuspóir TFG81 éascú d'fhorbairt inbhuanaithe na foraoiseachta ar choinníoll go bhfuil sí ag teacht leis an tírdhreach mórthimpeall, nach mbeidh aon drochthionchar suntasach aici ar uiscí nádúrtha, gnáthóga fiadhúlra, ná limistéir chaomhantais, agus nach mbeidh drochéifeacht shuntasach ó thaobh amhairc aici ar an tírdhreach áitiúil.

Forbairt Fuinnimh Gaoithe – Treoirlínte do na hÚdaráis Phleanála

  • Faoi Chuspóir CA23, spreagtar táirgeadh fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite.
  • Aithníonn an Chomhairle, áfach, nach mór tionscadail den sórt sin a chur i gcothromaíocht chúramach leis an ngá atá le cosaint a thabhairt d'íogaireachtaí tírdhreacha, taitneamhachtaí cónaithe, radhairc nó amhairc, cearta slí poiblí, gnáthóga fiadhúlra, limistéir chaomhantais speisialta, déanmhais chosanta agus cosáin imirce éan.
  • Geallann an Chomhairle i gCuspóir F10 tacú le tiomantais na hÉireann i dtaobh fuinneamh in-athnuaite, mar atá leagtha síos sa bheartas náisiúnta, trí éascú do leas a bhaint as cumhacht gaoithe nuair nach mbeidh drochthionchar ag forbairt den sórt sin ar an gcomhshaol mórthimpeall, ar an tírdhreach ná ar thaitneamhachtaí áitiúla lena n-áirítear suíomhanna amach ón gcósta a d'fhéadfadh a bheith ainmnithe faoin Treoir um Éin agus faoin Treoir um Ghnáthóga i saolré an Phlean seo.
  • Faoi Chuspóir F11, ceanglaítear go gcomhlíonfadh gach forbairt nua um fhuinneamh gaoithe sa Chontae na Treoirlíne do na hÚdaráis Phleanála maidir le Forbairt Fuinnimh Gaoithe, An Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil (2006) agus treoirlínte atá sa leagan dréachta de Straitéis Chomhairle Contae Fhine Gall um Fhuinneamh Gaoithe nó aon straitéis ina diaidh sin nó aon treoirlínte bainteacha laistigh de shaolré an Phlean.

Clár ábhair

Baile