Cáin Mhaoine Áitiúil – Céim an Chomhairliúcháin Phoiblí 2020

Dúnta2 Iúil, 2019, 6:00am - 2 Lún, 2019, 12:00pm

Overview

Déantar foráil shonrach san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), gur féidir le comhaltaí tofa d’údarás áitiúil réiteach foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú dá limistéar riaracháin faoi chéatadán ar a dtugtar an fhachtóir choigeartaithe áitiúil.  Ag an gcruinniú a chuir Comhairle Contae Fhine Gall ar bun chun breithniú a dhéanamh ar an gceist seo, féadfaidh na comhaltaí fachtóir choigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de réimse +/- 15% den bhunráta, nó, féadfaidh siad an cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a choigeartú.  Casfaidh Comhairle Contae Fhine Gall lena chéile i Meán Fómhair 2019 chun breithniú a dhéanamh ar shuíomh fachtóir choigeartaithe áitiúil don bhliain 2020.


Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal ar an gceist seo a chuimsíonn na héifeachtaí féideartha go sonrach a bheidh ag athrú bhunráta na Canach Maoine Áitiúla i dtaobh gnólachtaí, daoine aonair agus seirbhísí údaráis áitiúil.


Is é an tréimhse le haghaidh aighneachtaí idir Dé Máirt, 2 Iúil 2019 agus 12 meán lae Dé hAoine, 2 Lúnasa 2019.


Caithfear aighneachtaí a fháil faoi 12 meán lae Dé hAoine, 2 Lúnasa 2019. Is féidir leat leagan PDF den suirbhé seo a sheoladh ar aghaidh, chomh maith, ar ríomhphost chuig LPTConsultation@fingal.ie nó cruachóip den suirbhé a sheoladh chuig:


Comhairle Contae Fhine Gall, Aighneachtaí CMÁ, An Rannóg Airgeadais, Áras an Chontae, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

Uimhreacha gutháin:   8905332/8905101/8905455/8905326/8905339

 

Cruthóidh gach aighneacht, ainmneacha agus seoltaí iad siúd ina measc a dhéanann aighneachtaí leis an gComhairle, cuid den tuarascáil atá ina ceanglas reachtúil a thabharfar i láthair ag cruinniú Chomhairle Contae Fhine Gall.  Cuirfear san áireamh iad, chomh maith, i miontuairiscí an chruinnithe sin agus beidh siad le sonrú ar Láithreán Gréasáin na Comhairle.

 

 

 

ON-LINE SURVEY

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.