Cáin Mhaoine Áitiúil Céim an Chomhairliúcháin Phoiblí

Dúnta27 Mei, 2016, 8:00am - 29 Iúil, 2016, 4:00pm

Forléargas
Tá foráil ar leith san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil), 2012 (arna leasú), gur féidir le Comhaltaí Tofa d’údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun an ráta bunúsach den Cháin Mhaoine Áitiúil dá gceantar riaracháin a athrú de réir céatadán ar a dtugtar an Fachtóir Coigeartaithe Áitiúil.
 

Cruinneoidh an Chomhairle i Mean Fómhair 2016 churn breithniú a dhéanamh ar Fhactóir Coigearthaithe Áitiúil a shocrú do 2017.

Cuirfidh an Chomhairle fáilte roimh aighneachtaí ón bpobal ar an ábhar sin, go háirithe maidir leis an tionchar a d'fhéadfadh a bheith ag athrú rá ta bunúsach an cháin mhaoine áiltiúil ar ghnónna, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.

Ag cruinniú de chuid Comhairle Contae Fhine Gall chun an t-ábhar sin a bhreithniú, is féidir leis na Comhaltaí, Factóir Coigeartaithe Áitiúil a shocrú laistigh de raon +/- 15% den bunráta, nó, a chinneadh é a fhágáil gan athrú. 

Dé Luain an 27 Meitheamh 2016 go dtí Dé hAoine an 29 Iúil 2016 an tréimhse a nglacfar le haighneachtaí.

Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoin 4pm Dé hAoine an 29 Iúil, 2016.  Is féidir leat a chur isteach freisin leagan PDF den suirbhé seo ar ríomhphost chuig LPTConsultation@fingal.ie nó trí cruachóip den suirbhé a sheoladh chuig:

Comhairle Contae Fhine Gall, Aighneachtaí CMÁ, An Rannóg Airgeadas, Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

Uimhreacha Gutháin: 8905332/5905101/8905455/8905326

Naisc: Ceisteanna a Chuirtear go Minic

Beidh gach aighneacht a churifear ar aghaidh chuig an gComhairle lena n-áirítear ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a thugann aighneachtaí, mar chuid den tuarascáil nach mór de réir dlí a chur i láthair ag cruinniú de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.  Cuirfear san áireamh iad freisin sna miontuairiscí den chruinniú sin agus beidh siad le feiceáil, ar láithreán gréasáin na Comhairle.

 

SUIRBHÉ AR LÍNE

 

The closing date has passed and submissions are no longer being accepted.