AIGHNEACHTAÍ Á LORG ACHT NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

Dúnta14 Sam, 2017, 12:00pm - 15 Nol, 2017, 5:00pm

Primary tabs

AIGHNEACHTAÍ Á LORG

ACHT NA DTEANGACHA OIFIGIÚLA 2003

DRÉACHTSCÉIM Á HULLMHÚ AG COMHAIRLE CONTAE FHINE GALL.

 

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Fhine Gall scéim a dhréachtadh de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba chóir freisin, aighneachtaí, a bheidh ar fáil go poiblí ar láithreán gréasáin na Comhairle, a dhéanamh tríd an tairseach ar líne https://consult.fingal.ie/ga/browse  . Ina ionad sin is féidir iad a sheoladh tríd an bpost chuig Oifigeach Gaeilge, An Roinn Cumarsáide, Comhairle Contae Fhine Gall, Áras an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá eolas maidir le mandáid agus an ról/na seirbhísí arna soláthar don phobal ag Comhairle Contae Fhine Gall ar fáil ar www.fingal.ie agus cóip den Dara Scéim Teanga, ar fáil ar http://www.fingal.ie/ie/dochomhairle/sceimteangacomhairlecontaefhinegall/

Is é an dáta deireanach d’aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00 i.n., 15 Nollaig, 2017.

Tá tuilleadh eolais faoin Acht ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta www.chg.gov.ie/ga/ga/ 

 

 

Téamaí

Ginearálta
Glac síntiús