Déantar foráil shonrach san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), gur féidir le comhaltaí tofa d’údarás áitiúil réiteach foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú dá limistéar riaracháin faoi chéatadán ar a dtugtar an fhachtóir choigeartaithe áitiúil.
Ag an gcruinniú a chuir Comhairle Contae Fhine Gall ar bun chun breithniú a dhéanamh ar an gceist seo, féadfaidh na comhaltaí fachtóir choigeartaithe áitiúil a shocrú laistigh de réimse +/- 15% den bhunráta, nó, féadfaidh siad an cinneadh a dhéanamh gan an bunráta a choigeartú.
Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal ar an gceist seo a chuimsíonn na héifeachtaí féideartha go sonrach a bheidh ag athrú bhunráta na Canach Maoine Áitiúla i dtaobh gnólachtaí, daoine aonair agus seirbhísí údaráis áitiúil.
Is é an tréimhse le haghaidh aighneachtaí idir 16 Meitheamh 2021 go dtí 12 Meán 1 Iúil 2021.
Cruthóidh gach aighneacht, ainmneacha agus seoltaí iad siúd ina measc a dhéanann aighneachtaí leis an gComhairle, cuid den tuarascáil atá ina ceanglas reachtúil a thabharfar i láthair ag cruinniú Chomhairle Contae Fhine Gall. Cuirfear san áireamh iad, chomh maith, i miontuairiscí an chruinnithe sin agus beidh siad le sonrú ar Láithreán Gréasáin na Comhairle.
Ar an 1 Meitheamh 2021, d’aontaigh an Comh-Aireachta reachtaíocht a thabhairt ar aghaidh ina moltar athruithe ar an gcaoi a bhfeidhmíonn Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ) faoi láthair.
Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ar shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim:
https://www.revenue.ie/en/property/local-property-tax/lpt-revaluation-2021/index.aspx.
ON-LINE SURVEY